Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 3.
Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 3.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
COMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 3. Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic Ua Caoimh, ó Ard-fhairce Caisil: agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion. Do lá an Bhreitheamhnais. Caithimhís uainn, uime sin, oibreacha an dorchadais, agus cuirimís umainn éide an t-soluis (Rómh, xiii. 12). A bhráithre, tosuigheann an Eaglais le n-a bliadhain féin an-diu, an Cheud Domhnach de'n Adbhent; agus is é cúram is mó uirre, cur i g-cóir go h-aireach, do'n fhéil mhóir so na Nodlag a tá ag teacht. Cuireann si air leith chum an ghnó so aimsir áirighthe, air a nglaodh- ann si Adbhent, no Teacht an Tighearna. Is mór an mian a tá aice go n-déanfadh a clann go léir iad féin d'ullmhughadh go maith 'san aimsir so, ionnos go n-déanfaidhe Íosa Críost do bhreith go spioradálta in a n-anamnaibh aig an Nodlaig, agus go nglacfaidís an t-síothcháin úd a tá geallta do “dhaoinibh deagh-thola.” “Ullmhuighidh,” adeir si le na clainn uile, “ullmhuighidh slighthe an Tighearna, déanaidh a chasáin díreach” (N. Luc. iii. 4). “Bidheadh a fhios agaibh gur ab í anois an uair chum éirighthe ó chodla an pheacaidh. Siubhlamaois go macánta mar ins an lá, ní i g-craos ná i meisge, ni i seomradóireacht ná i d-truaillightheacht, ní in achrann ná i bh-formad, acht cuiridh umaibh an Tighearna Íosa Críost” (Rómh. xiii. 13, 14). Bidheadh an té a tá fíreunda níos fíreunda, agus fós níos fíreunda, agus an té a tá naomhtha, níos naomhtha, agus fós níos naomhtha. “Caithidh uaibh oibreacha an dorchadais, agus cuiridh umaibh éide an t-soluis” (Rómh. xiii. 12). Agus, a bhráithre, air eagla ná'r leor a cómhairle chneasda chum peacaigh dhúra do chorrughadh suas chum a n-droch-shlighthe do thréigean, agus iad féin d'ullmhughadh go ceart le h-iompógh fírinneach, cuireann si an-diu, go smuainteach, léirmheasda, ós a g-cómhair dealbh uathbhásach an Bhreitheamhnais Coitchinn. Déanann si mar so, chum ciall chóir do mhúineadh dhóibh le h-eagla do chur orra: óir “'se eagla an Tighearna tosach na h-eagna.” (Salm, cx. 10 ; Seanr. ix. 10). Agus, dar n-dóigh, is leor an Breitheamh- nas Coitchionn chum eagla agus uathbhás do chur i g-croidhe aon duine a chreideas go g-caithfidh se seasamh i láthair Cathaoire- breitheamhnais Dé an lá úd, agus ann súd, i radharc an chinidh daonda uile go
d-tabharfar breith síoruidhe air go h-ifrionn no go flaitheamhnas. Dar n-dóigh, is leor cuimhniughadh air chum an peacach is dúire d'fheochadh le h-eagla. “Agus beidh cómhar- thaidhe 'san ngréin, agus 'san ngealaigh agus sna reultaibh; agus air talamh amhgar na g-cineadh mar gheall air uathbhás búirfidh na fairge agus na d-tonn. Na daoine ag feochadh tré eagla agur tré fheitheamh leis na neithibh do thiocfaidh air an domhan (Naomh Lucas, xxi. 25, 26). Acht, a bhráithreacha, má tá na cómharthaidhe so roimh an m-Breitheamhnas Coitchionn chomh crith-eaglach a's sin, go n-déanfaidh siad na daoine “d'fheochadh le h-eagla,” cread é uathbhásaighe an Bhreitheamhnais féin? “Uch, a uair chrith-eaglach,” deir Naomh Éphrem; “cia le r-ab féidir innsin, no cia le r-ab féidir éisteacht leis an ath-rádh deigheanach crith-eaglach úd?” “Cread déanfaidh mise,” ar Íob naomhtha, “nuair d'eireochaidh Dia chum breith do thabhairt, agus an tan do dhéanfaidh se fiafruighe agus cuartughadh, cia an freagra do bhéarfaidh me air? (Íob. xxxi. 14.) Atá a fhios agam má dhéanann duine imreasán le Dia, nach d-tiocfadh leis freagradh do thabhairt air le h-aon smuain- eadh, briathar, no gniomh maith amháin in aghaidh míle (díobh a tá olc)” (Íob, ix. 3). Lá an Bhreitheamhnais séidfidh an sdoc deigheanach, le fuaim is áirde 'ná tóirneach, ag rádh: “Éirighidh, a mharbha, agus tigidh chum breitheamhnais!” Ath-bhuailfidh an fhuaim so tré uaimhibh na marbh uile; agus gan mhoill, “le casadh súl,” tabharfaidh an tír agus an mhuir uatha coirp na marbh a tá ionnta, agus bhéarfaidh neamh, agus purgadóir, agus ifrionn, uatha na h-anmanna a tá ionnta, mar an g-ceudna, chum gac anam díobh d'aith- cheangal do'n chorp in a raibh se air an saoghal so. Nach aoibhinn é aith-cheangal anam na bh-fíreun le n-a g-corpaibh dísle! Acht, mo leun, is doilghíosac é ath-thathadh na n-anam damanta leis na corpaibh truaillighthe do bhí comh-aontach leo in a g-cionnta air feadh a m-beatha! Agus seasfaidh an cineadh daonda