Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama, An t-Ochtmhadh Caibidil.
Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama, An t-Ochtmhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGHAIN MHIC HÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. Air n-a sgriobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an Athair Ionurramtha, Uileog i. De Búrc, Canónach na Cille Móire i d-Tuaim. An t-Ochtmhadh Caibidil. Gach leanbh mar oiltear, — Sean-fhocal. Tá sean-fhocal i measg na n-daoineadh, - so é, — “Ní fághthar léighean as leamhnacht.” Mar so do bhí se le Seághan MacHéil. Do bhí cúig míle bealaigh gach lá aige le dul ann scoile, air cois no air marcuigheacht. Is iomdha uair do righne se an t-aisdear air cois. Air feadh tráth, fuair se de, mhaoin a athar féin, aoidheacht, se sin biadh agus digh i d-tigh deirshiura a mháthar, Caitilín NighMhaoil- Chiaráin a bhí ins an am so 'na cómhnuighe aig tigh-phobuil Chruimlinne, baile beag a tá i sean-pharáisde an Torloich, gar go baile Chaisleáin-an-Bharraigh. Bhí seisear deirshiur aig máthair Seághain óig; do bhí árus, áit-cómhnuighe no gabhaltas aca air leith, níor bha ro-fhada ó'n m-baile in a raibh mac óg a n-deirshiura, Máire NicHéil, ag fóghluim Laidne. Ní raibh teach aca, móran, nach raibh se seal geárr air cuairt ann. Agus ó'n lá sin go d-tí an lá an-diu, tá bród agus lúthgháir air a mhuin- tir gaoil, agus air a cholcheatharachaibh, agus air chlainn na muintire a bhí ann 'san am sin go raibh macaomh cho múinte, macánta, meannmnach ag fághail fóghluma tráth i measg a charad. Bhí amanna cinnte ann agus bhí se seachtmain no b'fhéidir caoigís in aon tigh ag taisbeánadh agus ag fághail cáirdis, mar budh ghnáthach le daoinibh toghtha, d'á chuid gaoil, ag suidhe leo, agus ag fósughadh tamal le chách. Nuair do tháinic Dia-Sathurn d'fhill se a bhaile tráthnóna an lae sin go b-feicfeadh se a mháthair agus a athair, agus go n-déanfadh se ceileabhar leo, agus le n-a mhuintir a bhí i ngar-ghaol dó. Is mar so do chaith se laethe a scoilidheachta; Laidin agus cuid bheag de Ghréigis in aoin- fheacht le aireamhacht d' fhóghluim se ó'n Standunach. In aimsir an fhóghmhair 1807, fuair se órdughadh ó Dhoiminic Billeog, Easpog Chille- alaidh dul go Coláisde Mhaighe-Nuadhat. D'imthigh leis go fonnmhar. Ní raibh cóistidh ins an am sin go coitchionn in Éirinn. Sin í an bhliadhain in ar' thosuigh Searlus Bian- coni ag tiomáint cár agus cóiste puiblidhe air na bótharaibh móra ó bhaile Chluanameala go Portlairge. Air marcuigeacht mar sin in aoinfheacht le n-a dhearbhráthair budh sine, air dhruim eich, do triall se ann bealaigh go coláisde Mhaighe-Nuadhat: coláisde nuadh go lucht na h-Éireann. Ins an am sin ní raibh se i bh-fad air bun, ag dul ann a dhá- bhliadhain-deug. Ní le grádh do na Cato- licigibh cuireadh air bun é, — acht le h-eagla
