Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lúb na Caillighe agus Sgéalta eile
Title
Lúb na Caillighe agus Sgéalta eile
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Micheál,
Pen Name
Méarthóg Ghoill / Nochtadh na Fírinne /
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1910
Publisher
Clódhanna Teo.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Is maith é acht cuir i n-a cheann, mar is fearr suidhe i n-a bhun ná suidhe i n-a áit," Arsa Áine, inghean an Ghobáin tSaor, L.25.
RÉAMHRÁDH. Tá beart eile de sgéaltaibh "Mhéarthóige Goill," .i. Mhíchíl Mhig Ruaidhrí, dá chur amach ins an leabhar so. Ní call dúinn aon trácht do dhéanamh ar inmheadhónaighe an leabhair, ó thárla go bhfuil sin déanta agus seandéanta, is dóigh, ins an bhfoclóir agus ins an ainmneoir. Cúrsaidhe an Fhoclóra de, bíodh a fhios ag an saoghal gurab i lár an Fheabhra tugadh do na clódóiribh é, i bhfad sul ar tráchtadh i n-aon áit ar leabhar eile do cuireadh amach roimhe seo. Is léir as sain gurab orainn féin a bhuidheachas nó a mhíobhuidheachas. Sinn féin do rinne gach aon chuid den sgríbhneoireacht as ár ngustal féin i dtaobh an déanmha atá ar an leabhar so. Na ceisteanna do chuireamar a an sgéalaidhe i mí Ghionbhair agus i dtús an Fheabhra, is as ár stuaim féin do chuireamar iad, agus fágann sain nach bhfuil mín mora ar bith ag neach fir nó mná orainn. An breallán is críonna dá bhfuil ar dhruim uachtair na talmhan, ní hé do spreag ár n-intleacht-ne, acht sinn féin do bhain úsáid aisti. Bíodh sé buidheach de mheabhair an sgéalaidhe féin go bhfuil gach aon fhocal mínighthe go maith agus go cruinn. Bíodh sé buidheach dár n-intleacht-ne gur thuigeamar gach míniughadh agus gur fhéadamar é do chur i gcoimhmeas le cialltaibh eile do fuaramar leis an bhfocal gcéadna, mar ní hionann ciall do-gheibhthear le focal i n-áitibh éagsamhla, m.sh., casgairt i dTír Amhalgadha agus i dTír Chonaill, agus is iomdha duine, dá mbadh breallán é, do thuitfeadh i bpaintéar, ní abramaoid trí huaire acht trí huaire déag is ceithre fichid. Ní beithte dhúinn agá shéanadh: Is cruaidh casta an rud í canamhaint tuaithe. Ní hionann í agus caint na leabhar agus na n-ughdar léighinn, agus dá fheabhas í, ní deiside í an feabhas sain, agus go bhfuil buaidh agus réim ag ár leabhraibh agus ag ár n-ughdaraibh léighinn uirthe, agus beidh go bruinne an bhrátha, le congnamh Dé. Is tuigthe don tsluagh an méid seo as litriughadh an leabhair. Níor bh'fhéidir é do chur ar aon nós amháin ar fad. An té do sgríobh na sgéalta ó bhéalaithris na "Méarthóige," .i. Uilliam Soirtéal, do bhí spéis aige i litriughadh éigin tharam-sa, agus níor fhéadas gach aon den tsórt sain d'athrughadh ar chuma go
mbeadh sé ag teacht le fuaim na canamhna féin. Ortha sain atá doí (dí, duithe); uirthí (orthí adeirtear); chonnaic (i n-áit raibh); ba nó budh, agus rl. Tá "léithe" ceart do réir na canamhna, agus -a atá i ndeireadh "briathra" agus "gníomhartha" (ní úsáidthear -aí ionnta so). Maidir le rannghabhálaibh théid isna tarmoircheannaibh -te, -ta, agus rl., níor bhaineas leó, cé gurab -tí, -taí, agus rl., atá i dtuaisceart Chonnacht. Táim ag breith buidheachais re "Méarthóig Ghoill" fá na ceisteannaibh do réidhteach dam - ceisteanna do chuireas air i gcaschaint chruaidh ar uairibh. Ní taise do Pádraig Mac Piarais, .i. d'árd-mhaighistir Sgoile hÉanna i bhFiodh Cuilinn i ngar do Rághnallach Bhaile Átha Cliath. Táim fá chomaoin aige i dtaoibh gur leig sé dham caint do dhéanamh leis an sgéalaidhe i bhfód na sgoile, ní do chuir as do ar an gcuma gcéadna choidhche arís. 'Sé bal críoch chuirfeadh air seo mo ghearán do dhéanamh leis an bpobal i dtaobh droch-ghníomha na gclódóirí. D'éis an réamhráidh seo do sgríobhadh, ní fheadar ó árdaibh na naoi bhFionn caidé an leathanach atá 'ná chóir. An leathanach corr is cóir dó nó dá thús ar a laighead, acht cár cuireadh an reámhrádh sa dá leabhar deiridh acht ar an leathanach comhthrom agus sin ar fad i n-aghaidh an orduighthe thugas uaim! Is iongantach an stailc do fuaras i lucht cló na leabhar so. SEOSAMH LAOIDE I mBaile na Gréine dham, I bPáirc Thighe Lorgán, I dtús an Aibreáin, 1910.
Lúb na Caillighe. "Buailteán Coll; Colpán Cuilinn; Urlár Lom; Agus Aon Phunann."
I bhfad ó shoin ins an tsean-aimsir, budh é gnás na n-ógánach a bheith ag imtheacht ar fud na tíre ag iarraidh aimsire, agus ins an tráth sin ní bhíodh mórán spéise ag ógánaigh na gcúigí eile a dhul go Cúig' Uladh mar bhí an chúige sin corr, ar an ádhbhar nach rabh aon chúige i n-Éirinn badh mhó a rabh draoidheacht agus ealadhain dubh ann ná é, agus thimcheall 's an tráth sin, a ghrádh, d'fhág ógánach cruaidh fuinte Cúige Chonnacht, agus chuartuigh sé cuid mhór de'n tír ag iarraidh aimsire agus tuarastail mhaith. Fuair sé a lán a chuirfeadh aimsir air, acht níor thaithnigh an tuarastal leis agus bhuail sé roimhe nó gur shroich sé Lúb na Caillighe i n-áit eicínt i gCúige Uladh Éireann. Bhí go maith. Nuair a shroich sé an áit sin, bhí sgológ an-shaidhbhir annsin agus bhí call buachalla air an t-am céadna. Chuir sé aimsir ar an gConnachtach agus thug sé tuarastal maith dó mar thaithnigh a sgéimh agus a chuma leis. 'Léir mar deir an sgéal, bhí an buachaill seo gnaoidheamhail dathamhail agus slachtmhar thar bárr, agus ó chuirfeadh fear an tighe aimsir ar an mbuachaill ní bhíodh dréim ar bith aige leis as sin amach, mar bhí a mháthair mhór beo agus is aicí-se a bhí cúram an tighe agus na mbuachaillí agus budh doiligh do bhuachaill seasamh léithi, mar bhí sí an-dian ortha mar fheicfidhear thríd an sgéal seo. Aimsir earraigh a bhí ann an tráth cuireadh aimsir ar an mbuachaill agus bhí go leór cruacha gráin le bualadh agus 'sé an chéad obair a fuair sé cruach choirce a thabhairt isteach 'un an sgiobóil le n-a bualadh agus nuair a bhí gach uile phunann dhí istigh aige thug an tsean-chailleach súiste dhó agus ars' ise: -
"Lom ort ag bualadh agus craithfidh mise an cochan uait." Rug sé ar an súiste agus leag sé dhá shraith punann faoi agus bhí sé i n-a fhear súiste chomh maith agus chas buailteán thimcheall a chinn ariamh. Thoisigh sé, a ghrádh mo chroidhe, ag greadadh ar a lán-dhícheall, agus bhí a bhuille chomh fuinneamhail agus go rabh sé ag crathadh ceithre creatalachaí an sgiobóil. Bhí an chailleach 'na seasamh ag an doras agus súgán ordóige sínte aicí ag fanacht leis an gcochan a cheangal 'léir mar bheith sé buailte aige, acht, dá mhéad fuinneamh a bhuillí agus urrudhas a cholna, sháruigh draoidheacht na caillighe é, mar d'oibrigh sí a draoidheacht thar a riocht, mar nach rabh éan-bhuille dá dtugadh sé nach léimfeadh na punanna de'n talamh agus iad ag gol do'n iarraidh sin thar a cheann agus anois agus aríst dhá bhualadh ins an aghaidh i riocht gur fhobair gur dhall siad é. Bhí an Connachtach ins an tráth seo ag cailleadh a fhoighde agus é beagnach ar buile, agus rud ní budh mheasa bhí sise 'ghá dheifriughadh agus 'ghá cháineadh agus ag rádh go mbudh é an súisteóir budh mheasa d'ár casadh ariamh uirthí é, agus a ghrádh, leis an mbáinidhe a d'fháisg ar an mbuailteoir bhris sé geall an cholpáin agus an púcán ó chéile, agus nuair a bhris coisgeadh an obair an lá sin. Thainic fearg ar an gcailligh agus thug sí díoblughadh dhó agus ars' eisean léithe, "Ní rabh in do shúiste acht deidimín." "Ní bhéidh sin le rádh agat i mbárach," ars' ise, "mar bhéarfaidh mise súiste dhuit nach mbéidh tú i n-an' a bhriseadh, agus, mar' mbídh an chruach choirce buailte agat roimh luighe na gréine, is gearr é do sheal ar an saoghal seo, dá mhéad d'urrudhas agus d'fhearamhlacht cholna-" "Déan do dhícheall, a chailligh an diabhail! mar b'fhéidir, nuair a ghealfadh an lá i mbárach, go mbeitheá ar lár." Bhí go maith's ní rabh go dona. D'fhág an buailteoir an sgioból agus chuaidh an tsean-chailleach go dtí fear an tighe le n-a casaoid i n-aghaidh an bhuachalla, agus
ní fhuair sí acht bog-shásadh uaidhe, mar bhí spéis mhór aige ins an mbuachaill, mar bhí fhios aige nach rabh aon chnáimh fhallsa i n-a chorp agus thuig sé gurb ise a bhí ag déanamh na héagcóra agus gurb í a bhí lochtach agus nach é an buachaill. Níor thaithnigh an sásadh a fuair sí léithe agus dá bhárr sin bhí rún díoghaltais aicí i n-aghaidh an bhuailteora agus dubhairt sí go mbeith an báire léithe- se lá eicínteacht eile. Bhí go maith, a chumhlódair. Nuair a gheal an lá ar maidin, b'áin leis an gcailligh an buachaill a chur ag bualadh an ghráin, acht níor thug mac a mic a chead sin doí, mar bhí an talamh le treabhadh is le riaghlughadh, le n-a ollmhughadh i gcóir an chuir, agus thug an buachaill a sheisreach capall leis i gceann céachta, cuingeannaí is cliath 's nuair a thug sé an méad sin go dtí an gort, bhí sé sé lá na seachtmhaine ag cur na gcloch a bhí i n-íochtar i n-uachtar, agus i rith an ama sin ní rabh aon dréim ag an gcailligh leis. Níor ghoill dócamhal na hoibre ar an mbuachaill agus 'na dheith sin bhí rud eicínt aisteach ag gabhail dó nár fhéad sé meabhair ar bith a bhaint as, mar, gach uile mhaidin nuair a dhúisigheadh sé, budh geall maith a chnámha le duine a mbeith urlaidhe ag urlaidheacht as a chionn ar feadh na hoidhche, agus bhíodh sé chomh sladtha sin is gur ar éigin a b'fhéidir leis a chuid éadaigh a chur air agus ní rabh fhios aige ó thiar an domhain go dtí thuar an domhain goicé budh sgiall dó. Bhí go maith 's ní rabh go dona. Is mór a bhí ag dul ann, mar bhí sé ag meath agus ag cailleadh a dhatha, a ailt ag stroncadh agus a chnámha ag seargadh, agus crom-shlinneáin ag tidheacht ann le dócamhal tuirse, agus croidhe mo chréatúir i mbun a choise le mhéad a bhróin, a bhuaidhridh agus a bhrisidh croidhe, mar nár ghoill aon obair lae ariamh air go dtí an tráth sin, agus bhí sé chomh claoidhte sin go rabh a iosgadaí ag lúbadh faoi le mhéad a lagair dh'aindeoin go rabh neart bídh agus dighe ag dul faoi n-a chrios, agus i ndeireadh na seachtmhaine, a ghrádh, bhí sé ag tabhairt a bhaile an áirnéis agus casadh sean-bhean aosta liath leis, agus
