Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 3.

Title
Comhráidhte Deighbheusacha. Uimh. 3.
Author(s)
Féach aistritheoir,
Translator
Flemming, John (Seághan Pléimion)
Compiler/Editor
Coimín, Dáithí
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

COMHRÁIDHTE DEIGHBHEUSACHA: Uimh. 3.

Air n-a sgríobhadh i Sacsbheurla leis an Athair Pádraic
Ua Caoimh, ó Ard-fhairce Caisil:
agus aisdrighthe go Gaedhilig le Seághan Pléimion.



Do lá an Bhreitheamhnais.



Caithimhís uainn, uime sin, oibreacha an
dorchadais, agus cuirimís umainn éide an
t-soluis (Rómh, xiii. 12).



A bhráithre, tosuigheann an Eaglais le n-a
bliadhain féin an-diu, an Cheud Domhnach de'n
Adbhent; agus is é cúram is mó uirre, cur
i g-cóir go h-aireach, do'n fhéil mhóir so na
Nodlag a tá ag teacht. Cuireann si air leith
chum an ghnó so aimsir áirighthe, air a nglaodh-
ann si Adbhent, no Teacht an Tighearna.
Is mór an mian a tá aice go n-déanfadh
a clann go léir iad féin d'ullmhughadh go
maith 'san aimsir so, ionnos go n-déanfaidhe
Íosa Críost do bhreith go spioradálta in a
n-anamnaibh aig an Nodlaig, agus go
nglacfaidís an t-síothcháin úd a tá geallta
do “dhaoinibh deagh-thola.” “Ullmhuighidh,” adeir
si le na clainn uile, “ullmhuighidh slighthe an
Tighearna, déanaidh a chasáin díreach” (N. Luc.
iii. 4). “Bidheadh a fhios agaibh gur ab í
anois an uair chum éirighthe ó chodla an
pheacaidh. Siubhlamaois go macánta
mar ins an lá, ní i g-craos ná i meisge, ni
i seomradóireacht ná i d-truaillightheacht, ní
in achrann ná i bh-formad, acht cuiridh umaibh
an Tighearna Íosa Críost” (Rómh. xiii. 13,
14). Bidheadh an té a tá fíreunda níos
fíreunda, agus fós níos fíreunda, agus
an té a tá naomhtha, níos naomhtha, agus
fós níos naomhtha. “Caithidh uaibh oibreacha
an dorchadais, agus cuiridh umaibh éide an
t-soluis” (Rómh. xiii. 12).

Agus, a bhráithre, air eagla ná'r leor a
cómhairle chneasda chum peacaigh dhúra do
chorrughadh suas chum a n-droch-shlighthe do
thréigean, agus iad féin d'ullmhughadh go
ceart le h-iompógh fírinneach, cuireann si
an-diu, go smuainteach, léirmheasda, ós a
g-cómhair dealbh uathbhásach an Bhreitheamhnais
Coitchinn. Déanann si mar so, chum ciall
chóir do mhúineadh dhóibh le h-eagla do chur
orra: óir “'se eagla an Tighearna tosach
na h-eagna.” (Salm, cx. 10 ; Seanr. ix. 10).



Agus, dar n-dóigh, is leor an Breitheamh-
nas Coitchionn chum eagla agus uathbhás do
chur i g-croidhe aon duine a chreideas go
g-caithfidh se seasamh i láthair Cathaoire-
breitheamhnais Dé an lá úd, agus ann súd,
i radharc an chinidh daonda uile go


L. 119


d-tabharfar breith síoruidhe air go h-ifrionn
no go flaitheamhnas. Dar n-dóigh, is leor
cuimhniughadh air chum an peacach is dúire
d'fheochadh le h-eagla. “Agus beidh cómhar-
thaidhe 'san ngréin, agus 'san ngealaigh agus
sna reultaibh; agus air talamh amhgar na
g-cineadh mar gheall air uathbhás búirfidh na
fairge agus na d-tonn. Na daoine ag
feochadh tré eagla agur tré fheitheamh leis na
neithibh do thiocfaidh air an domhan (Naomh
Lucas, xxi. 25, 26).

