Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama, An t-Ochtmhadh Caibidil.

Title
Beatha Sheághain Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama, An t-Ochtmhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEATHA SHEÁGHAIN MHIC HÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.



Air n-a sgriobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
Athair Ionurramtha, Uileog i. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.



An t-Ochtmhadh Caibidil.



Gach leanbh mar oiltear, — Sean-fhocal.



Tá sean-fhocal i measg na n-daoineadh, -
so é, — “Ní fághthar léighean as leamhnacht.”
Mar so do bhí se le Seághan MacHéil. Do
bhí cúig míle bealaigh gach lá aige le dul ann
scoile, air cois no air marcuigheacht. Is
iomdha uair do righne se an t-aisdear air cois.
Air feadh tráth, fuair se de, mhaoin a athar
féin, aoidheacht, se sin biadh agus digh i d-tigh
deirshiura a mháthar, Caitilín NighMhaoil-
Chiaráin a bhí ins an am so 'na cómhnuighe
aig tigh-phobuil Chruimlinne, baile beag a tá
i sean-pharáisde an Torloich, gar go baile
Chaisleáin-an-Bharraigh.



Bhí seisear deirshiur aig máthair Seághain
óig; do bhí árus, áit-cómhnuighe no gabhaltas
aca air leith, níor bha ro-fhada ó'n m-baile in
a raibh mac óg a n-deirshiura, Máire
NicHéil, ag fóghluim Laidne. Ní raibh teach
aca, móran, nach raibh se seal geárr air
cuairt ann. Agus ó'n lá sin go d-tí an lá
an-diu, tá bród agus lúthgháir air a mhuin-
tir gaoil, agus air a cholcheatharachaibh, agus
air chlainn na muintire a bhí ann 'san am
sin go raibh macaomh cho múinte, macánta,
meannmnach ag fághail fóghluma tráth
i measg a charad. Bhí amanna cinnte ann
agus bhí se seachtmain no b'fhéidir caoigís
in aon tigh ag taisbeánadh agus ag fághail
cáirdis, mar budh ghnáthach le daoinibh toghtha,
d'á chuid gaoil, ag suidhe leo, agus ag
fósughadh tamal le chách. Nuair do tháinic
Dia-Sathurn d'fhill se a bhaile tráthnóna an
lae sin go b-feicfeadh se a mháthair agus a
athair, agus go n-déanfadh se ceileabhar leo,
agus le n-a mhuintir a bhí i ngar-ghaol dó.
Is mar so do chaith se laethe a scoilidheachta;
Laidin agus cuid bheag de Ghréigis in aoin-
fheacht le aireamhacht d' fhóghluim se ó'n
Standunach.

In aimsir an fhóghmhair 1807, fuair se
órdughadh ó Dhoiminic Billeog, Easpog Chille-
alaidh dul go Coláisde Mhaighe-Nuadhat.
D'imthigh leis go fonnmhar. Ní raibh cóistidh
ins an am sin go coitchionn in Éirinn. Sin
í an bhliadhain in ar' thosuigh Searlus Bian-
coni ag tiomáint cár agus cóiste puiblidhe
air na bótharaibh móra ó bhaile Chluanameala
go Portlairge. Air marcuigeacht mar sin
in aoinfheacht le n-a dhearbhráthair budh sine,
air dhruim eich, do triall se ann bealaigh go
coláisde Mhaighe-Nuadhat: coláisde nuadh
go lucht na h-Éireann. Ins an am sin ní
raibh se i bh-fad air bun, ag dul ann a dhá-
bhliadhain-deug. Ní le grádh do na Cato-
licigibh cuireadh air bun é, — acht le h-eagla


L. 138


go m-beidís na sagairt óga, mar bhidheadar
fir óga na h-Eorpa ins an am sin, líonta
le spiorad éirghe a dhéanadh in aghaidh ríogh
agus in aghaidh árd-réime agus árd-fhlaithis
n-a riaghala. Mar sin dé, le deagh-chómhairle
Éadhmoin De Búrc, do chuir Feis Sacsann
coláisde Mhaige Nuadhat air bun, agus
fuaradar sealbh air shean-áit-cómhnuighe na
nGearaltach i g-Cúige Laighean. So h-é an
coláisde in ar' cuireadh Seághan MacHéil
agus adhbhair sagart eile ó gac easpogacht
air faid na h-Éireann. Agus is maith an
obair, buidheachas agus moladh do Dhia, righne
an coláisde ceudna ó shoin i leith go d-tí an
lá a tá ann an-diu. Ní raibh se deacair
do'n mhacaomh múinte eolgach so “dul-i-
steach” d'fhághail i measg mac-léighin
fóghlumtha.



