Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Irisleabhar na Gaedhilge.
Title
Irisleabhar na Gaedhilge.
Author(s)
Comyn, David (Dáithí Coimín),
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
IRISLEABHAR NA GAEDHILGE. RABHADH: Caithfidh sinn déanadh ár leithsgéil do léightheoiribh an Irisleabhair so, air son neitheadh éigin do cuireadh ann, i d-tráchta no dó, in a raibh baramhla agus stártha air n-a g-cur amach, noch do chuaidh tar an adhbhar d'ár cuireadh air bun ár n-Irisleabhar. Ní raibh intinn againn no aig aon úghdar ins an Irisleabhar, cúis oilbhéime do thabhairt do dhuine air bith: ní shaoileann sinn gur smuain aoinneach gur ab é ár n-intinn nidh de'n chineul so a dhéanadh; ní dóigh linn gur shaoil aon duine go g-cuirfimís asteach go toilteanach nidh air bith do thabharfadh pian do Ghall no do Ghaedheal. Acht, air an am ceudna, is léir linn, iar n-aithléigheadh scríbhinn cinnte noch do chuireamar amach, go raibh i g-cuid aca neithe a bhaineas le Creideamh no le Cráibhtheacht, agus stártha air ghníomhartaibh tír-ghnóthacha an ama chuaidh tharrainn, no air neithibh a bhaineas le Riaghail na Tíre ins an am sin, agus b'fhéidir fós ins an am a tá láithreach: agus go bh-fuil il-iomad de bharamhlaibh air na ceisteannaibh so aig deagh-dhaoinibh de gach muintir fá leith in Éirinn féin, agus aig fíor-cháirdibh na h-oibre a tá againn i láimh. Uime sin, sirimíd cead le rádh, go m-beidh faire agus curam níos feárr againn, ionnos nach m-beidh aon chúis le rádh go n-deachamar as ár slighe. Acht ní chuirfimíd stad no bac air aon obair thráchtas air na neithibh so, cho fad a's nach bh-fuil baramhail innte air phoncaibh iontagartha,agusgo bh-fuil an sgeul inniste, no an cleachtadh aithriste, gan moladh, gan cáineadh. Déanfamaoid ár n-díthchioll le déanadh an Irisleabhair so bheith taithneamhach le gach Éireannach, uasal no ísiol, saidhbhir no daidhbhir; agus gan aon iomarbhaidh a bheith ann acht, i nós cáirdeamhail, uim ceisteannaibh á bhaineas leis an teangain, no le h-obair Aondachta na Gaedhilge. Aig an uimhir dhéigheanaigh, do bhí cuid mhór mhaith ins an nGaedhilig: ins an uimhir so, tá cuid ro-bheag, acht ins an uimhir a tá le teacht beidh Gaedhilig go leor. Dob' éigin dúinn áit d'fhághail ins an uimhir so do roinn curtha fá leith aig “Breathnuighthibh agus Ceistean- naibh;” agus do litreachaibh agus scríbhinnibh inmheasta, noc do chongbhaigh sinn air g-cúl air feadh míosa no dó; agus do neithibh eile: óir gidh go raibh na neithe so scríobhtha i Sacs- bheurla, budh chóir a g-cur in Irisleabhar na Gaedhilge. Acht cheana, tabharfamaoid aire, leis an g-cuid Ghaedhilge do mheudughadh i nós éigin, óir tá scríbhinne go leor againn, agus, mar an g-ceudna, tá scríobhadóra clúmhara cumusacha, air a bh-fuil mian congnadh do thabhairt do'n obair. Tuille fós, is éigin dúinn congbháil áir g-cúl an mhí so an chuid ghnáthach de “Bheatha Sheághain Mhic Héil,” de na “Cóimhráidhtibh Deighbheusacha,” de na “h-Amharcaibh Dealbh- chluthacha,” de na “Fógharaibh agus Litreachaibh,” agus mórán de scríbhinnibh eile. Acht, le
congnadh Dé, beidh am agus faill go leor aig an Irisleabhar ins na h-uimhreachaibh a tá le teacht, leoirghníomh a dhéanadh air gach uile sleamhnughadh, agus iarracht a thabhairt le seachaint chó maith a's is féidir an neamh- iomláine agus na locht a leanas gach obair dhaonda, gidh nach féidir bheith saor uatha go léir. Fear-eagair Irisleabhair na Gaedhilge.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services