Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhar Sgeulaigheachta
Title
Leabhar Sgeulaigheachta
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1889
Publisher
Gill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
ROIMH-FHOCAL, Do'n Duine-uasal Eusebh D Mac Cliabhair .1. Euseby D Cleaver ollamh diadhachta. Dhuit-se, a Dhuine-uasail, ofráilim an leabhairín seó, ó is tusa a chuir ann mo cheann i dtosach, é do dheunamh, agus ó is ort-sa thuit a chostas. D'athraigh tu a Dhuine-uasail an tír ann a raibh tu do chómhnuidhe, acht an inntinn a thug tu leat as Éirinn níor athraigh tu ise. Is fíor ad' thaoibh-se an rádh sin an Rómánaigh - acht aon fhocal amháin d'athrughadh ann, "Ní'l aon nidh air bith a bhaineas le h-Éirinn nach g-cuirim suim ann." Tá do chorp im- thighthe ó n-ár measg acht tá do spiorad linn. Chonnairc tu a Dhuine-uasail rud nach bhfa- caidh mórán daoine, agus thuig tu rud nár thuig siad-san. Chonnairc tu go dtuitfeadh
siór-náire air Éirinn dá leigfeadh sí d'á Gaedheilg féin fághail bháis. Chonnairc tu nach raibh na h-Éireannaigh ag tabhairt aon aire do'n teanga a bhí dá labhairt 'nna measg ceud bliadhain ó shoin ó mháilionn go Sgibirín, agus ó Chuan-na-mara go geataidh' B'L'acliath, agus chuir tu rómhad do dhíthchioll do dheunamh chum an tsean-theanga do chong- bháil beó. Chum congnamh do thabhairt do'n obair naomhtha so, d'iarr tu orm-sa Leabhar Sgeu- laigheachta do sgríobhadh agus do chur i g-cló. Rinne mé sin chomh maith agus d'fheud mé - Sgríobh mé síos cuid de na sean-sgeultaibh a chualaidh me féin ameasg na ndaoine, gan mórán - agus i n-áiteachaibh gan focal air bith - d'athrughadh, agus má tá tusa sásta leis, ní bhéidh aon aithreachas orm-sa. Má bhfághaidh tusa spéis air bith i m-obair-se is leór dam mo thuarasdal. Leig dam a Dhuine-uasail ainm na h-Aon- dachta Gaedheilge do cheangailt le d'ainm-se annsan roimh-rádh so, anmanna na n-daoine- uasal sin a oifreálas go toilteannach, mar thu féin, a n-uain a n-obair agus a n-air- giod air son cúise na Gaedheilge. Fuair mé congnamh a bhí róriachtanach dam 'om'
cháirdibh Seághan Pléimionn agus Tomás o Flannaoile, ag ceartughadh an chlóidh dham, agus ag tabhairt cómhairle dham, agus admhuighim duit gur air éigin d'fheudfainn do thoil dheunamh agus an leabhar beag so tha- bhairt amach gan a g-congnamh-san. Go mairidh tu beó a Dhuine-uasail no go bhfeicfidh tu teanga na h-Éireann faoi mheas fós - is é sin mo ghuidhe. Do shearbhfhóghanta bith-dhíleas, Dúbhghlas de h-Íde.
LEABHAR SGEULAIGHEACHTA. Monachar AGUS MANACHAR. Bhi Monachar agus Manachar ann, fad o shoin, agus is fad o bhi, agus dá mbeidh- eadh siad ann an t-am sin, ni bheidheadh siad ann anois. Chuaidh siad amach le chéile ag baint sugh-craebh, agus an méad a bhaineadh Monachar d'itheadh Manachar íad. Dubhairt Monachar go rachadh sé ag iarraidh slaite a dheunfadh gad le crochadh Mhanachair a d'ith a chuid súgh-craobh, agus tháinig se chum na slaite. "Gom-beannuighidh Dia dhuit," ar san t-Slat. "Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit." "C'fhad a rachas tu?" Ag iarraidh slait' a dheunfadh gad, a chrocfadh Manachar, a d'ith mo chuid sugh-craobh. Ní bhfuighidh tu mise ars an t-Slat go bh-fágh' tu tuagh a ghearrfas me. Tháinig se chum na tuaighe. "Gom-beannuighidh Dia dhuit."
Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit. "C'fhad a racas tu?" Ag iarraidh tuaighe, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craobh. "Ni bhfuighidh tu mise," ar san Tuagh, "go bh-fágh' tu leac a chuirfeas fáobhar orm." Tháinig se chum na leice. "Go m-beannuighidh Dia dhuit," ar san leac, "Go m-beannuighidh Dia gus Muire dhuit." "C'fhad a racas tu?" "Ag iarraidh leice, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craebh. "Ni bhfuighidh tu mise" ar san leac "go bhfágh' tu uisge a fhliuchfas me." Tháinig se cum an uisge. "Go m-beannuighidh Dia dhuit," ars an t-uisge "Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit." C'fhad a rachas tu. Ag iarraidh uisge, uisge a fhliucfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craobh. Ni bhfuighidh tu mise ars an t-uisge go bhfágh, tu fiadh a shnámhfas me. Thainig se cum an Fhiaidh, go m-beannuighidh Dia dhuit ar san fiadh. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu. Ag iarraidh fiaidh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliucfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-chraobh. Ni bh-fuighidh tu mise ar san Fiadh go bhfágh' tu gadhar a ruaigfeas me. Tháinig se chum an ghadhair. Go m-beannui- ghidh Dia dhuit ar san gadhar. Go m-beannui- ghidh Dia 'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu? Ag iarraidh gadhair, gadhair a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliucfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrocfadh Manachar a d'ith mo chuid súgh-craobh. Ni bh-fuighidh tu mise, ar san gadhar, go bhfágh' tu greim ime a chuirfeas tu ann mo ladhar. Tháinig se chum an ime. "Go m-beannuighidh Dia dhuit " ar san t-im. "Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit." "C'fhad a rachas tu?" "Ag iarraidh ime, im a rachadh i ladhar ghadhair gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh leac, leac a cuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat,
slat a dheunfadh gad, gad a chrocfadh Mana- char a d'ith mo chuid súgh-craobh." Ni bhfuighidh tu mise ar san t-im go bhfágh' tu cat a sgríobfas me. Thainig se chum an chait. Go m-beannuighidh Dia dhuit ar san cat. Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu? Ag iarraidh cait, cat a sgríobfadh im, im a rachadh i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fliuch- fadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a gheárrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craobh. Ni bhfuighidh tu mise ar san Cat go bhfágh' tu bainne a bhéarfas tu dham. Thainig sé chum na bo. Go m-beannuighidh Dia dhuit ar san Bho. Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu. Ag iarraidh braoin bainne, bainne a bhéarfainn don chat, cat a sgríobfadh im, im a rachadh i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar, a d'ith mo chuid sugh-chraobh.
Ni bhfuighidh tu aon deór bainne uaim-se ar san Bhó, go bhfágh' me sop tuighe uait. Tháinig se chum na m-buailteóiridh. Go m- beannuighidh Dia dhuit ar sna buailteóiridh. Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhaoibh. Cfhad a rachas tu? Ag iarraidh suip tuighe uaibh á bhéarfainn do'n bhó, an bho a bhéarfadh bainne dham, an bainne a bhéarfainn do'n chat, an cat a sgríobfadh an t-im, an t-im a rachadh i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a gheárrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craobh. "Ní bh-fuighidh tu aon shop tuighe uaim-se" ar sna Buailteóiridh "go dtiubhraidh tu ádhbhar cáca dhuínn ó'n Muilleoír sin shuas. Tháinig sé chum an Mhuilleóra. Go m- beannuighidh Dia dhuit ar san Muilleóir. Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu? Ag iarraidh ádhbhair cáca a bhéarfainn dona buailteoíribh, na buailteó- iridh a bhéarfadh sop tuighe dham, sop tuighe a bhéarfainn do'n bho, an bho a bhéarfadh bainne dham, an bainne a bhéarfainn do'n chat, an cat a sgríobfadh an t-im, an t-im a rachadh,
i ladhar ghadhair, an gadhar a ruaigfeadh fiad, an fiadh a shnámhfadh uisge, an t-uisge a fhliuchfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheun- fadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craobh. Ni bhfuighidh tu aon ádhbhar cáca uaim-se, ar san Muilleóir go dtiubhraidh tu lán an chriathair sin d'uisge ó'n abhainn chugam. Ghlac Monachar an criathar ann a láimh, agus thaínig sé chum na h-aibhne, agus thosuigh sé ag lionadh an chriathair leis an uisge, acht chomh luath agus bhi an t-uisge dul asteach ann, bhi sé rith amach as arís. Chuaidh preuchán thairis, os a cheann. "Dáb! Dáb!" ar an preuchán. "M'anam do Dhia is maith í do chómhairle!" ar Monachar, agus ghlac sé an chréafóg ruadh, agus chuimil sé le tóin a riathair í, gur líon sé na puill a bhi ann, agus chongbhaigh an criathar an t-uisge ann sin agus rug sé chum an Mhuilleóra é, agus thug an Muilleóir ádhbhar cáca dho, agus thug sé an t-ádhbhar cáca dona buail- teóiribh, agus thug na buailteóiridh sop tuighe dhó, thug sé an sop tuighe do'n bhó, thug an bhó bainne dhó, thug sé an bainne do'n chat, sgríob an cat an t-im, chuaidh an t-im i
ladhar ghadhair, ruaig an gadhar an fiadh, shnámh an fiadh an t-uisge, fhliuch an t-uisge an leac, chuir an leac faobhar air an tuaigh, gheárr an tuagh an tslat, rinne se gad de'n tslait, agus nuair bhi an gad réidh deunta aige, creid misi go raibh Manachar imthighthe fada go leór uaidh. NA TRI CEISTIONNA. Bhi tri díleachtaidh agus thug an Righ leis iad. Budh chlann deirbhshiúra do'n righ iad. Bhi siad aige go raibh siad 'nna chómhair (sic) na m-buachaillibh. Bhi gardha deas ag an righ. Ní raibh an righ (le fághail) bháis cóidhche go g-cuirfidhe trí ceiste air, nach bhfuaisgeóladh se. Bhi se spaisdeóracht lá breágh annsan ngardha. Nuair a bhi se tuirseach air siubhal shuidh se. Thuit se 'nna chodladh. Rinne se brionnglóid gurb' é na tri buachaillidh a bhi astigh aige a mharbhfadh é. Dhíbir se iad. Dh'imthigh siad air a seachnad (sic). Chuir an righ gárda 'nna ndiaigh. Nuair a chonnairc
siad an gárda ag tarraing orra, "'Nois," ar san fear is sine, "racamaoid ag troid astigh annsan g-coill agus nuair a thiucfas an righ, leigfimíd orrainn bheith ag troid eadrainn féin, go g-cuirfimíd tri ceiste air, nach dtiucfaidh leis fuasgailt." Chonnairc an Righ iad ag troid, agus chuaidh se asteach annsa' g-coill le na sgaoileadh. "Cad chuige bhfuil sibh ag troid?" ar san Righ, "Is i dtaoibh na coille seo, atámoid troid," ar san fear budh sine aca, "d'fhág m'athair an choill seo agam-sa, críon agus glas." Dubhairt an dara fear gur fhág a athair an oiread aige-sean. "Cad é," dubhairt an righ, "cad é 'n chaoi a bhfuigfeadh se dadamh agad-sa, agus an choill uile fhágáilt aige seó?" "Cad é an chaoi ar' fhág se an oiread agad-sa?" "Is cuma liom-sa cad é an chaoi ar' fhág se aige é, d'fhág se a raibh cam agus díreach agam." Ar san triomhadh fear, "d'fhág se oiread agam-sa le ceachtar aca." "Cad é an chaoi ar' fhág se agad-sa? d'fhág se a raibh críon agus glas ag an fhear budh sine; d'fhág se a raibh cam agus díreach ag an dara fear, cad é an chaoi bhfuigfeadh se dadamh agad-sa?" "Tá!
Innsidh me sin duit, dfhág se agam a raibh faoi 'n talamh agus os a chionn." Dubhairt an righ, "Níl fhios agam cia agaibh a d-triúr a ndeunfaidh me an choill do, acht cia b'é air bith agaibh é is sinne, deunfaidh me an choill do." "Tá mise," (ar fear aca.) "Cad é an aois agad-sa?" "Tá me chomh sean go bhfuair me lán "slúip" (loinge) de rásúir, nior phronn (bhronn) me aon cheann aca, nior chaill me aon cheann aca acht a g-cathadh uile go léir ag baint na feusóige dhiom." "Ta mise chomh sean leis," dubhairt an dara fear. "Cad é an aois agad-sa? ni thiucfadh leat bheith chomh sean leis an fhear údí (úd)." "Ta me chomh sean go bfuair me lucht slúip de mheurachaín, nior chaill me ceann aca, nior phronn me ceann aca, acht a g-cathadh uile go léir ag táilliúracht." "Ta mise chomh sean leis," ar san triomhadh duine. "Cad é an chaoi a d-tiucfadh leat-sa bheith chomh sean leó-san? cad é an aois atá agad?" "Fuair me lucht slúip de shnáthadaibh cruaidhe, nior chaill me ceann aca, agus nior
phronn me ceann aca, acht a g-cathadh lig (uile) go léir ag córughadh mo chuid eudaigh." "Ni'l fhios agam," dubhairt an righ, "cé agaibh a ndeunfaidh me an choill do; acht cé agaibh is gasta? (agus deunfaidh me dho é.)" "Tá mise," dubhairt an cheud fhear. "Cad é an ghastacht thiucfadh leat a dheunadh?" "An beathach is gasta (luaithe) rith ariamh, chuirfinn crúdh air, agus é air a rása." "Tá mise chomh gasta leis," ar san dara fear. "Cad é an ghastacht thiucfadh leat-sa a dheunadh?" Dá mbeidheadh teach fada agad, leag bonn a dhá thaobh-bhalla, agus a dhá bhinn; ná fág 'nna seasamh acht ceithre coirnéil; lion lán eúnach (eún) dá chuid an chnuic; thiucfainn thart air na ceitre coirneul chomh gasta, nach leigfinn aon cheann amach nach m-béarfainn air." "Tá tu gasta," dubhairt an righ. "Tá mise chomh gasta leis," ar san triomhadh fear. "Nior bhféidir duit bheith chomh gasta; cad é an ghastacth a thiucfadh leat a dheunadh?" "Tabhair leat mála chlúimh go dti an cnoc
is áirde; sgaoil amach é lá gaoithe móire; chruinneóchainn iad, agus ni chaillfinn aon cheann amháin d'á raibh annsan mála." "Ni'l fhios agam-sa," ar san righ, "cia aca a ndeunfaidh me an choill do, acth cia b'é air bith agaibh is fallsa (deunfaidh me dho é.)" "Tá mise," dubhairt an cheud fhear. "Ni féidir a rádh go bhfuil tusa fallsa, agus tu chomh gasta a's bhi tu air ball! cad é an fhallsacht is mo a dheunfá?" "Dá bhfágfaidhe me 'mo luidhe i sean-teach súithche, ni leigfeadh mfhallsacht (dam) mo shúil a dhruid go dtuitfeadh braon súithche asteach ann mo shúil agus go ligfeadh se (sic) an tsúil as mo cheann." "Tá mise chomh fallsa leis," ar san dara fear. "Cad é an fhallsacht a thiucfadh leat-sa a dheunadh?" "Dá bhfágfaidhe mé mo luidhe ann áit a raibh tri bheallach casta air a chéile, luidhfinn air chúl mo chinn, agus ni leigfeadh mfhallsacht dam corrughadh go dtiucfadh na cartacha air mo mhullach agus go marbhfadh siad me." "Tá mise chomh fallsa leis" ar san triomhadh duine.
"Cad é an fhallsacth a thiucfadh leat-sa a dheunadh?" "Dá bhfágfaidhe me mo sheasamh ag taoibh chruaiche móna, cuir teine ann a ceann agus ni leigfeadh an fhallsacht dam corrughadh." "Ni'l fhios agam cia agaibh a ndeunfaidh me an choill do." Ni táinig leis na tri ceiste d'fhuasgailt agus thuit se as a sheasamh. Fuair se bás. Cuaidh an triúr air ais. Bhi siad 'nna g- cómhnuidhe i g-cúirt an Righ. GOILLÍS NA G-COS DUBH. Bhi buachaill i g-condaé Mhuigh-Eó, agus nior nigh se cos o rugadh é. Goillís an t-ainm a bhi air, agus mar nach dtiucfadh le duine air bith do chur d' fhiacaibh air a chosa nighe, thug siad "Goillís na gcos dubh," air, mar ainm. Is minic dubhairt an t-athair leis, "éirigh a stroínse agus nigh thu féin," acht diabhal cos d'eireóchadh se, agus diabhal cos nighfeadh se. ni raibh aon mhaith i g-caint leis. Bhidheadh uile dhuine deunadh magadh faoi, mar gheall air a chosaibh salacha, acht ni raibh aon t-suim no beann aige ionnta. D'fheudfá
rud air bith a rádh leis, acht do bheidheadh a thoil feín aige 'nn a dhiaigh sin. Aon oidhche amháin bhi an mhuiríghin uile 'nna suidhe ag an teine, agus ag innsint sgeul agus ag deunadh grinn doibh feín, agus bhi seisean 'nna measg. Dubhairt an t-athair leis, "A Ghoillís," ar se, "tá tu bliadhain agus fiche d'aois anocht, agus creidim nár nigh tu do chosa, o'n lá a rugadh thu go dti anois." "Thug tu d'éitheach," ar Goillís bhi me ag snámh lá Bealtaine, agus nior feud me mo chosa chon- gbháil as an uisge." "Bhi siad chomh salach a's bhi siad ariamh nuair tháinig tu chum na tráighe" ar san t-athair." "Bhi siad sin, go cinnte" ar Goillís. "Sin é an rud atá me rádh," ar san t-athair "nach raibh ionnat do chosa nighe riamh." "Agus ni nighfead go lá mo bháis," ar Goillís. "A bhitheamhnaigh bhradaigh! a bhodaigh! a thincéir! a stróinse gan mhaith! cad é 'n sórt freagartha é sin?" ar san t-athair agus tharraing se an lámh agus bhuail se dorn cruaidh air Goillís air a leith-ceann, "bi 'g imtheacht," ar se, "ni fheudaim seasamh leat." D'éirigh Goillís agus chuir se a lámh chum a gheíll, 'n áit a bhfuair se an dorn. "Acht gur tusa atá ann," ar se, "do thug an buille
sin dam, buille eile ni bhuailfeá go bráth." Chuaidh se amach as an teach agus fearg mhór air. Do bhi an lios no an Ráth budh bhreágha do bhi ann Eírinn sgathadh beag o bhinn an tighe, agus budh ghnáth leis go minic suidhe sios air an mbanca breágh fód do bhi 'nna thimchioll. Sheas se, agus é 'nna leath-luidhe ag binn an tíghe ag dearcadh suas air an speur, agus ag breathnughadh air an ngealaigh aoibhinn ghil do bhi os a chionn, agus d' fhan se ann sin le cúpla uair gan chor do chur as. 'R éis é do bheith 'nna sheasamh mar sin le cúpla uaire, dubhairt se leis féin, "Mo leun geur! nach bhfuil me imthighthe as an áit seo uile go léir, b'fheárr liom bheith ann aít air bith air an domhan na ann so. Och nach aoibhínn é dhuit-se a ghealach bhán," ar se, "tá dul thart dul thart mar is mian leat feín, agus ni thig le duine air bith do bhárradh na do chur air gcul. Mo bhrón gan mise mar thu!" Is air éigin do bhi an focal sin as a bheul nuair chualaidh se toran mór ag teacht, mar toran móráin daoine ag ríth le cheíle, agus ag caint, agus ag gáire, agus ag deunadh grinn, agus chuaidh an toran thart mar fromán-gaoithe, (tormán-ghaoithe) agus bhi se ag éisteacht leis dul asteach annsan ráth.
"Maiseadh, dar m'anam," ar se, "tá sibh-se súgach go leór, agus leanfaidh me sibh." Créud do bhi ann acht an Sluagh-sidhe, acht ni raibh fhios aige i dtosach gurb' iad do bhi ann, acht lean se iad asteach annsa ráth. Chualaidh se an "fulparnaigh 's an fal- parnuigh," an "rap-le-húta," agus an "ruaile- buaile" do bhi aca ann sin, agus gac uile duine aca ag glaodhach amach go h-árd, "Mo shrian, mo chapall, 's mo dhiallaid!" "Mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid!" "Dar mo láimh," ar Goillís an buachaill," "ni h-olc é sin, deunfaidh mise aithris orraibh," agus ghlaodh seisean amach chor leó, "Mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid, mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid," agus air an móimid bhi capall breágh le srian oír agus diallaid airgid 'nna sheasamh os a choinne. Léim se suas air, agus an móimid do bhi sé air a dhruim chon- nairc se go soilleír go raibh an ráth lán de chapallaibh, agus de dhaoinibh beaga dul ag marcuigheacht orra. Dubhairt fear aca leis, "Bhfuil tu teacht linn anocht a Ghoillís," "Táim go cinnte," ar Goillís. "Má taír, tar uait," ar san fear beag, agus amach leó uile go leír, le chéile, ag marcuigheacht mar an ngaoith, nios
luaithe ná na capaill is éadtroime a chonnairc tu riamh ag fiadhach, agus nios luaithe ná an sionnach agus na gadhair ag a earball. An ghaoth fhuar gheimhridh do bhi rompa do rug siad uirri, agus an ghaoth fhuar gheimhridh do bhi 'nna ndiaigh ni rug si orra-san, agus stop ná stad ni dhearnaigh siad de'n láin- ríth sin, no go dtáinig siad go bruach na fairrge. Dubhairt uile cheann aca ann sin - "Eirigh agus thart leat - Eirigh agus thart leat," agus air an móimid d'éirigh siad suas ann san aer, agus sul do bhi am ag Goillís le cuimhniughadh cá raibh se, bhi siad shios air an talamh thirm arís, agus ag imtheacht mar an ngaoith. Sheas siad air deireadh, agus dubhairt fear aca le Goillís, "A Ghoillís bhfuil fhios agad cá bhfuil tu anois?" "Ni'l," ar Goillis. "Tá tu 'sa' Roímh a Ghoillís," ar se, "agus támaoid le dul nios faide ná sin. Tá inghean Righ na Fraince le bheith pósta anocht, an bhean is deise d'á bhfaca an ghrian riamh, agus caithfimíd ar ndithchioll dheunamh i do thabhairt linn féin, má thig linn a fuadach air mhódh air bith, agus caitfidh tusa teacht linn, i riocht go g-cuirfimíd an inghean óg suas air do chúl air an
g-capall, nuair bhéidhmid 'gá fuadach, mar ni dlisteanach dúinne é, i do chur 'nna suidhe air ár g-cúl-ne, acht is fuil agus feóil thusa, agus tig léite greim maith fhághail ort, air mhódh nach dtuitfidh si, nuair chuirfimíd air an g-capall í. Bhfuil tu sásta a Ghoillís agus an ndeunfaidh tu a bhfuilmíd-ne ag rádh leat?" "Cad chuige nach mbeidhinn sásta," ar Goillís, "tá me sásta go cinnte, agus rud air bith a dhéurfaidh sibhse liom a dheunadh, deunfaidh me gan amhras é, acht ca bhfuilmíd anois? cad é an áit í seo, a dubhairt tu?" "Tá tu annsa' Róimh anois a Ghoillís," ar san t-Sidheóg. "Annsa' Róimh, aneadh!" ar Goillís, "go deimhin agus gan bhréig is maith liom sin. An Sagart-par- áiste do bhi againne do bhi se briste tamall o shoin, agus chaill se a áit. Caithfidh me dul chum an Phápa bhfhágh' me bulla uaidh chuirfeas air ais é ann a áit féin arís." "O a Ghoillís," ar san t-Sidheóg "ni thig leat sin a dheunadh. ni léigfidhear asteach annsa bpálás thu; agus air mhódh air bith ni thig linne fanamhaint ann so nuair atá tusa leis an b-Pápa, tá deifir orrainn." "Oiread agus cos ni rachaidh me nios faide," ar Goillís, "go rachaidh me chum an Phápa, acht tig libh-se
dul air bhur n-aghaidh gan mise, má's maith libh é, acht ni chorrochaidh mise go rachaidh me chum an Phápa agus go bhfhágh' me párdún mo shagairt- paráiste uaidh." "A Ghoillís, an air dith- ceílle atá tu? ni thig leat dul ann, agus sin é d'fhreagradh anois duit, innsim duit nach dtig leat dul ann." "Nach dtig libh-se dul air aghaidh agus mise dfhágbháil ann so 'nn bhúr ndiaigh," ar Goillís, "agus nuair tiucfaidh sibh air ais ann so nach dtiucfaidh libh an cailín árdughadh suas air mo chapall-sa air mo chúl?" "Acht beídh tu teastál uainn ag pálás Righ na Fraince ar san t-Sidheóg agus caithfidh tu teacht linn anois." "Diabhal cos," ar Goillís, go bhfuighidh me párdún an t-sagairt, an duine is macánta agus is greannamhla d'á bhfuil i n-Eírinn." Labhair Sidheóg eile ann sin, agus dubhairt se, "ná bí chomh cruaidh sin air Ghoillís, tá 'n buacaill cineálta, agus tá croidhe maith mór aige, agus mar nach maith leis teacht linn gan bhulla an Phápa caithfimíd ar ndithchioll dheunamh le na fhághail do. Rachaidh seisean agus mise asteach do'n Phápa, agus tig libh-se fanamhaint linn ann so." "Míle buidheachas leat," ar Goillís, "tá me réidh le dul leat, agus an sagart só, is é an
fear is greannamhla agus is spórtamhla air bith." "Tá an iomarcuidh caint' agad," a Ghoillís," ar san t-Sidheóg, "acht tar uait anois. Tar anuas de 'n chapall, agus beir air mo láimh-se." Thaínig Goillís anuas ón g-capall, agus rug se air láimh na Sidheóige, agus dubhairt an duine beag cúpla focal nár thuig Goillis, agus sul do bhi fhios aige ca raibh se, fuair se é féin annsa' rúma ann a raibh an Pápa. Bhi an Pápa 'nna shuidhe suas go mall an oidhche sin, mar bhi leabhar le léigheadh aige a raibh spéis mhór aige ann. Bhi se 'nna shuidhe i g-cáthaoir mhóir bhuig, agus a dhá chois árduighthe suas aige air chlár an t-similéir, agus bhi teine bhreágh annsan ngráta, agus bord beag 'nna sheasamh ag a uillinn, agus braon uisge-beatha teith agus siúcra ann, 'nna sheasamh air an m-boirdín agus nior mhothuigh se no go dtáinig Goillís air a chúl. "Nois a Ghoillís," ar san t-Sitheóg, "abair leis muna dtiúbhraidh se an bulla dhuit go g-cuirfidh tu an rúma air lasadh, agus má dhiultaighidh se dhuit é, steallfaidh misi teine as mo bheul thart timcioll, go saoilfidh se go bhfuil an áit air lasadh dáríribh, agus mise
mo bhannaidh go mbéidh se réidh go leór an párdún do thabhairt duit ann sin." Chuaidh Goillis suas chuige, agus leag se a lámh air a ghualain. Thionntuigh an Pápa, agus nuair chonnairc se Goillís 'nna sheasamh air a chúl, sgannruigh se. "Na biodh aon eagla ort," ar Goillís, "tá sagart par- áiste againne annsan mbaile, agus d'innis bitheamnach eígin breug do d' onoír dá thaoibh, agus briseadh é, acht is é an duine is córa do chonnairc d' onóir ariamh agus ni'l fear ná bean ná páiste i m-Baile-na-d-tuatach nach bhfuil i ngrádh leis." "Bi do thost a bhodaigh" ar san Pápa, "Cár' b' as thu, no creud do thug ann so thu. Nach bhfuil glas agam air an doras." "Tháinig mise asteach air pholl na h-eochrach," ar Goillís, "agus do bheidhinn an bhuidheach ded' onoir." Ghlaodh an Pápa amach, "cá bhfuil mo mhuinntir, ca bhfuil na sear- bhóghantaidh! A Shéumuis! A Sheaghaín! tá me marbh, ta me robálta!" Acht chuir Ghoillís a dhruim leis an doras agus nior fheud an Pápa a fhosgailt mar bhi faitchios air dul anaice le Goillís, acht ni raibh aon árach (neart) aige air, agus b'éigin do eísteacht le sgeul Ghoillís, agus nior
fheud Goillís a innsint go gearr réidh dó, mar bhi se mall-labharthach agus garbh, agus chuir sin fearg air an b-Pápa agus nuair chriochnuigh Goillís a sgeul, do thug se a mhóid nach dtiubhradh se párdún do'n t-sagart go deó, agus bhagair se air Ghoillís feín go g-cuir- feadh se chum báis é mar gheall air an mbeag- náire do bhi air, teacht asteach annsan oidhche chuige, agus thoisigh se ág béiceadh agus ag glaodhach na searbhfóghantaidh arís. Ni'l fhios agam ar chualaidh na searbhfhóghantaidhe é ag glaodhach orra, acht bhi glas air an doras an taobh-astigh, agus nior fheud siad teacht asteach air mhódh air bith chuige. "Muna dtiubhraidh tu bulla dham faoi do láimh agus do sheula, agus párdún an t- sagairt ann, dóghfaidh me do theach le teine," ar Goillís. Do thoisigh an t-Sidheog nach bhfaca an Pápa, teine agus lasadh do chathadh amach as a bheul, agus shaoil an Pápa go raibh an rúma uile air lasadh. Ghlaodh se amach, "O léirsgrios siorruidh! bhéarfaidh me an párdún duit, bhéarfaidh me rud air bith dhuit, acht coisg do theine agus na dógh me ann mo theach feín." "Tá me buidheach de d' onoír," ar Goillís, agus choisg an t-Sidheóg an teine, agus b' eígin
do'n Phápa suidhe sios agus párdún iomlán sgriobhadh do'n t-sagart, agus a shean-áit thabhairt air ais do; agus nuair bhi se réidh sgriobhtha aige chuir se a ainm faoi, air an bpáipeur, agus chuir se i laimh Ghoillís é. "Go raibh maith ag d'onóir," ar Goillís, "ni thiucfaidh me go bráth arís ann so chugad, agus beannacht leat." "Na tar," ar san Pápa, "má thig tu béidh mise réidh rómhad, agus ní imtheochaidh tu uaim chomh foras sin arís. Béidh tu druidte suas i bpríosún agus ní tiucfaidh tu amach as go bráth." "Na biodh eagla ort, ni thiucfaidh me ann, arís," ar Goillís, agus sul dfheud se nios mó do rádh do labhair an t-Sidheóg cúpla focal, agus rug se air láimh Ghoillís arís, agus amach leó. Fuair Goillís é feín ameasg na sidheóg eile agus a chapall ag fanamhaint leis. "Nois a Ghoillís," ar siad, "is mór an bacadh chuir tu orrainn, agus an oiread sin deifir' orrainn, acht tar uait anois agus na cuir rómhat a leitheid de chleas a dheunadh arís, mar nach bhfanfamaoid-ne leat." "Tá me sásta," ar Goillís, "agus tá me buidheach dhibh, acht innis dam ca bhfuilmíd le dul anois."
