Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Deachmhadh Caibidil.
Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Deachmhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama. An Deachmhadh Caibidil. I m-bliadhain ocht céad deug agus fiche sul righneadh buan-oide de'n athair Seághan Mac Héil do thosuigh se ag cur sgríbhin puiblidhe ós comhair an domhain ag tais-
beánadh má bhidheadar na fir treuna a chuaidh rómpa roimhe so, marbh no leagtha air lár, go raibh fir threunmhara óga eile ag fás suas agus ag glacadh seilbhe air a n-áit cosainte. Do sgríobh se, mar deirtear, ní ós cionn a ainme agus a shloinne féin, acht ós cionn scáth-ainme Ghréigis “Hieropilos.” Agus is in aghaidh boirbe, agus breug-chrái- bheachta na nGall Shacsan, do sgríobh se a phríomhlitreacha chum Sagart na h-Éireann go h-uile. Ionnos go m-beidheadh eolus aig an té a léigheas, air an g-caoi do bhí muintir na h-Éireann, agus go h-áirighthe Catolicighe na tíre ins an am so, tá se riachtanach amharc siar air an m-bliadhain 1800 agus breath- nughadh a dhéanadh air phríomh-fhear Feise na Sacsan — Uilliam Pitt, agus air Príomh- Rúnaidhe na h-Éireann, Tighearna Chaisléin- riabhaigh. Bliadhanta roimhe so bhí se 'na g-croidhthibh cóimhcheangal a dhéanadh in am áirighthe idir Éire agus Sacsa, agus righnea- dar é. Tá fios aig an domhan cia an chaoi — le gliocas agus éigceart, le feall agus fealtanas, le dún-mharbhadh ná n-daoineadh bocht, le feall-bheart air na deagh-dhaoinibh, agus le fóghail fraochmhar, fiadhain a dhéanadh air an tír air fad. Ní'l aon gar ag caint níos faide air an g-cleas cráidhte so. Tá se thart. Acht ní raibh a sáith ins an meud sin; budh mhian leo go leor níos mó 'ná sin a dhéanadh. Agus cad é an nidh é? Budh mhian leo Éire Chatoiliceach a athrugh- adh go h-iomlán; agus muna n-déanfaidhe Gaill díobh, rod éigin eile a dhéanadh dhíobh a bheith cho maith nó cho dona; — a g-creidheamh a bhuaint uatha, pagánaighe fiuntacha a dhéanadh dhíobh — agus iad a bheith annsin gan croidhe, gan creideamh, gan coguas. Bheidheadh siad annsin gan eolus air Dhia, agus fa dheire gan meas air an duine. Cad é an chaoi ar' chuir Pitt agus Tighearna Chaisléin-riabhaigh rómpa an meud sin do dhéanadh? Ins an g-ceud áit, ag glacadh in a lámhaibh féin na n-Easpog Catoiliceach gan cead a thabhairt aon Easpog amháin a dhéanadh acht an pearsa-eaglaise úd lér' mhian iad-san a shásughadh air gach nós. Ins an dara áit, tuarastal a thabhairt do chléir na h-Éireann air fad. Ins an tríomhadh áit, scoilidheacht agus teagasg a thabhairt do mhuintir óig na tíre as leabhraibh eiriceachta agus do réir eoluis na ministéiridh gallda. Do bhí an rún so in a n-inntin ó thús roimh an cóimh-cheangal a déanadh idir Éire agus Sacsa, agus 'na dhiaigh sin. Acht ciannos ar' chraobhsgaoil siad an rún so do'n tír? Is mar so do righneadar é:— Do chuir Tighearna Chaisléin-riabhaigh fios air Easpogaibh na h-Éireann teacht in aoinfheacht i m-baile Átha-Cliath; nuair do bhí deichneabhar aca cruinn, se sin na ceithre áirdeaspoig agus seisear eile, dúbhairt se leo go raibh aige sgeul maith le h-innseacht dóibh, a chuirfeadh lúthgháir in a g-croidhthibh: — budh mhian le árd-riaghluigh- theoir na Sacsan, dúbhairt se: (a), saoir- seacht a thabhairt do na Catoilicighibh; (b) tuarastal a bhronnadh gach bliadhain air na sagartaibh; (c), léighean agus fógluim a sgeith i measg na n-daoineadh. Budh mhaith an sgeul, dúbhradar na h-Easpoig, a cuireadh rómpa. Is aoibhinn liom, ar Caisleán-riabhach, gur taithneamhach libh é agus go nglacann sibh cho sásda na bronntanais támaoid-ne réidh le tabhairt dhaoibh-se, in áit na b-pianta agus na geurleanamhna do cuireadh orraibh agus air na Catoilicighibh leis na cianta. Bhéarfamaoid-ne go fonn- mhar an meud so do gheall me dhaoibh: acht tá aon rud beag amháin le h-iarraidh orraibh-se air an d-taoibh eile, agus tá fios agam go d-tabharfaidh sibh an nidh sin dam gan bac: — ní mórán é, acht go díreach, le sinn-ne, agus muintir na Sacsan, agus na Neamh-Chatoilicighe a shásughadh; agus, mar an g-ceudna, le taisbeánadh go bh-fuil sibh réidh fóghnadh a thabhairt do'n righ agus a bheith dá ríribh linne air gach beallach. So é an meud tamaoid ag iarraidh orraibh: Cead toirmeasgtha a thabhairt dúinn air dhéanadh
