Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Lúb na Caillighe agus Sgéalta eile

Title
Lúb na Caillighe agus Sgéalta eile
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Micheál,
Pen Name
Méarthóg Ghoill / Nochtadh na Fírinne /
Compiler/Editor
Laoide, Seosamh
Composition Date
1910
Publisher
Clódhanna Teo.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Is maith é acht cuir i n-a cheann, mar is fearr suidhe i n-a
bhun ná suidhe i n-a áit,"
Arsa Áine, inghean an Ghobáin tSaor, L.25.


L. V


RÉAMHRÁDH.



Tá beart eile de sgéaltaibh "Mhéarthóige Goill," .i. Mhíchíl
Mhig Ruaidhrí, dá chur amach ins an leabhar so.



Ní call dúinn aon trácht do dhéanamh ar inmheadhónaighe an leabhair,
ó thárla go bhfuil sin déanta agus seandéanta, is dóigh, ins an
bhfoclóir agus ins an ainmneoir.



Cúrsaidhe an Fhoclóra de, bíodh a fhios ag an saoghal gurab i
lár an Fheabhra tugadh do na clódóiribh é, i bhfad sul ar tráchtadh
i n-aon áit ar leabhar eile do cuireadh amach roimhe seo. Is léir
as sain gurab orainn féin a bhuidheachas nó a mhíobhuidheachas. Sinn
féin do rinne gach aon chuid den sgríbhneoireacht as ár ngustal
féin i dtaobh an déanmha atá ar an leabhar so. Na ceisteanna do
chuireamar a an sgéalaidhe i mí Ghionbhair agus i dtús an Fheabhra,
is as ár stuaim féin do chuireamar iad, agus fágann sain nach
bhfuil mín mora ar bith ag neach fir nó mná orainn. An breallán
is críonna dá bhfuil ar dhruim uachtair na talmhan, ní hé do
spreag ár n-intleacht-ne, acht sinn féin do bhain úsáid aisti.



Bíodh sé buidheach de mheabhair an sgéalaidhe féin go bhfuil gach
aon fhocal mínighthe go maith agus go cruinn. Bíodh sé buidheach
dár n-intleacht-ne gur thuigeamar gach míniughadh agus gur fhéadamar
é do chur i gcoimhmeas le cialltaibh eile do fuaramar leis an
bhfocal gcéadna, mar ní hionann ciall do-gheibhthear le focal i
n-áitibh éagsamhla, m.sh., casgairt i dTír Amhalgadha agus i dTír
Chonaill, agus is iomdha duine, dá mbadh breallán é, do thuitfeadh
i bpaintéar, ní abramaoid trí huaire acht trí huaire déag is
ceithre fichid. Ní beithte dhúinn agá shéanadh: Is cruaidh casta an
rud í canamhaint tuaithe. Ní hionann í agus caint na leabhar agus
na n-ughdar léighinn, agus dá fheabhas í, ní deiside í an feabhas
sain, agus go bhfuil buaidh agus réim ag ár leabhraibh agus ag ár
n-ughdaraibh léighinn uirthe, agus beidh go bruinne an bhrátha, le
congnamh Dé.



Is tuigthe don tsluagh an méid seo as litriughadh an leabhair.
Níor bh'fhéidir é do chur ar aon nós amháin ar fad. An té do
sgríobh na sgéalta ó bhéalaithris na "Méarthóige," .i. Uilliam
Soirtéal, do bhí spéis aige i litriughadh éigin tharam-sa, agus níor
fhéadas gach aon den tsórt sain d'athrughadh ar chuma go


L. vi


mbeadh sé ag teacht le fuaim na canamhna féin. Ortha sain atá
doí (dí, duithe); uirthí (orthí adeirtear); chonnaic (i n-áit raibh); ba
nó budh, agus rl. Tá "léithe" ceart do réir na canamhna, agus -a
atá i ndeireadh "briathra" agus "gníomhartha" (ní úsáidthear -aí
ionnta so). Maidir le rannghabhálaibh théid isna tarmoircheannaibh
-te, -ta, agus rl., níor bhaineas leó, cé gurab -tí, -taí, agus rl., atá i
dtuaisceart Chonnacht.



Táim ag breith buidheachais re "Méarthóig Ghoill" fá na
ceisteannaibh do réidhteach dam - ceisteanna do chuireas air i
gcaschaint chruaidh ar uairibh.



Ní taise do Pádraig Mac Piarais, .i. d'árd-mhaighistir Sgoile
hÉanna i bhFiodh Cuilinn i ngar do Rághnallach Bhaile Átha Cliath.
Táim fá chomaoin aige i dtaoibh gur leig sé dham caint do
dhéanamh leis an sgéalaidhe i bhfód na sgoile, ní do chuir as do ar an
gcuma gcéadna choidhche arís.



'Sé bal críoch chuirfeadh air seo mo ghearán do dhéanamh leis an
bpobal i dtaobh droch-ghníomha na gclódóirí. D'éis an réamhráidh
seo do sgríobhadh, ní fheadar ó árdaibh na naoi bhFionn caidé an
leathanach atá 'ná chóir. An leathanach corr is cóir dó nó dá thús
ar a laighead, acht cár cuireadh an reámhrádh sa dá leabhar deiridh
acht ar an leathanach comhthrom agus sin ar fad i n-aghaidh an
orduighthe thugas uaim! Is iongantach an stailc do fuaras i lucht
cló na leabhar so.



SEOSAMH LAOIDE



I mBaile na Gréine dham,
I bPáirc Thighe Lorgán,
I dtús an Aibreáin, 1910.


L. 3


Lúb na Caillighe.



"Buailteán Coll;
Colpán Cuilinn;
Urlár Lom;
Agus Aon Phunann."


L. 7


I bhfad ó shoin ins an tsean-aimsir, budh é gnás na
n-ógánach a bheith ag imtheacht ar fud na tíre ag
iarraidh aimsire, agus ins an tráth sin ní bhíodh mórán
spéise ag ógánaigh na gcúigí eile a dhul go Cúig' Uladh
mar bhí an chúige sin corr, ar an ádhbhar nach rabh aon
chúige i n-Éirinn badh mhó a rabh draoidheacht agus
ealadhain dubh ann ná é, agus thimcheall 's an tráth
sin, a ghrádh, d'fhág ógánach cruaidh fuinte Cúige
Chonnacht, agus chuartuigh sé cuid mhór de'n tír ag
iarraidh aimsire agus tuarastail mhaith. Fuair sé a
lán a chuirfeadh aimsir air, acht níor thaithnigh an
tuarastal leis agus bhuail sé roimhe nó gur shroich sé
Lúb na Caillighe i n-áit eicínt i gCúige Uladh Éireann.



Bhí go maith. Nuair a shroich sé an áit sin, bhí sgológ
an-shaidhbhir annsin agus bhí call buachalla air an t-am
céadna. Chuir sé aimsir ar an gConnachtach agus thug
sé tuarastal maith dó mar thaithnigh a sgéimh agus a
chuma leis. 'Léir mar deir an sgéal, bhí an buachaill
seo gnaoidheamhail dathamhail agus slachtmhar thar bárr,
agus ó chuirfeadh fear an tighe aimsir ar an mbuachaill
ní bhíodh dréim ar bith aige leis as sin amach, mar bhí
a mháthair mhór beo agus is aicí-se a bhí cúram an tighe
agus na mbuachaillí agus budh doiligh do bhuachaill seasamh
léithi, mar bhí sí an-dian ortha mar fheicfidhear thríd
an sgéal seo.



Aimsir earraigh a bhí ann an tráth cuireadh aimsir ar
an mbuachaill agus bhí go leór cruacha gráin le bualadh
agus 'sé an chéad obair a fuair sé cruach choirce a
thabhairt isteach 'un an sgiobóil le n-a bualadh agus
nuair a bhí gach uile phunann dhí istigh aige thug an
tsean-chailleach súiste dhó agus ars' ise: -


L. 4


"Lom ort ag bualadh agus craithfidh mise an cochan
uait."