Air an bh-ficheadh lá de mhí-mheádhoin an
fhóghmhair 1807, do sgríobhadh ainm Sheághain
MhicHéil i leabhraibh puiblidhe an choláisde.
Do thosuigh se anois go grinn cródha ag
cruinnughadh eoluis, agus ag déanadh
fóghluma i Laidin, i nGréigis agus i
Sacsbheurla. Ins an am sin ní ráibh aig na
fearaibh-léighin, i m-baile, no as baile, mar
tá i látair, graiméir i Sacsbheurla. Ní
raibh aca acht leabhair Laidine amháin, ag
buaint asta, do réir a d-tuairim, an mhéid
budh cheart, cómhthrom, go Sacsbheurla. In
ealadhain na saoi, agus in eolus diadhachta
bhí se 'na fhear tosaigh a chomplachta féin.
Ní raibh fonn mor air bith air, a intleacht a
thabhairt do na h-ealadhanaibh grinne. Is
mar so do chaith se a thearma, — seacht
m-bliadhna,— 'san g-coláisde, no gur bhuail
taom tinnis agus breoiteachta an fíor-Oide,
— an t-Ollamh De-la-Hóg.



Annsin, air an triochadmhadh lá de mí na
Lúghnasa i m-bliadhain 1814, — árduigheadh
Seághan MacHéil, do réir tola an uachdar-
áin agus deagh-mheas a chomplachta féin le
fóghluim a thabhairt dóibh, agus léighin a
bhronnadh orra ó chathaoir an mhaighistir a bhí
anois lag faoi ualach tinnis.



I mí-mheádhoin an t-samhraidh ins an
m-bliadhain cheudna do righneadh sagart dé
faoi lámhaibh Easpoig chongnamhthaigh Átha-
Cliath, Dómhnaill Uí Mhuireadhaigh, a bhí
roimhe sin 'na Easpog air Hierapolis in
partibus infidelium, ó lár an t-samhraidh
1809. Anois tá se 'na shagart agus 'na
óide, ag briseadh bidh na fhóghluma do
mhacaibh-léighin Catoiliceacha na h-Éireann.
Ó'n meud do chonnairc se, agus chualaidh
se, agus mheamhruigh se, ní h-iongnadh air bith
go m-beidheadh se air lasadh le dúil an
oireud a's dob' fhéidir leis a dhéanadh air son
Dé agus air son clainne Dé a bhí faoi.
Agus do righne se a dhóthain.

An Naomhadh Caibidil.



“During the short period that has passed before my
observation, revolutions have arisen that have no parallel
in history.” — Letters by (Hierophilos) John of Tuam,
Feb., 1820.



Is mar so bheirthear dúinn eolus as a
bheul féin air an lán neitheadh éagsamhail
noch do chonnairc agus chualaidh Seághan Mac
Héil ó aimsir a phríomh-aoise go d-tí an
bhliadhain 1820, an tráth air a bh-fuilmíd
anois ag trácht.



Tríd an Euróip go léir bhidheadar cogaidh
agus cómhbhraic agus crádhadh gan críoch.
Shaoilfeadh neach air bith go raibh an domhan
mór air mire. Feuch an t-uasal agus an
t-ísiol, an t-uachtarán agus an t-íochtarán,
an saoi agus an daoi, an deagh-dhuine agus
an droch-dhuine, an t-óg agus an t-aosda,
an cléireach agus an tuata, ag troid agus
ag cómhbhrac go h-iorghuil an bháis. Is
millteach an t-amharc é — is mor, is dual
dó, do ghoilfeadh fear óg meanmnach
meisneamhail, agus mac-léighin maoth-chroidh-
each air.



