Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhar Sgeulaigheachta

Title
Leabhar Sgeulaigheachta
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Pen Name
Craoibhín Aoibhinn, An (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1889
Publisher
Gill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


ROIMH-FHOCAL,



Do'n Duine-uasal Eusebh D Mac Cliabhair
.1. Euseby D Cleaver ollamh diadhachta.



Dhuit-se, a Dhuine-uasail, ofráilim an
leabhairín seó, ó is tusa a chuir ann mo cheann i
dtosach, é do dheunamh, agus ó is ort-sa thuit
a chostas. D'athraigh tu a Dhuine-uasail an
tír ann a raibh tu do chómhnuidhe, acht an
inntinn a thug tu leat as Éirinn níor
athraigh tu ise. Is fíor ad' thaoibh-se an rádh
sin an Rómánaigh - acht aon fhocal amháin
d'athrughadh ann,



"Ní'l aon nidh air bith a bhaineas le h-Éirinn
nach g-cuirim suim ann." Tá do chorp im-
thighthe ó n-ár measg acht tá do spiorad linn.
Chonnairc tu a Dhuine-uasail rud nach bhfa-
caidh mórán daoine, agus thuig tu rud nár
thuig siad-san. Chonnairc tu go dtuitfeadh


L. VI


siór-náire air Éirinn dá leigfeadh sí d'á
Gaedheilg féin fághail bháis. Chonnairc tu
nach raibh na h-Éireannaigh ag tabhairt aon
aire do'n teanga a bhí dá labhairt 'nna
measg ceud bliadhain ó shoin ó mháilionn go
Sgibirín, agus ó Chuan-na-mara go geataidh'
B'L'acliath, agus chuir tu rómhad do dhíthchioll
do dheunamh chum an tsean-theanga do chong-
bháil beó.



Chum congnamh do thabhairt do'n obair
naomhtha so, d'iarr tu orm-sa Leabhar Sgeu-
laigheachta do sgríobhadh agus do chur i g-cló.
Rinne mé sin chomh maith agus d'fheud mé -
Sgríobh mé síos cuid de na sean-sgeultaibh
a chualaidh me féin ameasg na ndaoine, gan
mórán - agus i n-áiteachaibh gan focal air
bith - d'athrughadh, agus má tá tusa sásta
leis, ní bhéidh aon aithreachas orm-sa. Má
bhfághaidh tusa spéis air bith i m-obair-se is
leór dam mo thuarasdal.



Leig dam a Dhuine-uasail ainm na h-Aon-
dachta Gaedheilge do cheangailt le d'ainm-se
annsan roimh-rádh so, anmanna na n-daoine-
uasal sin a oifreálas go toilteannach, mar
thu féin, a n-uain a n-obair agus a n-air-
giod air son cúise na Gaedheilge. Fuair
mé congnamh a bhí róriachtanach dam 'om'


L. VII


cháirdibh Seághan Pléimionn agus Tomás o
Flannaoile, ag ceartughadh an chlóidh dham,
agus ag tabhairt cómhairle dham, agus
admhuighim duit gur air éigin d'fheudfainn do
thoil dheunamh agus an leabhar beag so tha-
bhairt amach gan a g-congnamh-san.



Go mairidh tu beó a Dhuine-uasail no go
bhfeicfidh tu teanga na h-Éireann faoi mheas
fós - is é sin mo ghuidhe.



Do shearbhfhóghanta bith-dhíleas,



Dúbhghlas de h-Íde.


L. 1


LEABHAR SGEULAIGHEACHTA.



Monachar AGUS MANACHAR.



Bhi Monachar agus Manachar ann, fad
o shoin, agus is fad o bhi, agus dá mbeidh-
eadh siad ann an t-am sin, ni bheidheadh siad
ann anois. Chuaidh siad amach le chéile ag
baint sugh-craebh, agus an méad a bhaineadh
Monachar d'itheadh Manachar íad. Dubhairt
Monachar go rachadh sé ag iarraidh slaite a
dheunfadh gad le crochadh Mhanachair a d'ith
a chuid súgh-craobh, agus tháinig se chum na
slaite.



"Gom-beannuighidh Dia dhuit," ar san
t-Slat. "Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire
dhuit." "C'fhad a rachas tu?" Ag iarraidh
slait' a dheunfadh gad, a chrocfadh Manachar,
a d'ith mo chuid sugh-craobh.



Ní bhfuighidh tu mise ars an t-Slat go
bh-fágh' tu tuagh a ghearrfas me. Tháinig se
chum na tuaighe. "Gom-beannuighidh Dia dhuit."


L. 2


Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit.
"C'fhad a racas tu?" Ag iarraidh tuaighe,
tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad,
gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid
sugh-craobh.



"Ni bhfuighidh tu mise," ar san Tuagh, "go
bh-fágh' tu leac a chuirfeas fáobhar orm."



Tháinig se chum na leice.



"Go m-beannuighidh Dia dhuit," ar san leac,
"Go m-beannuighidh Dia gus Muire dhuit."
"C'fhad a racas tu?" "Ag iarraidh leice,
leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a
ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a
chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craebh.



"Ni bhfuighidh tu mise" ar san leac "go
bhfágh' tu uisge a fhliuchfas me."



Tháinig se cum an uisge. "Go m-beannuighidh
Dia dhuit," ars an t-uisge "Go m-beannuighidh
Dia 'gus Muire dhuit." C'fhad a rachas tu.
Ag iarraidh uisge, uisge a fhliucfadh leac,
leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh, tuagh a
ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad, gad a
chrochfadh Manachar a d'ith mo chuid sugh-craobh.



Ni bhfuighidh tu mise ars an t-uisge go
bhfágh, tu fiadh a shnámhfas me.



Thainig se cum an Fhiaidh, go m-beannuighidh
Dia dhuit ar san fiadh. Go m-beannuighidh Dia


L. 3


'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu. Ag
iarraidh fiaidh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge
a fhliucfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar
air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a
dheunfadh gad, gad a chrochfadh Manachar a
d'ith mo chuid sugh-chraobh.



Ni bh-fuighidh tu mise ar san Fiadh go bhfágh'
tu gadhar a ruaigfeas me.



Tháinig se chum an ghadhair. Go m-beannui-
ghidh Dia dhuit ar san gadhar. Go m-beannui-
ghidh Dia 'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas
tu? Ag iarraidh gadhair, gadhair a ruaigfeadh
fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliucfadh
leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh
gad, gad a chrocfadh Manachar a d'ith mo
chuid súgh-craobh.



Ni bh-fuighidh tu mise, ar san gadhar, go
bhfágh' tu greim ime a chuirfeas tu ann mo
ladhar.



Tháinig se chum an ime. "Go m-beannuighidh
Dia dhuit " ar san t-im. "Go m-beannuighidh
Dia 'gus Muire dhuit." "C'fhad a rachas tu?"
"Ag iarraidh ime, im a rachadh i ladhar ghadhair
gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh
uisge, uisge a fhliuchfadh leac, leac a cuirfeadh
faobhar air tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat,


L. 4


slat a dheunfadh gad, gad a chrocfadh Mana-
char a d'ith mo chuid súgh-craobh."



Ni bhfuighidh tu mise ar san t-im go bhfágh'
tu cat a sgríobfas me.



Thainig se chum an chait. Go m-beannuighidh
Dia dhuit ar san cat. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu? Ag
iarraidh cait, cat a sgríobfadh im, im a
rachadh i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh
fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fliuch-
fadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a gheárrfadh slat, slat a dheunfadh
gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo
chuid sugh-craobh.



Ni bhfuighidh tu mise ar san Cat go bhfágh'
tu bainne a bhéarfas tu dham.



Thainig sé chum na bo. Go m-beannuighidh
Dia dhuit ar san Bho. Go m-beannuighidh Dia
'gus Muire dhuit. C'fhad a rachas tu. Ag
iarraidh braoin bainne, bainne a bhéarfainn
don chat, cat a sgríobfadh im, im a rachadh i
ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh fiadh,
fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh
leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheunfadh gad,
gad a chrochfadh Manachar, a d'ith mo chuid
sugh-chraobh.


L. 5


Ni bhfuighidh tu aon deór bainne uaim-se
ar san Bhó, go bhfágh' me sop tuighe uait.



Tháinig se chum na m-buailteóiridh. Go m-
beannuighidh Dia dhuit ar sna buailteóiridh.
Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhaoibh.
Cfhad a rachas tu? Ag iarraidh suip tuighe
uaibh á bhéarfainn do'n bhó, an bho a bhéarfadh
bainne dham, an bainne a bhéarfainn do'n
chat, an cat a sgríobfadh an t-im, an t-im a
rachadh i ladhar ghadhair, gadhar a ruaigfeadh
fiadh, fiadh a shnámhfadh uisge, uisge a fhliuchfadh
leac, leac a chuirfeadh faobhar air tuaigh,
tuagh a gheárrfadh slat, slat a dheunfadh
gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo
chuid sugh-craobh.



"Ní bh-fuighidh tu aon shop tuighe uaim-se"
ar sna Buailteóiridh "go dtiubhraidh tu
ádhbhar cáca dhuínn ó'n Muilleoír sin shuas.



Tháinig sé chum an Mhuilleóra. Go m-
beannuighidh Dia dhuit ar san Muilleóir.
Go m-beannuighidh Dia 'gus Muire dhuit. C'fhad
a rachas tu? Ag iarraidh ádhbhair cáca a
bhéarfainn dona buailteoíribh, na buailteó-
iridh a bhéarfadh sop tuighe dham, sop tuighe a
bhéarfainn do'n bho, an bho a bhéarfadh bainne
dham, an bainne a bhéarfainn do'n chat, an
cat a sgríobfadh an t-im, an t-im a rachadh,


L. 6


i ladhar ghadhair, an gadhar a ruaigfeadh fiad,
an fiadh a shnámhfadh uisge, an t-uisge a
fhliuchfadh leac, leac a chuirfeadh faobhar air
tuaigh, tuagh a ghearrfadh slat, slat a dheun-
fadh gad, gad a chrochfadh Manachar a d'ith mo
chuid sugh-craobh.



Ni bhfuighidh tu aon ádhbhar cáca uaim-se,
ar san Muilleóir go dtiubhraidh tu lán an
chriathair sin d'uisge ó'n abhainn chugam.



Ghlac Monachar an criathar ann a láimh,
agus thaínig sé chum na h-aibhne, agus thosuigh
sé ag lionadh an chriathair leis an uisge,
acht chomh luath agus bhi an t-uisge dul asteach
ann, bhi sé rith amach as arís.



Chuaidh preuchán thairis, os a cheann. "Dáb!
Dáb!" ar an preuchán. "M'anam do
Dhia is maith í do chómhairle!" ar Monachar,
agus ghlac sé an chréafóg ruadh, agus chuimil
sé le tóin a riathair í, gur líon sé na puill a
bhi ann, agus chongbhaigh an criathar an t-uisge
ann sin agus rug sé chum an Mhuilleóra é,
agus thug an Muilleóir ádhbhar cáca dho,
agus thug sé an t-ádhbhar cáca dona buail-
teóiribh, agus thug na buailteóiridh sop
tuighe dhó, thug sé an sop tuighe do'n bhó, thug
an bhó bainne dhó, thug sé an bainne do'n chat,
sgríob an cat an t-im, chuaidh an t-im i


L. 7


ladhar ghadhair, ruaig an gadhar an fiadh,
shnámh an fiadh an t-uisge, fhliuch an
t-uisge an leac, chuir an leac faobhar
air an tuaigh, gheárr an tuagh an tslat,
rinne se gad de'n tslait, agus nuair
bhi an gad réidh deunta aige, creid misi go
raibh Manachar imthighthe fada go leór
uaidh.



NA TRI CEISTIONNA.
Bhi tri díleachtaidh agus thug an Righ leis
iad. Budh chlann deirbhshiúra do'n righ iad.
Bhi siad aige go raibh siad 'nna chómhair (sic)
na m-buachaillibh. Bhi gardha deas ag an righ.
Ní raibh an righ (le fághail) bháis cóidhche go
g-cuirfidhe trí ceiste air, nach bhfuaisgeóladh
se. Bhi se spaisdeóracht lá breágh annsan
ngardha. Nuair a bhi se tuirseach air siubhal
shuidh se. Thuit se 'nna chodladh. Rinne se
brionnglóid gurb' é na tri buachaillidh a
bhi astigh aige a mharbhfadh é. Dhíbir se iad.
Dh'imthigh siad air a seachnad (sic). Chuir an
righ gárda 'nna ndiaigh. Nuair a chonnairc


L. 8


siad an gárda ag tarraing orra, "'Nois,"
ar san fear is sine, "racamaoid ag troid
astigh annsan g-coill agus nuair a thiucfas
an righ, leigfimíd orrainn bheith ag troid
eadrainn féin, go g-cuirfimíd tri ceiste air,
nach dtiucfaidh leis fuasgailt."



Chonnairc an Righ iad ag troid, agus
chuaidh se asteach annsa' g-coill le na
sgaoileadh. "Cad chuige bhfuil sibh ag troid?"
ar san Righ, "Is i dtaoibh na coille seo,
atámoid troid," ar san fear budh sine aca,
"d'fhág m'athair an choill seo agam-sa, críon
agus glas."



Dubhairt an dara fear gur fhág a athair
an oiread aige-sean. "Cad é," dubhairt
an righ, "cad é 'n chaoi a bhfuigfeadh se
dadamh agad-sa, agus an choill uile fhágáilt
aige seó?" "Cad é an chaoi ar' fhág
se an oiread agad-sa?" "Is cuma liom-sa
cad é an chaoi ar' fhág se aige é, d'fhág se a
raibh cam agus díreach agam." Ar san
triomhadh fear, "d'fhág se oiread agam-sa le
ceachtar aca." "Cad é an chaoi ar' fhág se
agad-sa? d'fhág se a raibh críon agus glas
ag an fhear budh sine; d'fhág se a raibh cam
agus díreach ag an dara fear, cad é an chaoi
bhfuigfeadh se dadamh agad-sa?" "Tá!


L. 9


Innsidh me sin duit, dfhág se agam a raibh faoi
'n talamh agus os a chionn."



Dubhairt an righ, "Níl fhios agam cia agaibh
a d-triúr a ndeunfaidh me an choill do,
acht cia b'é air bith agaibh é is sinne, deunfaidh
me an choill do."



"Tá mise," (ar fear aca.)



"Cad é an aois agad-sa?"



"Tá me chomh sean go bhfuair me lán "slúip"
(loinge) de rásúir, nior phronn (bhronn) me aon
cheann aca, nior chaill me aon cheann aca
acht a g-cathadh uile go léir ag baint na
feusóige dhiom."



"Ta mise chomh sean leis," dubhairt an dara
fear.



"Cad é an aois agad-sa? ni thiucfadh
leat bheith chomh sean leis an fhear údí (úd)."



"Ta me chomh sean go bfuair me lucht slúip
de mheurachaín, nior chaill me ceann aca,
nior phronn me ceann aca, acht a g-cathadh
uile go léir ag táilliúracht."



"Ta mise chomh sean leis," ar san triomhadh
duine.



"Cad é an chaoi a d-tiucfadh leat-sa bheith
chomh sean leó-san? cad é an aois atá agad?"



"Fuair me lucht slúip de shnáthadaibh
cruaidhe, nior chaill me ceann aca, agus nior


L. 10


phronn me ceann aca, acht a g-cathadh lig
(uile) go léir ag córughadh mo chuid eudaigh."



"Ni'l fhios agam," dubhairt an righ, "cé
agaibh a ndeunfaidh me an choill do; acht cé
agaibh is gasta? (agus deunfaidh me dho é.)"



"Tá mise," dubhairt an cheud fhear.



"Cad é an ghastacht thiucfadh leat a
dheunadh?"



"An beathach is gasta (luaithe) rith ariamh,
chuirfinn crúdh air, agus é air a rása."



"Tá mise chomh gasta leis," ar san dara
fear.



"Cad é an ghastacht thiucfadh leat-sa a
dheunadh?"



Dá mbeidheadh teach fada agad, leag
bonn a dhá thaobh-bhalla, agus a dhá bhinn; ná
fág 'nna seasamh acht ceithre coirnéil;
lion lán eúnach (eún) dá chuid an chnuic;
thiucfainn thart air na ceitre coirneul chomh
gasta, nach leigfinn aon cheann amach nach
m-béarfainn air."



"Tá tu gasta," dubhairt an righ.



"Tá mise chomh gasta leis," ar san
triomhadh fear.



"Nior bhféidir duit bheith chomh gasta; cad é
an ghastacth a thiucfadh leat a dheunadh?"



"Tabhair leat mála chlúimh go dti an cnoc


L. 11


is áirde; sgaoil amach é lá gaoithe móire;
chruinneóchainn iad, agus ni chaillfinn aon
cheann amháin d'á raibh annsan mála."



"Ni'l fhios agam-sa," ar san righ, "cia aca
a ndeunfaidh me an choill do, acth cia b'é air
bith agaibh is fallsa (deunfaidh me dho é.)"



"Tá mise," dubhairt an cheud fhear.



"Ni féidir a rádh go bhfuil tusa fallsa,
agus tu chomh gasta a's bhi tu air ball! cad é
an fhallsacht is mo a dheunfá?"



"Dá bhfágfaidhe me 'mo luidhe i sean-teach
súithche, ni leigfeadh mfhallsacht (dam) mo shúil
a dhruid go dtuitfeadh braon súithche asteach
ann mo shúil agus go ligfeadh se (sic) an
tsúil as mo cheann."



"Tá mise chomh fallsa leis," ar san dara
fear.



"Cad é an fhallsacht a thiucfadh leat-sa a
dheunadh?"



"Dá bhfágfaidhe mé mo luidhe ann áit
a raibh tri bheallach casta air a chéile,
luidhfinn air chúl mo chinn, agus ni leigfeadh
mfhallsacht dam corrughadh go dtiucfadh na
cartacha air mo mhullach agus go marbhfadh
siad me."



"Tá mise chomh fallsa leis" ar san
triomhadh duine.


L. 12


"Cad é an fhallsacth a thiucfadh leat-sa a
dheunadh?"



"Dá bhfágfaidhe me mo sheasamh ag taoibh
chruaiche móna, cuir teine ann a ceann agus
ni leigfeadh an fhallsacht dam corrughadh."



"Ni'l fhios agam cia agaibh a ndeunfaidh
me an choill do."



Ni táinig leis na tri ceiste d'fhuasgailt
agus thuit se as a sheasamh. Fuair se bás.
Cuaidh an triúr air ais. Bhi siad 'nna g-
cómhnuidhe i g-cúirt an Righ.



GOILLÍS NA G-COS DUBH.
Bhi buachaill i g-condaé Mhuigh-Eó, agus
nior nigh se cos o rugadh é. Goillís an
t-ainm a bhi air, agus mar nach dtiucfadh le
duine air bith do chur d' fhiacaibh air a chosa
nighe, thug siad "Goillís na gcos dubh," air,
mar ainm. Is minic dubhairt an t-athair leis,
"éirigh a stroínse agus nigh thu féin," acht
diabhal cos d'eireóchadh se, agus diabhal cos
nighfeadh se. ni raibh aon mhaith i g-caint leis.
Bhidheadh uile dhuine deunadh magadh faoi,
mar gheall air a chosaibh salacha, acht ni raibh
aon t-suim no beann aige ionnta. D'fheudfá


L. 13


rud air bith a rádh leis, acht do bheidheadh a thoil
feín aige 'nn a dhiaigh sin.



Aon oidhche amháin bhi an mhuiríghin uile 'nna
suidhe ag an teine, agus ag innsint sgeul agus
ag deunadh grinn doibh feín, agus bhi seisean
'nna measg. Dubhairt an t-athair leis, "A
Ghoillís," ar se, "tá tu bliadhain agus fiche
d'aois anocht, agus creidim nár nigh tu do
chosa, o'n lá a rugadh thu go dti anois." "Thug
tu d'éitheach," ar Goillís bhi me ag snámh lá
Bealtaine, agus nior feud me mo chosa chon-
gbháil as an uisge." "Bhi siad chomh salach a's
bhi siad ariamh nuair tháinig tu chum na
tráighe" ar san t-athair." "Bhi siad sin, go
cinnte" ar Goillís. "Sin é an rud atá me
rádh," ar san t-athair "nach raibh ionnat do
chosa nighe riamh." "Agus ni nighfead go lá
mo bháis," ar Goillís. "A bhitheamhnaigh
bhradaigh! a bhodaigh! a thincéir! a stróinse
gan mhaith! cad é 'n sórt freagartha é sin?"
ar san t-athair agus tharraing se an lámh
agus bhuail se dorn cruaidh air Goillís air a
leith-ceann, "bi 'g imtheacht," ar se, "ni
fheudaim seasamh leat."



D'éirigh Goillís agus chuir se a lámh chum
a gheíll, 'n áit a bhfuair se an dorn. "Acht
gur tusa atá ann," ar se, "do thug an buille


L. 14


sin dam, buille eile ni bhuailfeá go bráth."
Chuaidh se amach as an teach agus fearg mhór
air.



Do bhi an lios no an Ráth budh bhreágha do
bhi ann Eírinn sgathadh beag o bhinn an tighe,
agus budh ghnáth leis go minic suidhe sios air
an mbanca breágh fód do bhi 'nna thimchioll.
Sheas se, agus é 'nna leath-luidhe ag binn an
tíghe ag dearcadh suas air an speur, agus ag
breathnughadh air an ngealaigh aoibhinn ghil do
bhi os a chionn, agus d' fhan se ann sin le cúpla
uair gan chor do chur as. 'R éis é do bheith
'nna sheasamh mar sin le cúpla uaire, dubhairt
se leis féin, "Mo leun geur! nach bhfuil me
imthighthe as an áit seo uile go léir, b'fheárr
liom bheith ann aít air bith air an domhan na
ann so. Och nach aoibhínn é dhuit-se a ghealach
bhán," ar se, "tá dul thart dul thart mar is
mian leat feín, agus ni thig le duine air bith
do bhárradh na do chur air gcul. Mo bhrón gan
mise mar thu!" Is air éigin do bhi an focal
sin as a bheul nuair chualaidh se toran mór
ag teacht, mar toran móráin daoine ag ríth le
cheíle, agus ag caint, agus ag gáire, agus ag
deunadh grinn, agus chuaidh an toran thart mar
fromán-gaoithe, (tormán-ghaoithe) agus bhi se
ag éisteacht leis dul asteach annsan ráth.


L. 15


"Maiseadh, dar m'anam," ar se, "tá sibh-se
súgach go leór, agus leanfaidh me sibh."



Créud do bhi ann acht an Sluagh-sidhe, acht
ni raibh fhios aige i dtosach gurb' iad do bhi
ann, acht lean se iad asteach annsa ráth.
Chualaidh se an "fulparnaigh 's an fal-
parnuigh," an "rap-le-húta," agus an "ruaile-
buaile" do bhi aca ann sin, agus gac uile
duine aca ag glaodhach amach go h-árd, "Mo
shrian, mo chapall, 's mo dhiallaid!" "Mo
shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid!"



"Dar mo láimh," ar Goillís an buachaill,"
"ni h-olc é sin, deunfaidh mise aithris orraibh,"
agus ghlaodh seisean amach chor leó, "Mo shrian
's mo chapall 's mo dhiallaid, mo shrian 's mo
chapall 's mo dhiallaid," agus air an móimid
bhi capall breágh le srian oír agus diallaid
airgid 'nna sheasamh os a choinne. Léim se suas
air, agus an móimid do bhi sé air a dhruim chon-
nairc se go soilleír go raibh an ráth lán
de chapallaibh, agus de dhaoinibh beaga dul
ag marcuigheacht orra.



Dubhairt fear aca leis, "Bhfuil tu teacht
linn anocht a Ghoillís," "Táim go cinnte," ar
Goillís. "Má taír, tar uait," ar san
fear beag, agus amach leó uile go leír, le
chéile, ag marcuigheacht mar an ngaoith, nios


L. 16


luaithe ná na capaill is éadtroime a chonnairc
tu riamh ag fiadhach, agus nios luaithe ná an
sionnach agus na gadhair ag a earball.



An ghaoth fhuar gheimhridh do bhi rompa do rug
siad uirri, agus an ghaoth fhuar gheimhridh do bhi
'nna ndiaigh ni rug si orra-san, agus
stop ná stad ni dhearnaigh siad de'n láin-
ríth sin, no go dtáinig siad go bruach na
fairrge.



Dubhairt uile cheann aca ann sin - "Eirigh
agus thart leat - Eirigh agus thart leat,"
agus air an móimid d'éirigh siad suas ann san
aer, agus sul do bhi am ag Goillís le
cuimhniughadh cá raibh se, bhi siad shios air an
talamh thirm arís, agus ag imtheacht mar an
ngaoith. Sheas siad air deireadh, agus
dubhairt fear aca le Goillís, "A Ghoillís
bhfuil fhios agad cá bhfuil tu anois?" "Ni'l,"
ar Goillis. "Tá tu 'sa' Roímh a Ghoillís,"
ar se, "agus támaoid le dul nios faide ná
sin. Tá inghean Righ na Fraince le bheith
pósta anocht, an bhean is deise d'á bhfaca
an ghrian riamh, agus caithfimíd ar ndithchioll
dheunamh i do thabhairt linn féin, má thig linn
a fuadach air mhódh air bith, agus caitfidh
tusa teacht linn, i riocht go g-cuirfimíd
an inghean óg suas air do chúl air an


L. 17


g-capall, nuair bhéidhmid 'gá fuadach, mar ni
dlisteanach dúinne é, i do chur 'nna suidhe air
ár g-cúl-ne, acht is fuil agus feóil thusa,
agus tig léite greim maith fhághail ort, air
mhódh nach dtuitfidh si, nuair chuirfimíd air an
g-capall í. Bhfuil tu sásta a Ghoillís agus
an ndeunfaidh tu a bhfuilmíd-ne ag rádh
leat?" "Cad chuige nach mbeidhinn sásta,"
ar Goillís, "tá me sásta go cinnte, agus
rud air bith a dhéurfaidh sibhse liom a dheunadh,
deunfaidh me gan amhras é, acht ca
bhfuilmíd anois? cad é an áit í seo, a
dubhairt tu?" "Tá tu annsa' Róimh anois a
Ghoillís," ar san t-Sidheóg. "Annsa' Róimh,
aneadh!" ar Goillís, "go deimhin agus gan
bhréig is maith liom sin. An Sagart-par-
áiste do bhi againne do bhi se briste tamall
o shoin, agus chaill se a áit. Caithfidh me dul
chum an Phápa bhfhágh' me bulla uaidh
chuirfeas air ais é ann a áit féin arís." "O a
Ghoillís," ar san t-Sidheóg "ni thig leat sin a
dheunadh. ni léigfidhear asteach annsa
bpálás thu; agus air mhódh air bith ni thig linne
fanamhaint ann so nuair atá tusa leis an
b-Pápa, tá deifir orrainn." "Oiread agus
cos ni rachaidh me nios faide," ar Goillís,
"go rachaidh me chum an Phápa, acht tig libh-se


L. 18


dul air bhur n-aghaidh gan mise, má's maith libh
é, acht ni chorrochaidh mise go rachaidh me chum an
Phápa agus go bhfhágh' me párdún mo shagairt-
paráiste uaidh." "A Ghoillís, an air dith-
ceílle atá tu? ni thig leat dul ann, agus sin
é d'fhreagradh anois duit, innsim duit nach
dtig leat dul ann." "Nach dtig libh-se dul
air aghaidh agus mise dfhágbháil ann so 'nn bhúr
ndiaigh," ar Goillís, "agus nuair tiucfaidh
sibh air ais ann so nach dtiucfaidh libh an cailín
árdughadh suas air mo chapall-sa air mo chúl?"
"Acht beídh tu teastál uainn ag pálás Righ na
Fraince ar san t-Sidheóg agus caithfidh tu
teacht linn anois." "Diabhal cos," ar Goillís,
go bhfuighidh me párdún an t-sagairt, an
duine is macánta agus is greannamhla d'á
bhfuil i n-Eírinn."



Labhair Sidheóg eile ann sin, agus dubhairt
se, "ná bí chomh cruaidh sin air Ghoillís, tá 'n
buacaill cineálta, agus tá croidhe maith mór
aige, agus mar nach maith leis teacht linn gan
bhulla an Phápa caithfimíd ar ndithchioll
dheunamh le na fhághail do. Rachaidh seisean
agus mise asteach do'n Phápa, agus tig libh-se
fanamhaint linn ann so."



"Míle buidheachas leat," ar Goillís, "tá me
réidh le dul leat, agus an sagart só, is é an


L. 19


fear is greannamhla agus is spórtamhla air
bith."



"Tá an iomarcuidh caint' agad," a Ghoillís,"
ar san t-Sidheóg, "acht tar uait anois.
Tar anuas de 'n chapall, agus beir air mo
láimh-se."



Thaínig Goillís anuas ón g-capall, agus
rug se air láimh na Sidheóige, agus dubhairt
an duine beag cúpla focal nár thuig Goillis,
agus sul do bhi fhios aige ca raibh se, fuair se
é féin annsa' rúma ann a raibh an Pápa.



Bhi an Pápa 'nna shuidhe suas go mall an
oidhche sin, mar bhi leabhar le léigheadh aige a
raibh spéis mhór aige ann. Bhi se 'nna shuidhe
i g-cáthaoir mhóir bhuig, agus a dhá chois
árduighthe suas aige air chlár an t-similéir,
agus bhi teine bhreágh annsan ngráta, agus
bord beag 'nna sheasamh ag a uillinn, agus
braon uisge-beatha teith agus siúcra ann,
'nna sheasamh air an m-boirdín agus nior
mhothuigh se no go dtáinig Goillís air a chúl.



"Nois a Ghoillís," ar san t-Sitheóg, "abair
leis muna dtiúbhraidh se an bulla dhuit go
g-cuirfidh tu an rúma air lasadh, agus má
dhiultaighidh se dhuit é, steallfaidh misi teine
as mo bheul thart timcioll, go saoilfidh se go
bhfuil an áit air lasadh dáríribh, agus mise


L. 20


mo bhannaidh go mbéidh se réidh go leór an
párdún do thabhairt duit ann sin."



Chuaidh Goillis suas chuige, agus leag se
a lámh air a ghualain. Thionntuigh an Pápa,
agus nuair chonnairc se Goillís 'nna sheasamh
air a chúl, sgannruigh se. "Na biodh aon
eagla ort," ar Goillís, "tá sagart par-
áiste againne annsan mbaile, agus d'innis
bitheamnach eígin breug do d' onoír dá thaoibh,
agus briseadh é, acht is é an duine is córa do
chonnairc d' onóir ariamh agus ni'l fear ná
bean ná páiste i m-Baile-na-d-tuatach nach
bhfuil i ngrádh leis."



"Bi do thost a bhodaigh" ar san Pápa,
"Cár' b' as thu, no creud do thug ann so thu.
Nach bhfuil glas agam air an doras."



"Tháinig mise asteach air pholl na h-eochrach,"
ar Goillís, "agus do bheidhinn an bhuidheach
ded' onoir." Ghlaodh an Pápa amach,
"cá bhfuil mo mhuinntir, ca bhfuil na sear-
bhóghantaidh! A Shéumuis! A Sheaghaín!
tá me marbh, ta me robálta!"



Acht chuir Ghoillís a dhruim leis an doras
agus nior fheud an Pápa a fhosgailt mar bhi
faitchios air dul anaice le Goillís, acht ni
raibh aon árach (neart) aige air, agus b'éigin
do eísteacht le sgeul Ghoillís, agus nior


L. 21


fheud Goillís a innsint go gearr réidh dó,
mar bhi se mall-labharthach agus garbh, agus
chuir sin fearg air an b-Pápa agus nuair
chriochnuigh Goillís a sgeul, do thug se a mhóid
nach dtiubhradh se párdún do'n t-sagart go
deó, agus bhagair se air Ghoillís feín go g-cuir-
feadh se chum báis é mar gheall air an mbeag-
náire do bhi air, teacht asteach annsan
oidhche chuige, agus thoisigh se ág béiceadh agus
ag glaodhach na searbhfóghantaidh arís. Ni'l
fhios agam ar chualaidh na searbhfhóghantaidhe é
ag glaodhach orra, acht bhi glas air an doras
an taobh-astigh, agus nior fheud siad teacht
asteach air mhódh air bith chuige.



"Muna dtiubhraidh tu bulla dham faoi do
láimh agus do sheula, agus párdún an t-
sagairt ann, dóghfaidh me do theach le teine,"
ar Goillís. Do thoisigh an t-Sidheog nach
bhfaca an Pápa, teine agus lasadh do
chathadh amach as a bheul, agus shaoil an Pápa
go raibh an rúma uile air lasadh.



Ghlaodh se amach, "O léirsgrios siorruidh!
bhéarfaidh me an párdún duit, bhéarfaidh me
rud air bith dhuit, acht coisg do theine agus na
dógh me ann mo theach feín."



"Tá me buidheach de d' onoír," ar Goillís,
agus choisg an t-Sidheóg an teine, agus b' eígin


L. 22


do'n Phápa suidhe sios agus párdún iomlán
sgriobhadh do'n t-sagart, agus a shean-áit
thabhairt air ais do; agus nuair bhi se réidh
sgriobhtha aige chuir se a ainm faoi, air an
bpáipeur, agus chuir se i laimh Ghoillís é.



"Go raibh maith ag d'onóir," ar Goillís, "ni
thiucfaidh me go bráth arís ann so chugad, agus
beannacht leat."



"Na tar," ar san Pápa, "má thig tu
béidh mise réidh rómhad, agus ní imtheochaidh
tu uaim chomh foras sin arís. Béidh tu
druidte suas i bpríosún agus ní tiucfaidh
tu amach as go bráth."



"Na biodh eagla ort, ni thiucfaidh me ann,
arís," ar Goillís, agus sul dfheud se nios mó
do rádh do labhair an t-Sidheóg cúpla focal,
agus rug se air láimh Ghoillís arís, agus amach
leó. Fuair Goillís é feín ameasg na sidheóg
eile agus a chapall ag fanamhaint leis.



"Nois a Ghoillís," ar siad, "is mór an
bacadh chuir tu orrainn, agus an oiread sin
deifir' orrainn, acht tar uait anois agus
na cuir rómhat a leitheid de chleas a dheunadh
arís, mar nach bhfanfamaoid-ne leat." "Tá
me sásta," ar Goillís, "agus tá me buidheach
dhibh, acht innis dam ca bhfuilmíd le dul anois."


L. 23


"Támaoid le dul chum pálaís Righ na
Fraince," ar siad, "agus má thig linn air
bith, támaoid le fuadach a inghine linn."
Dubhairt uile fear aca an focal, "Éirigh a
chapaill," ann sin, agus thoisigh na capla
ag leím agus ag rith agus ag prompsál.
An ghaoth fhuar gheimhridh do bhi rompa do rug
siad uirri, agus an ghaoth do bhi 'nna ndiaigh ni
rug si orra-san, agus nior stad siad de'n
rása sin no go raibh siad chomh fada le pálás
Righ na Fraince.



Tháinig siad anuas d'á g-caplaibh ann sin,
agus dubhairt fear aca focal nár thuig
Goillís, agus air an móimid bhi síad uile
tógtha suas, agus fuair Goillís é feín agus
a chomráididh annsan bpálás. Bhi fleadh
(féusta) mór 'gá cathadh aca ann sin, agus ni
raibh fear-uasal ná duine mór annsan
rioghacht nach raibh cruinnighthe le cheíle annsin
roimhe, agus bhi siad gleusta amach le sioda
agus sról, le h-ór agus le h-airgiod, agus
do bhi an oidhche chomh geal leís an lá annsan áit
sin leis an méid coinnioll agus lampa do
bhi lasta ann; agus nior fheud Goillís an
t-amharc breágh soillseach do sheasamh agus
dhruid se a dhá shúil.



Nuair d'fhosgail se arís iad ann sin, agus


L. 24


nuair dhearc se uaidh, shaoil se nach bhfaca se
aon rud ariamh chomh breágh leis an méad a chon-
nairc se. Bhi ceud bord leagtha amach agus
a lán bidh agus díghe air gach bord aca, feóil
agus cácaidh agus milseóga, agus fíon agus
lionn agus gach deoch d'á bhfaca duine riamh.



Bhi na fir-cheóil ag dá cheann na h-álla
sin, agus iad ag deunamh an cheóil budh mhillse
do chualaidh cluas duine riamh, agus bhi
tuilleadh daoine, mná óga agus ógánaigh
galánta i lár na h-alla sin, ag damhsa agus
ag deunamh ringce, agus ag dul thart chomh
luath agus chomh h-éadtrom sin gur chuir se
"suarán" i g-ceann Ghoillís le bheith ag
dearcadh orra. Bhi tuilleadh ann ag deunamh
cleasa, agus tuilleadh ag deunamh grinn agus
gáire, mar nach raibh a leitheid de fheusta ann
sa' b-Frainc le fiche bliadham a's do bhi an lá
sin, mar nach raibh aon chlann beó ag an t-
sean-rígh acht an t-aon inghean amháin, agus
bhi si le bheith pósta le mac righ eile an
oidhche sin. Tri lá bhi an feusta 'gá chathadh
agus bhi si le bheith pósta an triomhadh oidhche,
agus budh h-í sin an oidhche a tháinig Goillís
agus na Sideóga ag súil leis an inghean óg
d'iomchar leó dá bhfeudfadh siad.



Bhi Goillís agus a chomráididh 'nn a seasamh


L. 25


le chéile ag ceann na h-alla 'n-áit a raibh
altoír bhreagh ghleusta, agus dhá easpog air a
cúl, ag fanamhaint le pósadh an chailín, nuair
bheidheadh an t-am ceart ann. Nior fheud
duine air bith na Sidheóga dfheicsint mar
dubhairt siad focal nuair tháinig siad asteach
a rinne do-fheicsint iad, amhail agus nach raibh
siad ann air chor air bith.



"Innis dam, cia aca inghean an Righ?"
ar Goillís, nuair bhi sé, 'g eírighe rud-beag
cleachtach leis an toran agus leis an t-solas.
"Nach bhfeicidh tu uait ann sin í," ar san fear
beag, a bhi ag deunamh caint' leis. Dhearc
Goillís mar a shín an fear beag a mheur, agus
ann sin chonnairc se an óigbhean budh bhreágha
agus budh dheise do bhi, dar leis, air dhruim na
talmhan. Bhi an rós agus an lile ag troid
le chéile ann a h-eudan, agus ni bheidheadh
fhios ag duine cia aca fuair an bhuaidh. Bhi
a righthe agus a lámha mar an aol, bhi a beul
chomh dearg le súgh-talmhan agus é apuidh,
bhi a cos chomh beag agus chomh h-eudtrom le
láimh duine eile, bhi a cruth mín agus
seang, agus bhi a gruag ag tuitim anuas
d'á ceann 'nna mbúclaibh óir. Bhi a culaidh
agus a casóg fighte le h-ór agus le h-
airgiod, agus an chloch gheal do bhi 'san


L. 26


bhfáine air a meur do bhi si chomh soillseach
leis an ngréin.



Bhi Goillís beag nach dallta leis an m-
breághacht agus an sgeímh do bhi ínnti. Dhearc
se arís agus chonnairc se, mar shaoil se,
go raibh si ag gul, no go raibh lorg deóir ann
a súil. "Ni féidir," ar Goillís, go bhfuil
brón uirri, nuair atá uile dhuine 'nna
timcioll chomh súgach spórtamhail sin."



