Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Sheáin Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil.

Title
Beatha Sheáin Mhic hÉil, Áirdeaspoig Thuama. An Seachtmhadh Caibidil.
Author(s)
De Búrca, Uileog,
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEATHA SHEÁGHAIN MHIC HÉIL, ÁIRD-
EASPOIG THUAMA.



Air n-a sgríobhadh d'Aondacht na Gaedhilge leis an
athair Ionurramtha, Uileog I. De Búrc, Canónach na
Cille Móire i d-Tuaim.

(Air leanamhain ó'n dara uimhir.)

An Seachtmhadh Caibidil.



Agus d'fhás Samuel, agus bhí an Tighearna
leis. 1. Righthe, 3 c. 19 rann.



Is buan an chuimhne a bhí aig an Áirdeaspog
air na fhrancaighaibh ag teacht ó Chillalaidh go
Caisleán-an-bharraigh. Do sheoladar thart
taobh tighe a athar. D'imthigh daoine an bhaile
mar scaoth caorigh rómpa siar go Cnoc
Neimhfhinn, agus chuadar faoi sgáth agus
faoi fhalach ins na gleanntaibh, na cluantaibh,
agus na seomraidhibh a bhí gearrtha amach i
measg na g-carraig agus na n-aill bean-
nach. D'imthigh Seághan óg mar an g-ceudna
a n-aoinfheacht le lucht an bhaile. Bhí se
amuigh faoi an sceilp agus faoi na h-ailltibh
ó thigh a athar air feadh oidhche agus lae.
Fuaradar an mhuintir so contus ná'r bhuain
na Francaighe le nidh air bith, no le duine
air bith, acht go rabhadar geanamhail, carth-
anach, so-chroidheach le daoinibh na tíre. Tar
éis so d'fhilleadar air a n-ais go h-árus a
d-teallach féin. Tá fios aig gach uile


L. 121


dhuine air an loingeas agus an míle agus
trí fichid fear a bhí aig an d-Taoiseach Hum-
bert nuair do sheol se asteach an dómhadh lá
air fhichid de mhí na Lúghnasa 1798, go cuan
Cille-Cuimín. Ní raibh ionnta buaidh fhághail
air tír air bith. Bhidheadar na saighdiuiridhe
bochta, — na Francaighe — tuirseach go leor
nuair bhidheadar an seiseadh lá fhichid i m-
baile Thobair-na-bh-Fiann. Agus dubhairt
Seághan Mac Héil go raibh se le taoibh a
athar an tráth do bhidheadar roinn de na
fearaibh ag fághail uaidh bidh agus dighe le
n-a g-congnadh air an slighe a bhí rómpa
ag dul suas tré Bheárna-na-gaoithe go Cais-
leán-an-bharraigh. Chonnairc se iad an lá sin
ag dul suas go bárr an bheárna agus an
lá 'na dhéigh (an seachtmhadh lá fhichid), chua-
laidh se glór na ngunna mór ag fuagradh
toisigh an chómhbhraic. D'éirigh leis na Fran-
caighibh; acht níor bhuan a m-buaidh.

Trí míosa 'na dhéigh sin do chonnairc se
ag teacht ó Chaisleán-an-Bharraigh, anuas
an Beárna ceudna sochraid iongantach, in
a rabhadar daoine an pharráisde go
h-iomlán ag silt na n-deor, agus sgreadadh
na g-caointeadh, ós cionn coirp a sagairt
parráisde, Aindriais Uí Mhaoilchonaire.



Do chroch Donnchadh Brún, fear-ionaid an
righ ins an g-contae, an sagart geana-
mhail deagh-chroidheach so air chrann i m-baile
mór Chontae Mhaigheo mar gheall gur labhair
se leis na h-oifigidhibh Francacha, agus mar
gheall gur mharbhadar na saighduiridhe beithigh,
— caoirigh agus mairt,— agus gur itheadar
agus óladar i d-teach-phobuil an pharráisde.
Bhí amharc amhgarach na sochraide sin in a
shúilib, agus caoidheadh cráidhte lucht na
h-eugcaointe in a chluasaibh air feadh a
shaoghail.



'San t-sean-reacht do cheap Dia amach
treabh áirighthe, — clann-mac Lébhi, ionnos go
m-beidheadh siad mar chléir aige féin ag
friothóladh aig an altóir agus ag tairgsin
iodhbairt dhó. Ins an reacht nuadh ní righne
Dia rogha de chineadh air bith, de threibh air
bith, de mhuintir air bith, de shliocht air bith,
le bheith go buan 'na síol sagart aige.
'San eaglais a chuir Críost air bun, déanann
Dia fear og do thoghadh amach, — glaoidheann
se air, mar righne se le Arón agus le
Maois, agus mar thogh se mac Iesse, — se
sin Dáibhí, — le bheith 'na righ ós cionn a
phobuil féin.



