Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama.
An t-Aonmhadh Caibidil Deug.
Cuireadh ós bhur g-cómhair an meud do
righne an t-oide Seághan Mac Héil ó'n
m-bliadhain 1820 go 1825, ós árd, ag
sgríobhadh litreach ins na páipeuraibh
puiblidhe. Do shaoileadar na Sacsannaighe
an t-am sin go m-budh mhillteach madramhail
a leitid de litreachaibh a sgríobhadh. Acht go
cinnte níor bh'eadh. Ní dúbhairt se ionnta
acht an fhírinn ghlan. Deirtear linn gur
searbh an fhírinn féin. Ní rabhadar cleach-
tach air an fhírinn do chlos. Roimh an am sin
ní raibh aon gar ag caint leo.
Cia an nós do righneadar na Uoluntiridh
cómhrádh leo? — righneadar é as beul guna
mór. Ó bheul na g-Catoiliceach ní chualadar
guth leis na cianta. Mar sin dé, bhí ion-
gantas orra. Níor thuigeadar é. Bhí an
oiread iongantais orra an tráth sin ag
léigheadh litreach Hierophilos no ag éisteacht
leo — agus do bhí orra a n-urraigh faoi
chómhrádh Pharneill i d-Tigh na Feise.
Sin chugaibh, a lucht léighthe, an meud do
righne Seághan MacHéil ós árd gus an
m-bliadhain 1825. Anois cuirthear ós
cómhair na muintire a léigheas an leabhair so
an chaoi do chaith an t-oide óg a bheatha
ós ísiol air feadh na m-bliadhan ceudna.
An tráth nach raibh se ag tabhairt teagaisg
do'n chomplacht macaomh óg a bhí faoi n-a
threorughadh, bhidheadh se tugtha do ghnóthaibh is
dual do shagart a dhéanadh: bhidheadh se seal
in Áth-Cliath; no i g-Cartun i d-tigh Mhic
Ghearailt, ceannairt Laighean no le sagart-
aibh ag siubhal amach faoi'n tír, no air
marcaigeacht. Deirtear linn go raibh se
ins an am sin, seang, acht lúthmhar, ligthe,
fearamhail, urránta.
Ag dul go h-Át-cliath, ní raibh gleus
aisdir air bith aige, acht air dhruim capaill,
se sin, air marcaigheacht, no air cois ag
siubhal. Is iomdha uair do chuaidh se do'n
bhaile mór air cois — ag dul ann agus
filleadh air ais an lá ceudna i d-timchioll
deich mile air fhichid bealaigh, ag teacht agus
ag imtheacht.
I measg na sagart óg agus na n-oideadh
óg, budh h-é an fear dob' urránta agus
budh ligthe, no lúthmhara i siubhal air cois,
aig marcaigheacht, no gleus gaisgidheachta
air bith eile. Is minic do fuair se cuireadh
aig tigh mór an Chartuin. Is minic mar an
g-ceudna bhidheadh na sagairt Francacha a
tháinic go h-Éirinn ó'n bh-Frainc, aig bórd in
aoinfheacht leis, agus is iomdha stáir ghreann-
mhar bhí aige d'á m-bárr, i g-caitheadh tearma
a shaoghail tar éis an ama sin, ag smuaineadh
agus ag trácht air na laethibh nuair do bhidh-
eadh na fir fóghlumhtha sin ag déanadh a n-
dóthain Sacsbheurla blasda a labhairt.
Gach Samhradh agus air amannaibh eile budh
ghnáthach leis an oide teacht d'á bhaile féin — no
go Cill-alaidh, le seal aimsire a chathadh leis
an Easpog — an t-Ollamh ró-urrumtha Pea-
dar Ualdronach, no seal le Áirdeaspog
Thuama, Olibher Ua Ceallaigh. Ó am go
h-am righne se seanmóir do luadh do na
h-Easpogaibh so, i d-tráthaibh puiblidhe, no aig
aimsir féile móire mar an g-Cáisg, no an
Diathordain roimhe, no Aoine an Cheusta.
