Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 4.
Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 4.
Author(s)
Ua Caoimh, An tAthair Pádraic,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 4. Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic Ua Caoimh, ó ard-fhairce Caisil: agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion. Do'n Oilbhéim, no an Scannail. Is mairg d'on duine tré a d-tigeann an oilbhéim. (Naomh Mátha XVIII., 7.) Do chruthuigh Dia anam an duine in a chos- amhlacht agus in 'a iomháigh féin. Is ionmhuin le h-Iosa Criost, Mac Dé, ár n-anmanna, Do cheannuigh Sé iad le mór-luach fola a chroidhe féin. Ní thig le h-aon teangain, fad, agus leathad, agus doimhne grádha Íosa d'anmannaibh na n-daoineadh d'innsin: atá a chroidhe 'na theine air lasadh le grádh d'ár n-anmannaibh. Do thuirling se air talamh chum teine d'adhnadh, agus dar n-dóigh ní'l uaidh acht í d'fheicsin air lasadh. Tré ghrádh anam do chuir se anuas an Spiorad Naomh, an Cómhfhortuightheoir,do tháinig i riocht Teang- an Teineadh air na h-Apstolaibh. Ó'n uile shaoghal do bhí grádh aig Trí Pearsannaibh na Tríonoide Naomhtha d'anmannaibh na n- daoineadh; aig Dia an t-Athair, aig Dia an Mac, agus aig Dia an Spiorad Naomh. Do bhí grádh gan cuimse aca dhóibh. Do chuireadar air bun riaghlacha eagnuidhe chum a slánuighthe: agus d'ullmhuigheadar ríoghachta, agus aoibh- neas agus glóire dhóibh i bh-flaitheamhnas. Acht déanann an oilbhéim an t-Athair Síor- uidhe do chreach de na h-anmannaibh do chruth- uigh Se in a mór-ghrádh dhóibh, goideann si ó Íosa Críost na h-anmanna d'fhuasgail Se le mór-luach a choda fola, agus cuireann si toirmeasg mór air obair an Spioraid Naoimh — 'se sin na daoine do shlánughadh. Is é chialluigheas an oilbhéim (no scannail) aon bhriathar, gníomh, no faillighe, a measfaidhe a bheith 'na pheacadh agus do bhéarfadh siocair no cúis peacaidh d'ár g-cómhursain. Nuair déanann sibh, no deir sibh, aon nidh chum duine eile do tharruing i b-peacadh, tugann sibh an oilbhéim go díreach uaibh; agus tugann sibh an oilbheim go neimhdhíreach le h-aon nidh do rádh no do dhéanadh budh dhóigh libh a bhéarfadh cúis peacaidh do dhuine eile, acht gan aon inntinn ná aon fhonn é do tharruing chum an pheacaidh. Acht b'é aca go díreach no go neimh- dhíreach tugthar an oilbhéim, in aon nidh mór, is peacadh marbhthach í, do bhrigh go bh-fuil si in aghaidh inntinne Dé, go milleann si áilleacht iomháighe Dé 'san anam, go n-dúnann si dorus na bh-flaitheas i g-coinne an anama, agus go d-teilgeann si ceann air aghaidh go h-ifri- onn é. Is sagart le h-Íosa Críost mise, is teachtaire me ó'n Righ aig a bh-fuil mór- ghrádh do bhur n-anmannaibh; is éigin dam cúntus do thabhairt am, mhaoirseacht: d'á bhrigh sin, cuireann mo dhualgus agus mo ghrádh dhíbh-se d'fhiachaibh orm labhairt libh, air an ngnódh mór so, i g-caint shoilleir shimplidhe, agus atá súil le Dia agam go m-beidh a bheannacht air mo bhriathraibh ag dul isteach in bhur g-croidhthibh. Atá rún daingean agam le congnadh Dé mo dhíthchioll do dhéanadh chum cosg do chur air urchóid na h-oilbhéime. An nidh nach féidir leis an diabhal do dhéanadh é féin, faghaidh se déanta dhó é leis an oilbhéim. Dá bh-feicfidhe an droch- spiorad 'na chruth féin, theithfeadh na daoine go h-uile uaidh, tá se chomh fuathmhar chomh gráineamhail sin. D'á bhrigh sin, tá a chuid maor agus feadhmanach aig an namhaid so i ngach cathair agus baile mór, i ngach contae agus tír do'n domhan: atá daoine i ngach áit aige do thugann oilbhéim d'á g-cómhur- sain; daoine a deir no a dhéanann droch-nidh éigin, no nidh éigin a bh-fuil amhrus gur ab