Ní'l amhrus air bith nach bh-fuil muintir ná
clann áirighthe ann, air a m-bronann Dia
grása a bheith ag déanadh a oibre féin;
brostuigheann se iad fo leith in aimsir a
n-óige le bheith 'na sagartaibh aige. Is
mar so righne se le naomh Pól féin, le
naomh Pádraic, le Benín óg a lean d'á thoil
féin Apstol na h-Éireann; le naomh Iarlath a
chlaon a cheann do naomh Benín agus a righne
fóghluim uaidhe. Sin againn Naomh Colum-
Cille mar an g-ceudna a bhí ó bhroinn a
mháthar ceapuighthe aig Dia agus duine le
bheith 'na shagart agus 'na fhear tugtha
suas go h-iomlán d'fhóghnadh Dé, ag adhradh
agus ag altughadh an Tighearna agus ag
soisgeuladh do'n duine, agus ag maolughadh
a chroidhe uailligh.



Bhí beirt dearbhráthair aig athair Sheághain
óig mhic Héil, — Séamus agus Riocard,-
agus aon deirbhshiúr amháin, — Margharéad.
Bhí Riocard 'na shagart parráisde i
nGleann-Hóisdigh i d-timchioll deire na
h-ochtmhadh aoise deug tar éis breithe ár
d-Tighearna. Fuair Riocard bás an cúigeadh
lá air fhichid de mhí na Márta 1812, 'na
shagart parráisde air Ardachadh, áit a tá
suidhte idir bhailtibh Bhéil-átha-an-fheádha
agus Chroise-Mhaoil-Fhíona. As so feicthear
go raibh sagairt aig a mhuintir — agus roimh
an athair Riocard bhí sagairt eile de'n
chlainn cheudna ag congbháil suas creidimh
Chríost agus grádh Dé idir na daoinibh.



Ní adhbhar iongantais, mar sin de, gur
mhothuigh Seághan a chroidhe óg ag claonadh
chum altóra Chríost ó laethibh a lean-
bhuidheachta. Mar Samuel, bhí se go moch ag
friothóladh aig altóir an Tighearna: bhí fios
aige gur ó bhunadh sagartamhail do tháinic
se. D'éirigh fuath in a chroidhe in aghaidh


L. 122


mi-ádh an domhain: bhí fonn air, obair
naomhtha a dhéanadh do na daoinibh ins an
g-caoi úd amháin a thug dó cúmhacht ós
cómhair Dé agus ós cómhair duine, cabhair
agus furtacht a bhronnadh air a mhuintir féin
agus air mhuintir na h-Éireann.

Ní raibh scoil Laidne níos foigse dhó ioná
i g-Caisleán-an-Bharraigh: air an adhbhar
sin, bhí se riachtanach dhó dul do'n bhaile sin,
a bhí deich míle ó thigh a athar. Ins an
m-bliádain 1804, an t-am do chuir an
t-Impire Napoleon coróin áirdrigheamhail
Impireachta an Iarthair air a cheann, do
thosuigh Seághan Mac Héil fóghluim Laidne
ó mhaighisdir d'ár' bh'ainm Pádraic Standun.
Bhí an fear so i d-timchioll dá fhichid
bliadhain d'aois ins an am sin, agus
chruinnigheadar chuige ó gach céarda mic-
léighin óga le buineolas d'fhághail i Laidin
agus i n-Gréigis. Ní misde roinn molta a
bhronnadh air Pádraic Standun annso.
Tá a ainm inmheasta muna n-déanfadh se
act amháin Seághan óg Mac Héil a theagasg
agus a mhúineadh; acht thairis sin, bhí se air
feadh leithe céid agus naoi bliadhain ag
múineadh scoile ins an m-baile ceudna.
Air sreathughadh naoi agus ceithre fichid
bliadhain, d'euluigh se ó na beodhaibh do'n
uaigh. Beannacht Dé le n-a anam. Is
iomdha fear óg a fuair le linn na leithe
céid bliadhain sin eolas Laidne agus
Gréigise uaidh, mar fuair uaidh, 'san m-
bliadhain 1844, an té a sgríobhas na línte so.



Le bheith air leanamhain.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services