Is ins an m-bliadhain 1814 do righneadh
an t-Athair Peadar Ualdronach 'na Easpog
air Chill-alaidh. Do bhí se roimhe sin 'na
áirdiacún i bh-fairce Thuama, agus Sagart
Páráisde air Bhracan, áit gar do bhaile
iongantach an Chnoic i g-Condae Mhaigheo.
Fuair an t-Easpog Billeogach bás i m-
bliadhain 1812. Do bhí se anois 'na Easpog
ós cionn Chille-alaidh dhá-bliadhain-deug
agus fiche, óir do righneadh Easpog dé A.D.
1780. Fuair se bás obann — acht bhí se réidh
úllmhuighthe roimhe. Fuair se cuireadh dul go
h-Át-cliath aig dáil Easpog na h-Éireann
faoi an g-cead toirmeasgtha a bhronnadh no
gan a bhronnadh, air Arduachtarán na Feise
Ríoghamhla. Do thiomáin se a chaplaidh agus
a charbad féin. Thug se a rádh in aghaidh
cead a thabhairt do'n Urraigh Ríoghamhail toir-
measg a bheith aige air nuadh-Easpog. Ag
filleadh i m-baile dhó, aig Muillin-geárr,
ghlacadar na caplaidh scanradh, agus thuit
an t-Easpog as an g-carbad, agus gortui-
gheadh go mór é. Ó'n m-brughadh agus an
leonadh d'éirigh dhó, ní bh-fuair se biseach.
Do bhí laethe a bheatha líonta suas le deagh-
oibreachaibh agus do ghlaoidh an Tighearna
chuige féin é. Cuireadh a fhuighill, no a
chorp a g-Cill na Maighne ins an g-cuaine
faoi thúr an teampuill.
Mar gheall go raibh Árdcheann na h-Eag-
laise i ngeibhinn aig Napoleon ní righneadh
easpog a chruthughadh air feadh na h-aimsire
sin. Agus mar gheall air sin, ní raib eas-
pog nuadh ós cionn Chille-alaidh go d-tí an
mhí dheigheanach 'san bh-fóghmhar i m-bliadhain
1814, nuair do righneadh Easpog de'n Athair
Peadar Ualdronach air a bh-fuil trácht
againn shuas.
Do bhí se mar sin dé, deich m-bliadhna ós
cionn Fairce Cille-alaidh i m-bliadhain 1824:
agus ó thárla go raibh se dul in aois foirse,
bhi se cráidhte, agus gan meisneach gan lúth
no neart in a chnámhaibh le obair mhóir air bith
do dhéanadh. Mar sin dé, d'iarr se Easpog
congnamhthaigh a bheith aige. Dúbhairt se so
le roinn d'á chuid sagart. Agus ag breath-
nughadh thart orra air fad, cá bh-fuil an fear
a bhí níos óir dheirce, níos fheidhmeamhla, faoi
cháil agus chlú níos mó 'ná bhí Seághan Mac
Héil, oide diadhachta i g-coláisde Mhaighe-
Nuadhat, fear d'á fhairce fhéin agus d'á
mhuintir féin.
Righne an t-Easpog Ualdronach rogha, mar
sin, de Seághan Mac Héil; do shásuigh an
rogha so leis an g-cléir, agus do cuireadh a
ainm do'n Róimh, le inntinn go n-déanfaidhe
a thogha 'dan Roimh agus go n-déanfaidhe
easpog dé.
Air an 31 adh lá de cheud mhí na bliadhna
1825 do thogh an Phropaganda a ainm, agus
dúbhradar na Cárdinail 'gur b'é a bheidheadh
'na Easpog coghnamhthach aig an Easpog Ual-
dronach. Air an dara lá de mhí na bh-faoi-
lidh do thug an Pápa a thoil do'n rogha agus
d'aontuigh se dhó; agus air an 12 adh lá cuir-
eadh amach litir an Phapa. Air an chúigeadh
lá de mhí mheádhoin an t-Samhraidh 'na dhiaigh,
do righneadh a choisreacan 'na Easpog i g-
Coláisde Maighe-Nuadhat.
(Le bheith air leanamhain.)