Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aondacht na Gaedhilge.
Title
Aondacht na Gaedhilge.
Author(s)
De hÍde, Dúghlas,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1882
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AONDACHT NA GAEDHILGE Leis an g-Craoibhín Aoibhinn. 'Sí Aondacht na Gaedhilge a thuilleas an ghlóir, D'Aondacht na Gaedhilge go raibh an onóir, Do shaorthuigh go láidir, agus d'oibrigh go mór Chum an leabhairín breágh so do chur ós ár g-cómhair. Le congbháil beo Na teangan is sine, Tá an leabhairín so Anois air bun: Tá grádh, tá dúil Tá dóthchas linn-ne, Ná leig air g-cúl An grádh 's an fonn. Bhí an Ghaedhilig leath-chráidhte 'gus múchta faoi cheo, Dob' ionnan a's marbh í, caillte, leath-bheo, Acht fáilte, 'gus fáilte, 'gus fáilte go deo
Roimh na daoinibh a sheas ins an m-beárna mar sho. Le coimeád beo An ghlóir is binne, Cuireadh i g-cló, Ár leabhairín: A's mar is cóir, Cuimhneochaidh sinn-ne Go bráth an glór Mór, milis, mín. Ná bidheadh aon scoilt, no aon imreas le fághail, A ghortóchadh ár g-cúis no a mhillfeadh ár g-cáil, Acht Foighid agus Carthanacht choidhche mar fhál; Is féidir leo duine no cuideacht shábháil. A's coinnigh fós Ó dhearmad grána, Plúirín a's rós Na d-teangan breágh: Má thámuid féin Go díleas, dána, Ní thiocfaidh leun Uirre no crádh. Samhain, 1882.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services