"Tá si brónach," ar san fear beag, "tá si
brónac. maiseadh! mar is anaghaidh a tola
féin tá sí 'gá pósadh, agus ni'l aon ghrádh
aici air an bhfear atá le bheith aici. Bhi an
Righ dul dhá tabhairt do, tri bliadhna o shoin,
nuair nach raibh sí acht cúig bliadhna deug
d'aois, agus rinne síse impidhe air a fágbháil
mar bhi si go fóil, mar dubhairt si go raibh si
ro óg. Thug an Righ cáirde bliadhna dhi, agus
nuair bhi an bhliadhain sin imthighthe thug se
cáirde bliadhna eile dhi, agus ann sin bliadhain
eile, agus seachtmhain no lá ni thiubhradh sé di
nios mo, agus tá sí ocht mbliadhna deug anois
agus is mithid di pósadh, acht go deimhin," ar
seisean, agus cham se a bheul le gáire
gráineamhail, "go deimhin ni mac Righ a
phósfaidh si, má thig liom-sa é."



Ghlac Goillís truagh mhór do'n ógmhnaoi


L. 27


áluin, nuair chualaidh se sin, agus bhi a chroidhe
briste nuair shaoil se go mbudh éigin di an
fear phósadh nach raibh aon dúil aici ann, no
(rud budh mheasa ná sin) sídheóg ghránna
ghlacadh mar fhear: acht nior labhair se aon
fhocal, cidh nár fheud se gan iomad mallacht
thabairt do'n mhi-ágh do bhi i ndán do feín,
agus é ag congnamh leis an dream do bhi le
na fuadach ó n-a teach agus ó n-a h-athair.



Thosuigh se ag smuaineadh ann sin creud do
budh choír do a dheunadh le na sábháil, acht nior
fheud se cuimhniughadh air dadamh. "O dá
dtiucfadh liom cobhair no fóirighín thabhairt di,
budh chuma liom beó no marbh me," ar seisean
ann a inntinn féin, "acht ni fheicim rud air
bith is féidir liom dheunadh dhi."



Bhi se dearcadh ann sin mar tháinig mac
an righ suas chuici, agus é ag iarraidh póige,
uirri, acht thionntaigh si a ceann air ais uaidh.
Bhi truagh dhúbalta air Ghoillís ann sin, nuair
chonnairc se an buachaill ag breith air a láimh
baín mhín agus 'gá tarraing amach le ringce.
Chuaidh siad thart annsa damhsa i bhfogus do
Ghoillís agus budh léur do go maith go raibh
deór ann a súil.



Nuair bhi an damhsa sin thart, thainig a
h-athair, an sean-Rígh, agus a máthair, an bhain-


L. 28


rioghan, asteach, agus dubhairt siad gurb'
é sin an t-am ceart le na pósadh, go raib an
t-easpog réidh, agus a leabuidh gleusta, agus
go mbudh mhíthid di bheith tugtha d'á fear anois,
aghus fáinne an phósta do chur uirri.



Chuir an sean-Righ gáíre as, "dar m'onoír,"
ar se "tá an oidhche beag nach caithte, acht
deunfaidh mo mhac oidhche dho féin, mise mo
bhannaidh nach n-éireochaidh se go moch
amárach."



"Maiseadh b'éidir go neireochaidh," ar san
t-Sídheóg le Goillís ann a chluais. "B'éidir
nach ann a leabuidh rachaidh siad anocht, ha
ha ha."



Ni thug Goillis aon fhreagradh dho, mar
bhi an dá shúil dul amach air a cheann ag faire
creud do dheunfadh siad ann sin.



Rug an Righ air láimh an ógánaigh, agus
rug an Bhainrioghan air a h-inghín agus chuaidh
siad suas chum na h-altóra le chéile, agus na
tighearnaidh agus na daoine móra uaisle 'gá
leanamhaint.



Nuair tháinig siad i bhfogus don altoír,
agus nach raibh siad mórán nios faide na
ceithre slata uaithi do shín an t-Sidheóg bheag
a chos amach roimh an g-cailín, agus thuit si.
Sul d' fheud si eírighe arís chaith se rud eígin


L. 29


as a láimh uirri agus dubhairt se cúpla focal,
agus air an moímid bhi an óig-bhean imthighthe
ó na measg. Nior fheud duine air bith a
feicsint, mar rinne an focal sin do-fheicsint,
í. Rug an firín beag uirri agus d'árduigh sé
suas air mhuin Ghoillís í, agus ni fhaca an
Righ ná duine air bith eile iad, acht amach leó
air fud na h-alla go dti an doras.



Oro! a Mhuire dhíleas, is ann sin do bhi an
truagh agus an buaidhreadh agus an caoineadh
agus an t-ionghantas agus an cuartughadh,
agus an rúcán nuair d'imthigh an bhean-uasal
sin ó na súilibh agus gan iad dfheicsint creud
do rinne é. Amach air dhoras an pháláis leó,
gan bheith bactha ná bárrtha mar nach bhfaca
aon duine iad, agus "mo shrian 's mo chapall,
's mo dhiallaid," ar gach fear aca; "mo shrian
's mo chapall 's mo dhiallaid!" ar Goillís,
agus air an moímid bhi an capall 'nna
sheasamh reídh ughamuighthe os a choinne. "Nois
léim suas a Ghoillís, ar san fear beag agus
cuir an bhean-uasal air do chúl agus béidhmid
ag imtheacht. ni fada uainn an mhaidin
anois."



D'árduigh Goillís í air mhuin a chapaill
feín, agus leím se feín suas roimpi, agus,
"Éirigh a chapaill," ar se, agus chuaidh an


L. 30


capall ann a láin-ríth agus na capaill eile
leis, no go dtáinig siad chum na fairrge.



"Éirigh aghus thart leat," ar gach fear
aca, "Éirigh agus thart leat" ar Goillis, agus
air an móimid d'éirig an capall faoi, agus
rinne se léim annsna speurthaibh agus thaínig
se anuas i n-Éirinn.



Nior stad siad ann sin acht chuaidh siad de
rása go dti an aít ann a raibh teach Ghoillís,
agus an ráth, agus nuair tháinig siad chomh fada
leis, d' iompuigh Goillís agus rug se le na
dhá righe air an g-cailín óg agus léim sé sios
de'n chapall. "Goirim agus coisrighim chugam
feín thu i n-ainm Dé" ar seisean agus air
an mball sul do bhi an focal as a bheul, thuit
an capall sios, acht creud do bhi ann acht sail
ceuchta d'á ndearna siad-san capall, agus
uile chapall do bhi aca budh mar sin a rinne
siad é. Bhi cuid aca ag marchuigheacht air,
shean sguaib, agus cuid air bhata briste,
agus cuid eile air bhuachalán, no air fórán.



Ghlaodh na daoine maithe uile go léir nuair
chualaidh siad creud a dubhairt Goillís, "A
Ghoillis a bhodaigh, a Ghoillís a bhitheamhnaigh,
ná raibh maith agad a Ghoillís, creud fá d'
imir tu an cleas sin orrainn?" acht ni raibh
cumhacht air bith aca air an %g-cailin dfhuadach


L. 31


leo 'reís Goillis a coisreaghadh dho feín. "O
a Ghoillis nach deas an oibir í sin a rinne tu
dhúinn agus sinne chomh cinéálta sin leat-sa.
Cad é an mhaith atá againn anois as ar dturas
go dti an Róimh agus go dti an Fhrainc. Ná
bac leis go fóil, a bhodaigh! acht iocfaidh tu sin
am eile, creid sinne go mbéidh aithreachas ort.



"Ni bhéidh aon mhaith aige le fághail as an
g-cailín óg," ar san firín beag do bhi ag
caint le Goillis annsan b-palás roimhe sin,
agus mar dubhairt se an focal dhruid se
anonn chum na h-óg-mhná agus bhuail se bos
air a leithceann. "'Nois!" ar se "béidh si
gan chaint feasta. 'Nois! a Ghoillís cad é an
mhaith dhuit-se í, nuair a bhéidh si balbh? Is
mithid dúinn imtheacht, acht béidh cuimhne agad
orrainne, a Ghoillís na g-cos dubh!"



Nuair dubhairt se sin shín se a dhá láimh amach,
agus sul dfheud Goillís aon fhreagradh tabhairt
do, bhi se féin agus an chuid eile dhiobh
imthighthe asteach annsan ráth as a amharc agus
ni fhaca se iad nios mo.



Thionntaigh se chum na h-óg-mhná agus
dubhairt se léithe, "Buidheachas le Dia, tá
siad imthighthe; nach feárr leat fanamhaint
liom-sa ná leo-san?" Nior fhreagair si
dadamh; tá buaidhreadh agus brón uirri


L. 32


fós, ar Goillís ann a inntinn féin, agus
labhair se léithe arís, "tá faitchios orm go
g-caithfidh tu an oidhche seo chathadh i dteach m'
athar a bean-uasal, agus má tá aon rud is
féidir liom-sa dheunadh air do shon, innis dam
é agus beídh me mo shearbhfhóghanta dhuit."
Dfhan an cailín sgiamhach bréagh 'nna tost,
acht bhi déora ann a súilibh, agus bhi a h-eudan
bán agus dearg 'r éis a chéile.



"A bhean-uasal," ar Goillís, "innis dam
creud budh mhaith leath a dheunamh anois.
Nior bhain mise chor air bith leis an dream.
sidheóige sin a rug leó thú. Is mac feilmeóra
cneasta me, agus chuaidh me leó gan fhios dam.
Má thiucfaidh liom do chur air ais chum d'athar
deunfaidh me é, agus guidhim thu úsáid air
bith is mian leat do dheunamh dhíom anois."



Dhearc se ann a h-eudan agus chon-
nairc se an beul ag corrughadh amhail a's
mar bhi si dul a labhairt, acht ni tháinig aon
fhocal as.



"Ni féidir," ar Goillís, "go bhfuil tu balbh,
nár chualaidh me thu ag labhairt le mac-
an-righ annsa' bpálás anocht. No, an
ndearna an diabhal sin balbh dáríribh thu,
nuair bhuail sé a lámh ghránna air do
ghiall?"


L. 33


Thóg an cailín a lámh mhín bhán, agus leag
sí a meur air a teanga ag taisbéant dó,
gur chaill sí a guth agus a caint, agus rith
na deóra amach as a dhá súil 'san am
ceudna comh luath le srothán, agus go deimhin
ni raibh súile Ghoillís féin tirm, mar comh
garbh a's bhí sé, taobh amuigh, do bhí croidhe bog
aige, agus nior fheud sé amharc an chailín óig
sheasamh, agus í annsan riocht mi-ághamhuil sin



Thosaigh sé ag smuaineadh leis féin creud
do budh chóir dó dheunamh, agus nior mhaith leis
a tabhairt a bhaile leis féin go teach a athar,
mar bhí fhios aige go maith nach g-creidfeadh
siad é, go raibh sé annsa' bhFrainc agus go
dtug sé air ais leis inghean Righ na Fraince,
agus bhí faitchios air go ndeunfadh siad
magadh faoi an óg-mhnaoi uasail, no go
g-cuirfeadh siad droch-aighneas uirri.



Nuair bhí sé mar sin i n-amhras mór agus
gan fhios aige creud do dheunfadh sé, thárla
gur chuir sé a lámh ann a phóca, agus fuair
sé páipeúr ann; tharraing sé amach é agus
bhreathnuigh sé air, agus air an móimid
d'aithnigh sé bulla an Phápa. "Glóir do Dhia!"
ar sé, tá 's agam anois creud a dheunfaidh
me, béarfaidh me liom go teach an t-sagairt
i, agus nuair feicfidh sé a phárdún annso,


L. 34


ni dhiúltóchaidh sé dham an bhean-uasal do
chongbháil, agus do chothughadh. Thionntaigh sé
do'n óg-mhnáoi arís agus d'innis sé dhí go
raibh leisg air í féin do thabhairt go teach a
athar, acht go raibh sagart maith macánta do
bhí muinntearach leis féin, agus go dtiúbhradh
seisean aire mhaith dhí, dá mbudh mhaith léithe
fanamhaint ann a theach-san, acht dá mbei-
dheadh aon áit eile do bhfeárr léithe go
dtiúbhradh sé chum na h-áite sin í.



Chrom síse a ceann, agus thaisbéan sí dhó
go raibh sí buidheach, agus thug sí le tuigsint
dó, go raibh sí réidh le na leanamhaint ann áit
air bith do bhí sé dul. "Rachamaoid go teach
an t-sagairt, mar sin," ar sé, "agus tá sé
faoi oibliogáid damhsa, agus deunfaidh sé
rud air bith a dhéarfas mé.



Chuaidh siad, mar sin, go teach an t-sagairt
le chéile, agus bhí an ghrian go díreach ag éirighe
nuair tháinig siad chum an dorais. Bhuail
Goillís go láidir é, agus chomh moch a's bhí
sé, do bhí an sagart maith 'nna shuídhe, agus
dfhosgail sé an doras, é féin. Bhí iongan-
tas air nuair chonnairc sé Goillís agus an
cailín, agus bhí sé cinnte gur b' ag iarraidh
bheith pósta do bhí siad.



"A Ghollís na g-cos dubh, nach deas an


L. 35


buachaill thu!" ar sé, "nach dtig leat fana-
mhaint go d-ti a' deich a' chluig, no go d-ti a
do-deug, acht go g-caitfidh tu bheith teacht
chugam ag an uair seó ag iarraidh pósta,
thu féin a's do ghirrseach. Budh chóir dhuit fios
a bheith agad go bhfuil me briste, agus nach
dtig liom do phósadh, air mhódh air bith nach dtig
liom do phósadh go dlisteanach - acht ububú!"
ar sé, go h-obann mar dhearc sé air an
óg-mhnaoi arís, "i n-ainm Dé cia tá agad
annso? cá bhfuair tu í, no cia hí?"



"A athair," ar Goillís, "tig leat mé
féin no duine air bith phósadh feasta, má's
mian leat é, acth ni ag iarraidh pósta tháinig
me chugad, acth le tabhairt an pháipéir seo
dhuit, agus le h-iarraidh ort má 's é do thoil
é lóistín ann do theac do thabhairt do'n ógmh-
naoi uasail seo," agus leis sin tharraing sé
bulla an Phápa amach, agus thug sé do'n
t-sagart le léigheadh é.



Ghlac an sagart éagus léigh sé é, agus bhreath-
nuigh sé go geur air an sgríbhinn agus air
an seula agus ni raibh aon amhras aige nach raibh
sé 'nna bhulla ceart o láim an Phápa, "Cá
bhfuair-tu so," ar sé le Goillís, agus bhí an
lámh ann ar chongbhuigh sé an páipeur ag
crathadh le h-ionghantus agus le luthgháire.


L. 36


"O maiseadh," ar Goillís, go h-aorach go
leór, "fuair mé aréir é annsa Róimh: D'fhan
mé air feadh cúpla uair annsa' g-cáthair sin,
nuair bhí mé air mo bhealach chum an óig-bhean
seo (inghean Righ na Fraince) do thabhairt
air ais liom."



Dhearc an sagart air amhuil agus mar
bheidheadh deich g-cloigionn air, acht gan aon cheist
eile do chur air, dubhairt sé leis teacht asteach
chuige, é féin agus an ainnir, agus nuair
tháinig siad asteach dhruid sé an doras agus
thug sé asteach 'sa' bpárlús iad, agus chuir
sé 'nna suidhe iad.



"'Nois a Ghoillís," ar sé, "innis dam go
firinneach cá bhfuair tu an bulla so, agus
cia h-í an óig-bhean so, agus má tá tu féin
ar do chéill dáríribh na má's ag deunamh
magaidh fúm atá tu?"



"Ni'l mé 'g innsint bréige, ná ag deunamh
magaidh," ar Goillís, "acht is ó'n b-Pápa
féin fuair mé an páipeur, agus budh as
phálás Righ na Fraince dfhuadaigh me an
bhean-uasal so, agus is inghean do Righ na
Fraince í."



Thosaigh sé air a sgeul ann sin, agus d'innis
sé an t-iomlán do'n t-sagart, agus bhi an
oiread sin d'ionghantus air an tsagart maith


L. 37


nar fheud sé é féin chongbháil o ghlaodhach amach
air uairibh ná ó bhualadh a dhá láimh le chéile.
Nuair dubhairt Goillís gur shaoil sé o'n
méad a chonnairc sé nach raibh an óig-bhean
sásta leis an bpósadh do bhí dul air aghaidh
annsa' bpálas sul do bhris sé féin agus
na sidheóga suas é, tháinig lasadh dearg i
ngruaidh an chailín, agus bhí sé nios cinnte
'ná riamh go mbudh fheárr léithe bheith mar bhí
sí, chomh dona agus bhí sí, 'ná 'nna mnaoi-
phósta do fhear budh gráin léithe. Nuair
dubhairt Goillís go mbeidheadh sé an bhuidheach
de'n tsagart dá g-coimhéadfadh sé ann a
theach féin í, dubhairt an fear cineálta go
ndeunfadh sé sin chomh fada agus budh mhaith
leis, acht nach raibh fhios aige creud do budh
choír dóibh dheunamh léithe, mar nach raibh aon
tslighe aca a cur air ais d'á h-athair arís.



Dfhreagair Goillís go raibh imnidhe air
féin, faoi an nidh ceuna, agus nach bhfaca sé
aon rud le deunamh acht a congbháil go socair,
no go bhfuigheadh siad faill agus ocáid
rud éigin nios feárr do dheunamh. Rinne
siad suas é eatorra féin ann sin, go leig-
feadh an Sagart air gur b' inghean a dhear-
bhráthar féin do bhí aige, do tháinig air cuairt
as chondae eile, agus go n-inneósadh sé do


L. 38


uile dhuine go raibh sí balbh, agus go ndeun-
fadh sé a dhithchioll uile dhuine do chongbháil
uaithi. D'innis siad do'n óg-mhnaoi creud do
chuir siad rómpa a dheunamh, agus thaisbéan
sí le na súilibh go raibh sí buidheach diobh.



Chuaidh Goillís a bhaile ann sin, agus nuair
chuir a mhuinntir féin ceist air cá raibh sé,
dubhairt seisean gur thuit se 'nna chodladh ag
bonn na cloidhe agus gur chaith sé an oidhche
ann sin.



Budh mhór an t-ionghnadh bhí air na cómhar-
sannaibh nuair thaisbéan an Sagart cóir,
bulla an Phápa dhóibh, agus nuair fuair sé
a shean-áit air ais arís, agus bhí luthgháire
air uile dhuine, mar go deimhin ni raibh locht
air bith annsan duine macánta sin, acht
amháin go raibh iomarcuidh dúil aige nois agus
arís i m-braon de'n bhuideul, acht nior fheud
duine air bith rádh go bhfaca sé riamh é i
riocht nach dtiucfadh leis "Seo! beirim do
shláinte" a rádh chomh maith le fear air bith
'sa' rioghacht. Acht má bhí ionghantas orra an
sagart dfheicsint arís ann a shean-áit, budh
mhó go mór a n-ionghantas faoi an g-cailín
do tháinig go h-obann chum a thighe gan
fhios ag aon duine cá'r b'as di, no cad e
an gnó do bhí aici ann sin. Bhi cuid dena


L. 39


daoinibh ann, a dubhairt nach raibh uile nidh
mar budh choír, agus cuid eile "nár bhféidir
é go dtug an Pápa a áit arís do'n t-sagart
'r éis a bhaint dé roimhe sin mar gheall air
an g-clamhsán do bhí aca air, i dtaoibh na
mheisge."



Agus bhí cuid eile aca, a dubhairt nach
raibh Goillís na g-cos dubh cosmhúil leis an
bhfear ceudhna do bhí ann roimhe sin, agus go
mbudh mhór an sgeul é go raibh sé ag triall
gach le lá chum tighe an t-sagairt agus go
raibh cion agus meas ag an tsagart air, rud
nár fheud siad ghlanadh suas air chor air bith.



B'fhior sin doibh go deimhin, mar b'anamh
an lá chuaidh thart, nach rachadh Gollís go teach
an t-sagairt agus nach mbeidheadh caint aige
leis, agus leis an óg-mhnaoi uasail, agus
chomh minic agus thiucfadh sé bheidheadh súil aige
go bhfuigheadh sé í go slán agus cead labharta
aici arís, acht faraoir d'fhan sí 'nna tost
agus í balbh, gan leigheas ná biseach. Nuair
nach raibh aon chaoi eile aici le deunamh cainte
leis, do rinne sí sórt cómhrádh eidir í féin
agus éisean le corrugadh a lámh agus a meur,
le sméideadh a súl, le fosgailt agus le
druidim a béil, le gáire no le mion-ghaíre,
agus le míle comhartha eile, i riocht nach raibh


L. 40


sé fada no gur thuig siad a chéile go h-an
mhaith. Bhi Goillís i g-cómhnuidhe ag smuai-
neadh cad é an chaoi a thiucfadh leis a cur air
ais d'á h-athair, acht ni raibh aon duine le
dul léithe agus ni raibh fhios aige féin cad é
an bóthar budh chóir dí leanamhaint mar nach
raibh sé ríamh as a chondae féin go dti an
oidhche sin ann a rug se leis í. ni raibh aon
eólas do b' fheárr ag an tsagart, acht nuair
d'iarr Goillís air, sgriobh sé tri no ceithre
litreacha o am go h-am go "Righ na Fraince,"
ag innsint dó cás a inghíne agus an áit ann
a raibh sí agus thug se iad do lucht ceannuighthe
agus diolta earraidh do bidheadh ag dul o áit
go h-ait tar sáile acht ni tháinig ceann aca
go láimh an Righ, mar chuaidh siad uile amugha.



Is mar sin do bhí siad le mórán mios,
agus bhí Goillís ag tuitim i ngrádh léithe
nios mó agus nios doimhne gach lá, agus
budh léar dó féin agus do'n t-sagart go
raibh duil mhór ag inghín an Righ i nGoillís.
Bhi faitchios mór air an mbuachaill air
deire go g-cluinfeadh an Righ dáríribh an
áit ann a raibh a inghean agus go nglacfadh sé
air ais uaidh féin í, agus chuir sé impidhe air
an tsagart gan sgriobhadh nios mó, acht an
chúis do leigint faoi Dhia.


L. 41


Budh mar sin do chaith siad an aimsir air
feadh na bliadhna, go dtáinig lá d' a raibh
Goillís 'nna luidhe leis féin air an bhfeur,
lá deirionnach de mhi dheiridh an fhóghmhair,
agus é ag smuaineadh arís ann a inntinn
féin air gach nidh do thárla dhó o'n lá a
chuaidh sé leis na Sidheógaibh thar an t-saile.
Chuimhnigh sé ann sin go h-obann gur b' air
oidhche Samhna do bhí sé 'nna sheasamh ag binn
an tighe nuair tháinig an fromán-gaoithe
agus na sidheóga; a's dubhairt sé leis féin,
"béidh oidhche Samhna againn arís amárach
agus seasfaidh mé san áit cheudhna do bhí mé
'nuraidh, go bhfeicfidh mé an dtiucfaidh na
daoine maithe arís, b'éidir go g-cluinfinn
no go bhfeicfinn rud éigin do bheidheadh úsái-
deach dam, no do bhéarfadh air ais a caint
do Mháire (budh hé sin an t-ainm do ghlaodh
sé féin agus an Sagart air inghin an Rig.
mar nach raibh fhios ag ceachtar aca cad é
an t-ainm ceart a bhí uirri).



D'innis sé an rud do chuir sé roimhe do'n
tsagart, agus thug an sagart a bheannacht dó.



Chuaidh Goillís, mar sin, do'n t-sean-ráth,
nuair bhí an oidhche ag dorchughadh, agus sheas
sé le na uillin chromtha air shean-leic liath
ag fanamhaint go dtiucfadh an meadhon-oidhche.


L. 42


D'éirigh an ghealach suas go mall agus
bhí sí mar chnapán teine an taobh shiar dé
agus bhí ceó bán ann, do bhí árduighthe as na
machairibh féir agus as na h-áiteachaibh fliucha
le fionn-fhuacht na h-oidhche 'r éís ain-teas an
laé. Do bhí an oidhche chomh ciúin le loch nuair
nach mbiann aon ghal gaoithe amuigh a chorró-
chadh tonn air, agus ní raibh aon fhuaim le
cloistint acht crónán na g-ciaróg do théidheadh
thart o am go h-am, no sgread géur obann
na ngé-fiadháin ag dul o loch go loch, leith-
mhile shuas annsan aér os a chionn, no fead
geur na bhfeadóg no na bhfilbín ag éirighe
's ag luighe, ag luighe 's ag éirighe, mar is
gnáthach leó i n-oidhche chiúin. Do bhí míle míle
reult geal ag soillsiughadh os a chionn, agus
do bhí beagán seaca ann d'fhág an talamh
do bhí faoi na chois bán agus briosg.



Sheás sé ann sin air feadh uaire air feadh dá
uair, air feadh tri h-uaire; agus do mheudaigh
an sioc go mór, i riocht gur chualaidh sé
briseadh na dtraithnín faoi na chois chomh
minic agus chorruigh sé í.



Bhi sé ag smuaíneadh ann a inntinn faoi
dheire, nach dtiucfadh na Sidheóga an oidhche
sin, agus go raibh sé chomh maith dó filleadh
air ais arís, nuair chualaidh sé toran a


L. 43


bhfad uaidh ag teacht, agus d'aithnigh sé air
an gceud mhóimid é, agus bhí fhios aige creud
do bhí ann. Mheudaigh an toran agus i
dtosach bhí sé cosmhuil le bualadh na dtonn
air thráigh chlochaigh, agus ann sin inar thuitim
easa mhoír, agus faoi dheire mar stoirm árd i
m-bárr na g-crann, agus ann sin bhris an
fromán-gaoithe asteach d' aon ruaig amháin
annsan rath chuige, agus bhí na Sídheóga ann.



Tháinig sé chomh h-obann sin gur chaill sé
a anál leis, acht tháinig se chuige féin arís
air an mball, agus chuir sé cluas air féin
ag éisteacht creud do dhéarfadh siad.



Air éigin bhí siad cruinnighthe astigh annsan
ráth nuair thoisigh siad uile ag géimnigh
agus ag béiceadh, agus ag caint eatorra
féin, agus ann sin ghlaodh gach uile dhuine aca
"Mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid,"
agus ghlac Goillís meisneach agus ghlaodh seis-
ean amach chomh h-árd le duine air bith aca
"Mo shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid, mo
shrian 's mo chapall 's mo dhiallaid!" agus
sul do bhi an focal go ceart as a bheul
ghlaodh fear eile, "Ór! a Goillís, a bhuachaill!
bhfuil tu ann so arís linn? cia an chaoi bhfuil
tu teact air aghaidh le do mhnaoi? Ni'l
aon mhaith dhuit bheith glaodhach air do chapall


L. 44


anocht, mise mo bhannaidh! ni imeóraidh tu
orrainn arís, budh mhaith an cleas d'imir tu
orrainn anuraidh!"



"Budh mhaith!" ar fear eile, "ni dheunfaidh
se arís é."



"Nach maith an buachaill é, an buachaill
ceudhna? bean do thabhairt leis nach dubhairt
oiread agus "cad é mar tá tu" o shoin," ars
an triomhadh fear.



"B' éidir go bhfuil dúil aige a bheith dear-
cadh uirri," ar guth eile.



"Agus dá mbeidheadh fhios ag an amadán
go raibh luibh ag fás suas le na dhoras féin,
agus a bhruith 's a thabhairt dí, 's bheidheadh sí
slán," ar guth eile.



"'S fior dhuit sin,"



"Is amadán é."



"Na bodharuigh do cheann leis, béidhmíd ag
imtheacht."



"Fágfamaoid an bodach mar tá sé."



Agus leis sin d'éirigh siad suas annsan
aér agus amach leó ann aon ruaille-buaille
mar do tháinig siad, agus d'fhág siad Goillís
bocht 'nna sheasamh mar fuair siad é, agus a
dhá shúil dul amach as a cheann ag dearcadh
'nna ndiaigh, agus ag deunamh ionghantais.



Ni fada sheas sé, gur fhill sé air a ais


L. 45


agus é ag smuaíneadh ann a cheann féin air an
méad a chonnairc agus a chualaidh sé, agus
ag cuimhniughadh leis féin an raibh luibh dári-
ribh ag a dhoras féin do bhéarfadh air ais
an chaint d'inghin an Ríg. "Ni féidir," ar
sé leis féin, "go n-inneósadh siad dam é dá
mbeidheadh aon tsubháilce ann, acht b'éidir
nach dtug an tsidheogh aire dhó féin nuair leig
sé an focal do sgiorradh amach as a bheul.
Cuairteóchaidh me go maith chomh luath agus
éireóchaidh an ghrian, an bhfuil aon phlannda
acht fothanáin agus cupóga ag fás le h-ais
an tighe."



Chuaidh se a bhaile, agus chomh tuirseach
agus bhi sé nior chodail sé neul no gur
éirigh an ghrian an lá air n-a mhárach, agus
d'éirigh seisean, agus budh h-é an cheud rud
a rinne sé, dul amach agus cuartughadh go
maith thríd an bhfeur thart thimchioll an tighe,
ag feuchaint an dtiucfadh leis aon luibh nár
aithnigh sé d'fhághail ; agus go deimhin ní raibh
sé a bhfad ag cuartughadh nuair thug sé luibh
mhór aisteach faoi dheara, do bhi fás suas go
díreac le binn an tighe.



Chuaidh sé anonn chuige, agus bhreathnuigh
sé go geur air, agus chonnairc sé go raibh
seacht g-craobha beaga ag teacth amach as


L. 46


an ngas, agus go raibh seacht nduilleóga ag
fás air gach craoibhín aca, agus go raibh sugh
bán annsna duilleógaibh.



"Is ró iongantach é," ar seisean, "nach
dtug mé an luibh seo faoi deara ariamh
roimhe seo. Má tá miorbhuil i luibh air bith
budh choír do bheith annsan luibh ionghantaigh so."



Tharraing sé a sgian amach agus bhain sé
an plannda agus d'iomchair sé asteach ann
a theach féin é, agus bhain sé na duilleóga
dhe, agus ghearr sé suas an gas, agus tháinig
súgh tiugh bán as, már thágann as an bhfótha-
nán-mín nuair brúighthear é, acht go raibh
an súgh so nios cosmhúile le h-ola.



Chuir sé i bpota beag é, agus beagán
uisge air, agus leag sé air an teine é go
raibh an t-uisge ag fiuchadh, agus ann sin do
ghlac sé cupan águs lion sé leath suas leis
an t-súgh é, agus chuir se chum a bhéil féin é.
Tháinig sé ann a cheann ann sin gur nimh do
bhi ann, b'éidir, agus go raibh na daoine maithe
ag cur cathuighthe air é féin do mharbhadh leis
an g-cleas sin, no an cailín do chur chum
báis gan fhios dó.



Chuir sé an cupán sios arís, agus thóg sé
cúpla braon air bhárr a mhéir agus chuir sé
ann a bheul iad. ni raibh siad searbh, agus


L. 47


go deimhin bhi blas milis taithneamach orra
Bhí sé nios dána ann sin agus d' ól sé lán
meuracáin dé, agus ann sin an oiread eile,
agus nior sguir sé dhé go raibh leath an
chupáin ólta aige. Thuit sé 'nna chodladh
ann sin agus nior dhúisigh sé go dti an oidhche,
agus bhí tart agus ocaras mór air.



B'éighin dó fanamhaint ann sin no gur éirigh
an lá, acht chuir sé roimhe, chomh luath agus
dhúiseóchadh sé air maidin, go rachadh sé go
h-inghean an Righ agus go dtiúbhradh sé deoch
dí de shúgh na luibhe.



Comh luath agus d'éirigh sé air maidin,
chuaidh sé anonn go teach an t-sagairt leis an
digh ann a láimh agus nior mhothaigh sé é
féin ariamh chomh gasta, gaisgeamhail, aigion-
tach, eudtrom, agus do bhí sé an lá sin; agus
bhí sé fior-chinnte gurb' é an deoch d'ól
sé, do rinne chomh tapa agus chomh croidhea-
mhail é.



Nuair tháinig sé chum an tighe fuair sé an
sagart agus an óig-bhean astigh, agus bhí
iongantas mór orra cad é an t-ádhbhar nach
dtáinig sé air cuairt chuca le dá lá.



D'innis sé a sgeul agus a nuaidheacth dóibh,
agus dubhairt sé go raibh sé cinnte go raibh
brígh mhór annsan luibh sin, agus nac ndeun-


L. 48


fadh sé aon dochar do'n mhnaoi-uasail, mar
d'fheuch sé féin é, agus fuair sé maith as,
agus ann sin chuir sé d'fhiacaibh uirri a
bhlasadh, mar thug sé a mhóid agus a mhionna
nach raibh aon urchóid ann. Thug an sagart
conghnamh dhó, agus eatorra fuair siad buaidh
air an óg-mhnaoi agus thaisbéan sí go raibh
sí toilteanach le na ól.



Sheachaid Goillís an cupán dí, agus d'ól
sí a leath agus ann sin thuit sí air a leabuidh
agus tháinig codladh trom uirri agus nior
dhúisigh sí as an g-codladh sin go dti an lá
air n-a mhárach.



Shuidh Goillís agus an sagart suas an
oidhche iomlán léithe, ag fanamhaint no go
ndúiseóchadh sí, agus iad eidir dóthchas agus
éudóthchas, eidir shúil le a slánughadh agus
faitchios faoi na gortughadh.



Dhúisigh sí air deire nuair bhí an ghrian
imthighthe leath a bhealaigh annsan speur.
Chuimil sí a suile agus dhearc sí mar
dhuine nach raibh fhios aici cad é an áit
a raibh sí. Bhí sí cosmhúil le duine air a
raibh ionghantas, nuair chonnairc sí Goillís
agus an sagart annsan rúma ceudna léithe,
agus shuidh sí suas ag deunamh a díthcill a
smuainte do chruinniughadh le chéile.


L. 49


Bhí an bheirt fhear i n-amhras mór ag
fanamhaint no go bhfeicfeadh siad an laibheóradh
sí, no nach laibheóradh, agus nuair d'fhan siad
'nna dtost le cúpla móimid dubhairt an
sagart léithe i bhfraincís, "Ar chodail tu
go maith a Mháire," agus d'fhreagair sísi,
annsa dteanga cheudhna, "chodhlas, go raibh
maith agad."



Ni luaithe chualaidh Goillís í ag caint ná
chuir se sgread lutgháire as, agus rith sé
anonn chuici, agus thuit sé air a dhá ghlún
agus dubairt sé, "Mile buidheachas le Dia
do thug an chaint air ais duit! a bhean-uasal
mo croidhe labhair liom!"



Do thuig an óig-bhean maith go leór é, mar
bhí sí ag éisteacht le Gaedheilg dá labhairt
gach lá o tháinig sí go h-Éirinn, acht mar bhí
sí balbh go dti sin nior fheud sí oiread agus
aon fhocal dí a rádh, agus d'fhreagair sí é i
bhFraincís, agus dubhairt sí gur thuig sí
gurab' é féin do bhruith an deoch sin dí, agus
do thug dí é, agus go raibh sí buidheach dé óna
croidhe, air son an chineáltais uile do thais-
béan sé dhi, o tháinig sí go h-Éirinn air tús
agus go dtiucfadh leis bheith cinnte nach ndear-
madfadh sí a chinealtas go bráth.



Nior thuig Goillís oiread agus focal d'á


L. 50


raibh sí ag rádh, agus nuair chuir an sagart
i n-úmhal dó é, do bhí sé reídh le fághail bháis
le sásughadh-croidhe agus le luthgháire.



Thug siad biadh asteach chuici ann sin, agus
d'ith sí le goile maith agus bhí sí súgach agus
meadhrach, agus nior sguir sí d'á caint leis
an tsagart an fad agus bhí sí ag ithe, acht
nior thuig Goillís aon fhocal d'á g-cómhrádh,
agus bhí brón mór air gan a thuigsint. Comh
minic agur dfheuchfadh an bhean-uasal óg rud
air bith d'innsint dó, b'éigin dó a cheann
chrathadh mar amadán, agus ann sin do
dheunfadh an rógaire sagairt gáire faoi,
agus ni fheudfadh an mhaighdean óg í féin
chongbháil o gháire, air uairibh, agus chuir sin
mio-shásughadh mór air Ghoillís bocht.



Chuaidh sé air ais d'á theach féin go luath,
agus shín sé é féin air an leabuidh agus thuit
sé 'nna chodhladh arís mar nach raibh brigh na
luibhe uile caithte fós, agus chaith sé lá agus
oidhche eile 'nná chodhladh. Nuair dhúisigh sé
ann sin chuaidh sé anonn go teach an t-sagairt
agus fuair sé go raibh an óigbhean uasal
annsan stáid cheudna, agus go raibh sí 'nna
codladh, beag nach o d'fhág seisean an teach.



Chuaidh sé asteach leis an t-sagart agus
bhí siad ag fanamhaint anaice léithe nuair


L. 51


dhúisigh sí an dara h-uair, agus bhí a caint
aici comh maith agus bhí sí ariam. Bhí luth-
gáire mhór air Goillís.



Chuir an sagart biadh air an g-clár arís,
agus d'ith siad le chéile, agus bhí Goillís bocht
annsan gcaoi cheudna 'nna raibh sé roimhe
sin. Nior thuig sé focal, agus bhí náire mhór
air.



"Ná chuir aon tsuim ann sin," ar san
sagart, "tá sí fóghlaim Gaedheilge uile lá,
agus ni fada go dtiucfaidh léite a labhairt
comh maith leat féin.



B' fhior do'n t-sagart é sin; agus sul d'fhág
Goillís an teach labhair an mhaighdean uasal
nios mó ná aon fhocal amháin Gaedheilge, agus
thuig sí uile rud do dhéarfadh Goillís.



Tháinig Goillís o lá go lá do'n teach, agus
bhí sí 'g éirighe nios tapa anna labhairt gach
lá, agus bhí an carthanas eatorra ag meu-
dughadh, mar nach raibh duine air bith aici a
laibheóradh léithe acht Goillís agus an sagart,
agus b'fheárr léithe Goillís.



B 'éigin dó innsint dí an chaoi do bhí sé ann-
san ráth nuair tháinig na daoine maithe, agus
mar chuaidh sé asteach chum an Phápa, agus mar
shéid an tSidheóg an teine as a bheul, agus
gach uile rud do rinne sé go dti an t-am


L. 52


d'fhuadaigh na daoine maithe leó í, agus nuair
bhidheadh sé uile inniste, b'éigin dó tosughadh
air arís as an nuadh, agus ni raibh sí
tuirseach ariamh ag éisteacht leis.



Nuair bhí siad mar sin le leith-bhliadhain
dubhairt sí nac dtiucfadh léithe fanamhaint
nios faide gan dul air ais dá h-athair agus
d'á máthair, go raibh sí cinnte go raibh brón
mór orra fúithi, aghus go mbudh náire mhór
dí é, dá leigfeadh sí i mbrón iad, nuair bhí
sé air a cumas dul comh fada leó. Rinne
an sagart uile rud d'fheud sé le na cong-
bháil leis féin seal eile, acht gan éifeacht;
agus labhair Goillís gach focal milis do
tháinig ann a cheann ag iarraidh buaidh d'fhá-
gail uirri agus ag súil le na breugadh agus
le cur dfhiachaibh uirri d'fhanamhaint mar bhí
sí, acht ni raibh aon mhait dhó ann. Chuir sí
roimpi triall, agus nior fheud duine beó a
rún d'athrughadh.