go m-beidís na sagairt óga, mar bhidheadar fir óga na h-Eorpa ins an am sin, líonta le spiorad éirghe a dhéanadh in aghaidh ríogh agus in aghaidh árd-réime agus árd-fhlaithis n-a riaghala. Mar sin dé, le deagh-chómhairle Éadhmoin De Búrc, do chuir Feis Sacsann coláisde Mhaige Nuadhat air bun, agus fuaradar sealbh air shean-áit-cómhnuighe na nGearaltach i g-Cúige Laighean. So h-é an coláisde in ar' cuireadh Seághan MacHéil agus adhbhair sagart eile ó gac easpogacht air faid na h-Éireann. Agus is maith an obair, buidheachas agus moladh do Dhia, righne an coláisde ceudna ó shoin i leith go d-tí an lá a tá ann an-diu. Ní raibh se deacair do'n mhacaomh múinte eolgach so “dul-i- steach” d'fhághail i measg mac-léighin fóghlumtha. Air an bh-ficheadh lá de mhí-mheádhoin an fhóghmhair 1807, do sgríobhadh ainm Sheághain MhicHéil i leabhraibh puiblidhe an choláisde. Do thosuigh se anois go grinn cródha ag cruinnughadh eoluis, agus ag déanadh fóghluma i Laidin, i nGréigis agus i Sacsbheurla. Ins an am sin ní ráibh aig na fearaibh-léighin, i m-baile, no as baile, mar tá i látair, graiméir i Sacsbheurla. Ní raibh aca acht leabhair Laidine amháin, ag buaint asta, do réir a d-tuairim, an mhéid budh cheart, cómhthrom, go Sacsbheurla. In ealadhain na saoi, agus in eolus diadhachta bhí se 'na fhear tosaigh a chomplachta féin. Ní raibh fonn mor air bith air, a intleacht a thabhairt do na h-ealadhanaibh grinne. Is mar so do chaith se a thearma, — seacht m-bliadhna,— 'san g-coláisde, no gur bhuail taom tinnis agus breoiteachta an fíor-Oide, — an t-Ollamh De-la-Hóg. Annsin, air an triochadmhadh lá de mí na Lúghnasa i m-bliadhain 1814, — árduigheadh Seághan MacHéil, do réir tola an uachdar- áin agus deagh-mheas a chomplachta féin le fóghluim a thabhairt dóibh, agus léighin a bhronnadh orra ó chathaoir an mhaighistir a bhí anois lag faoi ualach tinnis. I mí-mheádhoin an t-samhraidh ins an m-bliadhain cheudna do righneadh sagart dé faoi lámhaibh Easpoig chongnamhthaigh Átha- Cliath, Dómhnaill Uí Mhuireadhaigh, a bhí roimhe sin 'na Easpog air Hierapolis in partibus infidelium, ó lár an t-samhraidh 1809. Anois tá se 'na shagart agus 'na óide, ag briseadh bidh na fhóghluma do mhacaibh-léighin Catoiliceacha na h-Éireann. Ó'n meud do chonnairc se, agus chualaidh se, agus mheamhruigh se, ní h-iongnadh air bith go m-beidheadh se air lasadh le dúil an oireud a's dob' fhéidir leis a dhéanadh air son Dé agus air son clainne Dé a bhí faoi. Agus do righne se a dhóthain. An Naomhadh Caibidil. “During the short period that has passed before my observation, revolutions have arisen that have no parallel in history.” — Letters by (Hierophilos) John of Tuam, Feb., 1820. Is mar so bheirthear dúinn eolus as a bheul féin air an lán neitheadh éagsamhail noch do chonnairc agus chualaidh Seághan Mac Héil ó aimsir a phríomh-aoise go d-tí an bhliadhain 1820, an tráth air a bh-fuilmíd anois ag trácht. Tríd an Euróip go léir bhidheadar cogaidh agus cómhbhraic agus crádhadh gan críoch. Shaoilfeadh neach air bith go raibh an domhan mór air mire. Feuch an t-uasal agus an t-ísiol, an t-uachtarán agus an t-íochtarán, an saoi agus an daoi, an deagh-dhuine agus an droch-dhuine, an