Acht, a bhráithreacha, má tá na cómharthaidhe
so roimh an m-Breitheamhnas Coitchionn chomh
crith-eaglach a's sin, go n-déanfaidh siad na
daoine “d'fheochadh le h-eagla,” cread é
uathbhásaighe an Bhreitheamhnais féin? “Uch,
a uair chrith-eaglach,” deir Naomh Éphrem;
“cia le r-ab féidir innsin, no cia le r-ab
féidir éisteacht leis an ath-rádh deigheanach
crith-eaglach úd?” “Cread déanfaidh
mise,” ar Íob naomhtha, “nuair d'eireochaidh
Dia chum breith do thabhairt, agus an tan do
dhéanfaidh se fiafruighe agus cuartughadh,
cia an freagra do bhéarfaidh me air? (Íob.
xxxi. 14.) Atá a fhios agam má dhéanann
duine imreasán le Dia, nach d-tiocfadh leis
freagradh do thabhairt air le h-aon smuain-
eadh, briathar, no gniomh maith amháin in aghaidh
míle (díobh a tá olc)” (Íob, ix. 3).



Lá an Bhreitheamhnais séidfidh an sdoc
deigheanach, le fuaim is áirde 'ná tóirneach,
ag rádh: “Éirighidh, a mharbha, agus tigidh chum
breitheamhnais!” Ath-bhuailfidh an fhuaim so
tré uaimhibh na marbh uile; agus gan mhoill,
“le casadh súl,” tabharfaidh an tír agus an
mhuir uatha coirp na marbh a tá ionnta, agus
bhéarfaidh neamh, agus purgadóir, agus
ifrionn, uatha na h-anmanna a tá ionnta,
mar an g-ceudna, chum gac anam díobh d'aith-
cheangal do'n chorp in a raibh se air an saoghal
so. Nach aoibhinn é aith-cheangal anam na
bh-fíreun le n-a g-corpaibh dísle! Acht, mo
leun, is doilghíosac é ath-thathadh na n-anam
damanta leis na corpaibh truaillighthe do
bhí comh-aontach leo in a g-cionnta air feadh
a m-beatha! Agus seasfaidh an cineadh
daonda uile le chéile i ngleann Íosaphat
chum breithe do bhreith orra!

Agus, feuch, taisbeanfaidh dealbh na
Croise, “agus chidhfear Mac an Duine ag
teacht i neultaibh neimhe re mórdhacht agus
mór-chúmhacht,” agus na h-aingil go léir
maille leis. (Naomh Mátha, xxiv. 30).
Beidh na Cúig Creuchta d'fhulaing se chum
slánuighthe an chinidh daonda ag soillsiughadh
mar chúig grianaibh geala: déanfaidh siad
eagla agus uathbhás do chur air an droing
mhalluighthe, acht cuirfidh siad áthas agus
lúthgháir air na fíreunaibh. Tógfar suas
na fíréin 'san aer go lúthgháireach chum teag-
mhála leis an m-Breitheamh, acht na peacaigh,
do cheus Mac an Duine le n-a b-peacaidhibh,
agus nach n-déarnaidh aithrighe, “feochfaidh
siad le h-eagla.” Glaodhfaid air na sléibh-
tibh tuitim orra, agus air na cairrgibh iad
do cheilt ó ghnúis an Bhreithimh fheargaigh.



“Do shuidh an Breitheamhnas, agus do
h-oscladh na leabhair” (Dan., vii. 10). Atá
cúis na g-cionntach ag a fromhadh: ní'l aon
neach chum tagradh do dhéanadh air a son. Atá
an Breitheamh cruadhalach; ní fhuil meas aige
air dhuine seach duine eile; déanfaidh se
breith fhír-cheart do thabhairt: béarfar chum
soluis neithe ceilte an dorchadais. Spíonfar
Iarusalem le lochranaibh; beidh gach
gráineamhlacht, a tá i bh-folach anois, an lá
úd le feicsin aig an g-cineadh daonda uile;
chidhfidh aithreacha agus máithreacha, cáirde
agus naimhde iad. Chidhfidh an peacach dona,
mar a deir Naomh Ághuistín, a pheacaidh uile
in eagar ós a chómhair; inneosfar gach am,
gach lá, agus gach cor.