Feuch arís, nuair nach raibh se acht an-óg,
chualaidh se gur buaineadh an ceann de'n righ
agus de'n bhainríoghain, de na sagartaibh, de
gach uile mhaith, de gach uile shaoi, de gach uile
fhear fiuntach, de gach uile ollamh, no neach
uasal d'ár bh' fhéidir leis na h-uachtaránaibh


L. 139


míriaghalta a bhreith no a ghabháil air. Gan righ,
gan riaghlughadh, gan feis fhiosach fhiuntach, gan
eaglais gan cléir: éirigheann na Francaighe
in aghaidh na h-Eorpa air fad — briseann
siad rómpa ríoghachta agus flaithis; faghann
siad buaidh air gach tír agus gach cineadh,
beagnach:— an t-sean-mhuintir aig a raibh
ríoghachta agus árd-réim leis na céadta
bliadhanta, táid leagtha air lár.



Do bhí Éíre bhocht, ins an am ceudna, dona
go leor; bhí fuil a leanbh 'gá dórtadh gan
feidhm, gan toradh; agus bhí si féin mar
Rachel, ag gul agus ag caoidh, óir do bhí mac-
aoimh a bronn air lár sractha ós a cómhair.
Budh chosamhail an domhan ins an am sin leis
an muir mhóir measgtha go millteach faoi
droch-shíon, ag árdughadh a tonn faoi bhruth
suas ins an aer, agus 'gá g-cathadh go
fraochmhar, feargach air an tráigh, no 'gá
m-briseadh air na carraigibh: feuch na báid
agus na longa briste, bruighte, scaptha no
slugtha síos in áibhéis an dubhaigin. Sin
chugaibh aghaidh na h-Eorpa, agus aghaidh ár
d-tíre dúthchais féin, an tráth do bhí Seághan
MacHéil ag éirghe suas na mhalrach.



Nuair do chuir an t-Impire Napoleon an
choróin air a cheann, do shaoil se go raibh se
os cionn an domhain go léir. Do throid se
leis an b-Pápa, Pius VII., acht seal 'na
dhiaigh sin do leagadh air lár é fein agus a
chúmhacht ins an m-bliadhain 1814.



Is ins an tráth so do thosuigh an sagart
óg Seághan MacHéil ag déanadh oibre i
maithe do Dhia agus do'n duine, ag tabhairt
eoluis do na macaibh-léighin méineacha do bhí
faoi n-a stiuir, do réir iomláine a chúmhachta.
Feicthear gur fhás an deagh-dhalta suas i
laethibh lán de neithibh éagsamhla, air riocht
ná'r thangadar leithéide chum críche ó
aimsir sean-Impireachta na Róimhe. Ní
iongnadh, mar sin dé, go raibh a aigne bros-
tuighthe go mór; a intleacht glinn, a chroidhe
ag maothughadh chum maitheas a dhéanadh mar
budh dhual i d-taoibh Dé agus an duine.



Deirthear gur thug se eolus soillseach
so-thuigsiona, dearbhtha, fíor, in a ngnótaibh
do na macaibh-léighin óga noch do bhí sé ag
teagasg. Is minic dúbhairt na fir a righne
foghluim faoi, na briathra so. Do léigh se
go leor 'san am ceudna so. Righne se
meamhracht air an nGréigis níos feárr agus
níos doimhne ioná do righne se roimhe sin. Budh
ghnáth leis, cuid d'obair chlúmhair Ghiobúin
air an Impireacht Rómhánaigh do léigheadh sul
do shuigheadh se síos chum sgríobhtha: agus d'
aithsgríobhadh se cuid dí ó am go h-am.
Feicimíd in a sgríbhinibh féin, i nGaedhilig
agus i Sacsbheurla maraon, nidh éigin de
mhodh-sgríobhtha an stáraidhe sin. Do chualaidh
an té a sgríobhas na briathra so é ag rádh go
minic gur léigh se 'san nGréigis air feadh
fiche lá na ceithre leabhair air fhichid a tá
sgríobhtha ins an obair d'ár b'ainm “Iliad
Homéar.” Mar an g-ceudna, do léigh se
arís agus arís na ceithre leabhair air
fhichid eile do sgríobh Homéar, agus d'ár
b'ainm an “Oidiseus.” Do léigh se a lán
leabhar deagh-sgríobhtha i Sacsbheurla; agus
righne se ós ísiol go leor a chur i sgríbhin
le blas agus brigh agus bláth. Do bhí
eolus maith aige air an d-teangain Fhraincis;
óir budh ghnáth leis labhairt in a d-teangain
féin leis na h-oididhibh do tháinic ó'n
bh-Frainc, agus do bhí aig an am sin ins an
g-Clochar.