t-óg agus an t-aosda, an cléireach agus an tuata, ag troid agus ag cómhbhrac go h-iorghuil an bháis. Is millteach an t-amharc é — is mor, is dual dó, do ghoilfeadh fear óg meanmnach meisneamhail, agus mac-léighin maoth-chroidh- each air. Feuch arís, nuair nach raibh se acht an-óg, chualaidh se gur buaineadh an ceann de'n righ agus de'n bhainríoghain, de na sagartaibh, de gach uile mhaith, de gach uile shaoi, de gach uile fhear fiuntach, de gach uile ollamh, no neach uasal d'ár bh' fhéidir leis na h-uachtaránaibh
míriaghalta a bhreith no a ghabháil air. Gan righ, gan riaghlughadh, gan feis fhiosach fhiuntach, gan eaglais gan cléir: éirigheann na Francaighe in aghaidh na h-Eorpa air fad — briseann siad rómpa ríoghachta agus flaithis; faghann siad buaidh air gach tír agus gach cineadh, beagnach:— an t-sean-mhuintir aig a raibh ríoghachta agus árd-réim leis na céadta bliadhanta, táid leagtha air lár. Do bhí Éíre bhocht, ins an am ceudna, dona go leor; bhí fuil a leanbh 'gá dórtadh gan feidhm, gan toradh; agus bhí si féin mar Rachel, ag gul agus ag caoidh, óir do bhí mac- aoimh a bronn air lár sractha ós a cómhair. Budh chosamhail an domhan ins an am sin leis an muir mhóir measgtha go millteach faoi droch-shíon, ag árdughadh a tonn faoi bhruth suas ins an aer, agus 'gá g-cathadh go fraochmhar, feargach air an tráigh, no 'gá m-briseadh air na carraigibh: feuch na báid agus na longa briste, bruighte, scaptha no slugtha síos in áibhéis an dubhaigin. Sin chugaibh aghaidh na h-Eorpa, agus aghaidh ár d-tíre dúthchais féin, an tráth do bhí Seághan MacHéil ag éirghe suas na mhalrach. Nuair do chuir an t-Impire Napoleon an choróin air a cheann, do shaoil se go raibh se os cionn an domhain go léir. Do throid se leis an b-Pápa, Pius VII., acht seal 'na dhiaigh sin do leagadh air lár é fein agus a chúmhacht ins an m-bliadhain 1814. Is ins an tráth so do thosuigh an sagart óg Seághan MacHéil ag déanadh oibre i maithe do Dhia agus do'n duine, ag tabhairt eoluis do na macaibh-léighin méineacha do bhí faoi n-a stiuir, do réir iomláine a chúmhachta. Feicthear gur fhás an deagh-dhalta suas i laethibh lán de neithibh éagsamhla, air riocht ná'r thangadar leithéide chum críche ó aimsir sean-Impireachta na Róimhe. Ní iongnadh, mar sin dé, go raibh a aigne bros- tuighthe go mór; a intleacht glinn, a chroidhe ag maothughadh chum maitheas a dhéanadh mar budh dhual i d-taoibh Dé agus an duine. Deirthear gur thug se eolus soillseach so-thuigsiona, dearbhtha, fíor, in a ngnótaibh do na macaibh-léighin óga noch do bhí sé ag teagasg. Is minic dúbhairt na fir a righne foghluim faoi, na briathra so. Do léigh se go leor 'san am ceudna so. Righne se meamhracht air an nGréigis níos feárr agus níos doimhne ioná do righne se roimhe sin. Budh ghnáth leis, cuid d'obair chlúmhair Ghiobúin air an Impireacht Rómhánaigh do léigheadh sul do shuigheadh se síos chum sgríobhtha: agus d' aithsgríobhadh se cuid dí ó am go h-am. Feicimíd in a sgríbhinibh féin, i nGaedhilig agus i Sacsbheurla