droch-rod é, agus leis an nidh so do rádh no do dhéanadh, tugaidh siad a g-cómhursa chum tuithim i b-peacadh. Acht orra so uile d'fhógair Dia leun agus mallacht: “Mairg air an té tré a d-tigeann an oilbhéim: dob' fheárr dó cloch muilinn do bheith crochta fa n-a mhuineul, agus é do theilgean i n-doimhnibh na fairge.” (Naomh Mátha, XVIII. 6.) B'fhéidir le fear na h-oilbhéime a bheith soi-chreidte, agus deighmheasta i súilibh na n-daoineadh, acht i radharc Dé ní'l ann acht faol-chú i g- croiceann caorach. Tugann gach eagar agus céim daoineadh an oilbhéim uatha, agus tugaidh siad uatha í i mó- rán de shlightibh. Tugthar an oilbhéim le bria- thraibh dhá-chiallacha, le caint drochiomchartha, le mallachtaibh, easgaine, dia-aithis, no droch- shompla, go h-áirighthe ó aithreachaibh agus ó mháithreachaibh, agus uatha so eile air a bh- fuil se d'fhiachaibh deagh-shompla do thaisbeán- adh. Tugthar an oilbheim le meisge, agus le peacaidhibh a déantar tré mheisge — peac- aidhibh nach féidir iad d'áireamh ná trácht amháin orra, tá siad chomh iomadamhuil, chomh gráineamhail sin. Uch, nár' chritheaglach an sgread í súd do tháinig ó'n g-croich beagán aimsire ó shoin, nuair do bhí an meisgeoir d'á chur chum báis mar gheall air mharbhadh a bhainchéile. Air a ghlúinibh, agus a lámha le chéile, dúbhairt se le fear-ionaid Dé, do bhí ag feitheamh air: “A athair, atá aon ath- chuinge amháin uaim ort sul d'fhágfaidh me an saoghal, agus is í m'athchuinge dhéigheanach í: nuair bheidh miseair an saoghal eile, sgríobhadh chum Cóimhthionóil na Measardhachta, agus iarraidh orra dul air aghaidh le n-a n-deagh- obair, agus go g-cuiridh Dia bail air an obair úd.” A bhráithre mo chroidhe, is iomdha duine lag do thuiteann i g-cathughadh, agus a gheibheann oilbhéim tré n-a g-cómhursa d'fheicsin ag déanadh tathuighe de'n mheisge. Ciannos is féidir dóibh dul as? Ciannos is féidir d'aon duine súil do bheith aige le coimirc áirighthe d'fhághail ó Dhia, dó féin no do'n droing a tá ag aithris air, nuair théidhid siad gan aon riachtanas 'san m-bealach in a m-bidheann baoghal orra tuitim i b-peacadh. An té in a bh-fuil fíor-ghrádh Críostamh- ail, déanfaidh se é féin do dhearmad air uairibh, agus tuigfidh se gur ab oireamhnach dhó neithe dlightheacha féin do léigean dé. “Atá na h-uile neithe ceaduightheach dam-sa, acht ní bh-fuil na h-uile neithe oireamhnach,” deir Naomh Pól (I Cor. VI. 12). Adúbhairt se go stadfadh se d'ithe feola dá m-beidheadh so 'na chúis oilbhéime d'á bhráthair eagcruaidh. “Uime sin,” deir se, “má thugann an fheoil cúis peacaidh dom' bhráthair, ní íosfaidh me aon fheoil choidhche air eagla go d-tabharfainn cúis peacaidh dom' bhráthair' (1 Cor. VIII. 13). Agus dúbhairt se mar an g-ceudna i d-taoibh “an óil.” Air an adhbhar sin, is cóir do'n té ólann go measardha aire thabhairt dó fein chomh maith leis an meisgeoir, air eagla go n-déanfadh an beagán d'ólann se an bráth- air eagcruaidh do thabhairt chum óil, agus mar so go d-tiocfadh an beagán so féin chum a bheith 'na chúis tuisle agus 'na oilbhéim. An bh-fuil an t-slighe so agaibh-se deagh-shom p- lach do na bráithribh eagcruaidhe, no an bh- fuil se an iomarca é d-iarraidh orraibh stad de'n m-beagán óil do dhéanann