chuir sí forán cainte air. Sheas siad tamall ag comhrádh agus d'iarr sí dhe cé an t-ádhbhar a rabhthar dá chlaoi chomh mór, "mar," ars' ise, "i dtoiseach na seachtmhaine bhí tú reamhar beathuighthe agus aghaidh bhreágh shochmaidhe agat. Anois atá do leicionn glas agus do dhá shúil sluigthe siar in do cheann, do shnuadh imthighthe agus dath na créafóige ar d'aghaidh." Thoisigh seisean ag innsint dhoi mar atá innstí agam- sa, agus nuair a bhí deireadh le n-a bhriathra, "Mo thruaighe thú!" ars' ise, "'sí an sean-draoidheadóir atá ag imirt a tréaraidheacht' ort, agus tá sé i n-am agus thar am creapall a chur uirthí is, mur' gcuirtear go luath, is gairid an bás uait-se. Comharsain mise leat-sa," ars' ise, "mar atá mé in mo chomhnuidhe ins an teach údaidh thall agus tá mé ag tabhairt cuireadh dhuit a thidheacht tamall de'n oidhche anocht ag cuartaidheacht againn, agus b'fhéidir go mbéidhinn i n-an' comhairle do leasa do thabhairt dhuit." Bhí go maith. Thaithnigh comhrádh na caillighe leis an mbuachaill agus gheall sé dhoi go dtiocfadh sé. Sheol sé a bhaile an áirnéis, agus cheangail sé gach uile cheann aca le n-a mbuarach féin. Nuair a bhí sin déanta aige, chaith sé séaras na hoidhche, agus fuaidh sé ag cuartaidheacht go dtí teach a chomharsan réamhráidhte,'s nuair a thainic sé isteach bhí fearadh na fáilte roimhe, mar bhí cailín óg sa teach i gcruth a pósta agus chuir sí spéis mhór sa mbuachaill ó'n gcéad uair a chonnaic sí é, agus sin é a chosain é ó'n mbás, mar budh mhaith le bean an tighe é bheith aicí mar mac- chliamhain, acht ins an tráth sin níor leig siad ortha féin go rabh an rún sin aca; acht cébí sin de, a ghrádh, hubhradh leis suidhe i mbun a chosa agus deasughadh leis an teinidh. Shuidh sé agus thoisigh bean an tighe ag comhrádh leis:- "Anois," ars' ise, "caithfidh urrudhas na gcéadta bheith annat, nuair nach bhfuil tú marbh roimhe seo mar ngeall ar an rath atá an draoidheadóir caillighe a chur ort gach uile oidhche, agus bíodh fhios agat, a ghrádh," ars' ise, "nár sheas aon bhuachaill leobhtha leis na
bliadhanta thar dhá lá nó trí, mar nach bhfuil aon draoidheadóir le fágháil is milltighe ná í, agus bhéar- faidh mise comhairle dhuit-se anois agus 'sí comhairle do leasa í, agus má ghníonn tú mo chomhairle, béidh an báire leat, agus mur' ndéanfaidh, béidh alla na héagcaoine ort. Béidh tú ag bualadh i mbárach ins an sgioból, agus, mur' bhfuighidh tú athrughadh súiste thar an gceann a bhéarfas sise dhuit, béidh tú in do stolp tráthnóna, mar nach bhfuil aon ádhmad ag fás fhóireanns do shúiste nach gcuirfidh sí draoidheacht air acht coll agus cuileann, agus déan thusa súiste ar maidin. Fágh buailteán coll, colpán cuilinn, urlár lom agus aon phunann, agus 'léir mar bhéas tú ag bualadh, tabhair iarraidh do'n bhuailteán faoi'n gcochan agus caith an cochan de'n iarraidh sin eidir an dá shúil uirthí, i gceann a rádh, "A chailligh gan fhéidhm, coinnigh an cochan craitthe uaim," agus níl aon chor draoidheachta i n-a corp nach gcuirfidh sí thar a riocht ag iarraidh pléisam a dhéanamh dhíot-sa, agus, nuair a sháróchas uirthí, tiocfaidh meir-bháinidhe uirthí agus fág- faidh sí annsin thú is ní fheicfidh tú í níos mó go maidin, mar coinneochaidh sí uait go mbídh tú in do chodladh agus, mur' ndéanfaidh tú mar déarfas mise leat, solus an lae athrughadh i mbárach ní fheicfidh tú, mar cuirfidh sí de'n tsaoghal thú ins an oidhche i mbárach mar ngeall ort an bhuaidh fhagháil uirthí le athrughadh súiste. Anois, a mhic mo chroidhe, nuair a rachas tusa a chodladh ins an oidhche i mbárach bíodh ruadhóg agat agus ceangail thart thimcheall d'ordóige é agus cuir trí ghlas-shnaidhm teannta air i riocht go mbéidh sé do do chrádh, agus fuiling nimhneas na ruadhóige ar an gcaoi go gcoinneochaidh sé thú in do dhúiseacht, mar, nuair a mheasas sise go mbéidh tú in do chodladh, tiocfaidh sí isteach in do shiúmra agus béidh srian léithe i n-a láimh. Má tá tú in do chodladh nuair a thiocfas sí isteach, craithfidh sí an srian as cionn do chinn ins an leabaidh agus le mhéad a draoidheachta éireóchaidh tú aniar aicí in do chapall agus cuirfidh sí an srian ort. Bhéarfaidh sí amach thú agus gabhfaidh sí ag
marcaigheacht ort agus cuirfidh sí luas sinneáin gaoithe Mhárta fút ar fud na tíre agus sin é an rath a chuir sí ar gach uile bhuachaill a bhí romhat agus a chuir sí ort-sa ó thainic tú aici. Anois, nach bhfeiceann tú gur beag an dochar dhuit a bheith tuirseach marbh sáruighthe agus gan fios a bhríghe agat? Agruighim thú anois gan tuitim in do chodladh agus, má mheasann tú go mbéidh suanaidheacht chodlata ort, fáisg an ruadhóg níos tinne agus, an chéad uair a thiocfas sí isteach in do shiúmra, searg thú féin is cuir méanfhadhach asat. Bhéarfaidh sin le rádh dhuithe-se go bhfuil tú 'do dhúiseacht is gabhfaidh sí amach. Ní dhéanfaidh sí aon mhoill go dtigidh sí ar ais, 's nuair a thiocfas, bí ag tionntódh agus ag barr- thionntódh, is nuair a fheicfeas sí thú ar an gcuma sin, is gearr an fhaillighe a dhéanfas sí agat, agus a mhic mo chroidhe, tiocfaidh sí an treas uair agus gal dubh- dhraoidheachta as a béal le mhéad a báinidhe agus, nuair a thiocfas, bí ag socrughadh ceannádhairt do leabtha, 's nuair a fheicfeas sí thú ar an gcuma sin, ní rachaidh sí amach gan forán a chur ort, agus, ar ndóigh, tabhair freagradh uirthí 'léir na ceiste. Nuair a fhágfas sí do shiúmra, ní chuirfidh sí íognódh ort an oidhche sin, agus ar an móiméid a ghoireas an coileach éirigh agus cuir ort do chuid éadaigh, téirigh do dtí a siúmra agus ní baoghal duit nach mbéidh sí i n-a codladh; béidh an srian crochta as cionn ceannádhairt na leabtha. Beir in do láimh air, craith trí huaire as a cionn é agus éireochaidh sí aniar agat i n-a láir chapaill. Cuir an srian uirthí agus déan mar is toil leat annsin. Sin í mo chomhairle-sa dhuit, agus, mur' gcoimhlíonaidh tú í, béidh aithreachas ort lá i ndiaidh an mhargaidh." "Go rabh mhíle maith agat," ars' an buachaill, "agus tá mé faoi chomaoin mhóir agat, agus má mhairim, cuirfidh mé comóradh ort. Déanfaidh mé do chomhairle, mar 'sí comhairle mo leasa í. Slán leat anois, agus gheobhaidh mé an bhuaidh ar an draoidheadóir," D'imthigh an buachaill leis, a ghrádh, agus é ag smaoineadh ar chomhairle na mná, agus, nuair a shroich sé teach a mháighistir, bhí sé i n-am codlata. Chuaidh sé
a chodladh, agus ar ndóigh, ní rabh sé i bhfad sa leabaidh nuair a thuit sé 'na chodladh, agus ag éirghe dhó ar maidin bhí an tuirse chéadna air. Rinne sé an súiste mar atá ráidhte agus thoisigh sé ag bualadh le buailteán coll, colpán cuilinn, urlár lom agus aon phunann. Bhí an tsean-chailleach ag crathadh an chochain uaidhe agus a dhá súil ag gol amach ar a ceann le báinidhe agus mire. Nuair a bhí a cumhacht draoidheachta ar lár agus eisean 'ghá dalladh le cochan d'fhág sí é ar uair an mheadhoin lae agus ars' ise, nuair a bhí sí ag imtheacht: "Ní rachaidh leat, agus mo mhallacht do bhéal do mhúinte." Le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fada, a ghrádh, bhí an chruach choirce buailte ceangailte agus roillte aige i n-am dinnéir,'s nuair a d'ith sé a dhinnéar, shiubhail sé amach ar fud na machaireachaí, mar nach rabh aon fhonn oibre air le mhéad a bhróid mar ngeall air an bhuaidh fhágháil ar an tsean-chailligh agus b'fhuide leis ná a shaoghal nó go dtiocfadh an oidhche, mar bhí sé lán`-chinnte go gcuirfeadh sé an chailleach agus a cuid draoidheachta ar lár agus, dá gcuirfeadh, mheas sé go mbeith sé ag rinnc mhacrais as sin amach. Leis an sgéal a chríochnughadh, a ghrádh, bhí sé ar na smaointe sin go dtainic an oidhche, agus, nuair a thainic, rinne sé obair na hoidhche mar budh gnáthach dó, agus ní fhaca sé an tsean-chailleach ar an bhfad sin. Nuair a mheas sé go rabh sé i n-am codlata chuaidh sé a chodladh agus cheangail sé an ruadhóg fuinte cruaidh mar atá ráidhte, agus, acht mar' beag go rabh an ruadhóg dá chrádh, thuitfeadh sé 'na chodladh, mar ngeall ar dhócamhal tuirse, acht, a chumhlódair na cruinne, ní rabh sé i bhfad i n-a leabaidh no go dtainic sise isteach i n-a shiúmra 's, nuair a thainic, níor labhair sí húth ná háth, agus thoisigh seisean ag casachtaigh agus ag méanfhadhach, agus thug sin le rádh dhuithe-se go rabh sé 'na dhúsacht, agus amach léithe mar bhuailfeá aithinne dearg ar a cluais. Ní dhearna sí mórán faillighe go dtainic sí ath-uair, agus bhí seisean ins an am céadna
ag tionntódh agus ag barr-thionntódh agus amach léithe-se mar sgal teintrighe. Bhí sé ag teannadh le uair an dó-dhéag agus níor thráth d'á fhaillighe dhoí é, mar d'fhill sí an treas uair go dtí a shiúmra, agus ins an tráth sin bhí sé ag socrughadh ceannádhairt a leabtha, agus ars' ise leis:- "An n-é nach bhfuil tú in do chodladh go fóill?" "Níl, muise," ars' eisean, "ná ní chodlóchaidh mé go maidin, mar atá clagadh fola ag cur as dom de bhárr dianas m' obair lae." "Mur bhfághaidh tú fóiríthin," ars' ise, "go dteannaidh ort," agus ar leagan do shúl, d'fhág sí an siúmra agus fhobair nach ndearna sí dhá leith de chomhnlaidh an dorais ag gol amach doí le mhéad a báinidhe. D'éirigh seisean as a leabaidh chomh héasgaidh le gealbhann, agus, nuair a chuir sé air a chuid balcaisní éadaigh, shiubhal sé go mín réidh socair go dtí siúmra na sean-chaillighe, agus, a ghrádh, nuair a sheas sé ag colbha na leabtha, thairneochadh sí bath bodhra as coillte le n-a srannadh le mhéad a trom-chodlata. Dhearc sé as cionn a leabtha, agus bhí an srian annsin as comhair a dhá shúl. Rug sé ar an srian i n-a láimh agus thug sé trí chrathadh de'n tsrian as a cionn, agus d'éirigh sí aniar i n-a láir dheas shlíoctha choimsire, agus i nDómhnach, a ghrádh, chuir sé an srian uirthí agus rinne sé a ceannaireacht amach go dtí 'n tsráid. Chuaidh sé ar a muin, agus theann sé an béalmhach i n-a béal, mar bhí sé ag brath ar coisidheacht a bhaint aistí, agus as go bráth leis, a chumhlódair, ar fud-na tíre, agus coisidheacht ar choisidheacht acht budh in í fhéin an choisidheacht. Nuair a bhí sé ag tarraint i ngar do'n lá, bhí an marcach ar a bhealach a bhaile, agus ar thaoibh an bhóthair casadh ceardchaidh leis, agus a bhaiste, bhí an gabha sa gceardchaidh an tráth céadna. Thuirling an marcach agus thug sé an láir isteach agus ars' eisean leis an ngabha:- "Bheithinn buidheach dhíot dá gcuirtheá cruidhthe ar mo láir."