maraon, nidh éigin de mhodh-sgríobhtha an stáraidhe sin. Do chualaidh an té a sgríobhas na briathra so é ag rádh go minic gur léigh se 'san nGréigis air feadh fiche lá na ceithre leabhair air fhichid a tá sgríobhtha ins an obair d'ár b'ainm “Iliad Homéar.” Mar an g-ceudna, do léigh se arís agus arís na ceithre leabhair air fhichid eile do sgríobh Homéar, agus d'ár b'ainm an “Oidiseus.” Do léigh se a lán leabhar deagh-sgríobhtha i Sacsbheurla; agus righne se ós ísiol go leor a chur i sgríbhin le blas agus brigh agus bláth. Do bhí eolus maith aige air an d-teangain Fhraincis; óir budh ghnáth leis labhairt in a d-teangain féin leis na h-oididhibh do tháinic ó'n bh-Frainc, agus do bhí aig an am sin ins an g-Clochar. Ins an m-bliadhain 1820, d'eug an t-ollamh fóghlumtha agus oide onóireach, an t-Athair De-la-Hóg; agus ins an m-bliadhain cheudna, i mí dheigheanaigh an t-Samhraidh, do h-árduigh- eadh an t-Athair Seághan Mac-Héil ó bheith 'na fhear teagaisg le bheith 'na bhuan-oide ag tabhairt eoluis agus ag múineadh intleachta do na fearaibh-eaglaise, do bhí, i seal geárr iad féin, le clann na h-Éireann air fad a dhealrughadh agus a riaghlughadh. An Deachmhadh Caibidil. I m-bliadhain ocht céad deug agus fiche sul righneadh buan-oide de'n athair Seághan Mac Héil do thosuigh se ag cur sgríbhin puiblidhe ós comhair an domhain ag tais-
beánadh má bhidheadar na fir treuna a chuaidh rómpa roimhe so, marbh no leagtha air lár, go raibh fir threunmhara óga eile ag fás suas agus ag glacadh seilbhe air a n-áit cosainte. Do sgríobh se, mar deirtear, ní ós cionn a ainme agus a shloinne féin, acht ós cionn scáth-ainme Ghréigis “Hieropilos.” Agus is in aghaidh boirbe, agus breug-chrái- bheachta na nGall Shacsan, do sgríobh se a phríomhlitreacha chum Sagart na h-Éireann go h-uile. Ionnos go m-beidheadh eolus aig an té a léigheas, air an g-caoi do bhí muintir na h-Éireann, agus go h-áirighthe Catolicighe na tíre ins an am so, tá se riachtanach amharc siar air an m-bliadhain 1800 agus breath- nughadh a dhéanadh air phríomh-fhear Feise na Sacsan — Uilliam Pitt, agus air Príomh- Rúnaidhe na h-Éireann, Tighearna Chaisléin- riabhaigh. Bliadhanta roimhe so bhí se 'na g-croidhthibh cóimhcheangal a dhéanadh in am áirighthe idir Éire agus Sacsa, agus righnea- dar é. Tá fios aig an domhan cia an chaoi — le gliocas agus éigceart, le feall agus fealtanas, le dún-mharbhadh ná n-daoineadh bocht, le feall-bheart air na deagh-dhaoinibh, agus le fóghail fraochmhar, fiadhain a dhéanadh air an tír air fad. Ní'l aon gar ag caint níos faide air an g-cleas cráidhte so. Tá se thart. Acht ní raibh a sáith ins an meud sin; budh mhian leo go leor níos mó 'ná sin a dhéanadh. Agus cad é an nidh é? Budh mhian leo Éire Chatoiliceach a athrugh- adh go h-iomlán; agus muna n-déanfaidhe Gaill díobh, rod éigin eile a dhéanadh dhíobh a bheith cho maith nó cho dona; — a g-creidheamh a bhuaint uatha, pagánaighe fiuntacha a dhéanadh dhíobh — agus iad a bheith annsin gan croidhe, gan creideamh, gan coguas. Bheidheadh