sibh. Ní'l aon riachtanas agaibh leis, tá se contabhairt- each, agus b'fhéidir dó a bheith 'na chúis báis aig anam éigin d'ár' fhulaing Críost tart sgolta agus bás air a shon. “Uime sin, ná tuga- maois breith air a chéile níos mó ; acht in áit sin, tugaidh an bhreith so: nach g-cuirfidh sibh crann tuisle ná oilbhéim i slighe bhur m-bráthar.” (Róm. xiv. 13.) Níor chóir dúinn ár m-bráithre do chur i g-contabhairt, óir nach sinn a lucht choimeáda? Eistídh le h-Áirdeasbogaibh agus le h-Eas- bogaibh na h-Éireann, cruinnighthe i g-cómha- irle thíoramhail aig Magh-Nuadhat; deir siad: — “Is le mór-phian, agus ag gul air nós na n-Apstol, a deirimíd go b-fuil an droch-chleachtadh gráineamhail, an mheisge, ag déanadh eirligh i measg ár n-daoineadh, ag milleadh oibre an chreidimh 'na n-anmannaibh, agus, in aimhdeoin a mór-shubhailce anma agus coirp, ag deanadh námhad de chrois
Chríost díobh, gur b'é ‘a g-críoch a bheith sgri- osta, gur b'é a n-Dia a m-bolg, agus gur náire is glóire dhóibh.’ (Phil. 3. 19.) A bhráithre, nach é an dearg-náire i n-dúithche Chatoilicigh mar tá againne, go m-beidheadh in ár measg an oiread sin de dhaoinibh' na sglabhuighthibh aig an phóit, do thugann suas go gnáthach do chraos brúideamhail an óil, ní h-é amháin a g-ciall, acht fós a g-clú, a n-onóir, a g-clann, a maoin, a sláinte, a saoghal, a n-anmanna, agus Dia féin? … Impidmíd air gach n-aon lér' mian onóir Dé agus slánughadh anam na n-daoineadh, a bheith líonta le naomh-dhúth- racht. Deirimíd go bh-fuil se ceangailte air aithreachaibh, air mháithreachaibh, agus orra so a bh-fuil lucht oibre aca, deagh-shompla na measardhachta do thabhairt do'n droing tá fútha, agus a bheith aireach, air eagla, tré n-a neamh-shuim. go bh-faghadh siad so a tá faoi n-a g-cúram tathuighe air chraos-ól … Bheirimíd ó chroidhe, ár m-beannacht dóibh so go léir, lucht eaglaise agus daoine eile, do thugann le spiorad na h-Eaglaise, a n-aim- sir agus a saothar ag cur cúise na measar- dhachta chum cinn.” Is cóir dam fós a rádh gur bheannuigh an Pápa óirdhearc, an naomhadh Pius, gnó na measardhachta, agus gach duine do thugann congnadh in aon t-slige chum é do chur chum cinn. Is é an t-ól an gleus is cúmhachtaighe d'á bh-fuil aig an diabhal 'san aois so chum áruis do chreach, buidhne gaoil do sgaradh ó chéile, baintreabacha agus díleachta do dhéanadh, céad míle duine do chur gach bliadhain 'san uaigh faoi tharcuisne, carcair do líonadh, tighthe eile do líonadh le bochtaibh agus le daoinibh as a g-céill, daoine eile a dhíbirt as an dúithche, agus sluaighte gan aireamh do theilgean go teine shíoruidhe de na h-anman- naibh do cheannuigh Íosa le n-a bhás. Is oilbhéim bheith ag magadh faoi dhaoinibh cráibhtheacha diadha; no a bheith ag aithris sgeul, ag déanadh buaidheartha idir chómhursanaibh a tá i síothcháin le chéile. “Deanfaidh an sgeul- adóir a anam féin do thruailliughadh agus beidh fuath aig an uile dhuine air.” (Ecclus, XXI. 31.) An duine doiriartha do dhéanann go h-osguilte neamhshuim d'aitheantaibh na h- Eaglaise, tugann se oilbhéim uaidh. Tugtar scannail le droch-mheas, ceann-dánacht, na- mhadas, no easúmhlacht do thaisbeánadh d'aith- ribh, do mháithribh, no d'uachtaránaibh. Tugthar an oilbhéim le briatraibh maslacha agus le diultadh maitheamhnas d'iarraidh orra so d'á d-tugamar droch-mheas. An té a tá ro-thugtha do'n t-saoghal, no a tá uallach, no a mheasann é féin do bheith déanta de chré níos