Ni raibh mórán airgid aici, acht dá fháinne
do bhí air a láimh nuair d'fhuadaigh na sidheóga
leó í, agus biorán óir do bhí ann a gruaig,
agus búclaidh óir do bhi ann a brógaibh
beaga.



Ghlac an sagart iad agus dhíol sé
iad, agus thug sé an t-airgiod dí féin,


L. 53


agus dubhairt sí go raibh sí réidh le h-im-
theacht.



D'fhág sí slán agus beannacht leis an
t-sagart agus le Goillís agus d'imthigh sí. Ni
raibh sí a bhfad imthigthe nuair tháinig an oiread
sin de bhrón agus de lionndubh air Ghoillís go
raibh fhios aige nach mbeidheadh sé a bhfad beó
muna raibh sé anaice léithe, agus lean sé í.



Rug sé uirri an trathnóna ceudhna agus ni
thig liom rádh cia aca air a raibh an lúthgháire
budh mhó, air Ghoillís no air an óg-mhnaoi
nuair chonnairc siad a chéile.



Dubhairt sí le Goillís go gcaithfidh sé dul
a bhaile arís, acht thug Goillís a mhionna nach
rachadh go bráth no go bhfeicfeadh sé slán air
ais annsa' mbaile í. "Acht," ar síse "ni
thig liom do thabhairt a bhaile liom, creud
déarfas na daoine? Bheidheadh náire orm."



"O, cuirfidh me culaidh searbhfóghanta orm,"
ar Goillís, "agus béidh mé mo shearbhfhóghanta
dhuit-se, no go dtiucfaidh tu abhaile go slán
sábhálta le congnamh Dé, agus tá súil agam
nach ndiúltóchaidh tu mo sheirbhís."



Rinne sé sin, agus an ceud bhaile-mór
ann a dtáinig siad, do cheannaigh sé culaidh
searbhfhóghanta dhó féin, agus gach rud d'iarr-
fadh a mháighistreas air, do ghnidheadh sé é,


L. 54


agus gach lóistín do ghlac siad, choideóladh
seisean annsan tseómra do b'fhoigse d'á
rúma-san, acht nuair bhidheadh siad ag siúbhal,
shiúbhail seisean le na taoibh, agus ghiorraigh
siad an bealach ag cómhrádh le chéile, mar nach
raibh aon chathadh-aimsire eile aca.



Bhí siad mar sin le tamall fada, no go
dtáinig siad go tír fiadháin nach raibh mórán
tighthe ann, agus theip a lón orra.



Ni raibh faitchios air bith air an óg-mhnaoi
acht shaoil sí go raibh sí sábhálta, agus luidh
sí sios i lár coille moíre, agus chuir sí dfhia-
caibh air Ghoillís a fágbháil ann sin agus dul
ag iarraidh bidh ann áit éigin, mar do bhí ocaras
air an mbeirt aca. Rinne Goillís gach rud
d'fheud sé dheunamh, le cur i g-céill dí go
raibh sí i n-áit dhainseuraigh, agus nach raibh
sé ceart é d'á fágbháil léithe féin, agus du-
bhairt sé go bhfanfadh sé 'nna láthair, no go
mbeidheadh sí sásta le sgith agus le codladh,
agus go rachadh siad le chéile ann sin ag
iarraidh bídh, no rud éigin le n-ithe.



An méad a dubhairt sé, ni shásóchadh sé í,
agus mar bhíonn a m-bealach féin ag na mnáibh
i g- cómhnuidhe, bhí a bealach féin aici-sean,
agus thiomáin sí Goillís uaithi, ag cur impidhe
air, imtheacht leis féin, agus iarraidh rud


L. 55


le n-íthe. Bhi faitchios mór air Ghoillís, acht
ni raibh aon mhaith i g-caint, agus b'éigin dó
imtheacht.



Luidh síse sios faoi chrann mór, agus thuit
sí 'nna codladh, agus thriall seisean tríd an
g-coill mhoír dhuibh, ag iarraidh tighe no botháin
no áite éigin ann a bhfuigheadh sé biadh le
n-íthe, acht ni fhaca sé dadamh.



'R éis trí no ceithre uaire ann sin, nuair
bhí sé tuirseach, agus nuair nach bhfaca sé
aon chosamhlacht duine, no tighe no áite-
chómhnuidhe, d'fhill sé le trioblóid mhoír ann a
chroidhe air ais do'n áit ann ar fhág sé a
mháighistreas, acht ni raibh sí ann.



Fuair sé an áit, ceart go leór, agus d'aith-
nigh sé an crann mór faoi n-a raibh sí 'nna
luidhe, acht ni raibh sí féin le feicsint ann áit air
bith. Ghlaodh sé, acht ni bhfuair sé aon fhreag-
radh; ghlaodh sé nios áirde, acht nior chualaidh
sé dadamh acht an macalla ameasg na
g-crann mór ag tabhairt freagartha dhó.



Bhi sé réidh le fághail bháis le brón agus
le faitchios, agus bhí an oidhche ag teacht air,
agus níor fheud sé dadamh dheunamh go dti
an mhaidin. Luidh sé féin faoi an g-crann
ceudna, acht go deimhin budh bheag é an
codladh a fuair sé. B'éigin dó fanamhaint


L. 56


annsin air feadh mórán uair, agus b'fhaide leis
gach móimid 'ná uair, agus gach uair 'ná lá.



D'éirigh an ghrian air deire agus is é bhí
luthgháireach nuair chonnairc sé an cheud sholas
an taobh shiar dé. D'éirigh sé air an mball
acht thosaigh sé ag cuartughadh thimchioll an
chrainn mhóir ag feuchaint an bhfeicfeadh sé
cosamhlacht air bith d'á bhain-tighearna. Fuair
sé slighe beag o'n g-crann, an ciairsiúr do
bhí air a múineul, agus ceann dá lámhainnibh,
acht nior fheud sé aon rud eile thabhairt faoi
deara. Thosaigh sé ag breathnughadh go geur
air an talamh ann sin, agus ni raibh sé a bhfad ag
cromadh sios agus ag dearcadh, no go bhfaca
sé lorg coise móire, coise do bhi an-mhór,
annsan bhfeur bog, agus shaoil sé go raibh
an áit rud-beag brúighte sios. Chrom sé
e féin sios air an talamh arís, agus lean sé
d'á chuartugadh, go bhfuair sé lorg na coise
móire sin ag teacht o cheart-lár na coille,
suas chum an chrainn faoi a raibh an bhean óg
'nna codladh, agus ag dul air ais arís do'n
áit cheudna.



Cia b' é diabhal no duine a raibh an chos
sin aige, ar sé, ann a intinn féin, tá mé
cinnte gur b' eisean thug mo mhaighistreas
leis agus leanfaidh mé é, cia bé áit a


L. 57


bhfuil sé dul. Chrom sé sios arís agus
chuaidh sé ag smeuracht air fud na g-crann,
no go bhfuair sé an lorg ag dul asteach ann-
san áit budh thiugha, agus budh dhuibhe de'n
g-coill, agus lean sé é asteach ameasg na
gcrann árd, le trí mle no nios mó, no
go dtáinig sé go móinfheur cothrom, gan
chrann ná sgeach ag fás ann, agus bhí abhann
leathan uisge ag rith tríd an móinfheur, agus
air an taoibh budh fhaide uaidh dhe'n abhainn,
chonnairc sé pálás mór geal, chomh geal leis
an aol, agus ceithre tuir mhóra ag na ceithre
coirneulaibh, agus geata mór árd láidir
práis ann, agus bhí tri fuinneóga ann gach
tor aca, agus bhí barraidh iarainn trasna
air gach fuinneóig aca, agus chualaidh sé gul
agus caoineadh agus osnadha teacht amach
asta, acht bhí sé ro fhada uatha le h-aithne
creud do bhí ag caoineadh, ar daoine no
beathaigh do bhí ann.



Ni raibh sé dá mhóimid 'nna sheasamh air
chiúmhas na coille, agus ag dearcadh anonn
air an g-caisleán, nuair chualaidh sé strea-
chailt an gheata práis 'gá fhosgailt, agus
tharraing sé air ais annsa' g-coill ameasg
na g-crann arís, i riocht nach bhfeicfidhe é.



Chonnairc sé ann sin an fathach budh mhó


L. 58


agus budh áirde d'á bhfaca súil duine ariamh
ag teacht amach go mall, agus ag druidim an
gheata go cúramach na dhiaigh. Tháinig allus
fuar faitchis air eudan agus air dhruim
Ghoillís agus luidh sé sios go socair ciúin
annsan bhfeur, air eagla go dtiubhradh an
fathach faoi dheara é. Acht bhí an t-ágh air,
mar ni dheacaidh an fathach asteach annsan
g-coill an taobh do bhí Goillís, acht an taobh
eile. Comh luath agus bhí sé imthighthe as a
radharc tháinig Goillís amach, agus dhruid sé
anonn chum an chaisleáin, agus nuair tháinig
sé faoi an mballa, chualaidh sé gotha daoine
ag caoineadh agus ag ceasacht astigh ann,
agus shaoil sé gur chualaidh sé guth a bhain-
tighearna féin 'nna measg.



Sheas sé faoi an tor do b' áirde, agus
ghabh sé go milis, mar bhí guth maith aige,
abhrán beag do thaithnigh le h-inghin an Righ,
nuair bhí sí i dteach an t-sagairt, mar dubhairt
sí gurb' é an port mac-samhail puirt do
sheinneadh sí féin nuair bhídheadh sí annsa
bhFrainc. Do ghabh Goillís:



"Chuir me mo phílídh chait
Suas go Beultráigh"


L. 59


agus d'fhreagair guth na mná uaisle é as
an bhfuinneoíg amach.



"Agus mharbh sé caora
Air fhear annsan áit."



Agus an móimid 'nna dhiaigh sin chuir sí a ceann
féin amach as an bhfuinneóg agus chogair
sí go ciúin, "Thug an fathach asteach ann so
mé, agus nior thug sé dadamh le n-ithe dham o
chuir sé ann so faoi ghlas mé," agus chogair
Goillís air ais chuici, "dá mbeidheadh rópa
agad d'fheudfá teacht anuas, tá 'n fhuinneog
leathan go leór," acht sul d'fheud sé aon
fhocal eile rádh, ghlaodh sí amach go bhfaca sí
an fathach teacht air ais ameasg na g-crann,
agus gurb'éigin do Ghoillís imtheacht. Thion-
taigh sé agus rith sé air ais do'n choill, agus
go díreach mar bhí sé i bhfolach, tháinig an
fathach amach air an taoib eile, agus d'fhos-
gail sé an geata práis le h-eochair mhóir
iarainn agus chuaidh sé asteach, agus dhruid
sé an geata go cúramach 'na dhiaigh arís,
agus chuir an geata osna as agus é 'gá
dhruidim. D'fhan Goillís tamall fada, ag
fanamhaint no go dtiucfadh sé amach arís,
agus nuair nár chorruigh an fathach, shaoil


L. 60


sé dá dtiucfadh leis rópa dheunamh de chairt
na g-crann, go dtiucfadh leis an mnaoi
bhoicht teacht anuas le na chonghnamh. An
móimid a tháinig an smuaíneadh sin ann a
cheann, thosaigh sé ag oibriughadh, agus chuaidh
sí do'n chrann do b'fhoigse dhó, agus bhain sé
sliosóg fhada de'n chairt dé, agus bhí an
cháirt sin roighin agus láidir. Chas sé agus
dhúbail sé í, agus rinne sé srang thiugh dhí,
agus chroch sé as gheugán crainn í, agus nuair
fuair sé gur iomchair sí a throime féin, bhí
lúthgháire mhór air.



Nior sguir sé no go raibh teud fada garbh
deunta aige, agus bhí sé dá chruthughadh
ag féuchaint an raibh sé láidir go leór le
meadhachan inghine an Righ d'iomchar, agus
nuair bhí sé réidh deunta aige d'fhan se air
bruith le mi-shuaimhneas no go dtáinig an
oidhche, agus nuair tháinig sí comh luath agus
bhí an choill agus an caisleán agus uile
rud socair agus ciuin, d'fhág sé fosgadh
na g-crann agus chuaidh sé amach trasna an
mhoinfhéir agús thar an abhainn, no go dtáinig
sé go dti an caisleán.



Sheas sé faoi an tor ann a bhfaca sé an
bhean óg, agus thosaigh sé ag feadaoil an
phuirt cheudna go socair sáimh, agus nior


L. 61


bh'fhada é gur chualaidh sé fead beag caol eile
'gá fhreagradh. Chogair sé le guth chaol
bheag, "thug me rópa liom, dá bhfeudfá a thar-
raing suas chugad as so?" agus d'fhreagair
glór na mná óige, "ni thig liom." Bhi sé
i riocht comh dona agus bhí sé ariamh anois,
agus nior fheud sé chuimhniughadh air aon tslighe
le na chur suas chuici.



Shaoil sé air deire, dá dtiucfadh léithe
srang bheag do dheunamh dá h-eudaighibh féin
agus a leigint sios chuige, agus ceann a
rópa-san do cheangailt as, go bhfeudfadh
sise a tharraing suas arís léithe, d'fhiafruigh
sé go ciúin dí an bhfeudfadh sí sin a dheu-
namh, agus dubhairt síse go ndeunfadh sí a
dithchioll.



Bhain sí a gúna dhí féin, agus strác sí i
ngiotaibh caola é, agus chuir sí snaidhm orra,
agus rinne sí sórt córda dhiobh, agus bhí sí
'gá leigint amach roimpi i g-cómhnuidhe i g-
cómhnuidhe no go rug Goillís air, faoi dheire,
agus cheangail sé a rópa láidir féin as,
agus dubhairt se "tarraing leat." Thar-
raing síse, agus nior bh'fada go raibh an rópa
ann a láimh féin. Dhearc sí 'nna timchioll
ann sin, annsan rúma beag cúmhang ann a
raibh sí druidte suas, le fághail amach rud


L. 62


éigin d'á g-ceangóladh sí an rópa. Bhi
fáinne mheirgeach iarainn daingnighthe annsan
mballa, agus budh leis sin cheangail sí é.
Bhi beag-nach dá fhichid troighe le teacht
anuas aici, acht bhí sí misneamhail agus
eudtrom, agus bhí an faitchios 'gá tiom-
aint. Ghlac sí an rópa ann a dá láimh
agus chroch sí í féin as an bhfuinneóig,
agus thosaig sí ag sleamhnughadh sios.
Chuaidh sí go mall i dtosach, acht nuair bhí
sí teacht anaice leis an talamh bhí a meadha-
chan féin gá tarraing, agus ni raibh si láidir
a sáith le greim daingion do chongbháil air
an rópa agus rith sé comh luath sin thrid a
meuraibh go raibh siad gearrtha agus gor-
taighte leis, agus an croicionn bog bán
bainte d'á lámhaibh. Thuit sí 'na h-uallach
trom air an talamh, agus bhí sí beag-nach
gan mheamhair, acht thóg Goillís suas í agus
cuir sé air a mhuin í, agus rith sé léithe, thar
an abhainn amach agus trasna an mhoinfhéir,
agus asteach annsa g-coill arís a's nior
sguir sé de'n rith sin, acht d'iomchair sé í comh
fada asteach ameasg na g-crann agus d'fheud
sé.



Nuair bhí sé saruighthe air fad, leig sé sios
air fhód glas féir í, agus leig sé a sgith.


L. 63


Ni raibh sí a bhfad ag teacht chuici féin, agus
d'innis sí a sgeul dó, mar tháinig fathach mór
nuair bhí sí-se 'nna codladh, agus mar thóg sé
agus chaith sé thar a ghualainn í, ag rádh go
ndeunfadh sí suipeur maith dhó, agus mar rug
sé chum a chaisleáin í, agus mar dhruid se suas
faoi ghlas i rúma beag dubh caol í, agus mar
d'fhág sé ann sin í, agus mar chualaidh sí gol
agus caoine agus ceasacht na ndaoine eile do
bhí annsa' g-cruadháil ceudna.



Budh mar sin do chaith siad cuid de'n oidhche,
acht nuair bhí sé anaice le fáinne an laé,
d'éirigh siad, agus rinne siad deabhadh agus
deifir le fágbháil na coille móire. Bhi siad
tri no ceithre uaire ag siúbhal agus bhí an ghrian
árd annsna speurthaibh nuair tháinig siad
amach aisti faoi dheire, agus bhí an bheirt aca
beag-nach marbh le h-eagla agus le h-obair.
Bhi siad beag-nach fághail bháis leis an
ocarus, act chonnairc siad bothán beag i
bhfad uatha, agus nuair tháinig siad comh
fada leis fuair siad sean-chailleach astigh
ann. D'iarr siad greim aráin n-ainim Dé
uirri, agus fuair siad sin. Bhi siad ró
thuirseach le siúbal nios mó, agus d'fhiafruigh
siad de'n g-cailligh an leigfeadh sí dóibh
luighe annsan teach an oidhche sin, agus


L. 64


dubhairt sí go leigfeadh agus fáilte. Thái-
nig, air theacht an trathnóna, inghean na
sean-chaillighe asteach, agus bhí sí nios gránna
agus nios duibhe 'ná a máthair, da mbudh
fhéidir. Rinne síse dá leabuidh tuighe agus chuir
sí cuireadh air Ghoillis agus air an ógmhnaoi
luighe sios agus dul 'nna g-codladh, "mar bhí
sí cinnte go raibh siad sáruighthe." Thug siad
buidheachas dí, agus luidh siad sios, agus thuit
an bhainphrionnsa 'na codladh air an mball,
acht ni raibh aon spéis ag Goillís annsna cail-
leachaibh, agus nior chodail se néul, acht leig
sé air 'r eis seal beag, do bheith ann a chod-
ladh, agus thosaigh sé ag srannfartaigh.



Chuaidh an chailleach anonn chuige le coin-
neal agus chongbhaigh sé os coinne a shuile í,
acht nior chorruigh sé agus chuaidh sé air aghaidh
ag srannfartuigh, go raibh sí cinnte go raibh
sé 'nna chodladh dáriribh. Nuair bhí sí sásta
ag breathnughadh airsean, chuaidh sí anonn do'n
bhain-phrionnsa, agus d'aithnigh sí air an mói-
mid go raibh síse 'nna trom-chodladh. Chuaidh
sí air ais chum na teine agus thosaigh sí ag
caint go sáimh, le na h-inghin, acht chogair
siad comh h-iosall sin nar tuig Goillís creud
do bhí siad ag rádh, acht bhí amhrus agus fait-
chios air, nach raibh aon rud maith le deunamh


L. 65


aca. Chuir sé cluas gheur air féin, agus
chualaidh sé air deire mar dubhairt an mháthair
"is air éigin thiucfadh leis bheith annso roimhe
éirighe an laé," agus d'fhreagair an inghean,
"tá'n t-Itheadóir luath."



"Maiseadh, marbhfáisg orra!" ar Goillís
ann a chroidhe féin, "cia h-é an t-Itheadóir, no
cad é? agus cad chuige bhfuil sé ag teacht
annso? Míle mallacth orra! na sean-chail-
leacha gránna! tá faitchios orm rómpa."



Dubhairt an mháthair arís, "imthigh leat
anois, agus fill leis chomh luath agus is féidir
leat," agus d'éirigh an inghean ghránna agus
chaith sí falluing uirri agus d'fhág sí an teach.



Má bh faitchios air Ghoillís bocht roimhe
sin, budh seacht mó é nuair d'fhan sé le
leath-uair agus nach bhfaca sé í ag teacht air
a h-ais. Bhuail sé é mar bhuille tinntigh
gur b'ag iarraidh an fhathaigh mhóir do bhí sí, le
na thabhairt sios orra, agus le na marbhadh;
agus mar smuaín sé air sin do bhris an
t-allas fuar amach air a mhala agus a
éudan. "Má fhanamaoid ann so go dti an
mhaidin támaoid caillte," ar sé, leis féin;
"má tá aon t-súl air bith aguinn le teacht
saor caithfimíd an teach d'fhágbháil air an
mball so."


L. 66


Thionntaigh sé air a leabuidh tuighe cúpla
uair, agus leig sé osna no dho; le taisbéant
don chailligh go raibh sé ag dúisiughadh, agus
ann sin shuidh sé suas annsa' tuighe, agus
d'éirigh sé.



Chuaidh se anonn chum na teine go socair,
ag síneadh a lámh agus ag osnaeighil amhail a's
mar bheidheadh an codladh air fós, agus shuidh sé
air stól beag ag an teine, agus shuidh an tsean-
chailleach ag taoibh eile an teaghlaigh. Thosaigh
sé 'gá théidheadh féin, agus d'iarr sé cómhrádh
do chur air bonn eidir é féin 's an chailleach,
acht d'fhreagair sí go gearr agus go crosta
é, chomh minic agus d'fhosgail sé a bheul.
Shaoil sé go mbudh dhroch-chosamhlacht é sin,
agus bhí sé ag éirighe cinnte go raibh droch-
rún ag muinntir an tighe seo.



D'fhiafruigh sé air deire dhi, gan a imnidhe
do leigint air, cá raibh a h-inghean imthighthe
uatha, agus d'fhreagair an t-sean-bhean go
geur é, "Ni bhaineann sé dhuit-se cia bé
áit a bhfuil sí imthighthe, ní h-é sin do
ghnódh-sa.



B' iomarcuidh é sin dó. Rinne sé aon
léim, agus rug sé air sgórnaigh na caillighe
agus thuit sí faoi, le sgread áidhbheul a
dhúisigh inghean-an-Rig "Damnadh siorruidh


L. 67


ort a shean-chailleach na bpisreóg," ghlaodh
sé, "an measann tu go dtig leat mo mheal-
ladh-sa, innis dam an móimid so cá bhfuil
d'inghean no bainfidh mé do mhuineul gránna
dhiot d'aon fhásgadh." Do sgread an chail-
leach, agus throid sí agus thuit sí ag strap-
aireacht air an urlár, acht bhí a lámh aige
air a piobán agus nior sgaoil sé a ghreim,
"innis dam cá bhfhuil d'inghean, a bhean gan
mhaith gan náire," ar sé, "no tachtfaidh mé
thu." "Nach leigfidh tu dham labhairt," ar
síse, air éigin, "agus inneósaidh mé rud air
bith dhuit." Sgaoil Goillís a ghreim annsin,
acht nior fhág sé amach-'s-amach í. "Abair
leat," ar sé, "agus muna gnidh tu faoistin
fhior dam tá an Bás i ndán duit anocht."
"Chuaidh sí chum an tobair le tarraing uisge
le bruith mine le bhur n-aghaidh-se amárach,"
ar san chailleach, "agus cad é an sórt cúit-
ighthe é sin air mo chineáltas duit-se nuair
thug me leabuidh, dídion, agus biadh dhaoibh,
agus is é an buidheachas a fuair mé go bhfuil
mé beag-nach tachta agad."



"Basgadh ort! thug tu d'éitheach," Ghlaodh
Goillís, "dá mbudh chum an tobair do bheidheadh
sí ag imtheacht ghlacfadh sí soitheach no canna
léithe agus ni raibh ann a láimh acht bata


L. 68


nuair d'fhág sí an teach mar bhí mise ag breath-
nughadh uirri."



"Ni raibh aon tsoitheach a' teastáil," ar an
t-sean-bhean, "bhí an soitheach-uisge fágtha
taobh amuigh dhe'n teach." "Cad chuige nach
bhfuil sí air ais roimhe seó?" ar Goillís,
"Mar tá an tobar tri míle ó'n áit seó
agus tá 'n bóthar olc," ar san chailleach.



Ghlaodh Goillís arís "thug tu d'éitheach,
chonnairc mé tobar agus srothán uisge, ceath-
ramhadh míle ó'n teach so nuair bhí mé tígheacht."
D'fhan an tsean-bhean le leath-mhóimid 'nna
tost, agus ann sin d'fhreagair sí, "Ni fheu-
dann duine air bith an t-uisge sin d'ól, tá
sé searbh." ni chreidim thu," ar Goillís,
"is breuga a ndhiaigh a chéile tá tu ag inn-
sint."



Bhi inghean-an-Righ sgannruighthe go mór
leis an obair do bhí dul air aghaidh, agus ni
raibh fhios aici creud do bhí ann. Bhí an
codladh ann a súil fós, agus dfheuch sí mar
do bheidheadh sí bodharuighthe leis an troid
agus an sgreadaoil. "Cad d'éirigh dhuit i
n-ainm Dé, a Ghoillís, O innis dam é," ar sí,
" agus ná tacht an bhean bhocht, fág í, ná
bain le mnaoi laig."



Acht cia bé amhrus do bhí ag Goillís i


L. 69


dtosach ni raibh amhrus air bith aige anois nach
raibh an chailleach ag imirt feille orra, agus
d'innis sé an t-iomlán i g-cúpla focal do'n
mhnaoi óig, agus dubhairt sé go mbudh h-í a
chómhairle-sean an chailleach do cheangailt le
córda air eagla go leanfadh sí iad no go
ndeunfadh sí dochar air bith dhoibh, agus an
teach d'fhágbháil air an móimid sin. "Is agad-
sa tá an fios is fearr," arsan bhain-phrionnsa,
"agus deunfaidh mise rud air bith a dhéarfas
tu liom."



"Feicim rópa ann sin annsa' g-clúid,"
ar Goillís, "agus seachaid dam é." Sheachaid
sise an rópa dhó. Cheangail sé lámha na
caillighe an taobh shiar dí air a druim, agus
dfháisg sé a cosa le chéile, agus leag sé air
a druim air an urlár í, i riocht nach dtiuc-
fadh léithe corrughadh, agus ann sin d'fhág
siad an teach 'r éis a bpócaidh do lionadh leis
an mbeagán aráin duibh do bhí ann.



Bhí an oidhche dorcha, agus ní raibh fhios aca
cad é an bealach do b'fheárr dóibh dul, acht
bhí an oiread sin d'fhaitchios orra gur budh
chuma leó sin, bhí siad sásta an teach mal-
laighthe sin d'fhágbháil 'nn a ndiaigh, agus
rinne siad an oiread deifre agus d'fheud
siad annsan oidhche, ag briseadh bóthair


L. 70


dóibh féin ameasg na g-crann agus na
sgeach.



Tháinig an ghealach amach faoi dheire go geal,
agus fuair siad go raibh siad i réidhteach mór
lán de choilltibh beaga crann, agus de chran-
naibh móra ag fás leó féin, agus bhí an feur
fada agus tiugh ann. ni raibh fhios aca cad
é an rud b'fhearr dóibh a dheunamh anois, ná
an bóthar b'fhearr dóibh a leanamhaint, agus
mar sin rinne siad cómhairle eatorra féin
go mbeidheadh sé comh maith dóibh fanamhaint
mar bhí siad go dti an mhaidin, agus ann sin
b'éidir go dtiucfadh leó casán buailte, no
bóthar éigin d'fhághail, do bhéarfadh amach iad
go tír a raibh daoine ann, arís.



Dubhairt Goillís go mbudh fheárr dóibh dul
suas i g-crann air eagla go bhfeicfidhe iad,
no go ndeunfadh beitheach no aon rud eile
dochar no anachain dóibh dá bhfanfadh siad
mar do bhí siad, agus bhí Inghean-an-Righ réidh
le dul áit air bith budh mhian leisean, mar
budh aige-sion do bhí an chómhairle do b'fheárr,
o'n lá d'fhág siad an baile, agus bhí sí-se
fóghlaim taobh mhór do thabhairt dó, agus
go mór-mhór anois, o chuaidh sí comh fogus sin
do bheit caillte mar gheall air a h-ama-
dántacht féin, nuair nár éist sí leis, an


L. 71


tráth do luidh sí faoi an g-crann 'nna
h-aonar.



Chuaidh siad suas annsan g-crann budh
mhó aca, a raibh a gheugáin anaice leis an
talamh, agus chuaidh Goillís air dtús, agus
tharraing sé inghean-an-righ 'nna dhiaigh. Ni
raibh siad bhfad i bhfolach ann sin, no gur
chualaidh siad toran mór ag teacht, mar dhuine
éigin ag briseadh tríd na sgeachaibh agus
ag brúghadh na g-cipín faoi na chois. Tháinig
an rud nios foigse agus nios foigse, agus
faoi dheire chonnairc siad go soilleír gurb'
é an fathach do bhí ann, agus bhí inghean na
sean-chaillighe ag rith le na thaoibh. Chuaidh
siad thart, go díreach faoi an g-crann ann
a raibh an bheirt 'nna suidhe, agus chualaidh
siad é ag rádh le h-inghin na caillighe, "budh
chóir dúinn bheith i n-am le breith orra, ni
racha sise as mo láimh arís, is faide liom
'ná uair gach móimid no go leagfaidh mé mo
mheura uirri."



Do chraith an bhean óg nuair chualaidh sí
na focla áidhbheula sin, agus rug sí air láimh
Ghoillís, agus d'fháisg sí í, le taisbéant dó
an méad buidheachais do bhí aici air son a
chómhairle-sean an bothán d'fhágbháil go trá-
thamhail. Chuaidh an fathach agus a chomráid


L. 72


air a n-aghaidh rómpa, agus bhí siad gan mhall
imthighthe as a radharc.



"'Nois," ar Goillís, "nach raibh an t-ágh
orrainn dul suas annsa' gcrann," agus
d'fhreagair an mhaighdion, "is anamh nach
mbíonn an t-ágh air an rud a chuireann tusa
rómhad," agus bhí luthgháir air Ghoillís ann
sin, mar budh hé sin an cheud mholadh a thug
sí ariamh dó.



Bhi siad eidir dá chómhairle ann sin, fana-
mhaint annsan áit a raibh siad go dti an
mhaidin, no teacht anuas agus rith leo
an taobh do b'fhaide ó'n taoibh a chuaidh an
fathach. Bhí an oiread faitchis orra go
dtiucfadh sé air a ais an bealach ceudhna,
gur shaoil siad go mbudh fhearr dóibh teacht
anuas, agus leanamhaint d'á siúbhal. Rinne
siad sin, agus nior sguir siad dá g-coisi-
gheacht comh luath agus bhí ionnta siúbhal, no
gur éirigh an ghrian agus fuair siad iad féin
air bhruach na coille móire.



Cúpla míle eile agus bhí siad amuigh annsna
machairibh féir arís, agus chonnairc siad tighthe,
acht nior chreid siad go raibh siad go ceart
sabhálta no gur fhág siad an choill mhór dhubh
mílte agus mílte air a g-cúl. Tháinig siad
go teach-ósta faoi dheire, agus chaith siad an


L. 73


lá ann sin, ag ithe agus ag ól agus ag
leigint a sgithe, 'réis an dainseura ann a
raibh siad, leis na trí lá chuaidh thart.



D'innis fear an tighe dóibh go raibh an
fathach a bhí annsa g-coill an-mhillteach, agus
gur mharbh sé timchioll ceud duine gach
bliadhain, agus nach ndeacaidh fear ná bean
riamh uaidh d'á rug sé air go dti sin. D'fhiaf-
ruigh siad dé, cad é an t-ainm a bhí air, agus
dubhairt seisean gur b' iomdha an t-ainm
a bhí air, gur ghlaodh na daoine an taobh so
de'n g-coill "an t-Itheadóir" air, agus gur
ghlaodh daoine eile an "Feannadóir" air.
Dubhairt sé chor leis sin gur chaith sé a lá
agus a oidhche ag dul thart annsa' g-coill ag
cuartughad air thóir daoine do théidheadh air
seachran, acht go raibh sé faoi gheasaibh gan
teacht amach as go bráth. Dubhairt sé mar
an g-ceudhna go raibh spiadoíridh aige, sean-
chailleach, agus a h-inghean do bhí 'nna
g-cómhnuidhe i mbothán beag air bhruach
na coille, agus gur mheall siadsan an méad
do thiucfadh anaice leó, go g-cuirfeadh siad
fios air an bhfathach agus go dtiucfadh sé
agus go marbhfadh sé na daoine bochta do
ghlacfadh lóistín annsa' mbothán sin. Nuair


L. 74


chualaidh an inghean óg sin nior fheud sí gan
chrathadh arís air gcuimniughadh dhí comh fogus
do'n bhás agus bhí sise, agus dhearc sí go
carthanach agus go buidheach air Ghoillís do
shábháil í.



Nior fheud sí dul nios faide le tamall
beag, agus chaith siad trí lá annsa' d-teach-
ósta sin, go croidheamhail compórtamhail, acht
bhí a g-cuid airgid ag eírighe gann agus bhí
faitchios orra fanamhaint comh fada agus budh
mhian leis an mhnaoi oíg. B'eígin dóibh siubhal
arís agus d'fhág siad an ball sin le croidhe
buaidhrighthe brónach, acht ní raibh aon neart
ná árach aca air.



Shiubhal siad sé no seacht de laéithibh 'r eís
a cheíle gan sgíth gan stad, agus shaoil siad
go raibh siad ag tarraing anaice leis an
bhFrainc. Bhí an tír ann a dtáinig siad
anois fiadhain agus cnocach. ni raibh aon
rud eile le feicsint aca acht clocha móra,
carraige, agus creaga árda, le lochaibh uisge
dhuibh ó áit go h-áit 'nn a measg, agus bhí
an bóthar an-chúmhang agus caol, agus é ag
dul suas air uairibh air bhárr sléibhe, agus
bhidheadh gleann mór doimhin le na thaoibh
agus an bóthar gearrtha as an g-carraig
dhuibh, agus dá dtuitfeadh duine, (rud budh


L. 75


cosmhuil go leór muna mbeidheadh sé air a
choimheud,) gheabhfadh sé leagadh míle troigh sios
go m-brúighfidhe i ngiotaibh é air na clochaibh
geura garbha do bhí annsan ngleann.



Ni gan eagla do shiúbhail an bhean óg thar
na bótharaibh dainséuracha so, agus bhí fait-
chios uirri dearcadh sios air an doimhneacht do
bhí fúithi, acht do thug Goillís a lámh dí, agus
thug sé croidhe agus meisneach dí.



Ni raibh mórán tightheadh le feicsint annsna
h-áiteachaibh seó, agus ní raibh aon dúil ná
spéis ag Goillís ná ag an mbain-phrionnsa,
annsna daoinibh do bhí 'nna g-cómhnuidhe ionn-
ta, agus uile aít a ghlac siad lóistín, no
uile theach ann a ndeacaidh siad asteach chua-
laidh siad sgeulta áidhbeula air robháilidhibh
agus air ghaduighibh do rinne an fhuil do bhí i
g-cuisleannaibh na mná oíge fuar le faitchios.
Budh mhinic dubhairt sí le Goillís go mbudh
fheárr léithe na leath a rioghachta bheith slán
sábhálta as an dtír ghránna sin, agus go
deimhin bhí an bharamhuil cheudna ag Goillís.
Rinne siad a ndithchioll le teacht saor, mar
nior shiubhail siad ariamh acht do lá, agus thug
siad aire mhaith nach mbeidheadh siad air an
mbóthar 'r eís luighe na greíne, agus nior ghlac
siad loístín i dteach air bith nár chualaidh siad


L. 76


tuaraisg mhaith air ó na daoinibh. Mar sin
chuaidh siad air a n-aghaidh go cúramach, agus
shaoil siad nach mbhainfeadh dochar air bith
dhóibh go dtiucfadh siad go tír budh nádúrdha,
acht bhí siad meallta ann aindeoin a n-aire
agus a g-cúraim.



Bhi siad ag dul air an mbóthar cumhang
aon lá amháin agus bhí an ait nios fiadhaine,
'ná ariamh, eidir dhá shliabh, agus dubhairt uile
dhuine air a chuir siad ceist o mhaidin nach
raibh aca acht aistear laé le siúbhal go mbhei-
dheadh siad amuigh arís annsan réidhteach, agus
nach raibh acht slighe bheag le dul annsin, no
go mbeidheadh siad annsa' bhFrainc, agus bhí
siad ag deunamh lúthghaíre le chéile, ag rádh
nach fada anois go mbeidheadh an turas trio-
blóideach sin criochnuighthe aca faoi dheire.
Bhí siad mar sin go greannamhail gan bhron
ná ceó orra, agus bhí an meadhon-laé go
díreach ann, nuair chonnairc siad duine bocht
crom ag teacht chuca, agus mála air a dhruim.
Chuir siad ceist air-sean mar bhí siad 'gá
cur air uile dhuine eile do chasfaidhe orra,
"cá fhad bhí sé go mbeidheadh siad annsa'
bhFrainc," agus leig seisean air go raibh
iongantas air, nuair chualaidh sé go raibh siad
ag triall chum na Fraince. "Ni chum na


L. 77


Fraince atá sibh ag dul air an mbóthar
so," ar sé, "béarfaidh an bóthar so go h-
oileán na bhfathach sibh, agus is olc an áit
do dhuine air bith, í sin, muna bhfuil duine
muinntireach aige 'nna measg." Bhi sgannrad
orra nuair chualaidh siad sin, agus dubhairt
siad leis gur chualaidh siad óna daoinibh dár
fhiafruigh siad an t-eólas gurb' é sin an bealach
budh fhoigse. "Cá fhad ó d'fhiafhruig sibh sin
d'aon dhuine?" ar fear na déirce. "Faoi
thuairm dá uair o shoin," ar Goillís. "O!
is furas thuigsint go ndeacuigh sibh air seach-
rán, mar sin," ar san sean-fear, "bhí sibh
annsa' mbóthar díreach air maidin, acht nior
thug sib faoi deara an aít ann a mbuailtear
an bóthar chum na Fraince air an mbóthar
eile seó, a bhéarfadh go tír-na-bhfathach sibh;
má iompaighidh sibh liom-sa anois, cuirfid mé
air an g-cosán ceart sibh, mar tá mé feín
dul chum na Fraince, agus ní'l acht aistear
leathuaire air ais arís go mbéidh sibh air an
mbóthar sin." Chreid siad-san é, agus thionn-
taigh siad air ais arís leis, agus 'réis siúbhail
air feadh leath-uaire no mar sin, tháinig siad
go deimhin go h-áit ann a raibh cosán, no boíth-
sín beag ag teacht amach as an mbóthar
mór, agus as dul asteach ameasg na g-cnoc.


L. 78


Sheas Goillís suas, agus dubhairt sé, "ní
fheuchann sin cosmhúil leis an mbóthar do bhei-
dheadh dul chum na Fraince, tá sé róbheag agus
róchúmhang, agus ní'l aon chosamhlacht siú-
bhail air. Rinne an seanduine gáire, "O!"
ar seisean, "dá bhfeicfeá an boíthrín seó
dá fhichid bliadhain o shoin nuair bhí mise am'
ógánach dheurfá nach raibh ann acht cosán
coinínidh, acht rinne siad suas go deíghionach é.
Is doiligh bóthar maith do dheunamh annsan
tír seo, agus ni bheidheadh an bóthar air a
raibh tusa ag imtheacht anois, leath comh
maith no leath comh leathan a's tá sé, acht
go ndearna na Fathaig, iad feín, é. Tá
an iomarcuidh carraig ann seó le deu-
namh bothair cheirt, acht míle ó'n áit seó béidh
fé ag leathnughadh arís, agus béid sé 'nna
bhóthar breágh sul tá sibh cúig míle im-
thighthe."



"Ni'l fhios agam," ar Goillís, "tá amhras
agam; measaim gur fearr é fanamhaint go
bhfeicfimíd duine eígin eile, tá 'n lá óg fós,
agus má fhanmaoid ní féidir nach dtiucfaidh
duine éigin an bealach."



"Cad é an t-amhras atá agad?" ar an óig-
bhean, "cad é an fáth do bheidheadh ag an
t-seanduine seó breug d'innsint duit? nach


L. 79


dtig linn dul air aghaidh le leith-mhíle go
bhfeicfimíd bhfuil an bóthar ag leathnughadh
mar deir sé, agus muna bhfuil, tig linn teact
air ais."