siad annsin gan eolus air Dhia, agus fa dheire gan meas air an duine. Cad é an chaoi ar' chuir Pitt agus Tighearna Chaisléin-riabhaigh rómpa an meud sin do dhéanadh? Ins an g-ceud áit, ag glacadh in a lámhaibh féin na n-Easpog Catoiliceach gan cead a thabhairt aon Easpog amháin a dhéanadh acht an pearsa-eaglaise úd lér' mhian iad-san a shásughadh air gach nós. Ins an dara áit, tuarastal a thabhairt do chléir na h-Éireann air fad. Ins an tríomhadh áit, scoilidheacht agus teagasg a thabhairt do mhuintir óig na tíre as leabhraibh eiriceachta agus do réir eoluis na ministéiridh gallda. Do bhí an rún so in a n-inntin ó thús roimh an cóimh-cheangal a déanadh idir Éire agus Sacsa, agus 'na dhiaigh sin. Acht ciannos ar' chraobhsgaoil siad an rún so do'n tír? Is mar so do righneadar é:— Do chuir Tighearna Chaisléin-riabhaigh fios air Easpogaibh na h-Éireann teacht in aoinfheacht i m-baile Átha-Cliath; nuair do bhí deichneabhar aca cruinn, se sin na ceithre áirdeaspoig agus seisear eile, dúbhairt se leo go raibh aige sgeul maith le h-innseacht dóibh, a chuirfeadh lúthgháir in a g-croidhthibh: — budh mhian le árd-riaghluigh- theoir na Sacsan, dúbhairt se: (a), saoir- seacht a thabhairt do na Catoilicighibh; (b) tuarastal a bhronnadh gach bliadhain air na sagartaibh; (c), léighean agus fógluim a sgeith i measg na n-daoineadh. Budh mhaith an sgeul, dúbhradar na h-Easpoig, a cuireadh rómpa. Is aoibhinn liom, ar Caisleán-riabhach, gur taithneamhach libh é agus go nglacann sibh cho sásda na bronntanais támaoid-ne réidh le tabhairt dhaoibh-se, in áit na b-pianta agus na geurleanamhna do cuireadh orraibh agus air na Catoilicighibh leis na cianta. Bhéarfamaoid-ne go fonn- mhar an meud so do gheall me dhaoibh: acht tá aon rud beag amháin le h-iarraidh orraibh-se air an d-taoibh eile, agus tá fios agam go d-tabharfaidh sibh an nidh sin dam gan bac: — ní mórán é, acht go díreach, le sinn-ne, agus muintir na Sacsan, agus na Neamh-Chatoilicighe a shásughadh; agus, mar an g-ceudna, le taisbeánadh go bh-fuil sibh réidh fóghnadh a thabhairt do'n righ agus a bheith dá ríribh linne air gach beallach. So é an meud tamaoid ag iarraidh orraibh: Cead toirmeasgtha a thabhairt dúinn air dhéanadh
gách Nuadh-Easpoig, sul cuirfidhe é ós cionn easpogachta air bith. Ní móran an meud sin. Dúbhradar na h-Easpoig a bhí cruinn ann an lá sin — in 1799, nach raibh an t-impidhe sin as beallach, agus thugadar cineul geallta chlaonadh dhó, acht dúbhradar ná'r bh'fhéidir leo nidh air bith mar so a dhéanadh no a dhearbhughadh, no go g-cuirfidhe an meud a dúbhradh ós cómhair cinn na h-Eaglaise agus cead d'fhághail uaidh chlaonadh do'n impidhe. Sin é freagradh na n-Easpog. a'n lá sin amach go d-tí fiche bhliadhain 'na dhiaigh do bhí gach duine in Éirinn faoi bhruth agus bhuaidhreadh, ag déanadh cómhbhraic ós árd agus ós ísiol, le namhaid amuigh agus astigh, mar gheall air an g-cead toirmeasgtha so a bhí uachdaráin Feise Sacsan ag iarraidh air Chléir Éireann. D'éirigheadar fir fóghlumtha feasacha, lán