Déanfaidh ár smuainte uile, ár m-briathra,
ár ngniomha, agus ár miana peacamhla éirghe
suas aig an m-breitheamhnas; peacaidh
fuatha, agus cáinte, agus díoghaltais,
agus euda; peacaidh na meisge, agus
na neamhghlaine, agus na h-eagcóra, agus
díoghbhála ár g-comhursan; peacaidh na
h-oilbhéime, an droch-shompla, agus masla
ann-toileamhail grása. Déanfar na peacaidh
so uile agus peacaidh eile nach iad, do


L. 120


chraobhsgaoileadh go h-osguilte, do sgruadadh,
agus breith do thabhairt orra. A bhráithre,
cia thug as a bheatha chomh neimhchionntach sin
agus cia aig a bh-fuil a anam chomh glan sin
go rachaidh se as air lá an chúntuis úd!
“Má's air éigin,” deir Naomh Peadar “do
sláineochar an fíreun, cá d-taisbeanfaidh
an duine neimhdhiadha agus an peacach é
féin?” (1 Naoimh. Peadair, iv. 18.) Ní'l
tairbhe dhíbh bheith 'bhur g-Críostaighthibh ná
'bhur g-Catoilicighibh muna bh-fuil deagh-
oibreacha freagarthacha agaibh. Agus ní h-é
sin amháin, acth déanfaidh an ghairm so breis
damanta orraibh. Do cuireadh teine ó neamh
anuas air Shodom agus air Ghomorra, agus,
air a shon sin, is cruaidhe an cúntus do
bainfear díbhse ioná díobh súd. Beidh gabháil
le Sidon agus le Tír roimh an g-Catoiliceach
neamhshuimeamhail.

Déarfaidh Críost leis na droch-dhaoinibh;
“Imthighidh uaim, a dhrong mhalluighthe 'san
teine shíoruidhe do h-ullmhuigheadh do'n
diabhal agus d'á ainglibh” (N.Mátha. xxv. 41.).
Tuitfidh gach focal air an truadhán
éidearbhtha mar splainc tinntighe, agus
tuitfidh se fúithe síos i n-dubhaigean na
teineadh domhúchta! Agus ní sgarfaidh ath-
fhuaim na breithe so leis i d-tráthamhlacht,
acht beidh si ag a h-ath-rádh in a chluasaibh air
feadh na sióruidheachta.



Rachfaidh na peacaigh i b-peanaid shiór-
uidhe, agus na fíréin 'san m-beatha mhar-
thannaigh. Déarfaidh an Breitheamh le na
fíreunaibh: Tigidh, a lucht bheannuighthe
m'Athar, glacaidh seilbh air an righeacht a tá
ullmhuighthe dhíbh (N. Mátha xxv. 34). Ó! na
briathra millse, lán de cheol agus d'áthas
i g-cluasaibh na bh-fíreun. Ó! an áit sheun-
mhar úd na n-deagh-dhaoineadh, láimh le h-árd-
chathaoir Dé i bh-flaitheamhnas. Triallaidh,
gacha n-díreach, air an áit úd, a bhráithre,
leanaidh beatha mhaith; déanaidh aithrighe in
bhur b-peacaidhibh, má bhí se de mhí-ádh orraibh
tuitim ionnta. Mairidh i g-cómhnuidhe i
stáid na ngrás, i muinteardhas Dé, agus i
sióthcháin leis an g-cómhursain.



Is mar so, a bhráithreacha, do ghéabhaidh sibh
an t-síothcháin úd a tá geallta do dhaoinibh
na deagh-thola, agus géabhaidh sibh tré ghleann
Íosaphat le croidhe maith lúthgháireach, agus
rachaidh sibh isteach 'san m-beatha shíoruidhe
le bhur g-corpaibh glórmhara domharbhtha,
mar a m-beidh timchioll orraibh lúthgháir
agus glóire i bh-fad ós cionn gach a d-tig
leis an inntinn a mheas, no leis an teangain
d'innsin. “Caithidh uaibh, uime sin, oibreacha
an dorchadais agus cuiridh umaibh éide an
t-soluis!” (Rómh. viii. 12.) Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services