Rug sé ar an súiste agus leag sé dhá shraith punann
faoi agus bhí sé i n-a fhear súiste chomh maith agus chas
buailteán thimcheall a chinn ariamh. Thoisigh sé, a ghrádh
mo chroidhe, ag greadadh ar a lán-dhícheall, agus bhí a
bhuille chomh fuinneamhail agus go rabh sé ag crathadh
ceithre creatalachaí an sgiobóil. Bhí an chailleach 'na
seasamh ag an doras agus súgán ordóige sínte aicí
ag fanacht leis an gcochan a cheangal 'léir mar bheith
sé buailte aige, acht, dá mhéad fuinneamh a bhuillí agus
urrudhas a cholna, sháruigh draoidheacht na caillighe é,
mar d'oibrigh sí a draoidheacht thar a riocht, mar nach
rabh éan-bhuille dá dtugadh sé nach léimfeadh na
punanna de'n talamh agus iad ag gol do'n iarraidh sin
thar a cheann agus anois agus aríst dhá bhualadh ins an
aghaidh i riocht gur fhobair gur dhall siad é. Bhí an
Connachtach ins an tráth seo ag cailleadh a fhoighde agus
é beagnach ar buile, agus rud ní budh mheasa bhí sise
'ghá dheifriughadh agus 'ghá cháineadh agus ag rádh go
mbudh é an súisteóir budh mheasa d'ár casadh ariamh
uirthí é, agus a ghrádh, leis an mbáinidhe a d'fháisg ar
an mbuailteoir bhris sé geall an cholpáin agus an
púcán ó chéile, agus nuair a bhris coisgeadh an obair
an lá sin. Thainic fearg ar an gcailligh agus thug sí
díoblughadh dhó agus ars' eisean léithe, "Ní rabh in do
shúiste acht deidimín."



"Ní bhéidh sin le rádh agat i mbárach," ars' ise,
"mar bhéarfaidh mise súiste dhuit nach mbéidh tú i
n-an' a bhriseadh, agus, mar' mbídh an chruach choirce
buailte agat roimh luighe na gréine, is gearr é do
sheal ar an saoghal seo, dá mhéad d'urrudhas agus
d'fhearamhlacht cholna-"



"Déan do dhícheall, a chailligh an diabhail! mar
b'fhéidir, nuair a ghealfadh an lá i mbárach, go mbeitheá
ar lár."



Bhí go maith's ní rabh go dona. D'fhág an buailteoir
an sgioból agus chuaidh an tsean-chailleach go dtí fear
an tighe le n-a casaoid i n-aghaidh an bhuachalla, agus


L. 5


ní fhuair sí acht bog-shásadh uaidhe, mar bhí spéis mhór
aige ins an mbuachaill, mar bhí fhios aige nach rabh aon
chnáimh fhallsa i n-a chorp agus thuig sé gurb ise a bhí
ag déanamh na héagcóra agus gurb í a bhí lochtach agus
nach é an buachaill. Níor thaithnigh an sásadh a fuair sí
léithe agus dá bhárr sin bhí rún díoghaltais aicí i n-aghaidh
an bhuailteora agus dubhairt sí go mbeith an báire léithe-
se lá eicínteacht eile.



Bhí go maith, a chumhlódair. Nuair a gheal an lá ar
maidin, b'áin leis an gcailligh an buachaill a chur ag
bualadh an ghráin, acht níor thug mac a mic a chead
sin doí, mar bhí an talamh le treabhadh is le riaghlughadh,
le n-a ollmhughadh i gcóir an chuir, agus thug an buachaill
a sheisreach capall leis i gceann céachta, cuingeannaí
is cliath 's nuair a thug sé an méad sin go dtí an
gort, bhí sé sé lá na seachtmhaine ag cur na gcloch
a bhí i n-íochtar i n-uachtar, agus i rith an ama sin ní
rabh aon dréim ag an gcailligh leis. Níor ghoill
dócamhal na hoibre ar an mbuachaill agus 'na dheith
sin bhí rud eicínt aisteach ag gabhail dó nár fhéad sé
meabhair ar bith a bhaint as, mar, gach uile mhaidin
nuair a dhúisigheadh sé, budh geall maith a chnámha le
duine a mbeith urlaidhe ag urlaidheacht as a chionn ar
feadh na hoidhche, agus bhíodh sé chomh sladtha sin is gur
ar éigin a b'fhéidir leis a chuid éadaigh a chur air agus
ní rabh fhios aige ó thiar an domhain go dtí thuar an
domhain goicé budh sgiall dó.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Is mór a bhí ag
dul ann, mar bhí sé ag meath agus ag cailleadh a
dhatha, a ailt ag stroncadh agus a chnámha ag seargadh,
agus crom-shlinneáin ag tidheacht ann le dócamhal
tuirse, agus croidhe mo chréatúir i mbun a choise le
mhéad a bhróin, a bhuaidhridh agus a bhrisidh croidhe, mar nár
ghoill aon obair lae ariamh air go dtí an tráth sin,
agus bhí sé chomh claoidhte sin go rabh a iosgadaí ag
lúbadh faoi le mhéad a lagair dh'aindeoin go rabh neart
bídh agus dighe ag dul faoi n-a chrios, agus i ndeireadh
na seachtmhaine, a ghrádh, bhí sé ag tabhairt a bhaile an
áirnéis agus casadh sean-bhean aosta liath leis, agus


L. 6


chuir sí forán cainte air. Sheas siad tamall ag
comhrádh agus d'iarr sí dhe cé an t-ádhbhar a rabhthar
dá chlaoi chomh mór, "mar," ars' ise, "i dtoiseach
na seachtmhaine bhí tú reamhar beathuighthe agus aghaidh
bhreágh shochmaidhe agat. Anois atá do leicionn glas
agus do dhá shúil sluigthe siar in do cheann, do shnuadh
imthighthe agus dath na créafóige ar d'aghaidh."



Thoisigh seisean ag innsint dhoi mar atá innstí agam-
sa, agus nuair a bhí deireadh le n-a bhriathra, "Mo
thruaighe thú!" ars' ise, "'sí an sean-draoidheadóir
atá ag imirt a tréaraidheacht' ort, agus tá sé i n-am
agus thar am creapall a chur uirthí is, mur' gcuirtear
go luath, is gairid an bás uait-se. Comharsain mise
leat-sa," ars' ise, "mar atá mé in mo chomhnuidhe
ins an teach údaidh thall agus tá mé ag tabhairt cuireadh
dhuit a thidheacht tamall de'n oidhche anocht ag
cuartaidheacht againn, agus b'fhéidir go mbéidhinn i n-an'
comhairle do leasa do thabhairt dhuit."



Bhí go maith. Thaithnigh comhrádh na caillighe leis an
mbuachaill agus gheall sé dhoi go dtiocfadh sé. Sheol
sé a bhaile an áirnéis, agus cheangail sé gach uile
cheann aca le n-a mbuarach féin. Nuair a bhí sin
déanta aige, chaith sé séaras na hoidhche, agus fuaidh
sé ag cuartaidheacht go dtí teach a chomharsan
réamhráidhte,'s nuair a thainic sé isteach bhí fearadh na
fáilte roimhe, mar bhí cailín óg sa teach i gcruth a
pósta agus chuir sí spéis mhór sa mbuachaill ó'n gcéad
uair a chonnaic sí é, agus sin é a chosain é ó'n mbás,
mar budh mhaith le bean an tighe é bheith aicí mar mac-
chliamhain, acht ins an tráth sin níor leig siad ortha
féin go rabh an rún sin aca; acht cébí sin de, a ghrádh,
hubhradh leis suidhe i mbun a chosa agus deasughadh leis
an teinidh. Shuidh sé agus thoisigh bean an tighe ag
comhrádh leis:-



"Anois," ars' ise, "caithfidh urrudhas na gcéadta
bheith annat, nuair nach bhfuil tú marbh roimhe seo mar
ngeall ar an rath atá an draoidheadóir caillighe a chur
ort gach uile oidhche, agus bíodh fhios agat, a ghrádh,"
ars' ise, "nár sheas aon bhuachaill leobhtha leis na


