Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil.
Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEATHA SHEÁGHAIN MHIC HÉIL, ÁIRD- EASPOIG THUAMA. Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na Cille Móire i d-Tuaim. (Air leanamhain ó'n dara uimhir.) An Seachtmhadh Caibidil. Agus d'fhás Samuel, agus bhí an Tighearna leis. 1. Righthe, 3 c. 19 rann. Is buan an chuimhne a bhí aig an Áirdeaspog air na fhrancaighaibh ag teacht ó Chillalaidh go Caisleán-an-bharraigh. Do sheoladar thart taobh tighe a athar. D'imthigh daoine an bhaile mar scaoth caorigh rómpa siar go Cnoc Neimhfhinn, agus chuadar faoi sgáth agus faoi fhalach ins na gleanntaibh, na cluantaibh, agus na seomraidhibh a bhí gearrtha amach i measg na g-carraig agus na n-aill bean- nach. D'imthigh Seághan óg mar an g-ceudna a n-aoinfheacht le lucht an bhaile. Bhí se amuigh faoi an sceilp agus faoi na h-ailltibh ó thigh a athar air feadh oidhche agus lae. Fuaradar an mhuintir so contus ná'r bhuain na Francaighe le nidh air bith, no le duine air bith, acht go rabhadar geanamhail, carth- anach, so-chroidheach le daoinibh na tíre. Tar éis so d'fhilleadar air a n-ais go h-árus a d-teallach féin. Tá fios aig gach uile
dhuine air an loingeas agus an míle agus trí fichid fear a bhí aig an d-Taoiseach Hum- bert nuair do sheol se asteach an dómhadh lá air fhichid de mhí na Lúghnasa 1798, go cuan Cille-Cuimín. Ní raibh ionnta buaidh fhághail air tír air bith. Bhidheadar na saighdiuiridhe bochta, — na Francaighe — tuirseach go leor nuair bhidheadar an seiseadh lá fhichid i m- baile Thobair-na-bh-Fiann. Agus dubhairt Seághan Mac Héil go raibh se le taoibh a athar an tráth do bhidheadar roinn de na fearaibh ag fághail uaidh bidh agus dighe le n-a g-congnadh air an slighe a bhí rómpa ag dul suas tré Bheárna-na-gaoithe go Cais- leán-an-bharraigh. Chonnairc se iad an lá sin ag dul suas go bárr an bheárna agus an lá 'na dhéigh (an seachtmhadh lá fhichid), chua- laidh se glór na ngunna mór ag fuagradh toisigh an chómhbhraic. D'éirigh leis na Fran- caighibh; acht níor bhuan a m-buaidh. Trí míosa 'na dhéigh sin do chonnairc se ag teacht ó Chaisleán-an-Bharraigh, anuas an Beárna ceudna sochraid iongantach, in a rabhadar daoine an pharráisde go h-iomlán ag silt na n-deor, agus sgreadadh na g-caointeadh, ós cionn coirp a sagairt parráisde, Aindriais Uí Mhaoilchonaire. Do chroch Donnchadh Brún, fear-ionaid an righ ins an g-contae, an sagart geana- mhail deagh-chroidheach so air chrann i m-baile mór Chontae Mhaigheo mar gheall gur labhair se leis na h-oifigidhibh Francacha, agus mar gheall gur mharbhadar na saighduiridhe beithigh, — caoirigh agus mairt,— agus gur itheadar agus óladar i d-teach-phobuil an pharráisde. Bhí amharc amhgarach na sochraide sin in a shúilib, agus caoidheadh cráidhte lucht na h-eugcaointe in a chluasaibh air feadh a shaoghail. 'San t-sean-reacht do cheap Dia amach treabh áirighthe, — clann-mac Lébhi, ionnos go m-beidheadh siad mar chléir aige féin ag friothóladh aig an altóir agus ag tairgsin iodhbairt dhó. Ins an reacht nuadh ní righne Dia rogha de chineadh air bith, de threibh air bith, de mhuintir air bith, de shliocht air bith, le bheith go buan 'na síol sagart aige. 