Bhí bruith a ladhar ar an ngabha ag freastal ar an marcach, mar shíl sé gur bhain sé le sluagh sídhe na gcnoc is chuir sé an bior cruadhach sa teinidh, 's nuair a bhí sé gorthaí aige, leag sé ar an inneóin é agus thoisigh an t-urlaidhe ag urlaidheacht, agus ní rabh sé i bhfad ná i ngearr ag déanamh na gcruidhthe agus 'ghá gcur ar an láir. Thug an marcach luach saothair dhó, agus amach leis, agus ní bréag nár thug sé an lasg doí nó gur shroich sé an baile. Nuair a shroich, thuirling sé agus thug sé isteach í go dtí a siúmra, bhain sé an srian dí 's nuair a bhain, bhí sí i gcumraidheacht mná, mar bhí sí cheana, agus cruidhthe ar bhois a dhá lámh agus ar dhá bhonn a cos, agus gan smeach i n-a cluais, mar bhí a cuid fola tugtha mar ngeall ar na táirngní cruadhach a bhí ins na cruidhthibh. D'fhág sé ar an gcuma sin í agus chuaidh sé a chodladh. Ar maidin nuair a d'éirigh muintir an tighe, bhí iongantas orthú nuair nach rabh an tsean-chailleach i n-a suidhe, mar budh í an mochóir ab' fhearr a bhí sa teach i gcomhnuidhe í, agus shiubhail fear an tighe go dtí a siúmra go bhfeicfeadh sé cé bhí ag cur as doí, 's nuair a chonnaic sé an radharc a bhí roimhe, fhobair nár thuit an t-anam as. Gháir sé ós árd; agus chruinnigh muintir an tighe i n-a thimcheall agus d'fhiafhruigh sé díobhtha an rabh fhios ag éinne aca cé thug an aoid sin ar a mháthair mhóir. D'fhreagair an buachaill é agus dubhairt sé gur eisean a bhí ciontach, agus thoisigh sé ag innsint faoi dhraoidheacht ná caillighe agus gach ní atá innstí agam-sa thríd an sgéal, agus, nuair a bhí deireadh le n-a chuid briathra, thug fear an tighe breitheamhnas fábharach ar an gcoir, mar budh fear socair cóir a bhí ann, agus thuig sé gur thuill an sean-draoidheadóir an méid a fuair sí, mar nár thug sé milleán ar bith do'n bhuachaill faoi, agus choinnigh sé é mar buachaill aimsire a fhad 's budh toil leis fanacht, agus bhí deireadh le éagcóir na mbuachaillí ó cuireadh an sean-chailín ar lár. D'fhan sé tamall dá shaoghal ag a mháighistir no gur chruinnigh sé bunachar beag, agus, nuair a bhí sin
bailighthe aige, phós sé inghean "bhéil a mhúinte" agus deir siad go raibh banais shultmhar aca agus go bhfuair sé fhéin agus a chéile saoghal fada, agus ádh agus amhthas orthú, agus sin é an sean-fhocal mínighthe mar chuala mise é, is ná bígidh ag casaoid air, mar tá sé thar bárr.
Sgéala ar Pholl Tighe ó Leó Leobháin. I bhfad ó shoin ins an tsean-aimsir bhí cleasa lúith an-fhairsing i n-Éirinn agus go mór-mhór i gCúige Chonnacht. Bhíodh ógánaigh na tíre fruilthigh'e i n-aghaidh a chéile ag camánacht agus ag imirt liathróide. Bhí go maith 's ní rabh go dona. Bhí seadairí fearamhla Chúige Chonnacht i n-an' buaidh a thabhairt i n-aghaidh ógánaigh ar bith a thiocfadh i n-a n-aghaidh as cúige ar bith eile i n-Éirinn. Bhí i measg báireoirí Chúige Chonnacht aon chamánaidhe amháin agus ní rabh aon bhoc báire i n-Éirinn ab' fhearr ná a bhí aige agus áit ar bith a théidheadh camánaidhthe Chúige Chonnacht, bhíodh an báireoir seo i gcomhnuidhe i n-a chúl báire acú. Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe, gur thárluigh camánaidhthe as Cúige Uladh Éireann do dtí Cúig' áluinn Chonnacht agus bhí na hUltaigh seo an-diabhalta aclaidhe 'léir aclaidheacht' ailt, agus mheas siad go rabh sé ar a gcumas an bhuaidh a thabhairt as Connachtaibh leof. Nuair a thainic an dá fheadhnach chum treasa ar mhachaire na liathróide, sheas an dá chúl báire os comhair a chéile agus ars' an t-Ultach leis a' gConnachtach: "Caillfidh mise leagaint nó bhéarfaidh mé treis liom indiu." D'fhreagair cúl báire Chúige Chonnacht é agus ar seisean: "Tá treis agus buaidh agam-sa agus ag m' fheadhnach fear leis na bliadhanta agus má tá tusa agus do chuid camánaidhe i n-an' treis bhuanamhail a thabhairt uaim indiu, ní imreogha mise aon bhoc báire fhad 's beo mo cheann." Leis sin, a dhearbhráthair mo chroidhe, buaileadh an báire agus ins an áit ba te ba teann, acht camánacht ar chamánacht, acht budh in í fhéin an chamánacht. Budh é
cúl báire Chúige Chonnacht a bhuail an chéad bhoc agus chuir sé an liathróid go dtí an góraidhe íochtair. Nuair a chonnaic na hUltaigh an boc báire a bhí aige- san, bhí siad ar a gcosaint air as sin amach, acht mar sin féin bhí na hUltaigh ag fágháil an chuid-is-measa de'n mhasladh agus nuair a bhí an chéad leath-uair caithte budh le camánaidhe Chúige Chonnacht an lámh i n-uachtar agus 'fhad 's bhí siad ag tarraint a n-anáile agus ag ithe tonóladh beag bídh, bhí na hUltaigh an t-am céadna ag cothughadh riaghla faoi rún i n-a measg féin, an báireoir lúthmhar bhí ar thaobh Cúige Chonnacht a chreapall, dá mb'fhéidir leof é, agus, dá dtiocfadh leobhtha é an dó- bheart sin a chomhanlladh agus an báireoir fearamail sin a lot, go mb'fhurust dhóbhtha treis fhágháil an darna leath- uair. Bhí go maith, a chumainn na gcumann. Nuair a d'ionnsuigh na camánaidhthe a chéile ath-uair, bhí na hUltaigh borb agus an-diabhalta colgach agus thoigh siad an ceath'ar ba lúthmhaire coiscéim le coinneáil i ngar do bháireoir Chúige Chonnacht agus le cor coise a thabhairt dó ar dheiseal ná treiseal, áit ar bith dá mbeith sé ar an machaire. Choinnigh siad i n-a aice, agus i gcóir ná i n-éagcóir, dá mb'fhéidir leof é, thugadh siad iarraidh leagaint faoi, agus nuair nach rabh na hUltaigh ag treisiughadh ar na Connachtaigh, mhéaduigh a mbáinidhe nídh ba bhuirbe ná bhí siad agus ní rabh ann annsin acht cor coise i bhfus agus cor cramóg thall agus muinéal lag i n-íochtar agus, le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fada, le chomh borb agus d'ionnsuigh an dá fheadhnach fear a chéile, loiteadh agus leonadh an fearr-is-bárr dho fheadhnach na n-Ultach agus dheamhan a thúisge bheith fear acú loitthe ná bhíodh camánaidhe eile úr-nua ar a' machaire agus, a ghrádh mo chroidhe, níl léigheadh ná innsint sgéil ar na sluaighte daoine bhí i machaire na liathróide an lá sin as ceithre ceárda na hÉireann agus, a dhearbhráthair mo chroidhe, loiteadh agus leonadh an oiread sin de na hUltaigh agus, sul má rabh uair na camánachta caithte, ní rabh aon fhear acú le áit an chamánaidhe toisigh a bhí acú a thógáil,
mar b'éigean dó suidhe i mbun a chosa, mar ngeall ar ubhall a leise a chur as áit, agus, nuair a chonnaic na hUltaigh go rabh na Connachtaigh ag treisiughadh orthú agus go rabh easbhaidh camánaidhe orthú, shíl siad an imirt a chur ar gcúl agus ní thiubhradh na Connachtaigh an cead sin dóf, acht dubhairt siad leobhtha a rogha fear a thoghadh as an sluagh a bhí ag faire ar an imirt agus leis sin fuaidh cúl báire na n-Ultach ag tóraidheacht chamánaidhe agus ní rabh aon fhear dár iarr sé nach rabh sgáthmhaireacht orthú a dhul ag camánacht i n-aghaidh na gConnachtach mar ngeall ar a bhfearamhlacht agus a n-aclaidheacht ailt agus nuair a theip na hUltaigh go léir ar an gcúl báire, d'fhás báinidhe mhór air agus ar seisean leobhtha: "Baistim faraor oraibh, agus shíl mé go rabh sibh níos misneamhla ná tá sibh, a chladhairí gan maith gan maoin!" Rug sé ar a chamán agus amach leis i gcionn a chuid oibre aríst agus lean fear é agus ar seisean leis: "Níos túisge ná gheobhfas na Connachtaigh buaidh orainn indiu, gabhfa mise ag camánacht leat-sa." "Mo sheacht grádh thú!" ars' an cúl báire leis. "Go rabh maith agat," ar seisean, "agus tá sé chomh córta dhamh-sa seasamh do Chúig' Uladh annseo indiu agus tá sé dhuit-se agus, le dhul níos fuide ins a' sgéal, is sagart óg mise agus nuair nach bhfuil aon fhear eile as bhur gcúige chomh misneamhail le seasamh i n-aghaidh na gConnachtach, seasfaidh mise i n-a n-aghaidh agus caillfidh mé leagaint nó bhéarfamuid treis agus buaidh ó na Connachtaigh indiu," B'fhíor a' sgéal, a dhearbhráthair. Rug an sagart óg ar a' gcamán agus thóig sé a áit i n-a chamánaidhe thoisigh agus gan bhréig agus gan mhagadh, ba mhaith an buille camáin a bhí aige agus nuair a bhí sé dó nó trí de mhóiméid ag camánacht, bhí dhá ghóraidhe fagháilte aige agus, a dhearbh- ráthair mo chroidhe, budh in í an uair a thoisigh an teangamháil dháríribh agus, le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal amháin, shíl na Connachtaigh go mbudh leobhtha buaidh, acht, a chumainn na gcumann, dheasuigh cúl báire na gCon-
nachtach i n-aice an tsagairt agus as sin amach dheamhan cor ná cleas d' fhéad an sagart a chur dhe' mar bhíodh an cúl báire le n-a sháil agus 'nDomhnach ba mhaith an mhaise do'n tsagart é, 'ch uile uair a bhéarfadh cúl baire na gConnachtach iarraidh buailte ar a' mbáire thugadh an sagart cor coise dó agus 'nDomhnach bhain sé trí ná ceathair dho leagaint talmhana as agus nuair a chonnaic báireoirí Chúige Chonnacht go rabh a gcúl báire dhá chlaoi, thoisigh siad ag cailleadh a misnighe agus bhí na hUltaigh ag déanamh díoghbhála móire dóbhtha. Bhí go maith. Nuair a bhí an t-am ag ionnsuighe thart thug an sagart iarraidh eile faoi chúl báire Chúige Connacht agus, má thug, ní dheachaidh leis. D'éirigh cúl báire na gConnachtach de chothrom talmhana agus thug sé cor coise do'n sagart agus chaith sé i ndiaidh a mhullaigh d'aon tuairt amháin é i n-aghaidh na talmhana agus briseadh cnámh a ghealracháin agus, a dhearbhráthair mo chroidhe, le chomh cráidhte agus cráidheadh croidhe an tsagairt, thug sé a mhallacht do chúl báire na gConnachtach agus budh é ainm an chúil bháire Ó Leó Leobáin agus, le innsint go soilléartha i dtaobh an dá fheadhnach camánaidhe, ba leis na Connachtaigh buaidh agus, 'léir lucht innsint an sgéil seo, hubhradh nár buaileadh aon bhoc báire insa machaire sin ar feadh na mbliadhanta agus ní gan ádhbhar agus seo é an t-ádhbhar: 'Léis an tsagairt a mhallacht a thabhairt do Ó Leó Leobáin, bhí sé chomh stainceamhail i n-a intinn agus nach n-umhlóchadh sé do'n sagart agus nach n-iarrfadh sé maitheanas air agus nuair nach ndeárna sé sin, d'éirigh na daoine glonnmhar i n-a aghaidh agus dhearc siad air mar fhear corr agus ní'l aon lá dá n-éirigheadh a chomhursanaí nach ar a theach bhéarfadh siad an chéad amharc, théinte go bhfeicfeadh siad a theach leagtha nó é fhéin crochta i n-aghaidh a bhalla mar ngeall ar mhallacht an tsagairt bheith as a chionn. Bhí siad mar sin ar feadh mórán bliadhanta agus dheamhan breis ar bith a d'éirigh dhó. Bhí móirsheisear deirbhshiúrachaí ag Ó Leó Leobáin agus triúr dearbhráithreachaí. D'éirigh muinntear na tíre chomh glonnmhar sin i n-a n-aghaidh agus nach labhróchadh siad leobhtha ar aonach ná ar mhargadh agus b'éigean do mhuinntir