"Támaoid le dul chum pálaís Righ na Fraince," ar siad, "agus má thig linn air bith, támaoid le fuadach a inghine linn." Dubhairt uile fear aca an focal, "Éirigh a chapaill," ann sin, agus thoisigh na capla ag leím agus ag rith agus ag prompsál. An ghaoth fhuar gheimhridh do bhi rompa do rug siad uirri, agus an ghaoth do bhi 'nna ndiaigh ni rug si orra-san, agus nior stad siad de'n rása sin no go raibh siad chomh fada le pálás Righ na Fraince. Tháinig siad anuas d'á g-caplaibh ann sin, agus dubhairt fear aca focal nár thuig Goillís, agus air an móimid bhi síad uile tógtha suas, agus fuair Goillís é feín agus a chomráididh annsan bpálás. Bhi fleadh (féusta) mór 'gá cathadh aca ann sin, agus ni raibh fear-uasal ná duine mór annsan rioghacht nach raibh cruinnighthe le cheíle annsin roimhe, agus bhi siad gleusta amach le sioda agus sról, le h-ór agus le h-airgiod, agus do bhi an oidhche chomh geal leís an lá annsan áit sin leis an méid coinnioll agus lampa do bhi lasta ann; agus nior fheud Goillís an t-amharc breágh soillseach do sheasamh agus dhruid se a dhá shúil. Nuair d'fhosgail se arís iad ann sin, agus
nuair dhearc se uaidh, shaoil se nach bhfaca se aon rud ariamh chomh breágh leis an méad a chon- nairc se. Bhi ceud bord leagtha amach agus a lán bidh agus díghe air gach bord aca, feóil agus cácaidh agus milseóga, agus fíon agus lionn agus gach deoch d'á bhfaca duine riamh. Bhi na fir-cheóil ag dá cheann na h-álla sin, agus iad ag deunamh an cheóil budh mhillse do chualaidh cluas duine riamh, agus bhi tuilleadh daoine, mná óga agus ógánaigh galánta i lár na h-alla sin, ag damhsa agus ag deunamh ringce, agus ag dul thart chomh luath agus chomh h-éadtrom sin gur chuir se "suarán" i g-ceann Ghoillís le bheith ag dearcadh orra. Bhi tuilleadh ann ag deunamh cleasa, agus tuilleadh ag deunamh grinn agus gáire, mar nach raibh a leitheid de fheusta ann sa' b-Frainc le fiche bliadham a's do bhi an lá sin, mar nach raibh aon chlann beó ag an t- sean-rígh acht an t-aon inghean amháin, agus bhi si le bheith pósta le mac righ eile an oidhche sin. Tri lá bhi an feusta 'gá chathadh agus bhi si le bheith pósta an triomhadh oidhche, agus budh h-í sin an oidhche a tháinig Goillís agus na Sideóga ag súil leis an inghean óg d'iomchar leó dá bhfeudfadh siad. Bhi Goillís agus a chomráididh 'nn a seasamh
le chéile ag ceann na h-alla 'n-áit a raibh altoír bhreagh ghleusta, agus dhá easpog air a cúl, ag fanamhaint le pósadh an chailín, nuair bheidheadh an t-am ceart ann. Nior fheud duine air bith na Sidheóga dfheicsint mar dubhairt siad focal nuair tháinig siad asteach a rinne do-fheicsint iad, amhail agus nach raibh siad ann air chor air bith. "Innis dam, cia aca inghean an Righ?" ar Goillís, nuair bhi sé, 'g eírighe rud-beag cleachtach leis an toran agus leis an t-solas. "Nach bhfeicidh tu uait ann sin í," ar san fear beag, a bhi ag deunamh caint' leis. Dhearc Goillís mar a shín an fear beag a mheur, agus ann sin chonnairc se an óigbhean budh bhreágha agus budh dheise do bhi, dar leis, air dhruim na talmhan. Bhi an rós agus an lile ag troid le chéile ann a h-eudan, agus ni bheidheadh fhios ag duine cia aca fuair an bhuaidh. Bhi a righthe agus a lámha mar an aol, bhi a beul chomh dearg le súgh-talmhan agus é apuidh, bhi a cos chomh beag agus chomh h-eudtrom le láimh duine eile, bhi a cruth mín agus seang, agus bhi a gruag ag tuitim anuas d'á ceann 'nna mbúclaibh óir. Bhi a culaidh agus a casóg fighte le h-ór agus le h- airgiod, agus an chloch gheal do bhi 'san
bhfáine air a meur do bhi si chomh soillseach leis an ngréin. Bhi Goillís beag nach dallta leis an m- breághacht agus an sgeímh do bhi ínnti. Dhearc se arís agus chonnairc se, mar shaoil se, go raibh si ag gul, no go raibh lorg deóir ann a súil. "Ni féidir," ar Goillís, go bhfuil brón uirri, nuair atá uile dhuine 'nna timcioll chomh súgach spórtamhail sin." "Tá si brónach," ar san fear beag, "tá si brónac. maiseadh! mar is anaghaidh a tola féin tá sí 'gá pósadh, agus ni'l aon ghrádh aici air an bhfear atá le bheith aici. Bhi an Righ dul dhá tabhairt do, tri bliadhna o shoin, nuair nach raibh sí acht cúig bliadhna deug d'aois, agus rinne síse impidhe air a fágbháil mar bhi si go fóil, mar dubhairt si go raibh si ro óg. Thug an Righ cáirde bliadhna dhi, agus nuair bhi an bhliadhain sin imthighthe thug se cáirde bliadhna eile dhi, agus ann sin bliadhain eile, agus seachtmhain no lá ni thiubhradh sé di nios mo, agus tá sí ocht mbliadhna deug anois agus is mithid di pósadh, acht go deimhin," ar seisean, agus cham se a bheul le gáire gráineamhail, "go deimhin ni mac Righ a phósfaidh si, má thig liom-sa é." Ghlac Goillís truagh mhór do'n ógmhnaoi
áluin, nuair chualaidh se sin, agus bhi a chroidhe briste nuair shaoil se go mbudh éigin di an fear phósadh nach raibh aon dúil aici ann, no (rud budh mheasa ná sin) sídheóg ghránna ghlacadh mar fhear: acht nior labhair se aon fhocal, cidh nár fheud se gan iomad mallacht thabairt do'n mhi-ágh do bhi i ndán do feín, agus é ag congnamh leis an dream do bhi le na fuadach ó n-a teach agus ó n-a h-athair. Thosuigh se ag smuaineadh ann sin creud do budh choír do a dheunadh le na sábháil, acht nior fheud se cuimhniughadh air dadamh. "O dá dtiucfadh liom cobhair no fóirighín thabhairt di, budh chuma liom beó no marbh me," ar seisean ann a inntinn féin, "acht ni fheicim rud air bith is féidir liom dheunadh dhi." Bhi se dearcadh ann sin mar tháinig mac an righ suas chuici, agus é ag iarraidh póige, uirri, acht thionntaigh si a ceann air ais uaidh. Bhi truagh dhúbalta air Ghoillís ann sin, nuair chonnairc se an buachaill ag breith air a láimh baín mhín agus 'gá tarraing amach le ringce. Chuaidh siad thart annsa damhsa i bhfogus do Ghoillís agus budh léur do go maith go raibh deór ann a súil. Nuair bhi an damhsa sin thart, thainig a h-athair, an sean-Rígh, agus a máthair, an bhain-
rioghan, asteach, agus dubhairt siad gurb' é sin an t-am ceart le na pósadh, go raib an t-easpog réidh, agus a leabuidh gleusta, agus go mbudh mhíthid di bheith tugtha d'á fear anois, aghus fáinne an phósta do chur uirri. Chuir an sean-Righ gáíre as, "dar m'onoír," ar se "tá an oidhche beag nach caithte, acht deunfaidh mo mhac oidhche dho féin, mise mo bhannaidh nach n-éireochaidh se go moch amárach." "Maiseadh b'éidir go neireochaidh," ar san t-Sídheóg le Goillís ann a chluais. "B'éidir nach ann a leabuidh rachaidh siad anocht, ha ha ha." Ni thug Goillis aon fhreagradh dho, mar bhi an dá shúil dul amach air a cheann ag faire creud do dheunfadh siad ann sin. Rug an Righ air láimh an ógánaigh, agus rug an Bhainrioghan air a h-inghín agus chuaidh siad suas chum na h-altóra le chéile, agus na tighearnaidh agus na daoine móra uaisle 'gá leanamhaint. Nuair tháinig siad i bhfogus don altoír, agus nach raibh siad mórán nios faide na ceithre slata uaithi do shín an t-Sidheóg bheag a chos amach roimh an g-cailín, agus thuit si. Sul d' fheud si eírighe arís chaith se rud eígin
as a láimh uirri agus dubhairt se cúpla focal, agus air an moímid bhi an óig-bhean imthighthe ó na measg. Nior fheud duine air bith a feicsint, mar rinne an focal sin do-fheicsint, í. Rug an firín beag uirri agus d'árduigh sé suas air mhuin Ghoillís í, agus ni fhaca an Righ ná duine air bith eile iad, acht amach leó air fud na h-alla go dti an doras. Oro! a Mhuire dhíleas, is ann sin do bhi an truagh agus an buaidhreadh agus an caoineadh agus an t-ionghantas agus an cuartughadh, agus an rúcán nuair d'imthigh an bhean-uasal sin ó na súilibh agus gan iad dfheicsint creud do rinne é. Amach air dhoras an pháláis leó, gan bheith bactha ná bárrtha mar nach bhfaca aon duine iad, agus "mo shrian 's mo chapall, 's mo dhiallaid," ar gach fear aca; "mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid!" ar Goillís, agus air an moímid bhi an capall 'nna sheasamh reídh ughamuighthe os a choinne. "Nois léim suas a Ghoillís, ar san fear beag agus cuir an bhean-uasal air do chúl agus béidhmid ag imtheacht. ni fada uainn an mhaidin anois." D'árduigh Goillís í air mhuin a chapaill feín, agus leím se feín suas roimpi, agus, "Éirigh a chapaill," ar se, agus chuaidh an
capall ann a láin-ríth agus na capaill eile leis, no go dtáinig siad chum na fairrge. "Éirigh aghus thart leat," ar gach fear aca, "Éirigh agus thart leat" ar Goillis, agus air an móimid d'éirig an capall faoi, agus rinne se léim annsna speurthaibh agus thaínig se anuas i n-Éirinn. Nior stad siad ann sin acht chuaidh siad de rása go dti an aít ann a raibh teach Ghoillís, agus an ráth, agus nuair tháinig siad chomh fada leis, d' iompuigh Goillís agus rug se le na dhá righe air an g-cailín óg agus léim sé sios de'n chapall. "Goirim agus coisrighim chugam feín thu i n-ainm Dé" ar seisean agus air an mball sul do bhi an focal as a bheul, thuit an capall sios, acht creud do bhi ann acht sail ceuchta d'á ndearna siad-san capall, agus uile chapall do bhi aca budh mar sin a rinne siad é. Bhi cuid aca ag marchuigheacht air, shean sguaib, agus cuid air bhata briste, agus cuid eile air bhuachalán, no air fórán. Ghlaodh na daoine maithe uile go léir nuair chualaidh siad creud a dubhairt Goillís, "A Ghoillis a bhodaigh, a Ghoillís a bhitheamhnaigh, ná raibh maith agad a Ghoillís, creud fá d' imir tu an cleas sin orrainn?" acht ni raibh cumhacht air bith aca air an %g-cailin dfhuadach
leo 'reís Goillis a coisreaghadh dho feín. "O a Ghoillis nach deas an oibir í sin a rinne tu dhúinn agus sinne chomh cinéálta sin leat-sa. Cad é an mhaith atá againn anois as ar dturas go dti an Róimh agus go dti an Fhrainc. Ná bac leis go fóil, a bhodaigh! acht iocfaidh tu sin am eile, creid sinne go mbéidh aithreachas ort. "Ni bhéidh aon mhaith aige le fághail as an g-cailín óg," ar san firín beag do bhi ag caint le Goillis annsan b-palás roimhe sin, agus mar dubhairt se an focal dhruid se anonn chum na h-óg-mhná agus bhuail se bos air a leithceann. "'Nois!" ar se "béidh si gan chaint feasta. 'Nois! a Ghoillís cad é an mhaith dhuit-se í, nuair a bhéidh si balbh? Is mithid dúinn imtheacht, acht béidh cuimhne agad orrainne, a Ghoillís na g-cos dubh!" Nuair dubhairt se sin shín se a dhá láimh amach, agus sul dfheud Goillís aon fhreagradh tabhairt do, bhi se féin agus an chuid eile dhiobh imthighthe asteach annsan ráth as a amharc agus ni fhaca se iad nios mo. Thionntaigh se chum na h-óg-mhná agus dubhairt se léithe, "Buidheachas le Dia, tá siad imthighthe; nach feárr leat fanamhaint liom-sa ná leo-san?" Nior fhreagair si dadamh; tá buaidhreadh agus brón uirri
fós, ar Goillís ann a inntinn féin, agus labhair se léithe arís, "tá faitchios orm go g-caithfidh tu an oidhche seo chathadh i dteach m' athar a bean-uasal, agus má tá aon rud is féidir liom-sa dheunadh air do shon, innis dam é agus beídh me mo shearbhfhóghanta dhuit." Dfhan an cailín sgiamhach bréagh 'nna tost, acht bhi déora ann a súilibh, agus bhi a h-eudan bán agus dearg 'r éis a chéile. "A bhean-uasal," ar Goillís, "innis dam creud budh mhaith leath a dheunamh anois. Nior bhain mise chor air bith leis an dream. sidheóige sin a rug leó thú. Is mac feilmeóra cneasta me, agus chuaidh me leó gan fhios dam. Má thiucfaidh liom do chur air ais chum d'athar deunfaidh me é, agus guidhim thu úsáid air bith is mian leat do dheunamh dhíom anois." Dhearc se ann a h-eudan agus chon- nairc se an beul ag corrughadh amhail a's mar bhi si dul a labhairt, acht ni tháinig aon fhocal as. "Ni féidir," ar Goillís, "go bhfuil tu balbh, nár chualaidh me thu ag labhairt le mac- an-righ annsa' bpálás anocht. No, an ndearna an diabhal sin balbh dáríribh thu, nuair bhuail sé a lámh ghránna air do ghiall?"
Thóg an cailín a lámh mhín bhán, agus leag sí a meur air a teanga ag taisbéant dó, gur chaill sí a guth agus a caint, agus rith na deóra amach as a dhá súil 'san am ceudna comh luath le srothán, agus go deimhin ni raibh súile Ghoillís féin tirm, mar comh garbh a's bhí sé, taobh amuigh, do bhí croidhe bog aige, agus nior fheud sé amharc an chailín óig sheasamh, agus í annsan riocht mi-ághamhuil sin Thosaigh sé ag smuaineadh leis féin creud do budh chóir dó dheunamh, agus nior mhaith leis a tabhairt a bhaile leis féin go teach a athar, mar bhí fhios aige go maith nach g-creidfeadh siad é, go raibh sé annsa' bhFrainc agus go dtug sé air ais leis inghean Righ na Fraince, agus bhí faitchios air go ndeunfadh siad magadh faoi an óg-mhnaoi uasail, no go g-cuirfeadh siad droch-aighneas uirri. Nuair bhí sé mar sin i n-amhras mór agus gan fhios aige creud do dheunfadh sé, thárla gur chuir sé a lámh ann a phóca, agus fuair sé páipeúr ann; tharraing sé amach é agus bhreathnuigh sé air, agus air an móimid d'aithnigh sé bulla an Phápa. "Glóir do Dhia!" ar sé, tá 's agam anois creud a dheunfaidh me, béarfaidh me liom go teach an t-sagairt i, agus nuair feicfidh sé a phárdún annso,
ni dhiúltóchaidh sé dham an bhean-uasal do chongbháil, agus do chothughadh. Thionntaigh sé do'n óg-mhnáoi arís agus d'innis sé dhí go raibh leisg air í féin do thabhairt go teach a athar, acht go raibh sagart maith macánta do bhí muinntearach leis féin, agus go dtiúbhradh seisean aire mhaith dhí, dá mbudh mhaith léithe fanamhaint ann a theach-san, acht dá mbei- dheadh aon áit eile do bhfeárr léithe go dtiúbhradh sé chum na h-áite sin í. Chrom síse a ceann, agus thaisbéan sí dhó go raibh sí buidheach, agus thug sí le tuigsint dó, go raibh sí réidh le na leanamhaint ann áit air bith do bhí sé dul. "Rachamaoid go teach an t-sagairt, mar sin," ar sé, "agus tá sé faoi oibliogáid damhsa, agus deunfaidh sé rud air bith a dhéarfas mé. Chuaidh siad, mar sin, go teach an t-sagairt le chéile, agus bhí an ghrian go díreach ag éirighe nuair tháinig siad chum an dorais. Bhuail Goillís go láidir é, agus chomh moch a's bhí sé, do bhí an sagart maith 'nna shuídhe, agus dfhosgail sé an doras, é féin. Bhí iongan- tas air nuair chonnairc sé Goillís agus an cailín, agus bhí sé cinnte gur b' ag iarraidh bheith pósta do bhí siad. "A Ghollís na g-cos dubh, nach deas an
buachaill thu!" ar sé, "nach dtig leat fana- mhaint go d-ti a' deich a' chluig, no go d-ti a do-deug, acht go g-caitfidh tu bheith teacht chugam ag an uair seó ag iarraidh pósta, thu féin a's do ghirrseach. Budh chóir dhuit fios a bheith agad go bhfuil me briste, agus nach dtig liom do phósadh, air mhódh air bith nach dtig liom do phósadh go dlisteanach - acht ububú!" ar sé, go h-obann mar dhearc sé air an óg-mhnaoi arís, "i n-ainm Dé cia tá agad annso? cá bhfuair tu í, no cia hí?" "A athair," ar Goillís, "tig leat mé féin no duine air bith phósadh feasta, má's mian leat é, acth ni ag iarraidh pósta tháinig me chugad, acth le tabhairt an pháipéir seo dhuit, agus le h-iarraidh ort má 's é do thoil é lóistín ann do theac do thabhairt do'n ógmh- naoi uasail seo," agus leis sin tharraing sé bulla an Phápa amach, agus thug sé do'n t-sagart le léigheadh é. Ghlac an sagart éagus léigh sé é, agus bhreath- nuigh sé go geur air an sgríbhinn agus air an seula agus ni raibh aon amhras aige nach raibh sé 'nna bhulla ceart o láim an Phápa, "Cá bhfuair-tu so," ar sé le Goillís, agus bhí an lámh ann ar chongbhuigh sé an páipeur ag crathadh le h-ionghantus agus le luthgháire.
"O maiseadh," ar Goillís, go h-aorach go leór, "fuair mé aréir é annsa Róimh: D'fhan mé air feadh cúpla uair annsa' g-cáthair sin, nuair bhí mé air mo bhealach chum an óig-bhean seo (inghean Righ na Fraince) do thabhairt air ais liom." Dhearc an sagart air amhuil agus mar bheidheadh deich g-cloigionn air, acht gan aon cheist eile do chur air, dubhairt sé leis teacht asteach chuige, é féin agus an ainnir, agus nuair tháinig siad asteach dhruid sé an doras agus thug sé asteach 'sa' bpárlús iad, agus chuir sé 'nna suidhe iad. "'Nois a Ghoillís," ar sé, "innis dam go firinneach cá bhfuair tu an bulla so, agus cia h-í an óig-bhean so, agus má tá tu féin ar do chéill dáríribh na má's ag deunamh magaidh fúm atá tu?" "Ni'l mé 'g innsint bréige, ná ag deunamh magaidh," ar Goillís, "acht is ó'n b-Pápa féin fuair mé an páipeur, agus budh as phálás Righ na Fraince dfhuadaigh me an bhean-uasal so, agus is inghean do Righ na Fraince í." Thosaigh sé air a sgeul ann sin, agus d'innis sé an t-iomlán do'n t-sagart, agus bhi an oiread sin d'ionghantus air an tsagart maith
nar fheud sé é féin chongbháil o ghlaodhach amach air uairibh ná ó bhualadh a dhá láimh le chéile. Nuair dubhairt Goillís gur shaoil sé o'n méad a chonnairc sé nach raibh an óig-bhean sásta leis an bpósadh do bhí dul air aghaidh annsa' bpálas sul do bhris sé féin agus na sidheóga suas é, tháinig lasadh dearg i ngruaidh an chailín, agus bhí sé nios cinnte 'ná riamh go mbudh fheárr léithe bheith mar bhí sí, chomh dona agus bhí sí, 'ná 'nna mnaoi- phósta do fhear budh gráin léithe. Nuair dubhairt Goillís go mbeidheadh sé an bhuidheach de'n tsagart dá g-coimhéadfadh sé ann a theach féin í, dubhairt an fear cineálta go ndeunfadh sé sin chomh fada agus budh mhaith leis, acht nach raibh fhios aige creud do budh choír dóibh dheunamh léithe, mar nach raibh aon tslighe aca a cur air ais d'á h-athair arís. Dfhreagair Goillís go raibh imnidhe air féin, faoi an nidh ceuna, agus nach bhfaca sé aon rud le deunamh acht a congbháil go socair, no go bhfuigheadh siad faill agus ocáid rud éigin nios feárr do dheunamh. Rinne siad suas é eatorra féin ann sin, go leig- feadh an Sagart air gur b' inghean a dhear- bhráthar féin do bhí aige, do tháinig air cuairt as chondae eile, agus go n-inneósadh sé do
uile dhuine go raibh sí balbh, agus go ndeun- fadh sé a dhithchioll uile dhuine do chongbháil uaithi. D'innis siad do'n óg-mhnaoi creud do chuir siad rómpa a dheunamh, agus thaisbéan sí le na súilibh go raibh sí buidheach diobh. Chuaidh Goillís a bhaile ann sin, agus nuair chuir a mhuinntir féin ceist air cá raibh sé, dubhairt seisean gur thuit se 'nna chodladh ag bonn na cloidhe agus gur chaith sé an oidhche ann sin. Budh mhór an t-ionghnadh bhí air na cómhar- sannaibh nuair thaisbéan an Sagart cóir, bulla an Phápa dhóibh, agus nuair fuair sé a shean-áit air ais arís, agus bhí luthgháire air uile dhuine, mar go deimhin ni raibh locht air bith annsan duine macánta sin, acht amháin go raibh iomarcuidh dúil aige nois agus arís i m-braon de'n bhuideul, acht nior fheud duine air bith rádh go bhfaca sé riamh é i riocht nach dtiucfadh leis "Seo! beirim do shláinte" a rádh chomh maith le fear air bith 'sa' rioghacht. Acht má bhí ionghantas orra an sagart dfheicsint arís ann a shean-áit, budh mhó go mór a n-ionghantas faoi an g-cailín do tháinig go h-obann chum a thighe gan fhios ag aon duine cá'r b'as di, no cad e an gnó do bhí aici ann sin. Bhi cuid dena
daoinibh ann, a dubhairt nach raibh uile nidh mar budh choír, agus cuid eile "nár bhféidir é go dtug an Pápa a áit arís do'n t-sagart 'r éis a bhaint dé roimhe sin mar gheall air an g-clamhsán do bhí aca air, i dtaoibh na mheisge." Agus bhí cuid eile aca, a dubhairt nach raibh Goillís na g-cos dubh cosmhúil leis an bhfear ceudhna do bhí ann roimhe sin, agus go mbudh mhór an sgeul é go raibh sé ag triall gach le lá chum tighe an t-sagairt agus go raibh cion agus meas ag an tsagart air, rud nár fheud siad ghlanadh suas air chor air bith. B'fhior sin doibh go deimhin, mar b'anamh an lá chuaidh thart, nach rachadh Gollís go teach an t-sagairt agus nach mbeidheadh caint aige leis, agus leis an óg-mhnaoi uasail, agus chomh minic agus thiucfadh sé bheidheadh súil aige go bhfuigheadh sé í go slán agus cead labharta aici arís, acht faraoir d'fhan sí 'nna tost agus í balbh, gan leigheas ná biseach. Nuair nach raibh aon chaoi eile aici le deunamh cainte leis, do rinne sí sórt cómhrádh eidir í féin agus éisean le corrugadh a lámh agus a meur, le sméideadh a súl, le fosgailt agus le druidim a béil, le gáire no le mion-ghaíre, agus le míle comhartha eile, i riocht nach raibh
sé fada no gur thuig siad a chéile go h-an mhaith. Bhi Goillís i g-cómhnuidhe ag smuai- neadh cad é an chaoi a thiucfadh leis a cur air ais d'á h-athair, acht ni raibh aon duine le dul léithe agus ni raibh fhios aige féin cad é an bóthar budh chóir dí leanamhaint mar nach raibh sé ríamh as a chondae féin go dti an oidhche sin ann a rug se leis í. ni raibh aon eólas do b' fheárr ag an tsagart, acht nuair d'iarr Goillís air, sgriobh sé tri no ceithre litreacha o am go h-am go "Righ na Fraince," ag innsint dó cás a inghíne agus an áit ann a raibh sí agus thug se iad do lucht ceannuighthe agus diolta earraidh do bidheadh ag dul o áit go h-ait tar sáile acht ni tháinig ceann aca go láimh an Righ, mar chuaidh siad uile amugha. Is mar sin do bhí siad le mórán mios, agus bhí Goillís ag tuitim i ngrádh léithe nios mó agus nios doimhne gach lá, agus budh léar dó féin agus do'n t-sagart go raibh duil mhór ag inghín an Righ i nGoillís. Bhi faitchios mór air an mbuachaill air deire go g-cluinfeadh an Righ dáríribh an áit ann a raibh a inghean agus go nglacfadh sé air ais uaidh féin í, agus chuir sé impidhe air an tsagart gan sgriobhadh nios mó, acht an chúis do leigint faoi Dhia.
Budh mar sin do chaith siad an aimsir air feadh na bliadhna, go dtáinig lá d' a raibh Goillís 'nna luidhe leis féin air an bhfeur, lá deirionnach de mhi dheiridh an fhóghmhair, agus é ag smuaineadh arís ann a inntinn féin air gach nidh do thárla dhó o'n lá a chuaidh sé leis na Sidheógaibh thar an t-saile. Chuimhnigh sé ann sin go h-obann gur b' air oidhche Samhna do bhí sé 'nna sheasamh ag binn an tighe nuair tháinig an fromán-gaoithe agus na sidheóga; a's dubhairt sé leis féin, "béidh oidhche Samhna againn arís amárach agus seasfaidh mé san áit cheudhna do bhí mé 'nuraidh, go bhfeicfidh mé an dtiucfaidh na daoine maithe arís, b'éidir go g-cluinfinn no go bhfeicfinn rud éigin do bheidheadh úsái- deach dam, no do bhéarfadh air ais a caint do Mháire (budh hé sin an t-ainm do ghlaodh sé féin agus an Sagart air inghin an Rig. mar nach raibh fhios ag ceachtar aca cad é an t-ainm ceart a bhí uirri). D'innis sé an rud do chuir sé roimhe do'n tsagart, agus thug an sagart a bheannacht dó. Chuaidh Goillís, mar sin, do'n t-sean-ráth, nuair bhí an oidhche ag dorchughadh, agus sheas sé le na uillin chromtha air shean-leic liath ag fanamhaint go dtiucfadh an meadhon-oidhche.
D'éirigh an ghealach suas go mall agus bhí sí mar chnapán teine an taobh shiar dé agus bhí ceó bán ann, do bhí árduighthe as na machairibh féir agus as na h-áiteachaibh fliucha le fionn-fhuacht na h-oidhche 'r éís ain-teas an laé. Do bhí an oidhche chomh ciúin le loch nuair nach mbiann aon ghal gaoithe amuigh a chorró- chadh tonn air, agus ní raibh aon fhuaim le cloistint acht crónán na g-ciaróg do théidheadh thart o am go h-am, no sgread géur obann na ngé-fiadháin ag dul o loch go loch, leith- mhile shuas annsan aér os a chionn, no fead geur na bhfeadóg no na bhfilbín ag éirighe 's ag luighe, ag luighe 's ag éirighe, mar is gnáthach leó i n-oidhche chiúin. Do bhí míle míle reult geal ag soillsiughadh os a chionn, agus do bhí beagán seaca ann d'fhág an talamh do bhí faoi na chois bán agus briosg. Sheás sé ann sin air feadh uaire air feadh dá uair, air feadh tri h-uaire; agus do mheudaigh an sioc go mór, i riocht gur chualaidh sé briseadh na dtraithnín faoi na chois chomh minic agus chorruigh sé í. Bhi sé ag smuaíneadh ann a inntinn faoi dheire, nach dtiucfadh na Sidheóga an oidhche sin, agus go raibh sé chomh maith dó filleadh air ais arís, nuair chualaidh sé toran a
bhfad uaidh ag teacht, agus d'aithnigh sé air an gceud mhóimid é, agus bhí fhios aige creud do bhí ann. Mheudaigh an toran agus i dtosach bhí sé cosmhuil le bualadh na dtonn air thráigh chlochaigh, agus ann sin inar thuitim easa mhoír, agus faoi dheire mar stoirm árd i m-bárr na g-crann, agus ann sin bhris an fromán-gaoithe asteach d' aon ruaig amháin annsan rath chuige, agus bhí na Sídheóga ann. Tháinig sé chomh h-obann sin gur chaill sé a anál leis, acht tháinig se chuige féin arís air an mball, agus chuir sé cluas air féin ag éisteacht creud do dhéarfadh siad. Air éigin bhí siad cruinnighthe astigh annsan ráth nuair thoisigh siad uile ag géimnigh agus ag béiceadh, agus ag caint eatorra féin, agus ann sin ghlaodh gach uile dhuine aca "Mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid," agus ghlac Goillís meisneach agus ghlaodh seis- ean amach chomh h-árd le duine air bith aca "Mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid, mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid!" agus sul do bhi an focal go ceart as a bheul ghlaodh fear eile, "Ór! a Goillís, a bhuachaill! bhfuil tu ann so arís linn? cia an chaoi bhfuil tu teact air aghaidh le do mhnaoi? Ni'l aon mhaith dhuit bheith glaodhach air do chapall
anocht, mise mo bhannaidh! ni imeóraidh tu orrainn arís, budh mhaith an cleas d'imir tu orrainn anuraidh!" "Budh mhaith!" ar fear eile, "ni dheunfaidh se arís é." "Nach maith an buachaill é, an buachaill ceudhna? bean do thabhairt leis nach dubhairt oiread agus "cad é mar tá tu" o shoin," ars an triomhadh fear. "B' éidir go bhfuil dúil aige a bheith dear- cadh uirri," ar guth eile. "Agus dá mbeidheadh fhios ag an amadán go raibh luibh ag fás suas le na dhoras féin, agus a bhruith 's a thabhairt dí, 's bheidheadh sí slán," ar guth eile. "'S fior dhuit sin," "Is amadán é." "Na bodharuigh do cheann leis, béidhmíd ag imtheacht." "Fágfamaoid an bodach mar tá sé." Agus leis sin d'éirigh siad suas annsan aér agus amach leó ann aon ruaille-buaille mar do tháinig siad, agus d'fhág siad Goillís bocht 'nna sheasamh mar fuair siad é, agus a dhá shúil dul amach as a cheann ag dearcadh 'nna ndiaigh, agus ag deunamh ionghantais. Ni fada sheas sé, gur fhill sé air a ais
agus é ag smuaíneadh ann a cheann féin air an méad a chonnairc agus a chualaidh sé, agus ag cuimhniughadh leis féin an raibh luibh dári- ribh ag a dhoras féin do bhéarfadh air ais an chaint d'inghin an Ríg. "Ni féidir," ar sé leis féin, "go n-inneósadh siad dam é dá mbeidheadh aon tsubháilce ann, acht b'éidir nach dtug an tsidheogh aire dhó féin nuair leig sé an focal do sgiorradh amach as a bheul. Cuairteóchaidh me go maith chomh luath agus éireóchaidh an ghrian, an bhfuil aon phlannda acht fothanáin agus cupóga ag fás le h-ais an tighe." Chuaidh se a bhaile, agus chomh tuirseach agus bhi sé nior chodail sé neul no gur éirigh an ghrian an lá air n-a mhárach, agus d'éirigh seisean, agus budh h-é an cheud rud a rinne sé, dul amach agus cuartughadh go maith thríd an bhfeur thart thimchioll an tighe, ag feuchaint an dtiucfadh leis aon luibh nár aithnigh sé d'fhághail ; agus go deimhin ní raibh sé a bhfad ag cuartughadh nuair thug sé luibh mhór aisteach faoi dheara, do bhi fás suas go díreac le binn an tighe. Chuaidh sé anonn chuige, agus bhreathnuigh sé go geur air, agus chonnairc sé go raibh seacht g-craobha beaga ag teacth amach as
an ngas, agus go raibh seacht nduilleóga ag fás air gach craoibhín aca, agus go raibh sugh bán annsna duilleógaibh. "Is ró iongantach é," ar seisean, "nach dtug mé an luibh seo faoi deara ariamh roimhe seo. Má tá miorbhuil i luibh air bith budh choír do bheith annsan luibh ionghantaigh so." Tharraing sé a sgian amach agus bhain sé an plannda agus d'iomchair sé asteach ann a theach féin é, agus bhain sé na duilleóga dhe, agus ghearr sé suas an gas, agus tháinig súgh tiugh bán as, már thágann as an bhfótha- nán-mín nuair brúighthear é, acht go raibh an súgh so nios cosmhúile le h-ola. Chuir sé i bpota beag é, agus beagán uisge air, agus leag sé air an teine é go raibh an t-uisge ag fiuchadh, agus ann sin do ghlac sé cupan águs lion sé leath suas leis an t-súgh é, agus chuir se chum a bhéil féin é. Tháinig sé ann a cheann ann sin gur nimh do bhi ann, b'éidir, agus go raibh na daoine maithe ag cur cathuighthe air é féin do mharbhadh leis an g-cleas sin, no an cailín do chur chum báis gan fhios dó. Chuir sé an cupán sios arís, agus thóg sé cúpla braon air bhárr a mhéir agus chuir sé ann a bheul iad. ni raibh siad searbh, agus
go deimhin bhi blas milis taithneamach orra Bhí sé nios dána ann sin agus d' ól sé lán meuracáin dé, agus ann sin an oiread eile, agus nior sguir sé dhé go raibh leath an chupáin ólta aige. Thuit sé 'nna chodladh ann sin agus nior dhúisigh sé go dti an oidhche, agus bhí tart agus ocaras mór air. B'éighin dó fanamhaint ann sin no gur éirigh an lá, acht chuir sé roimhe, chomh luath agus dhúiseóchadh sé air maidin, go rachadh sé go h-inghean an Righ agus go dtiúbhradh sé deoch dí de shúgh na luibhe. Comh luath agus d'éirigh sé air maidin, chuaidh sé anonn go teach an t-sagairt leis an digh ann a láimh agus nior mhothaigh sé é féin ariamh chomh gasta, gaisgeamhail, aigion- tach, eudtrom, agus do bhí sé an lá sin; agus bhí sé fior-chinnte gurb' é an deoch d'ól sé, do rinne chomh tapa agus chomh croidhea- mhail é. Nuair tháinig sé chum an tighe fuair sé an sagart agus an óig-bhean astigh, agus bhí iongantas mór orra cad é an t-ádhbhar nach dtáinig sé air cuairt chuca le dá lá. D'innis sé a sgeul agus a nuaidheacth dóibh, agus dubhairt sé go raibh sé cinnte go raibh brígh mhór annsan luibh sin, agus nac ndeun-
fadh sé aon dochar do'n mhnaoi-uasail, mar d'fheuch sé féin é, agus fuair sé maith as, agus ann sin chuir sé d'fhiacaibh uirri a bhlasadh, mar thug sé a mhóid agus a mhionna nach raibh aon urchóid ann. Thug an sagart conghnamh dhó, agus eatorra fuair siad buaidh air an óg-mhnaoi agus thaisbéan sí go raibh sí toilteanach le na ól. Sheachaid Goillís an cupán dí, agus d'ól sí a leath agus ann sin thuit sí air a leabuidh agus tháinig codladh trom uirri agus nior dhúisigh sí as an g-codladh sin go dti an lá air n-a mhárach. Shuidh Goillís agus an sagart suas an oidhche iomlán léithe, ag fanamhaint no go ndúiseóchadh sí, agus iad eidir dóthchas agus éudóthchas, eidir shúil le a slánughadh agus faitchios faoi na gortughadh. Dhúisigh sí air deire nuair bhí an ghrian imthighthe leath a bhealaigh annsan speur. Chuimil sí a suile agus dhearc sí mar dhuine nach raibh fhios aici cad é an áit a raibh sí. Bhí sí cosmhúil le duine air a raibh ionghantas, nuair chonnairc sí Goillís agus an sagart annsan rúma ceudna léithe, agus shuidh sí suas ag deunamh a díthcill a smuainte do chruinniughadh le chéile.
