CÓMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 4.
Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic
Ua Caoimh, ó ard-fhairce Caisil:
agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion.
Do'n Oilbhéim, no an Scannail.
Is mairg d'on duine tré a d-tigeann an
oilbhéim. (Naomh Mátha XVIII., 7.)
Do chruthuigh Dia anam an duine in a chos-
amhlacht agus in 'a iomháigh féin. Is ionmhuin
le h-Iosa Criost, Mac Dé, ár n-anmanna,
Do cheannuigh Sé iad le mór-luach fola a
chroidhe féin. Ní thig le h-aon teangain, fad,
agus leathad, agus doimhne grádha Íosa
d'anmannaibh na n-daoineadh d'innsin: atá
a chroidhe 'na theine air lasadh le grádh d'ár
n-anmannaibh. Do thuirling se air talamh
chum teine d'adhnadh, agus dar n-dóigh ní'l
uaidh acht í d'fheicsin air lasadh. Tré ghrádh
anam do chuir se anuas an Spiorad Naomh,
an Cómhfhortuightheoir,do tháinig i riocht Teang-
an Teineadh air na h-Apstolaibh. Ó'n uile
shaoghal do bhí grádh aig Trí Pearsannaibh na
Tríonoide Naomhtha d'anmannaibh na n-
daoineadh; aig Dia an t-Athair, aig Dia an
Mac, agus aig Dia an Spiorad Naomh. Do
bhí grádh gan cuimse aca dhóibh. Do chuireadar
air bun riaghlacha eagnuidhe chum a slánuighthe:
agus d'ullmhuigheadar ríoghachta, agus aoibh-
neas agus glóire dhóibh i bh-flaitheamhnas.
Acht déanann an oilbhéim an t-Athair Síor-
uidhe do chreach de na h-anmannaibh do chruth-
uigh Se in a mór-ghrádh dhóibh, goideann si ó
Íosa Críost na h-anmanna d'fhuasgail Se le
mór-luach a choda fola, agus cuireann si
toirmeasg mór air obair an Spioraid Naoimh
— 'se sin na daoine do shlánughadh.
Is é chialluigheas an oilbhéim (no scannail)
aon bhriathar, gníomh, no faillighe, a measfaidhe
a bheith 'na pheacadh agus do bhéarfadh siocair
no cúis peacaidh d'ár g-cómhursain. Nuair
déanann sibh, no deir sibh, aon nidh chum duine
eile do tharruing i b-peacadh, tugann sibh an
oilbhéim go díreach uaibh; agus tugann sibh
an oilbheim go neimhdhíreach le h-aon nidh do
rádh no do dhéanadh budh dhóigh libh a bhéarfadh
cúis peacaidh do dhuine eile, acht gan aon
inntinn ná aon fhonn é do tharruing chum an
pheacaidh. Acht b'é aca go díreach no go neimh-
dhíreach tugthar an oilbhéim, in aon nidh mór,
is peacadh marbhthach í, do bhrigh go bh-fuil si in
aghaidh inntinne Dé, go milleann si áilleacht
iomháighe Dé 'san anam, go n-dúnann si dorus
na bh-flaitheas i g-coinne an anama, agus go
d-teilgeann si ceann air aghaidh go h-ifri-
onn é. Is sagart le h-Íosa Críost mise,
is teachtaire me ó'n Righ aig a bh-fuil mór-
ghrádh do bhur n-anmannaibh; is éigin dam
cúntus do thabhairt am, mhaoirseacht: d'á bhrigh
sin, cuireann mo dhualgus agus mo ghrádh
dhíbh-se d'fhiachaibh orm labhairt libh, air an
ngnódh mór so, i g-caint shoilleir shimplidhe,
agus atá súil le Dia agam go m-beidh a
bheannacht air mo bhriathraibh ag dul isteach
in bhur g-croidhthibh. Atá rún daingean agam
le congnadh Dé mo dhíthchioll do dhéanadh chum
cosg do chur air urchóid na h-oilbhéime.