L. 7


bliadhanta thar dhá lá nó trí, mar nach bhfuil aon
draoidheadóir le fágháil is milltighe ná í, agus bhéar-
faidh mise comhairle dhuit-se anois agus 'sí comhairle
do leasa í, agus má ghníonn tú mo chomhairle, béidh
an báire leat, agus mur' ndéanfaidh, béidh alla na
héagcaoine ort. Béidh tú ag bualadh i mbárach ins an
sgioból, agus, mur' bhfuighidh tú athrughadh súiste thar
an gceann a bhéarfas sise dhuit, béidh tú in do stolp
tráthnóna, mar nach bhfuil aon ádhmad ag fás fhóireanns
do shúiste nach gcuirfidh sí draoidheacht air acht coll
agus cuileann, agus déan thusa súiste ar maidin.
Fágh buailteán coll, colpán cuilinn, urlár lom agus
aon phunann, agus 'léir mar bhéas tú ag bualadh,
tabhair iarraidh do'n bhuailteán faoi'n gcochan agus
caith an cochan de'n iarraidh sin eidir an dá shúil
uirthí, i gceann a rádh, "A chailligh gan fhéidhm,
coinnigh an cochan craitthe uaim," agus níl aon chor
draoidheachta i n-a corp nach gcuirfidh sí thar a riocht
ag iarraidh pléisam a dhéanamh dhíot-sa, agus, nuair a
sháróchas uirthí, tiocfaidh meir-bháinidhe uirthí agus fág-
faidh sí annsin thú is ní fheicfidh tú í níos mó go
maidin, mar coinneochaidh sí uait go mbídh tú in do
chodladh agus, mur' ndéanfaidh tú mar déarfas mise
leat, solus an lae athrughadh i mbárach ní fheicfidh tú,
mar cuirfidh sí de'n tsaoghal thú ins an oidhche i mbárach
mar ngeall ort an bhuaidh fhagháil uirthí le athrughadh
súiste. Anois, a mhic mo chroidhe, nuair a rachas tusa
a chodladh ins an oidhche i mbárach bíodh ruadhóg agat
agus ceangail thart thimcheall d'ordóige é agus cuir
trí ghlas-shnaidhm teannta air i riocht go mbéidh sé do
do chrádh, agus fuiling nimhneas na ruadhóige ar an
gcaoi go gcoinneochaidh sé thú in do dhúiseacht, mar,
nuair a mheasas sise go mbéidh tú in do chodladh,
tiocfaidh sí isteach in do shiúmra agus béidh srian léithe
i n-a láimh. Má tá tú in do chodladh nuair a thiocfas
sí isteach, craithfidh sí an srian as cionn do chinn ins
an leabaidh agus le mhéad a draoidheachta éireóchaidh
tú aniar aicí in do chapall agus cuirfidh sí an srian
ort. Bhéarfaidh sí amach thú agus gabhfaidh sí ag


L. 8


marcaigheacht ort agus cuirfidh sí luas sinneáin gaoithe
Mhárta fút ar fud na tíre agus sin é an rath a chuir
sí ar gach uile bhuachaill a bhí romhat agus a chuir sí
ort-sa ó thainic tú aici. Anois, nach bhfeiceann tú gur
beag an dochar dhuit a bheith tuirseach marbh sáruighthe
agus gan fios a bhríghe agat? Agruighim thú anois gan
tuitim in do chodladh agus, má mheasann tú go mbéidh
suanaidheacht chodlata ort, fáisg an ruadhóg níos tinne
agus, an chéad uair a thiocfas sí isteach in do shiúmra,
searg thú féin is cuir méanfhadhach asat. Bhéarfaidh sin
le rádh dhuithe-se go bhfuil tú 'do dhúiseacht is gabhfaidh
sí amach. Ní dhéanfaidh sí aon mhoill go dtigidh sí ar
ais, 's nuair a thiocfas, bí ag tionntódh agus ag barr-
thionntódh, is nuair a fheicfeas sí thú ar an gcuma sin,
is gearr an fhaillighe a dhéanfas sí agat, agus a mhic
mo chroidhe, tiocfaidh sí an treas uair agus gal dubh-
dhraoidheachta as a béal le mhéad a báinidhe agus, nuair
a thiocfas, bí ag socrughadh ceannádhairt do leabtha, 's
nuair a fheicfeas sí thú ar an gcuma sin, ní rachaidh sí
amach gan forán a chur ort, agus, ar ndóigh, tabhair
freagradh uirthí 'léir na ceiste. Nuair a fhágfas sí do
shiúmra, ní chuirfidh sí íognódh ort an oidhche sin, agus
ar an móiméid a ghoireas an coileach éirigh agus cuir
ort do chuid éadaigh, téirigh do dtí a siúmra agus ní
baoghal duit nach mbéidh sí i n-a codladh; béidh an srian
crochta as cionn ceannádhairt na leabtha. Beir in
do láimh air, craith trí huaire as a cionn é agus
éireochaidh sí aniar agat i n-a láir chapaill. Cuir
an srian uirthí agus déan mar is toil leat annsin.
Sin í mo chomhairle-sa dhuit, agus, mur' gcoimhlíonaidh
tú í, béidh aithreachas ort lá i ndiaidh an mhargaidh."



"Go rabh mhíle maith agat," ars' an buachaill, "agus
tá mé faoi chomaoin mhóir agat, agus má mhairim,
cuirfidh mé comóradh ort. Déanfaidh mé do chomhairle,
mar 'sí comhairle mo leasa í. Slán leat anois, agus
gheobhaidh mé an bhuaidh ar an draoidheadóir,"



D'imthigh an buachaill leis, a ghrádh, agus é ag
smaoineadh ar chomhairle na mná, agus, nuair a shroich
sé teach a mháighistir, bhí sé i n-am codlata. Chuaidh sé


L. 9


a chodladh, agus ar ndóigh, ní rabh sé i bhfad sa
leabaidh nuair a thuit sé 'na chodladh, agus ag éirghe
dhó ar maidin bhí an tuirse chéadna air. Rinne sé an
súiste mar atá ráidhte agus thoisigh sé ag bualadh le
buailteán coll, colpán cuilinn, urlár lom agus aon
phunann.



Bhí an tsean-chailleach ag crathadh an chochain uaidhe
agus a dhá súil ag gol amach ar a ceann le báinidhe
agus mire. Nuair a bhí a cumhacht draoidheachta ar lár
agus eisean 'ghá dalladh le cochan d'fhág sí é ar uair
an mheadhoin lae agus ars' ise, nuair a bhí sí ag
imtheacht: "Ní rachaidh leat, agus mo mhallacht do bhéal
do mhúinte."



Le sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fada, a ghrádh,
bhí an chruach choirce buailte ceangailte agus roillte
aige i n-am dinnéir,'s nuair a d'ith sé a dhinnéar, shiubhail
sé amach ar fud na machaireachaí, mar nach rabh aon
fhonn oibre air le mhéad a bhróid mar ngeall air an
bhuaidh fhágháil ar an tsean-chailligh agus b'fhuide leis
ná a shaoghal nó go dtiocfadh an oidhche, mar bhí sé
lán`-chinnte go gcuirfeadh sé an chailleach agus a cuid
draoidheachta ar lár agus, dá gcuirfeadh, mheas sé go
mbeith sé ag rinnc mhacrais as sin amach.