Bhí an bheirt fhear i n-amhras mór ag fanamhaint no go bhfeicfeadh siad an laibheóradh sí, no nach laibheóradh, agus nuair d'fhan siad 'nna dtost le cúpla móimid dubhairt an sagart léithe i bhfraincís, "Ar chodail tu go maith a Mháire," agus d'fhreagair sísi, annsa dteanga cheudhna, "chodhlas, go raibh maith agad." Ni luaithe chualaidh Goillís í ag caint ná chuir se sgread lutgháire as, agus rith sé anonn chuici, agus thuit sé air a dhá ghlún agus dubairt sé, "Mile buidheachas le Dia do thug an chaint air ais duit! a bhean-uasal mo croidhe labhair liom!" Do thuig an óig-bhean maith go leór é, mar bhí sí ag éisteacht le Gaedheilg dá labhairt gach lá o tháinig sí go h-Éirinn, acht mar bhí sí balbh go dti sin nior fheud sí oiread agus aon fhocal dí a rádh, agus d'fhreagair sí é i bhFraincís, agus dubhairt sí gur thuig sí gurab' é féin do bhruith an deoch sin dí, agus do thug dí é, agus go raibh sí buidheach dé óna croidhe, air son an chineáltais uile do thais- béan sé dhi, o tháinig sí go h-Éirinn air tús agus go dtiucfadh leis bheith cinnte nach ndear- madfadh sí a chinealtas go bráth. Nior thuig Goillís oiread agus focal d'á
raibh sí ag rádh, agus nuair chuir an sagart i n-úmhal dó é, do bhí sé reídh le fághail bháis le sásughadh-croidhe agus le luthgháire. Thug siad biadh asteach chuici ann sin, agus d'ith sí le goile maith agus bhí sí súgach agus meadhrach, agus nior sguir sí d'á caint leis an tsagart an fad agus bhí sí ag ithe, acht nior thuig Goillís aon fhocal d'á g-cómhrádh, agus bhí brón mór air gan a thuigsint. Comh minic agur dfheuchfadh an bhean-uasal óg rud air bith d'innsint dó, b'éigin dó a cheann chrathadh mar amadán, agus ann sin do dheunfadh an rógaire sagairt gáire faoi, agus ni fheudfadh an mhaighdean óg í féin chongbháil o gháire, air uairibh, agus chuir sin mio-shásughadh mór air Ghoillís bocht. Chuaidh sé air ais d'á theach féin go luath, agus shín sé é féin air an leabuidh agus thuit sé 'nna chodhladh arís mar nach raibh brigh na luibhe uile caithte fós, agus chaith sé lá agus oidhche eile 'nná chodhladh. Nuair dhúisigh sé ann sin chuaidh sé anonn go teach an t-sagairt agus fuair sé go raibh an óigbhean uasal annsan stáid cheudna, agus go raibh sí 'nna codladh, beag nach o d'fhág seisean an teach. Chuaidh sé asteach leis an t-sagart agus bhí siad ag fanamhaint anaice léithe nuair
dhúisigh sí an dara h-uair, agus bhí a caint aici comh maith agus bhí sí ariam. Bhí luth- gáire mhór air Goillís. Chuir an sagart biadh air an g-clár arís, agus d'ith siad le chéile, agus bhí Goillís bocht annsan gcaoi cheudna 'nna raibh sé roimhe sin. Nior thuig sé focal, agus bhí náire mhór air. "Ná chuir aon tsuim ann sin," ar san sagart, "tá sí fóghlaim Gaedheilge uile lá, agus ni fada go dtiucfaidh léite a labhairt comh maith leat féin. B' fhior do'n t-sagart é sin; agus sul d'fhág Goillís an teach labhair an mhaighdean uasal nios mó ná aon fhocal amháin Gaedheilge, agus thuig sí uile rud do dhéarfadh Goillís. Tháinig Goillís o lá go lá do'n teach, agus bhí sí 'g éirighe nios tapa anna labhairt gach lá, agus bhí an carthanas eatorra ag meu- dughadh, mar nach raibh duine air bith aici a laibheóradh léithe acht Goillís agus an sagart, agus b'fheárr léithe Goillís. B 'éigin dó innsint dí an chaoi do bhí sé ann- san ráth nuair tháinig na daoine maithe, agus mar chuaidh sé asteach chum an Phápa, agus mar shéid an tSidheóg an teine as a bheul, agus gach uile rud do rinne sé go dti an t-am
d'fhuadaigh na daoine maithe leó í, agus nuair bhidheadh sé uile inniste, b'éigin dó tosughadh air arís as an nuadh, agus ni raibh sí tuirseach ariamh ag éisteacht leis. Nuair bhí siad mar sin le leith-bhliadhain dubhairt sí nac dtiucfadh léithe fanamhaint nios faide gan dul air ais dá h-athair agus d'á máthair, go raibh sí cinnte go raibh brón mór orra fúithi, aghus go mbudh náire mhór dí é, dá leigfeadh sí i mbrón iad, nuair bhí sé air a cumas dul comh fada leó. Rinne an sagart uile rud d'fheud sé le na cong- bháil leis féin seal eile, acht gan éifeacht; agus labhair Goillís gach focal milis do tháinig ann a cheann ag iarraidh buaidh d'fhá- gail uirri agus ag súil le na breugadh agus le cur dfhiachaibh uirri d'fhanamhaint mar bhí sí, acht ni raibh aon mhait dhó ann. Chuir sí roimpi triall, agus nior fheud duine beó a rún d'athrughadh. Ni raibh mórán airgid aici, acht dá fháinne do bhí air a láimh nuair d'fhuadaigh na sidheóga leó í, agus biorán óir do bhí ann a gruaig, agus búclaidh óir do bhi ann a brógaibh beaga. Ghlac an sagart iad agus dhíol sé iad, agus thug sé an t-airgiod dí féin,
agus dubhairt sí go raibh sí réidh le h-im- theacht. D'fhág sí slán agus beannacht leis an t-sagart agus le Goillís agus d'imthigh sí. Ni raibh sí a bhfad imthigthe nuair tháinig an oiread sin de bhrón agus de lionndubh air Ghoillís go raibh fhios aige nach mbeidheadh sé a bhfad beó muna raibh sé anaice léithe, agus lean sé í. Rug sé uirri an trathnóna ceudhna agus ni thig liom rádh cia aca air a raibh an lúthgháire budh mhó, air Ghoillís no air an óg-mhnaoi nuair chonnairc siad a chéile. Dubhairt sí le Goillís go gcaithfidh sé dul a bhaile arís, acht thug Goillís a mhionna nach rachadh go bráth no go bhfeicfeadh sé slán air ais annsa' mbaile í. "Acht," ar síse "ni thig liom do thabhairt a bhaile liom, creud déarfas na daoine? Bheidheadh náire orm." "O, cuirfidh me culaidh searbhfóghanta orm," ar Goillís, "agus béidh mé mo shearbhfhóghanta dhuit-se, no go dtiucfaidh tu abhaile go slán sábhálta le congnamh Dé, agus tá súil agam nach ndiúltóchaidh tu mo sheirbhís." Rinne sé sin, agus an ceud bhaile-mór ann a dtáinig siad, do cheannaigh sé culaidh searbhfhóghanta dhó féin, agus gach rud d'iarr- fadh a mháighistreas air, do ghnidheadh sé é,
agus gach lóistín do ghlac siad, choideóladh seisean annsan tseómra do b'fhoigse d'á rúma-san, acht nuair bhidheadh siad ag siúbhal, shiúbhail seisean le na taoibh, agus ghiorraigh siad an bealach ag cómhrádh le chéile, mar nach raibh aon chathadh-aimsire eile aca. Bhí siad mar sin le tamall fada, no go dtáinig siad go tír fiadháin nach raibh mórán tighthe ann, agus theip a lón orra. Ni raibh faitchios air bith air an óg-mhnaoi acht shaoil sí go raibh sí sábhálta, agus luidh sí sios i lár coille moíre, agus chuir sí dfhia- caibh air Ghoillís a fágbháil ann sin agus dul ag iarraidh bidh ann áit éigin, mar do bhí ocaras air an mbeirt aca. Rinne Goillís gach rud d'fheud sé dheunamh, le cur i g-céill dí go raibh sí i n-áit dhainseuraigh, agus nach raibh sé ceart é d'á fágbháil léithe féin, agus du- bhairt sé go bhfanfadh sé 'nna láthair, no go mbeidheadh sí sásta le sgith agus le codladh, agus go rachadh siad le chéile ann sin ag iarraidh bídh, no rud éigin le n-ithe. An méad a dubhairt sé, ni shásóchadh sé í, agus mar bhíonn a m-bealach féin ag na mnáibh i g- cómhnuidhe, bhí a bealach féin aici-sean, agus thiomáin sí Goillís uaithi, ag cur impidhe air, imtheacht leis féin, agus iarraidh rud
le n-íthe. Bhi faitchios mór air Ghoillís, acht ni raibh aon mhaith i g-caint, agus b'éigin dó imtheacht. Luidh síse sios faoi chrann mór, agus thuit sí 'nna codladh, agus thriall seisean tríd an g-coill mhoír dhuibh, ag iarraidh tighe no botháin no áite éigin ann a bhfuigheadh sé biadh le n-íthe, acht ni fhaca sé dadamh. 'R éis trí no ceithre uaire ann sin, nuair bhí sé tuirseach, agus nuair nach bhfaca sé aon chosamhlacht duine, no tighe no áite- chómhnuidhe, d'fhill sé le trioblóid mhoír ann a chroidhe air ais do'n áit ann ar fhág sé a mháighistreas, acht ni raibh sí ann. Fuair sé an áit, ceart go leór, agus d'aith- nigh sé an crann mór faoi n-a raibh sí 'nna luidhe, acht ni raibh sí féin le feicsint ann áit air bith. Ghlaodh sé, acht ni bhfuair sé aon fhreag- radh; ghlaodh sé nios áirde, acht nior chualaidh sé dadamh acht an macalla ameasg na g-crann mór ag tabhairt freagartha dhó. Bhi sé réidh le fághail bháis le brón agus le faitchios, agus bhí an oidhche ag teacht air, agus níor fheud sé dadamh dheunamh go dti an mhaidin. Luidh sé féin faoi an g-crann ceudna, acht go deimhin budh bheag é an codladh a fuair sé. B'éigin dó fanamhaint
annsin air feadh mórán uair, agus b'fhaide leis gach móimid 'ná uair, agus gach uair 'ná lá. D'éirigh an ghrian air deire agus is é bhí luthgháireach nuair chonnairc sé an cheud sholas an taobh shiar dé. D'éirigh sé air an mball acht thosaigh sé ag cuartughadh thimchioll an chrainn mhóir ag feuchaint an bhfeicfeadh sé cosamhlacht air bith d'á bhain-tighearna. Fuair sé slighe beag o'n g-crann, an ciairsiúr do bhí air a múineul, agus ceann dá lámhainnibh, acht nior fheud sé aon rud eile thabhairt faoi deara. Thosaigh sé ag breathnughadh go geur air an talamh ann sin, agus ni raibh sé a bhfad ag cromadh sios agus ag dearcadh, no go bhfaca sé lorg coise móire, coise do bhi an-mhór, annsan bhfeur bog, agus shaoil sé go raibh an áit rud-beag brúighte sios. Chrom sé e féin sios air an talamh arís, agus lean sé d'á chuartugadh, go bhfuair sé lorg na coise móire sin ag teacht o cheart-lár na coille, suas chum an chrainn faoi a raibh an bhean óg 'nna codladh, agus ag dul air ais arís do'n áit cheudna. Cia b' é diabhal no duine a raibh an chos sin aige, ar sé, ann a intinn féin, tá mé cinnte gur b' eisean thug mo mhaighistreas leis agus leanfaidh mé é, cia bé áit a
bhfuil sé dul. Chrom sé sios arís agus chuaidh sé ag smeuracht air fud na g-crann, no go bhfuair sé an lorg ag dul asteach ann- san áit budh thiugha, agus budh dhuibhe de'n g-coill, agus lean sé é asteach ameasg na gcrann árd, le trí mle no nios mó, no go dtáinig sé go móinfheur cothrom, gan chrann ná sgeach ag fás ann, agus bhí abhann leathan uisge ag rith tríd an móinfheur, agus air an taoibh budh fhaide uaidh dhe'n abhainn, chonnairc sé pálás mór geal, chomh geal leis an aol, agus ceithre tuir mhóra ag na ceithre coirneulaibh, agus geata mór árd láidir práis ann, agus bhí tri fuinneóga ann gach tor aca, agus bhí barraidh iarainn trasna air gach fuinneóig aca, agus chualaidh sé gul agus caoineadh agus osnadha teacht amach asta, acht bhí sé ro fhada uatha le h-aithne creud do bhí ag caoineadh, ar daoine no beathaigh do bhí ann. Ni raibh sé dá mhóimid 'nna sheasamh air chiúmhas na coille, agus ag dearcadh anonn air an g-caisleán, nuair chualaidh sé strea- chailt an gheata práis 'gá fhosgailt, agus tharraing sé air ais annsa' g-coill ameasg na g-crann arís, i riocht nach bhfeicfidhe é. Chonnairc sé ann sin an fathach budh mhó
agus budh áirde d'á bhfaca súil duine ariamh ag teacht amach go mall, agus ag druidim an gheata go cúramach na dhiaigh. Tháinig allus fuar faitchis air eudan agus air dhruim Ghoillís agus luidh sé sios go socair ciúin annsan bhfeur, air eagla go dtiubhradh an fathach faoi dheara é. Acht bhí an t-ágh air, mar ni dheacaidh an fathach asteach annsan g-coill an taobh do bhí Goillís, acht an taobh eile. Comh luath agus bhí sé imthighthe as a radharc tháinig Goillís amach, agus dhruid sé anonn chum an chaisleáin, agus nuair tháinig sé faoi an mballa, chualaidh sé gotha daoine ag caoineadh agus ag ceasacht astigh ann, agus shaoil sé gur chualaidh sé guth a bhain- tighearna féin 'nna measg. Sheas sé faoi an tor do b' áirde, agus ghabh sé go milis, mar bhí guth maith aige, abhrán beag do thaithnigh le h-inghin an Righ, nuair bhí sí i dteach an t-sagairt, mar dubhairt sí gurb' é an port mac-samhail puirt do sheinneadh sí féin nuair bhídheadh sí annsa bhFrainc. Do ghabh Goillís: "Chuir me mo phílídh chait Suas go Beultráigh"
agus d'fhreagair guth na mná uaisle é as an bhfuinneoíg amach. "Agus mharbh sé caora Air fhear annsan áit." Agus an móimid 'nna dhiaigh sin chuir sí a ceann féin amach as an bhfuinneóg agus chogair sí go ciúin, "Thug an fathach asteach ann so mé, agus nior thug sé dadamh le n-ithe dham o chuir sé ann so faoi ghlas mé," agus chogair Goillís air ais chuici, "dá mbeidheadh rópa agad d'fheudfá teacht anuas, tá 'n fhuinneog leathan go leór," acht sul d'fheud sé aon fhocal eile rádh, ghlaodh sí amach go bhfaca sí an fathach teacht air ais ameasg na g-crann, agus gurb'éigin do Ghoillís imtheacht. Thion- taigh sé agus rith sé air ais do'n choill, agus go díreach mar bhí sé i bhfolach, tháinig an fathach amach air an taoib eile, agus d'fhos- gail sé an geata práis le h-eochair mhóir iarainn agus chuaidh sé asteach, agus dhruid sé an geata go cúramach 'na dhiaigh arís, agus chuir an geata osna as agus é 'gá dhruidim. D'fhan Goillís tamall fada, ag fanamhaint no go dtiucfadh sé amach arís, agus nuair nár chorruigh an fathach, shaoil
sé dá dtiucfadh leis rópa dheunamh de chairt na g-crann, go dtiucfadh leis an mnaoi bhoicht teacht anuas le na chonghnamh. An móimid a tháinig an smuaíneadh sin ann a cheann, thosaigh sé ag oibriughadh, agus chuaidh sí do'n chrann do b'fhoigse dhó, agus bhain sé sliosóg fhada de'n chairt dé, agus bhí an cháirt sin roighin agus láidir. Chas sé agus dhúbail sé í, agus rinne sé srang thiugh dhí, agus chroch sé as gheugán crainn í, agus nuair fuair sé gur iomchair sí a throime féin, bhí lúthgháire mhór air. Nior sguir sé no go raibh teud fada garbh deunta aige, agus bhí sé dá chruthughadh ag féuchaint an raibh sé láidir go leór le meadhachan inghine an Righ d'iomchar, agus nuair bhí sé réidh deunta aige d'fhan se air bruith le mi-shuaimhneas no go dtáinig an oidhche, agus nuair tháinig sí comh luath agus bhí an choill agus an caisleán agus uile rud socair agus ciuin, d'fhág sé fosgadh na g-crann agus chuaidh sé amach trasna an mhoinfhéir agús thar an abhainn, no go dtáinig sé go dti an caisleán. Sheas sé faoi an tor ann a bhfaca sé an bhean óg, agus thosaigh sé ag feadaoil an phuirt cheudna go socair sáimh, agus nior
bh'fhada é gur chualaidh sé fead beag caol eile 'gá fhreagradh. Chogair sé le guth chaol bheag, "thug me rópa liom, dá bhfeudfá a thar- raing suas chugad as so?" agus d'fhreagair glór na mná óige, "ni thig liom." Bhi sé i riocht comh dona agus bhí sé ariamh anois, agus nior fheud sé chuimhniughadh air aon tslighe le na chur suas chuici. Shaoil sé air deire, dá dtiucfadh léithe srang bheag do dheunamh dá h-eudaighibh féin agus a leigint sios chuige, agus ceann a rópa-san do cheangailt as, go bhfeudfadh sise a tharraing suas arís léithe, d'fhiafruigh sé go ciúin dí an bhfeudfadh sí sin a dheu- namh, agus dubhairt síse go ndeunfadh sí a dithchioll. Bhain sí a gúna dhí féin, agus strác sí i ngiotaibh caola é, agus chuir sí snaidhm orra, agus rinne sí sórt córda dhiobh, agus bhí sí 'gá leigint amach roimpi i g-cómhnuidhe i g- cómhnuidhe no go rug Goillís air, faoi dheire, agus cheangail sé a rópa láidir féin as, agus dubhairt se "tarraing leat." Thar- raing síse, agus nior bh'fada go raibh an rópa ann a láimh féin. Dhearc sí 'nna timchioll ann sin, annsan rúma beag cúmhang ann a raibh sí druidte suas, le fághail amach rud
éigin d'á g-ceangóladh sí an rópa. Bhi fáinne mheirgeach iarainn daingnighthe annsan mballa, agus budh leis sin cheangail sí é. Bhi beag-nach dá fhichid troighe le teacht anuas aici, acht bhí sí misneamhail agus eudtrom, agus bhí an faitchios 'gá tiom- aint. Ghlac sí an rópa ann a dá láimh agus chroch sí í féin as an bhfuinneóig, agus thosaig sí ag sleamhnughadh sios. Chuaidh sí go mall i dtosach, acht nuair bhí sí teacht anaice leis an talamh bhí a meadha- chan féin gá tarraing, agus ni raibh si láidir a sáith le greim daingion do chongbháil air an rópa agus rith sé comh luath sin thrid a meuraibh go raibh siad gearrtha agus gor- taighte leis, agus an croicionn bog bán bainte d'á lámhaibh. Thuit sí 'na h-uallach trom air an talamh, agus bhí sí beag-nach gan mheamhair, acht thóg Goillís suas í agus cuir sé air a mhuin í, agus rith sé léithe, thar an abhainn amach agus trasna an mhoinfhéir, agus asteach annsa g-coill arís a's nior sguir sé de'n rith sin, acht d'iomchair sé í comh fada asteach ameasg na g-crann agus d'fheud sé. Nuair bhí sé saruighthe air fad, leig sé sios air fhód glas féir í, agus leig sé a sgith.
Ni raibh sí a bhfad ag teacht chuici féin, agus d'innis sí a sgeul dó, mar tháinig fathach mór nuair bhí sí-se 'nna codladh, agus mar thóg sé agus chaith sé thar a ghualainn í, ag rádh go ndeunfadh sí suipeur maith dhó, agus mar rug sé chum a chaisleáin í, agus mar dhruid se suas faoi ghlas i rúma beag dubh caol í, agus mar d'fhág sé ann sin í, agus mar chualaidh sí gol agus caoine agus ceasacht na ndaoine eile do bhí annsa' g-cruadháil ceudna. Budh mar sin do chaith siad cuid de'n oidhche, acht nuair bhí sé anaice le fáinne an laé, d'éirigh siad, agus rinne siad deabhadh agus deifir le fágbháil na coille móire. Bhi siad tri no ceithre uaire ag siúbhal agus bhí an ghrian árd annsna speurthaibh nuair tháinig siad amach aisti faoi dheire, agus bhí an bheirt aca beag-nach marbh le h-eagla agus le h-obair. Bhi siad beag-nach fághail bháis leis an ocarus, act chonnairc siad bothán beag i bhfad uatha, agus nuair tháinig siad comh fada leis fuair siad sean-chailleach astigh ann. D'iarr siad greim aráin n-ainim Dé uirri, agus fuair siad sin. Bhi siad ró thuirseach le siúbal nios mó, agus d'fhiafruigh siad de'n g-cailligh an leigfeadh sí dóibh luighe annsan teach an oidhche sin, agus
dubhairt sí go leigfeadh agus fáilte. Thái- nig, air theacht an trathnóna, inghean na sean-chaillighe asteach, agus bhí sí nios gránna agus nios duibhe 'ná a máthair, da mbudh fhéidir. Rinne síse dá leabuidh tuighe agus chuir sí cuireadh air Ghoillis agus air an ógmhnaoi luighe sios agus dul 'nna g-codladh, "mar bhí sí cinnte go raibh siad sáruighthe." Thug siad buidheachas dí, agus luidh siad sios, agus thuit an bhainphrionnsa 'na codladh air an mball, acht ni raibh aon spéis ag Goillís annsna cail- leachaibh, agus nior chodail se néul, acht leig sé air 'r eis seal beag, do bheith ann a chod- ladh, agus thosaigh sé ag srannfartaigh. Chuaidh an chailleach anonn chuige le coin- neal agus chongbhaigh sé os coinne a shuile í, acht nior chorruigh sé agus chuaidh sé air aghaidh ag srannfartuigh, go raibh sí cinnte go raibh sé 'nna chodladh dáriribh. Nuair bhí sí sásta ag breathnughadh airsean, chuaidh sí anonn do'n bhain-phrionnsa, agus d'aithnigh sí air an mói- mid go raibh síse 'nna trom-chodladh. Chuaidh sí air ais chum na teine agus thosaigh sí ag caint go sáimh, le na h-inghin, acht chogair siad comh h-iosall sin nar tuig Goillís creud do bhí siad ag rádh, acht bhí amhrus agus fait- chios air, nach raibh aon rud maith le deunamh
aca. Chuir sé cluas gheur air féin, agus chualaidh sé air deire mar dubhairt an mháthair "is air éigin thiucfadh leis bheith annso roimhe éirighe an laé," agus d'fhreagair an inghean, "tá'n t-Itheadóir luath." "Maiseadh, marbhfáisg orra!" ar Goillís ann a chroidhe féin, "cia h-é an t-Itheadóir, no cad é? agus cad chuige bhfuil sé ag teacht annso? Míle mallacth orra! na sean-chail- leacha gránna! tá faitchios orm rómpa." Dubhairt an mháthair arís, "imthigh leat anois, agus fill leis chomh luath agus is féidir leat," agus d'éirigh an inghean ghránna agus chaith sí falluing uirri agus d'fhág sí an teach. Má bh faitchios air Ghoillís bocht roimhe sin, budh seacht mó é nuair d'fhan sé le leath-uair agus nach bhfaca sé í ag teacht air a h-ais. Bhuail sé é mar bhuille tinntigh gur b'ag iarraidh an fhathaigh mhóir do bhí sí, le na thabhairt sios orra, agus le na marbhadh; agus mar smuaín sé air sin do bhris an t-allas fuar amach air a mhala agus a éudan. "Má fhanamaoid ann so go dti an mhaidin támaoid caillte," ar sé, leis féin; "má tá aon t-súl air bith aguinn le teacht saor caithfimíd an teach d'fhágbháil air an mball so."
Thionntaigh sé air a leabuidh tuighe cúpla uair, agus leig sé osna no dho; le taisbéant don chailligh go raibh sé ag dúisiughadh, agus ann sin shuidh sé suas annsa' tuighe, agus d'éirigh sé. Chuaidh se anonn chum na teine go socair, ag síneadh a lámh agus ag osnaeighil amhail a's mar bheidheadh an codladh air fós, agus shuidh sé air stól beag ag an teine, agus shuidh an tsean- chailleach ag taoibh eile an teaghlaigh. Thosaigh sé 'gá théidheadh féin, agus d'iarr sé cómhrádh do chur air bonn eidir é féin 's an chailleach, acht d'fhreagair sí go gearr agus go crosta é, chomh minic agus d'fhosgail sé a bheul. Shaoil sé go mbudh dhroch-chosamhlacht é sin, agus bhí sé ag éirighe cinnte go raibh droch- rún ag muinntir an tighe seo. D'fhiafruigh sé air deire dhi, gan a imnidhe do leigint air, cá raibh a h-inghean imthighthe uatha, agus d'fhreagair an t-sean-bhean go geur é, "Ni bhaineann sé dhuit-se cia bé áit a bhfuil sí imthighthe, ní h-é sin do ghnódh-sa. B' iomarcuidh é sin dó. Rinne sé aon léim, agus rug sé air sgórnaigh na caillighe agus thuit sí faoi, le sgread áidhbheul a dhúisigh inghean-an-Rig "Damnadh siorruidh
ort a shean-chailleach na bpisreóg," ghlaodh sé, "an measann tu go dtig leat mo mheal- ladh-sa, innis dam an móimid so cá bhfuil d'inghean no bainfidh mé do mhuineul gránna dhiot d'aon fhásgadh." Do sgread an chail- leach, agus throid sí agus thuit sí ag strap- aireacht air an urlár, acht bhí a lámh aige air a piobán agus nior sgaoil sé a ghreim, "innis dam cá bhfhuil d'inghean, a bhean gan mhaith gan náire," ar sé, "no tachtfaidh mé thu." "Nach leigfidh tu dham labhairt," ar síse, air éigin, "agus inneósaidh mé rud air bith dhuit." Sgaoil Goillís a ghreim annsin, acht nior fhág sé amach-'s-amach í. "Abair leat," ar sé, "agus muna gnidh tu faoistin fhior dam tá an Bás i ndán duit anocht." "Chuaidh sí chum an tobair le tarraing uisge le bruith mine le bhur n-aghaidh-se amárach," ar san chailleach, "agus cad é an sórt cúit- ighthe é sin air mo chineáltas duit-se nuair thug me leabuidh, dídion, agus biadh dhaoibh, agus is é an buidheachas a fuair mé go bhfuil mé beag-nach tachta agad." "Basgadh ort! thug tu d'éitheach," Ghlaodh Goillís, "dá mbudh chum an tobair do bheidheadh sí ag imtheacht ghlacfadh sí soitheach no canna léithe agus ni raibh ann a láimh acht bata
nuair d'fhág sí an teach mar bhí mise ag breath- nughadh uirri." "Ni raibh aon tsoitheach a' teastáil," ar an t-sean-bhean, "bhí an soitheach-uisge fágtha taobh amuigh dhe'n teach." "Cad chuige nach bhfuil sí air ais roimhe seó?" ar Goillís, "Mar tá an tobar tri míle ó'n áit seó agus tá 'n bóthar olc," ar san chailleach. Ghlaodh Goillís arís "thug tu d'éitheach, chonnairc mé tobar agus srothán uisge, ceath- ramhadh míle ó'n teach so nuair bhí mé tígheacht." D'fhan an tsean-bhean le leath-mhóimid 'nna tost, agus ann sin d'fhreagair sí, "Ni fheu- dann duine air bith an t-uisge sin d'ól, tá sé searbh." ni chreidim thu," ar Goillís, "is breuga a ndhiaigh a chéile tá tu ag inn- sint." Bhi inghean-an-Righ sgannruighthe go mór leis an obair do bhí dul air aghaidh, agus ni raibh fhios aici creud do bhí ann. Bhí an codladh ann a súil fós, agus dfheuch sí mar do bheidheadh sí bodharuighthe leis an troid agus an sgreadaoil. "Cad d'éirigh dhuit i n-ainm Dé, a Ghoillís, O innis dam é," ar sí, " agus ná tacht an bhean bhocht, fág í, ná bain le mnaoi laig." Acht cia bé amhrus do bhí ag Goillís i
dtosach ni raibh amhrus air bith aige anois nach raibh an chailleach ag imirt feille orra, agus d'innis sé an t-iomlán i g-cúpla focal do'n mhnaoi óig, agus dubhairt sé go mbudh h-í a chómhairle-sean an chailleach do cheangailt le córda air eagla go leanfadh sí iad no go ndeunfadh sí dochar air bith dhoibh, agus an teach d'fhágbháil air an móimid sin. "Is agad- sa tá an fios is fearr," arsan bhain-phrionnsa, "agus deunfaidh mise rud air bith a dhéarfas tu liom." "Feicim rópa ann sin annsa' g-clúid," ar Goillís, "agus seachaid dam é." Sheachaid sise an rópa dhó. Cheangail sé lámha na caillighe an taobh shiar dí air a druim, agus dfháisg sé a cosa le chéile, agus leag sé air a druim air an urlár í, i riocht nach dtiuc- fadh léithe corrughadh, agus ann sin d'fhág siad an teach 'r éis a bpócaidh do lionadh leis an mbeagán aráin duibh do bhí ann. Bhí an oidhche dorcha, agus ní raibh fhios aca cad é an bealach do b'fheárr dóibh dul, acht bhí an oiread sin d'fhaitchios orra gur budh chuma leó sin, bhí siad sásta an teach mal- laighthe sin d'fhágbháil 'nn a ndiaigh, agus rinne siad an oiread deifre agus d'fheud siad annsan oidhche, ag briseadh bóthair
dóibh féin ameasg na g-crann agus na sgeach. Tháinig an ghealach amach faoi dheire go geal, agus fuair siad go raibh siad i réidhteach mór lán de choilltibh beaga crann, agus de chran- naibh móra ag fás leó féin, agus bhí an feur fada agus tiugh ann. ni raibh fhios aca cad é an rud b'fhearr dóibh a dheunamh anois, ná an bóthar b'fhearr dóibh a leanamhaint, agus mar sin rinne siad cómhairle eatorra féin go mbeidheadh sé comh maith dóibh fanamhaint mar bhí siad go dti an mhaidin, agus ann sin b'éidir go dtiucfadh leó casán buailte, no bóthar éigin d'fhághail, do bhéarfadh amach iad go tír a raibh daoine ann, arís. Dubhairt Goillís go mbudh fheárr dóibh dul suas i g-crann air eagla go bhfeicfidhe iad, no go ndeunfadh beitheach no aon rud eile dochar no anachain dóibh dá bhfanfadh siad mar do bhí siad, agus bhí Inghean-an-Righ réidh le dul áit air bith budh mhian leisean, mar budh aige-sion do bhí an chómhairle do b'fheárr, o'n lá d'fhág siad an baile, agus bhí sí-se fóghlaim taobh mhór do thabhairt dó, agus go mór-mhór anois, o chuaidh sí comh fogus sin do bheit caillte mar gheall air a h-ama- dántacht féin, nuair nár éist sí leis, an
tráth do luidh sí faoi an g-crann 'nna h-aonar. Chuaidh siad suas annsan g-crann budh mhó aca, a raibh a gheugáin anaice leis an talamh, agus chuaidh Goillís air dtús, agus tharraing sé inghean-an-righ 'nna dhiaigh. Ni raibh siad bhfad i bhfolach ann sin, no gur chualaidh siad toran mór ag teacht, mar dhuine éigin ag briseadh tríd na sgeachaibh agus ag brúghadh na g-cipín faoi na chois. Tháinig an rud nios foigse agus nios foigse, agus faoi dheire chonnairc siad go soilleír gurb' é an fathach do bhí ann, agus bhí inghean na sean-chaillighe ag rith le na thaoibh. Chuaidh siad thart, go díreach faoi an g-crann ann a raibh an bheirt 'nna suidhe, agus chualaidh siad é ag rádh le h-inghin na caillighe, "budh chóir dúinn bheith i n-am le breith orra, ni racha sise as mo láimh arís, is faide liom 'ná uair gach móimid no go leagfaidh mé mo mheura uirri." Do chraith an bhean óg nuair chualaidh sí na focla áidhbheula sin, agus rug sí air láimh Ghoillís, agus d'fháisg sí í, le taisbéant dó an méad buidheachais do bhí aici air son a chómhairle-sean an bothán d'fhágbháil go trá- thamhail. Chuaidh an fathach agus a chomráid
air a n-aghaidh rómpa, agus bhí siad gan mhall imthighthe as a radharc. "'Nois," ar Goillís, "nach raibh an t-ágh orrainn dul suas annsa' gcrann," agus d'fhreagair an mhaighdion, "is anamh nach mbíonn an t-ágh air an rud a chuireann tusa rómhad," agus bhí luthgháir air Ghoillís ann sin, mar budh hé sin an cheud mholadh a thug sí ariamh dó. Bhi siad eidir dá chómhairle ann sin, fana- mhaint annsan áit a raibh siad go dti an mhaidin, no teacht anuas agus rith leo an taobh do b'fhaide ó'n taoibh a chuaidh an fathach. Bhí an oiread faitchis orra go dtiucfadh sé air a ais an bealach ceudhna, gur shaoil siad go mbudh fhearr dóibh teacht anuas, agus leanamhaint d'á siúbhal. Rinne siad sin, agus nior sguir siad dá g-coisi- gheacht comh luath agus bhí ionnta siúbhal, no gur éirigh an ghrian agus fuair siad iad féin air bhruach na coille móire. Cúpla míle eile agus bhí siad amuigh annsna machairibh féir arís, agus chonnairc siad tighthe, acht nior chreid siad go raibh siad go ceart sabhálta no gur fhág siad an choill mhór dhubh mílte agus mílte air a g-cúl. Tháinig siad go teach-ósta faoi dheire, agus chaith siad an
lá ann sin, ag ithe agus ag ól agus ag leigint a sgithe, 'réis an dainseura ann a raibh siad, leis na trí lá chuaidh thart. D'innis fear an tighe dóibh go raibh an fathach a bhí annsa g-coill an-mhillteach, agus gur mharbh sé timchioll ceud duine gach bliadhain, agus nach ndeacaidh fear ná bean riamh uaidh d'á rug sé air go dti sin. D'fhiaf- ruigh siad dé, cad é an t-ainm a bhí air, agus dubhairt seisean gur b' iomdha an t-ainm a bhí air, gur ghlaodh na daoine an taobh so de'n g-coill "an t-Itheadóir" air, agus gur ghlaodh daoine eile an "Feannadóir" air. Dubhairt sé chor leis sin gur chaith sé a lá agus a oidhche ag dul thart annsa' g-coill ag cuartughad air thóir daoine do théidheadh air seachran, acht go raibh sé faoi gheasaibh gan teacht amach as go bráth. Dubhairt sé mar an g-ceudhna go raibh spiadoíridh aige, sean- chailleach, agus a h-inghean do bhí 'nna g-cómhnuidhe i mbothán beag air bhruach na coille, agus gur mheall siadsan an méad do thiucfadh anaice leó, go g-cuirfeadh siad fios air an bhfathach agus go dtiucfadh sé agus go marbhfadh sé na daoine bochta do ghlacfadh lóistín annsa' mbothán sin. Nuair
chualaidh an inghean óg sin nior fheud sí gan chrathadh arís air gcuimniughadh dhí comh fogus do'n bhás agus bhí sise, agus dhearc sí go carthanach agus go buidheach air Ghoillís do shábháil í. Nior fheud sí dul nios faide le tamall beag, agus chaith siad trí lá annsa' d-teach- ósta sin, go croidheamhail compórtamhail, acht bhí a g-cuid airgid ag eírighe gann agus bhí faitchios orra fanamhaint comh fada agus budh mhian leis an mhnaoi oíg. B'eígin dóibh siubhal arís agus d'fhág siad an ball sin le croidhe buaidhrighthe brónach, acht ní raibh aon neart ná árach aca air. Shiubhal siad sé no seacht de laéithibh 'r eís a cheíle gan sgíth gan stad, agus shaoil siad go raibh siad ag tarraing anaice leis an bhFrainc. Bhí an tír ann a dtáinig siad anois fiadhain agus cnocach. ni raibh aon rud eile le feicsint aca acht clocha móra, carraige, agus creaga árda, le lochaibh uisge dhuibh ó áit go h-áit 'nn a measg, agus bhí an bóthar an-chúmhang agus caol, agus é ag dul suas air uairibh air bhárr sléibhe, agus bhidheadh gleann mór doimhin le na thaoibh agus an bóthar gearrtha as an g-carraig dhuibh, agus dá dtuitfeadh duine, (rud budh
cosmhuil go leór muna mbeidheadh sé air a choimheud,) gheabhfadh sé leagadh míle troigh sios go m-brúighfidhe i ngiotaibh é air na clochaibh geura garbha do bhí annsan ngleann. Ni gan eagla do shiúbhail an bhean óg thar na bótharaibh dainséuracha so, agus bhí fait- chios uirri dearcadh sios air an doimhneacht do bhí fúithi, acht do thug Goillís a lámh dí, agus thug sé croidhe agus meisneach dí. Ni raibh mórán tightheadh le feicsint annsna h-áiteachaibh seó, agus ní raibh aon dúil ná spéis ag Goillís ná ag an mbain-phrionnsa, annsna daoinibh do bhí 'nna g-cómhnuidhe ionn- ta, agus uile aít a ghlac siad lóistín, no uile theach ann a ndeacaidh siad asteach chua- laidh siad sgeulta áidhbeula air robháilidhibh agus air ghaduighibh do rinne an fhuil do bhí i g-cuisleannaibh na mná oíge fuar le faitchios. Budh mhinic dubhairt sí le Goillís go mbudh fheárr léithe na leath a rioghachta bheith slán sábhálta as an dtír ghránna sin, agus go deimhin bhí an bharamhuil cheudna ag Goillís. Rinne siad a ndithchioll le teacht saor, mar nior shiubhail siad ariamh acht do lá, agus thug siad aire mhaith nach mbeidheadh siad air an mbóthar 'r eís luighe na greíne, agus nior ghlac siad loístín i dteach air bith nár chualaidh siad
tuaraisg mhaith air ó na daoinibh. Mar sin chuaidh siad air a n-aghaidh go cúramach, agus shaoil siad nach mbhainfeadh dochar air bith dhóibh go dtiucfadh siad go tír budh nádúrdha, acht bhí siad meallta ann aindeoin a n-aire agus a g-cúraim. Bhi siad ag dul air an mbóthar cumhang aon lá amháin agus bhí an ait nios fiadhaine, 'ná ariamh, eidir dhá shliabh, agus dubhairt uile dhuine air a chuir siad ceist o mhaidin nach raibh aca acht aistear laé le siúbhal go mbhei- dheadh siad amuigh arís annsan réidhteach, agus nach raibh acht slighe bheag le dul annsin, no go mbeidheadh siad annsa' bhFrainc, agus bhí siad ag deunamh lúthghaíre le chéile, ag rádh nach fada anois go mbeidheadh an turas trio- blóideach sin criochnuighthe aca faoi dheire. Bhí siad mar sin go greannamhail gan bhron ná ceó orra, agus bhí an meadhon-laé go díreach ann, nuair chonnairc siad duine bocht crom ag teacht chuca, agus mála air a dhruim. Chuir siad ceist air-sean mar bhí siad 'gá cur air uile dhuine eile do chasfaidhe orra, "cá fhad bhí sé go mbeidheadh siad annsa' bhFrainc," agus leig seisean air go raibh iongantas air, nuair chualaidh sé go raibh siad ag triall chum na Fraince. "Ni chum na
Fraince atá sibh ag dul air an mbóthar so," ar sé, "béarfaidh an bóthar so go h- oileán na bhfathach sibh, agus is olc an áit do dhuine air bith, í sin, muna bhfuil duine muinntireach aige 'nna measg." Bhi sgannrad orra nuair chualaidh siad sin, agus dubhairt siad leis gur chualaidh siad óna daoinibh dár fhiafruigh siad an t-eólas gurb' é sin an bealach budh fhoigse. "Cá fhad ó d'fhiafhruig sibh sin d'aon dhuine?" ar fear na déirce. "Faoi thuairm dá uair o shoin," ar Goillís. "O! is furas thuigsint go ndeacuigh sibh air seach- rán, mar sin," ar san sean-fear, "bhí sibh annsa' mbóthar díreach air maidin, acht nior thug sib faoi deara an aít ann a mbuailtear an bóthar chum na Fraince air an mbóthar eile seó, a bhéarfadh go tír-na-bhfathach sibh; má iompaighidh sibh liom-sa anois, cuirfid mé air an g-cosán ceart sibh, mar tá mé feín dul chum na Fraince, agus ní'l acht aistear leathuaire air ais arís go mbéidh sibh air an mbóthar sin." Chreid siad-san é, agus thionn- taigh siad air ais arís leis, agus 'réis siúbhail air feadh leath-uaire no mar sin, tháinig siad go deimhin go h-áit ann a raibh cosán, no boíth- sín beag ag teacht amach as an mbóthar mór, agus as dul asteach ameasg na g-cnoc.
Sheas Goillís suas, agus dubhairt sé, "ní fheuchann sin cosmhúil leis an mbóthar do bhei- dheadh dul chum na Fraince, tá sé róbheag agus róchúmhang, agus ní'l aon chosamhlacht siú- bhail air. Rinne an seanduine gáire, "O!" ar seisean, "dá bhfeicfeá an boíthrín seó dá fhichid bliadhain o shoin nuair bhí mise am' ógánach dheurfá nach raibh ann acht cosán coinínidh, acht rinne siad suas go deíghionach é. Is doiligh bóthar maith do dheunamh annsan tír seo, agus ni bheidheadh an bóthar air a raibh tusa ag imtheacht anois, leath comh maith no leath comh leathan a's tá sé, acht go ndearna na Fathaig, iad feín, é. Tá an iomarcuidh carraig ann seó le deu- namh bothair cheirt, acht míle ó'n áit seó béidh fé ag leathnughadh arís, agus béid sé 'nna bhóthar breágh sul tá sibh cúig míle im- thighthe." "Ni'l fhios agam," ar Goillís, "tá amhras agam; measaim gur fearr é fanamhaint go bhfeicfimíd duine eígin eile, tá 'n lá óg fós, agus má fhanmaoid ní féidir nach dtiucfaidh duine éigin an bealach." "Cad é an t-amhras atá agad?" ar an óig- bhean, "cad é an fáth do bheidheadh ag an t-seanduine seó breug d'innsint duit? nach
dtig linn dul air aghaidh le leith-mhíle go bhfeicfimíd bhfuil an bóthar ag leathnughadh mar deir sé, agus muna bhfuil, tig linn teact air ais." "Deunfamaoid sin," ar Goillís, "acht go deimhin tá amhras agam i g-cómnuidhe, agus do bh' fhearr liom fanamhaint." Chuaidh siad air aghaid le ceathramhadh míle, agus ní raibh an bóithrín ag eirighe nios leithne, agus ní raibh Goillís suaimhneach ann a chroidhe feín. Bhí an seanfhear ag siubhal cúig no sé slata amach rompa, nuair leig sé fead geur go h-obann, agus hui! leím deich bhfear, no dhá fhear deug, amach o chúl na mballa air an dá thaoibh dé'n bhóthar, agus sul d'fheud Goillís a sgian a tharraing no buille a bhualadh, leagadh sios, agus ceangladh go cruaidh caol le córdaibh é. Cheangail siad lámha na mná oíge air a druim, chor leis, agus ann sin rug beirt aca air lámhaibh Ghoillís agus beirt eile air a chosaibh agus d'iomchair siad leó é, agus b'éi- gín do'n mhnaoi óig a leanamhaint. Bhris sí amach ag caoineadh agus ag mallughadh a hamadántachta feín, nár fhan sí air an m- bóthar mór mar chómhairligh Goillís dí, acht ni raibh aon mhaith dhí ann; thiomáin siad air aghaidh í, agus b'éigin dí siúbal.