"Deunfamaoid sin," ar Goillís, "acht go
deimhin tá amhras agam i g-cómnuidhe, agus do
bh' fhearr liom fanamhaint." Chuaidh siad air
aghaid le ceathramhadh míle, agus ní raibh an
bóithrín ag eirighe nios leithne, agus ní raibh
Goillís suaimhneach ann a chroidhe feín. Bhí
an seanfhear ag siubhal cúig no sé slata
amach rompa, nuair leig sé fead geur go
h-obann, agus hui! leím deich bhfear, no dhá fhear
deug, amach o chúl na mballa air an dá thaoibh
dé'n bhóthar, agus sul d'fheud Goillís a sgian
a tharraing no buille a bhualadh, leagadh sios,
agus ceangladh go cruaidh caol le córdaibh é.
Cheangail siad lámha na mná oíge air a
druim, chor leis, agus ann sin rug beirt aca
air lámhaibh Ghoillís agus beirt eile air a
chosaibh agus d'iomchair siad leó é, agus b'éi-
gín do'n mhnaoi óig a leanamhaint. Bhris sí
amach ag caoineadh agus ag mallughadh a
hamadántachta feín, nár fhan sí air an m-
bóthar mór mar chómhairligh Goillís dí, acht ni
raibh aon mhaith dhí ann; thiomáin siad air
aghaidh í, agus b'éigin dí siúbal.


L. 80


D'fhág siad an bóithrín agus chuaidh siad
trasna na bpáirc, i lár cloch agus carraig
agus tom, go dtáinig siad faoi dheire go
gleann doimhin dubh, agus ag ceann an ghlean-
na sin bhí sliabh árd ag eírighe suas, agus bhí
taobh an t-sléibhe 'nna aon charraig amháin,
agus d'éirigh sé comh díreach beag-nach, le
balla tighe, agus bhí sgoilt beag no poll,
ann a thaoibh, comh mór sin gó leigfeadh sé
caora asteach 's amach go réidh, no fear dá
rachadh se sios air a dhá láimh, agus budh
annsa' bpoll sin do sháith siad Goillís bocht
rómpa, agus chuaidh siad féin ag smeurthacht
'nna dhiaigh, agus b' eígin d' inghín an Righ an
rud ceudna do dheunamh.



Chuaidh siad mar sin le cúig no sé de
slataibh, agus bhí an poll ag leathnughadh i
g-cómhnuidhe, no go raib sé comh h-árd sin
faoi dheire go dtiucfadh leó seasamh suas.
Tháinig siad ann sin go geata iarainn ann-
san mballa, agus nior fheud siad dul nios
faide. Chuir an Caiptín a lámh ann a phóca
agus do tharraing sé eochair mhór throm amach,
agus d'fhosgail sé an doras léithe, agus gach
sgread a leig an doras iarainn 'gá fhosgailt
thuit sé air chroidhe Ghoillís mar thonna cloch.
Chuaidh siad uile asteach agus tharraing siad


L. 81


Goillís agus an bhean óg asteach leó agus
sgaoil siad iad.



Sheas Goillís air a chosaibh arís, agus dhearc
sé 'nna thimcioll, agus budh léar do air an
mball gur ann ait-cómnuidhe robáilidhe do
Bbhí sé. Thug sé faoi deara ór agus airgiod,
síoda agus sról, plátaidh luachmhara, clocha
uaisle, agus mórán ruda breágha eile cruin-
nighthe le chéile no caithte air air an urlár
agus bhí fhios aige go raibh siad uile goidte
leis na robáilibh.



Nuair chonnairc an Caiptín é ag dearcadh
'nna thimcioll, bhuail sé dorn air agus dubhairt
sé "An measaidh tu nach go macánta tháinig
na ruda sin ann so? Má chreididh tu sin ni'l
tu ceart. Chruinnigh mé féin agus mo
chomráididh iad, agus troigh as an uaigh seó
ni rachaidh tusa ná an bhean so tá leat go
n-iocfaidh tu míle púnta sios dam. Má gnídh
tu sin sgaoilfidh mé thusa, acht dar mo láimh
measaim go ndeunfaidh me bean dam féin
ded' mhnaoi-se."



Bhí sé ag caint fós nuair tháinig duine ag
ríth, agus ghlaodh sé air an g-caiptín. Chuaidh
an caiptín anonn chuige, agus chogair an
fear rud éigin ann a chluais. Leig an caip-
tín fead, agus chruinnigh sé a fhir 'nna thim-


L. 82


chioll agus bhí sé dul amach as an uaigh, nuair
thionntaigh sé go h-obann, agus dubhairt sé,
"bhí mé deunamh dearmaid, caithfimíd an
bheirt seó cheangailt go maith i dtosach, air
eagla go n-imtheóchadh siad," agus air an
móimid leag siad Goillís arís agus chean-
gail siad a lámha agus a chosa go dlúth le
chéile, agus rinne siad an rud ceudna leis
an óg-mhnaoi. D'fhág siad an uaigh ann sin.
D'fhan Goillís agus inghean an righ 'nna
luidhe air an talamh, ceangailte go caol
cruaidh agus níor fheud siad corrughadh.
Thosaigh síse ag gol, agus do rinne seisean a
dhíthchioll le na brostughadh suas agus le meis-
neach do chur innti, acht ni raibh aon mhait
dhó ann, agus lean sí dá clamhsán.



Rinne sé a dhíthcioll feín le seasamh suas
agus faoi dheire rinne sé sin le conghnamh na
h-óg-mná, acht nior fheud sise seasamh air
aon chor.



Chuir sé a dhruim i n-aighaidh an bhalla,
agus thoisigh sé ag smuaíneadh creud do budh
chóir do dheunamh annsan g-cruadh-chás ann a
raibh sé. ni raibh sé a bhfad air an g-cuma
sin no gur chualaidh sé toran taobh leis, mar
do bheidheadh rud éigin ag sgríopadh. Dhearc
sé 'nna thimchioll, agus thug sé faoi deara


L. 83


péire luchóig mhóir do bhí ag deunamh a n-díth-
chill lé dul comh fada le pláta ime do bhí
leagtha air chlár-cloice annsan mballa, agus
bhí siad ag strapaireacht suas agus ag tui-
tim air ais arís, mar do bhí an balla ro
dhíreach agus roshleamhain. "Creud air a
bhfuil tu dearcadh?" ar san óig-bhean. "Dear-
chad air dhá luchóig," ar seisean. "Creud
a bhfuil siad ag deunamh?" ar sí. "Ag iar-
raidh teacht chomh fada leis an im sin, tá air
an g-clár cloiche annsan mballa," ar sé.
"Tionntaigh mo cheann," ar sise, "go bhfeic-
fidh mé iad, ni thig liom féin corrughadh."
Chuir sé sios a dhá láim do bhí ceangailte le
chéile agus chorruigh sé a ceann leo, gur
thionntaigh sé í comh maith agus d'fheud sé, agus
chonnairc sí na luchóga ag obair.



"Tá nios mó 'ná dó ann," ar sí, ta mó-
rán aca air an úrlar agus tá siad fan-
amhaint go bhfeicfidh siad cad é an chaoi éireó-
chaidh an obair leis an dá cheann sin tá ag
strapaireacht suas. Bhfuil fhios agad an nidh
a tháinig ann mo cheann anois nuair dubhairt
tu liom go raibh na luchóga ann, ag iarraidh
an ime.



"Ni'l fhios," ar Goillís.



"Shaoil me," ar sí, "dá gcuirfeá im air


L. 84


an g-córda atá ag ceangailt do dhá láimh,
agus iad do shíneadh amach go socair, go
dtiucfadh na luchóga agus go mbeidheadh
siad ag cogaint an chórda agus ag ith an ime
no go ngearrfadh siad an tsrang faoi
dheire. An dtig leat an t-im chuimilt leis
an g-córda?"



"Feucfaidh mé," ar Goillis, agus chuaidh sé
ag strapaireacht anonn do'n im comh maith
agus d'fheud sé, agus chuir sé a dhá láim suas,
agus chumuil sé an córda leis an im no go
raibh sé bealuighthe go maith leis; agus ann sin
chrom sé sios agus shín sé a dhá láimh amach
uaidh air an urlár agus d'fhan sé go socair
gan oiread agus cor do chur as.



Ni fada d'fhan sé ann, go bhfuair na luchóga
boladh an ime, agus tháinig siad o gach coir-
neul agus clúid le feicsint cá 'r b' as do
bhí an boladh ag teacht. Chuaidh siad suas
chuige go mall agus iad sgannruighthe i dtosach,
acht nuair fuair siad nach raibh sé ag cur cor
as féin d'éirigh siad dána agus sheas ceann
aca air a láimh agus thosaigh se ag lighe an
ime. Nuair chonnairc na cinn eile sin, thái-
nig siadsan suas le chéile agus thoisigh siad
ag lighe agus ag ith agus ag cogaint go raibh
croicionn a lámh stráctha leó, mar bhí an


L. 85


t-im air a chroicionn comh maith agus air an
t-srang. Nuair bhí an t-im uile ithte o'n
g-córda d' éirigh sé agus rinne sé an rud
ceudna as an nuadh, agus budh ann sin do
bhí an obair agus an cuimhlint ameasg
na luchóg, nuair shín sé amach a lámha an dara
uair. Rith siad agus throid siad agus thuit
siad air a chéile ag iarraidh an t-im d'fhághail.
Reub siad an córda agus reub siad a lámha
leis, acht do bhí an oiread sin de'n chorda ithte
aca faoi dheire go ndearna sé iarracht láidir
le na bhriseadh, agus bhris sé é. Chuir sé
gáir lúthgháire as, agus nuair fuair sé a dhá
láimh saor, chrom sé agus sgaoil sé a chosa,
agus chuaidh sé anonn do'n óg-mhnaoi, agus
rinne sé an rud ceudna léithe.



Sheas siad suas le chéile, agus léim siad
leis an méad lúthgháire do bhí orra. Dhearc
siad 'nna dtimcioll air an uaigh, agus fuair
siad go raibh sí deunta annsan g-carraig
chruaidh agus go raibh an áit 'nna áit-taisge
le congbháil an t-saidhbhris do gheabhfadh na
robáilidh ó am go h-am. ni raibh aon rud
breágh ná saidhbhir dá bhfacaidh súil duine
ariamh nach raibh sé cruinnighthe ann sin, ag
fanamhaint no go bhfuigheadh na robáilidhe
faill le na ndiol.


L. 86


Bhi an bheirt ag gabhail thart thimchioll,
agus ag dearcadh air uile rud do bhí le
feicsint, nuair chualaidh siad coiscéim duine,
agus guth fhir ag feadaoil ag teacht anaice
leó. "Caith thu féin sios air chúl an rolla
mhóir sioda sin," ar Goillís, "agus b'éidir
nach bhfeicfear thu."



Luidh siad sios le chéile air chúl an t-sioda,
i riocht go raibh siad foluighthe go maith, agus
d'fhan siad le feicsint créud do thárlóchadh leó.
Nior fhan siad a bhfad nuair d'fhosgail fear
mór láidir an doras iarainn le h-eochair,
agus tháinig sé asteach. Chuaidh sé anonn
go báirille do bhí san g-cuaine, agus thar-
raing sé deoch dó féin as. Bhí am ag
Goillís le breathnughadh air, nuair bhí sé ag
ól na dighe, agus chonnairc sé, nach raibh an
fear ameasg na ndaoine eile nuair leag
siad agus nuair cheangail siad é.



Chonnairc sé nach raibh aon tslighe eile aige
acht a leagadh sios agus an eochair do bhaint
dé, agus dhearc sé 'nna thimchioll ag iarraidh
airm éigin, acht ní bhfuair sé aon rud acht
barra láidir airgid do bhí curtha i dtaisge
ameasg móráin rud luachmhar eile. Thóg
sé sin 'nna láimh agus chuaidh sé go socair
sáimh anonn do'n fhear do bhí ag ól, agus a


L. 87


cheann cromtha air an digh; agus thug se
buille dhó do sgoiltfeadh ceann tairbh. Thuit
an robáilidhe cosmhúil le duine marbh, gan
fhocal gan osna, agus léim Goillís air, agus
ghlac sé an eochair do bhí ann a phóca agus
chuir sé 'nna phóca féin é.



"Tarr leat, tarr leat, deun deifir,"
ar sé le hingin an righ, "agus fágfamaoid
an áit seó.



"Nár choír duit," ar síse, "do phóca do
lionadh leis an ór sin i dtosac."



"Ni 'l aon am againn," ar sé, "acht
béarfamaoid beugán dé linn." Líon sé a
phócaidh le h-ór agus le clochaibh uaisle, agus
líon an óigbhean a h-áprúin agus d' imthigh
siad amach le chéile agus chuir seisean glas
air an doras mar bhí sé, agus rith siad leó
comh luath agus d'fheud siad. Bhí an oidhche
ag tuitim 'san am só, agus bhí na speurtha
ag dorchughadh agus ní raibh fhios aca cad é
an bealach budh chóir dóibh imtheacht, acht budh
choma leó sin dá bhfeudfadh siad an uaigh
áidhbheul sin d'fhágbháil 'nna ndiaigh.



Rith siad agus rith siad go raibh siad
sáruighthe, agus 'r éis do bheith ag siúbhal le
trí no ceithre uaire chualaidh siad gothanna
ndaoine agus do luidh siad sios annsan


L. 88


bhfeur, air eagla go bhfeicfidhe iad. ni raibh
aon tsolas ann, acht an méad do bhí ag na
reultaibh, acht chonnairc siad sgáile seacht
bhfear ag gabhail trasna na machaire, agus
d'aithnigh siad glór an chaiptín go maith
agus bhí sé ag rádh, "béidh siad socair nuair
thiucfamaoid a bhaile agus muna bhfuilid
béarfamaoid an bata dhóibh; damnughadh
uaim! acht deunfaidh me bean dam féin, de'n
chailín." Tháinig crith air an óg-mhnaoi nuair
chualaidh siad an bitheamhnach ag labhairt,
agus b'éigin do Ghoillís a lámh a chur air a
beul air eagla go leigfeadh sí sgread no
glór aisti. D'fhan siad 'nna luidhe san
bhfeur go raibh na fir sin uile imthighthe thart,
agus ann sin d'éirigh siad, agus dubhairt
Goillís. "Tá siad-san dul abhaile do'n
uaigh, agus má théidhmíd air ár n-aghaidh ann-
san mbóthar as a dtáinig siad-san, béidhmid
ag fágbháil na h-áite gránna so 'nn ar
ndiaigh." Dubhairt an bhean óg gur b'fhíor
dó é, agus chuaidh siad air a n-aghaidh 'sa'
mbóthar sin agus lean siad d'á siúbhal, air
feadh na h-oidhche, agus nuair d'éirigh an
mhaidin dubhairt Goillís go raibh siad cúig
míle deug no fiche míle ó'n áit 'nna raibh na
robailidhe.


L. 89


Nuair d'éirigh an ghrian, dhearc siad 'nna
dtimchioll agus fuair siad go raibh siad i
dtír bhreágh a raibh a lán tightheadh agus
daoine agus eallach agus crainn innti,
agus budh mhaith leó sin d'fheicsint. Bhí
deatach ag tosúghadh do theacht amach as na
tighthibh agus bhí na daoine ag tosugadh air a
n-obair.



Chuir siad ceist air an g-ceud fhear do
casadh orra, agus d'fhiafruigh siad dé an
raibh se a bhfad go dtí an Fhrainc, agus cad
é an bealach budh choír dóibh dul le teacht
ann. Rinne an fear gáire, agus nior fhrea-
gair sé iad.



Chuaidh siad air aghaidh arís agus casadh
fear eile orra, agus d'fhiafruigh siad an
rud ceudna dhé-sean. "Cá bhfuil sibh ag dul,"
ar sé, "Dul go dti an Fhrainc," ar Goillís,
agus cá bhfuil sibh anois ar san fear, "ni'l
fhios agam," ar Goillís. "Nach bhfuil fhios
agad go bhfuil tu annsan bhFrainc anois?"
ar san fear. "Sin sgeul maith," ar Goillís,
"ní raibh fhios agam sin," agus chaith sé a
bhirreud 'san aér suas, le luthgháire agus le
sásughadh-inntinne. "Ní fada anois le con-
gnamh Dé go mbéidh tu air ais ann do phálás
aris," ar sé, acht ni luaithe a dubhairt sé


L. 90


sin 'ná tháinig brón air, oir shaoil sé leis
féin, "comh luath agus geabhfaidh sí í féin
ameasg na n-uachtarán agus na ndaoine
mór deunfaidh sí dearmad orm-sa, agus
ni chuimhneóchaidh sí aon rud d'á ndearna
mise dh."



Chuir siad a dtuaraisg ann sin, le fághail
cad é an tslighe a bhéarfadh go palás righ na
Fraince iad, agus fuair siad nach raibh a
bhfad le dul aca.



Bhi airgiod go leór aca anois, mar líon
siad a bpócaidh sul d'fhág siad uaigh na
robáilidhe, agus cheannuigh Goillís dá chapall
maith dhó féin 's do'n chailín, agus ann sin
ní raibh siad fada ag fágbháil an bhóthair
'nna ndiaigh, agus ní raibh stop no stad aca
go dtáinig siad i g-ceann seachtmhuine eile
go dtí na cáthrach ann a raibh an Pálás
Rioghail, agus chualaidh siad go raibh an rígh
agus an bhainriogain ann.



Acht comh luath agus fuair an bhean óg go
raibh sí ag geata an Bhaile-mhóir, agus nach
raibh le deunamh aici acht siúbhal asteach,
thosaig sí a bheith go ró mhio-shuaimhneach agus
bhí sí eidir dhá chómhairle, gan fhios aici creud
do budh chóir dí a dheunamh mar bhí faitchios
uirri go bpósfadh a h-athair í leis an bhfear


L. 91


budh ghráin léithe, agus go mbudh éigin dí chur
suas do Ghoillís, rud nach ndeunfadh sí dá
bhfuigheadh si saidhbhreas agus ór an domhain,
mar bhí sí tabhairt grádh do Ghoillís anois
comh mór agus bhí Goillís ag tabhairt grádh
dhíí-se. Air an ádhbhar sin sheas sí ag geata
an Bhaile-mhoír agus ghlac sí cómhairle le
Goillís creud do budh chóir dí a dheunamh,
agus budh h-é sin an cheud uair a thug Goillís
faoi deara go ceart go raibh fior-speís ag
an óg-mhnaoi ann féin.



"Má ghlacfaidh tu mo chómhairle a inghin-
an-rígh," ar sé, "rachamaoid go teach éigin
agus sgriobhfaidh tu litir chum an rígh as an
teach sin, agus déarfaidh tu leis go bhfuil tu
saor arís, acht go dtug tu do mhionna nach
bhfillfeá go bráth, no go mbeidheadh briathar
an rígh agad nach g-cuirfeadh sé d'fhiachaibh
ort an fear sin phósadh, nach maith leat féin;
agus tabhair an litir sin damh-sa agus
béarfaidh mise do 'n rígh í, agus creid mé go
ndeunfaidh sé an rud atá tu 'g iarraidh, agus
go mbéidh do thoghadh féin agad feasta."



Budh mhaith an t-slighe í sin, agus ghlac sí
an chómhairle sin, agus sgriobh sí litir chum an
rígh, ag innsint dó go raibh sí saor arís, 'reís
beag-nach dá bhliadain dó chathadh i dtír choi-


L. 92


mhighthigh, agus ag innsint dó, go follusach,
go raibh faitchíos uirri filleadh d'á phálás,
ais eagla go g-cuirfeadh sé d'fhiachaibh uirri
fear nár mhaith léithe féin a pósadh, agus má
gnídh tu sin, ar síse, annsan litir, tuitfidh
mé arís faoi chúmhacht na Sídheóg a rug leó
roimhe seó mé, agus ní fheicfidh tu mé a choidhche
no go bhfágh' mé do mhóid agus do mhionna go
leigfidh tu dham dheunamh mar is mian liom
féin. Má tá tu sásta sin a dheunamh,
tig leat freagairt a chur chugam leis an
teachtaire ceudna a bhéarfas an litir seó
dhuit-se.



Thug sí an litir do Ghollís agus dubhairt
sí leis dul do'n phálás agus a tabhairt don
rígh fein, agus dá g-cuirfead an righ ceist
air bith air, bhí sé le leigint air go raibh sé
balbh. Nuair a bhéarfadh an rígh an frea-
gairt dó, bhí sé le bheith air a choimheud nach
leanfadh duine air bith é, air eagla go
g-cuirfeadh an rígh spídeóiridhe air a lorg a
gheabhfadh amach an áit ann a raibh an bhain-
phrionsa.



Gheall Goillís dí go ndeunfadh sé sin, agus
rinne. Tháinig sé go teach mór an rígh, agus
d'fhan sé anaice leis an doras mór air feadh
leith an laé, no go bhfacaidh sé an righ agus


L. 93


a chúirt ag teacht amach. Nuair chonnairc
sé sin, léim sé tríd an ngárda a bhí timchioll
an rígh, chuaidh sé sios air a dhá ghlún, agus
chuir sé an litir ann a láimh féin.



D'fhosgail an rígh an litir le deifir agus
leígh sé í, agus tháinig ionghantas air i riocht
gur air éigin d'fheud se seasamh, agus thionn-
taigh sé go Goillís.



"Cia thu féin a Ghiolla," ar sé, "agus cá
bhfuil m'inghean?"



Leig Ghoillís a dhá mheur air a bheul le
taisbéant do'n rígh nach raibh ann labhairt;
agus leig sé osna trom, agus bhí a dhá shúil
greamtha i n-eudann an ríg.



"Bhfhuil tu bhalbh?" ar san rígh leis.



Rinne Goillís comhartha le h-innsint dó
gur b' amhlaidh bhí sé.



Thug an righ litir do Ghoillís ann sin le
tabhairt d'á inghin. "Tabhair í sin leat go
cúramach do'n mhnaoi a thug an chéid-litir
duit-se," ar sé, "agus na bhí mall leis."



D'imthigh Goillís, agus ní siúbhal acht rith
agus ni rith acht léim a bhí aige, agus é ag im-
theacht mar an ngaoith; no go dtáinig se chum
na h-inghíne, agus thug an litir dí.



Dubhairt an righ annsan litir sin nach
n-iarrfadh sé comh fhad agus bheidheadh sé beó


L. 94


a inghean a phósadh le fear nár mhaith léithe
féin" agus go raibh an oiread sin de luth-
gáire air, í a bheith air ais leis, go dtiúbhradh
sé a togha 's a rogha féin dí ameasg fear an
domhain, dá mbudh h-é fear glanta na
sgeanna féin do budh mhian léithe, acht amháin
deifir a dheunamh go bhfuigeadh sé féin agus a
mátair ann a radharc aris í. Thaisbéan sí
an litir do Ghoillís agus ann sin chuaidh sí
léithe féin chum an pháláis, agus is roimpi-se
do bhí an fáilte.



D'innis sí dá h-athair agus da máthair an
méad a rinne Goillís dí, agus mar shábháil sé a
h-anam trí uaire, agus faoi dheire dubhairt
sí, muna dtiubhradh siad Goillís dí le pósadh,
agus áird-thíghearna mór a dheunamh dhé, nach
bpósfadh sí fear go bráth.



Dubhairt an rígh go leigfeadh sé dhí rud air
bith a dheunamh a thógróchadh sí féin, agus d'or-
duigh se Goillís do ghlaodhach asteach aca.



Nuair a tháinig sé asteach chuca dubhairt
uile dhuine a bhí 'san b-pálás nach bhfacaidh
siad ariamh fear budh bhreágha 'ná é, agus
sheas an Rig suas roimhe agus thug sé póg dó
agus chuir sé fáilte roimhe, agus rinne sé
tighearna dhé. Chuir an bhainrioghain fáilte
roimhe, ann sin, agus an chúirt uile.


L. 95


D'fhan sé 'nna measg ann sin le trí ráith-
che, agus bhí meas agus cionn gach uile dhuine
ag meudughadh ó lá go lá, air agus nior mhó an
meas do bhí ag an righ air, 'ná dá mbeidheadh sé
'nna mhac dileas dó féin.



Ag ceann na h-aimsire sin ghlaodh sé a
inghean asteach chuige, agus d'fhíafruigh sé dhí an
raibh an oiread spéis' aici i nGoillís anois agus
a bhí aici, i dtosach, agus dubhairt sí go raibh,
agus nios mó. "Is maith é sin," ar san righ,
"maiseadh! biodh sé agad!"



Bhí go maith agus ní raibh go holc. Phós
siad a chéile, agus budh hé sin an bhainfheis
bréag do bhí aca, acht dá mbeithinn ann, an
t-am sin, ni bheithinn ann anois, acht chualaidh
mé ó h-éinín é nach raibh brón ná buaireadh
leun ná leónadh, mi-ágh ná mi-thapa orra go
h-uair a m-báis, agus go mbudh amhlaidh é
liom féin agus linn uile.


L. 96


AN PÍOBAIRE AGUS AN PÚCA.



Annsan t-sean-aimsir do bhí leath-amadán
'nna chómhnuidhe i n-Dúnmór i g-condaé na
Gaillimhe, agus cidh go raibh dúil mhór aige
annsa' g-ceól, nior fheud sé níos mó 'ná
aon phort amháin d' fhóghlaim, agus budh h-é
sin an Rógaire Dubh. Do gheibheadh sé cuid
mhaith airgid ó na daoinibh uaisle, mar do
gheibheadh siad greann as.



Oidhche Shamhna bhí an píobaire a' teacht
abhaile o theach damhsa, agus é leath air meisge.
Nuair tháinig sé go droichiod beag anaice le
teach a mháthar d'fháisg sé na píobaidh air,
agus thoisigh sé ag seinm an Rógaire Dubh.



Tháinig an Púca taobh-shiar dé agus chaith
sé air a dhruim féin é. Bhí adharca fada
air an b-Púca agus fuair an Píobaire greim
daingean orra. Ann sin dubhairt sé, "leír-
sgrios ort! a bheithigh ghránna, leig abhaile
mé, tá píosa deich b-pighne agam do mo mhá-
thair, agus tá uireasbhuidh snísín uirri."



"Na bac le do mháthair," ar san Púca,
"acht congbhuigh do ghreim, má thuitfidh tu
brisfidh tu do mhuineul agus do phíobaidh."


L. 97


Annsin dubhairt an Púca leis, "séid suas
dam an t-Sean-bhean Bhocht."



"Ní 'l eólas agam air," ar san píobaire.



"Ná bac le d'eólas," ar san Púca, "séid
suas agus béarfaidh mise eólas duit."



Do chuir an píobaire gaoth ann a mhála
agus shinn sé ceól do chuir iongantas air
féin.



"Dar m'fhocal is maith an máighistir ceóil
thu," ar san píobaire, "acht innis dam anois
cá bhfuil tu dom' thabhairt?"



"Tá fleadh (féusta) mhór i dteach na mná
sídhe air bhárr Chruach-Phádraic, anocht," ar san
Púca, "agus tá mé do d'thabhairt ann le
ceól do sheinm, agus glac m'fhocal go bhfuighidh
tu luach do thrioblóide."



"Dar m'fhocal sábhálfaidh tu aistear dam,"
ar san píobaire; "chuir an t-athair Uilliam
turus orm go Cruach-Phádraic, mar gheall
gur ghoid me gandal bán uaidh an féil Mhár-
tain seo chuaidh thart."



Thug an Púca tar cnocaibh agus portachaibh
é go d-táinig sé go bárr Chruach-Phádraich.
Ann sin do bhuail an Púca trí buillidh le na
chois, agus d'fhosgail doras mór. Chuadar
asteach i seómra breágh. Chonnairc an pío-
baire bord óir i lár an tseómra, agus


L. 98


ceudta de chailleachaibh 'nna suidhe timchioll
air.



Nuair tháinig an Púca agus an píobaire
asteach d'éirigh na cailleacha, agus dubhairt
siad, "ceud míle fáilte rómhat a Phúca na
Samhna, cia h-é seó atá leat?"



"An píobaire is feárr i n -Éirinn," ar san
Púca.



Do bhuail aon dena cailleachaibh buille air
an talamh, agus d'fhosgail doras i d-taoibh
an bhalla, agus creud d'fheicfeadh an pío-
baire a'teacht amach acht an gandal bán do
ghoid sé ó'n athair Uilliam.



"Dar mo chóinsias," ar san píobaire, "d'ith
mé féin agus mo mháthair uile ghreim de 'n
gandal sin, acht aon sgiathán amháin do thug
me do Mháire-Ruadh, agus is í a d'innis do'n
t-sagart gur b' é mise a ghoid an gandal.



Do thóg an gandal an bord leis, agus
dubhairt an Púca leis an b-píobaire "Séid
suas ceól dona mnáibh uaisle."



Do shéid an píobaire suas, agus thoisigh na
cailleacha ag damhsa, agus bídheadar ag
damhsa go rabhadar sáruighthe.



Ann sin dubhairt an Púca, "Íoc an píobaire."



Do tharraing gach cailleach píosa óir amach,
agus thug do'n phíobaire é.


L. 99


"Dar fiacal Phádraic," ar seisean, "táim
comh saidhbhir le mac tíghearna."



"Tar liom-sa," ar san Púca," agus
béarfad abhaile thu."



D'imthigheadar amach, agus nuair bhí sé dul
a' marcuigheacht air an b-Púca, tháinig an
gandal agus thug se píobaidh nuadh' dhó.



Ni raibh an Púca a bhfad go dtáinig sé go
Dúnmór agus leag sé an píobaire air an
droichiod beag. Ann sin dubhairt sé leis.
Éirigh abhaile, anois atá dhá nidh agad nach
raibh agad ariamh roimhe seo, tá ciall agus
ceól agad.



Chuaidh an píobaire abhaile agus bhuail ag
doras a mháthar ag rádh, "leig asteach mé,
táim comh saidhbhir le tighearna agus is mé
an píobaire is feárr i n-Eírinn."



"Táir air meisge," ar san mháthair.



"Ni 'lim go deimhin," ar san píobaire, " níor
ól mé braon."



Leig an mháthair asteach é, agus thug se dhí
na píosaidh óir.



"Fan anois go g-cluinfidh tu mé ag seinm
ceóil," ar seisean.



D'fháisg sé na píobaidh nuadh' air, acht i
n-áit ceóil tháinig toran mar bheidheadh an
méad gé agus gandal i n-Éirinn ag sgreadaoil.


L. 100


Mhúsgail sé na cómharsanna agus bhí-
dheadar a'deunamh magaidh faoi, no gur chuir
sé na sean-phíobaidh air, agus shinn se ceól
binn dóibh. Ann sin d'innis sé an méad a
thárla air, an oidhche sin.



Air maidin, an lá air na mhárach, nuair
d'fheuch an mháthair air na píosaibh i n-áit óir
ní raibh ionnta acht duilleóga luibhe.



Chuaidh an píobaire chum an t-sagairt agus
d'innis an sgeul dó, acht ní chreidfeadh an
sagart focal uaidh, no gur chuir sé na pío-
baidh air, agus thoisigh an sgreadaoil gandal
agus gé.



Ann sin dubhairt an sagart, "Imthigh as
mo radharc," acht ni dheunfadh nidh air bith do'n
phíobaire go g-cuirfeadh sé na sean-phíobaidh
air, le taisbeunt do'n t-sagart go raibh an
sgeul fíor. D'fháisg se na píobaidh air agus
shinn sé ceól binn.



O'n lá sin go bhfuair sé bás ní raibh aon
phíobaire i g-condaé na Gaillimhe chomh maith
leis.


L. 101


UILLIAM AN CHRAINN.
'San aimsir fad ó shoin bhí rígh i n-Éirinn.
Bhí sé pósta le bainrioghan áluinn agus ní
raibh aca acht aon inghean amháin. Buaileadh
an bhainrioghan tinn, agus bhí fhios aici nach
mbeidheadh sí bhfad beó. Do chuir sí an righ
faoi geasa' nach bpósfadh sé arís go mbeidheadh
an feur troigh air fad os cionn a h-uaighe. Bhí
an inghean glic, agus théidheadh sí amach uile
oidhche le siosúr agus do ghearradh sí an feur
síos go talamh.



Bhí dúil mhor ag an righ bean eile do bheith
aige, agus ni raibh fhios aige cad fá nach raibh
an feur ag fás os cionn uaighe na bainrioghna.
Dubhairt sé leis féin, "tá duine éigin dom'
mhealladh."



An oidhce sin, chuaidh sé chum na cille, agus
chonnairc sé an inghean ag gearradh an fhéir
do bhí air an uaigh. Tháinig fearg mhór air, ann
sin, agus dubhairt sé, "pósfaidh mé an cheud
bhean a fheicfeas mé, bidheadh sí óg no sean."
Nuair chuaidh sé amach air an mbóthar chon-
nairc sé sean-chailleach. Thug sé abaile í
agus phós í, mar nach mbrisfeadh sé a fhocal.


L. 102


Tar éis í do phósadh bhí inghean an rígh faoi
gheur-chrádh ag an g-cailligh, agus do chuir
an chailleach í faoi mhionna gan nidh air bith
d'innsint do'n rígh, agus gan nidh air bith,
d'fheicfeadh sí dá dheunadh d'innsint do dhuine
air bith, acht do thriúr nár baisteadh ariamh.



An lá air na mhárach, chuaidh an rígh amach
ag seilg, agus nuair d'imthigh se mharbh
an chailleach cú breágh a bhí ag an rígh. Nuair
tháinig an rígh abhaile, d'fhiafraigh sé de 'n
tsean-chailligh, "cia mharbh mo chu?"



Mharbh d'inghean é," ar san tsean-bhean.



"Cad fá 'r mharbh tu mo chu?" ar san
rígh.



"Nior mharbhaigh me do chu," ar san inghean,
"agus ní thig liom innsint duit cia mharbh
é."



"Cuirfidh mé íach (d'fhiachaibh) ort innsint
dam," ar san rígh.



Thug sé an inghean leis go coill mhor agus
chroch sé air chrann í, agus ann sin ghearr sé
an dá chois agus an dá láimh dí, agus d'fhág
i riocht báis í. Nuair bhí sé dul amach as
an g-coill chuaidh dealg ann a chois, agus
dubhairt an inghean, "nár fhágh' tu biseach go
mbéidh cosa agus lámha agam-sa le do leigheas."


L. 103


Chuaidh an rígh abhaile, agus d'fhás crann
as a chois, agus b' éigin dó an fhuinneóg d'fhos-
gailt le bárr an chrainn do leigint amach.



Bhí duine-uasal dul anaice leis an g-coill
agus chualaidh sé inghean an rígh ag sgreadaoil.
Chuaidh se chum an chrainn agus nuair chonnairc
sé an riocht a raibh sí ann, ghlac sé truagh dhi,
agus rug sé abhaile leis í, agus nuair fuair
sí biseac phós sé í.



Faoi cheann trí ráithe bhí triúr mac ag in-
ghean an righ d' aon gheineamhain amháin, agus
nuair rugadh iad tháinig Graine-óigh agus do
chuir sí cosa agus lámha air inghin an rígh, agus
dubhairt léithe, "na leig dod' chloinn bheith
baiste go mbéidh siad ionnánn siúbbhal tá
crann ag fás as chois d'athar; gearradh é go
minic, acht fásann sé arís agus is agad-sa atá
a leigheas. Ta tu faoi mhionna gan na neithe a
chonnairc tu do leas-mháthair a'deunamh d'inn-
sint do dhuine air bith acht do thriúr nár
baisteadh ariamh, agus chuir Dia an triúr sin
chugad. Nuair a bheídh siad bliadhain d'aois
tabhair go teach d'athar iad, agus innis do
sgeul a láthair do thriúir mhac agus cuimil
do lámh air bhonn an chrainn, agus béidh d'athair
comh maith agus bhí sé an cheud-la."



Bhí iongantas mór air an duine-uasal


L. 104


nuair chonnairc sé cosa agus lámha air in-
ghin an rígh. D'innis síse dhó gach uile fhocal
a dubhairt Gráine-óigh léithe.



Nuair bhí an chlann bliadhain d'aois thug an
mháthair léithe iad, agus chuaidh go teach an
rígh.



Bhí dochtúiridh as uile áit i n-Eirinn ag
freastal air an rígh acht nior fheud siad aon
mhaith á dheunamh dó.



Nuair tháinig an inghean asteach níor ait-
nigh an rígh í. Do shuidh sí síos agus an triúr
mac 'nna timchioll, agus d'innis si a sgeul
dóibh o bhonn go bárr, agus bhí an rígh ag
éisteacht léithe dá innsint. Ann sin leig sí
a lámh air bhonn coise an rígh agus thuit an
crann dé.



An lá air na mhárach do chroch sé an tsean-
chailleach agus thug sé a dhúthaigh d'á inghin
agus do'n duine-uasal.


L. 105


OCH GAN MÉ SHIAR.



Bhí fear i g-Connacht agus phós sé cailín
as chondaé Mhuigh-Eó, agus budh bhreágh sgia-
mhach an cailín í. Ni raibh locht air bith ag a
fear le fághail uirri i dtosach. Acht ní raibh
sí a bhfad pósta sul a thosaigh sí ag osnaighil
ó am go h-am, agus ní raibh oidhche nach dtéi-
dheadh sí amach agus nach seasadh sí ag binn
an tighe agus nac leigeadh si osna, agus nach
n-abradh sí, "och! gan me shiar, och! gan mé
shiar," i riocht go g-cluinfeadh a fear í, agus
nuair bhidheadh an fear ag éisteacht léithe már
sin, shaoil sé air deire gur bhreágh an áit an
"áit shiar" as a dtáinig si.



Bhí si 'gá dheunamh sin gach uile oidhche ag
leigint uirri féin go raibh brón mór uirri
nach raibh sí air ais arís i dteach a mháthar,
agus bhí a fear tuirseach air deire ag éis-
teacht léithe agus chuir sé roimhe go rachadh sé
féin siar go bfeicfeadh sé dhó féin cad é an
sórt áite an "áit shiar." Chuaidh sé mar sin
aon mhaidin amháin gan innsint do dhuine air
bith cá raibh sé le dul, águs ní raib stad ná
sgith aige go dtáinig sé síar go teach a


L. 106


mháthar, agus creud do bhí ann acht botháin ín
beag salach! agus an tsean-bhean an gabhair
agus na cearca 'nna g-cómhnuidhe le chéile
'san aon t-seómra amháin. Nior labhair sé
aon fhocal, acht tháinig sé air ais, agus nuair
d'fhiafruigh a bhean dé cá raibh sé imthighthe bhí
leithsgeul éigin aige le tabhairt dí.



D'fhan sé gan fhocal a rádh no go ndeacaidh
a bhean amach arís go binn an tighe mar budh
gnáth léithe, agus í ag osnaighil, "och! gan mé
shiar, och! gan mé shiar," agus comh luath agus
fuair sé ag an obair sin í, tháinig sé amach agus
do ghabh sé an cheathramha so ag deunamh aithris
uirri agus ag deunamh magaidh fúithi:



"Och! gan me shiar! och! gan mé shiar!
An áit a bhfuil an gabhar air iall,
Ceann na caillighe air an stoca
agus cac na circe air a giall!"



Budh leór é sin dí, agus mise mo bhannaidh,
nior chualaidh sé "och gan mé shiar," as a beul
arís comh fhad agus bhí siad beó.


L. 107


TADHG O CATHÁIN AGUS AN CORPÁN.