Leis an sgéal a chríochnughadh, a ghrádh, bhí sé ar na
smaointe sin go dtainic an oidhche, agus, nuair a
thainic, rinne sé obair na hoidhche mar budh gnáthach
dó, agus ní fhaca sé an tsean-chailleach ar an bhfad
sin. Nuair a mheas sé go rabh sé i n-am codlata
chuaidh sé a chodladh agus cheangail sé an ruadhóg
fuinte cruaidh mar atá ráidhte, agus, acht mar' beag
go rabh an ruadhóg dá chrádh, thuitfeadh sé 'na chodladh,
mar ngeall ar dhócamhal tuirse, acht, a chumhlódair na
cruinne, ní rabh sé i bhfad i n-a leabaidh no go dtainic
sise isteach i n-a shiúmra 's, nuair a thainic, níor labhair
sí húth ná háth, agus thoisigh seisean ag casachtaigh agus
ag méanfhadhach, agus thug sin le rádh dhuithe-se go rabh
sé 'na dhúsacht, agus amach léithe mar bhuailfeá aithinne
dearg ar a cluais. Ní dhearna sí mórán faillighe go
dtainic sí ath-uair, agus bhí seisean ins an am céadna


L. 10


ag tionntódh agus ag barr-thionntódh agus amach
léithe-se mar sgal teintrighe. Bhí sé ag teannadh le
uair an dó-dhéag agus níor thráth d'á fhaillighe dhoí é,
mar d'fhill sí an treas uair go dtí a shiúmra, agus
ins an tráth sin bhí sé ag socrughadh ceannádhairt a
leabtha, agus ars' ise leis:-



"An n-é nach bhfuil tú in do chodladh go fóill?"



"Níl, muise," ars' eisean, "ná ní chodlóchaidh mé
go maidin, mar atá clagadh fola ag cur as dom de
bhárr dianas m' obair lae."



"Mur bhfághaidh tú fóiríthin," ars' ise, "go
dteannaidh ort," agus ar leagan do shúl, d'fhág sí an
siúmra agus fhobair nach ndearna sí dhá leith de
chomhnlaidh an dorais ag gol amach doí le mhéad a
báinidhe.



D'éirigh seisean as a leabaidh chomh héasgaidh le
gealbhann, agus, nuair a chuir sé air a chuid balcaisní
éadaigh, shiubhal sé go mín réidh socair go dtí siúmra
na sean-chaillighe, agus, a ghrádh, nuair a sheas sé ag
colbha na leabtha, thairneochadh sí bath bodhra as coillte
le n-a srannadh le mhéad a trom-chodlata. Dhearc sé
as cionn a leabtha, agus bhí an srian annsin as comhair
a dhá shúl. Rug sé ar an srian i n-a láimh agus thug
sé trí chrathadh de'n tsrian as a cionn, agus d'éirigh
sí aniar i n-a láir dheas shlíoctha choimsire, agus i
nDómhnach, a ghrádh, chuir sé an srian uirthí agus rinne
sé a ceannaireacht amach go dtí 'n tsráid. Chuaidh sé
ar a muin, agus theann sé an béalmhach i n-a béal,
mar bhí sé ag brath ar coisidheacht a bhaint aistí, agus
as go bráth leis, a chumhlódair, ar fud-na tíre, agus
coisidheacht ar choisidheacht acht budh in í fhéin an
choisidheacht.



Nuair a bhí sé ag tarraint i ngar do'n lá, bhí an
marcach ar a bhealach a bhaile, agus ar thaoibh an bhóthair
casadh ceardchaidh leis, agus a bhaiste, bhí an gabha sa
gceardchaidh an tráth céadna. Thuirling an marcach
agus thug sé an láir isteach agus ars' eisean leis an
ngabha:-



"Bheithinn buidheach dhíot dá gcuirtheá cruidhthe
ar mo láir."


L. 11


Bhí bruith a ladhar ar an ngabha ag freastal ar
an marcach, mar shíl sé gur bhain sé le sluagh sídhe na
gcnoc is chuir sé an bior cruadhach sa teinidh, 's nuair
a bhí sé gorthaí aige, leag sé ar an inneóin é agus
thoisigh an t-urlaidhe ag urlaidheacht, agus ní rabh sé
i bhfad ná i ngearr ag déanamh na gcruidhthe agus 'ghá
gcur ar an láir. Thug an marcach luach saothair dhó,
agus amach leis, agus ní bréag nár thug sé an lasg
doí nó gur shroich sé an baile. Nuair a shroich, thuirling
sé agus thug sé isteach í go dtí a siúmra, bhain sé an
srian dí 's nuair a bhain, bhí sí i gcumraidheacht mná,
mar bhí sí cheana, agus cruidhthe ar bhois a dhá lámh agus
ar dhá bhonn a cos, agus gan smeach i n-a cluais,
mar bhí a cuid fola tugtha mar ngeall ar na táirngní
cruadhach a bhí ins na cruidhthibh. D'fhág sé ar an gcuma
sin í agus chuaidh sé a chodladh.



Ar maidin nuair a d'éirigh muintir an tighe, bhí
iongantas orthú nuair nach rabh an tsean-chailleach i
n-a suidhe, mar budh í an mochóir ab' fhearr a bhí sa teach
i gcomhnuidhe í, agus shiubhail fear an tighe go dtí a
siúmra go bhfeicfeadh sé cé bhí ag cur as doí, 's nuair
a chonnaic sé an radharc a bhí roimhe, fhobair nár thuit
an t-anam as. Gháir sé ós árd; agus chruinnigh muintir
an tighe i n-a thimcheall agus d'fhiafhruigh sé díobhtha an rabh
fhios ag éinne aca cé thug an aoid sin ar a mháthair
mhóir.



D'fhreagair an buachaill é agus dubhairt sé gur eisean
a bhí ciontach, agus thoisigh sé ag innsint faoi dhraoidheacht
ná caillighe agus gach ní atá innstí agam-sa thríd an
sgéal, agus, nuair a bhí deireadh le n-a chuid briathra, thug
fear an tighe breitheamhnas fábharach ar an gcoir, mar budh
fear socair cóir a bhí ann, agus thuig sé gur thuill an
sean-draoidheadóir an méid a fuair sí, mar nár thug
sé milleán ar bith do'n bhuachaill faoi, agus choinnigh
sé é mar buachaill aimsire a fhad 's budh toil leis fanacht,
agus bhí deireadh le éagcóir na mbuachaillí ó cuireadh
an sean-chailín ar lár.



D'fhan sé tamall dá shaoghal ag a mháighistir no
gur chruinnigh sé bunachar beag, agus, nuair a bhí sin


L. 12


bailighthe aige, phós sé inghean "bhéil a mhúinte"
agus deir siad go raibh banais shultmhar aca agus go
bhfuair sé fhéin agus a chéile saoghal fada, agus ádh
agus amhthas orthú, agus sin é an sean-fhocal mínighthe
mar chuala mise é, is ná bígidh ag casaoid air, mar tá
sé thar bárr.


L. 13


Sgéala ar Pholl Tighe ó Leó
Leobháin.



I bhfad ó shoin ins an tsean-aimsir bhí cleasa lúith
an-fhairsing i n-Éirinn agus go mór-mhór i gCúige Chonnacht.
Bhíodh ógánaigh na tíre fruilthigh'e i n-aghaidh a chéile ag
camánacht agus ag imirt liathróide.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Bhí seadairí
fearamhla Chúige Chonnacht i n-an' buaidh a thabhairt i
n-aghaidh ógánaigh ar bith a thiocfadh i n-a n-aghaidh as
cúige ar bith eile i n-Éirinn. Bhí i measg báireoirí
Chúige Chonnacht aon chamánaidhe amháin agus ní rabh aon bhoc
báire i n-Éirinn ab' fhearr ná a bhí aige agus áit ar bith
a théidheadh camánaidhthe Chúige Chonnacht, bhíodh an
báireoir seo i gcomhnuidhe i n-a chúl báire acú.



Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe, gur thárluigh
camánaidhthe as Cúige Uladh Éireann do dtí Cúig'
áluinn Chonnacht agus bhí na hUltaigh seo an-diabhalta
aclaidhe 'léir aclaidheacht' ailt, agus mheas siad go rabh sé
ar a gcumas an bhuaidh a thabhairt as Connachtaibh leof.



Nuair a thainic an dá fheadhnach chum treasa ar
mhachaire na liathróide, sheas an dá chúl báire os comhair
a chéile agus ars' an t-Ultach leis a' gConnachtach:



"Caillfidh mise leagaint nó bhéarfaidh mé treis liom
indiu."