de mheisneach, ní h-é amháin cléirigh acht tuathaigh, agus d'árduigheadar a nguth go h-árd, agus ghlaoidheadar air na h-Easpog- aibh agus air Phápa na Róimhe, gan cead air bith no cúmhacht air bith a thabhairt do mhuintir na Sacsan, ag déanadh rogha no togha air adhbhar Easpoig do thuathaibh na h-Éireann. Dá bh-faghadh siad aon orlach amhain, cuirfidh siad isteach a lámha, agus bhrisfidís long na h-Eaglaise Catoilicighe in Éirinn agus do bheidheadh sinn fá dheire mar tá anois Catoilicighe na h-Áirde in-oir gan cléir, gan easpog, gan riaghlughadh faoi stiur an fhíor-chreidimh. D'éirigh Dómhnall Ua Connaill, agus an t-Easpog Dómhnall Ua Murchadha agus fir treunmhara eile a righne troid mhaith chródha in aghaidh ceada toirmeasgtha. Do maoluigheadh bruth agus báinidh na tíre go mór air an g-ceist so i d-timchioll bliadhna 1815. Fuair Pitt bás ó bhriseadh croidhe in 1806 agus cuireadh Tighearna Chaisléin-riabhaigh as a uachtaránas ins an am ceudna. In 1812, thug Feis Sacsan ceithre-míle- deug púnta airgid as árd-chiste na tíre le fóghluim agus teagasg a sgeith air phobal na h-Éireann. Do chuir na Gaill in gach baile agus in gach paráisde scola air bun do thugadar múineadh i d-tosach d'á muintir féin; acht tar éis seala, do thosuigheadar ag tabhairt na g-Catoiliceach bocht isteach, agus le teann airgid agus bronntanais do shar- uigheadar cho mór sin orra, gur thángadar ag éisteacht leo. Is mar so do bhí se i m-bliadhain 1818- agus 1819 — am gantanais agus anró, nuair do bhí na daoine bochta, bruighte, briste faoi anshógh agus amhgar;— lag ó ocras; lom ó bhochtanas, sáruighthe ó bhronntanasaibh agus ó ghealltaibh go bh-fuigheadh siad léighean agus sógh. Níor áirigh an lucht faire, go raibh se cho dona a's do bhí. Bhí inntinn na g-ceannart Catoiliceach, idir cléir agus tuataidhibh, gabhtha leis na g-ceistibh eile — an toirmeasg, agus tuarastal do'n g-cléir — le breathnu- ghadh a dhéanadh i n-diaigh na muintire a bhí déanadh slaid air lucht an chreidimh i measg Catoiliceach bocht na h-Éireann. So h-é an t-am in ar' thóg Seághan Mac Héil a pheann, agus do thosuigh se ag sgríobhadh i d-tosach chum Sagart agus Eas- pog na h-Éireann air an millteanas a bhí na Gaill ag déanadh air chreideamh na m-bochtán. Annsin mar Dháibhidh óg ós cómhair na bh-Filistíneach righne se troid agus cómhbhrac in aghaidh na bh-fathach budh mhó in a measg. Agus ní h-é amháin go bh-fuair se buaidh — mar d'admhuigheadar a náimhde, acht fuair se cáil mhór agus clú iongantach a bhí ag leanamhain le n-a ainm ó'n lá sin go d-tí lá a bháis agus a leanfas leis go bráth. Do sgríobh se ní h-é amháin in aghaidh a namhaid, acht do sgríobh se litreacha puibh- lidhe air an stáid bhoicht in a raibh muintir na h-Éireann báidhte, air an g-cáil in a rabhadar, gan léighean, gan eolus, gan ór, gan airgead, gan saidhbhreas air bith, acht a g-creidheamh amháin — na Gaill agus Eaglais na Sacsan ag saltairt orra, mar bheidheadh siad air bheithighibh brúdamhla; gur bh'mhithid
