Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áird-Easpoig Thuama.
An Deachmhadh Caibidil.
I m-bliadhain ocht céad deug agus fiche
sul righneadh buan-oide de'n athair Seághan
Mac Héil do thosuigh se ag cur sgríbhin
puiblidhe ós comhair an domhain ag tais-
beánadh má bhidheadar na fir treuna a chuaidh
rómpa roimhe so, marbh no leagtha air lár,
go raibh fir threunmhara óga eile ag fás
suas agus ag glacadh seilbhe air a n-áit
cosainte. Do sgríobh se, mar deirtear, ní
ós cionn a ainme agus a shloinne féin, acht
ós cionn scáth-ainme Ghréigis “Hieropilos.”
Agus is in aghaidh boirbe, agus breug-chrái-
bheachta na nGall Shacsan, do sgríobh se a
phríomhlitreacha chum Sagart na h-Éireann
go h-uile.
Ionnos go m-beidheadh eolus aig an té a
léigheas, air an g-caoi do bhí muintir na
h-Éireann, agus go h-áirighthe Catolicighe
na tíre ins an am so, tá se riachtanach amharc
siar air an m-bliadhain 1800 agus breath-
nughadh a dhéanadh air phríomh-fhear Feise na
Sacsan — Uilliam Pitt, agus air Príomh-
Rúnaidhe na h-Éireann, Tighearna Chaisléin-
riabhaigh. Bliadhanta roimhe so bhí se 'na
g-croidhthibh cóimhcheangal a dhéanadh in am
áirighthe idir Éire agus Sacsa, agus righnea-
dar é. Tá fios aig an domhan cia an chaoi
— le gliocas agus éigceart, le feall agus
fealtanas, le dún-mharbhadh ná n-daoineadh
bocht, le feall-bheart air na deagh-dhaoinibh,
agus le fóghail fraochmhar, fiadhain a
dhéanadh air an tír air fad.
Ní'l aon gar ag caint níos faide air an
g-cleas cráidhte so. Tá se thart. Acht ní
raibh a sáith ins an meud sin; budh mhian leo
go leor níos mó 'ná sin a dhéanadh. Agus
cad é an nidh é?
Budh mhian leo Éire Chatoiliceach a athrugh-
adh go h-iomlán; agus muna n-déanfaidhe
Gaill díobh, rod éigin eile a dhéanadh dhíobh a
bheith cho maith nó cho dona; — a g-creidheamh a
bhuaint uatha, pagánaighe fiuntacha a dhéanadh
dhíobh — agus iad a bheith annsin gan croidhe,
gan creideamh, gan coguas. Bheidheadh siad
annsin gan eolus air Dhia, agus fa dheire
gan meas air an duine.
Cad é an chaoi ar' chuir Pitt agus
Tighearna Chaisléin-riabhaigh rómpa an meud
sin do dhéanadh? Ins an g-ceud áit, ag
glacadh in a lámhaibh féin na n-Easpog
Catoiliceach gan cead a thabhairt aon Easpog
amháin a dhéanadh acht an pearsa-eaglaise úd
lér' mhian iad-san a shásughadh air gach nós.
Ins an dara áit, tuarastal a thabhairt do
chléir na h-Éireann air fad. Ins an tríomhadh
áit, scoilidheacht agus teagasg a thabhairt do
mhuintir óig na tíre as leabhraibh eiriceachta
agus do réir eoluis na ministéiridh gallda.
Do bhí an rún so in a n-inntin ó thús roimh
an cóimh-cheangal a déanadh idir Éire agus
Sacsa, agus 'na dhiaigh sin. Acht ciannos ar'
chraobhsgaoil siad an rún so do'n tír? Is
mar so do righneadar é:—
Do chuir Tighearna Chaisléin-riabhaigh fios
air Easpogaibh na h-Éireann teacht in
aoinfheacht i m-baile Átha-Cliath; nuair do
bhí deichneabhar aca cruinn, se sin na ceithre
áirdeaspoig agus seisear eile, dúbhairt
se leo go raibh aige sgeul maith le
h-innseacht dóibh, a chuirfeadh lúthgháir in a
g-croidhthibh: — budh mhian le árd-riaghluigh-
theoir na Sacsan, dúbhairt se: (a), saoir-
seacht a thabhairt do na Catoilicighibh; (b)
tuarastal a bhronnadh gach bliadhain air na
sagartaibh; (c), léighean agus fógluim a
sgeith i measg na n-daoineadh. Budh mhaith
an sgeul, dúbhradar na h-Easpoig, a
cuireadh rómpa. Is aoibhinn liom, ar
Caisleán-riabhach, gur taithneamhach libh é agus
go nglacann sibh cho sásda na bronntanais
támaoid-ne réidh le tabhairt dhaoibh-se, in áit
na b-pianta agus na geurleanamhna do
cuireadh orraibh agus air na Catoilicighibh
leis na cianta. Bhéarfamaoid-ne go fonn-
mhar an meud so do gheall me dhaoibh: acht
tá aon rud beag amháin le h-iarraidh
orraibh-se air an d-taoibh eile, agus tá fios
agam go d-tabharfaidh sibh an nidh sin dam
gan bac: — ní mórán é, acht go díreach, le
sinn-ne, agus muintir na Sacsan, agus na
Neamh-Chatoilicighe a shásughadh; agus, mar
an g-ceudna, le taisbeánadh go bh-fuil sibh
réidh fóghnadh a thabhairt do'n righ agus a bheith
dá ríribh linne air gach beallach. So é an
meud tamaoid ag iarraidh orraibh: Cead
toirmeasgtha a thabhairt dúinn air dhéanadh
gách Nuadh-Easpoig, sul cuirfidhe é ós cionn
easpogachta air bith. Ní móran an meud
sin.