D'fhág siad an bóithrín agus chuaidh siad trasna na bpáirc, i lár cloch agus carraig agus tom, go dtáinig siad faoi dheire go gleann doimhin dubh, agus ag ceann an ghlean- na sin bhí sliabh árd ag eírighe suas, agus bhí taobh an t-sléibhe 'nna aon charraig amháin, agus d'éirigh sé comh díreach beag-nach, le balla tighe, agus bhí sgoilt beag no poll, ann a thaoibh, comh mór sin gó leigfeadh sé caora asteach 's amach go réidh, no fear dá rachadh se sios air a dhá láimh, agus budh annsa' bpoll sin do sháith siad Goillís bocht rómpa, agus chuaidh siad féin ag smeurthacht 'nna dhiaigh, agus b' eígin d' inghín an Righ an rud ceudna do dheunamh. Chuaidh siad mar sin le cúig no sé de slataibh, agus bhí an poll ag leathnughadh i g-cómhnuidhe, no go raib sé comh h-árd sin faoi dheire go dtiucfadh leó seasamh suas. Tháinig siad ann sin go geata iarainn ann- san mballa, agus nior fheud siad dul nios faide. Chuir an Caiptín a lámh ann a phóca agus do tharraing sé eochair mhór throm amach, agus d'fhosgail sé an doras léithe, agus gach sgread a leig an doras iarainn 'gá fhosgailt thuit sé air chroidhe Ghoillís mar thonna cloch. Chuaidh siad uile asteach agus tharraing siad
Goillís agus an bhean óg asteach leó agus sgaoil siad iad. Sheas Goillís air a chosaibh arís, agus dhearc sé 'nna thimcioll, agus budh léar do air an mball gur ann ait-cómnuidhe robáilidhe do Bbhí sé. Thug sé faoi deara ór agus airgiod, síoda agus sról, plátaidh luachmhara, clocha uaisle, agus mórán ruda breágha eile cruin- nighthe le chéile no caithte air air an urlár agus bhí fhios aige go raibh siad uile goidte leis na robáilibh. Nuair chonnairc an Caiptín é ag dearcadh 'nna thimcioll, bhuail sé dorn air agus dubhairt sé "An measaidh tu nach go macánta tháinig na ruda sin ann so? Má chreididh tu sin ni'l tu ceart. Chruinnigh mé féin agus mo chomráididh iad, agus troigh as an uaigh seó ni rachaidh tusa ná an bhean so tá leat go n-iocfaidh tu míle púnta sios dam. Má gnídh tu sin sgaoilfidh mé thusa, acht dar mo láimh measaim go ndeunfaidh me bean dam féin ded' mhnaoi-se." Bhí sé ag caint fós nuair tháinig duine ag ríth, agus ghlaodh sé air an g-caiptín. Chuaidh an caiptín anonn chuige, agus chogair an fear rud éigin ann a chluais. Leig an caip- tín fead, agus chruinnigh sé a fhir 'nna thim-
chioll agus bhí sé dul amach as an uaigh, nuair thionntaigh sé go h-obann, agus dubhairt sé, "bhí mé deunamh dearmaid, caithfimíd an bheirt seó cheangailt go maith i dtosach, air eagla go n-imtheóchadh siad," agus air an móimid leag siad Goillís arís agus chean- gail siad a lámha agus a chosa go dlúth le chéile, agus rinne siad an rud ceudna leis an óg-mhnaoi. D'fhág siad an uaigh ann sin. D'fhan Goillís agus inghean an righ 'nna luidhe air an talamh, ceangailte go caol cruaidh agus níor fheud siad corrughadh. Thosaigh síse ag gol, agus do rinne seisean a dhíthchioll le na brostughadh suas agus le meis- neach do chur innti, acht ni raibh aon mhait dhó ann, agus lean sí dá clamhsán. Rinne sé a dhíthcioll feín le seasamh suas agus faoi dheire rinne sé sin le conghnamh na h-óg-mná, acht nior fheud sise seasamh air aon chor. Chuir sé a dhruim i n-aighaidh an bhalla, agus thoisigh sé ag smuaíneadh creud do budh chóir do dheunamh annsan g-cruadh-chás ann a raibh sé. ni raibh sé a bhfad air an g-cuma sin no gur chualaidh sé toran taobh leis, mar do bheidheadh rud éigin ag sgríopadh. Dhearc sé 'nna thimchioll, agus thug sé faoi deara
péire luchóig mhóir do bhí ag deunamh a n-díth- chill lé dul comh fada le pláta ime do bhí leagtha air chlár-cloice annsan mballa, agus bhí siad ag strapaireacht suas agus ag tui- tim air ais arís, mar do bhí an balla ro dhíreach agus roshleamhain. "Creud air a bhfuil tu dearcadh?" ar san óig-bhean. "Dear- chad air dhá luchóig," ar seisean. "Creud a bhfuil siad ag deunamh?" ar sí. "Ag iar- raidh teacht chomh fada leis an im sin, tá air an g-clár cloiche annsan mballa," ar sé. "Tionntaigh mo cheann," ar sise, "go bhfeic- fidh mé iad, ni thig liom féin corrughadh." Chuir sé sios a dhá láim do bhí ceangailte le chéile agus chorruigh sé a ceann leo, gur thionntaigh sé í comh maith agus d'fheud sé, agus chonnairc sí na luchóga ag obair. "Tá nios mó 'ná dó ann," ar sí, ta mó- rán aca air an úrlar agus tá siad fan- amhaint go bhfeicfidh siad cad é an chaoi éireó- chaidh an obair leis an dá cheann sin tá ag strapaireacht suas. Bhfuil fhios agad an nidh a tháinig ann mo cheann anois nuair dubhairt tu liom go raibh na luchóga ann, ag iarraidh an ime. "Ni'l fhios," ar Goillís. "Shaoil me," ar sí, "dá gcuirfeá im air
an g-córda atá ag ceangailt do dhá láimh, agus iad do shíneadh amach go socair, go dtiucfadh na luchóga agus go mbeidheadh siad ag cogaint an chórda agus ag ith an ime no go ngearrfadh siad an tsrang faoi dheire. An dtig leat an t-im chuimilt leis an g-córda?" "Feucfaidh mé," ar Goillis, agus chuaidh sé ag strapaireacht anonn do'n im comh maith agus d'fheud sé, agus chuir sé a dhá láim suas, agus chumuil sé an córda leis an im no go raibh sé bealuighthe go maith leis; agus ann sin chrom sé sios agus shín sé a dhá láimh amach uaidh air an urlár agus d'fhan sé go socair gan oiread agus cor do chur as. Ni fada d'fhan sé ann, go bhfuair na luchóga boladh an ime, agus tháinig siad o gach coir- neul agus clúid le feicsint cá 'r b' as do bhí an boladh ag teacht. Chuaidh siad suas chuige go mall agus iad sgannruighthe i dtosach, acht nuair fuair siad nach raibh sé ag cur cor as féin d'éirigh siad dána agus sheas ceann aca air a láimh agus thosaigh se ag lighe an ime. Nuair chonnairc na cinn eile sin, thái- nig siadsan suas le chéile agus thoisigh siad ag lighe agus ag ith agus ag cogaint go raibh croicionn a lámh stráctha leó, mar bhí an
t-im air a chroicionn comh maith agus air an t-srang. Nuair bhí an t-im uile ithte o'n g-córda d' éirigh sé agus rinne sé an rud ceudna as an nuadh, agus budh ann sin do bhí an obair agus an cuimhlint ameasg na luchóg, nuair shín sé amach a lámha an dara uair. Rith siad agus throid siad agus thuit siad air a chéile ag iarraidh an t-im d'fhághail. Reub siad an córda agus reub siad a lámha leis, acht do bhí an oiread sin de'n chorda ithte aca faoi dheire go ndearna sé iarracht láidir le na bhriseadh, agus bhris sé é. Chuir sé gáir lúthgháire as, agus nuair fuair sé a dhá láimh saor, chrom sé agus sgaoil sé a chosa, agus chuaidh sé anonn do'n óg-mhnaoi, agus rinne sé an rud ceudna léithe. Sheas siad suas le chéile, agus léim siad leis an méad lúthgháire do bhí orra. Dhearc siad 'nna dtimcioll air an uaigh, agus fuair siad go raibh sí deunta annsan g-carraig chruaidh agus go raibh an áit 'nna áit-taisge le congbháil an t-saidhbhris do gheabhfadh na robáilidh ó am go h-am. ni raibh aon rud breágh ná saidhbhir dá bhfacaidh súil duine ariamh nach raibh sé cruinnighthe ann sin, ag fanamhaint no go bhfuigheadh na robáilidhe faill le na ndiol.
Bhi an bheirt ag gabhail thart thimchioll, agus ag dearcadh air uile rud do bhí le feicsint, nuair chualaidh siad coiscéim duine, agus guth fhir ag feadaoil ag teacht anaice leó. "Caith thu féin sios air chúl an rolla mhóir sioda sin," ar Goillís, "agus b'éidir nach bhfeicfear thu." Luidh siad sios le chéile air chúl an t-sioda, i riocht go raibh siad foluighthe go maith, agus d'fhan siad le feicsint créud do thárlóchadh leó. Nior fhan siad a bhfad nuair d'fhosgail fear mór láidir an doras iarainn le h-eochair, agus tháinig sé asteach. Chuaidh sé anonn go báirille do bhí san g-cuaine, agus thar- raing sé deoch dó féin as. Bhí am ag Goillís le breathnughadh air, nuair bhí sé ag ól na dighe, agus chonnairc sé, nach raibh an fear ameasg na ndaoine eile nuair leag siad agus nuair cheangail siad é. Chonnairc sé nach raibh aon tslighe eile aige acht a leagadh sios agus an eochair do bhaint dé, agus dhearc sé 'nna thimchioll ag iarraidh airm éigin, acht ní bhfuair sé aon rud acht barra láidir airgid do bhí curtha i dtaisge ameasg móráin rud luachmhar eile. Thóg sé sin 'nna láimh agus chuaidh sé go socair sáimh anonn do'n fhear do bhí ag ól, agus a
cheann cromtha air an digh; agus thug se buille dhó do sgoiltfeadh ceann tairbh. Thuit an robáilidhe cosmhúil le duine marbh, gan fhocal gan osna, agus léim Goillís air, agus ghlac sé an eochair do bhí ann a phóca agus chuir sé 'nna phóca féin é. "Tarr leat, tarr leat, deun deifir," ar sé le hingin an righ, "agus fágfamaoid an áit seó. "Nár choír duit," ar síse, "do phóca do lionadh leis an ór sin i dtosac." "Ni 'l aon am againn," ar sé, "acht béarfamaoid beugán dé linn." Líon sé a phócaidh le h-ór agus le clochaibh uaisle, agus líon an óigbhean a h-áprúin agus d' imthigh siad amach le chéile agus chuir seisean glas air an doras mar bhí sé, agus rith siad leó comh luath agus d'fheud siad. Bhí an oidhche ag tuitim 'san am só, agus bhí na speurtha ag dorchughadh agus ní raibh fhios aca cad é an bealach budh chóir dóibh imtheacht, acht budh choma leó sin dá bhfeudfadh siad an uaigh áidhbheul sin d'fhágbháil 'nna ndiaigh. Rith siad agus rith siad go raibh siad sáruighthe, agus 'r éis do bheith ag siúbhal le trí no ceithre uaire chualaidh siad gothanna ndaoine agus do luidh siad sios annsan
bhfeur, air eagla go bhfeicfidhe iad. ni raibh aon tsolas ann, acht an méad do bhí ag na reultaibh, acht chonnairc siad sgáile seacht bhfear ag gabhail trasna na machaire, agus d'aithnigh siad glór an chaiptín go maith agus bhí sé ag rádh, "béidh siad socair nuair thiucfamaoid a bhaile agus muna bhfuilid béarfamaoid an bata dhóibh; damnughadh uaim! acht deunfaidh me bean dam féin, de'n chailín." Tháinig crith air an óg-mhnaoi nuair chualaidh siad an bitheamhnach ag labhairt, agus b'éigin do Ghoillís a lámh a chur air a beul air eagla go leigfeadh sí sgread no glór aisti. D'fhan siad 'nna luidhe san bhfeur go raibh na fir sin uile imthighthe thart, agus ann sin d'éirigh siad, agus dubhairt Goillís. "Tá siad-san dul abhaile do'n uaigh, agus má théidhmíd air ár n-aghaidh ann- san mbóthar as a dtáinig siad-san, béidhmid ag fágbháil na h-áite gránna so 'nn ar ndiaigh." Dubhairt an bhean óg gur b'fhíor dó é, agus chuaidh siad air a n-aghaidh 'sa' mbóthar sin agus lean siad d'á siúbhal, air feadh na h-oidhche, agus nuair d'éirigh an mhaidin dubhairt Goillís go raibh siad cúig míle deug no fiche míle ó'n áit 'nna raibh na robailidhe.
Nuair d'éirigh an ghrian, dhearc siad 'nna dtimchioll agus fuair siad go raibh siad i dtír bhreágh a raibh a lán tightheadh agus daoine agus eallach agus crainn innti, agus budh mhaith leó sin d'fheicsint. Bhí deatach ag tosúghadh do theacht amach as na tighthibh agus bhí na daoine ag tosugadh air a n-obair. Chuir siad ceist air an g-ceud fhear do casadh orra, agus d'fhiafruigh siad dé an raibh se a bhfad go dtí an Fhrainc, agus cad é an bealach budh choír dóibh dul le teacht ann. Rinne an fear gáire, agus nior fhrea- gair sé iad. Chuaidh siad air aghaidh arís agus casadh fear eile orra, agus d'fhiafruigh siad an rud ceudna dhé-sean. "Cá bhfuil sibh ag dul," ar sé, "Dul go dti an Fhrainc," ar Goillís, agus cá bhfuil sibh anois ar san fear, "ni'l fhios agam," ar Goillís. "Nach bhfuil fhios agad go bhfuil tu annsan bhFrainc anois?" ar san fear. "Sin sgeul maith," ar Goillís, "ní raibh fhios agam sin," agus chaith sé a bhirreud 'san aér suas, le luthgháire agus le sásughadh-inntinne. "Ní fada anois le con- gnamh Dé go mbéidh tu air ais ann do phálás aris," ar sé, acht ni luaithe a dubhairt sé
sin 'ná tháinig brón air, oir shaoil sé leis féin, "comh luath agus geabhfaidh sí í féin ameasg na n-uachtarán agus na ndaoine mór deunfaidh sí dearmad orm-sa, agus ni chuimhneóchaidh sí aon rud d'á ndearna mise dh." Chuir siad a dtuaraisg ann sin, le fághail cad é an tslighe a bhéarfadh go palás righ na Fraince iad, agus fuair siad nach raibh a bhfad le dul aca. Bhi airgiod go leór aca anois, mar líon siad a bpócaidh sul d'fhág siad uaigh na robáilidhe, agus cheannuigh Goillís dá chapall maith dhó féin 's do'n chailín, agus ann sin ní raibh siad fada ag fágbháil an bhóthair 'nna ndiaigh, agus ní raibh stop no stad aca go dtáinig siad i g-ceann seachtmhuine eile go dtí na cáthrach ann a raibh an Pálás Rioghail, agus chualaidh siad go raibh an rígh agus an bhainriogain ann. Acht comh luath agus fuair an bhean óg go raibh sí ag geata an Bhaile-mhóir, agus nach raibh le deunamh aici acht siúbhal asteach, thosaig sí a bheith go ró mhio-shuaimhneach agus bhí sí eidir dhá chómhairle, gan fhios aici creud do budh chóir dí a dheunamh mar bhí faitchios uirri go bpósfadh a h-athair í leis an bhfear
budh ghráin léithe, agus go mbudh éigin dí chur suas do Ghoillís, rud nach ndeunfadh sí dá bhfuigheadh si saidhbhreas agus ór an domhain, mar bhí sí tabhairt grádh do Ghoillís anois comh mór agus bhí Goillís ag tabhairt grádh dhíí-se. Air an ádhbhar sin sheas sí ag geata an Bhaile-mhoír agus ghlac sí cómhairle le Goillís creud do budh chóir dí a dheunamh, agus budh h-é sin an cheud uair a thug Goillís faoi deara go ceart go raibh fior-speís ag an óg-mhnaoi ann féin. "Má ghlacfaidh tu mo chómhairle a inghin- an-rígh," ar sé, "rachamaoid go teach éigin agus sgriobhfaidh tu litir chum an rígh as an teach sin, agus déarfaidh tu leis go bhfuil tu saor arís, acht go dtug tu do mhionna nach bhfillfeá go bráth, no go mbeidheadh briathar an rígh agad nach g-cuirfeadh sé d'fhiachaibh ort an fear sin phósadh, nach maith leat féin; agus tabhair an litir sin damh-sa agus béarfaidh mise do 'n rígh í, agus creid mé go ndeunfaidh sé an rud atá tu 'g iarraidh, agus go mbéidh do thoghadh féin agad feasta." Budh mhaith an t-slighe í sin, agus ghlac sí an chómhairle sin, agus sgriobh sí litir chum an rígh, ag innsint dó go raibh sí saor arís, 'reís beag-nach dá bhliadain dó chathadh i dtír choi-
mhighthigh, agus ag innsint dó, go follusach, go raibh faitchíos uirri filleadh d'á phálás, ais eagla go g-cuirfeadh sé d'fhiachaibh uirri fear nár mhaith léithe féin a pósadh, agus má gnídh tu sin, ar síse, annsan litir, tuitfidh mé arís faoi chúmhacht na Sídheóg a rug leó roimhe seó mé, agus ní fheicfidh tu mé a choidhche no go bhfágh' mé do mhóid agus do mhionna go leigfidh tu dham dheunamh mar is mian liom féin. Má tá tu sásta sin a dheunamh, tig leat freagairt a chur chugam leis an teachtaire ceudna a bhéarfas an litir seó dhuit-se. Thug sí an litir do Ghollís agus dubhairt sí leis dul do'n phálás agus a tabhairt don rígh fein, agus dá g-cuirfead an righ ceist air bith air, bhí sé le leigint air go raibh sé balbh. Nuair a bhéarfadh an rígh an frea- gairt dó, bhí sé le bheith air a choimheud nach leanfadh duine air bith é, air eagla go g-cuirfeadh an rígh spídeóiridhe air a lorg a gheabhfadh amach an áit ann a raibh an bhain- phrionsa. Gheall Goillís dí go ndeunfadh sé sin, agus rinne. Tháinig sé go teach mór an rígh, agus d'fhan sé anaice leis an doras mór air feadh leith an laé, no go bhfacaidh sé an righ agus
a chúirt ag teacht amach. Nuair chonnairc sé sin, léim sé tríd an ngárda a bhí timchioll an rígh, chuaidh sé sios air a dhá ghlún, agus chuir sé an litir ann a láimh féin. D'fhosgail an rígh an litir le deifir agus leígh sé í, agus tháinig ionghantas air i riocht gur air éigin d'fheud se seasamh, agus thionn- taigh sé go Goillís. "Cia thu féin a Ghiolla," ar sé, "agus cá bhfuil m'inghean?" Leig Ghoillís a dhá mheur air a bheul le taisbéant do'n rígh nach raibh ann labhairt; agus leig sé osna trom, agus bhí a dhá shúil greamtha i n-eudann an ríg. "Bhfhuil tu bhalbh?" ar san rígh leis. Rinne Goillís comhartha le h-innsint dó gur b' amhlaidh bhí sé. Thug an righ litir do Ghoillís ann sin le tabhairt d'á inghin. "Tabhair í sin leat go cúramach do'n mhnaoi a thug an chéid-litir duit-se," ar sé, "agus na bhí mall leis." D'imthigh Goillís, agus ní siúbhal acht rith agus ni rith acht léim a bhí aige, agus é ag im- theacht mar an ngaoith; no go dtáinig se chum na h-inghíne, agus thug an litir dí. Dubhairt an righ annsan litir sin nach n-iarrfadh sé comh fhad agus bheidheadh sé beó
a inghean a phósadh le fear nár mhaith léithe féin" agus go raibh an oiread sin de luth- gáire air, í a bheith air ais leis, go dtiúbhradh sé a togha 's a rogha féin dí ameasg fear an domhain, dá mbudh h-é fear glanta na sgeanna féin do budh mhian léithe, acht amháin deifir a dheunamh go bhfuigeadh sé féin agus a mátair ann a radharc aris í. Thaisbéan sí an litir do Ghoillís agus ann sin chuaidh sí léithe féin chum an pháláis, agus is roimpi-se do bhí an fáilte. D'innis sí dá h-athair agus da máthair an méad a rinne Goillís dí, agus mar shábháil sé a h-anam trí uaire, agus faoi dheire dubhairt sí, muna dtiubhradh siad Goillís dí le pósadh, agus áird-thíghearna mór a dheunamh dhé, nach bpósfadh sí fear go bráth. Dubhairt an rígh go leigfeadh sé dhí rud air bith a dheunamh a thógróchadh sí féin, agus d'or- duigh se Goillís do ghlaodhach asteach aca. Nuair a tháinig sé asteach chuca dubhairt uile dhuine a bhí 'san b-pálás nach bhfacaidh siad ariamh fear budh bhreágha 'ná é, agus sheas an Rig suas roimhe agus thug sé póg dó agus chuir sé fáilte roimhe, agus rinne sé tighearna dhé. Chuir an bhainrioghain fáilte roimhe, ann sin, agus an chúirt uile.
D'fhan sé 'nna measg ann sin le trí ráith- che, agus bhí meas agus cionn gach uile dhuine ag meudughadh ó lá go lá, air agus nior mhó an meas do bhí ag an righ air, 'ná dá mbeidheadh sé 'nna mhac dileas dó féin. Ag ceann na h-aimsire sin ghlaodh sé a inghean asteach chuige, agus d'fhíafruigh sé dhí an raibh an oiread spéis' aici i nGoillís anois agus a bhí aici, i dtosach, agus dubhairt sí go raibh, agus nios mó. "Is maith é sin," ar san righ, "maiseadh! biodh sé agad!" Bhí go maith agus ní raibh go holc. Phós siad a chéile, agus budh hé sin an bhainfheis bréag do bhí aca, acht dá mbeithinn ann, an t-am sin, ni bheithinn ann anois, acht chualaidh mé ó h-éinín é nach raibh brón ná buaireadh leun ná leónadh, mi-ágh ná mi-thapa orra go h-uair a m-báis, agus go mbudh amhlaidh é liom féin agus linn uile.
AN PÍOBAIRE AGUS AN PÚCA. Annsan t-sean-aimsir do bhí leath-amadán 'nna chómhnuidhe i n-Dúnmór i g-condaé na Gaillimhe, agus cidh go raibh dúil mhór aige annsa' g-ceól, nior fheud sé níos mó 'ná aon phort amháin d' fhóghlaim, agus budh h-é sin an Rógaire Dubh. Do gheibheadh sé cuid mhaith airgid ó na daoinibh uaisle, mar do gheibheadh siad greann as. Oidhche Shamhna bhí an píobaire a' teacht abhaile o theach damhsa, agus é leath air meisge. Nuair tháinig sé go droichiod beag anaice le teach a mháthar d'fháisg sé na píobaidh air, agus thoisigh sé ag seinm an Rógaire Dubh. Tháinig an Púca taobh-shiar dé agus chaith sé air a dhruim féin é. Bhí adharca fada air an b-Púca agus fuair an Píobaire greim daingean orra. Ann sin dubhairt sé, "leír- sgrios ort! a bheithigh ghránna, leig abhaile mé, tá píosa deich b-pighne agam do mo mhá- thair, agus tá uireasbhuidh snísín uirri." "Na bac le do mháthair," ar san Púca, "acht congbhuigh do ghreim, má thuitfidh tu brisfidh tu do mhuineul agus do phíobaidh."
Annsin dubhairt an Púca leis, "séid suas dam an t-Sean-bhean Bhocht." "Ní 'l eólas agam air," ar san píobaire. "Ná bac le d'eólas," ar san Púca, "séid suas agus béarfaidh mise eólas duit." Do chuir an píobaire gaoth ann a mhála agus shinn sé ceól do chuir iongantas air féin. "Dar m'fhocal is maith an máighistir ceóil thu," ar san píobaire, "acht innis dam anois cá bhfuil tu dom' thabhairt?" "Tá fleadh (féusta) mhór i dteach na mná sídhe air bhárr Chruach-Phádraic, anocht," ar san Púca, "agus tá mé do d'thabhairt ann le ceól do sheinm, agus glac m'fhocal go bhfuighidh tu luach do thrioblóide." "Dar m'fhocal sábhálfaidh tu aistear dam," ar san píobaire; "chuir an t-athair Uilliam turus orm go Cruach-Phádraic, mar gheall gur ghoid me gandal bán uaidh an féil Mhár- tain seo chuaidh thart." Thug an Púca tar cnocaibh agus portachaibh é go d-táinig sé go bárr Chruach-Phádraich. Ann sin do bhuail an Púca trí buillidh le na chois, agus d'fhosgail doras mór. Chuadar asteach i seómra breágh. Chonnairc an pío- baire bord óir i lár an tseómra, agus
ceudta de chailleachaibh 'nna suidhe timchioll air. Nuair tháinig an Púca agus an píobaire asteach d'éirigh na cailleacha, agus dubhairt siad, "ceud míle fáilte rómhat a Phúca na Samhna, cia h-é seó atá leat?" "An píobaire is feárr i n -Éirinn," ar san Púca. Do bhuail aon dena cailleachaibh buille air an talamh, agus d'fhosgail doras i d-taoibh an bhalla, agus creud d'fheicfeadh an pío- baire a'teacht amach acht an gandal bán do ghoid sé ó'n athair Uilliam. "Dar mo chóinsias," ar san píobaire, "d'ith mé féin agus mo mháthair uile ghreim de 'n gandal sin, acht aon sgiathán amháin do thug me do Mháire-Ruadh, agus is í a d'innis do'n t-sagart gur b' é mise a ghoid an gandal. Do thóg an gandal an bord leis, agus dubhairt an Púca leis an b-píobaire "Séid suas ceól dona mnáibh uaisle." Do shéid an píobaire suas, agus thoisigh na cailleacha ag damhsa, agus bídheadar ag damhsa go rabhadar sáruighthe. Ann sin dubhairt an Púca, "Íoc an píobaire." Do tharraing gach cailleach píosa óir amach, agus thug do'n phíobaire é.
"Dar fiacal Phádraic," ar seisean, "táim comh saidhbhir le mac tíghearna." "Tar liom-sa," ar san Púca," agus béarfad abhaile thu." D'imthigheadar amach, agus nuair bhí sé dul a' marcuigheacht air an b-Púca, tháinig an gandal agus thug se píobaidh nuadh' dhó. Ni raibh an Púca a bhfad go dtáinig sé go Dúnmór agus leag sé an píobaire air an droichiod beag. Ann sin dubhairt sé leis. Éirigh abhaile, anois atá dhá nidh agad nach raibh agad ariamh roimhe seo, tá ciall agus ceól agad. Chuaidh an píobaire abhaile agus bhuail ag doras a mháthar ag rádh, "leig asteach mé, táim comh saidhbhir le tighearna agus is mé an píobaire is feárr i n-Eírinn." "Táir air meisge," ar san mháthair. "Ni 'lim go deimhin," ar san píobaire, " níor ól mé braon." Leig an mháthair asteach é, agus thug se dhí na píosaidh óir. "Fan anois go g-cluinfidh tu mé ag seinm ceóil," ar seisean. D'fháisg sé na píobaidh nuadh' air, acht i n-áit ceóil tháinig toran mar bheidheadh an méad gé agus gandal i n-Éirinn ag sgreadaoil.
Mhúsgail sé na cómharsanna agus bhí- dheadar a'deunamh magaidh faoi, no gur chuir sé na sean-phíobaidh air, agus shinn se ceól binn dóibh. Ann sin d'innis sé an méad a thárla air, an oidhche sin. Air maidin, an lá air na mhárach, nuair d'fheuch an mháthair air na píosaibh i n-áit óir ní raibh ionnta acht duilleóga luibhe. Chuaidh an píobaire chum an t-sagairt agus d'innis an sgeul dó, acht ní chreidfeadh an sagart focal uaidh, no gur chuir sé na pío- baidh air, agus thoisigh an sgreadaoil gandal agus gé. Ann sin dubhairt an sagart, "Imthigh as mo radharc," acht ni dheunfadh nidh air bith do'n phíobaire go g-cuirfeadh sé na sean-phíobaidh air, le taisbeunt do'n t-sagart go raibh an sgeul fíor. D'fháisg se na píobaidh air agus shinn sé ceól binn. O'n lá sin go bhfuair sé bás ní raibh aon phíobaire i g-condaé na Gaillimhe chomh maith leis.
UILLIAM AN CHRAINN. 'San aimsir fad ó shoin bhí rígh i n-Éirinn. Bhí sé pósta le bainrioghan áluinn agus ní raibh aca acht aon inghean amháin. Buaileadh an bhainrioghan tinn, agus bhí fhios aici nach mbeidheadh sí bhfad beó. Do chuir sí an righ faoi geasa' nach bpósfadh sé arís go mbeidheadh an feur troigh air fad os cionn a h-uaighe. Bhí an inghean glic, agus théidheadh sí amach uile oidhche le siosúr agus do ghearradh sí an feur síos go talamh. Bhí dúil mhor ag an righ bean eile do bheith aige, agus ni raibh fhios aige cad fá nach raibh an feur ag fás os cionn uaighe na bainrioghna. Dubhairt sé leis féin, "tá duine éigin dom' mhealladh." An oidhce sin, chuaidh sé chum na cille, agus chonnairc sé an inghean ag gearradh an fhéir do bhí air an uaigh. Tháinig fearg mhór air, ann sin, agus dubhairt sé, "pósfaidh mé an cheud bhean a fheicfeas mé, bidheadh sí óg no sean." Nuair chuaidh sé amach air an mbóthar chon- nairc sé sean-chailleach. Thug sé abaile í agus phós í, mar nach mbrisfeadh sé a fhocal.
Tar éis í do phósadh bhí inghean an rígh faoi gheur-chrádh ag an g-cailligh, agus do chuir an chailleach í faoi mhionna gan nidh air bith d'innsint do'n rígh, agus gan nidh air bith, d'fheicfeadh sí dá dheunadh d'innsint do dhuine air bith, acht do thriúr nár baisteadh ariamh. An lá air na mhárach, chuaidh an rígh amach ag seilg, agus nuair d'imthigh se mharbh an chailleach cú breágh a bhí ag an rígh. Nuair tháinig an rígh abhaile, d'fhiafraigh sé de 'n tsean-chailligh, "cia mharbh mo chu?" Mharbh d'inghean é," ar san tsean-bhean. "Cad fá 'r mharbh tu mo chu?" ar san rígh. "Nior mharbhaigh me do chu," ar san inghean, "agus ní thig liom innsint duit cia mharbh é." "Cuirfidh mé íach (d'fhiachaibh) ort innsint dam," ar san rígh. Thug sé an inghean leis go coill mhor agus chroch sé air chrann í, agus ann sin ghearr sé an dá chois agus an dá láimh dí, agus d'fhág i riocht báis í. Nuair bhí sé dul amach as an g-coill chuaidh dealg ann a chois, agus dubhairt an inghean, "nár fhágh' tu biseach go mbéidh cosa agus lámha agam-sa le do leigheas."
Chuaidh an rígh abhaile, agus d'fhás crann as a chois, agus b' éigin dó an fhuinneóg d'fhos- gailt le bárr an chrainn do leigint amach. Bhí duine-uasal dul anaice leis an g-coill agus chualaidh sé inghean an rígh ag sgreadaoil. Chuaidh se chum an chrainn agus nuair chonnairc sé an riocht a raibh sí ann, ghlac sé truagh dhi, agus rug sé abhaile leis í, agus nuair fuair sí biseac phós sé í. Faoi cheann trí ráithe bhí triúr mac ag in- ghean an righ d' aon gheineamhain amháin, agus nuair rugadh iad tháinig Graine-óigh agus do chuir sí cosa agus lámha air inghin an rígh, agus dubhairt léithe, "na leig dod' chloinn bheith baiste go mbéidh siad ionnánn siúbbhal tá crann ag fás as chois d'athar; gearradh é go minic, acht fásann sé arís agus is agad-sa atá a leigheas. Ta tu faoi mhionna gan na neithe a chonnairc tu do leas-mháthair a'deunamh d'inn- sint do dhuine air bith acht do thriúr nár baisteadh ariamh, agus chuir Dia an triúr sin chugad. Nuair a bheídh siad bliadhain d'aois tabhair go teach d'athar iad, agus innis do sgeul a láthair do thriúir mhac agus cuimil do lámh air bhonn an chrainn, agus béidh d'athair comh maith agus bhí sé an cheud-la." Bhí iongantas mór air an duine-uasal
nuair chonnairc sé cosa agus lámha air in- ghin an rígh. D'innis síse dhó gach uile fhocal a dubhairt Gráine-óigh léithe. Nuair bhí an chlann bliadhain d'aois thug an mháthair léithe iad, agus chuaidh go teach an rígh. Bhí dochtúiridh as uile áit i n-Eirinn ag freastal air an rígh acht nior fheud siad aon mhaith á dheunamh dó. Nuair tháinig an inghean asteach níor ait- nigh an rígh í. Do shuidh sí síos agus an triúr mac 'nna timchioll, agus d'innis si a sgeul dóibh o bhonn go bárr, agus bhí an rígh ag éisteacht léithe dá innsint. Ann sin leig sí a lámh air bhonn coise an rígh agus thuit an crann dé. An lá air na mhárach do chroch sé an tsean- chailleach agus thug sé a dhúthaigh d'á inghin agus do'n duine-uasal.
OCH GAN MÉ SHIAR. Bhí fear i g-Connacht agus phós sé cailín as chondaé Mhuigh-Eó, agus budh bhreágh sgia- mhach an cailín í. Ni raibh locht air bith ag a fear le fághail uirri i dtosach. Acht ní raibh sí a bhfad pósta sul a thosaigh sí ag osnaighil ó am go h-am, agus ní raibh oidhche nach dtéi- dheadh sí amach agus nach seasadh sí ag binn an tighe agus nac leigeadh si osna, agus nach n-abradh sí, "och! gan me shiar, och! gan mé shiar," i riocht go g-cluinfeadh a fear í, agus nuair bhidheadh an fear ag éisteacht léithe már sin, shaoil sé air deire gur bhreágh an áit an "áit shiar" as a dtáinig si. Bhí si 'gá dheunamh sin gach uile oidhche ag leigint uirri féin go raibh brón mór uirri nach raibh sí air ais arís i dteach a mháthar, agus bhí a fear tuirseach air deire ag éis- teacht léithe agus chuir sé roimhe go rachadh sé féin siar go bfeicfeadh sé dhó féin cad é an sórt áite an "áit shiar." Chuaidh sé mar sin aon mhaidin amháin gan innsint do dhuine air bith cá raibh sé le dul, águs ní raib stad ná sgith aige go dtáinig sé síar go teach a
mháthar, agus creud do bhí ann acht botháin ín beag salach! agus an tsean-bhean an gabhair agus na cearca 'nna g-cómhnuidhe le chéile 'san aon t-seómra amháin. Nior labhair sé aon fhocal, acht tháinig sé air ais, agus nuair d'fhiafruigh a bhean dé cá raibh sé imthighthe bhí leithsgeul éigin aige le tabhairt dí. D'fhan sé gan fhocal a rádh no go ndeacaidh a bhean amach arís go binn an tighe mar budh gnáth léithe, agus í ag osnaighil, "och! gan mé shiar, och! gan mé shiar," agus comh luath agus fuair sé ag an obair sin í, tháinig sé amach agus do ghabh sé an cheathramha so ag deunamh aithris uirri agus ag deunamh magaidh fúithi: "Och! gan me shiar! och! gan mé shiar! An áit a bhfuil an gabhar air iall, Ceann na caillighe air an stoca agus cac na circe air a giall!" Budh leór é sin dí, agus mise mo bhannaidh, nior chualaidh sé "och gan mé shiar," as a beul arís comh fhad agus bhí siad beó.