iad a shaorughadh ó slábhacht, cead a bhronnadh orra a g-creideamh a admháil go follusach, fóghluim a thabhairt dóibh agus iad a chur air bun cómhthrom amhail na Gaill iad féin. An t-Aonmhadh Caibidil Deug. Cuireadh ós bhur g-cómhair an meud do righne an t-oide Seághan Mac Héil ó'n m-bliadhain 1820 go 1825, ós árd, ag sgríobhadh litreach ins na páipeuraibh puiblidhe. Do shaoileadar na Sacsannaighe an t-am sin go m-budh mhillteach madramhail a leitid de litreachaibh a sgríobhadh. Acht go cinnte níor bh'eadh. Ní dúbhairt se ionnta acht an fhírinn ghlan. Deirtear linn gur searbh an fhírinn féin. Ní rabhadar cleach- tach air an fhírinn do chlos. Roimh an am sin ní raibh aon gar ag caint leo. Cia an nós do righneadar na Uoluntiridh cómhrádh leo? — righneadar é as beul guna mór. Ó bheul na g-Catoiliceach ní chualadar guth leis na cianta. Mar sin dé, bhí ion- gantas orra. Níor thuigeadar é. Bhí an oiread iongantais orra an tráth sin ag léigheadh litreach Hierophilos no ag éisteacht leo — agus do bhí orra a n-urraigh faoi chómhrádh Pharneill i d-Tigh na Feise. Sin chugaibh, a lucht léighthe, an meud do righne Seághan MacHéil ós árd gus an m-bliadhain 1825. Anois cuirthear ós cómhair na muintire a léigheas an leabhair so an chaoi do chaith an t-oide óg a bheatha ós ísiol air feadh na m-bliadhan ceudna. An tráth nach raibh se ag tabhairt teagaisg do'n chomplacht macaomh óg a bhí faoi n-a threorughadh, bhidheadh se tugtha do ghnóthaibh is dual do shagart a dhéanadh: bhidheadh se seal in Áth-Cliath; no i g-Cartun i d-tigh Mhic Ghearailt, ceannairt Laighean no le sagart- aibh ag siubhal amach faoi'n tír, no air marcaigeacht. Deirtear linn go raibh se ins an am sin, seang, acht lúthmhar, ligthe, fearamhail, urránta. Ag dul go h-Át-cliath, ní raibh gleus aisdir air bith aige, acht air dhruim capaill, se sin, air marcaigheacht, no air cois ag siubhal. Is iomdha uair do chuaidh se do'n bhaile mór air cois — ag dul ann agus filleadh air ais an lá ceudna i d-timchioll deich mile air fhichid bealaigh, ag teacht agus ag imtheacht. I measg na sagart óg agus na n-oideadh óg, budh h-é an fear dob' urránta agus budh ligthe, no lúthmhara i siubhal air cois, aig marcaigheacht, no gleus gaisgidheachta air bith eile. Is minic do fuair se cuireadh aig tigh mór an Chartuin. Is minic mar an g-ceudna bhidheadh na sagairt Francacha a tháinic go h-Éirinn ó'n bh-Frainc, aig bórd in aoinfheacht leis, agus is iomdha stáir ghreann- mhar bhí aige d'á m-bárr, i g-caitheadh tearma a shaoghail tar éis an ama sin, ag smuaineadh agus ag trácht air na laethibh nuair do bhidh- eadh na fir fóghlumhtha sin ag déanadh a n- dóthain Sacsbheurla blasda a labhairt. Gach Samhradh agus air amannaibh eile budh ghnáthach leis an oide teacht d'á bhaile féin — no go Cill-alaidh, le seal aimsire a chathadh leis an Easpog — an t-Ollamh ró-urrumtha Pea- dar Ualdronach, no seal le Áirdeaspog Thuama, Olibher Ua Ceallaigh. Ó am go h-am righne se seanmóir do luadh do na h-Easpogaibh so, i d-tráthaibh puiblidhe, no aig aimsir féile móire mar an g-Cáisg, no