Do bhí buachaill óg gasta láidir ann, aon
uair amháin, i 'g-condaé Liadhdruim, mac
feilmeóra saidhbhir, agus budh bhuachail sgia-
mhach misneamhail é.



Bhí a lán airgid ag a athair agus níor
spáráil sé air a mhac é. Mar sin nuair
d'fhás an t-ógánach suas, b'fhearr leis go mór
spórt 'ná obair, agus mar nach raibh aon
chlann eile ag a athair do bhí an oiread grádh
aige air an mbuachaill seo gur leig sé dhó rud
air bith budh mhaith leis dheunamh. Bhí sé an
chaithteach, agus sgapadh se airgiod óir mar
sgapfadh duine eile an t-airgiod geal.
B'anamh bhí sé le fághail annsa' mbaile, acht dá
m-beidheadh aonach no cruinniughadh no margadh
i bhfoigse deich míle dhó, is ann do bhí tu láin-
chinnte a fhághail. Agus b'an amh chaith sé an
oidhche i dteach a athar, acht bhidheadh sé i
g-cómhnuidhe amuigh ag "rugaireacht " no ag
"árnán" o theach go teach annsan oidhche.



Bhí sé ansgiamhach agus ni raibh cailín
annsa' dtír nach raibh i ngrád leis. Mar
<l 108>
Sheághain Glas, fad o shoin, "bhí grádh gach
cáilin i mbrollach a léine" agus b'iomdha
póg thug sé agus fuair sé. Mar sin rinne
duine éigin an rann so air:



Feuch an rógaire 'g iarraidh póige,
Ni h-ionghantas mór é a bheith mar atá,
ag leanamhaint i g-cómhnuidhe d'árnán na
gráinneoíge,
Anuas 's aníos, 's 'nna chodladh 'san lá.



D'éirigh sé air deire an-fhiadháin, agus mí-
riaghalta; ni raibh sé le feicsint lá ná oidhche
i dteach a athar, acht i g-cómhnuidhe ag rugai-
reacht, agus chraitheadh na sean daoine a g-cinn,
agus dheireadh siad le chéile-"is furas le
feicsint creud a bhainfeas do thalamh a athar
nuair a geobhaidh an seanfhear bás. Rithfidh
an mac thríd i n-aon bhliadhain amháin."



Bhidheadh sé i g-cómhnuidhe ag cearrbhachas, ag
imirt cárda, agus ag ól, acht níor chuir an t-
athair aon tsuim ann a dhroch-bheusaibh agus níor
smachtuigh sé ariamh é. Acht aon lá amháin chua-
laidh sé gur mhill sé clú cailín óig do bhí ann
san áit sin, agus tháinig fearg air an t-sean-
fhear, agus ghlaodh sé a mhac chuige féin, agus
labhair sé leis go cóir ciúin ciallmhar. "A


L. 109


mhic," ar sé, "tá 's agad go raibh grádh mór
agam ort go dtí seó, agus níor choisg me thu
cia bé rud do rinne tu, agus chongbhaigh mé
airgiod go leór leat, agus bhí súil agam an
teach agus an talamh so agus mo mhaoin uile
d'fhágbháil agad-sa i ndiaigh mo bháis, acht
chualaidh mé sgeul dod' thaoibh go déighionach
do chuir gráin agus déistion orm. Ni thig liom
innsint duit an brón do bhí orm a leitheid sin
de rud do chlos, agus innsim duit anois go
soiléir muna bpósfaidh tu an cailín sin
fágfaidh mé mo thalamh agus mo mhaoin ag
mac mo dhearbhráthar. Ni thig liom a bh'fhág-
bháil ag duine a dheunfas úsáid diobh comh h-olc
sin agus do dheunfá-sa, ag mealladh na
mban agus ag breugadh na g-cailín. Soc-
ruigh leat féin anocht an bpósfaidh tu an
óigbhean sin agus mo thalamh uile d'fhághail
mar spré léithe, no an ndiultóchaidh tu í, agus
d'oighreacht do chailleamhain, agus innis
dam air maidin cia aca de'n dá rud do
thogh tu."



"Och damnadh síorruidhe! a athair, ni dheun-
fá sin; céud míle mallacht, ní dheunfá sin
do mhac atá chomh maith a's atá mise! Cia
dubhairt leat nach bpósfainn an cailín?"
Acht bhí an t-athair imthighthe. Bhí fhios go


L. 110


maith ag an mbuachaill go g-coimheudfadh sé a
ghealladh, agus bhí buaidhreadh mór air a inn-
tinn, mar cidh go raibh a athair socair cin-
eálta leis, níor bhris sé a fhocal ariamh
nuair dubhairt sé rud aon uair amháin,
agus ní raibh duine annsa' dtír budh do-lúbtha
'ná é.



Ni raibh fhios go ceart ag an mbuachaill
creud do deunfadh sé. Bhí sé i ngrádh go
deimhin leis an g-cailín agus bhí súil aige a
pósadh am éigin, act b'fhearr leis fanamhaint
tamall agus leanamhaint d'á shean-oibhreachaibh
le seal eile, ag ól ag spórt agus ag imirt;
agus chor leis sin chuir sé fearg air go n-ordo-
chadh a athair dó a pósadh, agus go mbaigeóradh
se é. "Nach mor an t-amadán m'athair!"
ar sé leis féin, "bhí me réidh go leór an
ghirseach do phósadh agus anois o chuir sé
bagairt orm tá rún mór agam a fágbháil
mar tá sí."



Bhí a inntinn corruighthe go mór, águs
d'fhan sé eidir dhá chómhairle creud do deun-
fadh sé. Shiubhail sé amach annsan oidhche air
deire, le súil a cheann teith d'fhuaradh, agus
chuaidh sé air an mbóthar. Las sé a phíopa
agus mar bhí an oidhche breágh, shiúbhail sé agus
shiubhail sé roimhe, go ndearmad sé an brón


L. 111


do bhí air, leis an spaisdeoracht luaith. Bhí
an oidhche geal agus an ghealach leath-lan.



Ni raibh anál gaoithe ag séideadh, agus bhí
an t-aér ciúin agus bog. Shiúbhail sé air
aghaidh le trí h-uairibh no mar sin, nuair
chuimhnigh sé go raibh sé déighionach 'san oidhche
agus go mbudh chóir dó thionntódh. Thion-
taigh sé le filleadh a bhaile, ann sin, agus bhí
ionghantus air an ghealach d'fheicsint comh
h-árd sin 'san spéir. "Maiseadh! saoilim
go ndearmad mé mé féin," ar seisean,
"caithfidh sé bheith tar an meadhon-oidhche
anois."



Is air éigin dubhairt sé an focal, nuair
chualaidh sé caint móra in guth, agus toran
na g-cos, air an mbóthar amach uaidh.



"Ní feasach mé cia bheidheadh amuigh comh
deirionnach annsan oidhche," ar sé, "agus air
bhóthar uaigneach mar so." Sheas sé ag
éisteacht, agus chualaidh sé glórtha móráin
daoine ag labhairt tríd a chéile, acht níor
thuig sé creud do bhí siad ag rádh. "Muire!
maiseadh!" ar sé, "tá fáitchios orm! ni
Gaedheilg ná Beurla tá siad ag labhairt;
ní féidir gur Francaigh iad!" Chuaidh sé
cúpla slat air aghaidh agus chonnairc sé go
maith le solas na gealaighe, broscán de dhaoinibh


L. 112


beaga a teacht, os a choinne, agus bhí siad ag
iomchar ruid éigin móir troim, ann a measg.



"O mo leun!" ar seisean, leis féin,
"ní féidir gur b' iad na daoine maithe
atá ann." Sheas gach ribe gruaige do bhí
air a cheann, suas; agus tháinig crathadh ann a
chnámhaibh. Bhí siad ag teacht chuige go luath.



Dhearc sé orra arís agus thug sé faoi
deara go raibh bunáit fiche fear beag ann,
agus ní raibh fear air bith aca do b' áirde ná
trí troighe no trí troighe go leith. Bhí cuid
aca liath agus d'fheuch siad an t-sean. Dhearc
sé arís, acht níor aithnigh sé go ceart cad
é an rud trom do bhí siad ag iomchar, no
go dtáinig siad suas leis, agus sheas siad
uile 'nna thimchioll. Chaith siad an rud trom
air a mbóthar agus chonnairc sé air an mball
gur corp marbh é.



D'éirigh sé comh fuar leis an Eug, agus
níor rith an fhuil ann a chuisleannaibh nuair
táinig sean-fhirín beag liath suas chuige, agus
dubhairt leis, "A Thaidhg ui Chátháin. Nach
ághamhuil do casadh orrainn thu?"



Nior fheud Tadhg bocht focal air bith do
thabhairt amach; ní fheudfadh se a bheul d'fhos-
gailt dá bhfhághfadh sé an domhan, agus níor
fhreagair se focal.


L. 113


"A Thaidhg ui Chátháin," ar san firín beag
liath arís, "nach trathammhuil é do casadh or-
rainn thu?"



Nior fheud Tadhg aon fhreagairt thabhairt
dó.



"A Thaidhg ui Chatháin," ar sé, an tríomhadh
uair, "nach ághammhuil é, agus nach trathamhuil
é do casadh orrainn thu?"



Acht d'fhan Tadhg bocht na thost, mar bhí
faitchios air freagairt do thabhairt dóibh, agus
bhí a theanga amhail a's bheidheadh sí ceangailte
le carbad a bhéil.



Thionntaigh an firín beag liath d'á chompá-
naighibh agus bhí luthgháir ann a shúilibh beaga
geala, agus "'Nois!" a dubhairt sé, "ní'l
focal ag Tadhg o Cáthán; tig linn deunamh
leis mar is maith linn. A Thaidhg, a Thaidhg,"
ar sé, "tá tu ag cathadh droch-bheatha agus
tig linne sglábhuidh dheunammh diot anois, agus
ní thig leat-sa cur 'nnár n-aghaidh: ní'l aon
mhaith dhuit ann. Tá cúmhacht againn ort.
Tóg an corpán sin."



Bhí Tadhg chomh sgannruighthe sin gur b' air
éigin leig sé an dá fhocal so as a bheul, "ni
thógfad," ar sé, mar dá mhéad a sgannradh,
bhí a chroidhe i g-cómmhnuidhe roighin agus do-
lúbtha.


L. 114


"Ni thógfaidh Tadhg o Cátháin an corpán"
ar san fírín beag le gáire millteach mar
thoran glaic cipín tirm agus iad dá mbri-
seadh agus le glór beag garbh mar bualadh
chluige do bhí sgoilte. "Cuirigidh (cuiridh)
d'fhiacaibh air a thógbháil." Agus sul do bhí
an focal as a bheul chruinnigh siad uile tim-
cioll Taidhg bhoicht, agus iad uile ag caint
agus ag gáire tríd a chéile. Rinne Tadhg
feucaint le rith uatha, acht leanadar é agus
shín fear aca a chos amach eidir a dhá lorgain
agus leagadh síos é air an mbóthar, ann a
phraiseach. Sul d'fheud sé éirighe arís, rug
na sidheóga air, cuid aca air a lámhaibh agus
cuid eile air a chosaibh agus chongbhaigh siad
go daingean é, i riocht nár fheud sé corru-
ghadh, agus a éudan leis an talamh.



Thóg seisear no móir-sheisear aca an corpán
ann sin, agus tharraing siad anall chuige é;
agus d'árduigh siad é air a mhuin; bhí brol-
lach an chorpáin fáisgthe le na dhruim féin,
agus chuir siad an dá rígh an chorpáin sin
thart thimchioll a mhuinéil féin. Sheas siad
air ais uaidh cúpla slat ann sin agus leig
siad dó éirighe suas. Do ghabh sé ag cur cú-
bhair dé agus ag eascuine, agus chraith sé é
féin, mar shaoil se an corpán do theilgint


L. 115


uaidh. Acth budh mhór a eagla agus a ionghan-
tas nuair fuair sé go raibh greim daingean
ag dá righ an chuirp timchioll air a mhuinéul,
agus go raibh a dhá chosa ag fásgadh a leas-
racha go teann, agus níor fheud sé a chathadh
dhé féin, dá láidreacht a fheuchaint. Bhí fíor-
eagla air ann sin, agus shaoil sé go raibh sé
caillte. "Ochón go deó!" ar sé, "is é
an dhroch-bheatha atá mé ag cathadh a thug an
cúmhacht so dona daoinibh maithe orm. Geal-
laim do Dhia agus do Mhuire, do Pheadar
agus do Phól, do Mharcus agus d'Eóin, agus
móidim go leasóchaidh me m'anam agus a
bhfuil rómham de'm shaoghal, má bhfágh' mé
teacht saor as an ngádh so. Agus pósfaidh
mé Máire.



Tháinig an firín beag liath suas chuige arís
agus dubhairt sé leis. "'Nois! a Thaidhgín!"
ar sé, "níor thóg tu an corpán nuair du-
bhairt mé leat a thógbháil, agus b' eígin duit
a thógbháil; B' éidir nuair deirim leat a chur
ní chuirfidh tu é, no go mbudh eígin duit!"



"Rud air bith a thig liom a dheunammh do
d' onóir," ar Tadhg, "deunfaidh mé é," mar
bhí sé fághail céille cheana, agus muna
raibh eagla áidhbheul air, ní leígfeadh
sé an focal sibhialta sin as a bheul go


L. 116


bráth. Rinne an firín beag sórt gáire arís.
"Tá tu 'g éirighe socair anois, a Thaidhg,"
ar sé. "Mise mo bhannaidh!" ar sé, "acht
béidh tu socair sul atá mise réidh leat. Éist
liom anois a Thaidhg ui Chátáin agus muna
n-úmhluighidh tu d'á bhfuil me ag rádh leat
béidh aithreachas ort - budh miste leat é. Caith-
fidh tu an corpán so atá air do mhuin iomchar
leat go Teampoll Démuis, agus caithfidh
tu a bhreith asteach annsa' dteampoll leat,
agus uaigh dheunamh dó i g-ceart-lár an
teampoill, agus caithfidh tu na leaca thógbháil
agus a g-cur síos arís an chaoi cheudna, agus
caithfidh tu an chréafóg iomchar amach as an
dteampoll agus an áit fhágbháil mar fuair
tu í, i riocht nach n-aithneóchaidh aon duine go
raibh rud air bith athruighthe ann. Acht ní h-é
sin an t-iomlán. B' éidir nach leigfidhear
duit an corp do chur annsa' dteampoll sin,
b' éidir go bhfuil an leabuidh sin ag fear
eile, agus má tá, is cosmhúil nach roinnfidh
sé leis an g-corp so é. Muna bhfágh' tu cead
a chur i dTeampoll Démuis, caithfidh tu a
bhreith leat go Carraig-fhad-mhic-Fheórais agus
a chur annsa' g-cill sin. Muna bfághaidh tu
dul asteach annsan áit sin, beir leat go
Teampoll Ronáin é, agus má tá an chill sin


L. 117


druidte ort beir go h-Imleóg-fada é, agus
muna dtiucfaidh leat a chur ann sin ni'l agad
níos mó le deunamh acht a bhreith go dti
Cill-Bhríghde agus cuirfidh tu ann sin é gan
bhacadh gan bhárradh. Ní fheudaim innsint
duit anois cad é an chill ann a bhfuighidh tu
cead an corpán do leigint faoi 'n gcreáfóig,
acht tá fhios agam go léigfidhear duit a fhag-
bháil i dteampoll éigin aca. Má ghnidh tu go
ceart an obair seó béidhmíd buidheach díot,
agus ni bhéid aon ádhbhar bróin ort-sa, mar
gheall air do thrioblóid, acht má tá tu leis-
geamhail agus mall, creid mise, go mbain-
fimíd ár sásughadh asad."



Nuair chriochnuigh an firín liath a labhairt,
leig a chomráididh gáir asta, agus bhuail
siad a lámha le chéile. "Glic! glic! hui!
hui!" ar siad, "bí 'g imtheacht, bí 'g imthe-
acht, tá ocht n-uaire rómhat anois sul a bhrisfidh
an lá, agus muna bhfuil an fear so curtha
agad sul éireóchaidh an ghrian tá tu caill-
te."



Bhuail siad dorn air a dhruim agus cos
air a thóin agus thiomáin siad air aghaidh ann-
sa' mbóthar é. B' éigin dó siubhal agus
siubhal go luath, mar nach dtug siad aon
sgith dhó.


L. 118


Shaoil sé féin nach raibh cosán fliuch, bóith-
rín salach, ná bealach cam cnapach contrálta
annsa' g-condaé nár shiubhail sé an oidhche
sin.



Nuair thigeadh smúid tar an ngealaigh do
bhídheadh an oidhche air uairibh an-dhorcha, agus
thuiteadh sé go minic. Air uairibh ghortaigh sé
é féin agus air uairibh tháinig sé saor, acht
b' éigin dó éirighe air an móimid agus deifir
mhór dheunamh. Cor uair do bhriseadh an ghealach
amach go geal, agus ann sin dhearcadh sé
'nna dhiaigh agus d'fheiceadh sé na daoine
beaga 'gá leanamhaint air a chúl, agus chua-
laidh sé iad ag caint agus ag cómrádh
eatorra féin, ag béiceadh agus ag sgrea-
daoil mar ealta faoileán, agus dá shaorfadh
sé a anam nior thuig sé aon focal d'á raib
siad ag rádh. Ni raibh fhios aige cá fhad do
shiubhail sé, nuair ghlaodh ceann aca leis
"fan ann so." Sheas seisean, agus chruin-
nigh siad uile 'nna thimcioll. "An bhfeicidh
tu na sean-chrainn seargtha sin," ar san
sean-bhuachaill liath leis, "is ameasg na
g-crann sin tá Teampoll Démuis, agus caith-
fidh tu dul asteach ann anois, acht ni thig
linne teacht leat. Caithfimíd-ne d'fhágbháil
ann so. Téidh air d'aghaidh, agus bí dána,"


L. 119


Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé balla
árd a bhí leith-bhriste, i n-áiteachaibh, agus
sean-teampoll liath taobh astigh de'n bhalla,
agus bunáite duisín sean-chrainn seargtha,
sgaptha anonn 's anall tríd an g-cill. Ni
raibh bláth ná duilleóg orra acht bhí a sean-
gheugáin sínte amach mar lámha duine air
feirg a bhí ag bagairt. Ni raibh aon neart
aige air; b' éigin dó siúbhal. Bhí sé cúpla
ceud slat ó'n dteampoll, agus níor dhearc sé
'nna dhiaigh no go dtáinig sé chum geata na
Cille. Bhí an sean-gheata leagtha, agus ní
bhfuair sé aon bhacadh ag dul asteach. Thi-
onntaigh sé ann sin le feicsint an raibh na
daoine beaga 'gá leanamhaint, acht bhí smúid
air an ngealaigh águs bhí an oidhche dorcha
agus nior fheud se dadamh fheicsint. Chuaidh
sé asteach annsa 'g-cill agus shiúbhail sé an
sean-chosán feurmhar do bhí ag dul suas chum
an teampoill. Nuair ráinig sé an doras
fuair sé glas air. Bhí an doras mór agus
láidir: Tharraing sé a sgian amach agus
sháith sé annsan ádhmad é, acht ní raibh an
t-ádhmad lobhtha "'Nois !" ar seisean leis
féin, " ní'l aon rud eile le deunamh agam;
tá an doras druidte agus ní thig liom-
sa a fhoscailt." Sul bhí na focla sin cumtha


L. 120


aige ann a inntinn féin, dubhairt glór ann
a chluais - "cuartaigh an eochair air chúl an
dorais, no air an mballa." Ghlac sé sgann-
rughadh "cia tá ag labhairt liom?" ar sé, ag
iompógh acht ní fhacaidh sé duine air bith. Cho-
gair an guth ann a chluais arís - "cuartaigh
an eochair air chúl an dorais no air an
mballa." "Cad é sin?" ar Tadhg, agus an
t-allus ag ríth d'á mhala, "cia labhair liom?"
"Mise an corpán a labhair leat," ar san
guth. "Bhfhuil caint ionnat?" ar Tadhg. "'Nois
agus arís," ar san corpán.



Chuartaigh Tadhg an eochair agus fuair sé air
bhárr an bhalla í. Bhí an iomarcuidh iongantais
air le labhairt tuilleadh, d'fhosgail sé an
doras go ciúin fairsing, agus chuaidh sé as-
teach leis an g-corp air a mhuin. Bhí sé chomh
dubh leis an oidhche an taobh astigh, agus
tháinig críth air Thadhg bocht. "Las an choin-
neall, las an choinneall," ar san corpán.
Chuir Tadhg a lámh ann a phóca agus tharraing
sé amach a sgian agus cloch-teine. Bhain sé
drithleóg aisti, agus las sé ceirteach dóighte
a bhí ann a phóca, shéid sé é go ndearna sé
lasair agus dhearc sé 'nna thimchioll. Bhí
an teampoll an-aosta agus cuid dena bal-
laibh briste síos, agus na fuinneóga sgoilte,


L. 121


agus ádhmad na bhfoirm lobhtha. Bhí sé no
seacht dena sean-choinnleóiribh iarainn ann
fós. Bhí stumpán sean-choinnle fágtha i
g-coinnleóir aca, agus las Tadhg é. Bhí
sé ag breathnughadh air an áit aisteach ghrái-
neammhail sin, nuair chogair an corpán fuar
arís ann a chluais "cuir me feasta, cuir me
feasta, sin thall an spád i naghaidh do láimh',
agus preab an talamh, preab an talamh."



Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé spád
le h-ais na h-altóra. Thóg sé ann a láimh
é agus chuir sé a bhárr faoi leic do bhí i
g-ceart-lár an teampoill, agus d'fhág sé a
thruime féin air chois na spáide no gur thóg
sé an leac.



Nuair bhí an chéad-leac togtha ní raibh sé
deacair an chuid eile dhíobh do chorrughadh, agus
bhain sé trí no ceithre cinn aca as a n-áitea-
chaibh. Bhí an chréafóg do bhí fútha bog, agus
b'fhuras dó a rómhar. Acht níor chaith sé amach
níos mó ná lán trí no ceithre sluasad de
chréafóig nuair bhain an t-íarann le rud
bog éigin mar fheóil. Chaith sé trí no
ceithre sluasad eile ó na thimchioll, agus
chonnairc sé gur corp eile é do bhí curtha
annsan áit sin. "Tá faitchios orm nach
leigfidhear dam an dá chorp chur le chéile," ar


L. 122


Tadhg ann a inntinn féin, "thusa! a chorpáin
air mo mhuin," ar seisean "mbéidh tu sásta
má chuirim ann so thu," acht níor fhreagair an
corpán focal. "Is cosamhlacht mhaith é sin,"
ar Tadhg ann a inntinn féin, "b'éidir go
bhfuil sé 'g éirighe shocair," agus sáith sé an
spád síos annsa' dtalamh arís. B' éidir
gur ghortaigh sé feóil an chuirp eile, mar sheas
an fear marbh do bhí curtha, suas annsan
uaigh, agus chuir sé géim fíor-áidhbheul as,
"hu! hu! hu! imthigh! imthigh! imthigh! no is
fear marbh, marbh, marbh thu!" agus thuit sé
air ais annsan uaigh arís. Is minic dubhairt
Tadhg o shoin gur b'é sin an rud do bh'áidhbhéile
dena rudaibh ionghantacha do chonnairc sé an
oidhche áidhbheul sin. Sheas a ghruag mar
fionna muice air a cheann, rith an t-allus
d'á eudan, agus tháinig crathadh air a cná-
mhaib arís, gur shaoil sé go dtuitfeadh sé.
Acht d'éirigh sé níos dána nuair chonnairc sé
an dara chorp 'nna luighe go socair, agus chaith
sé an chréafóg asteach air arís, agus
rinne sé sleamhain os a chionn í, agus leig sé
na leaca arís go cúramach mar bhí siad
roimhe sin. "Ni féidir go n-eireóchaidh sé
arís," ar sé. Chuaidh sé síos an chosáin do
bhí i lár an teampoill, no go raibh sé ceithre


L. 123


no cúig slata níos foigse do'n doras, agus
thoisigh sé ag togbháil na leac arís, ag iar-
raidh leabuidh eile do'n chorpán do bhí air a
dhruim. Thóg sé trí no ceithreleaca, agus chuir
se air leath-thaoibh iad, agus ann sin thochail
sé an chréafóg. Ní fada bhí sé 'gá tochailt
nuair nochtaigh sé sean-bhean lom gan snáithe
uirri acht a léine, do bhí curtha annsan áit
sin. Bhí sise níos beódha 'ná an cheud-chor-
pan, mar is air éigin thóg sé cuid de'n
chréafóig dí, nuair shuidh sí suas agus thosaigh
sí ag bársáil. "Ho! a bhodaigh, ha! a
bhodaigh," ar sí, "bhfuil sé 'g am' bhuaidhreadh!
cá raibh sé féin no cá 'r chaith sé a shaoghal nach
bhfuair sé leabuidh, nach bhfuair sé leabuidh?"
Tharraing Tadhg bocht air ais, agus d'fhan
sé 'nna thost, agus nuair chonnairc sí nach
raibh sí fághail freagartha, dhruid sí a súile
go mall, agus chaill sí a lúth agus thuit sí
go ciúin air ais faoi 'n gcréafóig. Rinne
Tadhg léithe mar rinne sé leis an bhfear,
chaith sé an chréafóg air ais uirri, agus d'fhág
sé na leaca os a g-cionn.



Rinne sé tochailt arís anaice leis an
doras, acht sul chaith sé níos mo 'ná cúpla
sluasad de'n gcré amach thug sé lámh dhuine
faoi deara, do nochtaigh sé leis an spáid.


L. 124


"M' anam!" ar seisean ann a inntinn féin
"ní rachaidh mé níos faide. Cad é 'n maith
dham é?" agus chaith sé an chré asteach arís
air, agus shocruigh sé na leaca mar bhí siad
roimhe.



D'fhág sé an teampoll annsin agus a
chroidhe trom go leór, agus dhruid sé an doras
'nna dhiaigh agus chuir sé glas air, agus d'fhág
sé an áit mar fuair se í. Shuidh sé síos air
chloich-uaighe do bhí anaice leis an doras agus
thosaigh sé ag smuaineadh. Bhí sé ann amhras
mór créud do dheunfadh sé. Leig sé a éudan
eidir a dhá láimh agus ghol sé le brón agus
le tuirse, mar bhí sé fír-chinnte 'san am
so nach dtiucfadh leis dul a bhaile beó. Rinne
sé feuchaint eile lámha an chorpáin do bhí
fáisgthe timchioll a bhrághaid do sgaoileadh, acht
bhí siad chomh teann le clampa, agus dá mhéad
a d'iarr se a sgaoileadh, is cruaidhede d'fháisg
siad é. Bhí sé dul do shuidhe síos arís nuair
dubhairt an corpán fuar gránna ann a
chluais arís. "Carraig-fhad-Mhic-Fheórais,Car-
raig-fhad-Mhic-Fheórais," agus do chuimhnigh sé
ann sin air ordughadh na ndaoine-maith, an
corpán do bhreith leis chum na h-áite sin
muna dtiucfadh leis a chur i dTeampoll-Dé-
muis. D'éirigh sé agus dhearc sé 'nna thimchioll.


L. 125


"Ní 'l eólas agam air an mbealach," ar
sé. Comh luath agus labhair sé an focal do
shín an corpán an lámh chlé (do bhí fáisgthe
air a mhuinéul) amach go h-obann, agus chong-
bhaigh sé í roimhe 'gá thaisbéant dó an bhealaigh
budh chóir dó leanamhaint. Lean Tadhg an
bóthar, 'sa 'mbealach a raibh na meura sínte,
agus cuaidh sé amach as an g-Cill. Fuair
sé é féin air an tsean-bhóthar cnapach clochach
agus sheas sé arís gan fhios dó cia an taobh
budh chóir dó thionntógh. Shín an corpán a
lámh thana amach arís, agus thaisbéan sé dhó
an bóthar eile, nach dtáinig sé suas nuair bhí
sé ag tarraing chum an t-sean-theampoill.
Chuaidh Tadhg air aghaidh annsa' mbóthar sin,
agus chomh minic agus thigeadh sé go h-áit ann
a raibh bóthar no cosán buailte air an mbóthar
ann a raibh sé ag siubhal, do shíneadh an corpán
a lámh amach arís ag taisbéant an bhealaigh
chirt dó. B'iomdha crosbhóthar do ionntaigh
sé, agus b'iomdha bóithrín cam do shiubhail
sé, no go bhfacaidh sé sean-roilig uaidh, air
deire, air thaoibh an bhóthair. Bhí rud innti,
chosmhúil le teampoll no teach mór briste
síos, acht ní raibh aon t-séipeul 'ná teampoll
ann. D'fháisg an corpán go teann é, agus
stad Tadhg. Dubhairt an corpán ann a chluais


L. 126


arís "Cuir me! cuir me! 'sa g-cill! 'sa g-
cill!"



Do tharraing Tadhg anonn do'n t-sean-
roilig, agus ní raibh sé níos faide na tim-
chioll fiche slat uaidh nuair thóg sé a shúile
agus chonnairc sé céudta agus céudta tais,
mná, fir, agus páistidh, 'nna suidhe air bhárr
an bhalla, no 'nna seasamh an taobh astigh,
ag rith anonn 's anall, ag síneadh, a lámh
amach, ag léimnigh, ag damhsa, ag corrughadh
a mbéil amhail a's mar bheidheadh siad ag
labhairt, acht níor chualaidh Tadhg aon fhocal
ná aon toran. Bhí faitchios air dul air
aghaidh, agus sheas sé suas mar bhí sé. Air
an móimid bhí na taiseanna uile socair agus
níor chuir siad cor asta. Thuig Tadhg ann
sin gur b' ag iarraidh a chongbháil ó dhul-
asteach do bhí siad. Dhruid sé cúpla slat
níos foigse do'n bhalla, agus rith an sluagh
uile le chéile do'n bhall 'nn a raibh seisean
ag triall, agus bhí siad comh tiugh sin le chéile
nár fheud sé briseadh triotha dá mbudh mhian leis
é, acht ní raibh aon mheisneach aige a fheu-
chaint.



Chuaidh sé air ais go briste brónach, agus
nuair bhí sé cúpla ceud slat imthighthe ó'n
g-cill stad sé, mar nach raibh fhios aige cad


L. 127


í an áit thionntóchadh sé anois. Dubhairt guth
an chorpáin ann a chluais, "Teampoll-Rónáin,
Teampoll Ronáin," agus bhí an lámh thana
sínte amach arís le taisbéant an bhea-
laigh dhó.



B' éigin dó siubhal, chommh tuirseach agus bhí
sé, agus ní raibh an bealach gearr, agus
ní raibh sé cothrom. Bhí an oidche níos dorcha
ná 'riamh, agus budh dheacair leis imtheacht.
B' iomdha leagadh fuair sé, agus b' iomdha
brughadh fuair a chnámha. Air deire, con-
nairc sé Teampoll-Rónáin uaidh 'nna sheasamh
a lár na roilige. Dhruid sé anaice leis,
agus shaoil sé go raibh sé ceart, sábhálta,
nuair nach bhfacaidh sé aon tais ná aon rud
eile air an mballa, agus shaoil sé nach
mbárrfaidhe é a ualach do leigint uaidh air
deire. Dhruid sé anonn do'n gheata agus
air ndul asteach dó thuit se thar an tairseach.
Sul d'fheud sé éirighe rug rud éigin nach
bhfacaidh sé air a mhuinéul agus air a lá-
mhaibh, agus rud eile air a chosaibh, agus
bhrúigh siad é, agus thacht siad é go raibh sé
réidh le fághail bháis, agus air deire thóg siad
suas é agus rugadar ceud slat no níos mó
ó'n roilig é, agus chaitheadar síos 'nna
"phraiseach" é i sean-dhíog salach, é féin agus


L. 128


an corpán le chéile. D'éirigh sé suas go
briste breóidhte brúighte, agus bhí faitchios
air dul anaice leis an g-cill arís, mar nach
bhfacaidh sé dadamh an t-am do leagadh agus
do tógadh é.



"A chorpáin shuas air mo mhuin," ar sé,
"an rachaidh mé arís do'n roilig?" acht níor
fhreagair an corpán dó. "Is comhartha é
sin nach mian leat mé a fheuchaint arís,"
ar sé.



Bhi sé i n-amhras mór ann sin, creud do
budh chóir dó a dheunamh nuair labhair an cor-
pán ann a chluais "Imleóg-fhada, Imleóg-
fhada. "O! maiseadh," ar seisean, "an éigin
dam dul ann sin? Má chongbhóchaidh tu a
bhfad mé, ag siubhal, tuitfidh mé fút. Acht
chuaidh sé air aghaidh arís, agus lean sé do'n
taoibh a thaisbéan meur an chorpáin dó. Níor
fheud sé féin rádh go ceart cá fhada bhí sé
ag imteacht nuair d'fháisg an corpán é go
h-obann agus dubhairt leis, "Súdh é,
Súdh é."



Dhearc Tadhg uaidh agus chonnairc sé balla
an-bheag ísiol, agus bhí sé briste síos i n-
áiteachaibh comh mór sin nach raibh aon bhalla
ceart air bith ann. Bhí sé i bpáirc mhóir
leathain air thaoibh an bhóthair, act muna


L. 129


mbeidheadh go raibh trí no ceithre clocha móra
do bhí nios cosmhúile le carraigibh ná le chlo-
chaibh ag gach ceann de'n bhalla, ní raibh aon
rud eile ann do thaisbéanfadh dó gur cill
no roilig do bhí ann. "An g-cuirfidh mé ann
so thu, an é seo Imleóg-fhada?" ar Tadhg.
"'Seadh," ar san guth leis. "Act ní fheicim
uaigh air bith ann so, acht carn cloch," ar Tadhg.
Nior fhreagair an corpán dó acht shín sé amach
a lámh fhada fhuar gan fheóil annsa, líne budh
chóir do Tadhg dul air aghaidh.



Chuaidh Tadhg air aghaidh, mar sin, acht bhí
faitchios mór air, óir is maith do chuimhnigh sé
air an rud do bhain dó ag an roilig dheirion-
naigh. Chuaidh sé air aghaidh agus a chroidhe ag
léimnigh mar éun mar dubhairt sé féin, acht
nuair tháinig, sé i bhfoigse deich slat, no cúig
slata deug o'n m-balla beag ceathar-choirne-
ullach do bhris amach teinteach a bhí geal, buidhe
agus dearg, gorm agus bán, agus bhí gach
dath d'á bhfuil annsan tuagh-fhearrthanna ann
agus chuaidh sé thart thimcioll an bhalla ann aon
chúrsa, agus rith sé comh luath leis an ainleóig
annsna speurthaibh, agus dá fhad d'fhan Tadhg
is luaithede rith an lasair, go raibh sé air deire
go díreach mar fháinne geal dul timchioll na
sean-roilige: agus níor sheud duine air bith


L. 130


dul thairis, no loisgfidhe go bár go cinnte é.
Ni fhacaidh Tadhg ó rugadh é aon amharc do
bhí comh aoibhinn áluin sgiamhach iongantach
leis an amharc sin. Thart chuaidh an lasair,
agus na drithleóga buidhe bána agus gorma
ag léimnigh aisti, agus cidh nach raibh ann i
dtosach acht líne bheag thana, mheudaigh sí gan
mhall go raibh sí air deire 'nna banda mór
leathan, agus bhí sí i g-cómhnuidhe ag eírighe
níos leithne agus níos áirde agus ag cathadh
amach dhrithleóga is ionghantaighe, agus ní
bhfuil dath air dhruim na talmhan nach raibh le
feicsint annsan teine sin, agus níor shoill-
sigh teinteach agus níor bhris amach lasair
ariamh do bhí comh soillseach agus comh geal
léithe.



Tháinig uathbhás air Tadhg. Bhí sé féin
beag-nach marbh le tuirse agus ní raibh a
sháith meisnigh aige le dul níos foigse do'n
bhalla. Tháinig ceó air a shúil, agus "sua-
rán" ann a cheann, agus b' éigin dó suidhe
síos air chloich mhóir do bhí ann. Ní fhacaidh sé
aon rud acht an solas, níor chualaidh sé aon
rud acht an sórt crónáin do rinne an solas
sin mar do sgiorr sé timcioll an ghuirt níos
luaithe na an teinteach.



Mar shuidh sé ann sin air an g-cloich do


L. 131


chogair an guth aon uair eile ann a chluais
"Cill-Bhríghde, Cill-Bhrighde," agus d'fháisg
an corpán comh cruaidh sin é gur b' éigin dó
sgreadaoil amach.



D'éirigh sé aon uair eile go tinn tuirseach,
trillthidhe, agus ghlac sé a bhealach annsan
line do thaisbéan lámh an fhir mhairbh dó.
Chuaidh sé mar sin air aghaidh agus b'fhada
a shiúbhal, agus b' olc an bóthar agus b'fhuar
an ghaoth agus budh throm a uallach, agus budh
dhubh an oidhche, agus budh bheag-nach caithte é
féin. Is mar sin d'imthigh sé, agus is cinnte
dá mbeidheadh a shlighe mórán níos faide thuit-
feadh sé marbh faoi n-a uallach.



Air deire do shín an corpán a lámh amach
arís, agus dubhairt sé "cuir ann sin mé - cuir
ann sin mé." "Is í seó an Chill dheirionnach,"
ar Tadhg ann a inntinn féin, " agus dubhairt
an firín beag liath liom go leigfidhe dham a
chur gan aon amhras i g-Cill éigin aca. Ní
féidir nach nglacfaidhear ann so é."



Bhí an cheud dath roimh fáinne an laé, agus
an cheud-sholas ag tosughadh annsan taoibh shoir,
acht bhí sé fós níos duibe 'ná riamh, mar do bhí
an ghealach imthighthe'nna luidhe, agus ní raibh na
reulta geal. "O! deun deifir, O! deun dei-
fir," ar san corpán arís leis, agus rinne


L. 132


Tadhg an méad deifre d'fheud sé dheunammh go
dtáinig sé chum na Cille. Bhí an séipéul 'nna
sheasamh i lár na roilige, agus ní raibh an roilig
féin acht 'nna áit bhíg shuaraigh gan mórán
uaigh ann. Shiubhail Tadhg go dána asteach
tríd an ngeata fosgailte, agus níor bhain
rud air bith leis, ni fhacaidh agus níor chualaidh
sé dadamh. Tháinig sé go dtí ceart-lár na
cille, agus sheas sé suas ann sin, agus dhearc
sé 'nna thimchioll ag iarraidh rud éigin, spáide
no sluaisde le a ndeunfadh sé an uaigh.
Mar thionntaigh sé ag dearcadh thart thim-
chioll air gach taoibh chonnairc sé (rud do chuir
ionghantus mór air) uaigh réidh deunta os a
chómhair. Dhruid se anonn chuici agus dhearc
sé síos, agus do chonnairc sé cómhra dubh
innti. Chuaidh sé síos annsan bpoll, chomh
maith agus d'fheud sé agus thóg sé an folamh
de'n chómhra agus fuair sé go raibh sé folamh
mar shaoil sé. Is air éigin do bhí sé imthigthe
suas as an bpoll, agus 'nna sheasamh air an
mbruach nuair sgaoil go h-obann an corpán
no bhí greamuighthe ann le níos mó 'ná ocht n-
uaire a dhá rígh óna mhuinéul agus a luirgne
óna leasrachaibh, agus thuit sé siós le plap ann
san g-cómhra fosgailte. Chuaidh Tadhg síos
air a dhá ghlúin air bhruach na h-uaighe agus thug


L. 133


sé buidheachas le Dia. Ní dhearna sé aon
mhaille ann sin, acht d'fháisg sé an folach síos
air an g-cómhra agus chaith sé an chréafóg
asteach le na dhá láimh. Niór bh'fhada go
raibh an uaigh líonta. Léim sé air an talamh
le na dhá chois go raibh se cruaidh agus teann,
agus ann sin d'fhág sé an áit.