D'fhreagair cúl báire Chúige Chonnacht é agus ar
seisean:



"Tá treis agus buaidh agam-sa agus ag m' fheadhnach fear
leis na bliadhanta agus má tá tusa agus do chuid camánaidhe
i n-an' treis bhuanamhail a thabhairt uaim indiu, ní
imreogha mise aon bhoc báire fhad 's beo mo cheann."



Leis sin, a dhearbhráthair mo chroidhe, buaileadh an
báire agus ins an áit ba te ba teann, acht camánacht ar
chamánacht, acht budh in í fhéin an chamánacht. Budh é


L. 14


cúl báire Chúige Chonnacht a bhuail an chéad bhoc agus chuir
sé an liathróid go dtí an góraidhe íochtair.



Nuair a chonnaic na hUltaigh an boc báire a bhí aige-
san, bhí siad ar a gcosaint air as sin amach, acht mar
sin féin bhí na hUltaigh ag fágháil an chuid-is-measa
de'n mhasladh agus nuair a bhí an chéad leath-uair caithte
budh le camánaidhe Chúige Chonnacht an lámh i n-uachtar
agus 'fhad 's bhí siad ag tarraint a n-anáile agus ag ithe
tonóladh beag bídh, bhí na hUltaigh an t-am céadna ag
cothughadh riaghla faoi rún i n-a measg féin, an báireoir
lúthmhar bhí ar thaobh Cúige Chonnacht a chreapall, dá
mb'fhéidir leof é, agus, dá dtiocfadh leobhtha é an dó-
bheart sin a chomhanlladh agus an báireoir fearamail sin a
lot, go mb'fhurust dhóbhtha treis fhágháil an darna leath-
uair.



Bhí go maith, a chumainn na gcumann. Nuair a
d'ionnsuigh na camánaidhthe a chéile ath-uair, bhí na
hUltaigh borb agus an-diabhalta colgach agus thoigh siad an
ceath'ar ba lúthmhaire coiscéim le coinneáil i ngar do
bháireoir Chúige Chonnacht agus le cor coise a thabhairt dó
ar dheiseal ná treiseal, áit ar bith dá mbeith sé ar an
machaire.



Choinnigh siad i n-a aice, agus i gcóir ná i n-éagcóir, dá
mb'fhéidir leof é, thugadh siad iarraidh leagaint faoi,
agus nuair nach rabh na hUltaigh ag treisiughadh ar na
Connachtaigh, mhéaduigh a mbáinidhe nídh ba bhuirbe ná
bhí siad agus ní rabh ann annsin acht cor coise i bhfus agus
cor cramóg thall agus muinéal lag i n-íochtar agus, le
sgéal gearr a dhéanamh de'n sgéal fada, le chomh
borb agus d'ionnsuigh an dá fheadhnach fear a chéile,
loiteadh agus leonadh an fearr-is-bárr dho fheadhnach na
n-Ultach agus dheamhan a thúisge bheith fear acú loitthe ná
bhíodh camánaidhe eile úr-nua ar a' machaire agus, a ghrádh
mo chroidhe, níl léigheadh ná innsint sgéil ar na sluaighte
daoine bhí i machaire na liathróide an lá sin as ceithre
ceárda na hÉireann agus, a dhearbhráthair mo chroidhe,
loiteadh agus leonadh an oiread sin de na hUltaigh agus, sul
má rabh uair na camánachta caithte, ní rabh aon fhear
acú le áit an chamánaidhe toisigh a bhí acú a thógáil,


L. 15


mar b'éigean dó suidhe i mbun a chosa, mar ngeall
ar ubhall a leise a chur as áit, agus, nuair a chonnaic
na hUltaigh go rabh na Connachtaigh ag treisiughadh orthú
agus go rabh easbhaidh camánaidhe orthú, shíl siad an imirt
a chur ar gcúl agus ní thiubhradh na Connachtaigh an cead
sin dóf, acht dubhairt siad leobhtha a rogha fear a
thoghadh as an sluagh a bhí ag faire ar an imirt agus leis
sin fuaidh cúl báire na n-Ultach ag tóraidheacht
chamánaidhe agus ní rabh aon fhear dár iarr sé nach rabh
sgáthmhaireacht orthú a dhul ag camánacht i n-aghaidh na
gConnachtach mar ngeall ar a bhfearamhlacht agus a
n-aclaidheacht ailt agus nuair a theip na hUltaigh go léir
ar an gcúl báire, d'fhás báinidhe mhór air agus ar seisean
leobhtha:



"Baistim faraor oraibh, agus shíl mé go rabh sibh níos
misneamhla ná tá sibh, a chladhairí gan maith gan
maoin!"



Rug sé ar a chamán agus amach leis i gcionn a chuid
oibre aríst agus lean fear é agus ar seisean leis:



"Níos túisge ná gheobhfas na Connachtaigh buaidh
orainn indiu, gabhfa mise ag camánacht leat-sa."



"Mo sheacht grádh thú!" ars' an cúl báire leis.



"Go rabh maith agat," ar seisean, "agus tá sé chomh
córta dhamh-sa seasamh do Chúig' Uladh annseo indiu
agus tá sé dhuit-se agus, le dhul níos fuide ins a' sgéal,
is sagart óg mise agus nuair nach bhfuil aon fhear eile
as bhur gcúige chomh misneamhail le seasamh i n-aghaidh na
gConnachtach, seasfaidh mise i n-a n-aghaidh agus caillfidh
mé leagaint nó bhéarfamuid treis agus buaidh ó na
Connachtaigh indiu,"



B'fhíor a' sgéal, a dhearbhráthair. Rug an sagart óg
ar a' gcamán agus thóig sé a áit i n-a chamánaidhe thoisigh
agus gan bhréig agus gan mhagadh, ba mhaith an buille camáin
a bhí aige agus nuair a bhí sé dó nó trí de mhóiméid ag
camánacht, bhí dhá ghóraidhe fagháilte aige agus, a dhearbh-
ráthair mo chroidhe, budh in í an uair a thoisigh an
teangamháil dháríribh agus, le dhá fhocal a chur i n-aon fhocal
amháin, shíl na Connachtaigh go mbudh leobhtha buaidh, acht,
a chumainn na gcumann, dheasuigh cúl báire na gCon-


L. 16


nachtach i n-aice an tsagairt agus as sin amach dheamhan
cor ná cleas d' fhéad an sagart a chur dhe' mar bhíodh
an cúl báire le n-a sháil agus 'nDomhnach ba mhaith an
mhaise do'n tsagart é, 'ch uile uair a bhéarfadh cúl
baire na gConnachtach iarraidh buailte ar a' mbáire
thugadh an sagart cor coise dó agus 'nDomhnach bhain sé
trí ná ceathair dho leagaint talmhana as agus nuair a
chonnaic báireoirí Chúige Chonnacht go rabh a gcúl
báire dhá chlaoi, thoisigh siad ag cailleadh a misnighe agus
bhí na hUltaigh ag déanamh díoghbhála móire dóbhtha.