an tighe sin a saoghal a chathadh díomhaoineach, mar nach bhfuigheadh siad éinne a phósfadh iad mar ngeall ar mhallacht an tsagairt. Thinn Dia leobhtha go bhfuair siad saoghal fada, agus i leabaidh iad a bheith ag gol un donacht' 'sé a' chaoi a ndeachaidh siad 'un feabhais agus 'un saidhbhris agus dá mhéad a gcuid saidhbhris ní bhfuigheadh éinne de'n chlainn inghean compánach ar bith le n-a bpósadh agus bhí an gárla céadna ar na dearbhráithreachaí - ní bhfuigheadh siad aon bhainchéile agus, a dhearbhráthair mo chroidhe, leis an sgéal gearr seo a dhéanamh níos giorrtaighe, 'léis mórán bliadhanta fuair cúigear de'n chlainn inghean bás agus mhair beirt acú agus an ceath'ar dearbhráithreachaí, agus a ghrádh mo chroidhe, gan bhréig is gan mhagadh, bhí siad i n-aois leanbaidhe an tráth seo agus bhí intinn an-chorrach ag Ó Leó Leobáin nuair nach rabh duine ar bith a bhain dá shliocht aige le n-a shaidhbhreas fhágáil acú agus, le mhéid na haoise bhí acú, ní rabh éinne rugadh le n-a linn saoghlach bliadhanta roimh an tráth a rabh muirighin an tighe seo i n-aois leanbaidhe agus bhí cáil Ó Leó Leobáin go fada 's go gearr i dtaobh a ghnímh ghaisgeamhail camánachta, agus bhí fhios aige sin go maith agus bhí sé fhéin agus a thriúr dearbhráithreachaí aon oidhche amháin 'na suidhe a chois na teineadh agus iad ag caint eatorrú féin i dtaobh a n-óige agus 'léir mar bhí siad ag caint níor airigh siad an oidhche dhá cathadh go rabh sé i n-a mheadhon oidhche agus nuair a thug siad faoi deara an tráth d'oidhche bhí sé, bhí siad ag triall ar dhul a chodladh agus sul már shroich siad a leabaidh, buaileadh craig ar an doras, agus bhí sgáthmhaireacht orthú dhul go dtí an doras, mar nár mhúch fear ná bean a ndoras os cionn leith- chéad bliadhain roimhe sin. Acht cé 'bíth sin de, ghlac Ó Leó misneach agus d'fhosgail sé an doras agus nuair a d'fosgail bhí fear i n-a sheasamh i n-aghaidh na hursan agus ar seisean le Ó Leó: "A' dtiubharthá dídean na hoidhche dhom i n-onóir do Dia agus do Mhuire."
"Bhéarfad," ar seisean leis, agus thainic an coimhightheach isteach agus shuidh sé i mbun a chosa, a' déanamh a ghoradh ag an teinidh, mar bhí sé i n-a chall. Dheamhan húth ná háth a labhair muinntear a' tighe leis acht amháin Ó Leó agus shuidh sé le n-a ais agus ar seisean leis: "Bhfuil dochar dhom fiafhraighe dhíot cé thú fhéin ná cé as ar thárla tú?" "Maiseadh, 'dheamhan dochar dhuit," ars' an coimhthigh each, "fiafhraighe dhíom; bráthair mise agus bhí mé ag brath ar dhul a bhaile, acht i n-a leabaidh sin cuireadh amugha mé agus níor fhéad mé mo bhealach a dhéanamh agus ar m' fhocal duit, bhí mé beagnach casgartha nuair a chonnaic mé an solus ar a' bhfuinneoig agus tharrainn mé ar an solus le dídean an tighe fhágháil, mar tá aistir fhada romham ar maidin." "Tá fáilte agat," arsa Ó Leó, "fanacht annseo ar feadh seachtmhaine, má's maith leat é; acht, a dhuine chóir, ó's dhuit atá mé dhá innsin, níor sheas éinne ar an urlár seo os cionn leith-chéad bliadhain acht muirighin an tighe, go dtainic tusa anocht.". "Úbú," ars' an bráthair, "bhfuil tú dháríribh, nó go cé an t-ádhbhar a bhí ag do chomharsanaí bheith chomh mío- rúnmharach sin in d'aghaidh?" "Innseogha mé sin duit, a bhráthair mo chroidhe," agus a léaghthóirí, thoisigh Ó Leó Leobáin ag innsint do'n bhráthair gur innis sé focal ar fhocal dó mar tá inniste agam-sa dhaoibh-se agus, nuair a bhí tús agus deireadh an sgéil ag an mbráthair, dubhairt sé le Ó Leó agus muinntir an tighe a bhí 'na chuideachta a dhul ar faoisdin i n-ainm Dé, agus faoisdin mhaith íonráilte dhéanamh le croidhe buaidheartha cráidhte agus go maithfeadh Dia a gcuid peacaidh dhóf. D'fhreagair Ó Leó Leobáin é agus dubhairt sé leis nach n-ísleochadh siad aon ghlún faoi shagart fhad 's bheith siad beo agus go bhfanfadh siad mar bhí siad agus nach ndearna mallacht an tsagairt díoghbháil ar bith dhóf acht ádh agus amhtar a thainic orthú le linn na mallachta, agus ann sin nuair a thug an bráthair faoi deara nár
fhéad sé a gcuir i mbealach a leasa, dubhairt sé leobhtha nach gcodlóchadh sé faoi chreata tighe ar bith a rabh mallacht sagairt as a chionn agus ar seisean: "Ní'l lá dá fhad nach dtigeann a thráthnóna agus 'sé a fhearacht sin libh-se é. Thug Dia saoghal fada dhaoibh agus go mór-mhór dhuit-se, a Óil! le aithrighe dhéanamh in do pheacaidh agus mur' ndéanfaidh tú, bí cinnte, bíodh sé luath ná mall, go dtuitfidh tú faoi ghnúis Mhic Dé!" Ní dhearna an bráthair ceo na frighde acht siubhal amach as a' teach agus leis an driopás a bhí air ag imtheacht, dhearmad sé a thriubhas a chroch sé ar a' bpionna bhí i n-aghaidh an bhalla nuair a thainic sé isteach i dtoiseach agus nuair a bhí sé thimcheall 's ceathramha míle ó'n teach thug sé faoi deara gur dhearmaid sé a thriubhas agus d'fhill sé ar ais i gcoinne a thriubhsa agus nuair a thainic sé as comhair an tighe, ní rabh de'n teach 'na sheasamh roimhe acht an méid de'n bhalla a rabh a thriubhas crochta air. Shín sé a lámh agus thóig sé an triubhas de'n phionna agus ar a' móiméid ar thóig bhí teach Ó Leó Leobáin agus a rabh ann sluigthe síos go fíor-íochtar na talmhana agus ní'l 'fhios ag fear le fágháil daimhneacht an phuill sin agus sin é brígh ughdair "Phuill Tighe Ó Leó Leobáin," agus tá an focal sin beo i mbéal na seandaoine go fóill agus tá súil agam go mbéidh brígh agus ciall an fhocail beo go bráth nuair a chuirfhidhear an sgéal seo i gcló. Sin dhaoibh uilig é agus beannacht Dé le hanam na marbh.
Gobán Saor agus a Mhac. Seo sgéala ar Ghobán Saor agus a mhac, mar shíl Gobán go mbudh é a mhac dlisteanach féin a bhí ann, acht i n-a leabaidh sin budh mac altroma dhó é. Ins an tsean-aimsir nuair a mhair Gobán Saor bhí sé 'na chomhnuidhe i gCill Ghobáin ag Cartún míle ó dtuaidh de Chill Alaidh. Bhí Gobán pósta agus clann inghean uilig thainic ar a shliocht. Bhí tíoránach a bhain do chreideamh na bpágánach i n-a chomhnuidhe an taobh thoir ó dtuaidh de'n choinéal agus 'sé ainm an choinéil Coinéal Ráth-Frannaigh agus budh é ainm an tíoránaigh Frannaigh Mór, agus 'sé an t-ainm atá ar an áit a rabh sé 'na chomhnuidhe Ráth-Frannaigh, agus tá an coinéal seo mar thórainn eidir Cill Ghobáin agus Ráth- Frannaigh, agus tá Droichead Phámarstúin déanta ar an gcoinéal seo, nó an sean-ainm Droichead an Chaisleáin Riabhaigh. Bhí go maith 's ní rabh go dona. Bhí Frannaigh Mór mar deir na seanchaidhthe i n-a fhear an-diabhalta madramhail agus mar ngeall ar an gcumhachta bhí aige 'léir urrudhais bhí sé in-a fhear mí-riaghalta domblasach, agus budh chuma leis céard a dhéanfadh duine ar bith ná ní ar bith acht a bháinidhe fhéin a shásughadh. Bhí sé pósta, agus, 'léir mar tá an seanchas againn, bhí naonbhar mac ag a bhean agus níor thaithnigh sin le Frannaigh Mór, mar do bhéarfadh sé gach a bhfaca sé ariamh acht inghean a bheith ar a shliocht. Bhí go maith gur éirigh a bhean torrach ar an deicheadh feacht, agus nuair a bhí sí i riocht clainne, thug Frannaigh mionna: "Dar brígh na gréine 's na gealaighe," ars' eisean, "mar mbídh inghean agat de'n phrap seo, bhéarfaidh mé sgoilteadh an bhradáin ort." 'Léis an mhionna seo, a ghrádh mo chroidhe, sgannruigh sé na leitheachaí ins an mnaoi bhoicht, mar bhí a fhios
aicí go rabh sé chomh buailteach agus bhí sé bagarthach, agus sul má dtainic tinneas clainne uirthí chuir sí sgéala i gcoinní an ghogaire agus d'innis sí dhoí mar tá innstí agam-sa dhaoibh-se. "Cruaidh go leór," ars' an gogaire, "acht déan- faidh mise mo dhícheall an chúis seo a réidhteach, má's mac a thiocfas ar an saoghal." Ins an am chéadna bhí bean Ghobáin i riocht clainne agus bhí oiread de chathughadh i ndiaidh mic ag bean Ghobáin agus bhí ag Frannaigh i ndiaidh inghine. Chuaidh an gogaire ag bean Ghobáin agus d'innis sí an seanchas doí. Arsa bean Ghobáin léithe: "Má bhíonn inghean agam- sa agus mac ag bean Frannaigh' tabhair an mac agam-sa ag gól-síseal agus tig leat m'inghean-sa thabhairt leat agus ní bhéidh fios an rúin ag an bhfár doras." B'fhíor an sgéal, a ghrádh mo croidhe. 'S amhlaidh bhí sé, bhí inghean ag bean Ghobáin agus mac ag bean Frannaigh, agus 'léis bean Frannaigh an páisde bhreith, d'iarr Frannaigh an mbudh mac ná inghean a bhí ann agus d'fhreagair an gogaire é de aon anál amháin: "Inghean," ars' ise. "Go mbadh slán an sgéal," ars' eisean, 's leis an mbród a bhí ar Frannaigh thoisigh sé ag rinnc 's ag damhsa agus ag gearramansaidheacht aníos agus síos ar fhad a shiúmra agus lean sé do'n obair sin go dtainic meabhrán i n-a cheann agus b'éigean dó é féin a chathadh ar a fhad ar an urlár d'á thoil-leonadh fhéin, agus le dócamhal a ghearramansaidheacht' thuit sé i n-a shac codlata agus mar a bhuailfeá do dhá bhois faoi chéile d'imthigh an gogaire agus an naoidheanán léithi nó go ndeachaidh sí anonn fearsaid Bhéil Átha na Cloiche Duibhe tá ag gol trasnaidhe Coinéil Ráth-Frannaigh agus bhuail sí isteach go teach Ghobáin ar an uair mharbhtha de'n oidhche agus, mar bhí fios a gnathaigh ag bean Ghobáin roimh ré, ní dheárna sí aon mhoill acht an naoidheanán fir a leagaint síos agus an naoidheanán mná árdughadh léithe.