TADHG O CATHÁIN AGUS AN CORPÁN. Do bhí buachaill óg gasta láidir ann, aon uair amháin, i 'g-condaé Liadhdruim, mac feilmeóra saidhbhir, agus budh bhuachail sgia- mhach misneamhail é. Bhí a lán airgid ag a athair agus níor spáráil sé air a mhac é. Mar sin nuair d'fhás an t-ógánach suas, b'fhearr leis go mór spórt 'ná obair, agus mar nach raibh aon chlann eile ag a athair do bhí an oiread grádh aige air an mbuachaill seo gur leig sé dhó rud air bith budh mhaith leis dheunamh. Bhí sé an chaithteach, agus sgapadh se airgiod óir mar sgapfadh duine eile an t-airgiod geal. B'anamh bhí sé le fághail annsa' mbaile, acht dá m-beidheadh aonach no cruinniughadh no margadh i bhfoigse deich míle dhó, is ann do bhí tu láin- chinnte a fhághail. Agus b'an amh chaith sé an oidhche i dteach a athar, acht bhidheadh sé i g-cómhnuidhe amuigh ag "rugaireacht " no ag "árnán" o theach go teach annsan oidhche. Bhí sé ansgiamhach agus ni raibh cailín annsa' dtír nach raibh i ngrád leis. Mar
Sheághain Glas, fad o shoin, "bhí grádh gach cáilin i mbrollach a léine" agus b'iomdha póg thug sé agus fuair sé. Mar sin rinne duine éigin an rann so air: Feuch an rógaire 'g iarraidh póige, Ni h-ionghantas mór é a bheith mar atá, ag leanamhaint i g-cómhnuidhe d'árnán na gráinneoíge, Anuas 's aníos, 's 'nna chodladh 'san lá. D'éirigh sé air deire an-fhiadháin, agus mí- riaghalta; ni raibh sé le feicsint lá ná oidhche i dteach a athar, acht i g-cómhnuidhe ag rugai- reacht, agus chraitheadh na sean daoine a g-cinn, agus dheireadh siad le chéile-"is furas le feicsint creud a bhainfeas do thalamh a athar nuair a geobhaidh an seanfhear bás. Rithfidh an mac thríd i n-aon bhliadhain amháin." Bhidheadh sé i g-cómhnuidhe ag cearrbhachas, ag imirt cárda, agus ag ól, acht níor chuir an t- athair aon tsuim ann a dhroch-bheusaibh agus níor smachtuigh sé ariamh é. Acht aon lá amháin chua- laidh sé gur mhill sé clú cailín óig do bhí ann san áit sin, agus tháinig fearg air an t-sean- fhear, agus ghlaodh sé a mhac chuige féin, agus labhair sé leis go cóir ciúin ciallmhar. "A
mhic," ar sé, "tá 's agad go raibh grádh mór agam ort go dtí seó, agus níor choisg me thu cia bé rud do rinne tu, agus chongbhaigh mé airgiod go leór leat, agus bhí súil agam an teach agus an talamh so agus mo mhaoin uile d'fhágbháil agad-sa i ndiaigh mo bháis, acht chualaidh mé sgeul dod' thaoibh go déighionach do chuir gráin agus déistion orm. Ni thig liom innsint duit an brón do bhí orm a leitheid sin de rud do chlos, agus innsim duit anois go soiléir muna bpósfaidh tu an cailín sin fágfaidh mé mo thalamh agus mo mhaoin ag mac mo dhearbhráthar. Ni thig liom a bh'fhág- bháil ag duine a dheunfas úsáid diobh comh h-olc sin agus do dheunfá-sa, ag mealladh na mban agus ag breugadh na g-cailín. Soc- ruigh leat féin anocht an bpósfaidh tu an óigbhean sin agus mo thalamh uile d'fhághail mar spré léithe, no an ndiultóchaidh tu í, agus d'oighreacht do chailleamhain, agus innis dam air maidin cia aca de'n dá rud do thogh tu." "Och damnadh síorruidhe! a athair, ni dheun- fá sin; céud míle mallacht, ní dheunfá sin do mhac atá chomh maith a's atá mise! Cia dubhairt leat nach bpósfainn an cailín?" Acht bhí an t-athair imthighthe. Bhí fhios go
maith ag an mbuachaill go g-coimheudfadh sé a ghealladh, agus bhí buaidhreadh mór air a inn- tinn, mar cidh go raibh a athair socair cin- eálta leis, níor bhris sé a fhocal ariamh nuair dubhairt sé rud aon uair amháin, agus ní raibh duine annsa' dtír budh do-lúbtha 'ná é. Ni raibh fhios go ceart ag an mbuachaill creud do deunfadh sé. Bhí sé i ngrádh go deimhin leis an g-cailín agus bhí súil aige a pósadh am éigin, act b'fhearr leis fanamhaint tamall agus leanamhaint d'á shean-oibhreachaibh le seal eile, ag ól ag spórt agus ag imirt; agus chor leis sin chuir sé fearg air go n-ordo- chadh a athair dó a pósadh, agus go mbaigeóradh se é. "Nach mor an t-amadán m'athair!" ar sé leis féin, "bhí me réidh go leór an ghirseach do phósadh agus anois o chuir sé bagairt orm tá rún mór agam a fágbháil mar tá sí." Bhí a inntinn corruighthe go mór, águs d'fhan sé eidir dhá chómhairle creud do deun- fadh sé. Shiubhail sé amach annsan oidhche air deire, le súil a cheann teith d'fhuaradh, agus chuaidh sé air an mbóthar. Las sé a phíopa agus mar bhí an oidhche breágh, shiúbhail sé agus shiubhail sé roimhe, go ndearmad sé an brón
do bhí air, leis an spaisdeoracht luaith. Bhí an oidhche geal agus an ghealach leath-lan. Ni raibh anál gaoithe ag séideadh, agus bhí an t-aér ciúin agus bog. Shiúbhail sé air aghaidh le trí h-uairibh no mar sin, nuair chuimhnigh sé go raibh sé déighionach 'san oidhche agus go mbudh chóir dó thionntódh. Thion- taigh sé le filleadh a bhaile, ann sin, agus bhí ionghantus air an ghealach d'fheicsint comh h-árd sin 'san spéir. "Maiseadh! saoilim go ndearmad mé mé féin," ar seisean, "caithfidh sé bheith tar an meadhon-oidhche anois." Is air éigin dubhairt sé an focal, nuair chualaidh sé caint móra in guth, agus toran na g-cos, air an mbóthar amach uaidh. "Ní feasach mé cia bheidheadh amuigh comh deirionnach annsan oidhche," ar sé, "agus air bhóthar uaigneach mar so." Sheas sé ag éisteacht, agus chualaidh sé glórtha móráin daoine ag labhairt tríd a chéile, acht níor thuig sé creud do bhí siad ag rádh. "Muire! maiseadh!" ar sé, "tá fáitchios orm! ni Gaedheilg ná Beurla tá siad ag labhairt; ní féidir gur Francaigh iad!" Chuaidh sé cúpla slat air aghaidh agus chonnairc sé go maith le solas na gealaighe, broscán de dhaoinibh
beaga a teacht, os a choinne, agus bhí siad ag iomchar ruid éigin móir troim, ann a measg. "O mo leun!" ar seisean, leis féin, "ní féidir gur b' iad na daoine maithe atá ann." Sheas gach ribe gruaige do bhí air a cheann, suas; agus tháinig crathadh ann a chnámhaibh. Bhí siad ag teacht chuige go luath. Dhearc sé orra arís agus thug sé faoi deara go raibh bunáit fiche fear beag ann, agus ní raibh fear air bith aca do b' áirde ná trí troighe no trí troighe go leith. Bhí cuid aca liath agus d'fheuch siad an t-sean. Dhearc sé arís, acht níor aithnigh sé go ceart cad é an rud trom do bhí siad ag iomchar, no go dtáinig siad suas leis, agus sheas siad uile 'nna thimchioll. Chaith siad an rud trom air a mbóthar agus chonnairc sé air an mball gur corp marbh é. D'éirigh sé comh fuar leis an Eug, agus níor rith an fhuil ann a chuisleannaibh nuair táinig sean-fhirín beag liath suas chuige, agus dubhairt leis, "A Thaidhg ui Chátháin. Nach ághamhuil do casadh orrainn thu?" Nior fheud Tadhg bocht focal air bith do thabhairt amach; ní fheudfadh se a bheul d'fhos- gailt dá bhfhághfadh sé an domhan, agus níor fhreagair se focal.
"A Thaidhg ui Chátháin," ar san firín beag liath arís, "nach trathammhuil é do casadh or- rainn thu?" Nior fheud Tadhg aon fhreagairt thabhairt dó. "A Thaidhg ui Chatháin," ar sé, an tríomhadh uair, "nach ághammhuil é, agus nach trathamhuil é do casadh orrainn thu?" Acht d'fhan Tadhg bocht na thost, mar bhí faitchios air freagairt do thabhairt dóibh, agus bhí a theanga amhail a's bheidheadh sí ceangailte le carbad a bhéil. Thionntaigh an firín beag liath d'á chompá- naighibh agus bhí luthgháir ann a shúilibh beaga geala, agus "'Nois!" a dubhairt sé, "ní'l focal ag Tadhg o Cáthán; tig linn deunamh leis mar is maith linn. A Thaidhg, a Thaidhg," ar sé, "tá tu ag cathadh droch-bheatha agus tig linne sglábhuidh dheunammh diot anois, agus ní thig leat-sa cur 'nnár n-aghaidh: ní'l aon mhaith dhuit ann. Tá cúmhacht againn ort. Tóg an corpán sin." Bhí Tadhg chomh sgannruighthe sin gur b' air éigin leig sé an dá fhocal so as a bheul, "ni thógfad," ar sé, mar dá mhéad a sgannradh, bhí a chroidhe i g-cómmhnuidhe roighin agus do- lúbtha.
"Ni thógfaidh Tadhg o Cátháin an corpán" ar san fírín beag le gáire millteach mar thoran glaic cipín tirm agus iad dá mbri- seadh agus le glór beag garbh mar bualadh chluige do bhí sgoilte. "Cuirigidh (cuiridh) d'fhiacaibh air a thógbháil." Agus sul do bhí an focal as a bheul chruinnigh siad uile tim- cioll Taidhg bhoicht, agus iad uile ag caint agus ag gáire tríd a chéile. Rinne Tadhg feucaint le rith uatha, acht leanadar é agus shín fear aca a chos amach eidir a dhá lorgain agus leagadh síos é air an mbóthar, ann a phraiseach. Sul d'fheud sé éirighe arís, rug na sidheóga air, cuid aca air a lámhaibh agus cuid eile air a chosaibh agus chongbhaigh siad go daingean é, i riocht nár fheud sé corru- ghadh, agus a éudan leis an talamh. Thóg seisear no móir-sheisear aca an corpán ann sin, agus tharraing siad anall chuige é; agus d'árduigh siad é air a mhuin; bhí brol- lach an chorpáin fáisgthe le na dhruim féin, agus chuir siad an dá rígh an chorpáin sin thart thimchioll a mhuinéil féin. Sheas siad air ais uaidh cúpla slat ann sin agus leig siad dó éirighe suas. Do ghabh sé ag cur cú- bhair dé agus ag eascuine, agus chraith sé é féin, mar shaoil se an corpán do theilgint
uaidh. Acth budh mhór a eagla agus a ionghan- tas nuair fuair sé go raibh greim daingean ag dá righ an chuirp timchioll air a mhuinéul, agus go raibh a dhá chosa ag fásgadh a leas- racha go teann, agus níor fheud sé a chathadh dhé féin, dá láidreacht a fheuchaint. Bhí fíor- eagla air ann sin, agus shaoil sé go raibh sé caillte. "Ochón go deó!" ar sé, "is é an dhroch-bheatha atá mé ag cathadh a thug an cúmhacht so dona daoinibh maithe orm. Geal- laim do Dhia agus do Mhuire, do Pheadar agus do Phól, do Mharcus agus d'Eóin, agus móidim go leasóchaidh me m'anam agus a bhfuil rómham de'm shaoghal, má bhfágh' mé teacht saor as an ngádh so. Agus pósfaidh mé Máire. Tháinig an firín beag liath suas chuige arís agus dubhairt sé leis. "'Nois! a Thaidhgín!" ar sé, "níor thóg tu an corpán nuair du- bhairt mé leat a thógbháil, agus b' eígin duit a thógbháil; B' éidir nuair deirim leat a chur ní chuirfidh tu é, no go mbudh eígin duit!" "Rud air bith a thig liom a dheunammh do d' onóir," ar Tadhg, "deunfaidh mé é," mar bhí sé fághail céille cheana, agus muna raibh eagla áidhbheul air, ní leígfeadh sé an focal sibhialta sin as a bheul go
bráth. Rinne an firín beag sórt gáire arís. "Tá tu 'g éirighe socair anois, a Thaidhg," ar sé. "Mise mo bhannaidh!" ar sé, "acht béidh tu socair sul atá mise réidh leat. Éist liom anois a Thaidhg ui Chátáin agus muna n-úmhluighidh tu d'á bhfuil me ag rádh leat béidh aithreachas ort - budh miste leat é. Caith- fidh tu an corpán so atá air do mhuin iomchar leat go Teampoll Démuis, agus caithfidh tu a bhreith asteach annsa' dteampoll leat, agus uaigh dheunamh dó i g-ceart-lár an teampoill, agus caithfidh tu na leaca thógbháil agus a g-cur síos arís an chaoi cheudna, agus caithfidh tu an chréafóg iomchar amach as an dteampoll agus an áit fhágbháil mar fuair tu í, i riocht nach n-aithneóchaidh aon duine go raibh rud air bith athruighthe ann. Acht ní h-é sin an t-iomlán. B' éidir nach leigfidhear duit an corp do chur annsa' dteampoll sin, b' éidir go bhfuil an leabuidh sin ag fear eile, agus má tá, is cosmhúil nach roinnfidh sé leis an g-corp so é. Muna bhfágh' tu cead a chur i dTeampoll Démuis, caithfidh tu a bhreith leat go Carraig-fhad-mhic-Fheórais agus a chur annsa' g-cill sin. Muna bfághaidh tu dul asteach annsan áit sin, beir leat go Teampoll Ronáin é, agus má tá an chill sin
druidte ort beir go h-Imleóg-fada é, agus muna dtiucfaidh leat a chur ann sin ni'l agad níos mó le deunamh acht a bhreith go dti Cill-Bhríghde agus cuirfidh tu ann sin é gan bhacadh gan bhárradh. Ní fheudaim innsint duit anois cad é an chill ann a bhfuighidh tu cead an corpán do leigint faoi 'n gcreáfóig, acht tá fhios agam go léigfidhear duit a fhag- bháil i dteampoll éigin aca. Má ghnidh tu go ceart an obair seó béidhmíd buidheach díot, agus ni bhéid aon ádhbhar bróin ort-sa, mar gheall air do thrioblóid, acht má tá tu leis- geamhail agus mall, creid mise, go mbain- fimíd ár sásughadh asad." Nuair chriochnuigh an firín liath a labhairt, leig a chomráididh gáir asta, agus bhuail siad a lámha le chéile. "Glic! glic! hui! hui!" ar siad, "bí 'g imtheacht, bí 'g imthe- acht, tá ocht n-uaire rómhat anois sul a bhrisfidh an lá, agus muna bhfuil an fear so curtha agad sul éireóchaidh an ghrian tá tu caill- te." Bhuail siad dorn air a dhruim agus cos air a thóin agus thiomáin siad air aghaidh ann- sa' mbóthar é. B' éigin dó siubhal agus siubhal go luath, mar nach dtug siad aon sgith dhó.
Shaoil sé féin nach raibh cosán fliuch, bóith- rín salach, ná bealach cam cnapach contrálta annsa' g-condaé nár shiubhail sé an oidhche sin. Nuair thigeadh smúid tar an ngealaigh do bhídheadh an oidhche air uairibh an-dhorcha, agus thuiteadh sé go minic. Air uairibh ghortaigh sé é féin agus air uairibh tháinig sé saor, acht b' éigin dó éirighe air an móimid agus deifir mhór dheunamh. Cor uair do bhriseadh an ghealach amach go geal, agus ann sin dhearcadh sé 'nna dhiaigh agus d'fheiceadh sé na daoine beaga 'gá leanamhaint air a chúl, agus chua- laidh sé iad ag caint agus ag cómrádh eatorra féin, ag béiceadh agus ag sgrea- daoil mar ealta faoileán, agus dá shaorfadh sé a anam nior thuig sé aon focal d'á raib siad ag rádh. Ni raibh fhios aige cá fhad do shiubhail sé, nuair ghlaodh ceann aca leis "fan ann so." Sheas seisean, agus chruin- nigh siad uile 'nna thimcioll. "An bhfeicidh tu na sean-chrainn seargtha sin," ar san sean-bhuachaill liath leis, "is ameasg na g-crann sin tá Teampoll Démuis, agus caith- fidh tu dul asteach ann anois, acht ni thig linne teacht leat. Caithfimíd-ne d'fhágbháil ann so. Téidh air d'aghaidh, agus bí dána,"
Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé balla árd a bhí leith-bhriste, i n-áiteachaibh, agus sean-teampoll liath taobh astigh de'n bhalla, agus bunáite duisín sean-chrainn seargtha, sgaptha anonn 's anall tríd an g-cill. Ni raibh bláth ná duilleóg orra acht bhí a sean- gheugáin sínte amach mar lámha duine air feirg a bhí ag bagairt. Ni raibh aon neart aige air; b' éigin dó siúbhal. Bhí sé cúpla ceud slat ó'n dteampoll, agus níor dhearc sé 'nna dhiaigh no go dtáinig sé chum geata na Cille. Bhí an sean-gheata leagtha, agus ní bhfuair sé aon bhacadh ag dul asteach. Thi- onntaigh sé ann sin le feicsint an raibh na daoine beaga 'gá leanamhaint, acht bhí smúid air an ngealaigh águs bhí an oidhche dorcha agus nior fheud se dadamh fheicsint. Chuaidh sé asteach annsa 'g-cill agus shiúbhail sé an sean-chosán feurmhar do bhí ag dul suas chum an teampoill. Nuair ráinig sé an doras fuair sé glas air. Bhí an doras mór agus láidir: Tharraing sé a sgian amach agus sháith sé annsan ádhmad é, acht ní raibh an t-ádhmad lobhtha "'Nois !" ar seisean leis féin, " ní'l aon rud eile le deunamh agam; tá an doras druidte agus ní thig liom- sa a fhoscailt." Sul bhí na focla sin cumtha
aige ann a inntinn féin, dubhairt glór ann a chluais - "cuartaigh an eochair air chúl an dorais, no air an mballa." Ghlac sé sgann- rughadh "cia tá ag labhairt liom?" ar sé, ag iompógh acht ní fhacaidh sé duine air bith. Cho- gair an guth ann a chluais arís - "cuartaigh an eochair air chúl an dorais no air an mballa." "Cad é sin?" ar Tadhg, agus an t-allus ag ríth d'á mhala, "cia labhair liom?" "Mise an corpán a labhair leat," ar san guth. "Bhfhuil caint ionnat?" ar Tadhg. "'Nois agus arís," ar san corpán. Chuartaigh Tadhg an eochair agus fuair sé air bhárr an bhalla í. Bhí an iomarcuidh iongantais air le labhairt tuilleadh, d'fhosgail sé an doras go ciúin fairsing, agus chuaidh sé as- teach leis an g-corp air a mhuin. Bhí sé chomh dubh leis an oidhche an taobh astigh, agus tháinig críth air Thadhg bocht. "Las an choin- neall, las an choinneall," ar san corpán. Chuir Tadhg a lámh ann a phóca agus tharraing sé amach a sgian agus cloch-teine. Bhain sé drithleóg aisti, agus las sé ceirteach dóighte a bhí ann a phóca, shéid sé é go ndearna sé lasair agus dhearc sé 'nna thimchioll. Bhí an teampoll an-aosta agus cuid dena bal- laibh briste síos, agus na fuinneóga sgoilte,
agus ádhmad na bhfoirm lobhtha. Bhí sé no seacht dena sean-choinnleóiribh iarainn ann fós. Bhí stumpán sean-choinnle fágtha i g-coinnleóir aca, agus las Tadhg é. Bhí sé ag breathnughadh air an áit aisteach ghrái- neammhail sin, nuair chogair an corpán fuar arís ann a chluais "cuir me feasta, cuir me feasta, sin thall an spád i naghaidh do láimh', agus preab an talamh, preab an talamh." Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé spád le h-ais na h-altóra. Thóg sé ann a láimh é agus chuir sé a bhárr faoi leic do bhí i g-ceart-lár an teampoill, agus d'fhág sé a thruime féin air chois na spáide no gur thóg sé an leac. Nuair bhí an chéad-leac togtha ní raibh sé deacair an chuid eile dhíobh do chorrughadh, agus bhain sé trí no ceithre cinn aca as a n-áitea- chaibh. Bhí an chréafóg do bhí fútha bog, agus b'fhuras dó a rómhar. Acht níor chaith sé amach níos mó ná lán trí no ceithre sluasad de chréafóig nuair bhain an t-íarann le rud bog éigin mar fheóil. Chaith sé trí no ceithre sluasad eile ó na thimchioll, agus chonnairc sé gur corp eile é do bhí curtha annsan áit sin. "Tá faitchios orm nach leigfidhear dam an dá chorp chur le chéile," ar
Tadhg ann a inntinn féin, "thusa! a chorpáin air mo mhuin," ar seisean "mbéidh tu sásta má chuirim ann so thu," acht níor fhreagair an corpán focal. "Is cosamhlacht mhaith é sin," ar Tadhg ann a inntinn féin, "b'éidir go bhfuil sé 'g éirighe shocair," agus sáith sé an spád síos annsa' dtalamh arís. B' éidir gur ghortaigh sé feóil an chuirp eile, mar sheas an fear marbh do bhí curtha, suas annsan uaigh, agus chuir sé géim fíor-áidhbheul as, "hu! hu! hu! imthigh! imthigh! imthigh! no is fear marbh, marbh, marbh thu!" agus thuit sé air ais annsan uaigh arís. Is minic dubhairt Tadhg o shoin gur b'é sin an rud do bh'áidhbhéile dena rudaibh ionghantacha do chonnairc sé an oidhche áidhbheul sin. Sheas a ghruag mar fionna muice air a cheann, rith an t-allus d'á eudan, agus tháinig crathadh air a cná- mhaib arís, gur shaoil sé go dtuitfeadh sé. Acht d'éirigh sé níos dána nuair chonnairc sé an dara chorp 'nna luighe go socair, agus chaith sé an chréafóg asteach air arís, agus rinne sé sleamhain os a chionn í, agus leig sé na leaca arís go cúramach mar bhí siad roimhe sin. "Ni féidir go n-eireóchaidh sé arís," ar sé. Chuaidh sé síos an chosáin do bhí i lár an teampoill, no go raibh sé ceithre
no cúig slata níos foigse do'n doras, agus thoisigh sé ag togbháil na leac arís, ag iar- raidh leabuidh eile do'n chorpán do bhí air a dhruim. Thóg sé trí no ceithreleaca, agus chuir se air leath-thaoibh iad, agus ann sin thochail sé an chréafóg. Ní fada bhí sé 'gá tochailt nuair nochtaigh sé sean-bhean lom gan snáithe uirri acht a léine, do bhí curtha annsan áit sin. Bhí sise níos beódha 'ná an cheud-chor- pan, mar is air éigin thóg sé cuid de'n chréafóig dí, nuair shuidh sí suas agus thosaigh sí ag bársáil. "Ho! a bhodaigh, ha! a bhodaigh," ar sí, "bhfuil sé 'g am' bhuaidhreadh! cá raibh sé féin no cá 'r chaith sé a shaoghal nach bhfuair sé leabuidh, nach bhfuair sé leabuidh?" Tharraing Tadhg bocht air ais, agus d'fhan sé 'nna thost, agus nuair chonnairc sí nach raibh sí fághail freagartha, dhruid sí a súile go mall, agus chaill sí a lúth agus thuit sí go ciúin air ais faoi 'n gcréafóig. Rinne Tadhg léithe mar rinne sé leis an bhfear, chaith sé an chréafóg air ais uirri, agus d'fhág sé na leaca os a g-cionn. Rinne sé tochailt arís anaice leis an doras, acht sul chaith sé níos mo 'ná cúpla sluasad de'n gcré amach thug sé lámh dhuine faoi deara, do nochtaigh sé leis an spáid.
"M' anam!" ar seisean ann a inntinn féin "ní rachaidh mé níos faide. Cad é 'n maith dham é?" agus chaith sé an chré asteach arís air, agus shocruigh sé na leaca mar bhí siad roimhe. D'fhág sé an teampoll annsin agus a chroidhe trom go leór, agus dhruid sé an doras 'nna dhiaigh agus chuir sé glas air, agus d'fhág sé an áit mar fuair se í. Shuidh sé síos air chloich-uaighe do bhí anaice leis an doras agus thosaigh sé ag smuaineadh. Bhí sé ann amhras mór créud do dheunfadh sé. Leig sé a éudan eidir a dhá láimh agus ghol sé le brón agus le tuirse, mar bhí sé fír-chinnte 'san am so nach dtiucfadh leis dul a bhaile beó. Rinne sé feuchaint eile lámha an chorpáin do bhí fáisgthe timchioll a bhrághaid do sgaoileadh, acht bhí siad chomh teann le clampa, agus dá mhéad a d'iarr se a sgaoileadh, is cruaidhede d'fháisg siad é. Bhí sé dul do shuidhe síos arís nuair dubhairt an corpán fuar gránna ann a chluais arís. "Carraig-fhad-Mhic-Fheórais,Car- raig-fhad-Mhic-Fheórais," agus do chuimhnigh sé ann sin air ordughadh na ndaoine-maith, an corpán do bhreith leis chum na h-áite sin muna dtiucfadh leis a chur i dTeampoll-Dé- muis. D'éirigh sé agus dhearc sé 'nna thimchioll.
"Ní 'l eólas agam air an mbealach," ar sé. Comh luath agus labhair sé an focal do shín an corpán an lámh chlé (do bhí fáisgthe air a mhuinéul) amach go h-obann, agus chong- bhaigh sé í roimhe 'gá thaisbéant dó an bhealaigh budh chóir dó leanamhaint. Lean Tadhg an bóthar, 'sa 'mbealach a raibh na meura sínte, agus cuaidh sé amach as an g-Cill. Fuair sé é féin air an tsean-bhóthar cnapach clochach agus sheas sé arís gan fhios dó cia an taobh budh chóir dó thionntógh. Shín an corpán a lámh thana amach arís, agus thaisbéan sé dhó an bóthar eile, nach dtáinig sé suas nuair bhí sé ag tarraing chum an t-sean-theampoill. Chuaidh Tadhg air aghaidh annsa' mbóthar sin, agus chomh minic agus thigeadh sé go h-áit ann a raibh bóthar no cosán buailte air an mbóthar ann a raibh sé ag siubhal, do shíneadh an corpán a lámh amach arís ag taisbéant an bhealaigh chirt dó. B'iomdha crosbhóthar do ionntaigh sé, agus b'iomdha bóithrín cam do shiubhail sé, no go bhfacaidh sé sean-roilig uaidh, air deire, air thaoibh an bhóthair. Bhí rud innti, chosmhúil le teampoll no teach mór briste síos, acht ní raibh aon t-séipeul 'ná teampoll ann. D'fháisg an corpán go teann é, agus stad Tadhg. Dubhairt an corpán ann a chluais
arís "Cuir me! cuir me! 'sa g-cill! 'sa g- cill!" Do tharraing Tadhg anonn do'n t-sean- roilig, agus ní raibh sé níos faide na tim- chioll fiche slat uaidh nuair thóg sé a shúile agus chonnairc sé céudta agus céudta tais, mná, fir, agus páistidh, 'nna suidhe air bhárr an bhalla, no 'nna seasamh an taobh astigh, ag rith anonn 's anall, ag síneadh, a lámh amach, ag léimnigh, ag damhsa, ag corrughadh a mbéil amhail a's mar bheidheadh siad ag labhairt, acht níor chualaidh Tadhg aon fhocal ná aon toran. Bhí faitchios air dul air aghaidh, agus sheas sé suas mar bhí sé. Air an móimid bhí na taiseanna uile socair agus níor chuir siad cor asta. Thuig Tadhg ann sin gur b' ag iarraidh a chongbháil ó dhul- asteach do bhí siad. Dhruid sé cúpla slat níos foigse do'n bhalla, agus rith an sluagh uile le chéile do'n bhall 'nn a raibh seisean ag triall, agus bhí siad comh tiugh sin le chéile nár fheud sé briseadh triotha dá mbudh mhian leis é, acht ní raibh aon mheisneach aige a fheu- chaint. Chuaidh sé air ais go briste brónach, agus nuair bhí sé cúpla ceud slat imthighthe ó'n g-cill stad sé, mar nach raibh fhios aige cad
í an áit thionntóchadh sé anois. Dubhairt guth an chorpáin ann a chluais, "Teampoll-Rónáin, Teampoll Ronáin," agus bhí an lámh thana sínte amach arís le taisbéant an bhea- laigh dhó. B' éigin dó siubhal, chommh tuirseach agus bhí sé, agus ní raibh an bealach gearr, agus ní raibh sé cothrom. Bhí an oidche níos dorcha ná 'riamh, agus budh dheacair leis imtheacht. B' iomdha leagadh fuair sé, agus b' iomdha brughadh fuair a chnámha. Air deire, con- nairc sé Teampoll-Rónáin uaidh 'nna sheasamh a lár na roilige. Dhruid sé anaice leis, agus shaoil sé go raibh sé ceart, sábhálta, nuair nach bhfacaidh sé aon tais ná aon rud eile air an mballa, agus shaoil sé nach mbárrfaidhe é a ualach do leigint uaidh air deire. Dhruid sé anonn do'n gheata agus air ndul asteach dó thuit se thar an tairseach. Sul d'fheud sé éirighe rug rud éigin nach bhfacaidh sé air a mhuinéul agus air a lá- mhaibh, agus rud eile air a chosaibh, agus bhrúigh siad é, agus thacht siad é go raibh sé réidh le fághail bháis, agus air deire thóg siad suas é agus rugadar ceud slat no níos mó ó'n roilig é, agus chaitheadar síos 'nna "phraiseach" é i sean-dhíog salach, é féin agus
an corpán le chéile. D'éirigh sé suas go briste breóidhte brúighte, agus bhí faitchios air dul anaice leis an g-cill arís, mar nach bhfacaidh sé dadamh an t-am do leagadh agus do tógadh é. "A chorpáin shuas air mo mhuin," ar sé, "an rachaidh mé arís do'n roilig?" acht níor fhreagair an corpán dó. "Is comhartha é sin nach mian leat mé a fheuchaint arís," ar sé. Bhi sé i n-amhras mór ann sin, creud do budh chóir dó a dheunamh nuair labhair an cor- pán ann a chluais "Imleóg-fhada, Imleóg- fhada. "O! maiseadh," ar seisean, "an éigin dam dul ann sin? Má chongbhóchaidh tu a bhfad mé, ag siubhal, tuitfidh mé fút. Acht chuaidh sé air aghaidh arís, agus lean sé do'n taoibh a thaisbéan meur an chorpáin dó. Níor fheud sé féin rádh go ceart cá fhada bhí sé ag imteacht nuair d'fháisg an corpán é go h-obann agus dubhairt leis, "Súdh é, Súdh é." Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé balla an-bheag ísiol, agus bhí sé briste síos i n- áiteachaibh comh mór sin nach raibh aon bhalla ceart air bith ann. Bhí sé i bpáirc mhóir leathain air thaoibh an bhóthair, act muna
mbeidheadh go raibh trí no ceithre clocha móra do bhí nios cosmhúile le carraigibh ná le chlo- chaibh ag gach ceann de'n bhalla, ní raibh aon rud eile ann do thaisbéanfadh dó gur cill no roilig do bhí ann. "An g-cuirfidh mé ann so thu, an é seo Imleóg-fhada?" ar Tadhg. "'Seadh," ar san guth leis. "Act ní fheicim uaigh air bith ann so, acht carn cloch," ar Tadhg. Nior fhreagair an corpán dó acht shín sé amach a lámh fhada fhuar gan fheóil annsa, líne budh chóir do Tadhg dul air aghaidh. Chuaidh Tadhg air aghaidh, mar sin, acht bhí faitchios mór air, óir is maith do chuimhnigh sé air an rud do bhain dó ag an roilig dheirion- naigh. Chuaidh sé air aghaidh agus a chroidhe ag léimnigh mar éun mar dubhairt sé féin, acht nuair tháinig, sé i bhfoigse deich slat, no cúig slata deug o'n m-balla beag ceathar-choirne- ullach do bhris amach teinteach a bhí geal, buidhe agus dearg, gorm agus bán, agus bhí gach dath d'á bhfuil annsan tuagh-fhearrthanna ann agus chuaidh sé thart thimcioll an bhalla ann aon chúrsa, agus rith sé comh luath leis an ainleóig annsna speurthaibh, agus dá fhad d'fhan Tadhg is luaithede rith an lasair, go raibh sé air deire go díreach mar fháinne geal dul timchioll na sean-roilige: agus níor sheud duine air bith
dul thairis, no loisgfidhe go bár go cinnte é. Ni fhacaidh Tadhg ó rugadh é aon amharc do bhí comh aoibhinn áluin sgiamhach iongantach leis an amharc sin. Thart chuaidh an lasair, agus na drithleóga buidhe bána agus gorma ag léimnigh aisti, agus cidh nach raibh ann i dtosach acht líne bheag thana, mheudaigh sí gan mhall go raibh sí air deire 'nna banda mór leathan, agus bhí sí i g-cómhnuidhe ag eírighe níos leithne agus níos áirde agus ag cathadh amach dhrithleóga is ionghantaighe, agus ní bhfuil dath air dhruim na talmhan nach raibh le feicsint annsan teine sin, agus níor shoill- sigh teinteach agus níor bhris amach lasair ariamh do bhí comh soillseach agus comh geal léithe. Tháinig uathbhás air Tadhg. Bhí sé féin beag-nach marbh le tuirse agus ní raibh a sháith meisnigh aige le dul níos foigse do'n bhalla. Tháinig ceó air a shúil, agus "sua- rán" ann a cheann, agus b' éigin dó suidhe síos air chloich mhóir do bhí ann. Ní fhacaidh sé aon rud acht an solas, níor chualaidh sé aon rud acht an sórt crónáin do rinne an solas sin mar do sgiorr sé timcioll an ghuirt níos luaithe na an teinteach. Mar shuidh sé ann sin air an g-cloich do
chogair an guth aon uair eile ann a chluais "Cill-Bhríghde, Cill-Bhrighde," agus d'fháisg an corpán comh cruaidh sin é gur b' éigin dó sgreadaoil amach. D'éirigh sé aon uair eile go tinn tuirseach, trillthidhe, agus ghlac sé a bhealach annsan line do thaisbéan lámh an fhir mhairbh dó. Chuaidh sé mar sin air aghaidh agus b'fhada a shiúbhal, agus b' olc an bóthar agus b'fhuar an ghaoth agus budh throm a uallach, agus budh dhubh an oidhche, agus budh bheag-nach caithte é féin. Is mar sin d'imthigh sé, agus is cinnte dá mbeidheadh a shlighe mórán níos faide thuit- feadh sé marbh faoi n-a uallach. Air deire do shín an corpán a lámh amach arís, agus dubhairt sé "cuir ann sin mé - cuir ann sin mé." "Is í seó an Chill dheirionnach," ar Tadhg ann a inntinn féin, " agus dubhairt an firín beag liath liom go leigfidhe dham a chur gan aon amhras i g-Cill éigin aca. Ní féidir nach nglacfaidhear ann so é." Bhí an cheud dath roimh fáinne an laé, agus an cheud-sholas ag tosughadh annsan taoibh shoir, acht bhí sé fós níos duibe 'ná riamh, mar do bhí an ghealach imthighthe'nna luidhe, agus ní raibh na reulta geal. "O! deun deifir, O! deun dei- fir," ar san corpán arís leis, agus rinne
Tadhg an méad deifre d'fheud sé dheunammh go dtáinig sé chum na Cille. Bhí an séipéul 'nna sheasamh i lár na roilige, agus ní raibh an roilig féin acht 'nna áit bhíg shuaraigh gan mórán uaigh ann. Shiubhail Tadhg go dána asteach tríd an ngeata fosgailte, agus níor bhain rud air bith leis, ni fhacaidh agus níor chualaidh sé dadamh. Tháinig sé go dtí ceart-lár na cille, agus sheas sé suas ann sin, agus dhearc sé 'nna thimchioll ag iarraidh rud éigin, spáide no sluaisde le a ndeunfadh sé an uaigh. Mar thionntaigh sé ag dearcadh thart thim- chioll air gach taoibh chonnairc sé (rud do chuir ionghantus mór air) uaigh réidh deunta os a chómhair. Dhruid se anonn chuici agus dhearc sé síos, agus do chonnairc sé cómhra dubh innti. Chuaidh sé síos annsan bpoll, chomh maith agus d'fheud sé agus thóg sé an folamh de'n chómhra agus fuair sé go raibh sé folamh mar shaoil sé. Is air éigin do bhí sé imthigthe suas as an bpoll, agus 'nna sheasamh air an mbruach nuair sgaoil go h-obann an corpán no bhí greamuighthe ann le níos mó 'ná ocht n- uaire a dhá rígh óna mhuinéul agus a luirgne óna leasrachaibh, agus thuit sé siós le plap ann san g-cómhra fosgailte. Chuaidh Tadhg síos air a dhá ghlúin air bhruach na h-uaighe agus thug
sé buidheachas le Dia. Ní dhearna sé aon mhaille ann sin, acht d'fháisg sé an folach síos air an g-cómhra agus chaith sé an chréafóg asteach le na dhá láimh. Niór bh'fhada go raibh an uaigh líonta. Léim sé air an talamh le na dhá chois go raibh se cruaidh agus teann, agus ann sin d'fhág sé an áit. Bhí an ghrian ag éirige nuair bhi sé réidh le na obair, agus bud h-é an cheud rud do rinne sé teach-ósda d'fhághail amach. Fuair sé sin, agus luidh sé síos air leabuidh ann, agus chodail sé go dtí an oidhche. D'éirigh sé agus d'ith sé beagán, agus luidh sé síos arís agus chodail sé go dti an mhaidin. Air maidin fuair sé capall air iasacht, agus chuaidh se abhaile air marcuigheacht. Bhí sé an t-am sin deich míle air fhíchid o'n mbaile, agus níos mó, agus budh léir dó gur shiubhail sé an oiread sin an oidhche do chuir sé an corpán. Shaoil uile dhuine d'fhág sé annsa' mbaile go raib sé imthighte as an tír, agus bhí lúth- gáire mhor orra nuair tháinig sé air ais. Bhí uile dhuine 'gá fhiafraigh dhé cia an áit a raibh sé, acht níor innis sé do dhuine air bith é acht do'n athair. Bhí sé 'nna dhuine athraighthe ó'n am sin. Níor ól sé iomarcuidh, niór chaill sé a air-
giod air chárdaibh, agus go mór-mhór ni ghlac- fadh sé an domhan agus bheith amuigh leis féin nuair bhí sé dorcha. Ni raibh sé coicídheas ann sa' mbaile nuair phós sé Máire an cailín do bhí i ngrádh leis, agus is aig an mbainfheis sin do bhí an greann, agus is é do bhi an fear sásta ó'n lá sin. Go raibh sinne chomh sásta leis!