An nidh nach féidir leis an diabhal do
dhéanadh é féin, faghaidh se déanta dhó é
leis an oilbhéim. Dá bh-feicfidhe an droch-
spiorad 'na chruth féin, theithfeadh na daoine
go h-uile uaidh, tá se chomh fuathmhar chomh
gráineamhail sin. D'á bhrigh sin, tá a chuid
maor agus feadhmanach aig an namhaid so
i ngach cathair agus baile mór, i ngach contae
agus tír do'n domhan: atá daoine i ngach
áit aige do thugann oilbhéim d'á g-cómhur-
sain; daoine a deir no a dhéanann droch-nidh
éigin, no nidh éigin a bh-fuil amhrus gur ab
droch-rod é, agus leis an nidh so do rádh no
do dhéanadh, tugaidh siad a g-cómhursa chum
tuithim i b-peacadh. Acht orra so uile
d'fhógair Dia leun agus mallacht: “Mairg
air an té tré a d-tigeann an oilbhéim: dob'
fheárr dó cloch muilinn do bheith crochta fa
n-a mhuineul, agus é do theilgean i n-doimhnibh
na fairge.” (Naomh Mátha, XVIII. 6.) B'fhéidir
le fear na h-oilbhéime a bheith soi-chreidte,
agus deighmheasta i súilibh na n-daoineadh,
acht i radharc Dé ní'l ann acht faol-chú i g-
croiceann caorach.
Tugann gach eagar agus céim daoineadh an
oilbhéim uatha, agus tugaidh siad uatha í i mó-
rán de shlightibh. Tugthar an oilbhéim le bria-
thraibh dhá-chiallacha, le caint drochiomchartha,
le mallachtaibh, easgaine, dia-aithis, no droch-
shompla, go h-áirighthe ó aithreachaibh agus ó
mháithreachaibh, agus uatha so eile air a bh-
fuil se d'fhiachaibh deagh-shompla do thaisbeán-
adh. Tugthar an oilbheim le meisge, agus
le peacaidhibh a déantar tré mheisge — peac-
aidhibh nach féidir iad d'áireamh ná trácht
amháin orra, tá siad chomh iomadamhuil, chomh
gráineamhail sin. Uch, nár' chritheaglach an
sgread í súd do tháinig ó'n g-croich beagán
aimsire ó shoin, nuair do bhí an meisgeoir
d'á chur chum báis mar gheall air mharbhadh a
bhainchéile. Air a ghlúinibh, agus a lámha le
chéile, dúbhairt se le fear-ionaid Dé, do
bhí ag feitheamh air: “A athair, atá aon ath-
chuinge amháin uaim ort sul d'fhágfaidh me an
saoghal, agus is í m'athchuinge dhéigheanach í:
nuair bheidh miseair an saoghal eile, sgríobhadh
chum Cóimhthionóil na Measardhachta, agus
iarraidh orra dul air aghaidh le n-a n-deagh-
obair, agus go g-cuiridh Dia bail air an
obair úd.” A bhráithre mo chroidhe, is iomdha
duine lag do thuiteann i g-cathughadh, agus
a gheibheann oilbhéim tré n-a g-cómhursa
d'fheicsin ag déanadh tathuighe de'n mheisge.
Ciannos is féidir dóibh dul as? Ciannos is
féidir d'aon duine súil do bheith aige le
coimirc áirighthe d'fhághail ó Dhia, dó féin no
do'n droing a tá ag aithris air, nuair théidhid
siad gan aon riachtanas 'san m-bealach in
a m-bidheann baoghal orra tuitim i b-peacadh.
An té in a bh-fuil fíor-ghrádh Críostamh-
ail, déanfaidh se é féin do dhearmad air
uairibh, agus tuigfidh se gur ab oireamhnach
dhó neithe dlightheacha féin do léigean dé. “Atá
na h-uile neithe ceaduightheach dam-sa, acht ní
bh-fuil na h-uile neithe oireamhnach,” deir Naomh
Pól (I Cor. VI. 12). Adúbhairt se go stadfadh
se d'ithe feola dá m-beidheadh so 'na chúis
oilbhéime d'á bhráthair eagcruaidh. “Uime
sin,” deir se, “má thugann an fheoil cúis
peacaidh dom' bhráthair, ní íosfaidh me aon
fheoil choidhche air eagla go d-tabharfainn cúis
peacaidh dom' bhráthair' (1 Cor. VIII. 13). Agus
dúbhairt se mar an g-ceudna i d-taoibh “an
óil.” Air an adhbhar sin, is cóir do'n té
ólann go measardha aire thabhairt dó fein
chomh maith leis an meisgeoir, air eagla go
n-déanfadh an beagán d'ólann se an bráth-
air eagcruaidh do thabhairt chum óil, agus mar
so go d-tiocfadh an beagán so féin chum a
bheith 'na chúis tuisle agus 'na oilbhéim. An
bh-fuil an t-slighe so agaibh-se deagh-shom p-
lach do na bráithribh eagcruaidhe, no an bh-
fuil se an iomarca é d-iarraidh orraibh stad
de'n m-beagán óil do dhéanann sibh. Ní'l
aon riachtanas agaibh leis, tá se contabhairt-
each, agus b'fhéidir dó a bheith 'na chúis báis aig
anam éigin d'ár' fhulaing Críost tart sgolta
agus bás air a shon. “Uime sin, ná tuga-
maois breith air a chéile níos mó ; acht in
áit sin, tugaidh an bhreith so: nach g-cuirfidh
sibh crann tuisle ná oilbhéim i slighe bhur
m-bráthar.” (Róm. xiv. 13.)