Ins an m-bliadhain 1820, d'eug an t-ollamh
fóghlumtha agus oide onóireach, an t-Athair
De-la-Hóg; agus ins an m-bliadhain cheudna,
i mí dheigheanaigh an t-Samhraidh, do h-árduigh-
eadh an t-Athair Seághan Mac-Héil ó bheith
'na fhear teagaisg le bheith 'na bhuan-oide ag
tabhairt eoluis agus ag múineadh intleachta
do na fearaibh-eaglaise, do bhí, i seal geárr
iad féin, le clann na h-Éireann air fad a
dhealrughadh agus a riaghlughadh.



An Deachmhadh Caibidil.



I m-bliadhain ocht céad deug agus fiche
sul righneadh buan-oide de'n athair Seághan
Mac Héil do thosuigh se ag cur sgríbhin
puiblidhe ós comhair an domhain ag tais-


L. 140


beánadh má bhidheadar na fir treuna a chuaidh
rómpa roimhe so, marbh no leagtha air lár,
go raibh fir threunmhara óga eile ag fás
suas agus ag glacadh seilbhe air a n-áit
cosainte. Do sgríobh se, mar deirtear, ní
ós cionn a ainme agus a shloinne féin, acht
ós cionn scáth-ainme Ghréigis “Hieropilos.”
Agus is in aghaidh boirbe, agus breug-chrái-
bheachta na nGall Shacsan, do sgríobh se a
phríomhlitreacha chum Sagart na h-Éireann
go h-uile.

Ionnos go m-beidheadh eolus aig an té a
léigheas, air an g-caoi do bhí muintir na
h-Éireann, agus go h-áirighthe Catolicighe
na tíre ins an am so, tá se riachtanach amharc
siar air an m-bliadhain 1800 agus breath-
nughadh a dhéanadh air phríomh-fhear Feise na
Sacsan — Uilliam Pitt, agus air Príomh-
Rúnaidhe na h-Éireann, Tighearna Chaisléin-
riabhaigh. Bliadhanta roimhe so bhí se 'na
g-croidhthibh cóimhcheangal a dhéanadh in am
áirighthe idir Éire agus Sacsa, agus righnea-
dar é. Tá fios aig an domhan cia an chaoi
— le gliocas agus éigceart, le feall agus
fealtanas, le dún-mharbhadh ná n-daoineadh
bocht, le feall-bheart air na deagh-dhaoinibh,
agus le fóghail fraochmhar, fiadhain a
dhéanadh air an tír air fad.



Ní'l aon gar ag caint níos faide air an
g-cleas cráidhte so. Tá se thart. Acht ní
raibh a sáith ins an meud sin; budh mhian leo
go leor níos mó 'ná sin a dhéanadh. Agus
cad é an nidh é?



Budh mhian leo Éire Chatoiliceach a athrugh-
adh go h-iomlán; agus muna n-déanfaidhe
Gaill díobh, rod éigin eile a dhéanadh dhíobh a
bheith cho maith nó cho dona; — a g-creidheamh a
bhuaint uatha, pagánaighe fiuntacha a dhéanadh
dhíobh — agus iad a bheith annsin gan croidhe,
gan creideamh, gan coguas. Bheidheadh siad
annsin gan eolus air Dhia, agus fa dheire
gan meas air an duine.