NIALL O CEARBHUIDH. Ní raibh stuamacht air bith ann. Dubhairt sé le na bhean (mhnaoi) go rachadh sé chum an chearda go b'fhághadh sé gleus dochtúireachta. Chuaidh sé chum an chearda, lá air na mhárach. "Cá 'uil tu dul andiú?" ar san gabha. "Tá mé dul go ndeunfaidh tusa gleus doch- túireachta dham." "Cad é an gleus dheunfas mé dhuit?" "Deun crom-sgian agus geal- sgian." Rinn an gabha sin dó. Tháinig sé a bhaile. Nuair tháinig an lá, lá air na mhárach, d'éirigh Niall o Cearbhuidh. Rinn sé réidh le bheith 'g imtheacht 'nna dhochtúir. D'im- thigh sé. Bhí sé siúbhal leis. Casadh buachaill ruadh air, taobh an bhealaigh mhóir. Bhean- nuigh sé do Niall o Cearbhuidh; bheannuigh Niall dó. "Cá 'uil tu dul?" ar san fear ruadh. "Tá mé 'g imtheacht go raibh mé mo dhochtúir!" "'S maith an chéird é," ar san fear ruadh, "'s fearr duit mise fhastóghadh." "Cad é an tuarasdal bhéidheas tu 'g iar- raidh," ar Niall o Cearbuidh. "Leath a shaoth- róchamaoid go mbéidhmíd annsan talamh so
air ais." "Bheurfaidh mé sin duit," ar san Niall. Shiúbhail an beirt leó. "Tá nighean (inghean) rígh, ar san fear ruadh, "leis an mbás, rachamaoid (comh) fhad léithe go bhfeicfimíd an léigheasfamaoid í. Cuaidh siad air siúbhal go teach an rígh. Chuaidh siad (comh) fhad leis an ngeata. Tháinig an geatóir ag ionsuidhe orra. D'fhiosruigh sé cá raibh siad ag dul. Dubhairt siad gur teacht ag amharc inghine an rígh a bhí siad, le feiceál (feicsint) an ndeunfadh siad maith dhí. D'iarr an rígh a leigeant asteach. Chuaidh siad asteach. Chuaid siad 'san áit a raibh an cailín 'nna luidhe. Chuaidh an fear ruadh agus rug sé greim cuisle uirri; dubhairt sé, "dá b'fhághadh a mháighistir luach a shaothair go leighisfeadh sé í." Dubhairt an rígh go dtiubhradh sé a bhreitheamhnas féin dó. Dubhairt sé, "dá mbeidheadh an rúma faoi féin agus faoi na mháighistir, go mb'fhearr é." Dubhairt an rígh go mbeidheadh. D'iarr sé sgiléad uisge thabairt aníos. Chuir sé an sgiléad air an teine. D'fhiosraigh sé de Niall o Cearbhuidh, "cá bhfuil an gleus dochtúireachta." "Seó iad," ar san Niall, "crom sgian agus geal-sgian." Chuir sé an chrom-sgian air mhuineul an chailín. Bhain
sé an ceann dí. Tharraing sé luibh ghlas as a phóca. Chuimil sé do'n mhuineul í. Ní tháinig aon deór fola. Chaith sé an ceann annsan sgíléad. Bain sé feitheamh (fiuchadh) as. Rug sé greim air an dá chluais. Thug sé leis as an sgiléad é. Bhuail sé anuas air an muineul é. Ghreamuigh an ceann chomh maith a's bhí sé ariamh. "Cad é mar aith- nigheas tu thu féin anois?" "Tá mé comh maith agus bhí mé ariamh," ar san inghean- an-rígh. Sgairt (ghlaodh?) an fear mór. Tháinig an righ aníos. Bhi luthgháire mhór air. Ní leigfeadh sé air siúbhal iad air feadh trí lá. Nuair bhí siad ag imhtheacht thug sé aníos mála airgid. Dhóirt sé air an tábal (bord) é. D'fhiosruigh sé de Niall o Cearbhuidh an raibh a shaith aige ann sin. Dubhairt Niall "go raibh agus bárruigheacht, nach nglacfadh siad acht a leath." D'iarr an rígh orra gan an t-airgiod do spáráil. "Tá inghean rígh eile ag fuireacht linn le sinn do dhul ag amharc uirri." D'fhág siad slán ag an rígh, agus d'imthigh siad ann sin. Chuaidh siad ag amharc uirri. Chuaidh siad san áit a raibh sí 'nna luidhe, ag amharc uirri ann a leabuidh; agus an chaoi cheudna do léigheasadh í seó. Bhí an righ buidheach agus dubairt sé gur
coma leis cad é a bhainfeadh sé dhé. Thug se trí ceud punta airgid dó. D'imthigh siad ann sin ag tarraing air an mbaile. "Tá mac rígh," ar san fear ruadh, "'nna leitheid seó d'áit, acht ní rachamaoid 'nna chómhair, tiucfamaoid a bhaile le a bhfhuil againn." Bhí siad ag tarraing air an mbaile. Phronn (Bhronn) an rígh leath-sgór biorach orra le tabhairt leó a bhaile. Bhí siad ag siúbhal leó. Nuair a bhí siad annsan áit ar fhastuigh Niall o Cearbhuidh an fear ruadh, "Saoilim," ar san fear ruadh, "gur so an áit ar casadh mise dhuit-se an cheud-uair." "Sa- oilim gur b'é," ar san Niall o Cearbhuidh. "Maiseadh cad é mar roinnfimid an t-airgiod?" "Dá leith," ar san fear ruadh, "sin an margadh bhí ann." "'S mór liom-sa leath a thabhairt duit," ar san Niáll o Cearbhuidh, "tá a thrian mór go leór agad." "Tá cromsgian agus geal-sgian agam-sa" (ar san Niall) "agus ni'l dadamh agad-sa." "Ni ghlacfaidh mise dadamh ar san fear ruadh, muna bhfhágh' mé a leath." Thuit siad amach faoi an airgiod. D'imthigh an fear ruadh agus dh'fhág sé é. Bhí Niall o Cearbhuidh tarraing abhaile mar- cuigheacht air a bheathach. Bhí sé tiomáint a cod' eallaigh. Táinig lá teith. Chuaidh an
t-eallach ag sgiobadh anonn 's anall. Bhí Niall o Cearbhuidh dá g-ceapadh. Nuair bhidhadh ceann no beirt ceaptha aige, bhídheadh an chuid eile air siubhal nuair thigeadh sé. Cheangail sé a ghearrán do ghiota crainn. Bhí sé ag ceapadh an eallaigh. Annsan dei- readh bhí siad a lig (uile) air siúbhal. Ní raibh fhios aige cá ndeacaidh siad. D'fhill sé air ais an áit a raib an gearrán agus a chuid airgid. Ní raibh an gearrán ná an t-airgiod le fághail. Ní raibh fhios aige ann sin cad é dheunfadh sé. Smuain sé go rachadh sé go teach an rígh a raibh a mhac tinn. D'im- thigh sé leis ag tarraing air theach an rígh. Chuaidh sé ag amharc air an mbuachaill an áit a raibh sé 'nna luidhe. Rug sé greim cuisle air. Dubhairt sé gur shaoil sé go léighisfeadh sé é. "Má léighisigh tu é," ar san rígh, "beurfaidh mé trí cheud púnta dhuit." "Dá bhfhághainn an rúm dam féin" (ar seisean). Dubhairt an rígh go bhfhuigheadh sé sin. Sgairt sé 'níos air sgiléid uisge. Chuir sé an sgiléid air an teine. Tharraing sé amach a chrom-sgian. Chuaidh se an ceann do bhaint dé, mar chonnairc sé an fear ruadh ag deu- namh. Bhí sé ag sádaracht (sabhadh?) air a cheann agus ní thainig leis an muineul a
ghearradh. Bhí an fhuil ag teacht. Bhain sé an ceann dé annsan deireadh. Chaith sé an ceann annsan sgiléad. Bhain sé feitheamh as. Nuair mheas sé an ceann a bheith fochta (fiuch- tha?) go leór thug sé iarraidh air an sgiléad. Fuair sé greim air an dá chluais. Thuit an ceann 'nna "ghileagar;" tháinig an dá chluais leis. Bhí an fhuil teacht go mór. Bhí sé dul síos air dhoras an rúm. Nuair chonnairc an rígh é ag dul síos bhí fhios aige go raibh a mhac marbh. D'iarr sé an doras fhosgladh. Ní fhos- góladh Niall o Cearbhuidh an doras. Bhris siad an doras. Bhí an fear marbh. Bhí an t-urlár lán fola. Rug siad air Niall o Cearbhuidh. Bhí sé le crochadh, lá air na mhárach. Chruinnigh gárda go n-iomcharadh siad é 'n áit a raibh sé le crochadh. D'imthigh siad an lá air na mhárach, leis. Bhí siad ag siúbhal leó ag tarraing air an g-crann go g-croch- faidhe é. Bhac siad a sgairteach. Chídh siad fear stripeálta ag deunamh reatha. Nuair chonnairc siad é bhí ceó uisge 'nna thimchioll le méad a bhí sé 'rith. Nuair tháinig se (comh) fad leó, "cad é tá sibh deunamh le mo mhái- ghistir?" "Má 's é seó do mháighistir, seun é, no geobhaidh tu an láimhsiughadh ceudna." "Is mise is cóir sufrál (fulang), mise rinne
an faillighe. Chuir sé mise i g-coinne medsin (droganna) agus ní tháinig mé i n-am. Sgaoilidhe mo mághistir, b'éidir go léighisfimís mac an rígh go fóil (fós)." Sgaoil siad é. Tháinig siad go teach an rígh. Chuaidh an fear ruadh annsan áit a raibh an fear marbh. Thosaigh se ag cruinniughadh na g-cnámh a bhí annsan sgiléad. Chruinnigh se suas a lig (uile) iad, go dtí an dá chluais. "Cad é rinn tu leis na cluasaibh?" "Ni'l fhios agam," dubairt Niall o Cearbhuidh, "cad é rinn me leó, bhí mé sgannruigthe comh mór sin." Fuair an fear ruadh na cluasa. Chuir sé i g-cuideacht a chéile iad uile. Thar- raing se luibh ghlas as a phóca. Chuimil sé thart do'n cheann í. D'fhás croicionn air agus gruag chomh maith agus bhí sé ariamh. Chuir sé an ceann annsan sgiléad ann sin. Bhain sé feitheamh as. Chuir sé an ceann air an muineul comh maith agus bhí sé ariamh. D'éi- righ mac an rígh annsan leabuidh. "Go dé mar tá tu 'nois?" ar san fear ruadh. "Tá me go maith, ar san mac-an-rígh, "acht go bhfuil me go lag." Sgairt an fear ruadh arís air an rígh. Bhí luthgháire mhór air an rígh ann sin nuair chonnairc sé a mhac beó. Chaith siad an oidhche sin go pléisiúrdha. Lá
air na mhárach nuair bhí siad ag imtheacht chonn- tais an rígh trí ceud punta. Thug sé do Niall o Cearbhuidh é. Dubhairt sé le Niall muna raibh a sháith aige go dtiúbhradh sé tuilleadh dhó. Dubhairt Niall o Cearbhuidh go raibh, 's nach nglacfadh sé aon phíghin níos mhó. D'fhág sé slán agus beannacht aige, agus bhuail sé ag tarraing air an mbaile. Nuair a bhfa- caidh siad go dtáinig siad chum na h-áite ann ar thuit siad amach le chéile "saoilim," ar san fear ruadh, "gur so an ait dhifreálamar roimhe." "S'é go díreach," ar san Niall o Cearbhuidh. Shuidh siad síos agus roinn siad an t-airgiod. Thug se a leath do'n fhear ruadh, 's chongbhaigh sé féin leath eile. D'fhág an fear ruadh slán aige, agus d'imthigh sé. Bhí sé tamall air siúbhal. D'fhill sé air ais. "Tá mise ann so air ais," ar san fear ruadh. Rinn me smuainte eile, do chuid airgid uile d'fhágbháil agad féin; bhí tu féin fosgaltach. An cuimhne leat an lá bhí tu dul thart leis an roilig? Bhí ceathrar astígh annsan roilig agus corp aca i g-cómhra. Bhí beirt aca ag iarraidh an corp a chur. Bhí fiacha air an g-corp. An bheirt fhear a raibh na fiacha aca air, ni raibh siad sásta an corp a chur. Bhí siad ag arigeal (árgúint). Bhí tusa
ag éisteacht leó. Chuaidh tusa asteach. D'fhios- aigh tu cia mhéad bhí aca air an g-corp. Dubhairt an bheirt fhear go raibh púnta aca air an g-corp, agus nach raibh siad sásta an corp a chur, go ngeallfadh na daoine a bí 'g á iomchar cuid de na fiachaibh do dhíol. Dubhairt tusa, "tá deich sgillin agam, agus bheurfaidh mé dhaoibh é, agus leig do'n chorp a chur. Thug tu na deich sgillin dóibh agus cuireadh an corp. Mise a bhí 'sa' 'g-cómhra an lá sin. Nuair chonnairc mise thusa dul a' dochtuireacht bhí fhios agam nach ndeunfá an grathaigh (gnó). Nuair a chonnairc mise thusa i ngéibhionn tháinig mise ag ionsuidhe ort le do shábháil. Bronnaim an t-airgiod uile go leír ort. Ní fheicfidh tu mise go dtí an lá deirionach. Gabh abhaile anois. Ná deun, aon lá dochtúireachta an fhad 's bhéidheas tu beó. 'S goirid a shiúbhalfas tu go bhfághaidh tu do chuid eallaigh, agus do ghearrán. D'imthigh Niall ag tarraing a bhaile. Níor bhfada shiúbhail sé gur casadh a chuid eallaigh agus a ghearran dó. Chuaidh sé a bhaile agus an t-iomlán leis. Ní'l aon lá ó shoin nach bhfuil sé féin 's a bhean ag teacht i dtír air. Fuair mise an t-áth, iadsan an clochán. Bái- theadh iad-san agus tháinig mise.
CAILLEACH NA FIACLA FADA AGUS AN MAC RÍGH. Bhí rígh i g-Connacht a bhfad ó shoin. Bhí sé bliadhain agus fiche pósta gan aon duine cloinne do bheith ag an mbainrioghain, agus shaoil se nach mbeidheadh aon oidhre aige. Bhí sé siúbhal amach aon lá amháin, nuair tháinig fairrge mhór uisge timcioll air. Ni raibh fhios aige creud do dheunfadh sé, nuair tháinig cailleach chuige, agus dubhairt, "Cad tá tu ag iarraidh?" "Slighe éigin a bhéarfas amach as an áit seó mé," ar san rígh. "Béarfaidh mise amach thu," ar san chailleach, "má thugann tu dham do mhac is sine." "N 'l aon mhac agam," ar san rígh, "tá mé bliadhain agus fiche pósta, agus ní cosmhúil go mbéidh aon oidhre agam anois." "Tabhair d'fhocal dam go dtiubhraidh tu dham do cheud mhac nuair a bhéidh sé bliadhain agus fíche d'aois," ar san chailleach. "Bheirim m'fhocal duit," ar san rígh. Annsin do tharraing an chailleach meuracán amach, agus rinne bád dé. Chuaidh sí
féin agus an rígh asteach 'sa' mbád, agus tharraing an chailleach dá fhiacail amach agus rinne maididh rámha dhíobh. D'oibrigh si iad í féin, agus níor bhfada go dtug sí an rígh tar an uisge. D'imthigh an rígh abhaile líonta d'iongantas. Níor bhfada go raibh mac óg ag an mbain rioghain. D'fhás an mac rígh suas 'nna fhear lúthmhar láidir, go raibh sé bliadhain agus fiche d'aois. Tháinig brón mór air an rígh, mar bhí fhios aige go dtiucfadh an chailleach ag tóruigheacht an mhic óig. Chuaidh sé chum an chócaire, agus thug ceud púnt dí, ag rádh léithe go raibh cailleach na fiacla fada ag teacht ag tóruigheacht an oidhre óig, agus go dtiúbhradh sé dhí mac an chócaire i n-áit a mhic féin. Ann sin chuaidh se chum caillighe na g- cearc agus thug ceud eile dhí-se, agus dubhairt léithe mar dubhairt se leis an g-cócaire. Air maidin, lá air na mhárach tháinig cail- leach na fiacla fada chum caisleáin an rígh, agus tharraing sí an cuaile-corraic. Tháinig an righ amach agus dubairt sí leis, "Cuir amach do mhac, tá se bliadhain agus fiche d'aois." Chuir sé amach mac an chócaire chuici. Rug sí léithe é go dtáinig sí chum guirt mhóir ghlais. Annsin dubhairt sí leis,
"Creud tá do mháthair a' deunamh 'sa' m-baile anois?" "Tá sí ag gleus dínéir do'n righ," ar san fear óg. "Ní tu an mac rígh," ar san chailleach. Ann sin bhuail sí buille slai- tín-draoigheachta air, agus rinne cloch mhór dé. Ann sin thainig sí air ais chum caisleáin an rígh, tharraing sí an cuaile corraic agus dubhairt leis an rígh, "Cuir amach do mhac chugam no leagfaidh mé an caisleán ort." Do chuir an rígh amach mac caillighe-na-g- cearc chuici. Rug sí léite é go dtáinig sí chum an ghuirt ghlais. Ann sin dubhairt sí leis, "Creud tá do mháthair ag deunamh 'sa' mbaile anois?" Tá sí a' faire na g-cearc," ar san fear óg. "Ní tusa an fear ceart" ar san chailleach. Thug sí buille de'n tslaitín draoi- gheachta dho agus rinne cloch dé. Ann sin tháinig sí chum caisleáin an rígh. Tharraing an cuaile-corraic agus dubhairt leis an rígh, "Muna g-cuirfidh tu do mhac amach chugam an t-am so leagfaidh mé an caisleán ort. Bhí faitchios air an rígh agus chuir sé amach a mhac féin chuici. Rug sí léithe é chum an ghuirt ghlais agus d'fhiafruigh dhé creud do bhí a mhá- thair a' deunamh 'sa' mbaile. "Tá sí ag caoineadh," ar san mac rígh. "Is tu an fear ceart," ar san chailleach. Ann sin thug sí
buille de'n tslaitín draoigheachta dhó agus rinne seabhac dé. Rinne sí seabhac eile dhí féin agus thug an mac rígh léithe chum oileáin. Bhí teach breágh aici air an oileán agus dubhairt sí leis, "Tá aon nidh agam duit le deunamh agus má ghnídh tu é béidh m'inghean agad, agus muna dtig leat an obair a dheu- namh caillfidh tu do cheann. Air maidin, lá air na mhárach, dubhairt an chailleach leis, chaill me biorán annsan stábla dá-fhichid bliadhain ó shoin, téidh agus fágh dham é." Chuaidh sé chum an stábla agus thoisigh sé 'gá ghlanadh. Ní raibh sé ag cur greim' amach nach raibh a dhá oiread ag teacht asteach. Thug sé an obair suas, agus shuidh sé síos brónach go leór. Tháinig inghean na caillighe chuige, agus d'fhiafruigh dhé creud do bhí air. D'innis sé dhí, agus ann sin thar- raing sí píce amach agus le casadh do láimhe bhí an stábla glan. Ann sin thug sí an bio- rán dó agus dubhairt, "Ná h-innis dom' mháthair go ndearna me an nídh seó dhuit." Bhí cailleach na fiacla fada as an mbaile, acht nuair tháinig sí air ais 'san trathnóna thug an mac rígh an biorán dí. "Go deimhin is maith an buachaill thu," ar san chailleach
téidh chum an stábla agus luidh air phonnann anaice leis an láir dhuinn." Níor bh'fhada go dtáinig inghean na caillighe chuige, agus dubhairt, "Is olc an leabuidh tá agad." "Ní'l árach (neart) air," ar san mac rígh. "Tá go deimhin," ar san cailín. Ann sin chuaidh sí do'n láir dhuinn, agus tharraing lea- buidh breágh cluimh as a cluais, agus shocruigh sí do'n mhach rígh é. Ann sin thug sí dhó mairt- fheóil, caoir-fheóil, agus fíon, agus dubhairt leis "bí súgach." D'ith sé agus d'ól sé a sáith. D'imthigheadar go teach an rígh. Bhí fáilte mhór ag an rígh roimh a mhac. An lá air n-a mhárach phós mac an rígh inghean na caillighe. Bhí bainfheis aca air feadh seacht n-oidhche agus seacht la.
RIDIRE NA CLEASA. Annsan tsean-aimsir bhí duine-uasal ann. Ní raibh acht aon mhac amháin aige, agus nuair d'fhás an t-ógánach suas chuaidh an t-athair ag tóruigheacht mná dhó. Tháinig sé go teach feilméara a raibh inghean le pósadh aige agus d'iarr sé air an bhfeilméar a in- ghean do thabhairt d'á mhac mar chéile. Du- bhairt an feilméar leis nach dtiubhrad sé a inghean do fhear air bith acht d'fhear-ceirde. Bhí mac an dhuine uasail i ngrádh le h-inghin an fheilméara agus dubhairt sé le n-a athair, "Caithfidh mé céird fhóghlaim, agus fanfaidh inghean an fheilméara liom." An lá air na mhárach d'imthigh an t-athair agus an mac agus bhídheadar ag siúbhal go dtángadar go bruach na fairrge. Chonnairc siad fear air luing, d'- fhíafruigh sé dhíobh creud do bhí siad ag tóruighe- acht. "Tá mé tóruigheacht fir a mhúinfeadh céird do m' mhac," ar san t-athair. "Má leigfidh tu liom-sa é," ar san Ridire, "múinfidh mise ceird dó, agus bhéarfaidh me arís duit é, faoi cheann lá agus bliadhain." "Táim
sásta," ar san t-athair. Do thug an Ri- dire Cormac (b'é sin ainm mhic an duine uasail) air bhord luinge. Thóg sé an crann seóil agus chuir amach go fairrge. Budh fhear-draoigheachta an Ridire, agus nuair chuaidh sé tamall amach do bhuail sé buille de'n tslaitín-draoigheachta air Chormac, agus rinne poc gabhair dé. Rug sé leis é go dtángadar chum oileáin air an bhfairrge. Bhí teach breágh ag an Ridire air an oileán. Bhí dá bhuachaill deug eile air teurma ag an Ridire. Chuaidh Cormac air aghaidh go maith, go raibh an bhliadhain críochnuighthe agus bhí cuid mhaith draoigheachta fóghlamtha aige. Thug an Ridire Cormac leis air an luing, go dtáinig siad chum na h-áite a bhfuair sé Cormac ó'n athair. Bhí seisean air bhruach na fairrge agus bhí lúthgháire mhór air nuair chonnairc sé Cormac. "Seó é do mhac," ar san Ridire, tá céird mhaith aige, acht má fhágfaidh tu agam bliadhain eile é, béidh dá chéird aige. "Fágfaidh mé agad é," ar san t-athair, "agus fáilte." Rug an Ridire Cormac air ais leis agus bhí sé ag múnadh draoigheachta dhó go raibh an dara bliadhain críochnuighthe, agus bh fhios ag Cormach nach dtiúbhradh an Ridire a bhaile é, mar nár chuir an t-athair annsan
margadh, é do thabhairt air ais an dara h-uair. Anuair nach dtáinig an mac a bhaile ag deireadh na dara bliadhna chuaidh an t-athair dá thóruigheacht. Bhí sé ag siúbhal go dtái- nig sé go teach an Ridire agus dubhairt leis, "Cad fá nach dtug tu mo mhac a bhaile?" "Ní raibh sé ann mo mhargadh," ar san Ri- dire, "acht tig leat é do bheith agad air maidin amárach." Lá air na mhárach thug an Ridire an t-athair agus an mac leis, gur fhág sé iad air bhruach na fairrge. Ann sin dubhairt an mac, "Tá rásaidh móra le bheith i nGaillimh amárach, deunfaidh mé capall díom féin go ngnóthuighidh mé uile rása. Cuir uile phíghin a thig leat d'fhághail, orm; nuair a bhéidheas na rásaidh thart tiucfaidh Ridire na Cleasa le mise do cheannach, geobhfaidh tu dá cheud púnt orm; na sgar le mo shrian, agus béidh me 'sa' mbaile rómhad féin." Air maidin lá air na mhárach rinne an mac capall dé féin, le diallaid agus le srian óir. Chuaidh an t-athair ag marcui- gheacht air, agus chuaidh chum na rásaidh. Ghnó- thuigh sé uile rása, agus fuair an t-athair dá cheud púnt air, acht níor sgar se leis an t-srian, agus bhí an mac 'san mbaile roimhe.
Lá air na mhárach chuaidh an bheirt go teach an fheilméara, agus d'iarr siad an in- ghean. "Taisbéan dam bhfuil céird ag do mhac" ar san feilméar. Chuadar amach agus rinne an mac teach breágh a raibh ceithre reithe faoi. Chuadar uile asteach, agus d'im- thigh an teach air na reithibh mar chóiste mór, "Tá mé sásta go bhfuil céird ag do mhac," ar san feilméar, "tig leis m'inghean a bheith aige." Pósadh an lánamhain, agus bhí mic agus ingheana go leór annsan teach-air- reithibh. Fuair siad-san an t-áth agus sinne na clocháin, báitheadh iad-san agus tháinig sinne slán.
MINIC-A-THIG. Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí in- ghean sgiamhach aige, agus bhí uile dhuine i ngrádh léithe. Bhidheadh beirt ógánach ag teacht i g-cómhnuidhe faoi 'na déin 'gá cúir- téireacht. Do thaithnigh fear aca léithe, agus níor thaithnigh an fear eile. An fear nár chuir sí suim air bith ann, do thigeadh sé go minic go tigh a h-athar le h-amharc uirri féin agus le bheith ann a cuideachta, acht an fear a raibh dúil aici ann, ní thigeadh sé acht go h-anamh. B' fhearr leis an athair í do phósadh an bhuachaill a bhí teacht chuici go minic, agus rinne sé dínéir mhór, aon lá amháin, agus chuir sé cuireadh air uile dhuine. Nuair bhí na daoine uile cruinnighthe, dubhairt sé le na hinghin, "Ól deoc anois," ar sé, "air an bhfear is fearr leach annsan g-cuideachta so," mar shaoil sé go n-ólfadh sí deoch air an bhfear budh mhaith leis féin. Thóg sí an ghlaine ann a láimh, agus sheas sí suas, agus dhearc
sí 'nna timchioll, agus ann sin dubhairt sí an rann so. Ólaim do shláinte a Mhinic-a-thig, Faoi thuairm sláinte a' Mhinic-nach-dtig; Is truagh é nach Minic-nach-dtig A thigeas chomh minic le Minic-a-thig. Shuidh sí síos nuair dubhairt sí an cheath- ramha, agus níor labhair sí aon fhocal eile an trathnóna sin. Acht níor tháinig an fear óg "Minic-a-thig" chomh fada léithe arís, mar thuig sé nach raibh sé a' teastál, agus phós sí fear a rogha féin, le toil a h-athar. Níor chualaidh mé aon nuaidheacht eile dá taoibh o shoin.
AN SEAN-PHRÉACÁN AGUS AN PRÉACÁN ÓG. Bhí sean-phréachán ag múnadh préacháin óig, aon lá amháin, agus dubhairt sé leis. "Nois a mhic," ar seisean, "éist leis an g-cómhairle tá mise tabhairt duit. Má fheicidh tu duine teacht anaice leat agus ag cromadh, fanaic thu féin, agus bí air do choimhéad, - tá sé cromadh air chloich le na cathadh leat." "Acht innis dam," ar san préachán óg, creud do dheunfainn dá mbeitheadh an chloch aige cheana, shíos ann a phóca." "Maiseadh 'hugaidh'" leat, ar san sean- phréachán, "thá tu múinte do sháith, diabhal múnadh eile is féidir liom-sa thabhairt duit."
RANTA AGUS CEARTHRAMHNA. An buailteór do bh'fhearr 'san tír, is é seó an gleus buailte d'iarr sé. Colapán coll Buailtín cuilin, Urlar lom Agus aon phunnann. Bhí buachaill bocht ann, aon uair amáin, agus bhí sé air aimsir, le máighistir cruaidh, a bhdheadh ag cur oibre air o mhaidin go h-oidhche, go raibh sé cráidhte gan sgith gan suan. D'fhan an gasún go bhfacaidh sé go raibh a mháighistir ag éisteacht leis, agus du- bhairt sé ann sin i riocht go g-cluinnfidhe é. "Ochón í ó! tá 'n lá rófada, agus an obair atá agam le deunamh!" Agus ghabh sé an rann so. Brón ort a ghrian 'S maith é do chiall Ní raibh tu ariamh air aimsir, Dá g-caithfeá acht bliadhain Le Donnach o Brian Do bheidheá dul siar i g-"canter."
Níor leig Donnach o Brian air, gur chua- laidh sé é acht fuair an buachaill boige éigin uaidh ó'n lá sin amach. Nuair a luaidhtear an dias garlach Is gnáthach leó a bheith grádhach carthanach. An té tá shíos, buailtear cos air, An té tá shuas, óltar deoch air. Tearr teann, Fada fann. Is mairg an nidh bréunra gan síol, Is mairg a bheith i dtír gan a bheith tréi- dheach, Is mairg an nidh cómhradh gan slacht, Agus is mairg nach g-cuireas smacht air a bheul. Cómhairle do thabhairt do dhuine borb Ní bhfuil ann acht nidh gan chéill, Go g-claoidhtear é 'nna locht 'S go ndítear é 'nna aimhleas féin. Sláinte d'á bhfuil i n-Eirinn 'S i g-Condaé Mhuigh-Eó, 'S an té nach maith leis go maith sinn Ná raibh sé bhfad beó.
Ná creid fionóg agus na creid fiach Agus ná creid briathar na mná, Má 's mall no luath éireóchaidh an ghrian Mar thógróchaidh Dia béidh an la. Sábháil m'fheur le teas na gréine 'S mise mo bhannaidh béidh páidhe do laé 'gad. Is fuath liom cláirseach gan teudaibh, Is fuath liom breuga gan bhinneas, Is fuáth liom trompa gan teanga, 'S is fuath liom táilliúr gan deimheas. Ceithre Sacsonach nach bhfuil sanntach, Ceithre Franncach nach bhfuil buidhe, Ceithre gréasaidh nach bhfuil breugach, Sin dhá-dhéag nach bhfuil 'san tír. Cia bé théidheann as, no nach dtéidheann as, Ni theidheann fear an eadarsgáin as.
TOMHSANNA. Teach mór mór é, Coinnleóir óir é, Tomhais go ceart é. Ná leig thart é. An flaitheas. Tá gardha beag shiar ann sin, lán de dhaoin'-uaisle, Birreuda beag' orra, agus ribínidhe uaithne. Lín. Chuadhas suas an bóithrín 's anuas an bóithrín Agus rug mé an bóithrín liom air mo dhluim. Dréimire.
Seó chugaibh thríd an tsáile é, féil iocán na gréine, Fear an chóta ghuirm agus snáithe dearg 'nna léine. Gliomach. Chaith mé suas é chomh geal le sneachta, Agus tháinig sé anuas mar ór buidhe air leachta. Ubh. Ritheas agus fuaireas, Shuidheas agus chuairtigheas, Dá bhfághainn é ní bhéarfainn liom é, Agus mar nach bhfuaireas, thugas. Dealg. Tágann sé asteach air ghuailnibh daoine 'S imthigheann sé amach 'nna shnáithe síoda. Deatach. Cídhim chugam thríd an lios Fear na coise caoile cruaidh', Is é mo thruagh gan é air rith Óir air a bhfuil beó fághann sé buaidh. An Bás.
Tá caisleán 'sa' ngardha, ann a g-cómh- naigheann na céudta, Ní fhillfinn féin ann i leath mo chuid éudaigh. Póirín Seangán. Teachtaire beag o theach go teach A chodlas amuigh san oidche. Bóithrín. Bhí buachaill óg ann, aon uair amháin, agus ní raibh duine air bith annsan tír chomh críona leis. Bhí sé 'nna shearbhfhóghanta ag duine- uasal, agus uile cheist do chuiridhe air an duine-uasal, is é d'freagóradh í. Aon lá amháin dubhairt duine-uasal eile le na mhái- ghistir. Seó ceist agam ort a dhuine-uasail tá ag luasg ann do shodar ó'n Spáin, Cia an uair fuair Buachaill Sir Donnchadh bás? agus dfhreagair an gasún air an móimid, Duais fuair mé ó'n duine-uasal tá shuas ag an g-clár Gach cruaidh-cheist do chuirfidhe air, d'fhuasg- ailt go lá, Nuair d'fhuaruigh a ghuala a chluasa agus a lámh Sin í an uair fuair Buachaill Sir Donncadh bás!
CAILLEACHA NA FIACLA FADA. A bhfad ó shoin annsan t-sean-aimsir tháinig dream daoine uasal as B'l'acliath go Loch-glinne a' seilg, agus ag iasgaireacht. Chuireadar suas i dteach an t-sagairt mar nach raibh aon teach-ósta annsa' mbaile beag. An cheud lá chuadar a' seilg, chuadar asteach bi g-Coill-dhrimineach, agus níor bhfada gur ruaig siad geirrfhiadh. Loisg siad iomdha peiléur 'nna dhiaigh, acht níor fheudadar a thabhairt anuas. Leanadar dó go bhfaca- dar é a' dul asteach i dteach beag annsa' g-coill. Nuair tháncadar go dtí an doras, chon- nairc siad madadh mór dubh, agus ní leigfeadh sé asteach iad. "Cuir peileur thríd an mbeitheamhnach," ar fear aca. Do sgaoil sé peileur acht ghabh an madadh ann a bheul é, chogain, agus chaith air an talamh é. Sgaoileadar aon agus aon eile, acht rinne an madadh an nidh ceudna
leó-san. Annsin thoisigh sé ag tathfant chomh árd a's d'fheud sé, agus níor bhfad go dtái- nig cailleach amach agus uile fhiacal ann a ceann chomh fada leis an teangas, "cad tá sibh a' deunammh air an g-coileán," ar san chailleach. "Chuaidh geirrfhiadh asteach ann do theach agus ní leigfidh an madadh so asteach sinn 'nna dhiaigh," ar fear de na fir (fearaibh) seilge. "Luidh síos a choileáin," ar san chailleach. Ann sin dubhairt sí, "Tig libh teacht asteach má's mian libh." Bhí faitchios air na seil- giribh do dhul asteach, acht d'fhiafruigh fear aca, "bhfhuil aon duine annsan teach leat?" "Tá seisear deirbhshiúir," ar san chailleach. Budh mhaith linn iad d'fheiceál (d'fheicsint) ar sna seilgiridh. Ní túisge dubhairt siad an focal 'ná tháinig na cailleacha eile amach, agus bhí fiacla ag gach aon aca chomh fada le chéile. A leitheid de amharc ni fhacaidh na fir seilge ariamh roimhe sin. Chuadar thríd an g-coill agus chonnairc siad móirsheisear préacháin-ingneach' air aon chrann amháin agus iad a' sgreich. Thoisigh na seilgiridh ag pleusgadh urchar 'nna ndiaigh, acht da mbeidheadh siad annsin ó shoin ní thiúbh- radh siad aon aca anuas.
