IRISLEABHAR NA GAEDHILGE.
  
RABHADH: Caithfidh sinn déanadh ár leithsgéil
do léightheoiribh an Irisleabhair so, air son
neitheadh éigin do cuireadh ann, i d-tráchta
no dó, in a raibh baramhla agus stártha air 
n-a g-cur amach, noch do chuaidh tar an adhbhar
d'ár cuireadh air bun ár n-Irisleabhar.  Ní
raibh intinn againn no aig aon úghdar ins
an Irisleabhar, cúis oilbhéime do thabhairt do
dhuine air bith: ní shaoileann sinn gur smuain
aoinneach gur ab é ár n-intinn nidh de'n
chineul so a dhéanadh; ní dóigh linn gur shaoil
aon duine go g-cuirfimís asteach go
toilteanach nidh air bith do thabharfadh pian do
Ghall no do Ghaedheal.  Acht, air an am
ceudna, is léir linn, iar n-aithléigheadh
scríbhinn cinnte noch do chuireamar amach, go
raibh i g-cuid aca neithe a bhaineas le
Creideamh no le Cráibhtheacht, agus stártha
air ghníomhartaibh tír-ghnóthacha an ama chuaidh
tharrainn, no air neithibh a bhaineas le Riaghail
na Tíre ins an am sin, agus b'fhéidir fós 
ins an am a tá láithreach: agus go bh-fuil
il-iomad de bharamhlaibh air na ceisteannaibh 
so aig deagh-dhaoinibh de gach muintir fá leith 
in Éirinn féin, agus aig fíor-cháirdibh na 
h-oibre a tá againn i láimh.
Uime sin, sirimíd cead le rádh, go 
m-beidh faire agus curam níos feárr againn, 
ionnos nach m-beidh aon chúis le rádh go 
n-deachamar as ár slighe.  Acht ní chuirfimíd 
stad no bac air aon obair thráchtas air na 
neithibh so, cho fad a's nach bh-fuil baramhail
innte air phoncaibh iontagartha,agusgo bh-fuil
an sgeul inniste, no an cleachtadh aithriste,
gan moladh, gan cáineadh.  Déanfamaoid ár
n-díthchioll le déanadh an Irisleabhair so
bheith taithneamhach le gach Éireannach, uasal
no ísiol, saidhbhir no daidhbhir; agus gan aon
iomarbhaidh a bheith ann acht, i nós cáirdeamhail,
uim ceisteannaibh á bhaineas leis an teangain,
no le h-obair Aondachta na Gaedhilge.
Aig an uimhir dhéigheanaigh, do bhí cuid mhór 
mhaith ins an nGaedhilig: ins an uimhir so, tá
cuid ro-bheag, acht ins an uimhir a tá le teacht
beidh Gaedhilig go leor.  Dob' éigin dúinn
áit d'fhághail ins an uimhir so do roinn curtha
fá leith aig “Breathnuighthibh agus Ceistean-
naibh;” agus do litreachaibh agus scríbhinnibh
inmheasta, noc do chongbhaigh sinn air g-cúl
air feadh míosa no dó; agus do neithibh eile:
óir gidh go raibh na neithe so scríobhtha i Sacs-
bheurla, budh chóir a g-cur in Irisleabhar na
Gaedhilge.  Acht cheana, tabharfamaoid aire,
leis an g-cuid Ghaedhilge do mheudughadh i nós
éigin, óir tá scríbhinne go leor againn, agus,
mar an g-ceudna, tá scríobhadóra clúmhara
cumusacha, air a bh-fuil mian congnadh do
thabhairt do'n obair.
Tuille fós, is éigin dúinn congbháil áir
g-cúl an mhí so an chuid ghnáthach de “Bheatha
Sheághain Mhic Héil,” de na “Cóimhráidhtibh
Deighbheusacha,” de na “h-Amharcaibh Dealbh- 
chluthacha,” de na “Fógharaibh agus Litreachaibh,”
agus mórán de scríbhinnibh eile.  Acht, le
 
congnadh Dé, beidh am agus faill go leor 
aig an Irisleabhar ins na h-uimhreachaibh a
tá le teacht, leoirghníomh a dhéanadh air gach
uile sleamhnughadh, agus iarracht a thabhairt le
seachaint chó maith a's is féidir an neamh-
iomláine agus na locht a leanas gach obair
dhaonda, gidh nach féidir bheith saor uatha go
léir.
     
Fear-eagair Irisleabhair na Gaedhilge.