Bhí an ghrian ag éirige nuair bhi sé réidh
le na obair, agus bud h-é an cheud rud do
rinne sé teach-ósda d'fhághail amach. Fuair sé
sin, agus luidh sé síos air leabuidh ann, agus
chodail sé go dtí an oidhche. D'éirigh sé agus
d'ith sé beagán, agus luidh sé síos arís agus
chodail sé go dti an mhaidin. Air maidin
fuair sé capall air iasacht, agus chuaidh se
abhaile air marcuigheacht. Bhí sé an t-am
sin deich míle air fhíchid o'n mbaile, agus níos
mó, agus budh léir dó gur shiubhail sé an
oiread sin an oidhche do chuir sé an corpán.



Shaoil uile dhuine d'fhág sé annsa' mbaile
go raib sé imthighte as an tír, agus bhí lúth-
gáire mhor orra nuair tháinig sé air ais.
Bhí uile dhuine 'gá fhiafraigh dhé cia an áit
a raibh sé, acht níor innis sé do dhuine air bith
é acht do'n athair.



Bhí sé 'nna dhuine athraighthe ó'n am sin.
Níor ól sé iomarcuidh, niór chaill sé a air-


L. 134


giod air chárdaibh, agus go mór-mhór ni ghlac-
fadh sé an domhan agus bheith amuigh leis féin
nuair bhí sé dorcha.



Ni raibh sé coicídheas ann sa' mbaile nuair
phós sé Máire an cailín do bhí i ngrádh leis,
agus is aig an mbainfheis sin do bhí an greann,
agus is é do bhi an fear sásta ó'n lá sin. Go
raibh sinne chomh sásta leis!


L. 135


NIALL O CEARBHUIDH.



Ní raibh stuamacht air bith ann. Dubhairt
sé le na bhean (mhnaoi) go rachadh sé chum an
chearda go b'fhághadh sé gleus dochtúireachta.
Chuaidh sé chum an chearda, lá air na mhárach.
"Cá 'uil tu dul andiú?" ar san gabha.
"Tá mé dul go ndeunfaidh tusa gleus doch-
túireachta dham." "Cad é an gleus dheunfas
mé dhuit?" "Deun crom-sgian agus geal-
sgian." Rinn an gabha sin dó. Tháinig sé
a bhaile. Nuair tháinig an lá, lá air na
mhárach, d'éirigh Niall o Cearbhuidh. Rinn sé
réidh le bheith 'g imtheacht 'nna dhochtúir. D'im-
thigh sé. Bhí sé siúbhal leis. Casadh buachaill
ruadh air, taobh an bhealaigh mhóir. Bhean-
nuigh sé do Niall o Cearbhuidh; bheannuigh
Niall dó. "Cá 'uil tu dul?" ar san fear
ruadh. "Tá mé 'g imtheacht go raibh mé mo
dhochtúir!" "'S maith an chéird é," ar san
fear ruadh, "'s fearr duit mise fhastóghadh."



"Cad é an tuarasdal bhéidheas tu 'g iar-
raidh," ar Niall o Cearbuidh. "Leath a shaoth-
róchamaoid go mbéidhmíd annsan talamh so


L. 136


air ais." "Bheurfaidh mé sin duit," ar san
Niall. Shiúbhail an beirt leó. "Tá nighean
(inghean) rígh, ar san fear ruadh, "leis an
mbás, rachamaoid (comh) fhad léithe go bhfeicfimíd
an léigheasfamaoid í. Cuaidh siad air siúbhal
go teach an rígh. Chuaidh siad (comh) fhad leis
an ngeata. Tháinig an geatóir ag ionsuidhe
orra. D'fhiosruigh sé cá raibh siad ag dul.
Dubhairt siad gur teacht ag amharc inghine
an rígh a bhí siad, le feiceál (feicsint) an
ndeunfadh siad maith dhí. D'iarr an rígh a
leigeant asteach. Chuaidh siad asteach. Chuaid
siad 'san áit a raibh an cailín 'nna luidhe.
Chuaidh an fear ruadh agus rug sé greim
cuisle uirri; dubhairt sé, "dá b'fhághadh a
mháighistir luach a shaothair go leighisfeadh
sé í." Dubhairt an rígh go dtiubhradh sé a
bhreitheamhnas féin dó. Dubhairt sé, "dá
mbeidheadh an rúma faoi féin agus faoi na
mháighistir, go mb'fhearr é." Dubhairt an rígh
go mbeidheadh.



D'iarr sé sgiléad uisge thabairt aníos.
Chuir sé an sgiléad air an teine. D'fhiosraigh
sé de Niall o Cearbhuidh, "cá bhfuil an gleus
dochtúireachta." "Seó iad," ar san Niall,
"crom sgian agus geal-sgian." Chuir sé
an chrom-sgian air mhuineul an chailín. Bhain


L. 137


sé an ceann dí. Tharraing sé luibh ghlas
as a phóca. Chuimil sé do'n mhuineul í. Ní
tháinig aon deór fola. Chaith sé an ceann
annsan sgíléad. Bain sé feitheamh (fiuchadh)
as. Rug sé greim air an dá chluais. Thug
sé leis as an sgiléad é. Bhuail sé anuas
air an muineul é. Ghreamuigh an ceann chomh
maith a's bhí sé ariamh. "Cad é mar aith-
nigheas tu thu féin anois?" "Tá mé comh
maith agus bhí mé ariamh," ar san inghean-
an-rígh. Sgairt (ghlaodh?) an fear mór.
Tháinig an righ aníos. Bhi luthgháire mhór
air. Ní leigfeadh sé air siúbhal iad air feadh
trí lá. Nuair bhí siad ag imhtheacht thug sé
aníos mála airgid. Dhóirt sé air an tábal
(bord) é. D'fhiosruigh sé de Niall o Cearbhuidh
an raibh a shaith aige ann sin. Dubhairt Niall
"go raibh agus bárruigheacht, nach nglacfadh
siad acht a leath." D'iarr an rígh orra gan
an t-airgiod do spáráil. "Tá inghean rígh
eile ag fuireacht linn le sinn do dhul ag
amharc uirri." D'fhág siad slán ag an rígh,
agus d'imthigh siad ann sin. Chuaidh siad ag
amharc uirri. Chuaidh siad san áit a raibh sí
'nna luidhe, ag amharc uirri ann a leabuidh;
agus an chaoi cheudna do léigheasadh í seó.
Bhí an righ buidheach agus dubairt sé gur


L. 138


coma leis cad é a bhainfeadh sé dhé. Thug se
trí ceud punta airgid dó. D'imthigh siad
ann sin ag tarraing air an mbaile. "Tá
mac rígh," ar san fear ruadh, "'nna leitheid
seó d'áit, acht ní rachamaoid 'nna chómhair,
tiucfamaoid a bhaile le a bhfhuil againn."
Bhí siad ag tarraing air an mbaile.
Phronn (Bhronn) an rígh leath-sgór biorach
orra le tabhairt leó a bhaile. Bhí siad ag
siúbhal leó. Nuair a bhí siad annsan áit ar
fhastuigh Niall o Cearbhuidh an fear ruadh,
"Saoilim," ar san fear ruadh, "gur so an áit ar
casadh mise dhuit-se an cheud-uair." "Sa-
oilim gur b'é," ar san Niall o Cearbhuidh. "Maiseadh
cad é mar roinnfimid an t-airgiod?" "Dá
leith," ar san fear ruadh, "sin an margadh
bhí ann." "'S mór liom-sa leath a thabhairt
duit," ar san Niáll o Cearbhuidh, "tá a thrian
mór go leór agad." "Tá cromsgian agus
geal-sgian agam-sa" (ar san Niall) "agus
ni'l dadamh agad-sa." "Ni ghlacfaidh mise
dadamh ar san fear ruadh, muna bhfhágh' mé
a leath." Thuit siad amach faoi an airgiod.
D'imthigh an fear ruadh agus dh'fhág sé é.
Bhí Niall o Cearbhuidh tarraing abhaile mar-
cuigheacht air a bheathach. Bhí sé tiomáint a
cod' eallaigh. Táinig lá teith. Chuaidh an


L. 139


t-eallach ag sgiobadh anonn 's anall. Bhí
Niall o Cearbhuidh dá g-ceapadh. Nuair
bhidhadh ceann no beirt ceaptha aige, bhídheadh
an chuid eile air siubhal nuair thigeadh sé.
Cheangail sé a ghearrán do ghiota crainn.
Bhí sé ag ceapadh an eallaigh. Annsan dei-
readh bhí siad a lig (uile) air siúbhal. Ní
raibh fhios aige cá ndeacaidh siad. D'fhill sé
air ais an áit a raib an gearrán agus a
chuid airgid. Ní raibh an gearrán ná an
t-airgiod le fághail. Ní raibh fhios aige ann
sin cad é dheunfadh sé. Smuain sé go rachadh
sé go teach an rígh a raibh a mhac tinn. D'im-
thigh sé leis ag tarraing air theach an rígh.
Chuaidh sé ag amharc air an mbuachaill an áit
a raibh sé 'nna luidhe. Rug sé greim cuisle
air. Dubhairt sé gur shaoil sé go léighisfeadh
sé é. "Má léighisigh tu é," ar san rígh,
"beurfaidh mé trí cheud púnta dhuit." "Dá
bhfhághainn an rúm dam féin" (ar seisean).
Dubhairt an rígh go bhfhuigheadh sé sin. Sgairt
sé 'níos air sgiléid uisge. Chuir sé an
sgiléid air an teine. Tharraing sé amach a
chrom-sgian. Chuaidh se an ceann do bhaint
dé, mar chonnairc sé an fear ruadh ag deu-
namh. Bhí sé ag sádaracht (sabhadh?) air a
cheann agus ní thainig leis an muineul a


L. 140


ghearradh. Bhí an fhuil ag teacht. Bhain sé
an ceann dé annsan deireadh. Chaith sé an
ceann annsan sgiléad. Bhain sé feitheamh as.
Nuair mheas sé an ceann a bheith fochta (fiuch-
tha?) go leór thug sé iarraidh air an sgiléad.
Fuair sé greim air an dá chluais. Thuit an
ceann 'nna "ghileagar;" tháinig an dá chluais
leis. Bhí an fhuil teacht go mór. Bhí sé dul
síos air dhoras an rúm. Nuair chonnairc an
rígh é ag dul síos bhí fhios aige go raibh a mhac
marbh. D'iarr sé an doras fhosgladh. Ní fhos-
góladh Niall o Cearbhuidh an doras. Bhris
siad an doras. Bhí an fear marbh. Bhí an
t-urlár lán fola. Rug siad air Niall o
Cearbhuidh. Bhí sé le crochadh, lá air na
mhárach. Chruinnigh gárda go n-iomcharadh siad
é 'n áit a raibh sé le crochadh. D'imthigh siad an
lá air na mhárach, leis. Bhí siad ag siúbhal
leó ag tarraing air an g-crann go g-croch-
faidhe é. Bhac siad a sgairteach. Chídh siad
fear stripeálta ag deunamh reatha. Nuair
chonnairc siad é bhí ceó uisge 'nna thimchioll le
méad a bhí sé 'rith. Nuair tháinig se (comh)
fad leó, "cad é tá sibh deunamh le mo mhái-
ghistir?" "Má 's é seó do mháighistir, seun
é, no geobhaidh tu an láimhsiughadh ceudna."
"Is mise is cóir sufrál (fulang), mise rinne


L. 141


an faillighe. Chuir sé mise i g-coinne medsin
(droganna) agus ní tháinig mé i n-am.
Sgaoilidhe mo mághistir, b'éidir go léighisfimís
mac an rígh go fóil (fós)." Sgaoil siad é.
Tháinig siad go teach an rígh. Chuaidh an fear
ruadh annsan áit a raibh an fear marbh.
Thosaigh se ag cruinniughadh na g-cnámh a bhí
annsan sgiléad. Chruinnigh se suas a lig
(uile) iad, go dtí an dá chluais. "Cad é
rinn tu leis na cluasaibh?" "Ni'l fhios
agam," dubairt Niall o Cearbhuidh, "cad é
rinn me leó, bhí mé sgannruigthe comh mór
sin." Fuair an fear ruadh na cluasa.
Chuir sé i g-cuideacht a chéile iad uile. Thar-
raing se luibh ghlas as a phóca. Chuimil sé
thart do'n cheann í. D'fhás croicionn air agus
gruag chomh maith agus bhí sé ariamh. Chuir
sé an ceann annsan sgiléad ann sin. Bhain
sé feitheamh as. Chuir sé an ceann air an
muineul comh maith agus bhí sé ariamh. D'éi-
righ mac an rígh annsan leabuidh. "Go dé
mar tá tu 'nois?" ar san fear ruadh. "Tá
me go maith, ar san mac-an-rígh, "acht go
bhfuil me go lag." Sgairt an fear ruadh
arís air an rígh. Bhí luthgháire mhór air an
rígh ann sin nuair chonnairc sé a mhac beó.
Chaith siad an oidhche sin go pléisiúrdha. Lá


L. 142


air na mhárach nuair bhí siad ag imtheacht chonn-
tais an rígh trí ceud punta. Thug sé do Niall
o Cearbhuidh é. Dubhairt sé le Niall muna
raibh a sháith aige go dtiúbhradh sé tuilleadh
dhó. Dubhairt Niall o Cearbhuidh go raibh, 's
nach nglacfadh sé aon phíghin níos mhó. D'fhág
sé slán agus beannacht aige, agus bhuail sé
ag tarraing air an mbaile. Nuair a bhfa-
caidh siad go dtáinig siad chum na h-áite ann
ar thuit siad amach le chéile "saoilim," ar
san fear ruadh, "gur so an ait dhifreálamar
roimhe." "S'é go díreach," ar san Niall o
Cearbhuidh. Shuidh siad síos agus roinn siad
an t-airgiod. Thug se a leath do'n fhear ruadh,
's chongbhaigh sé féin leath eile. D'fhág an fear
ruadh slán aige, agus d'imthigh sé. Bhí sé
tamall air siúbhal. D'fhill sé air ais. "Tá
mise ann so air ais," ar san fear ruadh.
Rinn me smuainte eile, do chuid airgid uile
d'fhágbháil agad féin; bhí tu féin fosgaltach.
An cuimhne leat an lá bhí tu dul thart leis
an roilig? Bhí ceathrar astígh annsan roilig
agus corp aca i g-cómhra. Bhí beirt aca
ag iarraidh an corp a chur. Bhí fiacha air an
g-corp. An bheirt fhear a raibh na fiacha
aca air, ni raibh siad sásta an corp a chur.
Bhí siad ag arigeal (árgúint). Bhí tusa


L. 143


ag éisteacht leó. Chuaidh tusa asteach. D'fhios-
aigh tu cia mhéad bhí aca air an g-corp.
Dubhairt an bheirt fhear go raibh púnta aca
air an g-corp, agus nach raibh siad sásta
an corp a chur, go ngeallfadh na daoine a
bí 'g á iomchar cuid de na fiachaibh do dhíol.
Dubhairt tusa, "tá deich sgillin agam, agus
bheurfaidh mé dhaoibh é, agus leig do'n chorp a
chur. Thug tu na deich sgillin dóibh agus
cuireadh an corp. Mise a bhí 'sa' 'g-cómhra an
lá sin. Nuair chonnairc mise thusa dul a'
dochtuireacht bhí fhios agam nach ndeunfá an
grathaigh (gnó). Nuair a chonnairc mise thusa
i ngéibhionn tháinig mise ag ionsuidhe ort le
do shábháil. Bronnaim an t-airgiod uile go
leír ort. Ní fheicfidh tu mise go dtí an lá
deirionach. Gabh abhaile anois. Ná deun,
aon lá dochtúireachta an fhad 's bhéidheas tu
beó. 'S goirid a shiúbhalfas tu go bhfághaidh
tu do chuid eallaigh, agus do ghearrán.



D'imthigh Niall ag tarraing a bhaile. Níor
bhfada shiúbhail sé gur casadh a chuid eallaigh
agus a ghearran dó. Chuaidh sé a bhaile agus
an t-iomlán leis. Ní'l aon lá ó shoin nach
bhfuil sé féin 's a bhean ag teacht i dtír air.
Fuair mise an t-áth, iadsan an clochán. Bái-
theadh iad-san agus tháinig mise.


L. 144


CAILLEACH NA FIACLA FADA AGUS
AN MAC RÍGH.



Bhí rígh i g-Connacht a bhfad ó shoin. Bhí
sé bliadhain agus fiche pósta gan aon duine
cloinne do bheith ag an mbainrioghain, agus
shaoil se nach mbeidheadh aon oidhre aige. Bhí
sé siúbhal amach aon lá amháin, nuair tháinig
fairrge mhór uisge timcioll air. Ni raibh
fhios aige creud do dheunfadh sé, nuair tháinig
cailleach chuige, agus dubhairt, "Cad tá tu
ag iarraidh?" "Slighe éigin a bhéarfas amach
as an áit seó mé," ar san rígh. "Béarfaidh
mise amach thu," ar san chailleach, "má thugann
tu dham do mhac is sine." "N 'l aon mhac
agam," ar san rígh, "tá mé bliadhain agus
fiche pósta, agus ní cosmhúil go mbéidh aon
oidhre agam anois." "Tabhair d'fhocal dam go
dtiubhraidh tu dham do cheud mhac nuair a bhéidh sé
bliadhain agus fíche d'aois," ar san chailleach.
"Bheirim m'fhocal duit," ar san rígh.



Annsin do tharraing an chailleach
meuracán amach, agus rinne bád dé. Chuaidh sí


L. 145


féin agus an rígh asteach 'sa' mbád, agus
tharraing an chailleach dá fhiacail amach agus
rinne maididh rámha dhíobh. D'oibrigh si iad
í féin, agus níor bhfada go dtug sí an
rígh tar an uisge. D'imthigh an rígh abhaile
líonta d'iongantas.



Níor bhfada go raibh mac óg ag an mbain
rioghain. D'fhás an mac rígh suas 'nna fhear
lúthmhar láidir, go raibh sé bliadhain agus
fiche d'aois. Tháinig brón mór air an rígh, mar
bhí fhios aige go dtiucfadh an chailleach ag
tóruigheacht an mhic óig. Chuaidh sé chum an
chócaire, agus thug ceud púnt dí, ag rádh
léithe go raibh cailleach na fiacla fada ag
teacht ag tóruigheacht an oidhre óig, agus go
dtiúbhradh sé dhí mac an chócaire i n-áit a mhic
féin. Ann sin chuaidh se chum caillighe na g-
cearc agus thug ceud eile dhí-se, agus dubhairt
léithe mar dubhairt se leis an g-cócaire.



Air maidin, lá air na mhárach tháinig cail-
leach na fiacla fada chum caisleáin an rígh,
agus tharraing sí an cuaile-corraic. Tháinig
an righ amach agus dubairt sí leis, "Cuir
amach do mhac, tá se bliadhain agus fiche
d'aois." Chuir sé amach mac an chócaire
chuici. Rug sí léithe é go dtáinig sí chum
guirt mhóir ghlais. Annsin dubhairt sí leis,


L. 146


"Creud tá do mháthair a' deunamh 'sa' m-baile
anois?" "Tá sí ag gleus dínéir do'n righ,"
ar san fear óg. "Ní tu an mac rígh," ar
san chailleach. Ann sin bhuail sí buille slai-
tín-draoigheachta air, agus rinne cloch mhór
dé. Ann sin thainig sí air ais chum caisleáin
an rígh, tharraing sí an cuaile corraic agus
dubhairt leis an rígh, "Cuir amach do mhac
chugam no leagfaidh mé an caisleán ort."
Do chuir an rígh amach mac caillighe-na-g-
cearc chuici. Rug sí léite é go dtáinig sí
chum an ghuirt ghlais. Ann sin dubhairt sí leis,
"Creud tá do mháthair ag deunamh 'sa' mbaile
anois?" Tá sí a' faire na g-cearc," ar san
fear óg. "Ní tusa an fear ceart" ar san
chailleach. Thug sí buille de'n tslaitín draoi-
gheachta dho agus rinne cloch dé. Ann sin
tháinig sí chum caisleáin an rígh. Tharraing
an cuaile-corraic agus dubhairt leis an rígh,
"Muna g-cuirfidh tu do mhac amach chugam
an t-am so leagfaidh mé an caisleán ort.
Bhí faitchios air an rígh agus chuir sé amach a
mhac féin chuici. Rug sí léithe é chum an ghuirt
ghlais agus d'fhiafruigh dhé creud do bhí a mhá-
thair a' deunamh 'sa' mbaile. "Tá sí ag
caoineadh," ar san mac rígh. "Is tu an fear
ceart," ar san chailleach. Ann sin thug sí


L. 147


buille de'n tslaitín draoigheachta dhó agus
rinne seabhac dé. Rinne sí seabhac eile
dhí féin agus thug an mac rígh léithe chum
oileáin.



Bhí teach breágh aici air an oileán agus
dubhairt sí leis, "Tá aon nidh agam duit le
deunamh agus má ghnídh tu é béidh m'inghean
agad, agus muna dtig leat an obair a dheu-
namh caillfidh tu do cheann.



Air maidin, lá air na mhárach, dubhairt an
chailleach leis, chaill me biorán annsan stábla
dá-fhichid bliadhain ó shoin, téidh agus fágh
dham é." Chuaidh sé chum an stábla agus
thoisigh sé 'gá ghlanadh. Ní raibh sé ag cur
greim' amach nach raibh a dhá oiread ag teacht
asteach. Thug sé an obair suas, agus shuidh
sé síos brónach go leór. Tháinig inghean na
caillighe chuige, agus d'fhiafruigh dhé creud do
bhí air. D'innis sé dhí, agus ann sin thar-
raing sí píce amach agus le casadh do láimhe
bhí an stábla glan. Ann sin thug sí an bio-
rán dó agus dubhairt, "Ná h-innis dom'
mháthair go ndearna me an nídh seó dhuit."
Bhí cailleach na fiacla fada as an mbaile,
acht nuair tháinig sí air ais 'san trathnóna
thug an mac rígh an biorán dí. "Go deimhin
is maith an buachaill thu," ar san chailleach


L. 148


téidh chum an stábla agus luidh air phonnann
anaice leis an láir dhuinn." Níor bh'fhada
go dtáinig inghean na caillighe chuige, agus
dubhairt, "Is olc an leabuidh tá agad."
"Ní'l árach (neart) air," ar san mac rígh.
"Tá go deimhin," ar san cailín. Ann sin
chuaidh sí do'n láir dhuinn, agus tharraing lea-
buidh breágh cluimh as a cluais, agus shocruigh
sí do'n mhach rígh é. Ann sin thug sí dhó mairt-
fheóil, caoir-fheóil, agus fíon, agus dubhairt
leis "bí súgach." D'ith sé agus d'ól sé a
sáith. D'imthigheadar go teach an rígh. Bhí
fáilte mhór ag an rígh roimh a mhac. An lá
air n-a mhárach phós mac an rígh inghean na
caillighe. Bhí bainfheis aca air feadh seacht
n-oidhche agus seacht la.


L. 149


RIDIRE NA CLEASA.
Annsan tsean-aimsir bhí duine-uasal ann.
Ní raibh acht aon mhac amháin aige, agus
nuair d'fhás an t-ógánach suas chuaidh an
t-athair ag tóruigheacht mná dhó. Tháinig sé
go teach feilméara a raibh inghean le pósadh
aige agus d'iarr sé air an bhfeilméar a in-
ghean do thabhairt d'á mhac mar chéile. Du-
bhairt an feilméar leis nach dtiubhrad sé a
inghean do fhear air bith acht d'fhear-ceirde.
Bhí mac an dhuine uasail i ngrádh le h-inghin
an fheilméara agus dubhairt sé le n-a athair,
"Caithfidh mé céird fhóghlaim, agus fanfaidh
inghean an fheilméara liom." An lá air na
mhárach d'imthigh an t-athair agus an mac agus
bhídheadar ag siúbhal go dtángadar go bruach
na fairrge. Chonnairc siad fear air luing, d'-
fhíafruigh sé dhíobh creud do bhí siad ag tóruighe-
acht. "Tá mé tóruigheacht fir a mhúinfeadh céird
do m' mhac," ar san t-athair. "Má leigfidh
tu liom-sa é," ar san Ridire, "múinfidh mise
ceird dó, agus bhéarfaidh me arís duit é,
faoi cheann lá agus bliadhain." "Táim


L. 150


sásta," ar san t-athair. Do thug an Ri-
dire Cormac (b'é sin ainm mhic an duine
uasail) air bhord luinge. Thóg sé an crann
seóil agus chuir amach go fairrge. Budh
fhear-draoigheachta an Ridire, agus nuair
chuaidh sé tamall amach do bhuail sé buille
de'n tslaitín-draoigheachta air Chormac, agus
rinne poc gabhair dé. Rug sé leis é go
dtángadar chum oileáin air an bhfairrge.
Bhí teach breágh ag an Ridire air an oileán.
Bhí dá bhuachaill deug eile air teurma ag
an Ridire. Chuaidh Cormac air aghaidh go
maith, go raibh an bhliadhain críochnuighthe agus
bhí cuid mhaith draoigheachta fóghlamtha aige.
Thug an Ridire Cormac leis air an luing,
go dtáinig siad chum na h-áite a bhfuair sé
Cormac ó'n athair. Bhí seisean air bhruach
na fairrge agus bhí lúthgháire mhór air nuair
chonnairc sé Cormac. "Seó é do mhac," ar san
Ridire, tá céird mhaith aige, acht má fhágfaidh
tu agam bliadhain eile é, béidh dá chéird aige.
"Fágfaidh mé agad é," ar san t-athair, "agus
fáilte." Rug an Ridire Cormac air ais
leis agus bhí sé ag múnadh draoigheachta dhó
go raibh an dara bliadhain críochnuighthe, agus
bh fhios ag Cormach nach dtiúbhradh an Ridire
a bhaile é, mar nár chuir an t-athair annsan


L. 151


margadh, é do thabhairt air ais an dara
h-uair. Anuair nach dtáinig an mac a bhaile
ag deireadh na dara bliadhna chuaidh an t-athair
dá thóruigheacht. Bhí sé ag siúbhal go dtái-
nig sé go teach an Ridire agus dubhairt leis,
"Cad fá nach dtug tu mo mhac a bhaile?"
"Ní raibh sé ann mo mhargadh," ar san Ri-
dire, "acht tig leat é do bheith agad air
maidin amárach." Lá air na mhárach thug an
Ridire an t-athair agus an mac leis, gur
fhág sé iad air bhruach na fairrge. Ann sin
dubhairt an mac, "Tá rásaidh móra le bheith
i nGaillimh amárach, deunfaidh mé capall
díom féin go ngnóthuighidh mé uile rása. Cuir
uile phíghin a thig leat d'fhághail, orm; nuair a
bhéidheas na rásaidh thart tiucfaidh Ridire na
Cleasa le mise do cheannach, geobhfaidh tu dá
cheud púnt orm; na sgar le mo shrian, agus
béidh me 'sa' mbaile rómhad féin."



Air maidin lá air na mhárach rinne an
mac capall dé féin, le diallaid agus le
srian óir. Chuaidh an t-athair ag marcui-
gheacht air, agus chuaidh chum na rásaidh. Ghnó-
thuigh sé uile rása, agus fuair an t-athair
dá cheud púnt air, acht níor sgar se leis
an t-srian, agus bhí an mac 'san mbaile
roimhe.


L. 152


Lá air na mhárach chuaidh an bheirt go
teach an fheilméara, agus d'iarr siad an in-
ghean. "Taisbéan dam bhfuil céird ag do
mhac" ar san feilméar. Chuadar amach agus
rinne an mac teach breágh a raibh ceithre
reithe faoi. Chuadar uile asteach, agus d'im-
thigh an teach air na reithibh mar chóiste mór,
"Tá mé sásta go bhfuil céird ag do mhac,"
ar san feilméar, "tig leis m'inghean a bheith
aige." Pósadh an lánamhain, agus bhí mic
agus ingheana go leór annsan teach-air-
reithibh. Fuair siad-san an t-áth agus sinne
na clocháin, báitheadh iad-san agus tháinig
sinne slán.


L. 153


MINIC-A-THIG.



Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí in-
ghean sgiamhach aige, agus bhí uile dhuine i
ngrádh léithe. Bhidheadh beirt ógánach ag
teacht i g-cómhnuidhe faoi 'na déin 'gá cúir-
téireacht. Do thaithnigh fear aca léithe, agus
níor thaithnigh an fear eile. An fear nár
chuir sí suim air bith ann, do thigeadh sé go
minic go tigh a h-athar le h-amharc uirri féin
agus le bheith ann a cuideachta, acht an fear
a raibh dúil aici ann, ní thigeadh sé acht go
h-anamh. B' fhearr leis an athair í do phósadh
an bhuachaill a bhí teacht chuici go minic, agus
rinne sé dínéir mhór, aon lá amháin, agus
chuir sé cuireadh air uile dhuine. Nuair bhí
na daoine uile cruinnighthe, dubhairt sé le na
hinghin, "Ól deoc anois," ar sé, "air an
bhfear is fearr leach annsan g-cuideachta
so," mar shaoil sé go n-ólfadh sí deoch air an
bhfear budh mhaith leis féin. Thóg sí an ghlaine
ann a láimh, agus sheas sí suas, agus dhearc


L. 154


sí 'nna timchioll, agus ann sin dubhairt sí an
rann so.



Ólaim do shláinte a Mhinic-a-thig,
Faoi thuairm sláinte a' Mhinic-nach-dtig;
Is truagh é nach Minic-nach-dtig
A thigeas chomh minic le Minic-a-thig.



Shuidh sí síos nuair dubhairt sí an cheath-
ramha, agus níor labhair sí aon fhocal eile an
trathnóna sin. Acht níor tháinig an fear óg
"Minic-a-thig" chomh fada léithe arís, mar
thuig sé nach raibh sé a' teastál, agus phós sí
fear a rogha féin, le toil a h-athar. Níor
chualaidh mé aon nuaidheacht eile dá taoibh
o shoin.


L. 155


AN SEAN-PHRÉACÁN AGUS AN
PRÉACÁN ÓG.



Bhí sean-phréachán ag múnadh préacháin óig,
aon lá amháin, agus dubhairt sé leis. "Nois
a mhic," ar seisean, "éist leis an g-cómhairle
tá mise tabhairt duit. Má fheicidh tu duine
teacht anaice leat agus ag cromadh, fanaic
thu féin, agus bí air do choimhéad, - tá sé
cromadh air chloich le na cathadh leat."



"Acht innis dam," ar san préachán óg,
creud do dheunfainn dá mbeitheadh an chloch
aige cheana, shíos ann a phóca."



"Maiseadh 'hugaidh'" leat, ar san sean-
phréachán, "thá tu múinte do sháith, diabhal
múnadh eile is féidir liom-sa thabhairt duit."


L. 156


RANTA AGUS CEARTHRAMHNA.



An buailteór do bh'fhearr 'san tír, is é seó
an gleus buailte d'iarr sé.
Colapán coll
Buailtín cuilin,
Urlar lom
Agus aon phunnann.



Bhí buachaill bocht ann, aon uair amáin,
agus bhí sé air aimsir, le máighistir cruaidh,
a bhdheadh ag cur oibre air o mhaidin go
h-oidhche, go raibh sé cráidhte gan sgith gan
suan. D'fhan an gasún go bhfacaidh sé go
raibh a mháighistir ag éisteacht leis, agus du-
bhairt sé ann sin i riocht go g-cluinnfidhe é.
"Ochón í ó! tá 'n lá rófada, agus an obair
atá agam le deunamh!" Agus ghabh sé an
rann so.



Brón ort a ghrian
'S maith é do chiall
Ní raibh tu ariamh air aimsir,
Dá g-caithfeá acht bliadhain
Le Donnach o Brian
Do bheidheá dul siar i g-"canter."


L. 157


Níor leig Donnach o Brian air, gur chua-
laidh sé é acht fuair an buachaill boige éigin
uaidh ó'n lá sin amach.



Nuair a luaidhtear an dias garlach
Is gnáthach leó a bheith grádhach carthanach.



An té tá shíos, buailtear cos air,
An té tá shuas, óltar deoch air.



Tearr teann,
Fada fann.



Is mairg an nidh bréunra gan síol,
Is mairg a bheith i dtír gan a bheith tréi-
dheach,
Is mairg an nidh cómhradh gan slacht,
Agus is mairg nach g-cuireas smacht air a
bheul.



Cómhairle do thabhairt do dhuine borb
Ní bhfuil ann acht nidh gan chéill,
Go g-claoidhtear é 'nna locht
'S go ndítear é 'nna aimhleas féin.



Sláinte d'á bhfuil i n-Eirinn
'S i g-Condaé Mhuigh-Eó,
'S an té nach maith leis go maith sinn
Ná raibh sé bhfad beó.


L. 158


Ná creid fionóg agus na creid fiach
Agus ná creid briathar na mná,
Má 's mall no luath éireóchaidh an ghrian
Mar thógróchaidh Dia béidh an la.



Sábháil m'fheur le teas na gréine
'S mise mo bhannaidh béidh páidhe do laé
'gad.



Is fuath liom cláirseach gan teudaibh,
Is fuath liom breuga gan bhinneas,
Is fuáth liom trompa gan teanga,
'S is fuath liom táilliúr gan deimheas.



Ceithre Sacsonach nach bhfuil sanntach,
Ceithre Franncach nach bhfuil buidhe,
Ceithre gréasaidh nach bhfuil breugach,
Sin dhá-dhéag nach bhfuil 'san tír.



Cia bé théidheann as, no nach dtéidheann as,
Ni theidheann fear an eadarsgáin as.


L. 159


TOMHSANNA.



Teach mór mór é,
Coinnleóir óir é,
Tomhais go ceart é.
Ná leig thart é.
An flaitheas.



Tá gardha beag shiar ann sin, lán de
dhaoin'-uaisle,
Birreuda beag' orra, agus ribínidhe
uaithne.
Lín.



Chuadhas suas an bóithrín 's anuas an
bóithrín
Agus rug mé an bóithrín liom air mo
dhluim.
Dréimire.


L. 160


Seó chugaibh thríd an tsáile é, féil iocán na
gréine,
Fear an chóta ghuirm agus snáithe dearg
'nna léine.
Gliomach.



Chaith mé suas é chomh geal le sneachta,
Agus tháinig sé anuas mar ór buidhe air
leachta.
Ubh.



Ritheas agus fuaireas,
Shuidheas agus chuairtigheas,
Dá bhfághainn é ní bhéarfainn liom é,
Agus mar nach bhfuaireas, thugas.
Dealg.



Tágann sé asteach air ghuailnibh daoine
'S imthigheann sé amach 'nna shnáithe síoda.
Deatach.



Cídhim chugam thríd an lios
Fear na coise caoile cruaidh',
Is é mo thruagh gan é air rith
Óir air a bhfuil beó fághann sé buaidh.
An Bás.


L. 161


Tá caisleán 'sa' ngardha, ann a g-cómh-
naigheann na céudta,
Ní fhillfinn féin ann i leath mo chuid
éudaigh.
Póirín Seangán.



Teachtaire beag o theach go teach
A chodlas amuigh san oidche.
Bóithrín.



Bhí buachaill óg ann, aon uair amháin, agus
ní raibh duine air bith annsan tír chomh críona
leis. Bhí sé 'nna shearbhfhóghanta ag duine-
uasal, agus uile cheist do chuiridhe air an
duine-uasal, is é d'freagóradh í. Aon lá
amháin dubhairt duine-uasal eile le na mhái-
ghistir.



Seó ceist agam ort a dhuine-uasail tá ag
luasg ann do shodar ó'n Spáin,
Cia an uair fuair Buachaill Sir Donnchadh
bás?
agus dfhreagair an gasún air an móimid,
Duais fuair mé ó'n duine-uasal tá shuas ag
an g-clár
Gach cruaidh-cheist do chuirfidhe air, d'fhuasg-
ailt go lá,
Nuair d'fhuaruigh a ghuala a chluasa agus a lámh
Sin í an uair fuair Buachaill Sir Donncadh
bás!


L. 162


CAILLEACHA NA FIACLA FADA.



A bhfad ó shoin annsan t-sean-aimsir
tháinig dream daoine uasal as B'l'acliath go
Loch-glinne a' seilg, agus ag iasgaireacht.
Chuireadar suas i dteach an t-sagairt
mar nach raibh aon teach-ósta annsa' mbaile
beag.



An cheud lá chuadar a' seilg, chuadar asteach
bi g-Coill-dhrimineach, agus níor bhfada gur
ruaig siad geirrfhiadh. Loisg siad iomdha
peiléur 'nna dhiaigh, acht níor fheudadar a
thabhairt anuas. Leanadar dó go bhfaca-
dar é a' dul asteach i dteach beag annsa'
g-coill.



Nuair tháncadar go dtí an doras, chon-
nairc siad madadh mór dubh, agus ní leigfeadh
sé asteach iad.



"Cuir peileur thríd an mbeitheamhnach," ar
fear aca. Do sgaoil sé peileur acht ghabh
an madadh ann a bheul é, chogain, agus chaith
air an talamh é. Sgaoileadar aon agus
aon eile, acht rinne an madadh an nidh ceudna
<l 163>
leó-san. Annsin thoisigh sé ag tathfant chomh
árd a's d'fheud sé, agus níor bhfad go dtái-
nig cailleach amach agus uile fhiacal ann a
ceann chomh fada leis an teangas, "cad tá
sibh a' deunammh air an g-coileán," ar san
chailleach.



"Chuaidh geirrfhiadh asteach ann do theach
agus ní leigfidh an madadh so asteach sinn 'nna
dhiaigh," ar fear de na fir (fearaibh) seilge.



"Luidh síos a choileáin," ar san chailleach.
Ann sin dubhairt sí, "Tig libh teacht asteach
má's mian libh." Bhí faitchios air na seil-
giribh do dhul asteach, acht d'fhiafruigh fear
aca, "bhfhuil aon duine annsan teach leat?"
"Tá seisear deirbhshiúir," ar san chailleach.
Budh mhaith linn iad d'fheiceál (d'fheicsint) ar
sna seilgiridh. Ní túisge dubhairt siad an
focal 'ná tháinig na cailleacha eile amach,
agus bhí fiacla ag gach aon aca chomh fada le
chéile. A leitheid de amharc ni fhacaidh na fir
seilge ariamh roimhe sin.



Chuadar thríd an g-coill agus chonnairc
siad móirsheisear préacháin-ingneach' air aon
chrann amháin agus iad a' sgreich. Thoisigh na
seilgiridh ag pleusgadh urchar 'nna ndiaigh,
acht da mbeidheadh siad annsin ó shoin ní thiúbh-
radh siad aon aca anuas.


L. 164


Tháinig sean duine liath chuca agus dubhairt,
"Is iad sin cailleacha na fiacla fada a bhí-
dheann 'nna g-cómhnuidhe annsan teach beag
úd thall, nach bhfuil fhios agaibh go bhfuil
siad faoi dhraoigheacht. Táid ann le ceud-
taibh bliadhain, agus tá madadh aca nach leig-
fidh aon duine asteach 'sa' teach beag. Tá
caisleán aca faoi an loch, agus is minic chon-
nairc na daoine iad a' deunamh seacht n-ea-
la dhíobh féin agus a' dul asteach 'sa' loch."