gách Nuadh-Easpoig, sul cuirfidhe é ós cionn easpogachta air bith. Ní móran an meud sin. Dúbhradar na h-Easpoig a bhí cruinn ann an lá sin — in 1799, nach raibh an t-impidhe sin as beallach, agus thugadar cineul geallta chlaonadh dhó, acht dúbhradar ná'r bh'fhéidir leo nidh air bith mar so a dhéanadh no a dhearbhughadh, no go g-cuirfidhe an meud a dúbhradh ós cómhair cinn na h-Eaglaise agus cead d'fhághail uaidh chlaonadh do'n impidhe. Sin é freagradh na n-Easpog. a'n lá sin amach go d-tí fiche bhliadhain 'na dhiaigh do bhí gach duine in Éirinn faoi bhruth agus bhuaidhreadh, ag déanadh cómhbhraic ós árd agus ós ísiol, le namhaid amuigh agus astigh, mar gheall air an g-cead toirmeasgtha so a bhí uachdaráin Feise Sacsan ag iarraidh air Chléir Éireann. D'éirigheadar fir fóghlumtha feasacha, lán de mheisneach, ní h-é amháin cléirigh acht tuathaigh, agus d'árduigheadar a nguth go h-árd, agus ghlaoidheadar air na h-Easpog- aibh agus air Phápa na Róimhe, gan cead air bith no cúmhacht air bith a thabhairt do mhuintir na Sacsan, ag déanadh rogha no togha air adhbhar Easpoig do thuathaibh na h-Éireann. Dá bh-faghadh siad aon orlach amhain, cuirfidh siad isteach a lámha, agus bhrisfidís long na h-Eaglaise Catoilicighe in Éirinn agus do bheidheadh sinn fá dheire mar tá anois Catoilicighe na h-Áirde in-oir gan cléir, gan easpog, gan riaghlughadh faoi stiur an fhíor-chreidimh. D'éirigh Dómhnall Ua Connaill, agus an t-Easpog Dómhnall Ua Murchadha agus fir treunmhara eile a righne troid mhaith chródha in aghaidh ceada toirmeasgtha. Do maoluigheadh bruth agus báinidh na tíre go mór air an g-ceist so i d-timchioll bliadhna 1815. Fuair Pitt bás ó bhriseadh croidhe in 1806 agus cuireadh Tighearna Chaisléin-riabhaigh as a uachtaránas ins an am ceudna. In 1812, thug Feis Sacsan ceithre-míle- deug púnta airgid as árd-chiste na tíre le fóghluim agus teagasg a sgeith air phobal na h-Éireann. Do chuir na Gaill in gach baile agus in gach paráisde scola air bun do thugadar múineadh i d-tosach d'á muintir féin; acht tar éis seala, do thosuigheadar ag tabhairt na g-Catoiliceach bocht isteach, agus le teann airgid agus bronntanais do shar- uigheadar cho mór sin orra, gur thángadar ag éisteacht leo. Is mar so do bhí se i m-bliadhain 1818- agus 1819 — am gantanais agus anró, nuair do bhí na daoine bochta, bruighte, briste faoi anshógh agus amhgar;— lag ó ocras; lom ó bhochtanas, sáruighthe ó bhronntanasaibh agus ó ghealltaibh go bh-fuigheadh siad léighean agus sógh. Níor áirigh an lucht faire, go raibh se cho dona a's do bhí. Bhí inntinn na g-ceannart Catoiliceach, idir cléir agus tuataidhibh, gabhtha leis na g-ceistibh eile — an toirmeasg, agus tuarastal do'n g-cléir — le breathnu- ghadh a dhéanadh i n-diaigh na muintire a bhí déanadh slaid air lucht an chreidimh i measg Catoiliceach bocht na h-Éireann. So h-é an t-am in ar' thóg Seághan Mac Héil a pheann, agus do thosuigh se ag sgríobhadh i d-tosach chum Sagart agus Eas- pog na h-Éireann air an millteanas a bhí na Gaill ag déanadh air chreideamh na m-bochtán. Annsin mar Dháibhidh óg ós cómhair na bh-Filistíneach righne se troid agus cómhbhrac in aghaidh na bh-fathach budh mhó in a measg. Agus ní h-é amháin go bh-fuair se buaidh — mar d'admhuigheadar a náimhde, acht fuair se cáil mhór agus clú iongantach a bhí ag leanamhain le n-a ainm ó'n lá sin go d-tí lá a bháis agus a leanfas leis go bráth. Do sgríobh se ní h-é amháin in aghaidh a namhaid, acht do sgríobh se litreacha puibh- lidhe air an stáid bhoicht in a raibh muintir na h-Éireann báidhte, air an g-cáil in a rabhadar, gan léighean, gan eolus, gan ór, gan airgead, gan saidhbhreas air bith, acht a g-creidheamh amháin — na Gaill agus Eaglais na Sacsan ag saltairt orra, mar bheidheadh siad air bheithighibh brúdamhla; gur bh'mhithid
iad a shaorughadh ó slábhacht, cead a bhronnadh orra a g-creideamh a admháil go follusach, fóghluim a thabhairt dóibh agus iad a chur air bun cómhthrom amhail na Gaill iad féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services