Tháinig sean duine liath chuca agus dubhairt, "Is iad sin cailleacha na fiacla fada a bhí- dheann 'nna g-cómhnuidhe annsan teach beag úd thall, nach bhfuil fhios agaibh go bhfuil siad faoi dhraoigheacht. Táid ann le ceud- taibh bliadhain, agus tá madadh aca nach leig- fidh aon duine asteach 'sa' teach beag. Tá caisleán aca faoi an loch, agus is minic chon- nairc na daoine iad a' deunamh seacht n-ea- la dhíobh féin agus a' dul asteach 'sa' loch." Nuair tháinig na fir seilge a bhaile an trathnóna sin, d'innis siad gach nidh d'á bhfa- cadar agus d'á chualadar air feadh an laé do'n tsagart, acht níor chreid sé an sgeul. Lá air na mhárach chuaidh an sagart leis na fir (fearaibh) seilge, agus nuair tháncadar anaice leis an teach beag chonnairc siad an madadh mór dubh ag an doras. Chuir an sagart a ghleus bheannuighthe faoi a mhui- neul, tharraing amach leabhar, agus thoi- sigh a' léigheadh urnaighe. Thoisigh an madadh mór ag tathfant go h-árd. Tháncadar na cailleacha amach agus nuair chonnairc siad an sagart leigeadar sgread asta a chluin- neadh ann gach uile áit i n-Éirinn. Nuair bhí an sagart tamall ag léigheadh, rinne na cailleacha preacháin ingneach' díobh féin agus
d' eitill suas air chrann mór a bhí os cionn an tíghe. Thoisigh an sagart a' teannadh asteach air an madadh, go raibh sé i bfoigse cúpla troigh dhó. Thug an madadh léim suas, bhuail an sagart 'sa' mbrollach le na cheithre cosaibh, agus chuir air a "thar-anáird" é. Nuair thóg na fir seilge é, bhí sé bodhar agus balbh acht níor chorruigh an madadh ó'n doras. Thu- gadar an sagart abhaile agus chuireadar fios air an easbog. Nuair tháinig sé agus nuair chualaidh sé an sgeul bhí brón mór air. Chruinnigh an pobal agus d'iarradar air, cailleacha na draoigheachta do dhíbirt ar an g-coill. Bhí faitchios agus náire air, agus ní raibh fhios aige creud do dheunfadh sé, acht dubhairt se leo. Ní'l slíghe agam le na ndí- birt go dtéidh' mé abhaile acht tiucfaidh mé faoi cheann míosa agus díbeóraidh mé iad. Bhí an sagart róbhreóidhte le rud air bith a dheunamh. Budh é an madadh mór dubh athair na g-cail- leach, agus budh é a ainm Diarmuid O Mul- mhúinne. Do mharbh a mhac féin é, mar fuair sé é 'nna chodladh le na mhnaoi an oidhche an- dhiaigh a phósta, agus mharbh sé na deirbhshiúi- reacha le faitchios go n-innseóchadh siad air.
Aon oidhche amháin bhí an t-easbog ann a she- ómra 'nna chodladh, nuair d'fhosgail aon de chail- leachaibh na fiacla fada an doras agus tháinig sí asteach. Nuair mhúsgail an t-easbog chon- nairc sé an chailleach 'nna seasamh le taoibh a leabuidh. Bhi an oiread sin faitchis air nár fheud sé focal a labhairt, gur labhair an chail- leach agus dubhairt leis, "Na bíodh aon fhait- chios ort; ní le olc a dheunamh tháinig mé acht le cómhairle do thabhairt duit. Gheall tu do phobal Loch-glinne go dtiucfá le cailleacha na fiacla fada do dhíbirt as Choill-dhrimineach. Má thágann tu ní rachaidh tu air ais beó." Tháinig a chaint ag an easbog agus dubhairt sé, ní thig liom m'fhocal do bhriseadh. "Ní'l againn acht lá agus bliadhain eile le bheith 'sa' g-coill," ar san chailleach, agus tig leat na daoine do chur díot go dtí sin." "Cad fá bhfuil sibh 'sa' g-coill, mar tá sibh?" ar san t-easbog. "Mharbh ár ndearbhráthair sinn," ar san chailleach, "agus nuair chuadhmar i láthair an árd-bhreithimh tugadh breitheamhnas orrainn do bheith mar támaoid, dhá cheud blia- dhain. Tá caisleán againn faoi an loch a mbídheann sinn ann uile oidhche. Támaoid-ne ag fulang air son na coir' do rinne ár n-athair." Ann sin d'innis sí dhó an choir a
rinne an t-athair. "Is cruaidh é bhúr g-cás," ar san t-easbog, "acht caithfimíd chur suas le toil an árd-bhreithimh, agus ní chuirfidh mé aon trioblóid orraibh." "Geobhaidh tú fuag- radh nuair a bhéidh sinn imithghthe as an g-coill," ar san chailleach. Ann sin d'imthigh sí uaidh. Air maidin, lá air na mhárach. tháinig an t- easbog go Loch-Glinne. Chuir sé fuagradh amach agus chruinnigh an pobal. Ann sin dubhairt sé leó, "Is é toil an árd-rígh nach mbéidh cúmhacht na draoigheachta díbirte go dtí lá agus bliadhain eile, agus caithfidh sibh congbháil as an g-coill go dtí sin. Is mór an t-iongnadh liom nach bhfacaidh sibh na cail- leacha draoigheachta go dtáinig na fir seilge as Bh'l'acliath, is truagh nar fhan siad 'sa' mbaile." Timchioll seachtmhain 'nna dhiaigh sin, bhí an sagart aon lá amháin leis féin, ann a sheomra. Budh lá róbhreágh é agus bhí án fhuinneóg fosgailte. Tháinig spideóg an bhrollaigh dheirg asteach agus luibh bheag ann a beul. Shín an sagart a lámmh amach agus leig sise an luibh uirri. "B' éidir gur b' é Dia do chuir an luibh seó chugam," ar san sagart leis féin, agus d' ith sé í. Ní raibh se móimid ithte aige go raibh sé chomh slán a's bhí sé ariamh, agus
dubhairt sé, "Míle buidheachas do 'n té a bhfhuil cúmhachta aige níos láidre 'ná cúmhacht na draoigheachta." Ann sin dubhairt an spideóg, "An cuimhin leat spideóg na coise briste a bhí agad, dhá bhliadhain, an geimmhreadh so chuaidh thart?" "Is cuimhin liom go dei- mhin," ar san sagart, "acht d'imthigh sí uaim' nuair tháinig an samhradh." "Is mise an spideóg cheudna agus mur (muna) mbeidheadh an mhaith a rinne tu dham ni bheidhinn beó anois, agus bheidheá-sa bodhar agus balbh air feadh do bheatha. Glac mo chómhairle anois agus ná téidh anaice le cailleachaibh na fiacla fada níos mó, agus ná h-innis d'aon duine beó go dtug mise an luibh duit." Ann sin d'eitill sí uaidh. Nuair tháinig a bhean-an-tighe chuige, bhí ion- gantas uirri go raibh caint agus éisteacht aige. Chuir sé sgeul ag an easbog agus tháinig se go Loch-Glinne. D' fhiafruigh sé de'n tsagart cia an chaoi a bhfuair sé biseach chomh h-obann. "Is rún é," ar san sagart, "acht thug cara aithrighe luibh bheag dam agus shlánuigh sí mé. Nior thárla aon nidh eile fiú innsint go raibh an bhliadhain imthighthe. Aon oidhche amháin 'nna dhiaigh sin, bhí an t-easbog ann a sheomra,
nuair d'fhosgail an doras agus shiúbhail cail- leach na fiacla fada asteach agus dubhairt. "Tháinig me le fuagradh do thabhairt duit go mbéidhmíd a' fágbháil na coille seachtmhain on' lá andiú. Ta aon nidh amháin agam le h-iarraidh ort, má dheunfaidh tu dham é." "Má tá sé ann mo chúmhacht agus gan a bheith anaghaidh an chreidimh deunfad e," ar san t-easbog. "Seachtmhain ó'n lá andiú béidh seacht bpréacháin-ingneach' marbh ag doras ár dtíghe 'sa' g-coill. Tabhair ordughadh iad do chur annsa' g-cuiléar atá eidir an choill agus an baile-glas. Sin é an méad atá mé ag iarraidh ort." "Deunfad sin má mhairim beó," ar san t-easbog. Ann sin d'fhág sí é, agus ní raibh brón air, í d'im- theacht. Seachtmhain ó'n lá sin tháinig an t-easbog go Loch-Glinne, agus an lá 'nna dhiaigh sin thug sé fir leis, agus chuaidh go teach na g- cailleach annsa' g-coill-dhriminigh. Bhí an ma- dadh mór dubh ag an doras, agus nuair chon- nairc sé an t-easbog thoisigh sé a' rith agus níor stop go ndeacaidh sé asteach 'sa' Loch Connairc se na seacht bpréacháin-ingneach' marbh ag an doras, agus dubhairt sé leis na fearaibh, "tabhairidh libh iad sin, agus
lean mise. Thógadar na préacháin suas agus leanadar é go bruach an chuiléir. Ann sin dubhairt sé leó, "caith asteach 'sa' g-coiléar iad, is é sin deireadh na g-cailleach-draoi- gheachta." Chomh luath agus chaith na fir iad síos go bonn an chuiléir, d'éirigh seacht n-ealaidh chomh geal le sneachta suas agus d' eitill as a n-amharc. Budh hé tuairm an easbuig, agus uile dhuine do chualaidh an sgeul gur suas go flaitheas d'eitill siad agus go ndeacaidh an madadh mór dubh go dtí an caisleán faoi an loch. Air chaoi air bith ni fhacaidh aon duine cail- leacha na fiacla fada, ná an madadh mór dubh as sin amach.
A bhfad ó shoin, bhí baintreabhach 'nna cómh- nuidhe i g-condaé na Gaillimhe, agus beirt mhac aici, dar b'ainm Diarmuid agus Dómh- nal. B'é Diarmuid an mac is sine agus bhí sé 'nna mháighistir os cionn an tíghe. Budh fheilméaraidh móra iad, agus fuaradar fuag- radh ó'n tíghearna-talmhan le teacht agus cíos bliadhna d'íoc leis. Ní raibh mórán airgid aca 'san teach, agus dubhairt Diarmuid le Dómhnal," tabhair uallac coirce go Gaillimh agus díol é. Fuair Dómhnal uallach réidh, chuir dá chapall faoi an g-cairt agus d'imthigh go Gaillimh. Dhíol sé an coirce agus fuair se luach maith air. Nuair bhí sé teacht abhaile, 'fhan sé ag an teach leath-bhealaigh mar budh ghnáthach leis, le deoch do bheith aige féin, agus le deoch, agus coirce do thabhairt do na cap- laibh. Nuair chuaidh sé asteach le deoch d'fhághail ó féin, chonnairc sé beirt bhuachaill ag imirt cárda. D'fheuch sé orra tamall agus du- bhairt ceann aca "m-béidh cluiche agad?" Thoisigh Dómhnal ag imirt agus níor stop gur chaill sé uile phíghin de luach an choirce. "Creud
deunfaidh mé anois?" ar Dómhnal leis féin, "marbhfaidh Diarmuid mé, air chaoi air bith rachaidh mé abhaile, agus innseóchaidh mé an fhírinne. Nuair chuaidh sé abhaile d'fhiafruigh Diarmuid dé, "ar dhíol tu an coirce," "Dhío- las, agus fhuaireas luach maith ar," ar Dómh- nal. "Tabair dam an t-airgiod," ar Diarmuid. "Ní'l sé agam," ar Dómhnal, "chaill me uile phíghin dé ag imirt cárda ag an teach leath-bhealaigh. "Mo mhallacht agus mallacht na ceithre fir fichid ort," ar Di- armuid. Chuaidh sé agus d'innis do'n mháthair an cleas a rinne Dómhnal. "Tabhair pár- dún dó an t-am so," ar san mháthair agus ní dheunfaidh sé arís é." "Caithfidh tu uallach eile dhíol amárach, ar Diarmuid, agus má chailleann tu an luach, ná tarr ann só. Air maidin, lá air na mhárach, chuir Dómh- nal uallach eile air an g-cairt agus d'imthigh go Gaillimh. Dhíol sé an coirce agus fuair luach mór air. Nuair bhí sé teacht a bhaile agus i ngar do'n teach leath-bhealaigh dubhairt sé leis féin, "Druidfidh mé mo shúile, go dtéidh' mé thar an teach sin le faitchios go m- beidheadh cathughadh orm do dhul asteach. Dhruid sé a shúile, acht nuair tháinig na capaill chomh fada leis an teach-ósta do sheasadar agus
ní rachadh siad céim níos faide, mar budh ghnáthach leó coirce agus uisge d'fhághail 'san áit sin, uile am bhídheadh siad a' teacht as Gaillimh. D'fhosgail sé a shúile, thug coirce agus uisge do na caplaibh, agus chuaidh asteach le splanc do chur ann a phíopa. Nuair chuaidh sé asteach chonnairch sé na buachaillidh ag imirt cárda. D'iarradar air imirt, agus b'éidir go gnóthóchadh sé an méad do chaill sé an lá roimhe. Mar tá cathughadh air na cárdaibh thoisigh Dómhnal ag imirt agus níor stop gur chaill sé uile phíghin d'á raibh aige. Ní'l aon mhaith dham dul abhaile anois," ar Dómhnal, "cuirfead na capaill agus an chairt anaghaidh an mhéid a chaill mé." D'imir sé arís, agus chaill sé na capaill agus an chairt. Ann sin ní raibh fhios aige creud do dheunfadh sé, agus smuain sé agus dubhairt, mur (muna) dtéidh' mé abhaile béidh imnidhe air mo mháthair bhocht. Rachaidh mé a bhaile agus innseóchaidh mé an fhírinn' dí. Ní thig leó acht mo dhíbirt. Nuair tháinig sé abhaile, d'fhiafruigh Diar- muid dé, "Ar dhíol tu an coirce? no cá bhfhuil na capaill agus an chairt?" "Chaill mé an t-iomlán ag imirt cárda, agus ni thiuc- fainn air ais, acht le mo bheannacht d'fhágbháil
agaibh, seal má (sul) imthighim." "Nár thá- gaidh tú air ais go deó, ná píghin de d' luach," ar Diarmuid, "agus ní theastuigheann do bheannacht uaim." D'fhág sé a bheannacht ag a mháthair ann sin, agus d'imthigh air siúbhal, ag tóruigheacht seirbhíse. Nuair bhí dorchadas na h-oidhche teacht bhí tart agus ocaras air. Chonnairc sé fear bocht a' teacht chuige, agus mála air a dhruim. D'aithnigh sé Dómhnal, agus du- bhairt, "A Dhómhnail creud do thug ann so thu, no cá bhfuil tu dul?" "Ní'l aithne agam ort-sa," ar Dómhnal. "Is iomdha oidhche mhaith do chaith mé i dteach d' athar, go ndeunfaidh Dia trócaire air," ar san fear bocht, b' éidir go bhfuil ocaras ort, agus nach mbeidheá anaghaidh ith' as mo mhála-sa." "Is caraid do bhéarfadh dham é," ar Dómh- nal. Ann sin thug an fear bocht mart-fheóil agus arán dó, agus nuair d'ith sé a sháith d'fhiafruigh an fear bocht dé, "cá bhfhuil tu dul anocht?" "Maiseadh, ní'l fhios agam," ar Dómhnal. "Tá duine uasal annsan teach mór sin shuas, agus tugann sé lóistín do dhuine air bith a thágann chuige andhiaigh dorchadais na h-oidhche,
agus tá mise a' dul chuige," ar san fear bocht. "B' éidir go bhfuighinn-se lóistín leat," ar Dómhnal. Ní'l amhras air," ar san fear bocht. Chuaidh an bheirt go dtí an teach mór, agus bhuail an fear bocht ag an doras, agus d'fhos- gail searbhfhóghanta é. "Teastuigheann uaim máighistir an tíghe seó d'fheiceal (d'fheicsint)," ar Dómhnal. D' imthigh an searbhfhóghanta, agus tháinig an máighistir, "Tá mé 'g iarraidh lóistín oidhche má 's é do thoil é," ar Dómhnal. "Bhéarfaidh mé sin dhaoibh má fhannann sibh. Téidhidh suas go dtí an caisleán, ann sin shuas, agus béidh mise ann bhúr ndiaigh, agus má fhanann sibh ann go maidin, geóbhaidh gach fear díbh cúig fichid píosa deich-bpíghin, agus béidh neart le n-ithe agus le n-ól agaibh, freisean, agus leabuidh maith le codladh air." "Is maith an tairgsin é sin," ar siad-san, "rachamaoid ann." Chuaidh an bheirt go dtí an caisleán, chua- dar asteach i seómra, agus chuireadar síos teine. Níor bh'fhada go dtáinig an duine- uasal, ag tabhairt mart-fheóil, caor-fheóil, aráin agus neithe eile. "Tar liom anois go
dtaisbéanfaidh mé an soiléar daoibh, tá neart fíona agus leanna ann agus tig libh bhúr sáith do tharraing." Nuair thaisbéan se an soiléar dóibh, chuaidh sé amach, agus chuir glas air an doras 'nna dhiaigh. Ann sin du- bhairt Dómhnal leis an bhfear bocht, "cuir na neithe le n-ithe air an mbord, agus rachaidh mise i g-coinne an leanna." Ann sin fuair sé solas agus crúisgín agus chuaidh síos ann- san tsoiléar. An cheud bhairille a tháinig sé chuici, chrom sé síos le tarraing aisti, nuair dubhairt guth. "Stop! is liom-sa an bhairille sin." D'fheuch Dómhnal suas agus chonnairc sé fear beag gan cheann le na dhá chois sghartha air an mbairille. "Má 's leat é," ar Dómhnal, "rachad go ceann eile." Chuaidh sé go ceann eile, agus nuair chrom sé le tarraing, dubhairt Colann- gan-cheann, "is liom-sa an bhairille sin." "Ní leat iad uile," ar Dómhnal, "rachad go ceann eile. Chuaidh sé go ceann eile agus nuair thoisigh sé a' tarraing dubhairt Colann gan- cheann, "is liom-sa é sin." "Is coma liom," ar Dómhnal, "líonfad mo chrúisgín." Rinne sé sin, agus tháinig suas ag an bhfear bocht, acht níor innis sé dhó go bhfacaidh sé Colann-gan-cheann. Ann sin thoisigh siad ag ithe agus ag ól, go
raibh an crúisgín folamh. Ann sin dubhairt Dómhnal, "is é d'am-sa le dul síos agus an crúisgín do líonadh." Fuair an fear bocht an choinneal agus an crúisgín agus chuaidh síos annsan tsoiléar. Thoisigh sé ag tar- raing as bhairille nuair chualaidh sé guth ag rádh, "Is liom-sa an bhairille sin." D'fheuch sé suas, agus nuair chonnairc sé Colann- gan-cheann leig sé do'n chrúisgín agus do'n choinneal tuitim, agus as go bráth leis, suas ag Dómhnal. "Cá bhfuil an crúisgín agus an choinneal?" ar Dómhnal. "O is beag nach bhfuil mé marbh," ar san fear bocht, "con- nairc mé fear gan cheann le na dhá chois sgartha air an m-bhairille, agus dubhairt sé go mbudh leis í." "Ní dheunfadh sé aon ana- chain ort," ar Dómhnal, bhí sé ann sin nuair chuaidh mise síos, éirigh agus tabhair chugam an crúisgín agus an choinneal." "Ní rachfainn síos arís dá bhfághainn Éire gan roinn," ar san fear bocht. Chuaidh Dómhnal síos, agus thug suas an crúisgín líonta. An bhfacaidh tu Colann-gan-cheann?" ar san fear bocht. "Connairc mé," ar Dómhnal, "acht ni dhearna sé aon dochar orm." Bhídheadar ag ól go rabhadar leath air meisge. Ann sin dubhairt Domhnal, "tá sé
ann am dúinn dul 'nn ár gcodladh; cia an áit b'fhearr leat, air coluadh no ag an mballa?" "Rachad anaice leis an mballa," ar san fear bocht. Chuadar annsan leabuidh ag fág- bháil na coinnle 'nna lasadh. Ní rabhadar a bhfad 'sa' leabuidh, go bhfa- cadar triúr fear a' teacht asteach, agus eud- tromán aca. Thoisigheadar ag bualadh báire air an urlár acht bhí beirt aca anaghaidh aoin. Dubhairt Dómhnal leis an bhfear bocht, "Ní'l sé ceart do bheirt do bheith anaghaidh aoin, agus leis sin léim sé amach, agus thoisigh ag cuideachtan leis an taoibh laig, agus é gan snáithe air. Annsin thoisigh siad ag gáiridhe, agus shiúbhail siad amach. Chuaidh Dómhnal ann a leabuidh arís, acht ní raibh sé a bhfad ann, go dtáinig píobhaire asteach, ag seinm ceóil bhinn. "Éirigh suas," ar Dómhnal, "go mbéidh damhsa 'gainn, is mór an truagh ceól breágh do leigeant amúgha. "Air do bheatha, ná corruigh," ar san fear bocht. Thug Dómhnal léim amach, agus thoisigh ag damhsa, go raibh sé sáruighthe. Ann sin thoisigh an píobaire ag gáiridhe, agus shiúbhail amach. Chuaidh Dómhnal ann a leabuidh arís acht ní
raibh sé bhfad ann gur shiúbhail beirt fhear asteach ag iomchar cónra (cómhra). Leag siad air an urlár é, agus shiúbhail siad amach. "Ní'l fhios agam cia atá 'sa' g-cómhra, no an dúinne tá sí," ar Dómhnal, rachaidh mé go bhfeicfidh mé." Thug sé léim amach, thóg clár na cómhra, agus fuair fear marbh ann. "Dar mo chóinsias, is fuar an áit atá agad," ar Dómhnal, "dá bhfeudfá éirighe agus suidhe ag an teine bheidheá níos fearr." D'éirigh an fear marbh, agus théigh é féin. Ann sin du- bhairt Dómhnal, "tá an leabuidh fairsing go leór do thriúr." Chuaidh Dómhnal 'sa' lár, an fear bocht ag an mballa, agus an fear marbh air an g-coluadh. Níor bhfad gur thoisigh an fear marbh ag brúghadh Dómhnail, agus Dómh- nal ag brúghadh an fhir bhoicht, go raibh sé ion- nann agus marbh agus b' éigin dó léim do thabhairt thríd an bhfuinneóig, agus Dómhnal agus an fear marbh d'fhágbháil ann sin. Bhí an fear marbh ag brúghadh Dómhnail gur beag nár chuir sé thríd an mballa é. "Léirsgrios ort," ar Dómhnal, "is díom- buidheach an fear thú, leig mé amach as an g-cómhra thu, thug mé teas teine agus roinn mo leabhuidh dhuit, agus anois ní chongbhóchaidh tú socair, acht cuirfidh mise amach as an
leabuidh thu." Ann sin labhair an fear marbh agus dubhairt, "Is fear treun thu, agus ní mhór (ní fuláir) duit no bheidheá marbh." "Cia mharbhfadh mé?" ar Dómhnal. "Mise," ar san fear marbh, "níor tháinig aon fhear ann so le fiche bliadhain nár mharbh mé. Bhfhuil fhios agad an fear d'íoc thú, air son fana- mhaint ann só?" "B'fhear-uasal é," ar Dómhnal. "Is é mo mhac-sa é," ar san fear marbh, "agus saoileann sé go mbéidh tusa marbh air maidin; acht tar liom-sa anois." Thug an fear marbh é síos annsan tsoiléar, agus thaisbéan sé leac mhór dó. "Tóig an leac sin, tá trí pota fúithi, agus iad líonta d'ór; is air son an óir do mharbh siad mé, acht ní bhfuair siad an t-ór. Bíodh aon phota agad-sa, agus pota ag mo mhac, agus an ceann eile roinn é air na daoinibh bochta." Ann sin d'fhosgail sé doras 'sa' mballa agus tharraing amach páipeur, agus dubhairt le Dómhnal, "tabhair é seó do mo mhac, agus abair leis gur b' é an buitléar do mharbh mé air son mo chod' óir. Ní thig liom suaimhneas fhághail go mbéidh sé crochta, agus má tá fiadh- nuise a' teastál tiucfaidh mise taobh-shiar díot annsan g-cúirt gan cheann orm, agus tig le huile dhuine m'fheiceál. Nuair bhéidh
sé crochta pósfaidh tú inghean mo mhic, agus tar do chómhnuidhe annsan g-caisleán só. Ná bíodh aon fhaitchios ort rómham-sa, mar béidh mise imthighthe go suaimhneas síorruidhe; slán leat anois." Chuaidh Dómhnal 'nna chodladh, agus níor mhúsgail sé go dtáinig an duine-uasal as- teach air maidin, agus d'fhiafruigh dhé ar chodail sé go maith, nó cá ndeacaidh an sean- fhear, a d'fhág sé leis. "Innseóchaidh mé sin duit, am eile, tá sgeul fada agam le h-inn- seacht (innsint) duit i dtosach." "Tar go dtí mo theach liom," ar san duine-uasal. Nuair bhí siad a' dul go dtí an teach, cia d'fheicfeadh siad a' teacht amach as na sgea- thachaibh, acht an fear bocht gan snáithe air, níos mó 'ná do bhí air an oidhche a rugadh é, agus é ag crathadh leis an bhfuacht. Fuair an duine uasal a chuid eudaigh dhó, thug a thuarasdal dó, agus as go bráth leis. Chuaidh Dómhnal go teach an duine uasail,agus nuair d' ith agus d' ól sé a sháith, dubhairt sé, "tá sgeul agam le h-innseacht duit." Ann sin d' innis sé dhó gach nídh a thárla dhó an oidhche roimhe, go dtáinig sé chomh fada leis an roinn i dtaoibh an óir. "Tar liom, go bhfeicfidh mé an t-ór," ar san duine uasal. Chuadar go
dtí an caisleán, thóg sé an leac, agus nuair chonnairc sé an t-ór, dubhairt sé, "tá 's agam anois go bhfuil an sgeul fíor." Nuair fuair sé iomlán an eólais ó Dhóm- hnal, fuair sé barántas anaghaidh an bhuit- léir, acht cheil sé an choir. Nuair rugadh an buitléar i láthair an bhreithimh bhí Dómhnal ann sin agus thug fiadhnuise. Ann sin do léigh an breitheamh as a pháipéaraibh, agus du- bhairt, "Ní thig liom an fear só fhághail cionn- tach, ghan níos mó d'fhiadhnuise." "Tá mise ann só," ar Colann-gan-cheann a' teacht taobh shiar de Dhómhnal. Nuair chon- nairc an buitléar é dubhairt sé leis an mbhreitheamh "ná téidh níos faide, tá mé cionn- tach; mharbh mé an fear, agus tá a cheann faoi leic an teaghlaigh ann a sheómra féin." Ann sin d' orduigh an breitheamh an buitléar do chrochadh, agus d' imthigh Colann-gan- cheann. Lá air na mhárach pósadh Dómhnal le h-inghin an duine-uasail agus fuair sé spré mhór léithe, agus chuaidh sé 'nna chómhnuidhe annsan g-caisleán. Seal gearr 'nna dhiaigh seó, fuair sé a chóiste réidh, agus chuaidh air cuairt ag a mháthair. Nuair chonnairc Diarmuid an cóiste teacht,
ní raibh fhios aige cia an duine mór do bhí ann. Tháinig an mháthair amach, agus rith sí chuige, a' rádh, "Nach tu mo Dhómhnal féin, grádh mo chroidhe thú, bhídheas ag guidhe air do shon o d'imthigh tu." Ann sin d'iarr Diar- muid párdún air, agus fuair uaidh é. Ann sin thug Dómhnal sporán óir dó, ag rádh leis 'san am ceudna, "sin luach an dá uallach coirce agus na g-capall, agus na cairte." Ann sin dubhairt sé le na mháthair, budh chóir duit teacht abhaile liom-sa, tá caisleán breágh agam gan aon duine ann, acht mo bhean agus na searbhfhóghantaidh." "Rachad leat," ar san mháthair agus fanfad leat go bhfágh' mé bás." Thug Dómhnal an mháthair abhaile leis, agus chaitheadar beatha shona le chéile annsan g-caisleán.
CÚIRT AN CHRONNÁIN. A bhfad o shoin tháinig dream daoine uasal go h-abhainn atá eidir chondaé Mhuigh-Eó agus condaé Ros-Comáin, agus thogh siad amach áit dheas dóibh féin air bhruach na h-aibhne, agus chuireadar cúirt air bonn innti. Ni raibh fhios ag duine air bith annsna bailtibh beaga thart timchioll cia an áit a dtáinig na daoine uaisle seó as. B'é Mac-Dómhnail an t-ainm a bhí orra. Bhí na cómharsanna le fada gan carthanas do dheunamh leó, go dtáinig pláigh mhór bhí na daoine a' fághail bháis 'nna gceudtaibh. Aon lá amháin bhí aon mhac baintreabhaighe boichte a' fághail bháis leis an bpláigh mhill- tigh, agus ni raibh braon bainne aici le na theanga do fhliuchadh. Chuaidh sí go dtí an Chúirt agus d'iarradar dí creud do bhí sí ag iarraidh. D'innis sí dhóibh go raibh an taon mhac a bhí aici a' fághail bháis leis an bpláigh agus nach raibh braon bainne aici le na theanga fhliuchadh. "Is cruaidh do chás," ar
bean-uasal a bhí annsan g-cúirt, léithe, "bhéarfaidh mise bainne agus leigheas duit, agus béidh do mhac chomh slán faoi cheann uaire agus bhí sé ariamh." Ann sin thug sí canna- stáin dí agus dubhairt, "Téidh abhaile anois, ní bhéidh an canna sin folamh chomh fada agus bhéidheas (béidh) tusa no do mhac beó, má chong- bhuigeann tu an rún, gan innsint do dhuine air bith go bhfuair tu ann só é. Nuair a rachas tu abhaile cuir greim de sheamar-Mhuire annsan mbainne, agus tabhair do d' mhac é. Chuaidh an bhaintreabhach abhaile, chuir an seámar-Mhuire 'sa' mbainne, agus thug deoch do'n mhac, agus d' éirigh sé faoi cheann uaire chomh slán agus bhí sé ariamh. Annsin chuaidh an bhaintreabhach tríd na bailtibh leis an g-canna, agus ní raibh duine dá dtug sí deoch dó, nach raibh leigheasta faoi cheann uaire. Níor bhfada go ndeacaidh cáil Mháire ní Chíaracháin, b'é sin ainm na baintreabhaighe, tríd an tír, agus níor bhfada go raibh lán a' mhála d' ór agus d'airgiod aici- Aon lá amháin chuaidh Máire go pátrún Choill- te-broncais, d'ól an iomarcuidh, thuit air meisge, agus leig an rún amach. Tháinig trom-chodladh na meisge uirri, agus nuair mhúsgail sí, bhí an canna imthighthe. Bhí
an oiread sin bróin uirri, gur bháith sí í féin i n-áit d'ar b' ainm Poll-bán, i bhfoigse míle do Coillte-broncais. Shaoil uile dhuine anois go raibh canna an leighis le fághail aca i g-cúirt an Chronnáin dá rachadh siad ann. Air maidin, lá air na márach, chuaidh go leor daoine go dtí an chúirt agus fuaireadar uile dhuine a bhí innti marbh. Chuaidh an gháir amach agus chruinnigh na ceudta daoine, acht níor eud aon duine dul asteach, mar bhí an chúirt líonta de dheatach, agus tinnteach agus toirneach a' teacht amach aisti. Chuireadar fios air an tsagart a bhí i mBeallach-a'-doirín acht dubhairt sé, ní'l sé ann mo pharáiste agus ní bhéidh rud air bith agam le deunamh leis. An oidhche sin chon- nairc na daoine solas mór annsan g-cúirt agus bhí faitchios rómhór orra. Lá air na mhárach chuireadar sgeul go sagart go Lios- a'-choill, acht ni thiucfadh sé mar nach raibh an áit ann a pharáiste. Cuireadh fios air sha- gart go Cill-ma-bhídh ann sin' acht bhí an leith- sgeul ceudna aige-sean. Bhí dream bráthair bocht i g-Coillte-máin agus nuair chualadar an sgeul chuadar go dtí an chúirt gan duine leó acht iad féin.
Nuair chuadar asteach thoisigheadar ag rádh urnuighthe, acht ní fhacadar aon chorp. Faoi cheann tamaill d'imthigh an deatach, sguir an tinnteach agus an toirneach, d'fhosgail doras, agus tháinig fear mór amach. Bhreath- nuigh na bráithre nach raibh aige acht aon t-súil amháin, agus bhí sí sin ann a chlár- eudain. "Ann ainm Dé cia thú?" ar fear de na bráithribh. "Is mé Cronnán mac Bhelóir na súile nimhe, ná bíodh aon fhaitchios orraibh, ní dheunfad aon anachain orraibh, mar is deigh- fhir misneamhla sibh. Tá na daoine do bhí ann so imthighthe chum suaimhnis síorruidhe, anam agus corp. Tá fhios agam go bhfhuil sibh bocht agus go bhfhuil go leór daoine bocht timchioll orraibh. Seó dhaoibh dá sporán, ceann aca dhaoibh féin, agus an ceann eile le roinnt air na bochtaibh, agus nuair a bhéidheas an méad sin caithte, tigidh arís. Ní de'n tsaoghal so mise, acht ní dheun- fad anachain do dhuine air bith, mur (muna) ndeunfaidh siad orm-sa é i dtosach, agus congbhuighidh uaim." Ann sin thug sé dá sporán dóibh agus du- bhairt, "Imthighidh air bhúr n-deagh-obair anois." D'imthigh na bráithre abhaile, chruin-
nuigheadar na daoine bochta, agus roinnea- dar an t-airgiod orra. Do cheistigh na daoine iad, creud do chonnairc siad annsan g-cúirt. "Is rún, gach nidh d'á bhfacamar," ar sna bráithre, "agus is é ár g-cómhairle dhaoibh-se gan dul anaice leis an g-cúirt, agus ní thiucfaidh aon anachain orraibh." Bhí na sagairt santach nuair chualadar go bhfuair na bráithre go leór airgid 'sa' g-cúirt, agus chuaidh an triúr aca le súil go bhfuigheadh siad-san mar fuair na bráithre. "Nuair chuadar asteach, thoisigheadar ag blaodhach (glaodhach) "bhfhuil aon duine ann so?" Tháinig Cronnán amach as sheómra, agus d'fhiafruigh, "creud tá sibh ag iarraidh?" "Thancamar le carthanas do dheunamh leat- sa," ar sna sagairt. "Shaoil mé nach raibh sa- gairt tugtha d'innsint breug," ar Cronnán, "Tháinig sibh le súil go bhfuigheadh sibh-se air- giod, mar fuair na bráithre bochta. Bhí faitchios orraibh theacht, nuair chuir na daoine fios orraibh, agus anois ní bhfuighidh sibh cianóg mar ní fiú sibh é." "Nach bhfhuil fhios agad go bhfhuil cúmhacht againn le do dhíbirt as an áit seó?" ar sna sagairt, "agus deunfamaoid úsáid de'n chúmhachta sin, muna mbéidh tu níos sibhialta
'ná tá tú." "Ní'l beann agam-sa, air bhúr g-cúmhachta," ar Cronnán, "tá níos mó de chúmhachta agam-sa 'ná tá ag an méad sa- gart atá i n-Éirinn." "Is breug atáir a' rádh," ar sna sagairt. "Feicfidh sibh roinn bheag de m' chúmhachta, anocht," ar Cronnán, "ní fhágfaidh mé cleith os bhúr g-cionn, nach bhfuadóchaidh mé asteach 'san abhainn úd agus dfhéudfainn sibh mhar- bhadh le h-amharc mo shúile da dtógróchainn é. Geobhaidh sibh cleitheacha bhúr dtightheadh 'san abhainn air maidin amárach. Anois ná cuir aon cheist eile orm, agus na bagair orm níos mó, no béidh sé níos measa dhaoibh." Tháinig faitchios air na sagartaibh agus d'imthigheadar abhaile, acht níor chreideadar go mbeidheadh a g-cuid tightheadh gan chleith, roimh mhaidin. An oidhche sin, timchioll an mheodhain-oidhche. tháinig sineán gaoithe, faoi chleitheachaibh tigh- theadh na sagart, agus d'fhuaduigh iad asteach 'san abhainn os cómhair na cúirte. Ní raibh cnámh annsna sagartaibh nach raib ag crathadh le faitchios, agus b' éigin dóibh fosgadh fhá- ghail i dtigthibh na g-cómharsan go maidin. Air maidin, lá air na mhárach, tháinig na sagairt go dtí an abhann os cómhair na
cúirte, agus chonnairc siad na cleitheacha a bhí air a g-cuid tightheadh ag snámh 'san uisge. Chuireadar fios air na bráithribh, agus d'iar- radar orra dul go Cronnán agus síothchán d'fhuagradh, agus do rádh leis, nach g-cuir- feadh siad níos mó de thrioblóid air. Chuaidh na bhráithre chum na cúirte. Chuir Cronnán fáilte orra, agus d'fhiafruigh creud do bhídhea- dar ag iarraidh. "Tháncamar ó na sagar- taibh, le síothchán d'fhuagradh ort, ní chuirfidh siad aon trioblóid ort níos mó." "Is maith dhóibh sin," ar Cronnán. "Tigidh liom anois, go bhfeicfidh sibh mé ag cur cleith na dtigh- theadh air ais." Chuadar leis chomh fada leis an abhainn; ann sin sheid sé sineán as gach pol- láire. D'éirigh cleitheacha na dtightheadh chomh maith a's bhídheadar nuair cuireadh suas iad i dtosach. Bhí iongantas air na sagartaibh agus dubhairt siad le chéile, " Ní'l cúmhacht na draoigheachta marbh, ná díbirte as an tír fós." Ó'n lá sin amach ní rachadh sagart ná duine air bith eile anaice le cúirt a' Chronnáin. Bliadhain andhiaigh báis Mháire ní Chiara- cháin, bhí pátrún i g-Coillte-broncais. Bhí fir óga go leór cruinnighthe ann, agus 'nna me- asg bhí Páidín mac Mháire ní Chiaracháin.