Bhí go maith. Nuair a bhí an t-am ag ionnsuighe thart
thug an sagart iarraidh eile faoi chúl báire Chúige
Connacht agus, má thug, ní dheachaidh leis. D'éirigh cúl báire
na gConnachtach de chothrom talmhana agus thug sé cor coise
do'n sagart agus chaith sé i ndiaidh a mhullaigh d'aon tuairt
amháin é i n-aghaidh na talmhana agus briseadh cnámh a
ghealracháin agus, a dhearbhráthair mo chroidhe, le chomh cráidhte
agus cráidheadh croidhe an tsagairt, thug sé a mhallacht do
chúl báire na gConnachtach agus budh é ainm an chúil bháire
Ó Leó Leobáin agus, le innsint go soilléartha i dtaobh an
dá fheadhnach camánaidhe, ba leis na Connachtaigh buaidh
agus, 'léir lucht innsint an sgéil seo, hubhradh nár
buaileadh aon bhoc báire insa machaire sin ar feadh na
mbliadhanta agus ní gan ádhbhar agus seo é an t-ádhbhar:



'Léis an tsagairt a mhallacht a thabhairt do Ó Leó
Leobáin, bhí sé chomh stainceamhail i n-a intinn agus nach
n-umhlóchadh sé do'n sagart agus nach n-iarrfadh sé
maitheanas air agus nuair nach ndeárna sé sin, d'éirigh na
daoine glonnmhar i n-a aghaidh agus dhearc siad air mar
fhear corr agus ní'l aon lá dá n-éirigheadh a chomhursanaí
nach ar a theach bhéarfadh siad an chéad amharc, théinte
go bhfeicfeadh siad a theach leagtha nó é fhéin crochta i
n-aghaidh a bhalla mar ngeall ar mhallacht an tsagairt
bheith as a chionn. Bhí siad mar sin ar feadh mórán
bliadhanta agus dheamhan breis ar bith a d'éirigh dhó. Bhí
móirsheisear deirbhshiúrachaí ag Ó Leó Leobáin agus triúr
dearbhráithreachaí. D'éirigh muinntear na tíre chomh
glonnmhar sin i n-a n-aghaidh agus nach labhróchadh siad
leobhtha ar aonach ná ar mhargadh agus b'éigean do mhuinntir


L. 17


an tighe sin a saoghal a chathadh díomhaoineach, mar nach
bhfuigheadh siad éinne a phósfadh iad mar ngeall ar
mhallacht an tsagairt.



Thinn Dia leobhtha go bhfuair siad saoghal fada, agus i
leabaidh iad a bheith ag gol un donacht' 'sé a' chaoi
a ndeachaidh siad 'un feabhais agus 'un saidhbhris agus dá mhéad
a gcuid saidhbhris ní bhfuigheadh éinne de'n chlainn
inghean compánach ar bith le n-a bpósadh agus bhí an gárla
céadna ar na dearbhráithreachaí - ní bhfuigheadh siad aon
bhainchéile agus, a dhearbhráthair mo chroidhe, leis an sgéal
gearr seo a dhéanamh níos giorrtaighe, 'léis mórán
bliadhanta fuair cúigear de'n chlainn inghean bás agus
mhair beirt acú agus an ceath'ar dearbhráithreachaí, agus a
ghrádh mo chroidhe, gan bhréig is gan mhagadh, bhí siad i
n-aois leanbaidhe an tráth seo agus bhí intinn an-chorrach
ag Ó Leó Leobáin nuair nach rabh duine ar bith a bhain
dá shliocht aige le n-a shaidhbhreas fhágáil acú agus, le mhéid
na haoise bhí acú, ní rabh éinne rugadh le n-a linn
saoghlach bliadhanta roimh an tráth a rabh muirighin an
tighe seo i n-aois leanbaidhe agus bhí cáil Ó Leó Leobáin
go fada 's go gearr i dtaobh a ghnímh ghaisgeamhail
camánachta, agus bhí fhios aige sin go maith agus bhí sé fhéin
agus a thriúr dearbhráithreachaí aon oidhche amháin 'na suidhe
a chois na teineadh agus iad ag caint eatorrú féin i
dtaobh a n-óige agus 'léir mar bhí siad ag caint níor
airigh siad an oidhche dhá cathadh go rabh sé i n-a
mheadhon oidhche agus nuair a thug siad faoi deara an
tráth d'oidhche bhí sé, bhí siad ag triall ar dhul a chodladh
agus sul már shroich siad a leabaidh, buaileadh craig ar an
doras, agus bhí sgáthmhaireacht orthú dhul go dtí an doras,
mar nár mhúch fear ná bean a ndoras os cionn leith-
chéad bliadhain roimhe sin.



Acht cé 'bíth sin de, ghlac Ó Leó misneach agus d'fhosgail
sé an doras agus nuair a d'fosgail bhí fear i n-a sheasamh
i n-aghaidh na hursan agus ar seisean le Ó Leó:



"A' dtiubharthá dídean na hoidhche dhom i n-onóir do
Dia agus do Mhuire."


L. 18


"Bhéarfad," ar seisean leis, agus thainic an coimhightheach
isteach agus shuidh sé i mbun a chosa, a' déanamh a ghoradh
ag an teinidh, mar bhí sé i n-a chall.



Dheamhan húth ná háth a labhair muinntear a' tighe leis
acht amháin Ó Leó agus shuidh sé le n-a ais agus ar seisean
leis:



"Bhfuil dochar dhom fiafhraighe dhíot cé thú fhéin ná
cé as ar thárla tú?"



"Maiseadh, 'dheamhan dochar dhuit," ars' an coimhthigh
each, "fiafhraighe dhíom; bráthair mise agus bhí mé ag
brath ar dhul a bhaile, acht i n-a leabaidh sin cuireadh
amugha mé agus níor fhéad mé mo bhealach a dhéanamh agus
ar m' fhocal duit, bhí mé beagnach casgartha nuair a
chonnaic mé an solus ar a' bhfuinneoig agus tharrainn mé
ar an solus le dídean an tighe fhágháil, mar tá aistir
fhada romham ar maidin."



"Tá fáilte agat," arsa Ó Leó, "fanacht annseo
ar feadh seachtmhaine, má's maith leat é; acht, a dhuine
chóir, ó's dhuit atá mé dhá innsin, níor sheas éinne ar
an urlár seo os cionn leith-chéad bliadhain acht muirighin
an tighe, go dtainic tusa anocht.".



"Úbú," ars' an bráthair, "bhfuil tú dháríribh, nó go
cé an t-ádhbhar a bhí ag do chomharsanaí bheith chomh mío-
rúnmharach sin in d'aghaidh?"



"Innseogha mé sin duit, a bhráthair mo chroidhe," agus
a léaghthóirí, thoisigh Ó Leó Leobáin ag innsint do'n
bhráthair gur innis sé focal ar fhocal dó mar tá
inniste agam-sa dhaoibh-se agus, nuair a bhí tús agus deireadh
an sgéil ag an mbráthair, dubhairt sé le Ó Leó agus
muinntir an tighe a bhí 'na chuideachta a dhul ar
faoisdin i n-ainm Dé, agus faoisdin mhaith íonráilte
dhéanamh le croidhe buaidheartha cráidhte agus go maithfeadh
Dia a gcuid peacaidh dhóf.



D'fhreagair Ó Leó Leobáin é agus dubhairt sé leis nach
n-ísleochadh siad aon ghlún faoi shagart fhad 's bheith
siad beo agus go bhfanfadh siad mar bhí siad agus nach
ndearna mallacht an tsagairt díoghbháil ar bith dhóf
acht ádh agus amhtar a thainic orthú le linn na mallachta,
agus ann sin nuair a thug an bráthair faoi deara nár


L. 19


fhéad sé a gcuir i mbealach a leasa, dubhairt sé leobhtha
nach gcodlóchadh sé faoi chreata tighe ar bith a rabh
mallacht sagairt as a chionn agus ar seisean:



"Ní'l lá dá fhad nach dtigeann a thráthnóna agus 'sé a
fhearacht sin libh-se é. Thug Dia saoghal fada dhaoibh agus
go mór-mhór dhuit-se, a Óil! le aithrighe dhéanamh in do
pheacaidh agus mur' ndéanfaidh tú, bí cinnte, bíodh sé
luath ná mall, go dtuitfidh tú faoi ghnúis Mhic Dé!"