Cad é an chaoi ar' chuir Pitt agus
Tighearna Chaisléin-riabhaigh rómpa an meud
sin do dhéanadh? Ins an g-ceud áit, ag
glacadh in a lámhaibh féin na n-Easpog
Catoiliceach gan cead a thabhairt aon Easpog
amháin a dhéanadh acht an pearsa-eaglaise úd
lér' mhian iad-san a shásughadh air gach nós.
Ins an dara áit, tuarastal a thabhairt do
chléir na h-Éireann air fad. Ins an tríomhadh
áit, scoilidheacht agus teagasg a thabhairt do
mhuintir óig na tíre as leabhraibh eiriceachta
agus do réir eoluis na ministéiridh gallda.
Do bhí an rún so in a n-inntin ó thús roimh
an cóimh-cheangal a déanadh idir Éire agus
Sacsa, agus 'na dhiaigh sin. Acht ciannos ar'
chraobhsgaoil siad an rún so do'n tír? Is
mar so do righneadar é:—



Do chuir Tighearna Chaisléin-riabhaigh fios
air Easpogaibh na h-Éireann teacht in
aoinfheacht i m-baile Átha-Cliath; nuair do
bhí deichneabhar aca cruinn, se sin na ceithre
áirdeaspoig agus seisear eile, dúbhairt
se leo go raibh aige sgeul maith le
h-innseacht dóibh, a chuirfeadh lúthgháir in a
g-croidhthibh: — budh mhian le árd-riaghluigh-
theoir na Sacsan, dúbhairt se: (a), saoir-
seacht a thabhairt do na Catoilicighibh; (b)
tuarastal a bhronnadh gach bliadhain air na
sagartaibh; (c), léighean agus fógluim a
sgeith i measg na n-daoineadh. Budh mhaith
an sgeul, dúbhradar na h-Easpoig, a
cuireadh rómpa. Is aoibhinn liom, ar
Caisleán-riabhach, gur taithneamhach libh é agus
go nglacann sibh cho sásda na bronntanais
támaoid-ne réidh le tabhairt dhaoibh-se, in áit
na b-pianta agus na geurleanamhna do
cuireadh orraibh agus air na Catoilicighibh
leis na cianta. Bhéarfamaoid-ne go fonn-
mhar an meud so do gheall me dhaoibh: acht
tá aon rud beag amháin le h-iarraidh
orraibh-se air an d-taoibh eile, agus tá fios
agam go d-tabharfaidh sibh an nidh sin dam
gan bac: — ní mórán é, acht go díreach, le
sinn-ne, agus muintir na Sacsan, agus na
Neamh-Chatoilicighe a shásughadh; agus, mar
an g-ceudna, le taisbeánadh go bh-fuil sibh
réidh fóghnadh a thabhairt do'n righ agus a bheith
dá ríribh linne air gach beallach. So é an
meud tamaoid ag iarraidh orraibh: Cead
toirmeasgtha a thabhairt dúinn air dhéanadh


L. 141


gách Nuadh-Easpoig, sul cuirfidhe é ós cionn
easpogachta air bith. Ní móran an meud
sin.



Dúbhradar na h-Easpoig a bhí cruinn ann
an lá sin — in 1799, nach raibh an t-impidhe
sin as beallach, agus thugadar cineul
geallta chlaonadh dhó, acht dúbhradar ná'r
bh'fhéidir leo nidh air bith mar so a dhéanadh
no a dhearbhughadh, no go g-cuirfidhe an meud
a dúbhradh ós cómhair cinn na h-Eaglaise
agus cead d'fhághail uaidh chlaonadh do'n
impidhe. Sin é freagradh na n-Easpog.
a'n lá sin amach go d-tí fiche bhliadhain 'na
dhiaigh do bhí gach duine in Éirinn faoi bhruth
agus bhuaidhreadh, ag déanadh cómhbhraic ós
árd agus ós ísiol, le namhaid amuigh agus
astigh, mar gheall air an g-cead toirmeasgtha
so a bhí uachdaráin Feise Sacsan ag iarraidh
air Chléir Éireann.