feárr ioná daoine eile, agus tré aon chúis díobh so, no tré aon chúis suaraigh shaoghalta eile, do dhéanann faillighe de'n Chorp Naomhtha do ghlacadh, uair 'san m-bliadhain an chuid is lúgha dhé, in a paráisde féin agus ó n-a shagart féin, tugann an duine so an oilbhéim uaidh. An té a scríobhas nó a scaipeas droch- pháipéir, droch-irisleabhra, droch-leabhra, droch-fhaoinsgeulta, tugann se an oilbhéim uaidh. Monuar, is mór an chúis gola an dhíoghbháil do dhéanann droch-leabhra 'san aimsir so, do chreideamh agus do dheighbheusaib. Monuar, cá liacht anam neimhchionntach ag tuitim i d-tinneas agus ag fághail báis de dheasgaibh anál nimheamhail na naithreach do shughadh isteach as duilleogaibh droch-leabhar. Is geata de cheithre príomh-gheataidhibh ifrinn droch-leabhra; fuath, éagcóir agus neamhghlaine na trí dóirse eile. Solus mealltach droch- leabhar a dhallas an intleacht ins na neithibh a bhaineas le Dia. Namhaid is eadh é faoi aghaidh fidil. Nathair nimhe cluaineach é a dhéanfas sibh a mharbadh gan amhrus má léig- thear isteach in bhur d-tigh é. Is corn órdha é, lán de ghráineamhlacht. Is droch-chompánach droch-leabhar, agus is é an droch-chompánách an té tré n-a d-tigeann an oilbhéim. Dob' fheárr duit do shúil dheas do bhuaint asat ioná í do thabhairt na h-oilbhéime dhuit ag léigheadh droch-leabhair: dob' fheárr duit do dheas-lámh do ghearradh dhíot, ioná í do thabhairt na h-oilbhéime dhuit le droch-leabhar do ghlacadh, no do thabhairt air iasacht, no do dhíol, no do leathnughadh. “Is mairg do'n duine tré a d-tigeann an oilbhéim; dob' fheárr dó
cloch muilinn a bheith crochta faoi n-a mhuineal, agus go d-teilgfidhe i n-doimhnibh na fairge é,” ioná an oilbhéim a thabhairt d'aon de'n mhuintir bhig a bh-fuair Críost bás air a son. Atá cómhartha áirighthe air an oilbhéim, a dhéanas uathbhásach í le h-amharc uirre. Is é sin an usacht le a d-tugthar cúis peacaidh, agus an deacracht cúiteamh do dhéanadh innte. Má thóg tu maoin no sealbh do chómhursan go h-éagcórach, dob' fhéidir go m-beidheadh se air do chumus leoirghníomh éigin do dhéanadh, acht má theilg tu leis an oilbhéim anam síoruidhe go h-ifrionn, ciannos do thabharfaidh tu sásamh ann? Go deimhin, a bhráithre, ní feídir aon leoirghníomh do dhéanadh, óir ní'l aon fhuasgladh as ifrionn. Má thugann tu oilbhéim do dhuine, cuireann tu tinneas tógbhalach air, agus déanfaidh se sin gach n-aon le a m-bainfidh se air feadh a shaoghail tinn leis an aicíd cheudna; agus déanfaidh gach n-duine aca so gach n-duine d'á d-tiocfaidh in a líon do ghalrughadh; agus mar sin go críoch: agus fá dheoigh, beidh tusa freagarthach 'san iomlán! Beidh tu freagar- thach i ngach uile pheacadh do righneadh trés an oilbéim sin do thug tu uait. Maireann peacadh na h-oilbhéime agus síolruigheann se 'san t-saoghal i bh-fad tar éis an neamh-aithrigheach sgannalach do dhul go h-ifrionn. Maireann se i n-droch-leabh- raibh, i n-droch-dhealbhaibh, i n-droch-bhriathraibh, agus i n-droch-shompla. Cia lé'r féidir a rádh cá fad do bheidh an droch-shompla ag dul ó ghlún go glún diaigh i n-diaigh. Cia, air an adhbhar sin, lé'r féidir aireamh do dhéanadh air pheacaidhibh na h-oilbhéime, peacaidhibh fosguilte agus foluighthe, do bhéarfar 'n-ár n-aghaid lá an bhreitheamhnais. Truailligheann beirt óg a chéile i d-tosach a saoghail; sgaraid le chéile; tigeann an saoghal eadarra; agus castar le chéile arís iad aig Cathaoir-breithe- amhnais