Nuair tháinig na fir seilge a bhaile an
trathnóna sin, d'innis siad gach nidh d'á bhfa-
cadar agus d'á chualadar air feadh an laé
do'n tsagart, acht níor chreid sé an sgeul.



Lá air na mhárach chuaidh an sagart leis na
fir (fearaibh) seilge, agus nuair tháncadar
anaice leis an teach beag chonnairc siad an
madadh mór dubh ag an doras. Chuir an
sagart a ghleus bheannuighthe faoi a mhui-
neul, tharraing amach leabhar, agus thoi-
sigh a' léigheadh urnaighe. Thoisigh an madadh
mór ag tathfant go h-árd. Tháncadar na
cailleacha amach agus nuair chonnairc siad
an sagart leigeadar sgread asta a chluin-
neadh ann gach uile áit i n-Éirinn. Nuair bhí
an sagart tamall ag léigheadh, rinne na
cailleacha preacháin ingneach' díobh féin agus


L. 165


d' eitill suas air chrann mór a bhí os cionn an
tíghe.



Thoisigh an sagart a' teannadh asteach air
an madadh, go raibh sé i bfoigse cúpla troigh
dhó. Thug an madadh léim suas, bhuail an
sagart 'sa' mbrollach le na cheithre cosaibh,
agus chuir air a "thar-anáird" é. Nuair
thóg na fir seilge é, bhí sé bodhar agus balbh
acht níor chorruigh an madadh ó'n doras. Thu-
gadar an sagart abhaile agus chuireadar
fios air an easbog. Nuair tháinig sé agus
nuair chualaidh sé an sgeul bhí brón mór air.
Chruinnigh an pobal agus d'iarradar air,
cailleacha na draoigheachta do dhíbirt ar an
g-coill. Bhí faitchios agus náire air, agus
ní raibh fhios aige creud do dheunfadh sé, acht
dubhairt se leo. Ní'l slíghe agam le na ndí-
birt go dtéidh' mé abhaile acht tiucfaidh mé
faoi cheann míosa agus díbeóraidh mé iad.
Bhí an sagart róbhreóidhte le rud air bith a
dheunamh.



Budh é an madadh mór dubh athair na g-cail-
leach, agus budh é a ainm Diarmuid O Mul-
mhúinne. Do mharbh a mhac féin é, mar fuair
sé é 'nna chodladh le na mhnaoi an oidhche an-
dhiaigh a phósta, agus mharbh sé na deirbhshiúi-
reacha le faitchios go n-innseóchadh siad air.


L. 166


Aon oidhche amháin bhí an t-easbog ann a she-
ómra 'nna chodladh, nuair d'fhosgail aon de chail-
leachaibh na fiacla fada an doras agus tháinig
sí asteach. Nuair mhúsgail an t-easbog chon-
nairc sé an chailleach 'nna seasamh le taoibh
a leabuidh. Bhi an oiread sin faitchis air nár
fheud sé focal a labhairt, gur labhair an chail-
leach agus dubhairt leis, "Na bíodh aon fhait-
chios ort; ní le olc a dheunamh tháinig mé acht
le cómhairle do thabhairt duit. Gheall tu do
phobal Loch-glinne go dtiucfá le cailleacha
na fiacla fada do dhíbirt as Choill-dhrimineach.
Má thágann tu ní rachaidh tu air ais beó."
Tháinig a chaint ag an easbog agus dubhairt
sé, ní thig liom m'fhocal do bhriseadh. "Ní'l
againn acht lá agus bliadhain eile le bheith 'sa'
g-coill," ar san chailleach, agus tig leat na
daoine do chur díot go dtí sin." "Cad fá
bhfuil sibh 'sa' g-coill, mar tá sibh?" ar san
t-easbog. "Mharbh ár ndearbhráthair sinn,"
ar san chailleach, "agus nuair chuadhmar i
láthair an árd-bhreithimh tugadh breitheamhnas
orrainn do bheith mar támaoid, dhá cheud blia-
dhain. Tá caisleán againn faoi an loch a
mbídheann sinn ann uile oidhche. Támaoid-ne
ag fulang air son na coir' do rinne ár
n-athair." Ann sin d'innis sí dhó an choir a


L. 167


rinne an t-athair. "Is cruaidh é bhúr g-cás,"
ar san t-easbog, "acht caithfimíd chur suas
le toil an árd-bhreithimh, agus ní chuirfidh mé
aon trioblóid orraibh." "Geobhaidh tú fuag-
radh nuair a bhéidh sinn imithghthe as an g-coill,"
ar san chailleach. Ann sin d'imthigh sí uaidh.



Air maidin, lá air na mhárach. tháinig an t-
easbog go Loch-Glinne. Chuir sé fuagradh
amach agus chruinnigh an pobal. Ann sin
dubhairt sé leó, "Is é toil an árd-rígh nach
mbéidh cúmhacht na draoigheachta díbirte go
dtí lá agus bliadhain eile, agus caithfidh sibh
congbháil as an g-coill go dtí sin. Is mór
an t-iongnadh liom nach bhfacaidh sibh na cail-
leacha draoigheachta go dtáinig na fir seilge
as Bh'l'acliath, is truagh nar fhan siad 'sa'
mbaile."



Timchioll seachtmhain 'nna dhiaigh sin, bhí an
sagart aon lá amháin leis féin, ann a sheomra.
Budh lá róbhreágh é agus bhí án fhuinneóg
fosgailte. Tháinig spideóg an bhrollaigh dheirg
asteach agus luibh bheag ann a beul. Shín an
sagart a lámmh amach agus leig sise an luibh
uirri. "B' éidir gur b' é Dia do chuir an
luibh seó chugam," ar san sagart leis féin,
agus d' ith sé í. Ní raibh se móimid ithte aige
go raibh sé chomh slán a's bhí sé ariamh, agus


L. 168


dubhairt sé, "Míle buidheachas do 'n té a
bhfhuil cúmhachta aige níos láidre 'ná cúmhacht
na draoigheachta." Ann sin dubhairt an
spideóg, "An cuimhin leat spideóg na coise
briste a bhí agad, dhá bhliadhain, an geimmhreadh
so chuaidh thart?" "Is cuimhin liom go dei-
mhin," ar san sagart, "acht d'imthigh sí uaim'
nuair tháinig an samhradh." "Is mise an spideóg
cheudna agus mur (muna) mbeidheadh an mhaith
a rinne tu dham ni bheidhinn beó anois, agus
bheidheá-sa bodhar agus balbh air feadh do
bheatha. Glac mo chómhairle anois agus ná
téidh anaice le cailleachaibh na fiacla fada
níos mó, agus ná h-innis d'aon duine beó go
dtug mise an luibh duit." Ann sin d'eitill
sí uaidh.



Nuair tháinig a bhean-an-tighe chuige, bhí ion-
gantas uirri go raibh caint agus éisteacht
aige. Chuir sé sgeul ag an easbog agus
tháinig se go Loch-Glinne. D' fhiafruigh sé
de'n tsagart cia an chaoi a bhfuair sé biseach
chomh h-obann. "Is rún é," ar san sagart,
"acht thug cara aithrighe luibh bheag dam agus
shlánuigh sí mé.



Nior thárla aon nidh eile fiú innsint go
raibh an bhliadhain imthighthe. Aon oidhche amháin
'nna dhiaigh sin, bhí an t-easbog ann a sheomra,


L. 169


nuair d'fhosgail an doras agus shiúbhail cail-
leach na fiacla fada asteach agus dubhairt.
"Tháinig me le fuagradh do thabhairt duit go
mbéidhmíd a' fágbháil na coille seachtmhain
on' lá andiú. Ta aon nidh amháin agam le
h-iarraidh ort, má dheunfaidh tu dham é."
"Má tá sé ann mo chúmhacht agus gan a
bheith anaghaidh an chreidimh deunfad e," ar
san t-easbog. "Seachtmhain ó'n lá andiú
béidh seacht bpréacháin-ingneach' marbh ag
doras ár dtíghe 'sa' g-coill. Tabhair
ordughadh iad do chur annsa' g-cuiléar atá
eidir an choill agus an baile-glas. Sin é an
méad atá mé ag iarraidh ort." "Deunfad
sin má mhairim beó," ar san t-easbog. Ann
sin d'fhág sí é, agus ní raibh brón air, í d'im-
theacht.



Seachtmhain ó'n lá sin tháinig an t-easbog
go Loch-Glinne, agus an lá 'nna dhiaigh sin
thug sé fir leis, agus chuaidh go teach na g-
cailleach annsa' g-coill-dhriminigh. Bhí an ma-
dadh mór dubh ag an doras, agus nuair chon-
nairc sé an t-easbog thoisigh sé a' rith agus
níor stop go ndeacaidh sé asteach 'sa' Loch
Connairc se na seacht bpréacháin-ingneach'
marbh ag an doras, agus dubhairt sé leis
na fearaibh, "tabhairidh libh iad sin, agus


L. 170


lean mise. Thógadar na préacháin suas agus
leanadar é go bruach an chuiléir. Ann sin
dubhairt sé leó, "caith asteach 'sa' g-coiléar
iad, is é sin deireadh na g-cailleach-draoi-
gheachta."



Chomh luath agus chaith na fir iad síos go
bonn an chuiléir, d'éirigh seacht n-ealaidh chomh
geal le sneachta suas agus d' eitill as a
n-amharc. Budh hé tuairm an easbuig, agus
uile dhuine do chualaidh an sgeul gur suas go
flaitheas d'eitill siad agus go ndeacaidh an
madadh mór dubh go dtí an caisleán faoi
an loch.



Air chaoi air bith ni fhacaidh aon duine cail-
leacha na fiacla fada, ná an madadh mór
dubh as sin amach.


L. 171


A bhfad ó shoin, bhí baintreabhach 'nna cómh-
nuidhe i g-condaé na Gaillimhe, agus beirt
mhac aici, dar b'ainm Diarmuid agus Dómh-
nal. B'é Diarmuid an mac is sine agus bhí
sé 'nna mháighistir os cionn an tíghe. Budh
fheilméaraidh móra iad, agus fuaradar fuag-
radh ó'n tíghearna-talmhan le teacht agus cíos
bliadhna d'íoc leis. Ní raibh mórán airgid
aca 'san teach, agus dubhairt Diarmuid le
Dómhnal," tabhair uallac coirce go Gaillimh
agus díol é. Fuair Dómhnal uallach réidh,
chuir dá chapall faoi an g-cairt agus d'imthigh
go Gaillimh. Dhíol sé an coirce agus fuair
se luach maith air. Nuair bhí sé teacht abhaile,
'fhan sé ag an teach leath-bhealaigh mar budh
ghnáthach leis, le deoch do bheith aige féin, agus
le deoch, agus coirce do thabhairt do na cap-
laibh.



Nuair chuaidh sé asteach le deoch d'fhághail
ó féin, chonnairc sé beirt bhuachaill ag imirt
cárda. D'fheuch sé orra tamall agus du-
bhairt ceann aca "m-béidh cluiche agad?"
Thoisigh Dómhnal ag imirt agus níor stop gur
chaill sé uile phíghin de luach an choirce. "Creud


L. 172


deunfaidh mé anois?" ar Dómhnal leis féin,
"marbhfaidh Diarmuid mé, air chaoi air bith
rachaidh mé abhaile, agus innseóchaidh mé an
fhírinne. Nuair chuaidh sé abhaile d'fhiafruigh
Diarmuid dé, "ar dhíol tu an coirce," "Dhío-
las, agus fhuaireas luach maith ar," ar Dómh-
nal. "Tabair dam an t-airgiod," ar
Diarmuid. "Ní'l sé agam," ar Dómhnal,
"chaill me uile phíghin dé ag imirt cárda
ag an teach leath-bhealaigh. "Mo mhallacht
agus mallacht na ceithre fir fichid ort," ar Di-
armuid. Chuaidh sé agus d'innis do'n mháthair
an cleas a rinne Dómhnal. "Tabhair pár-
dún dó an t-am so," ar san mháthair agus ní
dheunfaidh sé arís é." "Caithfidh tu uallach
eile dhíol amárach, ar Diarmuid, agus má
chailleann tu an luach, ná tarr ann só.



Air maidin, lá air na mhárach, chuir Dómh-
nal uallach eile air an g-cairt agus d'imthigh
go Gaillimh. Dhíol sé an coirce agus fuair
luach mór air. Nuair bhí sé teacht a bhaile
agus i ngar do'n teach leath-bhealaigh dubhairt
sé leis féin, "Druidfidh mé mo shúile, go
dtéidh' mé thar an teach sin le faitchios go m-
beidheadh cathughadh orm do dhul asteach. Dhruid
sé a shúile, acht nuair tháinig na capaill chomh
fada leis an teach-ósta do sheasadar agus


L. 173


ní rachadh siad céim níos faide, mar budh
ghnáthach leó coirce agus uisge d'fhághail 'san
áit sin, uile am bhídheadh siad a' teacht as
Gaillimh. D'fhosgail sé a shúile, thug coirce
agus uisge do na caplaibh, agus chuaidh asteach
le splanc do chur ann a phíopa.



Nuair chuaidh sé asteach chonnairch sé na
buachaillidh ag imirt cárda. D'iarradar
air imirt, agus b'éidir go gnóthóchadh sé an
méad do chaill sé an lá roimhe. Mar tá
cathughadh air na cárdaibh thoisigh Dómhnal ag
imirt agus níor stop gur chaill sé uile phíghin
d'á raibh aige. Ní'l aon mhaith dham dul abhaile
anois," ar Dómhnal, "cuirfead na capaill
agus an chairt anaghaidh an mhéid a chaill mé."
D'imir sé arís, agus chaill sé na capaill
agus an chairt. Ann sin ní raibh fhios aige
creud do dheunfadh sé, agus smuain sé agus
dubhairt, mur (muna) dtéidh' mé abhaile béidh
imnidhe air mo mháthair bhocht. Rachaidh mé
a bhaile agus innseóchaidh mé an fhírinn' dí. Ní
thig leó acht mo dhíbirt.



Nuair tháinig sé abhaile, d'fhiafruigh Diar-
muid dé, "Ar dhíol tu an coirce? no cá
bhfhuil na capaill agus an chairt?" "Chaill mé
an t-iomlán ag imirt cárda, agus ni thiuc-
fainn air ais, acht le mo bheannacht d'fhágbháil


L. 174


agaibh, seal má (sul) imthighim." "Nár thá-
gaidh tú air ais go deó, ná píghin de d' luach,"
ar Diarmuid, "agus ní theastuigheann do
bheannacht uaim."



D'fhág sé a bheannacht ag a mháthair ann
sin, agus d'imthigh air siúbhal, ag tóruigheacht
seirbhíse. Nuair bhí dorchadas na h-oidhche
teacht bhí tart agus ocaras air. Chonnairc
sé fear bocht a' teacht chuige, agus mála air
a dhruim. D'aithnigh sé Dómhnal, agus du-
bhairt, "A Dhómhnail creud do thug ann so thu,
no cá bhfuil tu dul?" "Ní'l aithne agam
ort-sa," ar Dómhnal.



"Is iomdha oidhche mhaith do chaith mé i dteach
d' athar, go ndeunfaidh Dia trócaire air,"
ar san fear bocht, b' éidir go bhfuil ocaras
ort, agus nach mbeidheá anaghaidh ith' as mo
mhála-sa."



"Is caraid do bhéarfadh dham é," ar Dómh-
nal. Ann sin thug an fear bocht mart-fheóil
agus arán dó, agus nuair d'ith sé a sháith
d'fhiafruigh an fear bocht dé, "cá bhfhuil tu
dul anocht?"



"Maiseadh, ní'l fhios agam," ar Dómhnal.
"Tá duine uasal annsan teach mór sin shuas,
agus tugann sé lóistín do dhuine air bith a
thágann chuige andhiaigh dorchadais na h-oidhche,


L. 175


agus tá mise a' dul chuige," ar san fear
bocht.



"B' éidir go bhfuighinn-se lóistín leat," ar
Dómhnal. Ní'l amhras air," ar san fear
bocht.



Chuaidh an bheirt go dtí an teach mór, agus
bhuail an fear bocht ag an doras, agus d'fhos-
gail searbhfhóghanta é. "Teastuigheann uaim
máighistir an tíghe seó d'fheiceal (d'fheicsint),"
ar Dómhnal.



D' imthigh an searbhfhóghanta, agus tháinig an
máighistir, "Tá mé 'g iarraidh lóistín oidhche
má 's é do thoil é," ar Dómhnal. "Bhéarfaidh
mé sin dhaoibh má fhannann sibh. Téidhidh suas
go dtí an caisleán, ann sin shuas, agus béidh
mise ann bhúr ndiaigh, agus má fhanann sibh
ann go maidin, geóbhaidh gach fear díbh cúig
fichid píosa deich-bpíghin, agus béidh neart
le n-ithe agus le n-ól agaibh, freisean, agus
leabuidh maith le codladh air."



"Is maith an tairgsin é sin," ar siad-san,
"rachamaoid ann."



Chuaidh an bheirt go dtí an caisleán, chua-
dar asteach i seómra, agus chuireadar síos
teine. Níor bh'fhada go dtáinig an duine-
uasal, ag tabhairt mart-fheóil, caor-fheóil,
aráin agus neithe eile. "Tar liom anois go


L. 176


dtaisbéanfaidh mé an soiléar daoibh, tá
neart fíona agus leanna ann agus tig libh
bhúr sáith do tharraing." Nuair thaisbéan se
an soiléar dóibh, chuaidh sé amach, agus chuir
glas air an doras 'nna dhiaigh. Ann sin du-
bhairt Dómhnal leis an bhfear bocht, "cuir na
neithe le n-ithe air an mbord, agus rachaidh
mise i g-coinne an leanna." Ann sin fuair
sé solas agus crúisgín agus chuaidh síos ann-
san tsoiléar. An cheud bhairille a tháinig sé
chuici, chrom sé síos le tarraing aisti, nuair
dubhairt guth. "Stop! is liom-sa an bhairille
sin." D'fheuch Dómhnal suas agus chonnairc
sé fear beag gan cheann le na dhá chois sghartha
air an mbairille.



"Má 's leat é," ar Dómhnal, "rachad go
ceann eile." Chuaidh sé go ceann eile, agus
nuair chrom sé le tarraing, dubhairt Colann-
gan-cheann, "is liom-sa an bhairille sin." "Ní
leat iad uile," ar Dómhnal, "rachad go ceann
eile. Chuaidh sé go ceann eile agus nuair
thoisigh sé a' tarraing dubhairt Colann gan-
cheann, "is liom-sa é sin." "Is coma liom," ar
Dómhnal, "líonfad mo chrúisgín." Rinne sé sin,
agus tháinig suas ag an bhfear bocht, acht níor
innis sé dhó go bhfacaidh sé Colann-gan-cheann.
Ann sin thoisigh siad ag ithe agus ag ól, go


L. 177


raibh an crúisgín folamh. Ann sin dubhairt
Dómhnal, "is é d'am-sa le dul síos agus an
crúisgín do líonadh." Fuair an fear bocht
an choinneal agus an crúisgín agus chuaidh
síos annsan tsoiléar. Thoisigh sé ag tar-
raing as bhairille nuair chualaidh sé guth ag
rádh, "Is liom-sa an bhairille sin." D'fheuch
sé suas, agus nuair chonnairc sé Colann-
gan-cheann leig sé do'n chrúisgín agus do'n
choinneal tuitim, agus as go bráth leis, suas
ag Dómhnal. "Cá bhfuil an crúisgín agus an
choinneal?" ar Dómhnal. "O is beag nach
bhfuil mé marbh," ar san fear bocht, "con-
nairc mé fear gan cheann le na dhá chois
sgartha air an m-bhairille, agus dubhairt sé
go mbudh leis í." "Ní dheunfadh sé aon ana-
chain ort," ar Dómhnal, bhí sé ann sin nuair
chuaidh mise síos, éirigh agus tabhair chugam an
crúisgín agus an choinneal." "Ní rachfainn
síos arís dá bhfághainn Éire gan roinn," ar
san fear bocht. Chuaidh Dómhnal síos, agus
thug suas an crúisgín líonta. An bhfacaidh
tu Colann-gan-cheann?" ar san fear bocht.
"Connairc mé," ar Dómhnal, "acht ni dhearna
sé aon dochar orm."



Bhídheadar ag ól go rabhadar leath air
meisge. Ann sin dubhairt Domhnal, "tá sé


L. 178


ann am dúinn dul 'nn ár gcodladh; cia an
áit b'fhearr leat, air coluadh no ag an
mballa?"



"Rachad anaice leis an mballa," ar san
fear bocht. Chuadar annsan leabuidh ag fág-
bháil na coinnle 'nna lasadh.



Ní rabhadar a bhfad 'sa' leabuidh, go bhfa-
cadar triúr fear a' teacht asteach, agus eud-
tromán aca. Thoisigheadar ag bualadh báire
air an urlár acht bhí beirt aca anaghaidh aoin.
Dubhairt Dómhnal leis an bhfear bocht, "Ní'l
sé ceart do bheirt do bheith anaghaidh aoin,
agus leis sin léim sé amach, agus thoisigh ag
cuideachtan leis an taoibh laig, agus é gan
snáithe air. Annsin thoisigh siad ag gáiridhe,
agus shiúbhail siad amach.



Chuaidh Dómhnal ann a leabuidh arís, acht ní
raibh sé a bhfad ann, go dtáinig píobhaire
asteach, ag seinm ceóil bhinn. "Éirigh suas,"
ar Dómhnal, "go mbéidh damhsa 'gainn, is mór
an truagh ceól breágh do leigeant amúgha.
"Air do bheatha, ná corruigh," ar san fear
bocht. Thug Dómhnal léim amach, agus thoisigh
ag damhsa, go raibh sé sáruighthe. Ann sin
thoisigh an píobaire ag gáiridhe, agus shiúbhail
amach.



Chuaidh Dómhnal ann a leabuidh arís acht ní


L. 179


raibh sé bhfad ann gur shiúbhail beirt fhear
asteach ag iomchar cónra (cómhra). Leag
siad air an urlár é, agus shiúbhail siad amach.
"Ní'l fhios agam cia atá 'sa' g-cómhra, no an
dúinne tá sí," ar Dómhnal, rachaidh mé go
bhfeicfidh mé." Thug sé léim amach, thóg clár
na cómhra, agus fuair fear marbh ann.
"Dar mo chóinsias, is fuar an áit atá agad,"
ar Dómhnal, "dá bhfeudfá éirighe agus suidhe
ag an teine bheidheá níos fearr." D'éirigh an
fear marbh, agus théigh é féin. Ann sin du-
bhairt Dómhnal, "tá an leabuidh fairsing go
leór do thriúr." Chuaidh Dómhnal 'sa' lár, an
fear bocht ag an mballa, agus an fear marbh
air an g-coluadh. Níor bhfad gur thoisigh an
fear marbh ag brúghadh Dómhnail, agus Dómh-
nal ag brúghadh an fhir bhoicht, go raibh sé ion-
nann agus marbh agus b' éigin dó léim do
thabhairt thríd an bhfuinneóig, agus Dómhnal
agus an fear marbh d'fhágbháil ann sin. Bhí
an fear marbh ag brúghadh Dómhnail gur beag
nár chuir sé thríd an mballa é.



"Léirsgrios ort," ar Dómhnal, "is díom-
buidheach an fear thú, leig mé amach as an
g-cómhra thu, thug mé teas teine agus roinn
mo leabhuidh dhuit, agus anois ní chongbhóchaidh
tú socair, acht cuirfidh mise amach as an


L. 180


leabuidh thu." Ann sin labhair an fear marbh
agus dubhairt, "Is fear treun thu, agus ní
mhór (ní fuláir) duit no bheidheá marbh."
"Cia mharbhfadh mé?" ar Dómhnal. "Mise,"
ar san fear marbh, "níor tháinig aon fhear
ann so le fiche bliadhain nár mharbh mé. Bhfhuil
fhios agad an fear d'íoc thú, air son fana-
mhaint ann só?" "B'fhear-uasal é," ar
Dómhnal. "Is é mo mhac-sa é," ar san fear
marbh, "agus saoileann sé go mbéidh tusa
marbh air maidin; acht tar liom-sa anois."



Thug an fear marbh é síos annsan tsoiléar,
agus thaisbéan sé leac mhór dó. "Tóig an
leac sin, tá trí pota fúithi, agus iad líonta
d'ór; is air son an óir do mharbh siad mé,
acht ní bhfuair siad an t-ór. Bíodh aon phota
agad-sa, agus pota ag mo mhac, agus an
ceann eile roinn é air na daoinibh bochta."
Ann sin d'fhosgail sé doras 'sa' mballa agus
tharraing amach páipeur, agus dubhairt le
Dómhnal, "tabhair é seó do mo mhac, agus
abair leis gur b' é an buitléar do mharbh mé
air son mo chod' óir. Ní thig liom suaimhneas
fhághail go mbéidh sé crochta, agus má tá fiadh-
nuise a' teastál tiucfaidh mise taobh-shiar
díot annsan g-cúirt gan cheann orm, agus
tig le huile dhuine m'fheiceál. Nuair bhéidh


L. 181


sé crochta pósfaidh tú inghean mo mhic, agus
tar do chómhnuidhe annsan g-caisleán só. Ná
bíodh aon fhaitchios ort rómham-sa, mar béidh
mise imthighthe go suaimhneas síorruidhe; slán
leat anois."



Chuaidh Dómhnal 'nna chodladh, agus níor
mhúsgail sé go dtáinig an duine-uasal as-
teach air maidin, agus d'fhiafruigh dhé ar
chodail sé go maith, nó cá ndeacaidh an sean-
fhear, a d'fhág sé leis. "Innseóchaidh mé sin
duit, am eile, tá sgeul fada agam le h-inn-
seacht (innsint) duit i dtosach." "Tar go dtí
mo theach liom," ar san duine-uasal.



Nuair bhí siad a' dul go dtí an teach, cia
d'fheicfeadh siad a' teacht amach as na sgea-
thachaibh, acht an fear bocht gan snáithe air,
níos mó 'ná do bhí air an oidhche a rugadh é,
agus é ag crathadh leis an bhfuacht. Fuair
an duine uasal a chuid eudaigh dhó, thug a
thuarasdal dó, agus as go bráth leis. Chuaidh
Dómhnal go teach an duine uasail,agus nuair
d' ith agus d' ól sé a sháith, dubhairt sé, "tá
sgeul agam le h-innseacht duit." Ann sin
d' innis sé dhó gach nídh a thárla dhó an oidhche
roimhe, go dtáinig sé chomh fada leis an roinn
i dtaoibh an óir. "Tar liom, go bhfeicfidh mé
an t-ór," ar san duine uasal. Chuadar go


L. 182


dtí an caisleán, thóg sé an leac, agus nuair
chonnairc sé an t-ór, dubhairt sé, "tá 's agam
anois go bhfuil an sgeul fíor."



Nuair fuair sé iomlán an eólais ó Dhóm-
hnal, fuair sé barántas anaghaidh an bhuit-
léir, acht cheil sé an choir. Nuair rugadh an
buitléar i láthair an bhreithimh bhí Dómhnal
ann sin agus thug fiadhnuise. Ann sin do léigh
an breitheamh as a pháipéaraibh, agus du-
bhairt, "Ní thig liom an fear só fhághail cionn-
tach, ghan níos mó d'fhiadhnuise."



"Tá mise ann só," ar Colann-gan-cheann
a' teacht taobh shiar de Dhómhnal. Nuair chon-
nairc an buitléar é dubhairt sé leis an
mbhreitheamh "ná téidh níos faide, tá mé cionn-
tach; mharbh mé an fear, agus tá a cheann
faoi leic an teaghlaigh ann a sheómra féin."
Ann sin d' orduigh an breitheamh an buitléar
do chrochadh, agus d' imthigh Colann-gan-
cheann.



Lá air na mhárach pósadh Dómhnal le h-inghin
an duine-uasail agus fuair sé spré mhór
léithe, agus chuaidh sé 'nna chómhnuidhe annsan
g-caisleán. Seal gearr 'nna dhiaigh seó,
fuair sé a chóiste réidh, agus chuaidh air cuairt
ag a mháthair.



Nuair chonnairc Diarmuid an cóiste teacht,


L. 183


ní raibh fhios aige cia an duine mór do bhí
ann. Tháinig an mháthair amach, agus rith sí
chuige, a' rádh, "Nach tu mo Dhómhnal féin,
grádh mo chroidhe thú, bhídheas ag guidhe air do
shon o d'imthigh tu." Ann sin d'iarr Diar-
muid párdún air, agus fuair uaidh é. Ann
sin thug Dómhnal sporán óir dó, ag rádh leis
'san am ceudna, "sin luach an dá uallach
coirce agus na g-capall, agus na cairte."
Ann sin dubhairt sé le na mháthair, budh chóir
duit teacht abhaile liom-sa, tá caisleán
breágh agam gan aon duine ann, acht mo
bhean agus na searbhfhóghantaidh." "Rachad
leat," ar san mháthair agus fanfad leat go
bhfágh' mé bás." Thug Dómhnal an mháthair
abhaile leis, agus chaitheadar beatha shona le
chéile annsan g-caisleán.


L. 184


CÚIRT AN CHRONNÁIN.



A bhfad o shoin tháinig dream daoine uasal
go h-abhainn atá eidir chondaé Mhuigh-Eó agus
condaé Ros-Comáin, agus thogh siad amach
áit dheas dóibh féin air bhruach na h-aibhne,
agus chuireadar cúirt air bonn innti. Ni
raibh fhios ag duine air bith annsna bailtibh
beaga thart timchioll cia an áit a dtáinig
na daoine uaisle seó as. B'é Mac-Dómhnail
an t-ainm a bhí orra. Bhí na cómharsanna
le fada gan carthanas do dheunamh leó, go
dtáinig pláigh mhór bhí na daoine a'
fághail bháis 'nna gceudtaibh.



Aon lá amháin bhí aon mhac baintreabhaighe
boichte a' fághail bháis leis an bpláigh mhill-
tigh, agus ni raibh braon bainne aici le na
theanga do fhliuchadh. Chuaidh sí go dtí an
Chúirt agus d'iarradar dí creud do bhí sí ag
iarraidh. D'innis sí dhóibh go raibh an taon
mhac a bhí aici a' fághail bháis leis an bpláigh
agus nach raibh braon bainne aici le na
theanga fhliuchadh. "Is cruaidh do chás," ar


L. 185


bean-uasal a bhí annsan g-cúirt, léithe,
"bhéarfaidh mise bainne agus leigheas duit,
agus béidh do mhac chomh slán faoi cheann uaire
agus bhí sé ariamh." Ann sin thug sí canna-
stáin dí agus dubhairt, "Téidh abhaile anois,
ní bhéidh an canna sin folamh chomh fada agus
bhéidheas (béidh) tusa no do mhac beó, má chong-
bhuigeann tu an rún, gan innsint do dhuine
air bith go bhfuair tu ann só é. Nuair a
rachas tu abhaile cuir greim de sheamar-Mhuire
annsan mbainne, agus tabhair do d' mhac é.



Chuaidh an bhaintreabhach abhaile, chuir an
seámar-Mhuire 'sa' mbainne, agus thug deoch
do'n mhac, agus d' éirigh sé faoi cheann uaire
chomh slán agus bhí sé ariamh. Annsin chuaidh
an bhaintreabhach tríd na bailtibh leis an
g-canna, agus ní raibh duine dá dtug sí deoch
dó, nach raibh leigheasta faoi cheann uaire.
Níor bhfada go ndeacaidh cáil Mháire ní
Chíaracháin, b'é sin ainm na baintreabhaighe,
tríd an tír, agus níor bhfada go raibh lán
a' mhála d' ór agus d'airgiod aici- Aon
lá amháin chuaidh Máire go pátrún Choill-
te-broncais, d'ól an iomarcuidh, thuit air
meisge, agus leig an rún amach.



Tháinig trom-chodladh na meisge uirri, agus
nuair mhúsgail sí, bhí an canna imthighthe. Bhí


L. 186


an oiread sin bróin uirri, gur bháith sí í
féin i n-áit d'ar b' ainm Poll-bán, i bhfoigse
míle do Coillte-broncais.



Shaoil uile dhuine anois go raibh canna an
leighis le fághail aca i g-cúirt an Chronnáin
dá rachadh siad ann. Air maidin, lá air
na márach, chuaidh go leor daoine go dtí an
chúirt agus fuaireadar uile dhuine a bhí innti
marbh. Chuaidh an gháir amach agus chruinnigh
na ceudta daoine, acht níor eud aon duine
dul asteach, mar bhí an chúirt líonta de
dheatach, agus tinnteach agus toirneach a'
teacht amach aisti.



Chuireadar fios air an tsagart a bhí i
mBeallach-a'-doirín acht dubhairt sé, ní'l sé
ann mo pharáiste agus ní bhéidh rud air bith
agam le deunamh leis. An oidhche sin chon-
nairc na daoine solas mór annsan g-cúirt
agus bhí faitchios rómhór orra. Lá air na
mhárach chuireadar sgeul go sagart go Lios-
a'-choill, acht ni thiucfadh sé mar nach raibh an
áit ann a pharáiste. Cuireadh fios air sha-
gart go Cill-ma-bhídh ann sin' acht bhí an leith-
sgeul ceudna aige-sean.



Bhí dream bráthair bocht i g-Coillte-máin
agus nuair chualadar an sgeul chuadar go
dtí an chúirt gan duine leó acht iad féin.


L. 187


Nuair chuadar asteach thoisigheadar ag rádh
urnuighthe, acht ní fhacadar aon chorp. Faoi
cheann tamaill d'imthigh an deatach, sguir
an tinnteach agus an toirneach, d'fhosgail
doras, agus tháinig fear mór amach. Bhreath-
nuigh na bráithre nach raibh aige acht aon
t-súil amháin, agus bhí sí sin ann a chlár-
eudain.



"Ann ainm Dé cia thú?" ar fear de na
bráithribh. "Is mé Cronnán mac Bhelóir na
súile nimhe, ná bíodh aon fhaitchios orraibh, ní
dheunfad aon anachain orraibh, mar is deigh-
fhir misneamhla sibh. Tá na daoine do bhí
ann so imthighthe chum suaimhnis síorruidhe,
anam agus corp. Tá fhios agam go bhfhuil
sibh bocht agus go bhfhuil go leór daoine
bocht timchioll orraibh. Seó dhaoibh dá
sporán, ceann aca dhaoibh féin, agus an
ceann eile le roinnt air na bochtaibh, agus
nuair a bhéidheas an méad sin caithte, tigidh
arís. Ní de'n tsaoghal so mise, acht ní dheun-
fad anachain do dhuine air bith, mur (muna)
ndeunfaidh siad orm-sa é i dtosach, agus
congbhuighidh uaim."



Ann sin thug sé dá sporán dóibh agus du-
bhairt, "Imthighidh air bhúr n-deagh-obair
anois." D'imthigh na bráithre abhaile, chruin-


L. 188


nuigheadar na daoine bochta, agus roinnea-
dar an t-airgiod orra. Do cheistigh na
daoine iad, creud do chonnairc siad annsan
g-cúirt. "Is rún, gach nidh d'á bhfacamar,"
ar sna bráithre, "agus is é ár g-cómhairle
dhaoibh-se gan dul anaice leis an g-cúirt,
agus ní thiucfaidh aon anachain orraibh."



Bhí na sagairt santach nuair chualadar
go bhfuair na bráithre go leór airgid 'sa'
g-cúirt, agus chuaidh an triúr aca le súil go
bhfuigheadh siad-san mar fuair na bráithre.



"Nuair chuadar asteach, thoisigheadar ag
blaodhach (glaodhach) "bhfhuil aon duine ann
so?" Tháinig Cronnán amach as sheómra, agus
d'fhiafruigh, "creud tá sibh ag iarraidh?"
"Thancamar le carthanas do dheunamh leat-
sa," ar sna sagairt. "Shaoil mé nach raibh sa-
gairt tugtha d'innsint breug," ar Cronnán,
"Tháinig sibh le súil go bhfuigheadh sibh-se air-
giod, mar fuair na bráithre bochta. Bhí
faitchios orraibh theacht, nuair chuir na daoine
fios orraibh, agus anois ní bhfuighidh sibh cianóg
mar ní fiú sibh é."



"Nach bhfhuil fhios agad go bhfhuil cúmhacht
againn le do dhíbirt as an áit seó?" ar sna
sagairt, "agus deunfamaoid úsáid de'n
chúmhachta sin, muna mbéidh tu níos sibhialta


L. 189


'ná tá tú." "Ní'l beann agam-sa, air bhúr
g-cúmhachta," ar Cronnán, "tá níos mó de
chúmhachta agam-sa 'ná tá ag an méad sa-
gart atá i n-Éirinn."



"Is breug atáir a' rádh," ar sna sagairt.
"Feicfidh sibh roinn bheag de m' chúmhachta,
anocht," ar Cronnán, "ní fhágfaidh mé cleith
os bhúr g-cionn, nach bhfuadóchaidh mé asteach
'san abhainn úd agus dfhéudfainn sibh mhar-
bhadh le h-amharc mo shúile da dtógróchainn é.
Geobhaidh sibh cleitheacha bhúr dtightheadh 'san
abhainn air maidin amárach. Anois ná cuir
aon cheist eile orm, agus na bagair orm
níos mó, no béidh sé níos measa dhaoibh."



Tháinig faitchios air na sagartaibh agus
d'imthigheadar abhaile, acht níor chreideadar
go mbeidheadh a g-cuid tightheadh gan chleith,
roimh mhaidin.



An oidhche sin, timchioll an mheodhain-oidhche.
tháinig sineán gaoithe, faoi chleitheachaibh tigh-
theadh na sagart, agus d'fhuaduigh iad asteach
'san abhainn os cómhair na cúirte. Ní raibh
cnámh annsna sagartaibh nach raib ag crathadh
le faitchios, agus b' éigin dóibh fosgadh fhá-
ghail i dtigthibh na g-cómharsan go maidin.



Air maidin, lá air na mhárach, tháinig na
sagairt go dtí an abhann os cómhair na


L. 190


cúirte, agus chonnairc siad na cleitheacha a
bhí air a g-cuid tightheadh ag snámh 'san uisge.
Chuireadar fios air na bráithribh, agus d'iar-
radar orra dul go Cronnán agus síothchán
d'fhuagradh, agus do rádh leis, nach g-cuir-
feadh siad níos mó de thrioblóid air. Chuaidh
na bhráithre chum na cúirte. Chuir Cronnán
fáilte orra, agus d'fhiafruigh creud do bhídhea-
dar ag iarraidh. "Tháncamar ó na sagar-
taibh, le síothchán d'fhuagradh ort, ní chuirfidh
siad aon trioblóid ort níos mó." "Is maith
dhóibh sin," ar Cronnán. "Tigidh liom anois,
go bhfeicfidh sibh mé ag cur cleith na dtigh-
theadh air ais." Chuadar leis chomh fada leis an
abhainn; ann sin sheid sé sineán as gach pol-
láire. D'éirigh cleitheacha na dtightheadh chomh
maith a's bhídheadar nuair cuireadh suas iad
i dtosach. Bhí iongantas air na sagartaibh
agus dubhairt siad le chéile, " Ní'l cúmhacht
na draoigheachta marbh, ná díbirte as an tír
fós." Ó'n lá sin amach ní rachadh sagart
ná duine air bith eile anaice le cúirt a'
Chronnáin.



Bliadhain andhiaigh báis Mháire ní Chiara-
cháin, bhí pátrún i g-Coillte-broncais. Bhí fir
óga go leór cruinnighthe ann, agus 'nna me-
asg bhí Páidín mac Mháire ní Chiaracháin.