'San eaglais a chuir Críost air bun, déanann Dia fear og do thoghadh amach, — glaoidheann se air, mar righne se le Arón agus le Maois, agus mar thogh se mac Iesse, — se sin Dáibhí, — le bheith 'na righ ós cionn a phobuil féin. Ní'l amhrus air bith nach bh-fuil muintir ná clann áirighthe ann, air a m-bronann Dia grása a bheith ag déanadh a oibre féin; brostuigheann se iad fo leith in aimsir a n-óige le bheith 'na sagartaibh aige. Is mar so righne se le naomh Pól féin, le naomh Pádraic, le Benín óg a lean d'á thoil féin Apstol na h-Éireann; le naomh Iarlath a chlaon a cheann do naomh Benín agus a righne fóghluim uaidhe. Sin againn Naomh Colum- Cille mar an g-ceudna a bhí ó bhroinn a mháthar ceapuighthe aig Dia agus duine le bheith 'na shagart agus 'na fhear tugtha suas go h-iomlán d'fhóghnadh Dé, ag adhradh agus ag altughadh an Tighearna agus ag soisgeuladh do'n duine, agus ag maolughadh a chroidhe uailligh. Bhí beirt dearbhráthair aig athair Sheághain óig mhic Héil, — Séamus agus Riocard,- agus aon deirbhshiúr amháin, — Margharéad. Bhí Riocard 'na shagart parráisde i nGleann-Hóisdigh i d-timchioll deire na h-ochtmhadh aoise deug tar éis breithe ár d-Tighearna. Fuair Riocard bás an cúigeadh lá air fhichid de mhí na Márta 1812, 'na shagart parráisde air Ardachadh, áit a tá suidhte idir bhailtibh Bhéil-átha-an-fheádha agus Chroise-Mhaoil-Fhíona. As so feicthear go raibh sagairt aig a mhuintir — agus roimh an athair Riocard bhí sagairt eile de'n chlainn cheudna ag congbháil suas creidimh Chríost agus grádh Dé idir na daoinibh. Ní adhbhar iongantais, mar sin de, gur mhothuigh Seághan a chroidhe óg ag claonadh chum altóra Chríost ó laethibh a lean- bhuidheachta. Mar Samuel, bhí se go moch ag friothóladh aig altóir an Tighearna: bhí fios aige gur ó bhunadh sagartamhail do tháinic se. D'éirigh fuath in a chroidhe in aghaidh
mi-ádh an domhain: bhí fonn air, obair naomhtha a dhéanadh do na daoinibh ins an g-caoi úd amháin a thug dó cúmhacht ós cómhair Dé agus ós cómhair duine, cabhair agus furtacht a bhronnadh air a mhuintir féin agus air mhuintir na h-Éireann. Ní raibh scoil Laidne níos foigse dhó ioná i g-Caisleán-an-Bharraigh: air an adhbhar sin, bhí se riachtanach dhó dul do'n bhaile sin, a bhí deich míle ó thigh a athar. Ins an m-bliádain 1804, an t-am do chuir an t-Impire Napoleon coróin áirdrigheamhail Impireachta an Iarthair air a cheann, do thosuigh Seághan Mac Héil fóghluim Laidne ó mhaighisdir d'ár' bh'ainm Pádraic Standun. Bhí an fear so i d-timchioll dá fhichid bliadhain d'aois ins an am sin, agus chruinnigheadar chuige ó gach céarda mic- léighin óga le buineolas d'fhághail i Laidin agus i n-Gréigis. Ní misde roinn molta a bhronnadh air Pádraic Standun annso. Tá a ainm inmheasta muna n-déanfadh se act amháin Seághan óg Mac Héil a theagasg agus a mhúineadh; acht thairis sin, bhí se air feadh leithe céid agus naoi bliadhain ag múineadh scoile ins an m-baile ceudna. Air sreathughadh naoi agus ceithre fichid bliadhain, d'euluigh se ó na beodhaibh do'n uaigh. Beannacht Dé le n-a anam. Is iomdha fear óg a fuair le linn na leithe céid bliadhain sin eolas Laidne agus Gréigise uaidh, mar fuair uaidh, 'san m- bliadhain 1844, an té a sgríobhas na línte so. Le bheith air leanamhain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services