Níor chóir dúinn ár m-bráithre do chur i
g-contabhairt, óir nach sinn a lucht choimeáda?
Eistídh le h-Áirdeasbogaibh agus le h-Eas-
bogaibh na h-Éireann, cruinnighthe i g-cómha-
irle thíoramhail aig Magh-Nuadhat; deir
siad: — “Is le mór-phian, agus ag gul air
nós na n-Apstol, a deirimíd go b-fuil an
droch-chleachtadh gráineamhail, an mheisge, ag
déanadh eirligh i measg ár n-daoineadh, ag
milleadh oibre an chreidimh 'na n-anmannaibh,
agus, in aimhdeoin a mór-shubhailce anma
agus coirp, ag deanadh námhad de chrois
Chríost díobh, gur b'é ‘a g-críoch a bheith sgri-
osta, gur b'é a n-Dia a m-bolg, agus gur
náire is glóire dhóibh.’ (Phil. 3. 19.) A bhráithre,
nach é an dearg-náire i n-dúithche Chatoilicigh
mar tá againne, go m-beidheadh in ár measg
an oiread sin de dhaoinibh' na sglabhuighthibh aig
an phóit, do thugann suas go gnáthach do
chraos brúideamhail an óil, ní h-é amháin a
g-ciall, acht fós a g-clú, a n-onóir, a g-clann,
a maoin, a sláinte, a saoghal, a n-anmanna,
agus Dia féin? … Impidmíd air gach n-aon
lér' mian onóir Dé agus slánughadh anam
na n-daoineadh, a bheith líonta le naomh-dhúth-
racht. Deirimíd go bh-fuil se ceangailte
air aithreachaibh, air mháithreachaibh, agus orra
so a bh-fuil lucht oibre aca, deagh-shompla
na measardhachta do thabhairt do'n droing
tá fútha, agus a bheith aireach, air eagla, tré
n-a neamh-shuim. go bh-faghadh siad so a tá
faoi n-a g-cúram tathuighe air chraos-ól …
Bheirimíd ó chroidhe, ár m-beannacht dóibh so
go léir, lucht eaglaise agus daoine eile, do
thugann le spiorad na h-Eaglaise, a n-aim-
sir agus a saothar ag cur cúise na measar-
dhachta chum cinn.” Is cóir dam fós a rádh
gur bheannuigh an Pápa óirdhearc, an naomhadh
Pius, gnó na measardhachta, agus gach duine
do thugann congnadh in aon t-slige chum é
do chur chum cinn.
Is é an t-ól an gleus is cúmhachtaighe d'á
bh-fuil aig an diabhal 'san aois so chum áruis
do chreach, buidhne gaoil do sgaradh ó chéile,
baintreabacha agus díleachta do dhéanadh,
céad míle duine do chur gach bliadhain 'san
uaigh faoi tharcuisne, carcair do líonadh,
tighthe eile do líonadh le bochtaibh agus le
daoinibh as a g-céill, daoine eile a dhíbirt
as an dúithche, agus sluaighte gan aireamh do
theilgean go teine shíoruidhe de na h-anman-
naibh do cheannuigh Íosa le n-a bhás.
Is oilbhéim bheith ag magadh faoi dhaoinibh
cráibhtheacha diadha; no a bheith ag aithris sgeul,
ag déanadh buaidheartha idir chómhursanaibh a
tá i síothcháin le chéile. “Deanfaidh an sgeul-
adóir a anam féin do thruailliughadh agus
beidh fuath aig an uile dhuine air.” (Ecclus,
XXI. 31.) An duine doiriartha do dhéanann
go h-osguilte neamhshuim d'aitheantaibh na h-
Eaglaise, tugann se oilbhéim uaidh. Tugtar
scannail le droch-mheas, ceann-dánacht, na-
mhadas, no easúmhlacht do thaisbeánadh d'aith-
ribh, do mháithribh, no d'uachtaránaibh. Tugthar
an oilbhéim le briatraibh maslacha agus le
diultadh maitheamhnas d'iarraidh orra so d'á
d-tugamar droch-mheas. An té a tá ro-thugtha
do'n t-saoghal, no a tá uallach, no a mheasann
é féin do bheith déanta de chré níos feárr
ioná daoine eile, agus tré aon chúis díobh so,
no tré aon chúis suaraigh shaoghalta eile, do
dhéanann faillighe de'n Chorp Naomhtha do
ghlacadh, uair 'san m-bliadhain an chuid is lúgha
dhé, in a paráisde féin agus ó n-a shagart
féin, tugann an duine so an oilbhéim uaidh.