D'fhill sí ar ais an bealach céadna gur shroich sí teach Frannaigh agus gan fios ag fear le fágháil brígh a turais. Bhí bród an tsaoghail ar bhean Frannaigh faoi 'n inghin agus faoi í bheith cosanta ó fheirg bhuirb a fir, agus dá mhéad an bród a bhí uirthí budh mhó ná sin an bród a bhí ar Ghobán nuair a hinnsigheadh dó go rabh mac ag a bhean, mar bhí sé i gcomhnuidhe 'gcomh nuidhe ag dúil le mac a thidheacht ar a shliocht le n-a cheird fhágáil aige, mar nach rabh aon saor cloiche le fágháil ab' fheárr ná budh stuamdha ná an Gobán, agus budh in é ádhbhar a bhróid i dtaobh a mhic, go dtiocfadh leis a cheird fhágáil aige - an rud nach dtiocfadh leis fhágáil ag a chlainn inghean. Leis an sgéal a ghiorrachan, tugadh aire chúramach do'n bheirt chlainne seo, agus an borradh nach ndéanfadh siad san oidhche dhéanfadh siad san lá é, le mhéad an chúramúin a bhí ag a mbeirt aithreachaí astú. D'fhás inghean Frannaigh i n-a cailín caol árd agus aghaidh mhian-shuaidhte dhubh uirthí. 'Léir mar deir na sean seanchaidhthe ní rabh sí gnaoidheamhail, acht mar dubhairt an sean-fhocal, "ní breághaichte ghníonns brochán, acht min a ramhruigheanns." B'amhlaidh bhí Áine mar budh in é a hainm. Bhí a cáil go fada 's go geárr le n-a críonnacht, a mánlaigheacht, is a tádhbhachtacht, agus bhí iongantas ar na daoiní cailín chomh mánla léithe thidheacht ar shliocht Frannaigh. Is iomdha óigfhear bhí ag brath uirthí agus a rabh dúil acu a gol 'un tíoghbhais léithe mar ngeall ar a críonnacht, acht nuair a chuimh nigheadh siad ar ghníomhartha agus tréaraidheacht diabhal ta Frannaigh, ní rabh aon spéis acú greamughadh le n-a bhunadh. I dtráth an ama seo bhí a cheird foghlamthaí ag mac Ghobáin agus ní rabh aon áit dá dtéidheadh Gobán nach mbíodh a mhac leis agus budh é Gobán príomh-shaor chloiche na hÉireann, acht amháin go rabh sé failligheach i gcionn a chuid oibre, agus cuirfidh an sgéal seo i n-umhail do na léaghthóirí nach rabh Gobán, dá mhéad a stuaim, i n-a mháighistir ar a cheird go dtí seal gearr i ndiaidh an ama seo.
I rith an ama sin is iomdha forgaint agus claigtheach a chuir Gobán agus a mhac i ndiaidh a lámha, agus tá sé ráidhte gur ins an tráth seo d'fhaduigh Gobán agus a mhac claigtheach Chille Alaidh agus 'léis bal a bheith acú air, dubhairt Gobán le n-a mhac go rabh sé i n-aois a phósta agus, mar ngeall ar a chlainn inghean a bheith pósta uaidhe (mar clann inghean uilig a bhí aige acht an mac) agus a bhean a bheith seargtha críon le aois, go mbadh cóir dó pósadh agus bean chiallmhar fhad-cheannach mheabhrach chríonna thoradh-aireach fhágháil agus go mb'fhearr dó a leithide sin gan pighinn ruadh ná sodamán rachmallach fhágháil leis na céadta punt. "Tá go maith, a athair," ars' eisean, "déanfaidh mé do chomhairle, mar tá a fhios agam gurb í comhairle mo leasa í." Maith go leór. Lá an mhargaidh dá gcionn mharbhuigh Gobán caora agus d'fheann se an craiceann dí. Thug sé an craiceann dá mhac agus dubhairt sé leis a ghol 'un an bhaile mhóir agus seasadh ag crois an mhargaidh agus bheith ag fuagairt "an craiceann 's a luach" agus bean ar bith a bhéarfadh luach an chraicinn dó agus an craiceann ar ais agus buntáiste a bheith aicí fhéin ins an margadh, an bhean sin a thabhairt a bhaile leis no go gceastuigheadh sé í i n-i gcas-chainnt chríonna no go bhfeicfeadh sé a rabh sí chomh cliste 'léir meabhrach agus bhí sí léir stuama. B'fhíor an sgéal. An Sathairne dá gcionn fuaidh mac Ghobáin go Cill Alaidh agus an craiceann leis agus chuir sé a dhruim le crois an mhargaidh agus é ag fuagairt i mbárr a anma "an craiceann 's a luach." 'Léir mar bhí na daoiní ag sgaith thart, sheasadh siad i n-aon sámh amháin ag faire air agus, nuair nach rabh éinne acú chomh glic agus brígh a chúise thuisgint, 'sé an chaoi ar thoisigh siad ag magadh faoi agus ag rádh go rabh mac Ghobáin díthmheabhrach, mar nach rabh ciall ar bith i n-a chuid cainte, 'léir a mbaramhla. Bhí go maith. Chaith Gobán óg an lá annsin agus bhí an craiceann a bhaile leis tráthnóna, acht ní rabh a luach.
"Cé an chaoi ar éirigh leat?" ars' an Gobán. "Mar d'imthigh mé ar maidin," ars' eisean, "mo dhá láimh chomh fada le chéile ag tidheacht a bhaile tráthnóna." "Níl aon dochar déanta," arsa Gobán; "féach- famuid aríst é." Leis an sgéal a ghiorrachan, seachtmhain ó'n Sathairne sin, fuaidh Gobán óg go Cill Alaidh ath-uair agus phlainnc sé cúl a chinn le crois an mhargaidh agus thoisigh sé ar a chuid siamsánacht' cainte mar thug na daoine air agus, 'léis é bheith beagnach sáruighthe ag fuagairt an chraicinn 's a luach, b'éigean dó a ghoil a bhaile agus é chomh neamhthairbheach agus bhí sé ar maidin. Ins an tráth seo bhí sé imthighthe mar iomrádh ar fud na tíre go rabh Gobán óg gan meabhair gan arann de bhárr na cainte díthchéillidhe bhí aige faoi'n gcraiceann 's a luach, agus an tríomhadh Sathairn budh é Sathairn an mhargaidh mhóir é, agus bhí na daoine cruinn as gach uile cheárd de'n tír, mar budh gnáthach dóbhtha an Sathairne sin, mar sin é an Sathairne roimh trosgadh Oidhche Nodlag Mór na hÉireann agus i nDomhnach! ní dheárnaidh Gobán óg cinn faillighe gan a ghoil ann agus an craiceann leis, agus go deimhin agus go dearbhtha thóig sé a áit ag crois an mhargaidh agus é ag fuagairt ós árd "an craiceann 's a luach." Dheamhan i bhfad a bhí sé ag fuagairt no go dtainic Áine anall aige agus ars' ise leis: "Bhfuil tú ag díol an chraicinn?" "Tá," ars' eisean. "Goicé mhéad atá tú iarraidh air?" ars' ise. "Trí pighne," ars' eisean," luach an chraicinn, acht caithfidh tú an craiceann 's a luach a thabhairt dhom." "Bíodh sé i n-a mhargadh," ars' ise. Leis sin shiubhail sí isteach go dtí 'n teach budh goire dhoí, agus thug sí amach coirín uisge fiochta agus rug sí ar an gcraiceann agus chuir sí an craiceann as cionn béil an choirín nó gur bhoguigh gal an uisge an olann ar an gcraiceann agus, ar an móiméid a bhí sé
bogtha, thoisigh sí ag lomradh na holna de'n chraiceann, agus, nuair a bhí sin déanta aicí, chuir sí an olann isteach i n-a práisgín agus thug sí trí pighne agus an craiceann ar ais dó. Bhí muintir an mhargaidh cruinn thart i n-a dtimcheall agus 'léis iad gach ní a bhain le margadh an chraicinn fheiceáil, budh léir dóbhtha uilig annsin go rabh ciall i gcaint Ghobáin Óig acht go rabh siad ró-dhall-intleachtach le n-a thuisgint. Nuair a bhí críoch leis an gceannaidheacht agus 'ach éinne de'n bheirt sásta le n-a margadh fhéin, labhair Gobán Óg le Áine agus dubhairt léithi: "Taraidh a bhaile," ars' eisean, "go dtí teach m' athara, má's é do thoil é, mar dubhairt sé liom bean ar bith a cheannóchadh an craiceann uaim cuireadh a thabhairt doí a bhaile 'na thighe. Mar ngeall ar a bheith i n-a fhear fad-cheannach glic, budh mhaith leis faill chainte fhágháil le cailín fíor-chliste meabhrach de do shórt-sa." Bhí go maith. Shiubhail an bheirt acú gualainn ar ghualainn a bhaile ag sean-Ghobán agus, ar ndóigh, bhí fearadh na fáilte aige rompú. Thoisigh sean-Ghobán agus í fhéin i gcaoin-chomhrádh agus d'aithnigh sé uirthí 'léir a cuid briathra nach rabh a sárughadh le fágháil agus leis sin thug sé suas i n-i siúmra í agus thiosbeán sé gróigín airgid doí a bhí leagtha ar an mbord. "Goicé do bharamhail dó sin?" ars' eisean léithi. "Baramhail mhaith," ars' ise, "is maith é acht cuir i n-a cheann, mar is fearr suidhe i n-a bhun ná suidhe i n-a áit." 'Léis an freagradh seo, chraith Gobán a cheann agus ar seisean: "Is maith é do fhreagradh." Thug sé leis í amach go dtí a gháirdín agus thiosbeán sé dhoí na ballaí agus a lán níthe eile a bhí cuirthe as a lámha aige. "Cé do bharamhail dóbhtha sin," ars' eisean, "ná do bharamhail, a' measann tú, a dtiocfadh a bhfeabh- sughadh."