D'éirigheadar fir fóghlumtha feasacha, lán
de mheisneach, ní h-é amháin cléirigh acht
tuathaigh, agus d'árduigheadar a nguth go
h-árd, agus ghlaoidheadar air na h-Easpog-
aibh agus air Phápa na Róimhe, gan cead air
bith no cúmhacht air bith a thabhairt do mhuintir
na Sacsan, ag déanadh rogha no togha air
adhbhar Easpoig do thuathaibh na h-Éireann.
Dá bh-faghadh siad aon orlach amhain, cuirfidh
siad isteach a lámha, agus bhrisfidís long na
h-Eaglaise Catoilicighe in Éirinn agus do
bheidheadh sinn fá dheire mar tá anois
Catoilicighe na h-Áirde in-oir gan cléir,
gan easpog, gan riaghlughadh faoi stiur
an fhíor-chreidimh. D'éirigh Dómhnall Ua
Connaill, agus an t-Easpog Dómhnall
Ua Murchadha agus fir treunmhara eile a
righne troid mhaith chródha in aghaidh ceada
toirmeasgtha.



Do maoluigheadh bruth agus báinidh na tíre
go mór air an g-ceist so i d-timchioll
bliadhna 1815.



Fuair Pitt bás ó bhriseadh croidhe in 1806
agus cuireadh Tighearna Chaisléin-riabhaigh
as a uachtaránas ins an am ceudna.



In 1812, thug Feis Sacsan ceithre-míle-
deug púnta airgid as árd-chiste na tíre le
fóghluim agus teagasg a sgeith air phobal na
h-Éireann. Do chuir na Gaill in gach baile
agus in gach paráisde scola air bun do
thugadar múineadh i d-tosach d'á muintir
féin; acht tar éis seala, do thosuigheadar ag
tabhairt na g-Catoiliceach bocht isteach, agus
le teann airgid agus bronntanais do shar-
uigheadar cho mór sin orra, gur thángadar
ag éisteacht leo.



Is mar so do bhí se i m-bliadhain 1818-
agus 1819 — am gantanais agus anró,
nuair do bhí na daoine bochta, bruighte,
briste faoi anshógh agus amhgar;— lag ó
ocras; lom ó bhochtanas, sáruighthe ó
bhronntanasaibh agus ó ghealltaibh go
bh-fuigheadh siad léighean agus sógh.



Níor áirigh an lucht faire, go raibh se cho
dona a's do bhí. Bhí inntinn na g-ceannart
Catoiliceach, idir cléir agus tuataidhibh,
gabhtha leis na g-ceistibh eile — an toirmeasg,
agus tuarastal do'n g-cléir — le breathnu-
ghadh a dhéanadh i n-diaigh na muintire a bhí
déanadh slaid air lucht an chreidimh i measg
Catoiliceach bocht na h-Éireann.



So h-é an t-am in ar' thóg Seághan Mac
Héil a pheann, agus do thosuigh se ag
sgríobhadh i d-tosach chum Sagart agus Eas-
pog na h-Éireann air an millteanas a bhí
na Gaill ag déanadh air chreideamh na
m-bochtán. Annsin mar Dháibhidh óg ós
cómhair na bh-Filistíneach righne se troid
agus cómhbhrac in aghaidh na bh-fathach budh mhó
in a measg. Agus ní h-é amháin go bh-fuair
se buaidh — mar d'admhuigheadar a náimhde,
acht fuair se cáil mhór agus clú iongantach
a bhí ag leanamhain le n-a ainm ó'n lá sin
go d-tí lá a bháis agus a leanfas leis go
bráth. Do sgríobh se ní h-é amháin in aghaidh
a namhaid, acht do sgríobh se litreacha puibh-
lidhe air an stáid bhoicht in a raibh muintir na
h-Éireann báidhte, air an g-cáil in a
rabhadar, gan léighean, gan eolus, gan ór,
gan airgead, gan saidhbhreas air bith, acht a
g-creidheamh amháin — na Gaill agus Eaglais
na Sacsan ag saltairt orra, mar bheidheadh
siad air bheithighibh brúdamhla; gur bh'mhithid


L. 142


iad a shaorughadh ó slábhacht, cead a bhronnadh
orra a g-creideamh a admháil go follusach,
fóghluim a thabhairt dóibh agus iad a chur air
bun cómhthrom amhail na Gaill iad féin.