An té a scríobhas nó a scaipeas droch-
pháipéir, droch-irisleabhra, droch-leabhra,
droch-fhaoinsgeulta, tugann se an oilbhéim
uaidh. Monuar, is mór an chúis gola an
dhíoghbháil do dhéanann droch-leabhra 'san
aimsir so, do chreideamh agus do dheighbheusaib.
Monuar, cá liacht anam neimhchionntach ag
tuitim i d-tinneas agus ag fághail báis de
dheasgaibh anál nimheamhail na naithreach do
shughadh isteach as duilleogaibh droch-leabhar.
Is geata de cheithre príomh-gheataidhibh ifrinn
droch-leabhra; fuath, éagcóir agus neamhghlaine
na trí dóirse eile. Solus mealltach droch-
leabhar a dhallas an intleacht ins na neithibh
a bhaineas le Dia. Namhaid is eadh é faoi
aghaidh fidil. Nathair nimhe cluaineach é a
dhéanfas sibh a mharbadh gan amhrus má léig-
thear isteach in bhur d-tigh é. Is corn órdha
é, lán de ghráineamhlacht. Is droch-chompánach
droch-leabhar, agus is é an droch-chompánách
an té tré n-a d-tigeann an oilbhéim. Dob'
fheárr duit do shúil dheas do bhuaint asat
ioná í do thabhairt na h-oilbhéime dhuit ag
léigheadh droch-leabhair: dob' fheárr duit do
dheas-lámh do ghearradh dhíot, ioná í do thabhairt
na h-oilbhéime dhuit le droch-leabhar do
ghlacadh, no do thabhairt air iasacht, no do dhíol,
no do leathnughadh. “Is mairg do'n duine
tré a d-tigeann an oilbhéim; dob' fheárr dó
cloch muilinn a bheith crochta faoi n-a mhuineal,
agus go d-teilgfidhe i n-doimhnibh na fairge
é,” ioná an oilbhéim a thabhairt d'aon de'n
mhuintir bhig a bh-fuair Críost bás air a son.
Atá cómhartha áirighthe air an oilbhéim, a
dhéanas uathbhásach í le h-amharc uirre. Is é
sin an usacht le a d-tugthar cúis peacaidh,
agus an deacracht cúiteamh do dhéanadh innte.
Má thóg tu maoin no sealbh do chómhursan
go h-éagcórach, dob' fhéidir go m-beidheadh
se air do chumus leoirghníomh éigin do
dhéanadh, acht má theilg tu leis an oilbhéim
anam síoruidhe go h-ifrionn, ciannos do
thabharfaidh tu sásamh ann? Go deimhin, a
bhráithre, ní feídir aon leoirghníomh do dhéanadh,
óir ní'l aon fhuasgladh as ifrionn. Má
thugann tu oilbhéim do dhuine, cuireann tu
tinneas tógbhalach air, agus déanfaidh se sin
gach n-aon le a m-bainfidh se air feadh a
shaoghail tinn leis an aicíd cheudna; agus
déanfaidh gach n-duine aca so gach n-duine d'á
d-tiocfaidh in a líon do ghalrughadh; agus
mar sin go críoch: agus fá dheoigh, beidh tusa
freagarthach 'san iomlán! Beidh tu freagar-
thach i ngach uile pheacadh do righneadh trés an
oilbéim sin do thug tu uait.
Maireann peacadh na h-oilbhéime agus
síolruigheann se 'san t-saoghal i bh-fad tar
éis an neamh-aithrigheach sgannalach do dhul
go h-ifrionn. Maireann se i n-droch-leabh-
raibh, i n-droch-dhealbhaibh, i n-droch-bhriathraibh,
agus i n-droch-shompla. Cia lé'r féidir a rádh
cá fad do bheidh an droch-shompla ag dul ó
ghlún go glún diaigh i n-diaigh. Cia, air an
adhbhar sin, lé'r féidir aireamh do dhéanadh air
pheacaidhibh na h-oilbhéime, peacaidhibh fosguilte
agus foluighthe, do bhéarfar 'n-ár n-aghaid lá
an bhreitheamhnais. Truailligheann beirt óg
a chéile i d-tosach a saoghail; sgaraid le
chéile; tigeann an saoghal eadarra; agus
castar le chéile arís iad aig Cathaoir-breithe-
amhnais Dé. Och, mo thruagh! Iad ag gearán
air a chéile, agus ag sgreadadh go h-árd,
agus gach n-aon aca ag iarraidh an duine
eile do dhaoradh. Nuair do dortadh fuil
Abel air an talamh d'éigh si amach go neamh
ag iarraidh díoghaltais air Cháin. Mo thruagh!