L. 191


D'óladar uisge-beatha go rabhadar air mire.
Nuair bhídheadar teacht abhaile dubhairt Pái-
dín o Ciaracáin, "Tá go leór airgid 'sa'
g-cúirt sin shuas, agus má tá meisneach agaibh
tig linn a fhághail." Mar bhí an t-ól ionnta
dubhairt dá reug (deug) aca, "tá meisneach
againn agus rachamaoid go dtí an chúirt."
Nuair chuadar go dtí an doras dubhairt
Páidín o Ciaracháin, "Fosgail an doras no
brisfimíd é." Tháinig Cronnán amach agus
dubhairt, "muna dtéidh sibh abaile, cuirfeadh
codladh míosa orraibh." Shaoileadar greim
d'fhághail air Chronnán, acht chuir sé sineán
gaoithe as a pholláiridhibh, agus d'fhuadaigh
na fir óga go lios dar b' ainm Lios-trom-
neul, agus chuir trom-chodladh orra agus neul
mór os a g-cionn, agus ní'l ainm air an áit
o shin amach acht Lios-trom-neul.



Air maidin lá ais na mhárach, ní raibh na
fir óga le fághail 'bhus no 'thall agus bhí brón
mór ameasg an phobail. Chuaidh an lá sin
thart gan aon chúntas ó na fearaibh óga.
Dubhairt daoine gur b' é Cronnán a mharbh
iad, mar chonnairc daoine iad a' dul chum na
cúirte. Chuaidh aithreacha agus máithreacha
na bhfear óg chum na m-bráthair, agus ghuidh
orra do dhul go Cronnán, agus d'fhághail


L. 192


amach uaidh cia an áit a raibh na fir óga, beó
no marbh.



Chuaidh siad go Cronnán agus d'innis Cron-
nan dóibh an cleas a shaoil na fir óga do
dheunamh air, agus an nidh do rinne sé leó.
"Má 's é do thoil, tabhair maitheamhnas dóibh
an t-am só," ar sna bhráithre, bhídheadar air
mire le h-uisge-beatha, agus ní bhéidh siad
cionntach arís." "Air son sibh-sé a iar-
raidh orm, sgaoilfidh mé iad an t-am so, acht
má thágann siad arís cuirfidh mé codladh
seacht mbliadhain orra. Tar liom anois go
bhfeicfidh sibh iad."



"Is olc na coisidhe sinn," ar sna bráithre,
"bheidhmís a bhfad a dul go dtí an áit 'nna
bhfuil siad."



"Ni bhéidh sibh dá mhóimid a' dul ann," ar
Cronnán, "agus béidh sibh air ais 'sa, mbaile
'san am ceudna."



Ann sin thug sé amach iad, agus chuir sineán
gaoithe as a bheul, agus d'fhuadaigh go Lios-
trom-neul iad' agus bhí sé féin ann sin chomh
luath leó.



Chonnairc siad an dá fhear óg deug 'nna
g-codladh faoi neul annsan lios, agus bhí
iongantas mór orra. "Anois," ar Cronnan,
"cuirfead abhaile iad." Do shéid sé orra,


L. 193


agus d'éirigheadar mar eunlaith 'san aér,
agus níor bhfad go raibh gach aon aca 'sa'
mbaile, agus na bráithre freisean, agus tig
leat bheith cinnte nach ndeacadar go cúirt a'
Chronnáin níos mó.



Bhí Cronnán 'nna chómhnuidhe annsan g-cúirt
bliadhanta 'nna dhiaigh sin. Aon lá amháin
chuaidh na bráithre air cuairt chuige acht ní
raibh sé le fághail. Deir daoine go bhfuair
na bráithre saidhbhreas mór andiaigh Chron-
náin. Faoi cheann cúrsa aimsire thuit an
chleith de'n chúirt, mar bhí faitchios air aon
duine dul do chómhnuidhe innti. Air feadh
móráin bliadhain 'nna dhiaigh sin, rachadh
daoine míle thart thimchioll seal má (sul)
rachadh siad anaice leis an tsean-chúirt. Ní'l
acht roinn de na ballaibh le fághail anois,
acht ní'l aon ainm air an tsean-chúirt ó'n lá
sin go dtí an lá so, acht Cúirt a' Chronnáin.


L. 194


TOBAR DEIRE-AN-DOMHAIN.



A bhfad ó shoin roimh aimsir Naoimh Pád-
raig, bhí sean-rígh i g-Connacht agus triúr
mac aige. Bhí cos thinn ag an rígh air feadh
móráin bliadhain, agus níor fheud sé aon
leigheas fhághail. Aon lá amháin chuir sé fios
air Dhall glic a bhí aige, agus dubhairt leis.
"Tá me tabhairt tuarasdail duit-se le fiche
bliadhain, agus ní thig leat innsint dam cad
do leighseóchadh mo chos."



"Níor iarr tu orm an cheist sin roimhe
seó," ar san Dall glic, "acht innsim duit
anois nach bhfhuil aon nídh annsan domhan le
do leigheas, acht buideul uisge as tobar
Deire-an-Domhain."



Air maidin, lá air na mhárach, gháir (ghlaodh)
an rígh a thriúr mac agus dubhairt leó, "ní
bhéidh biseach air mo chois go bhfhágh' mé buideul
uisge as tobar Deire-an-Domhain, agus cia
bé air bith dhíbh a bhéarfas chugam é, béidh mo
ríoghacht aige."



"Imtheóchamaid dá thóiruigheacht amárach,"


L. 195


ar san triúr. B'é ainm an triúir mac Art
Neart agus Ceart. Air maidin, lá air na
márach, thug an rígh sporán óir do gach aon
aca, agus d'imthigheadar air siúbhal. Nuair
tháncadar chomh fada leis an g-cros-bhóthar
dubhairt Art, "budh chóir do gach aon dínn do
dhul bóthar dó féin, agus má thágann aon
dínn air ais roimh lá agus bliadhain, fanadh
sé go dtiucfaidh an bheirt eile chuige, no cui-
readh se clochán suas mar mharc (comhartha)
go dtáinig sé air ais slán."



Do sgaradar le chéile, agus chuaidh Art
agus Neart go teach-ósda agus thoisigheadar
ag ól, acht chuaidh Ceart air aghaidh leis féin.
Do shiúbhail sé an lá sin gan fhios aige cá
raibh sé a' dul. Nuair tháinig dorchadas na
h-oidhche chuaidh sé asteach i g-coill mhóir agus
bhí sé dul air aghaidh go dtáinig sé go teach
mór. Chuaidh sé asteach agus d'fheuch thart.
Ní fhacaidh sé aon duine acht chonnairc sé cat
mór bán 'nna suidhe le cois na teineadh.
Nuair chonnairc an cat é d'éirigh sé agus
chuaidh asteach annsan t-seómra. Bí sé
tuirseach agus shuidh sé ag an teine. Níor
bhfada gur fhosgail doras an tseómra agus
tháinig sean-chailleach amach. "Ceud míle
fáilte rómhad, a mhic Rígh Chonnachta," ar san


L. 196


chailleach. "Cia an chaoi bhfuair tu eólas
orm-sa?" ar san mac rígh. "Is iomdha lá
maith chaith me i g-caisleán d'athar-sa, i
mBuidhe-shamhnaidh, agus tá eólas agam ort
o rugadh thu," ar san chailleach.



Ann sin ghleus sí seire bhreágh dhó agus thug
dó é. Nuair d'ith agus d'ól sé a sháith, du-
bháirt sí leis, "rinne tu aistear fada andiú,
tar liom go dtaisbéanfaidh mé leabuidh dhuit.
Ann sin thug sí go seómra breágh é, thais-
béan leabuidh dho, agus chuaidh an mac rígh
'nna chodladh. Níor mhúsgail sé go raibh an
ghrian a' teacht asteach air na fuinneógaibh,
an lá air na mhárach. Ann sin d'éirigh, agus
ghleus é féin, agus bhí a' dul amach, nuair
d'fhiafruigh an chailleach dé, cia an áit a
raibh sé dul. "Ní'l fhios agam," ar san mac
rígh, "d'fhág me an baile le tobar Deire-an-
Domhain d'fhághail amach." "Tá mise," ar
san chailleach, "andhiaigh cuid mhaith d'áitea-
chaibh do shiúbhal, acht níor chualaidh mé caint
air thobar Deire-an-Domhain ariamh roimhe."



D'imthigh an mac rígh amach agus bhí a' siú-
bhal go dtáinig sé go chros-bhóthar eidir dhá
choill. Ní raibh fhios aige cia an bóthar do
rachadh sé. Chonnairc sé suidheachán faoi bhonn
crainn mhóir. Nuair chuaidh sé chuige fuair


L. 197


sé sgríobhtha, "Is é seó suidheachán luchd-siú-
bhail." Do shuidh an mac rígh síos agus faoi
cheann móimid' chonnairc sé an bhean budh
bhreágha san domhan a' teacht chuige, agus í
gleusta le síoda dearg, agus dubhairt sí
leis, "chualaidh mé go minic gur feárr do
dhul air aghaidh 'ná air g-cúl." Ann sin d'im-
thigh sí as amharc, mar do shluigfeadh an
talamh í. D' éirigh an mac rígh agus chuaidh
air aghaidh. Shiúbhail sé an lá sin go raibh dor-
chadas na h-oidhche ag teacht air, agus ní raibh
fhios aige cia an áit a bhfuigheadh sé lóistín.
Chonnairc sé solas i g-coill agus tharraing
sé air. Bhí an solas i dteach beag. Ni raibh
bonn cleite amuigh ná bonn cleite astígh ann
acht aon chleite amháin a bhí ag congbháil suas
an tíghe. Bhuail sé an doras agus d'fhosgail
sean-chailleach é. "Go mbeannuigh Dia ann
so," ar san mac rígh. "Ceud fáilte rómhad,
a mhic Rígh Chaisleáin Buidhe-shamhnaidh," ar san
chailleach. "Cia an chaoi bhfuair tu eólas
orm-sa?" ar san mac rígh. "S í mo dheirbh-
shiúr d' oil thu," ar san chailleach, "suidh síos
go bhfágh' mé seire réidh dhuit." Nuair d'ith
agus d'ól sé a sháith chuir sí 'nna chodladh é go
maidin. Nuair d'éirigh sé ghuidh sé air Dhia é
do threórughadh i mbealach a leasa. "Cá


L. 198


fhad a rachas tu andiú?" ar san chailleach. "Ní'l
fhios agam," ars an mac rígh, "tá mé tórui-
gheacht tobair Deire-an-Domhain." "Tá mise
trí cheud bliadhain ann so," ar san chailleach,
"agus níor chualaidh mé caint air a leitheid
d'áit roimhe, acht tá deirbhshiúr agam níos sine
'ná mé féin, agus b'éidir go bhfhuil eólas aici
air. Seó dhuit liathróid airgid, agus nuair
rachas tu amach air an mbóthar caith rómhad
í, agus lean í go dtágaidh tu go tígh mo
dheirbhshiúra."



Nuair chuaidh sé amach air an mbóthar chait
sé síos an liathróid, agus bhí dá leanamhaint
go raibh an ghrian a' dul faoi sgáil na g-
cnoc.



Ann sin chuaidh sé asteach i g-coill agus
tháinig sé go doras tighe bhig. Nuair bhuail
sé an doras d'fhosgail cailleach é agus du-
bhairt, "Ceud míle fáilte rómhad a mhic rígh
Chaisleáin Buidhe-shamhnaidh, a bhí ag tígh mo
dheirbhshiúra aréir. Rinne tu aistear fada
andiú; suidh síos, tá seire réidh agam duit."
Nuair d'ith agus d'ól an mac rígh a sháith chuir
an chailleach 'nna chodladh é, agus níor mhús-
gail sé go maidin. Ann sin d'fhiafruigh an
chailleach, "cá bhfhuil tu dul?" "Ní maith
atá fhios agam," ar san mac rígh, "d'fhág


L. 199


mé an baile le tobar Deire-an-Domhain
d'fhághail amach." "Tá mise," ar san chail-
leach, "os cionn cúig ceud bliadhain d'aois,
agus níor chualaidh me caint air an áit sin
ariamh roimhe, acht tá dearbhráthair agam
agus má tá a leitheid d' áit annsan domhan
béidh eólas aige uirri. Tá sé 'nna chómh-
nuidhe seacht g-ceud míle as an áit seó."
"Is fada an t-aistear é," ar san mac rígh.
"Béidh tu an sin anocht," ar san chailleach.
Ann sin thug sí gearrán beag dó, timchioll
toirt gabhair. "Ní bhéidh an beitheach sin
ionánn mé d'iomchar," ar san mac rígh. "Fan
go dtéidh' tu a' marcuigheacht," ar san chail-
leach. Chuaidh an mac rígh air an ngear-
rán agus as go bráth leis, chomh tapa le tein-
teach.



Nuair bhí an ghrian a' dul faoi, an trath-
nóna sin, tháinig sé go tígh beag i g-coill.
Thuirling an mac rígh; chuaidh an gearrán beag
asteach agus níor bhfhada go dtáinig sean
duine liath amach, agus dubhairt, "ceud míle
fáilte rómhad a mhic rígh Chaisleáin Buidhe-
shamhnaidh, tá tu ag tóruigheacht tobair Deire-
an-Domhain." "Táim go deimhin," ar san mac
rígh. "Is iomdha fear maith chuaidh an bealach
sin rómhad, acht níor tháinig aon fhear aca air


L. 200


ais beó," ar san sean duine, "acht deunfaidh
mé mo dhíthchioll duit-se; fan annso anocht
agus beidh spórt againn amárach." Ann sin
do ghleus se seire agus thug do'n mhac righ e ,
agus nuair d' ith agus d' ól sé, chuir an sean
duine ag codladh é.



Air maidin lá air na mhárach, dubairt an
sean duine, "Fuair mé amach cá bhfhuil tobar
Deire-an-Domhain, acht is deachair do dhul
chuige, caithfimíd fághail amach an bhfhuil aon
mhaith ionnad leis an lúb-teann. Ann sin
thug sé an mac rígh amach 'sa' g-coill, thug
lúb do, agus chuir marc air chrann dá fhichid
slat uaidh, agus dubhairt leis a bhualadh.
Tharraing sé an lúb agus bhuail an marc.
"Deunfaidh tu an graitheach (gnó)" ar san
sean duine. Ann sin chuaidh siad asteach
agus chaitheadar an lá ag innsint sgeul.
Nuair tháinig dorchadas na h-oidhche thug an
sean duine lúb agus punnann gath geur dó,
agus dubhairt, "Tar liom anois." Bhídhea-
dar ag imtheacht go dtáncadar go h-abhainn
mhóir. Ann sin dubhairt an sean duine,
"Téidh air mo dhruim," agus snámhfad thar an
abhainn leat, acht, má fheiceann tu eun mór
ag teacht, marbh é, no béidhmíd caillte."



Ann sin chuaidh an mac rígh air dhruim an


L. 201


tsean duine agus thoisigh an sean duine ag
snámh. Nuair bhí siad i lár na h-aibhne, chon-
nairc an mac rígh iolar mór ag teacht agus
a ghob fosgailte. Tharraing an mac rígh lúb
agus loit sé an t-iolar. "Ar bhuail tu í?"
ar san sean duine; "bhuail mé í," ar san
mac rígh, "acht tá sí teacht arís." Tharraing
sé an lúb an dara h-uair agus thuit an
t-iolar marbh. Nuair tháncadar go talamh
dubhairt an sean duine, "Tamaoid air oileán
thobair Deire-an-domhain, tá an bhainríoghan
'nna codladh agus ní dhúiseóchaidh sí go lá agus
bliadhain; ní théidheann sí 'nna codladh acht
aon uair amháin i seacht mbliadhnaibh. Tá
leómhan, agus uillphéist ag faire ag geata
an tobair, acht téidheann siad 'nna g-codladh
'san am ceudna leis an mbainríoghain, agus
ní bhéidh aon deachras agad le dul go dtí an
tobar. Seó dhuit dá bhuideul; líon ceann
aca dhuit féin agus an ceann eile dhamhsa,
agus deunfaidh sé fear óg díom."



D' imthigh an mac rígh, agus nuair chuaidh sé
suas chomh fada leis an g-caisleán chonnairc
sé an leómhan agus an uillphéist, 'nna g-
codladh air gach taoibh de'n ngeata. Ann
sin chonnairc sé rótha mór ag cathadh suas
uisge as an tobar, agus chuaidh sé agus líon


L. 202


sé an dá bhuideul, agus bhí a' teacht air ais
nuair chonnairc sé solas lonnrach 'sa' g-cais-
leán. D'fheuch sé asteach tríd an bhfuinneóig
agus chonnairc sé bord mór. Bhí builín
aráin, buideul, sgian, agus glaine air. Líon
sé an ghlaine acht níor laghduigh se an bui-
déul.



Bhreathnuigh sé go raibh sgríbhín air an
mbuideul agus air an mbuilín, agus léigh sé
air an mbuilín Arán Do'n Domhan, agus air
an mbuideul Uisge Do'n Domhan. Ghearr sé
píosa de'n mbuilín acht d' éirigh sé níos mó 'ná
bhí sé. "Mo leun nach bhfhuil an builín agus
an buideul sin 'sa' mbaile" ar san mac rígh,
"agus ní bheidheadh ocarus ná tart air na
daoinibh bochta." Ann sin chuaidh sé asteach i
seómra mór agus chonnairc sé an bhainrío-
ghan agus aon deug mná cóibhdeach' 'nna g-
codladh, agus cloidheamh an tsolais crochta os
cionn na bainríoghna. Budh h-é a bhí tabhairt
solais don chaisleán iomlán.



Nuair chonnairc sé an bhainríoghan, dubhairt
sé leis féin, budh mhaith an bhean dam í, agus
d' imthigh sé agus phós sé an bhainrioghan,
acht níor mhúsgail sise, ná aon dena mnáibh
cóibhdeach'. Ann sin fuair sé an cloidheamh an
buideul agus an builín, agus tháinig sé do'n


L. 203


tsean duine, acht níor innis sé dhó go raibh na
neithe sin leis. "Cia an chaoi chuaidh tu air
d' aghaidh?" ar san sean duine. "Fuaireas
an nídh do bhí me 'g iarraidh," ar san mac rígh.
"An bhfacaidh tu aon iongantas ó d'fhág tu
mé?" ar san sean duine. D' innis an mac
rígh dhó go bhfacaidh se builín agus buideul agus
cloidheamh iongantach. "Níor bhain tu leó?"
ar san sean duine, "seachain iad, mar bhéar-
fadh siad trioblóid ort. Tar air mo druim
anois go dtiúbhraidh me thar an abhainn thu.



Nuair chuaidh siad go teach an tsean duine
chuir sé uisge as an mbuideul air féin agus
rinne sé fear óg dé féin. Ann sin dubhairt
sé leis an mac rígh, tá mo dheirbhshiúr agus
mé féin saor o dhraoigheacht, agus tá siad-san
'nná mnáibh óga. D'fhan an mac rígh ann sin,
go raibh an chuid is mó de 'n lá agus blia-
dhain imthighthe. Ann sin thoisigh sé an t-ais-
tear abhaile, acht mo leun ní raibh an gearrán
beag aige. Shiúbhail sé an cheud lá go raibh
dorchadas ag teacht air. Chonnairc sé teach
mór. Chuaidh sé go dtí an doras, bhuail é,
agus tháinig fear an tíghe chuige. "An dtig
leat lóistín do thabhairt dam," ar sé.
"Tig," ar fear an tíghe, "acht ní'l aon tso-
las againn." "Tá solas agam féin," ar san


L. 204


mac rígh. Chuaidh sé asteach ann sin,
tharraing an cloidheamh agus thug solas breágh
dhóibh uile agus do uile dhuine a bhí air an
oileán. Ann sin thugadar seire mhaith dhó.
agus chuaidh sé 'nna chodladh. Nuair bhí sé
'g imtheacht air maidin, d'iarr an fear tíghe
air i n-onóir Dé an cloidheamh d'fhágbháil aca,
"O d'iarr tu é i n-onóir do Dhia, tig leat é
do bheith agad," ar san mac rígh.



Shiúbhail sé an dara lá go raibh dorchadas
a' teacht; chuaidh sé go teach mór eile, bhuail
ag an doras, agus níor bhfhada go dtáinig
bean an tíghe chuige, agus d'iarr sé lóistín.
"Tig liom sin do thabhairt duit," ar fear an
tíghe, "acht ní'l braon uisge againn le biadh
do ghleus duit." "Tá neart uisge agam
féin," ar san mac rígh. Tháinig sé asteach,
tharraing amach an buideul, agus ní raibh
soitheach ann san teach nar líon sé, agus fós
bhí an buideul líonta. Ann sin gleusadh biadh
dhó agus nuair d' ith agus d' ól sé a sháith
chuaidh sé 'nna chodladh. Air maidin, nuair
bhí sé ag imtheacht d' iarr an bhean tíghe air, i
n-onóir do Dhia an buideul d'fhágbháil aca.
"Ó tharla gur iarr tu é a n-onóir do Dhia,"
ar san mac rígh, "Ní thig liom d' eiteach, mar
chuir mo mháthair dam faoi geasaibh seal má


L. 205


(sul) fuair sí bás gan aon nídh d'iarrfadh
duine orm i n-onóir do Dhia d'eiteach dá
bhfeudfainn é." Ann sin d'fhág sé an buideul
aca. Shiúbhail sé an treas lá go raibh dor-
chadas ag teacht agus tháinig sé go teach mór
air thaoibh an bhóthair. Bhuail sé ag an doras,
tháinig an fear tíghe amach, agus d'iarr sé
lóistín air. "Tig liom sin do thabhairt duit
agus fáilte, acht tá brón orm nach bhfuil aon
ghreim aráin agam duit." "Tá neart aráin
agam féin," ar san mac rígh. Chuaidh sé as-
teach, fuair sgian, agus thoisigh ag gearradh
an bhuilín go raibh an bord líonta de phíosaibh
aráin agus fós bhí an builín chomh mór a's bhí
sé nuair thoisigh sé. Ann sin ghleusadar seire
dhó, agus nuair d'ith sé a sháith chuaidh sé 'nna
chodladh.



Nuair bhí sé 'g imtheacht air maidin, d'iar-
radar air i n-onóir do Dhia, an builín d'fhág-
bháil aca, agus d'fhág sé aca é. Anois bhí na
trí neithe imthighthe uaidh.



Shiúbhail sé an ceathramhadh lá go dtáinig
sé go h-abhainn mhóir, agus ní raibh aon tslíghe
aige le dul thairsi. Chuaidh sé air a ghlú-
naibh agus d'iarr air Dhia cobhair do chur
chuige. Faoi cheann leathmhóimid' chonnairc
sé an bhean áluin a chonnairc sé an lá a


L. 206


d'fhág sé teach na ceud-chaillighe. Nuair thái-
nig sí i ngar dó dubhairt sí, "A mhic Rígh
Chaisleáin Buidhe-shamhnaidh ar éirigh leat?"
"Fuair mé an nídh a bhí mé a' tóruigheacht,"
ar san mac rígh, "acht ní'l fhios agam cia an
chaoi a rachfaidh mé thar an abhainn seó." Thar-
raing sí amach méaracán agus dubhairt, "Is
olc an lá d'fheicfinn mac d'athar gan bhád.
Ann sin chaith sí an meuracán 'san abhainn
agus rinne bád breágh dhé.



"Téidh asteach 'sa' mbád sin anois, agus
nuair rachfaidh tu an taobh eile, béidh eich (each,
capall) rómhad le do thabhairt chomh fada leis
an g-cros-bhothar 'n áit a d'fhág tu do dhear-
bhráithreacha. Cuaidh an mac rígh asteach 'sa'
mbád, agus níor bhfad go raibh sé air an
taoibh eile, agus bhí eich (each) bán ann sin
roimhe. Chuaidh sé a' marcuigheacht agus d'im-
thigh an t-eich chomh tapa leis an ngaoith. Tim-
chioll an dó-deug a' chloig an lá sin, bhí sé
ag an g-cros-bhóthar. D'fheuch an mac rígh
thart, acht ní fhacaidh sé na dearbhráithreacha
ná aon chlochán, agus dubhairt sé leis féin
"b'éidir go bhfuil siad ag an teach-ósta."
Chuaidh sé go dtí an áit sin, agus fuair
Art agus Neart agus iad dá dtrian air
meisge.


L. 207


D'fhiafruigheadar dé cia an chaoi chuaidh sé
air aghaidh ó d'fhág sé iad. Fuair mé amach
tobar Deire-an-Domhain agus tá an buideul
uisge agam," ar Ceart.



Bhí Neart agus Art líonta d'eud, agus
dubhairt siad le chéile, "is mór an náire go
mbeidheadh an ríoghacht ag an mac is óige;
"marbhfamaoid é, agus bhéarfamaoid an
buideul uisge dom' athar," ar Neart, "agus
déurfamaoid gur sinn féin a chuaidh go tobar
Deire-an-Dómhain." "Ní'l mé leat ann sin,"
ar Art, "acht cuirfimíd air meisge é, agus
bainfimíd an buideul dé. Creidfidh m' athair
thusa agus mise sul chreidfidh sé ár ndear-
bhráthair, mar tá tuairm aige mach bhfhuil ann
acht leath-amadán.



Ann sin dubhairt sé le Ceart, "ó thárla
go dtáncamar abhaile slán sabhálta béidh
deoch againn seal má (sul) théidhmíd abhaile."
Ghlaodh siad air chárt biotáile agus chuirea-
dar iach (d'fhiachaibh) air Cheart an chuid is mó
dhé d' ól, agus thuit sé air meisge. Ann sin
bhaineadar an buideul uisge dhé, chuadar
abhaile, agus thugadar do'n rígh é. Chuir sé
braon air a chois, agus rinne sé í chomh maith
agus bhí sí ariamh.



Ann sin d'innis siad dó go raibh trioblóid


L. 208


mhór orra leis an mbuideul uisge d'fhághail,
gur b'éigin dóibh fathaigh do throid, agus do
dhul tré dhainseur mór. "An bhfacaidh sibh
Ceart air bhúr mbealach?" ar san rígh. "Ní
dheacaidh sé níos faide 'ná an teach-ósda ó
d'fhág sé só," ar siad-san, "agus tá sé
ann anois, dall air meisge." "Ní raibh aon
mhaith ann ariamh," ar san rígh, acht ní thig linn
a fhágbháil ann sin." Ann sin chuir sé seisear
fear go dtí an teach-ósda, agus d'iomchar
siad Ceart abhaile.



Nuair tháinig sé chuige féin, rinne an rígh
searbhfhóghanta dhé, a dhéunfadh uile obair shalach
timchioll an chaisleáin.



Nuair bhí lá agus bliadhain imthighthe, mhús-
gail bainríoghan thobair Deire-an-Domhain
agus na mná cóibhdeach', agus fuair an bhain-
ríoghan mac óg le na taoibh.



Bhí fearg mhór air an mbainríoghain, chuir
sí fios air an leómhan agus air an uill-
phéist, agus d'fhiafruigh sí creud do thárla
do'n iolar a d'fhág sí ag cúmhdach an Chais-
leáin.



"Caithfidh sí bheith marbh, no bheidheadh sí ann
so, nuair mhúsgail tu," ar siad.



"Tá mé sgriosta mé féin, agus na mná-
cóibhdeach' millte, ar san bhainríoghan agus


L. 209


ní stopfaidh mé go bhfágh' mé amach athair mo
mhic. Ann sin fuair sí a cóiste draoigheachta
agus dá eilit faoi. Bhí sí ag imtheacht go
dtáinig s go dtí an cheud theach a bhfuair an
mac rígh lóistín ann, agus d'fhiafruigh an
raibh aon strainséar ann go déighionach.
Dubhairt an fear tíghe, go raibh.



"Seadh !" ar san bhainríoghan, "agus d'fhág
sé cloidheamh an tsolais 'nna dhiaigh, is liom-
sa é, agus mur (muna) dtugaidh tu dham é
go tapa, cuirfidh mé an teach bonn-os-cionn.
Thugadar an cloidheamh dí, agus chuaidh sí air
aghaidh go dtáinig sí go dtí an dara theach
a bhfuair sé lóistín ann, agus d' fhiafruigh, an
raibh aon strainséar ann go déighionach. Du-
dhairt siad léithe go raibh. "Seadh!" ar sise,
"agus d'fhág sé builín 'nna dhiaigh; tabhair
dam é go tapa, leagfaidh mé an teach
orraibh." Thug siad dí an buideul, agus d'
imthigh sí go dtí an treas theach, agus d'
fhiafruigh an raibh aon strainséar ann go
déighionach. Dubhairt siad go raibh. "Seadh!"
ar sise, "agus d'fhág sé builín an aráin bhuain
'nna dhiaigh, is liom-sa é sin agus muna dtugaidh
sibh dam é go tapa marbhfaidh mé sibh uile."



Fuair sí an builín agus bhí ag imtheácht go
dtáinig sí go Caisleán Buidhe-shamhnaidh.


L. 210


Tharraing sí an cuaile-corraic, agus thai-
nig an rígh amach. "Bhfhuil aon mhac agad?"
ar san bhainríoghan. "Tá," an san rígh.
"Cuir amach ann só é, go bhfeicfidh mé é," ar
sise. Chuir an rígh Art amach, agus dh'fhiaf-
ruigh sí dhé "An raibh tu ag tobar Deire-an-
Domhain. "Bhídheas," ar Art. "An tu athair
mo mhic," ar sise. "Creidim gur mé," ar
Art. "Béidh fhios agam gan mhoill," ar sise.
Ann sin tharraing sí dá ribe as a ceann, chaith
anaghaidh an bhalla iad, agus do rinneadh
dréimire dhíobh a chuaidh suas go bárr an
chaisleáin. Ann sin dubhairt sí le h-Art,
"má bhí tu ag tobar Deire-an-Domhain, "tig
leat dul suas go bárr an dhréimire sin,"
chuaidh Art suas leath-bhealaigh; ann sin thuit
sé agus briseadh a choróg. "Ní raibh tusa ag
tobar Deire-an-Domhain," ar san bhainrío-
ghan. Ann sin d'fhiafruigh sí de'n rígh, "bhfhuil
aon mhac eile agad?" "Tá," ar san rígh.
"Tabhair amach é," ar san bhainríoghan. Thái-
nig Neart amach, agus d' fhiafruig sí dhé,
"an raibh tu ag tobar Deire-an-Domhain?"
"Bhídheas," ar Neart. "Má bhídhis, téidh suas
go bárr an dhréimire sin," ar san bhainrío-
ghan.



Thoisigh sé a' dul suas acht thuit sé agus


L. 211


bhris sé a chos. "Ní raibh tusa ag tobar
Deire-an-Domhain," ar san bhainríogan. Ann
sin d'fhiafruigh sí de'n rígh an raibh aon mhac
eile aige, agus dubhairt an rígh go raibh
"acht is leath-amadán é," ar seisean, "nár
fhág an baile ariamh." "Tabhair ann so é,"
ar san bhainríoghan. Nuair tháinig Ceart, d'
fhiafruigh sí dhé " an raibh tusa ag tobar Deire-
an-Domain?" "Bhídheas," ar Ceart, "agus
chonnairc mé thusa ann." Téidh suas go bárr
an dhréimire sin, ar san bhainríoghan. D'im-
thigh Ceart suas mar chat, agus nuair tháinig
sé anuas dubhairt sí, "Is tu an fear a bhí ag
tobar Deire-an-Domhain, agus is tu athair
mo mhic."



Ann sin d' innis Ceart an cleas a rinne
na dearbhráithreacha air, agus bhí an bhainrío-
gan dul iad do mharbhadh, gur iarr Ceart
párdún dóibh. Ann sin dubhairt an rígh go
mbeidheadh an ríoghacht ag Ceart.



"Má phósann sé mise, béidh ríoghacht aige
níos feárr 'ná iomlán Éireann," ar san bhain-
ríoghan. "Pósfad thu agus rachad leat go
tobar Deire-an-Domhain," ar Ceart.



Ann sin ghleus an t-athair é, agus chuir
slabhra óir faoi na mhuineul. Chuaidh sé asteach
sa' g-cóiste leis an mbainríoghain agus d'im-


L. 212


thigheadar go tobar Deire-an-Domhain. Chuir
na mná cóibhdeach' fáilte mór roimh an mac
rígh agus bhí gach aon aca ag iarraidh air
í do phósadh.



D'fhan sé ann sin bliadhain agus fiche, go
bhfuair an bhainríoghan bás, agus ann sin thug
sé a dha-dheug chlanna-mhac leis, agus tháinig
abhaile go Gaillimh. Phós gach aon aca bean,
agus is uatha tháinig dá-threibh-deug chondaé
na Gaillimhe.



CRÍOCH.


L. 232


So mo shiúbhal feadh oidhche, a Mhic Ui Cloidhne,
Adhbhar aitis, ádhbhar aitis,
leis ann g-corpán sidhe sin nach bhfághadh cead
síneadh,
Ameasg na marbh' ameasg na marbh.



Corp. Arduigh mo chorpán gan úrghárdas,
A's bheurfad mart duit, bheurfad mart duit.
Tomás. Dá ndeunfainn réighteach leat air an chuing sin,
Cá bhfuil an mart úd, cá bhfuil an mart úd,


L. 233


Corp. Seághan beag Bingam, Seághan óg Bingam
'S iad mo gealltamh, 's iad mo ghealltamh
Sgriobh mise ticeud air chorr-litribh
Go Beul-an-Asain, go Beul-an-Asain.



Geobhaidh tu cnocan faoi 'n charn-aoiligh,
Gruama glasa, gruama glasa,
A's tabhair leat féin é faoi d'asgail,
Mar lón astair, mar lon astair.



Tógbhadh an corpan air mhuin Thomáis
Annsna bealaigh', annsna bealaigh',
Tríd bóthairibh cúmhanga cruaidhe casta,
Le solas na gealaighe, le solas na gealaighe.



Budh fhada an ruaig go truagh go trasna,
Tré móintibh fliucha, tré móintibh fliucha,
Siar go lúgh-mhágh mór na mbráthair,
'S na dtuamba glasa, 's na dtuamba glasa



Corp. Geobhaidh tu spád air dheis do láimhe,
Air chúl an dorais, air chúl an dorais,
Buail preap láidir, preap nach fálta,
Annsan talamh, annsan talamh.



Fuair mé an spád air dheis mo láimhe
Air chúl an dorais, air chúl an dorais,
A's thug me preap láidir síos go tapa
Síos san talamh, síos san talamh.



(Tug me preap láidir síos go dána,
Annsan talamh annsan talamh),
Gur bhris mé cnámh láirge an bhodaigh Ghallda
Do bhí 'na chodladh, do bhí 'na chodladh.


L. 234


Míle fuilelú, ar san Trúipeir,



Ar Máire ní Raghailligh, bean Lord Guido,
Fág an bealach fág a bealach.



Corp. Oró a Thomáis, och och ó,
Ná fág annso mé, ná fág annso mé,
Oír tá mac gar-mháthar dam, 'san Chreagan
Is ann sin 's cóir m'adhlachadh, 's ann sin 's
cóir m'adhlacadh



Tógbhadh an corpán air mhuin Thomáis,
Annsna beallaigh', annsna bealaigh',
Tríd bóthairibh cúmhanga, cruaidhe, casta,
Le solas na gealaighe, le solas na gealaighe.



Dul síos le rása, a's mé neamh-sasta,
Cum an Chreagain, chum an Chreagain,
Fuair mé spád air dheis mo láimhe,
Air chúl an dorais, air chúl an dorais



(Fuair mé an spád air dheis mo láimhe,
Air chúl an dorais, air chúl an dorais,
A's bhuail mé dhá throm-phreap go láidir
Síos gan tiobadh, sios gan tiobadh.



Gur bhris mé cnámh gailleich Watson Harford
A bhí faoi 'n talamh, a bhí faoi 'n talamh
Hububú, ar san gaba dubh


L. 235


Corp. Oró o Thomáis ' och och ó
Ná fág ann so mé, ná fág ann so mé,
Oir tá mac dearbhrathar m'athar dam shíos i
nDoire
'S ann sin 's cóir m'adhlacadh, 's is ann sin 's
cóir m'adhlacadh.



Tógbhadh an corpán air mhuin Thomáis,
Annsna beallaigh', mar bhí roimhe,
Ag dul go fálta, tréithlag, ráidhte,
Síos go Doire, síos go Doire,



Air theacht do'n áit sin, dam, go fágtha,
A's mé gan mheisneach, a's mé gan mheisneach,
Bhí na geataidh spárrtha rómham go láidir,
As thug me preap dóibh, thug me preap dóibh.



Ar maor na h-áite ag éirighe anairde
Ann aiseudach ann aiseudach,



D'éirigh cnámha 's comhradha anáirde
As an talamh, as an talamh,
S do shuidh gan spás, i bhfioch gan tlás,
Air mhaol an bhalla, air mhaol an bhalla.



Ceud fuilelú, ar gach aon díobh,



Tomás. Ní'l acht aon de bhúr g-cáirdibh do dhul chum báis,
'Sé seó a Róimh adhlacaidh, 's é seó a Róimh
adhlacaidh.


L. 236


Tá a ghaol san áit, is maith atá,
As bíodh sé agaibh, bíodh sé agaibh,



Tomás. Ní'l fhios agam féin cá treibh an leice,
Air dhruim na beatha air dhruim na beatha,
Acht tá preap a's éighann, a's labharaidh leisean
As fiafruigh dhé-sean, fiafruigh dhé-sean.



D'árduigheadh an corpán air mhuin Thomáis,
Comh caol le gada, chomh caol le gada,
Go dtug sé an sgríp sin go Teampoll Démuis.
Agus fuair sé glas air, fuair sé glas air.



Corp. Cuartaigh an eochair air chúl an dorais,
No air an mballa, no air an mballa'
uairt sé a's fuair, a's d'fhosgail an doras,
Go ciúin fairsing, ciúin fairsing.



Corp. Oró Thomáis, óró a Thomáis,
Cuir mé feasta, cuir mé feasta,
Sin thall an spád anaghaidh do láimhe,
A's preap an talamh, preap an talamh.



Ghlac sé an spád ann a láimh
Agus phreap sé an talamh, phreap sé an talamh
Gur bhris sé cnámha sean-bhodaigh Gallda
Bhí ann le fada, bhí ann le fada.


L. 237


Ar an fear sin, ar an fear sin,
Ar san Smiler, an bhean a bhí ag Simon,



Cá raibh sé féin, 's cá chaith sé a shaoghal
Nach bhfuair sé leabuidh, nach bhfuair se leabuidh?
Tomás. Sin é do láthair bhfhuil fios is feárr aige
Ní'l fhios agam, ní'l fhios agam.



D'éirigh Fídhni, agus ghlac sé snaoisin,
Agus rug sé air bata, rug sé air bata,
Agus bhíomar a' rúsgadh air fud an urláir,
Go dtí an mhaidin, go dtí an mhaidin.



D'árduigheadh an corpán air mhuin Thomáis
Comh caol le gada, chomh caol le gada,
Tugadh é síos, a's tugadh é 'níos.
Agus é teannta, agus é teannta.



Go Carraig-fhad-mhic-fheórais, go Teampoll-
Ronáin
'S go h-Imleóg-Fada, (go h-Imleóg-fada),
Acht i g-Cill-Bríghde, (tar éis an sgríp sin)
Do cuireadh an corpán (cuiread an corpán).



CLOCH A'S CRANN AIR
A'S DROCH-RÁTH AIR!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services