Ní dhearna an bráthair ceo na frighde acht siubhal
amach as a' teach agus leis an driopás a bhí air ag imtheacht,
dhearmad sé a thriubhas a chroch sé ar a' bpionna bhí i
n-aghaidh an bhalla nuair a thainic sé isteach i dtoiseach
agus nuair a bhí sé thimcheall 's ceathramha míle ó'n teach
thug sé faoi deara gur dhearmaid sé a thriubhas agus d'fhill
sé ar ais i gcoinne a thriubhsa agus nuair a thainic sé
as comhair an tighe, ní rabh de'n teach 'na sheasamh
roimhe acht an méid de'n bhalla a rabh a thriubhas crochta
air. Shín sé a lámh agus thóig sé an triubhas de'n phionna
agus ar a' móiméid ar thóig bhí teach Ó Leó Leobáin agus
a rabh ann sluigthe síos go fíor-íochtar na talmhana agus
ní'l 'fhios ag fear le fágháil daimhneacht an phuill sin
agus sin é brígh ughdair "Phuill Tighe Ó Leó Leobáin,"
agus tá an focal sin beo i mbéal na seandaoine go
fóill agus tá súil agam go mbéidh brígh agus ciall an fhocail
beo go bráth nuair a chuirfhidhear an sgéal seo i gcló.
Sin dhaoibh uilig é agus beannacht Dé le hanam na marbh.


L. 20


Gobán Saor agus a Mhac.



Seo sgéala ar Ghobán Saor agus a mhac, mar shíl
Gobán go mbudh é a mhac dlisteanach féin a bhí
ann, acht i n-a leabaidh sin budh mac altroma dhó é.



Ins an tsean-aimsir nuair a mhair Gobán Saor bhí
sé 'na chomhnuidhe i gCill Ghobáin ag Cartún míle ó
dtuaidh de Chill Alaidh. Bhí Gobán pósta agus clann
inghean uilig thainic ar a shliocht. Bhí tíoránach a bhain
do chreideamh na bpágánach i n-a chomhnuidhe an taobh
thoir ó dtuaidh de'n choinéal agus 'sé ainm an choinéil
Coinéal Ráth-Frannaigh agus budh é ainm an tíoránaigh
Frannaigh Mór, agus 'sé an t-ainm atá ar an áit a
rabh sé 'na chomhnuidhe Ráth-Frannaigh, agus tá an
coinéal seo mar thórainn eidir Cill Ghobáin agus Ráth-
Frannaigh, agus tá Droichead Phámarstúin déanta ar
an gcoinéal seo, nó an sean-ainm Droichead an
Chaisleáin Riabhaigh.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Bhí Frannaigh Mór
mar deir na seanchaidhthe i n-a fhear an-diabhalta
madramhail agus mar ngeall ar an gcumhachta bhí aige
'léir urrudhais bhí sé in-a fhear mí-riaghalta domblasach,
agus budh chuma leis céard a dhéanfadh duine ar bith
ná ní ar bith acht a bháinidhe fhéin a shásughadh. Bhí sé
pósta, agus, 'léir mar tá an seanchas againn, bhí
naonbhar mac ag a bhean agus níor thaithnigh sin le
Frannaigh Mór, mar do bhéarfadh sé gach a bhfaca sé
ariamh acht inghean a bheith ar a shliocht.



Bhí go maith gur éirigh a bhean torrach ar an deicheadh
feacht, agus nuair a bhí sí i riocht clainne, thug
Frannaigh mionna: "Dar brígh na gréine 's na
gealaighe," ars' eisean, "mar mbídh inghean agat de'n
phrap seo, bhéarfaidh mé sgoilteadh an bhradáin ort."



'Léis an mhionna seo, a ghrádh mo chroidhe, sgannruigh
sé na leitheachaí ins an mnaoi bhoicht, mar bhí a fhios


L. 21


aicí go rabh sé chomh buailteach agus bhí sé bagarthach,
agus sul má dtainic tinneas clainne uirthí chuir sí
sgéala i gcoinní an ghogaire agus d'innis sí dhoí mar tá
innstí agam-sa dhaoibh-se.



"Cruaidh go leór," ars' an gogaire, "acht déan-
faidh mise mo dhícheall an chúis seo a réidhteach, má's
mac a thiocfas ar an saoghal."



Ins an am chéadna bhí bean Ghobáin i riocht clainne
agus bhí oiread de chathughadh i ndiaidh mic ag bean
Ghobáin agus bhí ag Frannaigh i ndiaidh inghine. Chuaidh
an gogaire ag bean Ghobáin agus d'innis sí an
seanchas doí.



Arsa bean Ghobáin léithe: "Má bhíonn inghean agam-
sa agus mac ag bean Frannaigh' tabhair an mac
agam-sa ag gól-síseal agus tig leat m'inghean-sa
thabhairt leat agus ní bhéidh fios an rúin ag an bhfár
doras."



B'fhíor an sgéal, a ghrádh mo croidhe. 'S amhlaidh
bhí sé, bhí inghean ag bean Ghobáin agus mac ag bean
Frannaigh, agus 'léis bean Frannaigh an páisde bhreith,
d'iarr Frannaigh an mbudh mac ná inghean a bhí ann
agus d'fhreagair an gogaire é de aon anál amháin:
"Inghean," ars' ise.



"Go mbadh slán an sgéal," ars' eisean, 's leis
an mbród a bhí ar Frannaigh thoisigh sé ag rinnc 's ag
damhsa agus ag gearramansaidheacht aníos agus síos
ar fhad a shiúmra agus lean sé do'n obair sin go
dtainic meabhrán i n-a cheann agus b'éigean dó é féin
a chathadh ar a fhad ar an urlár d'á thoil-leonadh fhéin,
agus le dócamhal a ghearramansaidheacht' thuit sé i n-a
shac codlata agus mar a bhuailfeá do dhá bhois faoi
chéile d'imthigh an gogaire agus an naoidheanán léithi
nó go ndeachaidh sí anonn fearsaid Bhéil Átha na Cloiche
Duibhe tá ag gol trasnaidhe Coinéil Ráth-Frannaigh
agus bhuail sí isteach go teach Ghobáin ar an uair
mharbhtha de'n oidhche agus, mar bhí fios a gnathaigh ag
bean Ghobáin roimh ré, ní dheárna sí aon mhoill acht an
naoidheanán fir a leagaint síos agus an naoidheanán
mná árdughadh léithe.


L. 22


D'fhill sí ar ais an bealach céadna gur shroich sí teach
Frannaigh agus gan fios ag fear le fágháil brígh a
turais. Bhí bród an tsaoghail ar bhean Frannaigh
faoi 'n inghin agus faoi í bheith cosanta ó fheirg bhuirb
a fir, agus dá mhéad an bród a bhí uirthí budh mhó ná
sin an bród a bhí ar Ghobán nuair a hinnsigheadh dó go
rabh mac ag a bhean, mar bhí sé i gcomhnuidhe 'gcomh
nuidhe ag dúil le mac a thidheacht ar a shliocht le n-a
cheird fhágáil aige, mar nach rabh aon saor cloiche le
fágháil ab' fheárr ná budh stuamdha ná an Gobán, agus
budh in é ádhbhar a bhróid i dtaobh a mhic, go dtiocfadh
leis a cheird fhágáil aige - an rud nach dtiocfadh leis
fhágáil ag a chlainn inghean.



Leis an sgéal a ghiorrachan, tugadh aire chúramach
do'n bheirt chlainne seo, agus an borradh nach ndéanfadh
siad san oidhche dhéanfadh siad san lá é, le mhéad an
chúramúin a bhí ag a mbeirt aithreachaí astú. D'fhás
inghean Frannaigh i n-a cailín caol árd agus aghaidh
mhian-shuaidhte dhubh uirthí. 'Léir mar deir na sean
seanchaidhthe ní rabh sí gnaoidheamhail, acht mar dubhairt
an sean-fhocal, "ní breághaichte ghníonns brochán, acht
min a ramhruigheanns." B'amhlaidh bhí Áine mar
budh in é a hainm. Bhí a cáil go fada 's go geárr le
n-a críonnacht, a mánlaigheacht, is a tádhbhachtacht, agus bhí
iongantas ar na daoiní cailín chomh mánla léithe
thidheacht ar shliocht Frannaigh. Is iomdha óigfhear bhí ag
brath uirthí agus a rabh dúil acu a gol 'un tíoghbhais
léithe mar ngeall ar a críonnacht, acht nuair a chuimh
nigheadh siad ar ghníomhartha agus tréaraidheacht diabhal
ta Frannaigh, ní rabh aon spéis acú greamughadh le n-a
bhunadh. I dtráth an ama seo bhí a cheird foghlamthaí
ag mac Ghobáin agus ní rabh aon áit dá dtéidheadh
Gobán nach mbíodh a mhac leis agus budh é Gobán
príomh-shaor chloiche na hÉireann, acht amháin go rabh
sé failligheach i gcionn a chuid oibre, agus cuirfidh an
sgéal seo i n-umhail do na léaghthóirí nach rabh Gobán,
dá mhéad a stuaim, i n-a mháighistir ar a cheird go dtí
seal gearr i ndiaidh an ama seo.


