Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An t-Aonadh Caibidil Déag.
Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An t-Aonadh Caibidil Déag.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An t-Aonmhadh Caibidil Deug. Cuireadh ós bhur g-cómhair an meud do righne an t-oide Seághan Mac Héil ó'n m-bliadhain 1820 go 1825, ós árd, ag sgríobhadh litreach ins na páipeuraibh puiblidhe. Do shaoileadar na Sacsannaighe an t-am sin go m-budh mhillteach madramhail a leitid de litreachaibh a sgríobhadh. Acht go cinnte níor bh'eadh. Ní dúbhairt se ionnta acht an fhírinn ghlan. Deirtear linn gur searbh an fhírinn féin. Ní rabhadar cleach- tach air an fhírinn do chlos. Roimh an am sin ní raibh aon gar ag caint leo. Cia an nós do righneadar na Uoluntiridh cómhrádh leo? — righneadar é as beul guna mór. Ó bheul na g-Catoiliceach ní chualadar guth leis na cianta. Mar sin dé, bhí ion- gantas orra. Níor thuigeadar é. Bhí an oiread iongantais orra an tráth sin ag léigheadh litreach Hierophilos no ag éisteacht leo — agus do bhí orra a n-urraigh faoi chómhrádh Pharneill i d-Tigh na Feise. Sin chugaibh, a lucht léighthe, an meud do righne Seághan MacHéil ós árd gus an m-bliadhain 1825. Anois cuirthear ós cómhair na muintire a léigheas an leabhair so an chaoi do chaith an t-oide óg a bheatha ós ísiol air feadh na m-bliadhan ceudna. An tráth nach raibh se ag tabhairt teagaisg do'n chomplacht macaomh óg a bhí faoi n-a threorughadh, bhidheadh se tugtha do ghnóthaibh is dual do shagart a dhéanadh: bhidheadh se seal in Áth-Cliath; no i g-Cartun i d-tigh Mhic Ghearailt, ceannairt Laighean no le sagart- aibh ag siubhal amach faoi'n tír, no air marcaigeacht. Deirtear linn go raibh se ins an am sin, seang, acht lúthmhar, ligthe, fearamhail, urránta. Ag dul go h-Át-cliath, ní raibh gleus aisdir air bith aige, acht air dhruim capaill, se sin, air marcaigheacht, no air cois ag siubhal. Is iomdha uair do chuaidh se do'n bhaile mór air cois — ag dul ann agus filleadh air ais an lá ceudna i d-timchioll deich mile air fhichid bealaigh, ag teacht agus ag imtheacht. I measg na sagart óg agus na n-oideadh óg, budh h-é an fear dob' urránta agus budh ligthe, no lúthmhara i siubhal air cois, aig marcaigheacht, no gleus gaisgidheachta air bith eile. Is minic do fuair se cuireadh aig tigh mór an Chartuin. Is minic mar an g-ceudna bhidheadh na sagairt Francacha a tháinic go h-Éirinn ó'n bh-Frainc, aig bórd in aoinfheacht leis, agus is iomdha stáir ghreann- mhar bhí aige d'á m-bárr, i g-caitheadh tearma a shaoghail tar éis an ama sin, ag smuaineadh agus ag trácht air na laethibh nuair do bhidh- eadh na fir fóghlumhtha sin ag déanadh a n- dóthain Sacsbheurla blasda a labhairt. Gach Samhradh agus air amannaibh eile budh ghnáthach leis an oide teacht d'á bhaile féin — no go Cill-alaidh, le seal aimsire a chathadh leis an Easpog — an t-Ollamh ró-urrumtha Pea- dar Ualdronach, no seal le Áirdeaspog Thuama, Olibher Ua Ceallaigh. Ó am go h-am righne se seanmóir do luadh do na h-Easpogaibh so, i d-tráthaibh puiblidhe, no