Anam an té fuair an oilbhéim ag sgreadadh
le fóghar na tóirnighe ag casaoid air an té
thug an oilbhéim dó.
Agus b'fhéidir go bh-fuil anois in ifrionn
duine éigin ag sgreadadh, ag iarraidh díoghal-
tais air neach éigin againne, do thug an
oilbhéim dó a chuir go tigh na b-pian é. An
té tá gan cionnta beireadh se buidheachus le
Dia air son a neimhchionntais, agus ins an
am ceudna “tugadh se aire air eagla go
d-tuitfeadh se.” (I Cor. X, 12.)
Anois chidhtear gur ab peacadh mór an
oilbhéim so; go marbhann si anam ár g-chomh-
ursan, nidh is mórluaighe ioná a chorp; gur
ab gnáth pheacadh í agus peacadh is furus a
dhéanadh, acht gur ab deacair sásamh do thabhairt
innte; go bh-fuil si in aghaidh Dé an Athar, an
Mhic, agus an Spioraid Naoimh; go g-cuire-
ann si toirmeasg air an obair a tá air bun
aig an Eaglais chum anmanna na n-daoineadh
do shlánughadh. Is fios dúinn go d-tugann
an oilbheim anuas air na daoinibh an leun a
ta bagartha air an droing do thugann cúis
peacaidh uatha, agus go bh-fuaduigheann si ó
Íosa Críost an nidh is annsa leis ioná
anam féin. Bidheadh, air an adhbhar sin,
uathbhás orrainn roimh an oilbhéim so, agus
déanamaois rún daingean do ghlacadh, le
congnadh Dé, gan a bheith cionntach ins an
b-peacadh so go bráth arís. Má tá se de mhí-ádh
air aon duine agaibh gur thug se cúis peacaidh
d'á chómhursain, má mhothuigheann se gur goid
se ó Íosa Críost aon anam amháin, no níos mó
de na h-anmannaibh do cheannuigh se dhó feín
air an g-crois; air a shon sin, ná tuiteadh
se in éadothchas: atá maitheamhnas le fághail
aig fear na h-oilbhéime féin, má bhidheann
fíor-dhoilghíos air, agus dul chum faoisdine.
“Mar mhairim,” ar an Tighearna, “ní h-áil
liom bás an chionntaigh, acht go bh-fillfeadh
an cionntach ó n-a shlighe agus go mairfeadh
se.” (Esech. XXXIII. II.) Tá trócaire Dé
ós cionn a obair uile. “An drong d'á
maithfidh sibh a b-peacaidh a táid siad maithte
dhóibh.” (Naomh Eoin, XX. 23.) “Do thainic se,
ní cum glaodhach go h-aithrighe air na fíreu-
naibh, acht air na peacaighibh.” (N. Lucas. V. 32,)
Is roimh an b-peacach tá an fáilte is mó.
Tigídh, air an adhbhar sin, ná bidheadh eagla ná
náire orraibh, géabhthar go cneasta libh. “Gidh
go bh-fuil bhur b-peacaidh cho dearg le
corcar déanfar iad geal mar an sneachta.”
(Is. i. 18). Atá an fhuil luachmhar, a ghlanas
ó'n uile pheacadh, ag sileadh fós dibh. Tigídh,
air an adhbhar sin, deir Íosa, agus nighídh bhur
n-anmanna in a baisdeadh glé-dhearg. Glan-
faidh si gach smal peacaidh dhíbh. Déanfaidh si
arís glan, geal, neimhchionntach sibh mar do
bhidheabhar i ngeugaibh bur máthar tar éis
baisdidh, nuair bhí Aingil Dé ag feuchain le
gean orraibh, agus iad deimhneach go n-
déanfadh sibh neithe móra lá éigin, agus
deithneas aca leis an am in a nglacfar
isteach go righeacht Dé sibh, mar a bh-feicfidh
sibh gach radharc dá áille, mar a g-cluinnfidh
sibh binn-ghuth na Maighdine cho milis le
sár-cheol na bh-flaitheas, mar a bh-fuighidh sibh
sealb air an righeacht a tá ullamh dhíbh ó
thosach an domhain (N. Mátha. XXV. 34); mar
a bh-feicfidh sibh an radharc seunmhar — Gnúis
Dé — go bráth le saoghal na saoghal. Amen.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11