uile le chéile i ngleann Íosaphat chum breithe do bhreith orra! Agus, feuch, taisbeanfaidh dealbh na Croise, “agus chidhfear Mac an Duine ag teacht i neultaibh neimhe re mórdhacht agus mór-chúmhacht,” agus na h-aingil go léir maille leis. (Naomh Mátha, xxiv. 30). Beidh na Cúig Creuchta d'fhulaing se chum slánuighthe an chinidh daonda ag soillsiughadh mar chúig grianaibh geala: déanfaidh siad eagla agus uathbhás do chur air an droing mhalluighthe, acht cuirfidh siad áthas agus lúthgháir air na fíreunaibh. Tógfar suas na fíréin 'san aer go lúthgháireach chum teag- mhála leis an m-Breitheamh, acht na peacaigh, do cheus Mac an Duine le n-a b-peacaidhibh, agus nach n-déarnaidh aithrighe, “feochfaidh siad le h-eagla.” Glaodhfaid air na sléibh- tibh tuitim orra, agus air na cairrgibh iad do cheilt ó ghnúis an Bhreithimh fheargaigh. “Do shuidh an Breitheamhnas, agus do h-oscladh na leabhair” (Dan., vii. 10). Atá cúis na g-cionntach ag a fromhadh: ní'l aon neach chum tagradh do dhéanadh air a son. Atá an Breitheamh cruadhalach; ní fhuil meas aige air dhuine seach duine eile; déanfaidh se breith fhír-cheart do thabhairt: béarfar chum soluis neithe ceilte an dorchadais. Spíonfar Iarusalem le lochranaibh; beidh gach gráineamhlacht, a tá i bh-folach anois, an lá úd le feicsin aig an g-cineadh daonda uile; chidhfidh aithreacha agus máithreacha, cáirde agus naimhde iad. Chidhfidh an peacach dona, mar a deir Naomh Ághuistín, a pheacaidh uile in eagar ós a chómhair; inneosfar gach am, gach lá, agus gach cor. Déanfaidh ár smuainte uile, ár m-briathra, ár ngniomha, agus ár miana peacamhla éirghe suas aig an m-breitheamhnas; peacaidh fuatha, agus cáinte, agus díoghaltais, agus euda; peacaidh na meisge, agus na neamhghlaine, agus na h-eagcóra, agus díoghbhála ár g-comhursan; peacaidh na h-oilbhéime, an droch-shompla, agus masla ann-toileamhail grása. Déanfar na peacaidh so uile agus peacaidh eile nach iad, do
chraobhsgaoileadh go h-osguilte, do sgruadadh, agus breith do thabhairt orra. A bhráithre, cia thug as a bheatha chomh neimhchionntach sin agus cia aig a bh-fuil a anam chomh glan sin go rachaidh se as air lá an chúntuis úd! “Má's air éigin,” deir Naomh Peadar “do sláineochar an fíreun, cá d-taisbeanfaidh an duine neimhdhiadha agus an peacach é féin?” (1 Naoimh. Peadair, iv. 18.) Ní'l tairbhe dhíbh bheith 'bhur g-Críostaighthibh ná 'bhur g-Catoilicighibh muna bh-fuil deagh- oibreacha freagarthacha agaibh. Agus ní h-é sin amháin, acth déanfaidh an ghairm so breis damanta orraibh. Do cuireadh teine ó neamh anuas air Shodom agus air Ghomorra, agus, air a shon sin, is cruaidhe an cúntus do bainfear díbhse ioná díobh súd. Beidh gabháil le Sidon agus le Tír roimh an g-Catoiliceach neamhshuimeamhail. Déarfaidh Críost leis na droch-dhaoinibh; “Imthighidh uaim, a dhrong mhalluighthe 'san teine shíoruidhe do h-ullmhuigheadh do'n diabhal agus d'á ainglibh” (N.Mátha. xxv. 41.). Tuitfidh gach focal air an truadhán éidearbhtha mar splainc tinntighe, agus tuitfidh se fúithe síos i n-dubhaigean na teineadh domhúchta! Agus ní sgarfaidh ath- fhuaim na breithe so leis i d-tráthamhlacht, acht beidh si ag a h-ath-rádh in a chluasaibh air feadh na sióruidheachta. Rachfaidh na peacaigh i b-peanaid shiór- uidhe, agus na fíréin 'san m-beatha mhar- thannaigh. Déarfaidh an Breitheamh le na fíreunaibh: Tigidh, a lucht bheannuighthe m'Athar, glacaidh seilbh air an righeacht a tá ullmhuighthe dhíbh (N. Mátha xxv. 34). Ó! na briathra millse, lán de cheol agus d'áthas i g-cluasaibh na bh-fíreun. Ó! an áit sheun- mhar úd na n-deagh-dhaoineadh, láimh le h-árd- chathaoir Dé i bh-flaitheamhnas. Triallaidh, gacha n-díreach, air an áit úd, a bhráithre, leanaidh beatha mhaith; déanaidh aithrighe in bhur b-peacaidhibh, má bhí se de mhí-ádh orraibh tuitim ionnta. Mairidh i g-cómhnuidhe i stáid na ngrás, i muinteardhas Dé, agus i sióthcháin leis an g-cómhursain. Is mar so, a bhráithreacha, do ghéabhaidh sibh an t-síothcháin úd a tá geallta do dhaoinibh na deagh-thola, agus géabhaidh sibh tré ghleann Íosaphat le croidhe maith lúthgháireach, agus rachaidh sibh isteach 'san m-beatha shíoruidhe le bhur g-corpaibh glórmhara domharbhtha, mar a m-beidh timchioll orraibh lúthgháir agus glóire i bh-fad ós cionn gach a d-tig leis an inntinn a mheas, no leis an teangain d'innsin. “Caithidh uaibh, uime sin, oibreacha an dorchadais agus cuiridh umaibh éide an t-soluis!” (Rómh. viii. 12.) Amen.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services