An t-Aonmhadh Caibidil Deug.



Cuireadh ós bhur g-cómhair an meud do
righne an t-oide Seághan Mac Héil ó'n
m-bliadhain 1820 go 1825, ós árd, ag
sgríobhadh litreach ins na páipeuraibh
puiblidhe. Do shaoileadar na Sacsannaighe
an t-am sin go m-budh mhillteach madramhail
a leitid de litreachaibh a sgríobhadh. Acht go
cinnte níor bh'eadh. Ní dúbhairt se ionnta
acht an fhírinn ghlan. Deirtear linn gur
searbh an fhírinn féin. Ní rabhadar cleach-
tach air an fhírinn do chlos. Roimh an am sin
ní raibh aon gar ag caint leo.



Cia an nós do righneadar na Uoluntiridh
cómhrádh leo? — righneadar é as beul guna
mór. Ó bheul na g-Catoiliceach ní chualadar
guth leis na cianta. Mar sin dé, bhí ion-
gantas orra. Níor thuigeadar é. Bhí an
oiread iongantais orra an tráth sin ag
léigheadh litreach Hierophilos no ag éisteacht
leo — agus do bhí orra a n-urraigh faoi
chómhrádh Pharneill i d-Tigh na Feise.



Sin chugaibh, a lucht léighthe, an meud do
righne Seághan MacHéil ós árd gus an
m-bliadhain 1825. Anois cuirthear ós
cómhair na muintire a léigheas an leabhair so
an chaoi do chaith an t-oide óg a bheatha
ós ísiol air feadh na m-bliadhan ceudna.
An tráth nach raibh se ag tabhairt teagaisg
do'n chomplacht macaomh óg a bhí faoi n-a
threorughadh, bhidheadh se tugtha do ghnóthaibh is
dual do shagart a dhéanadh: bhidheadh se seal
in Áth-Cliath; no i g-Cartun i d-tigh Mhic
Ghearailt, ceannairt Laighean no le sagart-
aibh ag siubhal amach faoi'n tír, no air
marcaigeacht. Deirtear linn go raibh se
ins an am sin, seang, acht lúthmhar, ligthe,
fearamhail, urránta.

Ag dul go h-Át-cliath, ní raibh gleus
aisdir air bith aige, acht air dhruim capaill,
se sin, air marcaigheacht, no air cois ag
siubhal. Is iomdha uair do chuaidh se do'n
bhaile mór air cois — ag dul ann agus
filleadh air ais an lá ceudna i d-timchioll
deich mile air fhichid bealaigh, ag teacht agus
ag imtheacht.

I measg na sagart óg agus na n-oideadh
óg, budh h-é an fear dob' urránta agus
budh ligthe, no lúthmhara i siubhal air cois,
aig marcaigheacht, no gleus gaisgidheachta
air bith eile. Is minic do fuair se cuireadh
aig tigh mór an Chartuin. Is minic mar an
g-ceudna bhidheadh na sagairt Francacha a
tháinic go h-Éirinn ó'n bh-Frainc, aig bórd in
aoinfheacht leis, agus is iomdha stáir ghreann-
mhar bhí aige d'á m-bárr, i g-caitheadh tearma
a shaoghail tar éis an ama sin, ag smuaineadh
agus ag trácht air na laethibh nuair do bhidh-
eadh na fir fóghlumhtha sin ag déanadh a n-
dóthain Sacsbheurla blasda a labhairt.



Gach Samhradh agus air amannaibh eile budh
ghnáthach leis an oide teacht d'á bhaile féin — no
go Cill-alaidh, le seal aimsire a chathadh leis
an Easpog — an t-Ollamh ró-urrumtha Pea-
dar Ualdronach, no seal le Áirdeaspog
Thuama, Olibher Ua Ceallaigh. Ó am go
h-am righne se seanmóir do luadh do na
h-Easpogaibh so, i d-tráthaibh puiblidhe, no aig
aimsir féile móire mar an g-Cáisg, no an
Diathordain roimhe, no Aoine an Cheusta.