D'óladar uisge-beatha go rabhadar air mire. Nuair bhídheadar teacht abhaile dubhairt Pái- dín o Ciaracáin, "Tá go leór airgid 'sa' g-cúirt sin shuas, agus má tá meisneach agaibh tig linn a fhághail." Mar bhí an t-ól ionnta dubhairt dá reug (deug) aca, "tá meisneach againn agus rachamaoid go dtí an chúirt." Nuair chuadar go dtí an doras dubhairt Páidín o Ciaracháin, "Fosgail an doras no brisfimíd é." Tháinig Cronnán amach agus dubhairt, "muna dtéidh sibh abaile, cuirfeadh codladh míosa orraibh." Shaoileadar greim d'fhághail air Chronnán, acht chuir sé sineán gaoithe as a pholláiridhibh, agus d'fhuadaigh na fir óga go lios dar b' ainm Lios-trom- neul, agus chuir trom-chodladh orra agus neul mór os a g-cionn, agus ní'l ainm air an áit o shin amach acht Lios-trom-neul. Air maidin lá ais na mhárach, ní raibh na fir óga le fághail 'bhus no 'thall agus bhí brón mór ameasg an phobail. Chuaidh an lá sin thart gan aon chúntas ó na fearaibh óga. Dubhairt daoine gur b' é Cronnán a mharbh iad, mar chonnairc daoine iad a' dul chum na cúirte. Chuaidh aithreacha agus máithreacha na bhfear óg chum na m-bráthair, agus ghuidh orra do dhul go Cronnán, agus d'fhághail
amach uaidh cia an áit a raibh na fir óga, beó no marbh. Chuaidh siad go Cronnán agus d'innis Cron- nan dóibh an cleas a shaoil na fir óga do dheunamh air, agus an nidh do rinne sé leó. "Má 's é do thoil, tabhair maitheamhnas dóibh an t-am só," ar sna bhráithre, bhídheadar air mire le h-uisge-beatha, agus ní bhéidh siad cionntach arís." "Air son sibh-sé a iar- raidh orm, sgaoilfidh mé iad an t-am so, acht má thágann siad arís cuirfidh mé codladh seacht mbliadhain orra. Tar liom anois go bhfeicfidh sibh iad." "Is olc na coisidhe sinn," ar sna bráithre, "bheidhmís a bhfad a dul go dtí an áit 'nna bhfuil siad." "Ni bhéidh sibh dá mhóimid a' dul ann," ar Cronnán, "agus béidh sibh air ais 'sa, mbaile 'san am ceudna." Ann sin thug sé amach iad, agus chuir sineán gaoithe as a bheul, agus d'fhuadaigh go Lios- trom-neul iad' agus bhí sé féin ann sin chomh luath leó. Chonnairc siad an dá fhear óg deug 'nna g-codladh faoi neul annsan lios, agus bhí iongantas mór orra. "Anois," ar Cronnan, "cuirfead abhaile iad." Do shéid sé orra,
agus d'éirigheadar mar eunlaith 'san aér, agus níor bhfad go raibh gach aon aca 'sa' mbaile, agus na bráithre freisean, agus tig leat bheith cinnte nach ndeacadar go cúirt a' Chronnáin níos mó. Bhí Cronnán 'nna chómhnuidhe annsan g-cúirt bliadhanta 'nna dhiaigh sin. Aon lá amháin chuaidh na bráithre air cuairt chuige acht ní raibh sé le fághail. Deir daoine go bhfuair na bráithre saidhbhreas mór andiaigh Chron- náin. Faoi cheann cúrsa aimsire thuit an chleith de'n chúirt, mar bhí faitchios air aon duine dul do chómhnuidhe innti. Air feadh móráin bliadhain 'nna dhiaigh sin, rachadh daoine míle thart thimchioll seal má (sul) rachadh siad anaice leis an tsean-chúirt. Ní'l acht roinn de na ballaibh le fághail anois, acht ní'l aon ainm air an tsean-chúirt ó'n lá sin go dtí an lá so, acht Cúirt a' Chronnáin.
TOBAR DEIRE-AN-DOMHAIN. A bhfad ó shoin roimh aimsir Naoimh Pád- raig, bhí sean-rígh i g-Connacht agus triúr mac aige. Bhí cos thinn ag an rígh air feadh móráin bliadhain, agus níor fheud sé aon leigheas fhághail. Aon lá amháin chuir sé fios air Dhall glic a bhí aige, agus dubhairt leis. "Tá me tabhairt tuarasdail duit-se le fiche bliadhain, agus ní thig leat innsint dam cad do leighseóchadh mo chos." "Níor iarr tu orm an cheist sin roimhe seó," ar san Dall glic, "acht innsim duit anois nach bhfhuil aon nídh annsan domhan le do leigheas, acht buideul uisge as tobar Deire-an-Domhain." Air maidin, lá air na mhárach, gháir (ghlaodh) an rígh a thriúr mac agus dubhairt leó, "ní bhéidh biseach air mo chois go bhfhágh' mé buideul uisge as tobar Deire-an-Domhain, agus cia bé air bith dhíbh a bhéarfas chugam é, béidh mo ríoghacht aige." "Imtheóchamaid dá thóiruigheacht amárach,"
ar san triúr. B'é ainm an triúir mac Art Neart agus Ceart. Air maidin, lá air na márach, thug an rígh sporán óir do gach aon aca, agus d'imthigheadar air siúbhal. Nuair tháncadar chomh fada leis an g-cros-bhóthar dubhairt Art, "budh chóir do gach aon dínn do dhul bóthar dó féin, agus má thágann aon dínn air ais roimh lá agus bliadhain, fanadh sé go dtiucfaidh an bheirt eile chuige, no cui- readh se clochán suas mar mharc (comhartha) go dtáinig sé air ais slán." Do sgaradar le chéile, agus chuaidh Art agus Neart go teach-ósda agus thoisigheadar ag ól, acht chuaidh Ceart air aghaidh leis féin. Do shiúbhail sé an lá sin gan fhios aige cá raibh sé a' dul. Nuair tháinig dorchadas na h-oidhche chuaidh sé asteach i g-coill mhóir agus bhí sé dul air aghaidh go dtáinig sé go teach mór. Chuaidh sé asteach agus d'fheuch thart. Ní fhacaidh sé aon duine acht chonnairc sé cat mór bán 'nna suidhe le cois na teineadh. Nuair chonnairc an cat é d'éirigh sé agus chuaidh asteach annsan t-seómra. Bí sé tuirseach agus shuidh sé ag an teine. Níor bhfada gur fhosgail doras an tseómra agus tháinig sean-chailleach amach. "Ceud míle fáilte rómhad, a mhic Rígh Chonnachta," ar san
chailleach. "Cia an chaoi bhfuair tu eólas orm-sa?" ar san mac rígh. "Is iomdha lá maith chaith me i g-caisleán d'athar-sa, i mBuidhe-shamhnaidh, agus tá eólas agam ort o rugadh thu," ar san chailleach. Ann sin ghleus sí seire bhreágh dhó agus thug dó é. Nuair d'ith agus d'ól sé a sháith, du- bháirt sí leis, "rinne tu aistear fada andiú, tar liom go dtaisbéanfaidh mé leabuidh dhuit. Ann sin thug sí go seómra breágh é, thais- béan leabuidh dho, agus chuaidh an mac rígh 'nna chodladh. Níor mhúsgail sé go raibh an ghrian a' teacht asteach air na fuinneógaibh, an lá air na mhárach. Ann sin d'éirigh, agus ghleus é féin, agus bhí a' dul amach, nuair d'fhiafruigh an chailleach dé, cia an áit a raibh sé dul. "Ní'l fhios agam," ar san mac rígh, "d'fhág me an baile le tobar Deire-an- Domhain d'fhághail amach." "Tá mise," ar san chailleach, "andhiaigh cuid mhaith d'áitea- chaibh do shiúbhal, acht níor chualaidh mé caint air thobar Deire-an-Domhain ariamh roimhe." D'imthigh an mac rígh amach agus bhí a' siú- bhal go dtáinig sé go chros-bhóthar eidir dhá choill. Ní raibh fhios aige cia an bóthar do rachadh sé. Chonnairc sé suidheachán faoi bhonn crainn mhóir. Nuair chuaidh sé chuige fuair
sé sgríobhtha, "Is é seó suidheachán luchd-siú- bhail." Do shuidh an mac rígh síos agus faoi cheann móimid' chonnairc sé an bhean budh bhreágha san domhan a' teacht chuige, agus í gleusta le síoda dearg, agus dubhairt sí leis, "chualaidh mé go minic gur feárr do dhul air aghaidh 'ná air g-cúl." Ann sin d'im- thigh sí as amharc, mar do shluigfeadh an talamh í. D' éirigh an mac rígh agus chuaidh air aghaidh. Shiúbhail sé an lá sin go raibh dor- chadas na h-oidhche ag teacht air, agus ní raibh fhios aige cia an áit a bhfuigheadh sé lóistín. Chonnairc sé solas i g-coill agus tharraing sé air. Bhí an solas i dteach beag. Ni raibh bonn cleite amuigh ná bonn cleite astígh ann acht aon chleite amháin a bhí ag congbháil suas an tíghe. Bhuail sé an doras agus d'fhosgail sean-chailleach é. "Go mbeannuigh Dia ann so," ar san mac rígh. "Ceud fáilte rómhad, a mhic Rígh Chaisleáin Buidhe-shamhnaidh," ar san chailleach. "Cia an chaoi bhfuair tu eólas orm-sa?" ar san mac rígh. "S í mo dheirbh- shiúr d' oil thu," ar san chailleach, "suidh síos go bhfágh' mé seire réidh dhuit." Nuair d'ith agus d'ól sé a sháith chuir sí 'nna chodladh é go maidin. Nuair d'éirigh sé ghuidh sé air Dhia é do threórughadh i mbealach a leasa. "Cá
fhad a rachas tu andiú?" ar san chailleach. "Ní'l fhios agam," ars an mac rígh, "tá mé tórui- gheacht tobair Deire-an-Domhain." "Tá mise trí cheud bliadhain ann so," ar san chailleach, "agus níor chualaidh mé caint air a leitheid d'áit roimhe, acht tá deirbhshiúr agam níos sine 'ná mé féin, agus b'éidir go bhfhuil eólas aici air. Seó dhuit liathróid airgid, agus nuair rachas tu amach air an mbóthar caith rómhad í, agus lean í go dtágaidh tu go tígh mo dheirbhshiúra." Nuair chuaidh sé amach air an mbóthar chait sé síos an liathróid, agus bhí dá leanamhaint go raibh an ghrian a' dul faoi sgáil na g- cnoc. Ann sin chuaidh sé asteach i g-coill agus tháinig sé go doras tighe bhig. Nuair bhuail sé an doras d'fhosgail cailleach é agus du- bhairt, "Ceud míle fáilte rómhad a mhic rígh Chaisleáin Buidhe-shamhnaidh, a bhí ag tígh mo dheirbhshiúra aréir. Rinne tu aistear fada andiú; suidh síos, tá seire réidh agam duit." Nuair d'ith agus d'ól an mac rígh a sháith chuir an chailleach 'nna chodladh é, agus níor mhús- gail sé go maidin. Ann sin d'fhiafruigh an chailleach, "cá bhfhuil tu dul?" "Ní maith atá fhios agam," ar san mac rígh, "d'fhág
mé an baile le tobar Deire-an-Domhain d'fhághail amach." "Tá mise," ar san chail- leach, "os cionn cúig ceud bliadhain d'aois, agus níor chualaidh me caint air an áit sin ariamh roimhe, acht tá dearbhráthair agam agus má tá a leitheid d' áit annsan domhan béidh eólas aige uirri. Tá sé 'nna chómh- nuidhe seacht g-ceud míle as an áit seó." "Is fada an t-aistear é," ar san mac rígh. "Béidh tu an sin anocht," ar san chailleach. Ann sin thug sí gearrán beag dó, timchioll toirt gabhair. "Ní bhéidh an beitheach sin ionánn mé d'iomchar," ar san mac rígh. "Fan go dtéidh' tu a' marcuigheacht," ar san chail- leach. Chuaidh an mac rígh air an ngear- rán agus as go bráth leis, chomh tapa le tein- teach. Nuair bhí an ghrian a' dul faoi, an trath- nóna sin, tháinig sé go tígh beag i g-coill. Thuirling an mac rígh; chuaidh an gearrán beag asteach agus níor bhfhada go dtáinig sean duine liath amach, agus dubhairt, "ceud míle fáilte rómhad a mhic rígh Chaisleáin Buidhe- shamhnaidh, tá tu ag tóruigheacht tobair Deire- an-Domhain." "Táim go deimhin," ar san mac rígh. "Is iomdha fear maith chuaidh an bealach sin rómhad, acht níor tháinig aon fhear aca air
ais beó," ar san sean duine, "acht deunfaidh mé mo dhíthchioll duit-se; fan annso anocht agus beidh spórt againn amárach." Ann sin do ghleus se seire agus thug do'n mhac righ e , agus nuair d' ith agus d' ól sé, chuir an sean duine ag codladh é. Air maidin lá air na mhárach, dubairt an sean duine, "Fuair mé amach cá bhfhuil tobar Deire-an-Domhain, acht is deachair do dhul chuige, caithfimíd fághail amach an bhfhuil aon mhaith ionnad leis an lúb-teann. Ann sin thug sé an mac rígh amach 'sa' g-coill, thug lúb do, agus chuir marc air chrann dá fhichid slat uaidh, agus dubhairt leis a bhualadh. Tharraing sé an lúb agus bhuail an marc. "Deunfaidh tu an graitheach (gnó)" ar san sean duine. Ann sin chuaidh siad asteach agus chaitheadar an lá ag innsint sgeul. Nuair tháinig dorchadas na h-oidhche thug an sean duine lúb agus punnann gath geur dó, agus dubhairt, "Tar liom anois." Bhídhea- dar ag imtheacht go dtáncadar go h-abhainn mhóir. Ann sin dubhairt an sean duine, "Téidh air mo dhruim," agus snámhfad thar an abhainn leat, acht, má fheiceann tu eun mór ag teacht, marbh é, no béidhmíd caillte." Ann sin chuaidh an mac rígh air dhruim an
tsean duine agus thoisigh an sean duine ag snámh. Nuair bhí siad i lár na h-aibhne, chon- nairc an mac rígh iolar mór ag teacht agus a ghob fosgailte. Tharraing an mac rígh lúb agus loit sé an t-iolar. "Ar bhuail tu í?" ar san sean duine; "bhuail mé í," ar san mac rígh, "acht tá sí teacht arís." Tharraing sé an lúb an dara h-uair agus thuit an t-iolar marbh. Nuair tháncadar go talamh dubhairt an sean duine, "Tamaoid air oileán thobair Deire-an-domhain, tá an bhainríoghan 'nna codladh agus ní dhúiseóchaidh sí go lá agus bliadhain; ní théidheann sí 'nna codladh acht aon uair amháin i seacht mbliadhnaibh. Tá leómhan, agus uillphéist ag faire ag geata an tobair, acht téidheann siad 'nna g-codladh 'san am ceudna leis an mbainríoghain, agus ní bhéidh aon deachras agad le dul go dtí an tobar. Seó dhuit dá bhuideul; líon ceann aca dhuit féin agus an ceann eile dhamhsa, agus deunfaidh sé fear óg díom." D' imthigh an mac rígh, agus nuair chuaidh sé suas chomh fada leis an g-caisleán chonnairc sé an leómhan agus an uillphéist, 'nna g- codladh air gach taoibh de'n ngeata. Ann sin chonnairc sé rótha mór ag cathadh suas uisge as an tobar, agus chuaidh sé agus líon
sé an dá bhuideul, agus bhí a' teacht air ais nuair chonnairc sé solas lonnrach 'sa' g-cais- leán. D'fheuch sé asteach tríd an bhfuinneóig agus chonnairc sé bord mór. Bhí builín aráin, buideul, sgian, agus glaine air. Líon sé an ghlaine acht níor laghduigh se an bui- déul. Bhreathnuigh sé go raibh sgríbhín air an mbuideul agus air an mbuilín, agus léigh sé air an mbuilín Arán Do'n Domhan, agus air an mbuideul Uisge Do'n Domhan. Ghearr sé píosa de'n mbuilín acht d' éirigh sé níos mó 'ná bhí sé. "Mo leun nach bhfhuil an builín agus an buideul sin 'sa' mbaile" ar san mac rígh, "agus ní bheidheadh ocarus ná tart air na daoinibh bochta." Ann sin chuaidh sé asteach i seómra mór agus chonnairc sé an bhainrío- ghan agus aon deug mná cóibhdeach' 'nna g- codladh, agus cloidheamh an tsolais crochta os cionn na bainríoghna. Budh h-é a bhí tabhairt solais don chaisleán iomlán. Nuair chonnairc sé an bhainríoghan, dubhairt sé leis féin, budh mhaith an bhean dam í, agus d' imthigh sé agus phós sé an bhainrioghan, acht níor mhúsgail sise, ná aon dena mnáibh cóibhdeach'. Ann sin fuair sé an cloidheamh an buideul agus an builín, agus tháinig sé do'n
tsean duine, acht níor innis sé dhó go raibh na neithe sin leis. "Cia an chaoi chuaidh tu air d' aghaidh?" ar san sean duine. "Fuaireas an nídh do bhí me 'g iarraidh," ar san mac rígh. "An bhfacaidh tu aon iongantas ó d'fhág tu mé?" ar san sean duine. D' innis an mac rígh dhó go bhfacaidh se builín agus buideul agus cloidheamh iongantach. "Níor bhain tu leó?" ar san sean duine, "seachain iad, mar bhéar- fadh siad trioblóid ort. Tar air mo druim anois go dtiúbhraidh me thar an abhainn thu. Nuair chuaidh siad go teach an tsean duine chuir sé uisge as an mbuideul air féin agus rinne sé fear óg dé féin. Ann sin dubhairt sé leis an mac rígh, tá mo dheirbhshiúr agus mé féin saor o dhraoigheacht, agus tá siad-san 'nná mnáibh óga. D'fhan an mac rígh ann sin, go raibh an chuid is mó de 'n lá agus blia- dhain imthighthe. Ann sin thoisigh sé an t-ais- tear abhaile, acht mo leun ní raibh an gearrán beag aige. Shiúbhail sé an cheud lá go raibh dorchadas ag teacht air. Chonnairc sé teach mór. Chuaidh sé go dtí an doras, bhuail é, agus tháinig fear an tíghe chuige. "An dtig leat lóistín do thabhairt dam," ar sé. "Tig," ar fear an tíghe, "acht ní'l aon tso- las againn." "Tá solas agam féin," ar san
mac rígh. Chuaidh sé asteach ann sin, tharraing an cloidheamh agus thug solas breágh dhóibh uile agus do uile dhuine a bhí air an oileán. Ann sin thugadar seire mhaith dhó. agus chuaidh sé 'nna chodladh. Nuair bhí sé 'g imtheacht air maidin, d'iarr an fear tíghe air i n-onóir Dé an cloidheamh d'fhágbháil aca, "O d'iarr tu é i n-onóir do Dhia, tig leat é do bheith agad," ar san mac rígh. Shiúbhail sé an dara lá go raibh dorchadas a' teacht; chuaidh sé go teach mór eile, bhuail ag an doras, agus níor bhfhada go dtáinig bean an tíghe chuige, agus d'iarr sé lóistín. "Tig liom sin do thabhairt duit," ar fear an tíghe, "acht ní'l braon uisge againn le biadh do ghleus duit." "Tá neart uisge agam féin," ar san mac rígh. Tháinig sé asteach, tharraing amach an buideul, agus ní raibh soitheach ann san teach nar líon sé, agus fós bhí an buideul líonta. Ann sin gleusadh biadh dhó agus nuair d' ith agus d' ól sé a sháith chuaidh sé 'nna chodladh. Air maidin, nuair bhí sé ag imtheacht d' iarr an bhean tíghe air, i n-onóir do Dhia an buideul d'fhágbháil aca. "Ó tharla gur iarr tu é a n-onóir do Dhia," ar san mac rígh, "Ní thig liom d' eiteach, mar chuir mo mháthair dam faoi geasaibh seal má
(sul) fuair sí bás gan aon nídh d'iarrfadh duine orm i n-onóir do Dhia d'eiteach dá bhfeudfainn é." Ann sin d'fhág sé an buideul aca. Shiúbhail sé an treas lá go raibh dor- chadas ag teacht agus tháinig sé go teach mór air thaoibh an bhóthair. Bhuail sé ag an doras, tháinig an fear tíghe amach, agus d'iarr sé lóistín air. "Tig liom sin do thabhairt duit agus fáilte, acht tá brón orm nach bhfuil aon ghreim aráin agam duit." "Tá neart aráin agam féin," ar san mac rígh. Chuaidh sé as- teach, fuair sgian, agus thoisigh ag gearradh an bhuilín go raibh an bord líonta de phíosaibh aráin agus fós bhí an builín chomh mór a's bhí sé nuair thoisigh sé. Ann sin ghleusadar seire dhó, agus nuair d'ith sé a sháith chuaidh sé 'nna chodladh. Nuair bhí sé 'g imtheacht air maidin, d'iar- radar air i n-onóir do Dhia, an builín d'fhág- bháil aca, agus d'fhág sé aca é. Anois bhí na trí neithe imthighthe uaidh. Shiúbhail sé an ceathramhadh lá go dtáinig sé go h-abhainn mhóir, agus ní raibh aon tslíghe aige le dul thairsi. Chuaidh sé air a ghlú- naibh agus d'iarr air Dhia cobhair do chur chuige. Faoi cheann leathmhóimid' chonnairc sé an bhean áluin a chonnairc sé an lá a
d'fhág sé teach na ceud-chaillighe. Nuair thái- nig sí i ngar dó dubhairt sí, "A mhic Rígh Chaisleáin Buidhe-shamhnaidh ar éirigh leat?" "Fuair mé an nídh a bhí mé a' tóruigheacht," ar san mac rígh, "acht ní'l fhios agam cia an chaoi a rachfaidh mé thar an abhainn seó." Thar- raing sí amach méaracán agus dubhairt, "Is olc an lá d'fheicfinn mac d'athar gan bhád. Ann sin chaith sí an meuracán 'san abhainn agus rinne bád breágh dhé. "Téidh asteach 'sa' mbád sin anois, agus nuair rachfaidh tu an taobh eile, béidh eich (each, capall) rómhad le do thabhairt chomh fada leis an g-cros-bhothar 'n áit a d'fhág tu do dhear- bhráithreacha. Cuaidh an mac rígh asteach 'sa' mbád, agus níor bhfad go raibh sé air an taoibh eile, agus bhí eich (each) bán ann sin roimhe. Chuaidh sé a' marcuigheacht agus d'im- thigh an t-eich chomh tapa leis an ngaoith. Tim- chioll an dó-deug a' chloig an lá sin, bhí sé ag an g-cros-bhóthar. D'fheuch an mac rígh thart, acht ní fhacaidh sé na dearbhráithreacha ná aon chlochán, agus dubhairt sé leis féin "b'éidir go bhfuil siad ag an teach-ósta." Chuaidh sé go dtí an áit sin, agus fuair Art agus Neart agus iad dá dtrian air meisge.
D'fhiafruigheadar dé cia an chaoi chuaidh sé air aghaidh ó d'fhág sé iad. Fuair mé amach tobar Deire-an-Domhain agus tá an buideul uisge agam," ar Ceart. Bhí Neart agus Art líonta d'eud, agus dubhairt siad le chéile, "is mór an náire go mbeidheadh an ríoghacht ag an mac is óige; "marbhfamaoid é, agus bhéarfamaoid an buideul uisge dom' athar," ar Neart, "agus déurfamaoid gur sinn féin a chuaidh go tobar Deire-an-Dómhain." "Ní'l mé leat ann sin," ar Art, "acht cuirfimíd air meisge é, agus bainfimíd an buideul dé. Creidfidh m' athair thusa agus mise sul chreidfidh sé ár ndear- bhráthair, mar tá tuairm aige mach bhfhuil ann acht leath-amadán. Ann sin dubhairt sé le Ceart, "ó thárla go dtáncamar abhaile slán sabhálta béidh deoch againn seal má (sul) théidhmíd abhaile." Ghlaodh siad air chárt biotáile agus chuirea- dar iach (d'fhiachaibh) air Cheart an chuid is mó dhé d' ól, agus thuit sé air meisge. Ann sin bhaineadar an buideul uisge dhé, chuadar abhaile, agus thugadar do'n rígh é. Chuir sé braon air a chois, agus rinne sé í chomh maith agus bhí sí ariamh. Ann sin d'innis siad dó go raibh trioblóid
mhór orra leis an mbuideul uisge d'fhághail, gur b'éigin dóibh fathaigh do throid, agus do dhul tré dhainseur mór. "An bhfacaidh sibh Ceart air bhúr mbealach?" ar san rígh. "Ní dheacaidh sé níos faide 'ná an teach-ósda ó d'fhág sé só," ar siad-san, "agus tá sé ann anois, dall air meisge." "Ní raibh aon mhaith ann ariamh," ar san rígh, acht ní thig linn a fhágbháil ann sin." Ann sin chuir sé seisear fear go dtí an teach-ósda, agus d'iomchar siad Ceart abhaile. Nuair tháinig sé chuige féin, rinne an rígh searbhfhóghanta dhé, a dhéunfadh uile obair shalach timchioll an chaisleáin. Nuair bhí lá agus bliadhain imthighthe, mhús- gail bainríoghan thobair Deire-an-Domhain agus na mná cóibhdeach', agus fuair an bhain- ríoghan mac óg le na taoibh. Bhí fearg mhór air an mbainríoghain, chuir sí fios air an leómhan agus air an uill- phéist, agus d'fhiafruigh sí creud do thárla do'n iolar a d'fhág sí ag cúmhdach an Chais- leáin. "Caithfidh sí bheith marbh, no bheidheadh sí ann so, nuair mhúsgail tu," ar siad. "Tá mé sgriosta mé féin, agus na mná- cóibhdeach' millte, ar san bhainríoghan agus
ní stopfaidh mé go bhfágh' mé amach athair mo mhic. Ann sin fuair sí a cóiste draoigheachta agus dá eilit faoi. Bhí sí ag imtheacht go dtáinig s go dtí an cheud theach a bhfuair an mac rígh lóistín ann, agus d'fhiafruigh an raibh aon strainséar ann go déighionach. Dubhairt an fear tíghe, go raibh. "Seadh !" ar san bhainríoghan, "agus d'fhág sé cloidheamh an tsolais 'nna dhiaigh, is liom- sa é, agus mur (muna) dtugaidh tu dham é go tapa, cuirfidh mé an teach bonn-os-cionn. Thugadar an cloidheamh dí, agus chuaidh sí air aghaidh go dtáinig sí go dtí an dara theach a bhfuair sé lóistín ann, agus d' fhiafruigh, an raibh aon strainséar ann go déighionach. Du- dhairt siad léithe go raibh. "Seadh!" ar sise, "agus d'fhág sé builín 'nna dhiaigh; tabhair dam é go tapa, leagfaidh mé an teach orraibh." Thug siad dí an buideul, agus d' imthigh sí go dtí an treas theach, agus d' fhiafruigh an raibh aon strainséar ann go déighionach. Dubhairt siad go raibh. "Seadh!" ar sise, "agus d'fhág sé builín an aráin bhuain 'nna dhiaigh, is liom-sa é sin agus muna dtugaidh sibh dam é go tapa marbhfaidh mé sibh uile." Fuair sí an builín agus bhí ag imtheácht go dtáinig sí go Caisleán Buidhe-shamhnaidh.
Tharraing sí an cuaile-corraic, agus thai- nig an rígh amach. "Bhfhuil aon mhac agad?" ar san bhainríoghan. "Tá," an san rígh. "Cuir amach ann só é, go bhfeicfidh mé é," ar sise. Chuir an rígh Art amach, agus dh'fhiaf- ruigh sí dhé "An raibh tu ag tobar Deire-an- Domhain. "Bhídheas," ar Art. "An tu athair mo mhic," ar sise. "Creidim gur mé," ar Art. "Béidh fhios agam gan mhoill," ar sise. Ann sin tharraing sí dá ribe as a ceann, chaith anaghaidh an bhalla iad, agus do rinneadh dréimire dhíobh a chuaidh suas go bárr an chaisleáin. Ann sin dubhairt sí le h-Art, "má bhí tu ag tobar Deire-an-Domhain, "tig leat dul suas go bárr an dhréimire sin," chuaidh Art suas leath-bhealaigh; ann sin thuit sé agus briseadh a choróg. "Ní raibh tusa ag tobar Deire-an-Domhain," ar san bhainrío- ghan. Ann sin d'fhiafruigh sí de'n rígh, "bhfhuil aon mhac eile agad?" "Tá," ar san rígh. "Tabhair amach é," ar san bhainríoghan. Thái- nig Neart amach, agus d' fhiafruig sí dhé, "an raibh tu ag tobar Deire-an-Domhain?" "Bhídheas," ar Neart. "Má bhídhis, téidh suas go bárr an dhréimire sin," ar san bhainrío- ghan. Thoisigh sé a' dul suas acht thuit sé agus
bhris sé a chos. "Ní raibh tusa ag tobar Deire-an-Domhain," ar san bhainríogan. Ann sin d'fhiafruigh sí de'n rígh an raibh aon mhac eile aige, agus dubhairt an rígh go raibh "acht is leath-amadán é," ar seisean, "nár fhág an baile ariamh." "Tabhair ann so é," ar san bhainríoghan. Nuair tháinig Ceart, d' fhiafruigh sí dhé " an raibh tusa ag tobar Deire- an-Domain?" "Bhídheas," ar Ceart, "agus chonnairc mé thusa ann." Téidh suas go bárr an dhréimire sin, ar san bhainríoghan. D'im- thigh Ceart suas mar chat, agus nuair tháinig sé anuas dubhairt sí, "Is tu an fear a bhí ag tobar Deire-an-Domhain, agus is tu athair mo mhic." Ann sin d' innis Ceart an cleas a rinne na dearbhráithreacha air, agus bhí an bhainrío- gan dul iad do mharbhadh, gur iarr Ceart párdún dóibh. Ann sin dubhairt an rígh go mbeidheadh an ríoghacht ag Ceart. "Má phósann sé mise, béidh ríoghacht aige níos feárr 'ná iomlán Éireann," ar san bhain- ríoghan. "Pósfad thu agus rachad leat go tobar Deire-an-Domhain," ar Ceart. Ann sin ghleus an t-athair é, agus chuir slabhra óir faoi na mhuineul. Chuaidh sé asteach sa' g-cóiste leis an mbainríoghain agus d'im-
thigheadar go tobar Deire-an-Domhain. Chuir na mná cóibhdeach' fáilte mór roimh an mac rígh agus bhí gach aon aca ag iarraidh air í do phósadh. D'fhan sé ann sin bliadhain agus fiche, go bhfuair an bhainríoghan bás, agus ann sin thug sé a dha-dheug chlanna-mhac leis, agus tháinig abhaile go Gaillimh. Phós gach aon aca bean, agus is uatha tháinig dá-threibh-deug chondaé na Gaillimhe. CRÍOCH.
So mo shiúbhal feadh oidhche, a Mhic Ui Cloidhne, Adhbhar aitis, ádhbhar aitis, leis ann g-corpán sidhe sin nach bhfághadh cead síneadh, Ameasg na marbh' ameasg na marbh. Corp. Arduigh mo chorpán gan úrghárdas, A's bheurfad mart duit, bheurfad mart duit. Tomás. Dá ndeunfainn réighteach leat air an chuing sin, Cá bhfuil an mart úd, cá bhfuil an mart úd,
Corp. Seághan beag Bingam, Seághan óg Bingam 'S iad mo gealltamh, 's iad mo ghealltamh Sgriobh mise ticeud air chorr-litribh Go Beul-an-Asain, go Beul-an-Asain. Geobhaidh tu cnocan faoi 'n charn-aoiligh, Gruama glasa, gruama glasa, A's tabhair leat féin é faoi d'asgail, Mar lón astair, mar lon astair. Tógbhadh an corpan air mhuin Thomáis Annsna bealaigh', annsna bealaigh', Tríd bóthairibh cúmhanga cruaidhe casta, Le solas na gealaighe, le solas na gealaighe. Budh fhada an ruaig go truagh go trasna, Tré móintibh fliucha, tré móintibh fliucha, Siar go lúgh-mhágh mór na mbráthair, 'S na dtuamba glasa, 's na dtuamba glasa Corp. Geobhaidh tu spád air dheis do láimhe, Air chúl an dorais, air chúl an dorais, Buail preap láidir, preap nach fálta, Annsan talamh, annsan talamh. Fuair mé an spád air dheis mo láimhe Air chúl an dorais, air chúl an dorais, A's thug me preap láidir síos go tapa Síos san talamh, síos san talamh. (Tug me preap láidir síos go dána, Annsan talamh annsan talamh), Gur bhris mé cnámh láirge an bhodaigh Ghallda Do bhí 'na chodladh, do bhí 'na chodladh.
Míle fuilelú, ar san Trúipeir, Ar Máire ní Raghailligh, bean Lord Guido, Fág an bealach fág a bealach. Corp. Oró a Thomáis, och och ó, Ná fág annso mé, ná fág annso mé, Oír tá mac gar-mháthar dam, 'san Chreagan Is ann sin 's cóir m'adhlachadh, 's ann sin 's cóir m'adhlacadh Tógbhadh an corpán air mhuin Thomáis, Annsna beallaigh', annsna bealaigh', Tríd bóthairibh cúmhanga, cruaidhe, casta, Le solas na gealaighe, le solas na gealaighe. Dul síos le rása, a's mé neamh-sasta, Cum an Chreagain, chum an Chreagain, Fuair mé spád air dheis mo láimhe, Air chúl an dorais, air chúl an dorais (Fuair mé an spád air dheis mo láimhe, Air chúl an dorais, air chúl an dorais, A's bhuail mé dhá throm-phreap go láidir Síos gan tiobadh, sios gan tiobadh. Gur bhris mé cnámh gailleich Watson Harford A bhí faoi 'n talamh, a bhí faoi 'n talamh Hububú, ar san gaba dubh
Corp. Oró o Thomáis ' och och ó Ná fág ann so mé, ná fág ann so mé, Oir tá mac dearbhrathar m'athar dam shíos i nDoire 'S ann sin 's cóir m'adhlacadh, 's is ann sin 's cóir m'adhlacadh. Tógbhadh an corpán air mhuin Thomáis, Annsna beallaigh', mar bhí roimhe, Ag dul go fálta, tréithlag, ráidhte, Síos go Doire, síos go Doire, Air theacht do'n áit sin, dam, go fágtha, A's mé gan mheisneach, a's mé gan mheisneach, Bhí na geataidh spárrtha rómham go láidir, As thug me preap dóibh, thug me preap dóibh. Ar maor na h-áite ag éirighe anairde Ann aiseudach ann aiseudach, D'éirigh cnámha 's comhradha anáirde As an talamh, as an talamh, S do shuidh gan spás, i bhfioch gan tlás, Air mhaol an bhalla, air mhaol an bhalla. Ceud fuilelú, ar gach aon díobh, Tomás. Ní'l acht aon de bhúr g-cáirdibh do dhul chum báis, 'Sé seó a Róimh adhlacaidh, 's é seó a Róimh adhlacaidh.
Tá a ghaol san áit, is maith atá, As bíodh sé agaibh, bíodh sé agaibh, Tomás. Ní'l fhios agam féin cá treibh an leice, Air dhruim na beatha air dhruim na beatha, Acht tá preap a's éighann, a's labharaidh leisean As fiafruigh dhé-sean, fiafruigh dhé-sean. D'árduigheadh an corpán air mhuin Thomáis, Comh caol le gada, chomh caol le gada, Go dtug sé an sgríp sin go Teampoll Démuis. Agus fuair sé glas air, fuair sé glas air. Corp. Cuartaigh an eochair air chúl an dorais, No air an mballa, no air an mballa' uairt sé a's fuair, a's d'fhosgail an doras, Go ciúin fairsing, ciúin fairsing. Corp. Oró Thomáis, óró a Thomáis, Cuir mé feasta, cuir mé feasta, Sin thall an spád anaghaidh do láimhe, A's preap an talamh, preap an talamh. Ghlac sé an spád ann a láimh Agus phreap sé an talamh, phreap sé an talamh Gur bhris sé cnámha sean-bhodaigh Gallda Bhí ann le fada, bhí ann le fada.
Ar an fear sin, ar an fear sin, Ar san Smiler, an bhean a bhí ag Simon, Cá raibh sé féin, 's cá chaith sé a shaoghal Nach bhfuair sé leabuidh, nach bhfuair se leabuidh? Tomás. Sin é do láthair bhfhuil fios is feárr aige Ní'l fhios agam, ní'l fhios agam. D'éirigh Fídhni, agus ghlac sé snaoisin, Agus rug sé air bata, rug sé air bata, Agus bhíomar a' rúsgadh air fud an urláir, Go dtí an mhaidin, go dtí an mhaidin. D'árduigheadh an corpán air mhuin Thomáis Comh caol le gada, chomh caol le gada, Tugadh é síos, a's tugadh é 'níos. Agus é teannta, agus é teannta. Go Carraig-fhad-mhic-fheórais, go Teampoll- Ronáin 'S go h-Imleóg-Fada, (go h-Imleóg-fada), Acht i g-Cill-Bríghde, (tar éis an sgríp sin) Do cuireadh an corpán (cuiread an corpán). CLOCH A'S CRANN AIR A'S DROCH-RÁTH AIR!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services