Dé. Och, mo thruagh! Iad ag gearán air a chéile, agus ag sgreadadh go h-árd, agus gach n-aon aca ag iarraidh an duine eile do dhaoradh. Nuair do dortadh fuil Abel air an talamh d'éigh si amach go neamh ag iarraidh díoghaltais air Cháin. Mo thruagh! Anam an té fuair an oilbhéim ag sgreadadh le fóghar na tóirnighe ag casaoid air an té thug an oilbhéim dó. Agus b'fhéidir go bh-fuil anois in ifrionn duine éigin ag sgreadadh, ag iarraidh díoghal- tais air neach éigin againne, do thug an oilbhéim dó a chuir go tigh na b-pian é. An té tá gan cionnta beireadh se buidheachus le Dia air son a neimhchionntais, agus ins an am ceudna “tugadh se aire air eagla go d-tuitfeadh se.” (I Cor. X, 12.) Anois chidhtear gur ab peacadh mór an oilbhéim so; go marbhann si anam ár g-chomh- ursan, nidh is mórluaighe ioná a chorp; gur ab gnáth pheacadh í agus peacadh is furus a dhéanadh, acht gur ab deacair sásamh do thabhairt innte; go bh-fuil si in aghaidh Dé an Athar, an Mhic, agus an Spioraid Naoimh; go g-cuire- ann si toirmeasg air an obair a tá air bun aig an Eaglais chum anmanna na n-daoineadh do shlánughadh. Is fios dúinn go d-tugann an oilbheim anuas air na daoinibh an leun a ta bagartha air an droing do thugann cúis peacaidh uatha, agus go bh-fuaduigheann si ó Íosa Críost an nidh is annsa leis ioná anam féin. Bidheadh, air an adhbhar sin, uathbhás orrainn roimh an oilbhéim so, agus déanamaois rún daingean do ghlacadh, le congnadh Dé, gan a bheith cionntach ins an b-peacadh so go bráth arís. Má tá se de mhí-ádh air aon duine agaibh gur thug se cúis peacaidh d'á chómhursain, má mhothuigheann se gur goid se ó Íosa Críost aon anam amháin, no níos mó de na h-anmannaibh do cheannuigh se dhó feín air an g-crois; air a shon sin, ná tuiteadh se in éadothchas: atá maitheamhnas le fághail aig fear na h-oilbhéime féin, má bhidheann fíor-dhoilghíos air, agus dul chum faoisdine. “Mar mhairim,” ar an Tighearna, “ní h-áil liom bás an chionntaigh, acht go bh-fillfeadh an cionntach ó n-a shlighe agus go mairfeadh se.” (Esech. XXXIII. II.) Tá trócaire Dé ós cionn a obair uile. “An drong d'á maithfidh sibh a b-peacaidh a táid siad maithte dhóibh.” (Naomh Eoin, XX. 23.) “Do thainic se,
ní cum glaodhach go h-aithrighe air na fíreu- naibh, acht air na peacaighibh.” (N. Lucas. V. 32,) Is roimh an b-peacach tá an fáilte is mó. Tigídh, air an adhbhar sin, ná bidheadh eagla ná náire orraibh, géabhthar go cneasta libh. “Gidh go bh-fuil bhur b-peacaidh cho dearg le corcar déanfar iad geal mar an sneachta.” (Is. i. 18). Atá an fhuil luachmhar, a ghlanas ó'n uile pheacadh, ag sileadh fós dibh. Tigídh, air an adhbhar sin, deir Íosa, agus nighídh bhur n-anmanna in a baisdeadh glé-dhearg. Glan- faidh si gach smal peacaidh dhíbh. Déanfaidh si arís glan, geal, neimhchionntach sibh mar do bhidheabhar i ngeugaibh bur máthar tar éis baisdidh, nuair bhí Aingil Dé ag feuchain le gean orraibh, agus iad deimhneach go n- déanfadh sibh neithe móra lá éigin, agus deithneas aca leis an am in a nglacfar isteach go righeacht Dé sibh, mar a bh-feicfidh sibh gach radharc dá áille, mar a g-cluinnfidh sibh binn-ghuth na Maighdine cho milis le sár-cheol na bh-flaitheas, mar a bh-fuighidh sibh sealb air an righeacht a tá ullamh dhíbh ó thosach an domhain (N. Mátha. XXV. 34); mar a bh-feicfidh sibh an radharc seunmhar — Gnúis Dé — go bráth le saoghal na saoghal. Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services