Is ins an m-bliadhain 1814 do righneadh
an t-Athair Peadar Ualdronach 'na Easpog
air Chill-alaidh. Do bhí se roimhe sin 'na
áirdiacún i bh-fairce Thuama, agus Sagart
Páráisde air Bhracan, áit gar do bhaile
iongantach an Chnoic i g-Condae Mhaigheo.



Fuair an t-Easpog Billeogach bás i m-
bliadhain 1812. Do bhí se anois 'na Easpog
ós cionn Chille-alaidh dhá-bliadhain-deug
agus fiche, óir do righneadh Easpog dé A.D.
1780. Fuair se bás obann — acht bhí se réidh
úllmhuighthe roimhe. Fuair se cuireadh dul go
h-Át-cliath aig dáil Easpog na h-Éireann
faoi an g-cead toirmeasgtha a bhronnadh no
gan a bhronnadh, air Arduachtarán na Feise
Ríoghamhla. Do thiomáin se a chaplaidh agus


L. 143


a charbad féin. Thug se a rádh in aghaidh
cead a thabhairt do'n Urraigh Ríoghamhail toir-
measg a bheith aige air nuadh-Easpog. Ag
filleadh i m-baile dhó, aig Muillin-geárr,
ghlacadar na caplaidh scanradh, agus thuit
an t-Easpog as an g-carbad, agus gortui-
gheadh go mór é. Ó'n m-brughadh agus an
leonadh d'éirigh dhó, ní bh-fuair se biseach.
Do bhí laethe a bheatha líonta suas le deagh-
oibreachaibh agus do ghlaoidh an Tighearna
chuige féin é. Cuireadh a fhuighill, no a
chorp a g-Cill na Maighne ins an g-cuaine
faoi thúr an teampuill.

Mar gheall go raibh Árdcheann na h-Eag-
laise i ngeibhinn aig Napoleon ní righneadh
easpog a chruthughadh air feadh na h-aimsire
sin. Agus mar gheall air sin, ní raib eas-
pog nuadh ós cionn Chille-alaidh go d-tí an
mhí dheigheanach 'san bh-fóghmhar i m-bliadhain
1814, nuair do righneadh Easpog de'n Athair
Peadar Ualdronach air a bh-fuil trácht
againn shuas.

Do bhí se mar sin dé, deich m-bliadhna ós
cionn Fairce Cille-alaidh i m-bliadhain 1824:
agus ó thárla go raibh se dul in aois foirse,
bhi se cráidhte, agus gan meisneach gan lúth
no neart in a chnámhaibh le obair mhóir air bith
do dhéanadh. Mar sin dé, d'iarr se Easpog
congnamhthaigh a bheith aige. Dúbhairt se so
le roinn d'á chuid sagart. Agus ag breath-
nughadh thart orra air fad, cá bh-fuil an fear
a bhí níos óir dheirce, níos fheidhmeamhla, faoi
cháil agus chlú níos mó 'ná bhí Seághan Mac
Héil, oide diadhachta i g-coláisde Mhaighe-
Nuadhat, fear d'á fhairce fhéin agus d'á
mhuintir féin.



Righne an t-Easpog Ualdronach rogha, mar
sin, de Seághan Mac Héil; do shásuigh an
rogha so leis an g-cléir, agus do cuireadh a
ainm do'n Róimh, le inntinn go n-déanfaidhe
a thogha 'dan Roimh agus go n-déanfaidhe
easpog dé.



Air an 31 adh lá de cheud mhí na bliadhna
1825 do thogh an Phropaganda a ainm, agus
dúbhradar na Cárdinail 'gur b'é a bheidheadh
'na Easpog coghnamhthach aig an Easpog Ual-
dronach. Air an dara lá de mhí na bh-faoi-
lidh do thug an Pápa a thoil do'n rogha agus
d'aontuigh se dhó; agus air an 12 adh lá cuir-
eadh amach litir an Phapa. Air an chúigeadh
lá de mhí mheádhoin an t-Samhraidh 'na dhiaigh,
do righneadh a choisreacan 'na Easpog i g-
Coláisde Maighe-Nuadhat.



(Le bheith air leanamhain.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services