an Diathordain roimhe, no Aoine an Cheusta. Is ins an m-bliadhain 1814 do righneadh an t-Athair Peadar Ualdronach 'na Easpog air Chill-alaidh. Do bhí se roimhe sin 'na áirdiacún i bh-fairce Thuama, agus Sagart Páráisde air Bhracan, áit gar do bhaile iongantach an Chnoic i g-Condae Mhaigheo. Fuair an t-Easpog Billeogach bás i m- bliadhain 1812. Do bhí se anois 'na Easpog ós cionn Chille-alaidh dhá-bliadhain-deug agus fiche, óir do righneadh Easpog dé A.D. 1780. Fuair se bás obann — acht bhí se réidh úllmhuighthe roimhe. Fuair se cuireadh dul go h-Át-cliath aig dáil Easpog na h-Éireann faoi an g-cead toirmeasgtha a bhronnadh no gan a bhronnadh, air Arduachtarán na Feise Ríoghamhla. Do thiomáin se a chaplaidh agus
a charbad féin. Thug se a rádh in aghaidh cead a thabhairt do'n Urraigh Ríoghamhail toir- measg a bheith aige air nuadh-Easpog. Ag filleadh i m-baile dhó, aig Muillin-geárr, ghlacadar na caplaidh scanradh, agus thuit an t-Easpog as an g-carbad, agus gortui- gheadh go mór é. Ó'n m-brughadh agus an leonadh d'éirigh dhó, ní bh-fuair se biseach. Do bhí laethe a bheatha líonta suas le deagh- oibreachaibh agus do ghlaoidh an Tighearna chuige féin é. Cuireadh a fhuighill, no a chorp a g-Cill na Maighne ins an g-cuaine faoi thúr an teampuill. Mar gheall go raibh Árdcheann na h-Eag- laise i ngeibhinn aig Napoleon ní righneadh easpog a chruthughadh air feadh na h-aimsire sin. Agus mar gheall air sin, ní raib eas- pog nuadh ós cionn Chille-alaidh go d-tí an mhí dheigheanach 'san bh-fóghmhar i m-bliadhain 1814, nuair do righneadh Easpog de'n Athair Peadar Ualdronach air a bh-fuil trácht againn shuas. Do bhí se mar sin dé, deich m-bliadhna ós cionn Fairce Cille-alaidh i m-bliadhain 1824: agus ó thárla go raibh se dul in aois foirse, bhi se cráidhte, agus gan meisneach gan lúth no neart in a chnámhaibh le obair mhóir air bith do dhéanadh. Mar sin dé, d'iarr se Easpog congnamhthaigh a bheith aige. Dúbhairt se so le roinn d'á chuid sagart. Agus ag breath- nughadh thart orra air fad, cá bh-fuil an fear a bhí níos óir dheirce, níos fheidhmeamhla, faoi cháil agus chlú níos mó 'ná bhí Seághan Mac Héil, oide diadhachta i g-coláisde Mhaighe- Nuadhat, fear d'á fhairce fhéin agus d'á mhuintir féin. Righne an t-Easpog Ualdronach rogha, mar sin, de Seághan Mac Héil; do shásuigh an rogha so leis an g-cléir, agus do cuireadh a ainm do'n Róimh, le inntinn go n-déanfaidhe a thogha 'dan Roimh agus go n-déanfaidhe easpog dé. Air an 31 adh lá de cheud mhí na bliadhna 1825 do thogh an Phropaganda a ainm, agus dúbhradar na Cárdinail 'gur b'é a bheidheadh 'na Easpog coghnamhthach aig an Easpog Ual- dronach. Air an dara lá de mhí na bh-faoi- lidh do thug an Pápa a thoil do'n rogha agus d'aontuigh se dhó; agus air an 12 adh lá cuir- eadh amach litir an Phapa. Air an chúigeadh lá de mhí mheádhoin an t-Samhraidh 'na dhiaigh, do righneadh a choisreacan 'na Easpog i g- Coláisde Maighe-Nuadhat. (Le bheith air leanamhain.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services