Dúbhradar na h-Easpoig a bhí cruinn ann
an lá sin — in 1799, nach raibh an t-impidhe
sin as beallach, agus thugadar cineul
geallta chlaonadh dhó, acht dúbhradar ná'r
bh'fhéidir leo nidh air bith mar so a dhéanadh
no a dhearbhughadh, no go g-cuirfidhe an meud
a dúbhradh ós cómhair cinn na h-Eaglaise
agus cead d'fhághail uaidh chlaonadh do'n
impidhe. Sin é freagradh na n-Easpog.
a'n lá sin amach go d-tí fiche bhliadhain 'na
dhiaigh do bhí gach duine in Éirinn faoi bhruth
agus bhuaidhreadh, ag déanadh cómhbhraic ós
árd agus ós ísiol, le namhaid amuigh agus
astigh, mar gheall air an g-cead toirmeasgtha
so a bhí uachdaráin Feise Sacsan ag iarraidh
air Chléir Éireann.
D'éirigheadar fir fóghlumtha feasacha, lán
de mheisneach, ní h-é amháin cléirigh acht
tuathaigh, agus d'árduigheadar a nguth go
h-árd, agus ghlaoidheadar air na h-Easpog-
aibh agus air Phápa na Róimhe, gan cead air
bith no cúmhacht air bith a thabhairt do mhuintir
na Sacsan, ag déanadh rogha no togha air
adhbhar Easpoig do thuathaibh na h-Éireann.
Dá bh-faghadh siad aon orlach amhain, cuirfidh
siad isteach a lámha, agus bhrisfidís long na
h-Eaglaise Catoilicighe in Éirinn agus do
bheidheadh sinn fá dheire mar tá anois
Catoilicighe na h-Áirde in-oir gan cléir,
gan easpog, gan riaghlughadh faoi stiur
an fhíor-chreidimh. D'éirigh Dómhnall Ua
Connaill, agus an t-Easpog Dómhnall
Ua Murchadha agus fir treunmhara eile a
righne troid mhaith chródha in aghaidh ceada
toirmeasgtha.
Do maoluigheadh bruth agus báinidh na tíre
go mór air an g-ceist so i d-timchioll
bliadhna 1815.
Fuair Pitt bás ó bhriseadh croidhe in 1806
agus cuireadh Tighearna Chaisléin-riabhaigh
as a uachtaránas ins an am ceudna.
In 1812, thug Feis Sacsan ceithre-míle-
deug púnta airgid as árd-chiste na tíre le
fóghluim agus teagasg a sgeith air phobal na
h-Éireann. Do chuir na Gaill in gach baile
agus in gach paráisde scola air bun do
thugadar múineadh i d-tosach d'á muintir
féin; acht tar éis seala, do thosuigheadar ag
tabhairt na g-Catoiliceach bocht isteach, agus
le teann airgid agus bronntanais do shar-
uigheadar cho mór sin orra, gur thángadar
ag éisteacht leo.
Is mar so do bhí se i m-bliadhain 1818-
agus 1819 — am gantanais agus anró,
nuair do bhí na daoine bochta, bruighte,
briste faoi anshógh agus amhgar;— lag ó
ocras; lom ó bhochtanas, sáruighthe ó
bhronntanasaibh agus ó ghealltaibh go
bh-fuigheadh siad léighean agus sógh.
Níor áirigh an lucht faire, go raibh se cho
dona a's do bhí. Bhí inntinn na g-ceannart
Catoiliceach, idir cléir agus tuataidhibh,
gabhtha leis na g-ceistibh eile — an toirmeasg,
agus tuarastal do'n g-cléir — le breathnu-
ghadh a dhéanadh i n-diaigh na muintire a bhí
déanadh slaid air lucht an chreidimh i measg
Catoiliceach bocht na h-Éireann.
So h-é an t-am in ar' thóg Seághan Mac
Héil a pheann, agus do thosuigh se ag
sgríobhadh i d-tosach chum Sagart agus Eas-
pog na h-Éireann air an millteanas a bhí
na Gaill ag déanadh air chreideamh na
m-bochtán. Annsin mar Dháibhidh óg ós
cómhair na bh-Filistíneach righne se troid
agus cómhbhrac in aghaidh na bh-fathach budh mhó
in a measg. Agus ní h-é amháin go bh-fuair
se buaidh — mar d'admhuigheadar a náimhde,
acht fuair se cáil mhór agus clú iongantach
a bhí ag leanamhain le n-a ainm ó'n lá sin
go d-tí lá a bháis agus a leanfas leis go
bráth. Do sgríobh se ní h-é amháin in aghaidh
a namhaid, acht do sgríobh se litreacha puibh-
lidhe air an stáid bhoicht in a raibh muintir na
h-Éireann báidhte, air an g-cáil in a
rabhadar, gan léighean, gan eolus, gan ór,
gan airgead, gan saidhbhreas air bith, acht a
g-creidheamh amháin — na Gaill agus Eaglais
na Sacsan ag saltairt orra, mar bheidheadh
siad air bheithighibh brúdamhla; gur bh'mhithid
iad a shaorughadh ó slábhacht, cead a bhronnadh
orra a g-creideamh a admháil go follusach,
fóghluim a thabhairt dóibh agus iad a chur air
bun cómhthrom amhail na Gaill iad féin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11