"'Léis a leagaint agus a bhfadachan ar ais," ars' ise, " sháróchadh sé a ndéanamh ní b'fheárr agus budh in é an tuagh as lámh an tsaoir agus is mairg a thaobhuigheanns leis na mná." 'Léis Gobán na freagraidhthe fíor-intleachtach' fhágháil ó'n óigbhean, bhí a fhios aige nach rabh a leithide le fágháil 'léir críonnacht', agus ar an toirt rinne sé an cleamhnas eidir Gobán Óg agus Áine agus gan bhréag ar bith pósadh iad, agus cúrsaidhe Frannaigh dhe, fágfamuid é mar tá sé acht go bhfuil sé ráidhte gur cuireadh é ins an roilic a dtugthar uirthí roilic Ráth-Frannaigh atá ar bhruach Choinéil Ráth-Frannaigh. Leis an sgéal seo a ghiorrachan, 'léis a bpóstaí mhair siad i gcuideachta i dteach sean-Ghobáin agus gan bhréag deir siad go rabh ádh agus amhtar ar an lánamhain agus nach rabh aon bhean tighe le fágháil budh toradh- airighe agus budh críonna ná í. Bhí Gobán agus a mhac ag fágháil neart le déanamh agus níos mó ná bhí siad i n-an' freasdal dhó agus ins an am sin ní rabh fear le fágháil budh stuamdha ná sean-Ghobán agus, dá mhéad a stuaim, bhí Áine i n-an' a lán níthe a chur i n-umhail dó nach rabh eolas aige orthú chor ar bith, agus seo ceann acú:- Bhí Gobán agus a mhac ag obair ag clogás na Maighne agus thainic Áine acú le n-a mbéilidh bídh, agus 'léis iad a mbiadh ithe thoisigh siad ag obair agus d'fhair Áine iad agus thug sí faoi deara 'léir mar bhí Gobán ag leagaint na gcloch ar an mballa go rabh sé ag cur an chothromóra i n-aghaidh gach cloiche 'gá cothromadh agus budh in obair fhailligheach. "Ara, a Ghobáin,'' ars' ise leis, "is failligheach an deis oibre atá agat." "God chuige sin,'' ars' eisean, "ar féidir leat-sa a leasughadh ?" "Is féidir,'' ars' ise, " cothromuigh an dá chloich choirnéil le do chothromóir agus fágh drugha agus sín é ó choirnéal go coirnéal, agus ní bhéidh aon chall agat do chothromóir a chur i n-aghaidh aon chloiche no go leagaidh tú do shreath chloch ar fhad an bhalla, agus má
ghníonn tú sin, mise faoi dhuit go gcuirfidh tú oiread oibre as do lámha aon lá amháin agus chuirfeá seachtmhain le do ghléas oibre féin." Maith go leór. Rinne Gobán mar hubhradh leis agus b'fhíor an sgéal; bhí sé i n-an' a chúig oiread oibre a dhéanamh laetheamhail as sin amach is bhí sé roimhe agus budh in é an chéad uair ar shín saor chloiche drugha le balla ariamh. Cébí cáil a bhí ar Ghobán roimhe sin i dtaobh a chuid oibre bhí a sheacht n-oiread sin air as sin amach, mar bhí sé i n-an' oiread oibre a dhéanamh lá agus dhéanfadh dháréag saor nach rabh eolas acú ar an drugha a shíneadh, agus fuaidh a cháil chomh fada sin agus gur shroich sé Sasana, agus ins an am sin bhí bruilthín mór-chumhachtamhail 'na chomhnuidhe i Sasanaibh agus b'áin leis caisleán a chur ar bun agus an caisleán sin a bheith ar na caisleáin budh bhreághaichte dár leagadh líoghán moirtéil air ariamh, agus, le dhul 'un cinn leis an obair sin, bhí a fhios aige, dá gcuireadh sé saoir chloiche na tíre i n-a chionn, nach mbeith siad i n-an' caisleán a dhéanamh chomh maith le Gobán agus, le faitchíos go dtiubhradh fear ar bith eile i Sasanaibh Gobán anall le caisleán a chur ar bun dóbhtha, dubhairt seisean go ndéanfadh sé a dhícheall Gobán a bheith aige ar tús; is leis sin a dhéanamh ní dheárna sé aon mhoill gan sgéala chur i gcoinne Ghobáin 's a mhic le toisiughadh ar a gcuid oibre agus an caisleán a chur ar bun, agus ar ndóigh, ní choinneóchadh tuarastal ar bith Gobán uaidhe mar bhí sé cothuighthe roimh ré i n-a chroidhe dó- bheart a bhualadh ar Ghobán nuair a bheith an caisleán críochnuighthe aige, agus feicfidh sibh thrí an sgéal seo gur shíl sé sin a dhéanamh ar Ghobán, acht budh in é Síle chaoch aige. Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. Nuair a fuair Gobán an tairisgint ó'n mbruilthín, bhí bruith a ladhar air fhéin 's ar a mhac ag gluasacht le ghoil go Sasanaibh agus an oidhche roimh iad imtheacht bhí Áine ag comhairleachan a fir ruth na hoidhche agus go mór-mhór dubhairt sí leis é fhéin a chosaint ó dhroch- chumhlódar agus gan muinighin ar bith a chur as éinne
beó a chasfaidhe leis acht amháin, má bhí iongóir colna i dteach an bhruilthín, é bheith lághach léithe agus catharnas cáirdeamhail a bheith eatorrú agus gan innsint doí go rabh sé pósta agus, dá n-éireoghadh sí cionamhail air, go n-innseoghadh sí dhó gach ní a bheith ag dul 'un cinn ins an teach agus, dá mbeith an bruilthín ag braith ar díoghbháil a dhéanamh dóbhtha, nach mbeith sí gan fios a bheith aicí air, mar ngeall uirthí a bheith i gcomhnuidhe i gcumhlódar bean an tighe. Bhí go maith 's ní rabh go dona. Ghluais Gobán 's a mhac ar maidin go moch ag cur an bhóthair ó n-a gcosa agus ag giorrachan an bhealaigh dhóbhtha fhéin go Sasanaibh. 'Léis iad sgathadh beag a dhul 'un cinn, arsa sean-Ghobán le Gobán Óg: "Giorruigh an bóthar," ars' eisean leis, agus leis sin thug an Gobán Óg fádhbóg de choiscéim. "Siubhail amach, a athair, anois," ars' eisean. "Bhfuil aon bhealach níos aithgiorraighe agat," arsa sean-Ghobán leis, "leis an mbóthar a ghiorrachan ?" "Níl," arsa Gobán Óg. "Ách, muis, mur bhfuil," arsa sean-Ghobán, "ní dhéanfaidh sinn na gnathaigh indiu, is fillfidh sinn a bhaile." Bhí go maith. D'fhill siad a bhaile agus níor dhubhairt Áine leóbhtha: "Is dona rinne siad é." Ar maidin lá'r n-a bhárach bhí an chaint chéadna eatorrú a bhí an lá roimhe sin agus, nuair nach rabh Gobán Óg sáthach cliste le caint chríonna a athar a thuisgint, d'fhill siad ar ais ath-uair agus an oidhche sin, nuair a bhí siad ag goil a codladh, d'fhiafhruigh Áine dá fear goicé'n t-ádhbhar ar fhill siad le dhá lá agus d'innis Gobán Óg doí mar tá innstí agam-sa dhaoibh-se, agus ars' ise leis: "Nuair a iarrfadh sé ort an bothar a ghiorrachan, toisigh ar phaiste seanchais, agus ní aireogha sibh ag cur an bhothair dhíbh." Maith go leór. Bhuail siad an bóthar ar maidin agus bhain siad torann as, is arsa sean-Ghobán: "Ara, a mhic mo chroidhe, giorruigh an bóthar."
Thoisigh sé ar paiste deas seanchais agus thaithnigh sin le sean-Ghobán agus ars' eisean leis: "Gabhfamuid 'un cinn anois, mar tá cuma na maitheasa ort ar deireadh." Leis an sgéal a ghiorrachan, shroich siad Sasana agus thoisigh siad ar a gcuid oibre, 's nuair a bhí thimcheall 's an trian budh mhó de'n chúirt ar bun acú, thug Gobán Óg faoi deara go rabh cailín óg slachtmhar agus í i bhfad ní budh bhreághaichte ná cailín ar bith eile a bhí ins an teach, agus 'léis é fios fhágháil go mbudh iongóir colna bhí ainntí thoisigh sé ag suraigheacht léithi agus i nDomhnach, a ghrádh mo chroidhe, bhí cion mór aicí air, mar bhí saor cloiche ins an am sin i n-a fhear an mheasamhail i measg na ndaoine, agus as sin amach choinnigh Gobán Óg a cumhlódar go min 's go minic, agus caint ar bith a bhíodh ag imtheacht ar fud an tighe, dheamhan a thúisge bhíodh sé ráidhte ná thigeadh sise agus innsigheadh sí do Ghobán Óg é agus ar deireadh thiar, nuair a bhí an fhorgaint mhór sin ag ionnsuighe críoch- nuighthe acú, chualaidh an iongóir seanchas eidir an máighistir 's an mháighistreás agus chrádh sé a croidhe go mór, mar ní rabh fios ag éinne ins an teach go rabh sí ag suraigheacht le Gobán Óg agus, dá mbet 's, badh gairid a saoghal. Bhí sé cothuighthe ag an mbruilthín mór ar an móiméid a bheith an chúirt críoch nuighthe acú Gobán 's a mhac a chur faoi ghlas, agus a gcuir 'un báis am ar bith a badh mhian leis, mar nár mhaith leis Gobán aon chaisleán eile a dhéanamh le faitchíos go ndéanfadh sé ceann do dhuine ar bith eile a bhéarfadh bárr breághaichte ar a cheann-san. Acht cébí sin de, a ghrádh mo chroidhe, thainic sise ag Gobán Óg agus thug sí focal na faire dhó agus ar ndóigh, d'innis seisean an seanchas do shean-Ghobán, agus ars' eisean: "Muise, a mhic mo chroidhe is mo chléibhe thú, is dona an luach saothair atámuid ag dul 'fhágháil de bhárr ar n-oibre dócamhlaighe támuid 'léis a chur as ar lámha. Acht, a ghrádh, ag Dia tá an chabhair agus anuas
atá a aghaidh, agus b' fhéidir go mbeithinn-se chomh corrach agus tá seisean cam." Bhí go maith no gur críochnuigheadh caisleán an bhruilthín agus thainic an bruilthín mór i láthair agus thoisigh sé ag breathnughadh suas agus timcheall ar an gcaisleán agus ars' eisean le Gobán: "Is breágh an caisleán é seo." "Is breágh," arsa Gobán. "Meas tú anois," ars' eisean le Gobán, "'bhfuil aon chaisleán le fágháil chomh breágh leis?" "Mo mhúid dhuit," arsa Gobán, "nach bhfuil aon chaisleán ins na ríoghachta baoghal ar chomh breágh leis an gcaisleán seo, acht ceann amháin atá i n-Almhain Laighnigh agus tá an chúirt sin ag breith báirr agus thar bárr go mór ar an gcúirt seo." "Agus, a Ghobáin," ars' eisean, "an dtiocfadh leat bal a chur ar an gcúirt seo i riocht go dtiocfadh liom a rádh gur agam atá an chúirt is breághaichte ins na ríoghachta?" "Thiocfadh liom," arsa Gobán, " dá mbeith an gléas ornis atá ins an mbaile agam annseó, agus mur' bhfuighidh mé é sin, ní thig liom bal a chur ar do chúirt gan breall a bheith uirthí, agus ní thig le éinne é sin fhágháil acht mise ná mo mhac." "Cuirfidh mise mo mhac fhéin i n-a choinne," ars' an bruilthín. "Tá faitchíos orm," arsa Gobán, "go mbéidh an turas i n-aisge aige." Acht cébí sin de, ní ligfeadh sé Gobán ná a mhac uaidhe, agus fuair sé a mhac fhéin agus a shearbh- fhoghantaidhe coirp faoi réidh le n-a gcur go hÉire, agus thug Gobán an teachtaireacht dóbhtha agus bhí siad leis an gléas ornis iarraidh ar bhean Ghobáin Óig agus seó é a ainm: "Cam i n-aghaidh an chaim, cor i n-aghaidh an chuir agus cor i n-aghaidh an ghangaide." Tá sé ráidhte go ndeárna siad a mbealach go hÉire agus bhuail siad isteach go teach Ghobáin agus d'iarr siad an gléas, agus ar an múiméid a hubhradh na focla
i gcluasa Áine thuig sí a mbrígh agus bhí a fhios aicí go rabh an bheirt a bhí i Sasanaibh i gcruadh-chás agus go rabh a réidhteach aicí-se, agus ní dheárna sí duth ná dath acht a dtabhairt suas i n-a siúmra agus stóilín na croise a leagaint ag bun cófhra mhóir a bhí ann agus ars' ise: "Tá an gléas sin i n-íochtar an chófhra agus seas thusa suas ar stóilín na croise, mar is airde thú ná mise, agus crom as cionn béil an chófhra agus béidh tú i n-an' an t-ornis a thógáil ó íochtar an chófhra." Rinne mac an bhruilthín mar hubhradh leis agus nuair a fuair sí é crom thar bhéal an chófhra agus é a' rúsgadh le n-a dhá láimh ag iarraidh an gléas fhágháil, rug sí ar ghreim dhá iosgad air agus chaith sí i ndiaidh a mhullaigh isteach ins an gcófhra é. "Fan thusa annsin," ars' ise, "go dtigidh an bheirt atá tháll análl," agus thug sí cead na gcos do'n searbhfoghantaidhe coirp leis an sgéal a thabhairt ag an mbruilthín 's nuair a shroich sé Sasanaí d'innis sé do'n bhruilthín an bhail a bhí ar a mhac agus nach ligfidhe as sin é nó go dtéidheaf Gogán agus a mhac a bhaile le n-a shaoradh, agus b'éigean do'n bhruilthín Gobán agus a mhac a sheoladh go hÉire gan buille sgine ná claibhi', agus bíodh sé buidheach de ghliocaidheacht Áine, ná ní fheicfeadh sé talamh na hÉireann aríst go deó. Nuair a thainic an bheirt acú saor slán a bhaile thóig sí an falach de'n chófhra agus leig sí an gangaide amach agus budh in é an dó-bheart diabhalta a shíl an bruilthín a bhualadh ar Ghobán, acht níor éirigh leis mar shíl sé. Ní rabh 'fhios ag Gobán a' bioth mhór goicé an taobh a d'fhéad Áine an ghliocaidheacht seo thabhairt léithi, mar nach rabh éinne ar thaobh Frannaigh ná ar thaobh a mhná críonna 'léir meabhrach, ná stuamdha 'léir intinne, agus ins an tráth seo bhí bean sean-Ghobáin meath-thinn agus í ar bhruach na huaighe agus níor mhaith léithe a dhul faoi'n bhfód gan an rún innsint do'n Ghobán agus d'innis sí an comhrádh mar tá innstí agam-sa agus, nuair a chualaidh Gobán an seanchas
uaithe, ní rabh aon fhear le fágháil budh bhródamhla ná é, mar d'fhéad sé 'rádh go rabh inghean ar a shliocht i n-a bean budh mhánla agus budh críonna dá rabh ar dhruim uachtair na talmhana le n-a linn. Bhí siad ann agus d'imthigh siad agus do ndéanaidh Dia trócaire ar anam mharbh purgadóra go hiomlán.