aig aimsir féile móire mar an g-Cáisg, no an Diathordain roimhe, no Aoine an Cheusta. Is ins an m-bliadhain 1814 do righneadh an t-Athair Peadar Ualdronach 'na Easpog air Chill-alaidh. Do bhí se roimhe sin 'na áirdiacún i bh-fairce Thuama, agus Sagart Páráisde air Bhracan, áit gar do bhaile iongantach an Chnoic i g-Condae Mhaigheo. Fuair an t-Easpog Billeogach bás i m- bliadhain 1812. Do bhí se anois 'na Easpog ós cionn Chille-alaidh dhá-bliadhain-deug agus fiche, óir do righneadh Easpog dé A.D. 1780. Fuair se bás obann — acht bhí se réidh úllmhuighthe roimhe. Fuair se cuireadh dul go h-Át-cliath aig dáil Easpog na h-Éireann faoi an g-cead toirmeasgtha a bhronnadh no gan a bhronnadh, air Arduachtarán na Feise Ríoghamhla. Do thiomáin se a chaplaidh agus
a charbad féin. Thug se a rádh in aghaidh cead a thabhairt do'n Urraigh Ríoghamhail toir- measg a bheith aige air nuadh-Easpog. Ag filleadh i m-baile dhó, aig Muillin-geárr, ghlacadar na caplaidh scanradh, agus thuit an t-Easpog as an g-carbad, agus gortui- gheadh go mór é. Ó'n m-brughadh agus an leonadh d'éirigh dhó, ní bh-fuair se biseach. Do bhí laethe a bheatha líonta suas le deagh- oibreachaibh agus do ghlaoidh an Tighearna chuige féin é. Cuireadh a fhuighill, no a chorp a g-Cill na Maighne ins an g-cuaine faoi thúr an teampuill. Mar gheall go raibh Árdcheann na h-Eag- laise i ngeibhinn aig Napoleon ní righneadh easpog a chruthughadh air feadh na h-aimsire sin. Agus mar gheall air sin, ní raib eas- pog nuadh ós cionn Chille-alaidh go d-tí an mhí dheigheanach 'san bh-fóghmhar i m-bliadhain 1814, nuair do righneadh Easpog de'n Athair Peadar Ualdronach air a bh-fuil trácht againn shuas. Do bhí se mar sin dé, deich m-bliadhna ós cionn Fairce Cille-alaidh i m-bliadhain 1824: agus ó thárla go raibh se dul in aois foirse, bhi se cráidhte, agus gan meisneach gan lúth no neart in a chnámhaibh le obair mhóir air bith do dhéanadh. Mar sin dé, d'iarr se Easpog congnamhthaigh a bheith aige. Dúbhairt se so le roinn d'á chuid sagart. Agus ag breath- nughadh thart orra air fad, cá bh-fuil an fear a bhí níos óir dheirce, níos fheidhmeamhla, faoi cháil agus chlú níos mó 'ná bhí Seághan Mac Héil, oide diadhachta i g-coláisde Mhaighe- Nuadhat, fear d'á fhairce fhéin agus d'á mhuintir féin. Righne an t-Easpog Ualdronach rogha, mar sin, de Seághan Mac Héil; do shásuigh an rogha so leis an g-cléir, agus do cuireadh a ainm do'n Róimh, le inntinn go n-déanfaidhe a thogha 'dan Roimh agus go n-déanfaidhe easpog dé. Air an 31 adh lá de cheud mhí na bliadhna 1825 do thogh an Phropaganda a ainm, agus dúbhradar na Cárdinail 'gur b'é a bheidheadh 'na Easpog coghnamhthach aig an Easpog Ual- dronach. Air an dara lá de mhí na bh-faoi- lidh do thug an Pápa a thoil do'n rogha agus d'aontuigh se dhó; agus air an 12 adh lá cuir- eadh amach litir an Phapa. Air an chúigeadh lá de mhí mheádhoin an t-Samhraidh 'na dhiaigh, do righneadh a choisreacan 'na Easpog i g- Coláisde Maighe-Nuadhat. (Le bheith air leanamhain.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services