AONDACHT NA GAEDHILGE
Leis an g-Craoibhín Aoibhinn.
'Sí Aondacht na Gaedhilge a thuilleas an
ghlóir,
D'Aondacht na Gaedhilge go raibh an onóir,
Do shaorthuigh go láidir, agus d'oibrigh go mór
Chum an leabhairín breágh so do chur ós ár
g-cómhair.
Le congbháil beo
Na teangan is sine,
Tá an leabhairín so
Anois air bun:
Tá grádh, tá dúil
Tá dóthchas linn-ne,
Ná leig air g-cúl
An grádh 's an fonn.
Bhí an Ghaedhilig leath-chráidhte 'gus múchta
faoi cheo,
Dob' ionnan a's marbh í, caillte, leath-bheo,
Acht fáilte, 'gus fáilte, 'gus fáilte go deo
Roimh na daoinibh a sheas ins an m-beárna
mar sho.
Le coimeád beo
An ghlóir is binne,
Cuireadh i g-cló,
Ár leabhairín:
A's mar is cóir,
Cuimhneochaidh sinn-ne
Go bráth an glór
Mór, milis, mín.
Ná bidheadh aon scoilt, no aon imreas le
fághail,
A ghortóchadh ár g-cúis no a mhillfeadh ár
g-cáil,
Acht Foighid agus Carthanacht choidhche mar fhál;
Is féidir leo duine no cuideacht shábháil.
A's coinnigh fós
Ó dhearmad grána,
Plúirín a's rós
Na d-teangan breágh:
Má thámuid féin
Go díleas, dána,
Ní thiocfaidh leun
Uirre no crádh.
Samhain, 1882.