Sgéala ar Naomh Pádraic 's ae Chrom Dubh. Roimh Naomh Pádhraic a thidheacht go hÉire mhair uachtarán os cionn na bpágánach i n-Íochtar Thíre i gConndae Mhuigheo agus b'ainm dó Crom Dubh. Bhí Crom Dubh 'na chomhnuidhe a chois na fairrge i n-áit a dtugann siad mar ainm air anois Dún Pádhraic agus 'sé an t-ainm atá ar lorg a thighe Dún Briste. Cuirfidh an sgéal seo i n-umhail do'n léaghthóir an t-ádhbhar ar tugadh Dún Briste air. Bhí go maith 's ní rabh go dona, a dhearbhráthair mo chroidhe thú ! Bhí Crom Dubh ar na fir budh mheasa bhí le fágháil agus, mar bhí sé i n-'uachtarán ar mhuinntir na tíre sin, bhí gach nídh aige ar a chomhairle fhéin, agus budh 'in í an droch-chomhairle, mar bhí sé i n-a fhear míorúnmharach gangaideach madramhail stainceamhail agus rún díoghaltais aige i n-aghaidh gach duine nach dtaithneóchadh leis. Bhí beirt mhac aige - Téideach agus Clonnach, agus tá cuais mhór ag dul isteach faoi'n mbóthar ó'n bhfairrge ag Gleann Lasaire agus 'sé an t-ainm atá ar an gcuais seo Poll a' Téidigh, mar fuair sé a ainm ó mhac Chruim Duibh agus tá ainm an phuill seo i mbéal na mBéarlóirí agus ní fhuil fhios acú a chiall. Níl fhios ag éinne goicé an fad atá an poll seo ag gol faoi'n ngleann, acht tá sé i mbéal na sean-Ghaedhilgeóirí go dtéidheadh Téideach gach uile lá i n-a churachán snáimh isteach insa bpoll seo faoi'n ngleann, gurb in é an t-ádhbhar ar tugadh Poll a' Téidigh air. Bhí go maith, a ghrádh. Le leanmhaint do'n sgéal, bhí beirt mhac Chruim Duibh ní budh mheasa ná é fhéin, agus d'fhág sin dona go leór iad. Bhí dhá choinn mhadaidh ag Crom Dubh agus b'ainm dóbhtha Coinn Ío- tair agus Saidhthe Suaraighe, agus má bhí aon mhaistín
madaidh le fágháil, ba dhá mhaistín a bhí anntú seo. Bhí siad ceangailte aige ag dhá ghiall a dhorais le haghaidh a sgaoilte agus a saighideadh ins na daoiní 'léir mar thiocfadh siad an bealach, agus, le dhul níos fuide, bhí teinidh mhór aige faduighthe ar bhruach na haille le duine ar bith a d'éalóchadh ó na madaidh a chathadh isteach ins an teinidh, agus le sgéal fada a dhéanamh de'n sgéal gearr, bhí cáil Chruim Duibh, a bheirt' mhac agus a dhá mhaistín madaidh go fada 's go gearr do bhárr a gcuid olcais, agus bhí na daoine chomh sgannruighthe sin roimh a ainm, ní hé amháin é fhéin, agus go mbáidhfeadh siad a n-éadan i n-a n-ucht nuair a chluinfeadh siad a ainm aithriste i n-a gcluasa, agus bhí an oiread sin faitchís ar na daoiní roimhe is dá gcluinfeadh siad tafann madaidh go ngabhfadh siad i bhfalach ins na háruis a bhí acú faoi thalamh le haghaidh na hócáide le iad fhéin a chosaint ar Chrom Dubh agus a mhaistíní. Tá sé ráidhte go rabh leannán sídhe ag siubhal le Crom Dubh agus í ag tabhairt feasa dhó 'léir mar theastuigheadh sé uaidh, agus, i leabaidh é bheith ag dul 'un maithis 'léir mar fuaidh sé i n-aois, 'sé a' chaoi a rabh sé ag dul 'un donachta gach lá, agus "dheamhan ar luaithide ar an ngaoith ná air," mar bhí sé chomh lúthmhar le girrfhiadh Márta. Nuair a théidheadh sé amach ar fud na tíre chuireadh sé a bheirt mhac agus a dhá mhaistín roimhe agus iad ag fuagairt ar na daoiní 'léir mar bhíodh siad ag dul 'un cinn go rabh Crom Dubh ag tidheacht ag bailiughadh a bhuan-chíosa agus é bheith reidh acú. B'amhlaidh bhí Crom Dubh 'na ndiaidh agus a chleasaidhe leis agus é ag tarraint cineál gléasa mar chárr sleamhnáin 'na dhiaidh agus 'léir mar d'fhághadh siad an buan-chíos chaithfidhe isteach insa gcárr é agus b'éigean do 'ch uile dhuine íoc 'léir a n-acmhuinne. Duine ar bith a dhiúltóchadh thugaoi é lá ar n-a bhárach os comhair Chruim Duibh agus é 'na shuidhe chois na teineadh agus thugadh Crom a bhreitheamhnas air agus 'léis a bhreithe chaithfidhe an duine sin isteach sa teinidh. Is iomdha cor agus beart a cothuigheadh i n-aghaidh Chruim
Duibh le n-a chur de'n tsaoghal acht sháruigh sé orthú, mar bhí iomarcaidh easarluigheachta aige ó'n leannán. Bhí Crom Dubh ar feadh mórán bliadhanta ag leanmhaint dá dhroch-ghníomhartha, agus, 'léir mar tá an seanchas seo beo innstí ó dhuine go duine, deir siad go mbudh ifreannach a bhí i gCrom Dubh i gcraiceann feithide dhá chois agus leis an ngráin a bhí ag muinntir na tíre air, bhéarfadh siad gach a bhfaca siad ariamh acht Crom Dubh agus a chomplacht a bheith smiogtha, acht ní rabh aon chabhair dóbhtha ann, mar bhí an chumhachta aige-sean agus ag a chomplacht, agus b' éigean dóbhtha fuilint faoi ghéar-chrádh ar feadh bliadhanta, agus mórán bliadhanta, agus gach bliadhain ag dul 'un donachta, agus gan súil acú le maitheas, mar nach rabh eolas acú ar Dhia ná ar Mhuire ná ar rud ar bith eile a bhain do neamh (= neimh). Ar an ádhbhar sin de, níor fhéad siad a muinighin a chur as duine ar bith thar Chrom Dubh, mar shíl siad, dá dhonacht é, go mbudh é bhí ag tabhairt soluis an lae, dorchadas na hoidhche agus athrughadh na haimsire dóf. Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. Le linn an ama seo bhí Naomh Pádhraic ag dul ar fud na hÉireann ag obair go dúthrachtach agus ag baisdeadh mórán daoine. Bhuail sé roimhe no go dtainic sé go Faoi- choill, agus an uair sin agus tamall fada 'na dhiaidh, coillte uile-go-léir a bhí ins an áit sin 's ní'l géag ná crann anois ann; acht lé leanamhaint do'n sgéal, thoisigh Naomh Pádhraic ag míniughadh do na págánaigh faoi soillse agus glóir na bhflaitheas; cuid acú a thug cluas dó agus níor thug an chuid is mó áird ar bith air agus nuair a thug sé an méid acú a d'éist leis go dtí 'n áit a rabh an t-ainm air Tobar na Craoibhe le n-a mbaisdeadh agus, nuair a bhí siad baisdthe aige, thug na daoine mar ainm ar an tobar " Tobar Phádhraic " agus tá sin air ó shoin. Nuair a fuair na págánaigh seo séala Chríosta ar a malaidh agus eolas acú ar an Tríonóid Naomhtha, thoisigh siad ag innsint do Naomh Pádhraic faoi thréaruidheacht Chruim Duibh agus a chuid olcais, agus d'agair siad Naomh Pádhraic, má
bhí cumhachta ar bith aige o'n Athair Uile-chumhachtach, Crom Dubh a smachtughadh i gcóir ná i n-éagcóir nó an Creideamh Críostamhail a thabhairt dhó, dá mb'fhéidir leis. Bhí go maith, a dhearbhráthair. Bhuail Naomh Pádhraic roimhe anonn thrí Thráigh Leacan, suas Béal Trághadh, síos Craobhach, agus síos faoi 'n Logán, an t-ainm bhí ar áit Chruim Duibh sul má dtainic Naomh Pádhraic. Nuair a shroich Naomh Pádhraic an Logán tá anois faoi Bhaile Chaisil, bhí sé i bhfoisgeacht ceathramha míle do theach Chruim Duibh, agus ins an am chéadna bhí Crom Dubh agus Téideach, a mhac, ag féachaint cor caraidheachta lé chéile agus Saidhthe Suaraighe sínte ó chluais go ruball ar an talamh. Le mhéad na fásgaighthe bhí siad a thabhairt dá chéile níor thug siad faoi deara Naomh Pádhraic ag déanamh orthú no gur chuir Saidhthe Suaraighe glam tafainn aistí, agus leis sin dhearc an dís tharstú agus chonnaic siad Naomh Pádhraic agus a chomplacht cosanta leis ag déanamh orthú, agus ar leagan do shúl chuaidh an bheirt acú 'un cinn agus iad ag greadadh a gcuid bos, ag saighdeadh Saidhthe Suaraighe anntú agus dá brosdódh. Leis sin chuir Téideach a mhéar chorr i n-a bhéal agus leig sé fead glaice ag glaodhach ar Choinn Íotair, mar bhí sí ins an am chéadna ag seilg lé Clonnach ar bhárr Ghleann Lasaire agus tá Gleann Lasaire i n-aice le dhá mhíle ó Dhún Phádhraic, agus ní rabh sí 'fhad agus bheitheá ag rádh " Dé raisias " ag tidheacht ó Ghleann Lasaire nuair a chuala sí fuaim na feide. Shaighid siad an dá bhlacht madaidh i Naomh Pádhraic agus ins an am chéadna ní rabh fhios acú goicé an cineál fir a bhí i Naomh Pádhraic ná goicé as ar thárla sé. D'ionnsuigh an dá bhlacht é agus caoirthe teineadh as a mbéal agus solus gorm nimhe ag lasadh i n-a súla le mhéad a n-íorpais agus a n-urchóide, agus go díreach nuair a bhí siad ag dul ag amsgughadh Naomh Pádhraic, ghearr sé fáinne thart i n-a thimcheall
mbachall a bhí aige i n-a láimh' agus, sul mar shroich na madaidh bruach an fháinne, dubhairt Naomh Pádhraic mar leananns (= leanas):- Glas ar d'iongain, glas ar d'fhiacail; Glas ar Choinn Íotair an chonaidh; Glas ar mhac agus ar inghin na Saidhthe Suaraighe; Glas go luath luath oraibh. Sul mar thoisigh Naomh Pádhraic ar na focla seo bhí coipe cubhair le n-a mbéal agus a gcuid fionnaidh 'na sheasamh chomh láidir le biorannaí cléithe le mhéad a gcuilg. 'Léis seo, nuair a bhí siad ag dlúthughadh le Naomh Pádhraic, thoisigh siad ag maoladh a gcuid cluasa agus ag crathadh a ruball agus nuair a chonnaic Crom Dubh sin fhobair nár thuit sé i laige, mar bhí fhios aige ó mhaol siad a gcluasa nach ndéanfadh siad aon díoghbháil do'n té bhí siad 'ionnsuighe. Ar an móiméid ar shroich siad Naomh Pádhraic thoisigh siad ag léimeadh suas air ag déanamh catharnais leis agus ligh siad troigh a dhá chois ó bhárr a ladhair mhóir go dtí bun a rúitín, agus tá an grádh sin imeasg na madadh ó'n lá sin go dtí 'n lá indiu. Thoisigh Naomh Pádhraic 'ghá slíocadh le n-a láimh agus fuaidh sé 'un cinn ag déanamh ar Chrom Dubh agus na madaidh ag siubhal le n-a sháil. Rith Crom Dubh roimhe no go dtainic sé go dtí 'n teinidh, agus sheas sé le hais na teineadh théinte go gcaithfeadh sé Naomh Pádhraic isteach sa teinidh nuair a thiocfadh sé chomh fada léithe, acht, mar bhí fios bríghe na teineadh ag Naomh Pádhraic roimh ré, thóig sé cloch i n-a láimh agus ghearr sé Chur an Chéasta ar an gcloich agus loisg sé an chloch agus chaith sé i lár na teineadh í, agus ar an móiméid fuaidh an teinidh síos go fíor-íochtar na talmhana insa' riocht go bhfuil an poll annsin le feiceáil ó'n lá sin go dtí 'n lá tá indiu ann agus tugthar mar ainm air " Poll na Sean-tuine," agus nuair a líonanns an lán mara téidheann sé isteach i n-íochtar an phuill agus thairneochadh sé " ba bodhra as coillte," an torann a thigeanns as an bpoll nuair a bhíonns an lán mara 'tidheacht isteach.
Bhí go maith, a chumhlódair na cruinne! Nuair a chonnaic Crom Dubh gur éaluigh an teinidh as amharc agus gur theip na madaidh air gan aon chongnamh a thabhairt dhó (an rud nach ndeárna siad ariamh a roimhe), bhain sé féin agus an Téideach amach mar shinneán gaoith' Márta no gur shroich siad an teach agus Naomh Pádhraic 'na ndiaidh, mar nach rabh i bhfad le ghoil acú, mar bhí an teinidh cómhgarach do'n teach agus, nuair a thainic Naomh Pádhraic i ngar do'n tigh, thoisigh sé ag caint ós árd le Crom Dubh agus rinne sé a dhícheall a athrughadh ar dheágh-stáid na ngrást, acht sháruigh sé air séala Chríosta chur ar a mhalaidh, mar nach dtiubhradh sé aon chluas do bhriathra Naomh Pádhraic, agus ní rabh aon chor diabhlaidheachta, draoidheachta, easarluigheachta ná ealadhan duibhe i n-a chroidhe nár oibrigh sé thar a riocht ag iarraidh an bhuaidh fhágháil ar Naomh Pádhraic, acht ní rabh aon fhéidhm dó ann, mar bhí briathra Dé nídh budh cumhachtamhla ná diabhlaidheacht an leannáin. Le mhéad na báinidhe bhí ar Chrom Dubh agus Téideach a mhac thoisigh siad ag sglamhadh le greamanna fiacal agus le chomh domáisteach agus bhí a mbáinidhe thug Naomh Pádhraic buille d'á bhachall do'n alt faoi bhun binne an tighe, agus sgar sé an méid sin de'n alt ó alt na talmhana agus tá sé le feiceáil annsin indiu chomh maith leis an gcéad lá, agus sin é an t-alt a dtugthar Dún Briste air. Le leanmhaint do'n sgéal, tá an méid sin de'n alt suim slat ó alt na talmhana ins an bhfairrge, agus b' éigean do Chrom Dubh agus dá mhac fanamhaint annsin no gur ith na míoltógaí agus na fionnógaí an fheóil dá gcnámha, agus sin é an bás a fuair Crom Dubh 's budh in é an darna fear 'ar ith na míoltógaí, agus deir ár sean-seanchaidhthe go mbudh é Iúdás an chéad fhear a d' ith na míoltógaí 'léis é fhéin a chrochadh agus sin é an t-ádhbhar go bhfuil sglamh na míoltógaí chomh géar is tá sé. Le dhul níos fuide leis an sgéal, nuair chonnaic Clonnach an rath a bhí ar a athair, sgannruigh sé agus bhí faitchíos air roimh Naomh Pádhraic agus thoisigh sé
ag losgadh sléibhe no gur chuir sé an taobh sin de'n tír thrí theinidh. Le chomh domáisteach agus las na sléibhte ar 'ach aon taobh dhe, níor fhéad sé 'fhágháil as agus deir siad gur dóigheadh é i measg a' chnaip. Le chomh fada agus mhair an teinidh ar fud na ngleannta tugadh mar ainm ar an áit Gleann Lasaire agus tá an t-ainm sin air go fóill. D'fhill Naomh Pádhraic ar ais go Faoi-choill agus thart thrí Bhaile na Páirce, síos go Binn Bhuidhe agus ar ais go Clochar. Chruinnigh na daoine i n-a sluaighte as gach uile cheárd ag umhlughadh go honórach do Naomh Pádhraic, agus bród an tsaoghail orthú nuair a bhí deireadh le Crom Dubh. Bhí tobar go cómhgarach i ngar dóf, agus thug sé an sluagh mór thart thimcheall an tobair, agus níor fhág sé mac máthara ná inghean fir gan tonn bhaisdidh a chur ar a n-éadan agus séala Chríosta ar a malaidh. Nigh siad agus stiúr siad ballaí an tobair agus thart i n-a thimcheall, agus fuair siad ladhrógaí agus craobhógaí crainn agus cheangail siad ruibíní bána agus gorma orthú agus chuir siad thart thimcheall an tobair iad, agus d'ísligh gach uile dhuine acú ar a nglúna ag altughadh a bpaidreacha do Dhia agus mar chomóradh do Naomh Pádhraic mar ngeall ar Chrom Dubh a chuir ó rath. 'Léis a bpaidreachaí a altughadh, d'ól gach uile dhuine acú trí bhlogam uisge as an tobar agus níl aon bhliadhain as sin amach nach dtugadh na daoine turas go dti 'n tobar sin cothrom an lae sin, agus sin é an lá an Domhnach deiridh de'n seachtmhadh mí agus 'sé an t-ainm atá ar an mí sin ag na Gaedhilgeoirí san áit sin " mí na Lughnas" agus 'sé an t-ainm atá ar an Domhnach " Domhnach Chruim Duibh,'' agus 'sé an t-ainm atá ag na Béarlóirí ar an Domhnach sin " Garland Sunday,'' agus níl aon bhliadhain as sin go dtí seo nach mbíonn cruinniughadh i gCill Chuimín, mar sin é an áit a bhfuil an tobar. Tigeann siad go fada 's go gearr ag tabhairt turais ag an tobar, agus a lán daoine eile théidheanns ann ag déanamh siamsa agus ag ól 's ag cathadh, agus creidim go dtéidheann an chuid is mó
de'n dream rachmallach sin ann ag magadh faoi na Gaedhilgeóirí Críostamhla atá ag altughadh a bpaid- reachaí do Naomh-phátrún Pádhraic, árd-cheann a gcreidimh. Tobar Chuimín is ainm do'n tobar seo, mar hathruigheadh a ainm le linn Naoimh Cuimín, mar ngeall ar an méid míorbhuilteacht' a d'oibrigh sé annsin agus tá sé curtha i bhfoisgeacht péirse de'n tobar i gCill Chuimín. Bíonn cruinniughadh an Domhnach céadna ag Dún Phádhraic ag an tobar a dtugthar Tobar Bhrighde air le hais Chill Bhrighde i ngar do Dhún Briste, agus, a ghrádh mo croidhe, ó thoisigh an phlubarnuighil Béarla le seal gearr ins an áit sin, tá sean-ghnás Críostamhail na gCríosdaidhthe beagnach imthighthe duth 's dath. Tá sé agaibh mar fuair mise é agus, mur dtaithnidh sé libh, cuirigidh bhar gceasacht i n-a cheann.
Tagra. Lúb na Caillighe. Seansgéal do leagadh ar fhoghmharaidhe tháinig ar ais go Connacht- aibh o'n Lúib i gContae Dhoire agus sgéala aige ar an droch-aoide fuair sé san áit sin. An seanfhocal úd "Buailteán Coll, agus rl.," is dá mhíniughadh innistear i dTír Amhalgadha é. Sgéala ar Pholl Tighe Ó Leó Leóbáin. Bíonn seanchas ar "Pholl Tighe Liabáin" i n-áitibh eile i nÉirinn. Do chuala sgéal ar Pholl Tighe Liabáin i ngar do Mhálainn Bhig i dTír Chonaill, acht ní raibh ann acht rud an- choitchionnta, .i. Hudden and Dudden and Donal O'Leary, Big Claus and Little Claus, agus rl. D'innis Tomás Ó hEidhin dhá sgéilín ar Pholl Tighe Liabáin i nIrisleabhar na Gaedhilge, XII., ll- 72, 73, agus is cosamhail iad le n-ár sgéal-ne sa méid seo .i. Teach Liabáin do shlugadh síos isan bpoll. Gobán Saor agus a Mhac. Féachtar i Legendary Fictions of the Irish Celts ag Pádraig Ó Cinnéide, Lunndain, 1801, ll. 61-66; Cruach Chonaill, ll. 65- 68; Measgán Músgraighe, ll. 83-87; Greann na Gaedhilge, V., ll. 8-12; Sgéalaidhe Fíor na Seachtmhaine, ll. 12-22. Tá an sgéal so anois againn ó "chúig cúigíbh na hÉireann," .i. faoi dhó ó Chonnachtaibh, agus aon uair amháin ó Chúige Laighean, ó Chúige Mumhan, ó Thír Chonaill, agus ó Oirghiallaibh (.i. leath-dhuine, mar adéarfaidhe, do "Chúige na Midhe"). Níor mhisde do dhuine éigin na hinnsintí seo go léir do chur i gcoimhmeas le n-a chéile go cruinn. Sgéala ar Naomh Pádhraic 's ar Chrom Dubh. Ní'l ins an ruidín seo acht truailleadh do ghabh sgéal Chruim Chruach (i mBeathaidh Phádraig Naomhtha) de chur tré chéile éigin, .i. idir an bun-sgéal agus bréig-sheanchas ar áit-ainmneachaibh i dtuaisceart Thíre hAmhalgadha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services