L. 23


I rith an ama sin is iomdha forgaint agus claigtheach
a chuir Gobán agus a mhac i ndiaidh a lámha, agus tá
sé ráidhte gur ins an tráth seo d'fhaduigh Gobán agus
a mhac claigtheach Chille Alaidh agus 'léis bal a bheith
acú air, dubhairt Gobán le n-a mhac go rabh sé i
n-aois a phósta agus, mar ngeall ar a chlainn inghean a
bheith pósta uaidhe (mar clann inghean uilig a bhí aige
acht an mac) agus a bhean a bheith seargtha críon le
aois, go mbadh cóir dó pósadh agus bean chiallmhar
fhad-cheannach mheabhrach chríonna thoradh-aireach fhágháil
agus go mb'fhearr dó a leithide sin gan pighinn ruadh
ná sodamán rachmallach fhágháil leis na céadta punt.



"Tá go maith, a athair," ars' eisean, "déanfaidh
mé do chomhairle, mar tá a fhios agam gurb í comhairle
mo leasa í."



Maith go leór. Lá an mhargaidh dá gcionn mharbhuigh
Gobán caora agus d'fheann se an craiceann dí. Thug
sé an craiceann dá mhac agus dubhairt sé leis a ghol
'un an bhaile mhóir agus seasadh ag crois an mhargaidh
agus bheith ag fuagairt "an craiceann 's a luach"
agus bean ar bith a bhéarfadh luach an chraicinn dó
agus an craiceann ar ais agus buntáiste a bheith aicí
fhéin ins an margadh, an bhean sin a thabhairt a bhaile leis
no go gceastuigheadh sé í i n-i gcas-chainnt chríonna
no go bhfeicfeadh sé a rabh sí chomh cliste 'léir
meabhrach agus bhí sí léir stuama.



B'fhíor an sgéal. An Sathairne dá gcionn fuaidh
mac Ghobáin go Cill Alaidh agus an craiceann leis
agus chuir sé a dhruim le crois an mhargaidh agus é
ag fuagairt i mbárr a anma "an craiceann 's a
luach." 'Léir mar bhí na daoiní ag sgaith thart, sheasadh
siad i n-aon sámh amháin ag faire air agus, nuair nach
rabh éinne acú chomh glic agus brígh a chúise thuisgint,
'sé an chaoi ar thoisigh siad ag magadh faoi agus ag
rádh go rabh mac Ghobáin díthmheabhrach, mar nach rabh
ciall ar bith i n-a chuid cainte, 'léir a mbaramhla.



Bhí go maith. Chaith Gobán óg an lá annsin agus bhí
an craiceann a bhaile leis tráthnóna, acht ní rabh a
luach.


L. 24


"Cé an chaoi ar éirigh leat?" ars' an Gobán.



"Mar d'imthigh mé ar maidin," ars' eisean, "mo
dhá láimh chomh fada le chéile ag tidheacht a bhaile
tráthnóna."



"Níl aon dochar déanta," arsa Gobán; "féach-
famuid aríst é."



Leis an sgéal a ghiorrachan, seachtmhain ó'n Sathairne
sin, fuaidh Gobán óg go Cill Alaidh ath-uair agus
phlainnc sé cúl a chinn le crois an mhargaidh agus
thoisigh sé ar a chuid siamsánacht' cainte mar thug na
daoine air agus, 'léis é bheith beagnach sáruighthe ag
fuagairt an chraicinn 's a luach, b'éigean dó a ghoil
a bhaile agus é chomh neamhthairbheach agus bhí sé ar
maidin.



Ins an tráth seo bhí sé imthighthe mar iomrádh ar fud
na tíre go rabh Gobán óg gan meabhair gan arann
de bhárr na cainte díthchéillidhe bhí aige faoi'n
gcraiceann 's a luach, agus an tríomhadh Sathairn budh
é Sathairn an mhargaidh mhóir é, agus bhí na daoine
cruinn as gach uile cheárd de'n tír, mar budh gnáthach
dóbhtha an Sathairne sin, mar sin é an Sathairne roimh
trosgadh Oidhche Nodlag Mór na hÉireann agus i
nDomhnach! ní dheárnaidh Gobán óg cinn faillighe gan a
ghoil ann agus an craiceann leis, agus go deimhin agus go
dearbhtha thóig sé a áit ag crois an mhargaidh agus é ag
fuagairt ós árd "an craiceann 's a luach."



Dheamhan i bhfad a bhí sé ag fuagairt no go dtainic
Áine anall aige agus ars' ise leis:



"Bhfuil tú ag díol an chraicinn?"



"Tá," ars' eisean.



"Goicé mhéad atá tú iarraidh air?" ars' ise.



"Trí pighne," ars' eisean," luach an chraicinn, acht
caithfidh tú an craiceann 's a luach a thabhairt dhom."



"Bíodh sé i n-a mhargadh," ars' ise.



Leis sin shiubhail sí isteach go dtí 'n teach budh goire
dhoí, agus thug sí amach coirín uisge fiochta agus rug
sí ar an gcraiceann agus chuir sí an craiceann as
cionn béil an choirín nó gur bhoguigh gal an uisge an
olann ar an gcraiceann agus, ar an móiméid a bhí sé


L. 25


bogtha, thoisigh sí ag lomradh na holna de'n chraiceann,
agus, nuair a bhí sin déanta aicí, chuir sí an olann
isteach i n-a práisgín agus thug sí trí pighne agus an
craiceann ar ais dó.



Bhí muintir an mhargaidh cruinn thart i n-a dtimcheall
agus 'léis iad gach ní a bhain le margadh an chraicinn
fheiceáil, budh léir dóbhtha uilig annsin go rabh ciall i
gcaint Ghobáin Óig acht go rabh siad ró-dhall-intleachtach
le n-a thuisgint.



Nuair a bhí críoch leis an gceannaidheacht agus 'ach
éinne de'n bheirt sásta le n-a margadh fhéin, labhair
Gobán Óg le Áine agus dubhairt léithi:



"Taraidh a bhaile," ars' eisean, "go dtí teach m'
athara, má's é do thoil é, mar dubhairt sé liom bean
ar bith a cheannóchadh an craiceann uaim cuireadh a
thabhairt doí a bhaile 'na thighe. Mar ngeall ar a bheith i
n-a fhear fad-cheannach glic, budh mhaith leis faill chainte
fhágháil le cailín fíor-chliste meabhrach de do shórt-sa."



Bhí go maith. Shiubhail an bheirt acú gualainn ar
ghualainn a bhaile ag sean-Ghobán agus, ar ndóigh, bhí
fearadh na fáilte aige rompú.



Thoisigh sean-Ghobán agus í fhéin i gcaoin-chomhrádh agus
d'aithnigh sé uirthí 'léir a cuid briathra nach rabh a
sárughadh le fágháil agus leis sin thug sé suas i n-i
siúmra í agus thiosbeán sé gróigín airgid doí a bhí
leagtha ar an mbord.



"Goicé do bharamhail dó sin?" ars' eisean léithi.



"Baramhail mhaith," ars' ise, "is maith é acht cuir
i n-a cheann, mar is fearr suidhe i n-a bhun ná suidhe i
n-a áit."



'Léis an freagradh seo, chraith Gobán a cheann agus ar
seisean: "Is maith é do fhreagradh."



Thug sé leis í amach go dtí a gháirdín agus thiosbeán
sé dhoí na ballaí agus a lán níthe eile a bhí cuirthe as
a lámha aige.



"Cé do bharamhail dóbhtha sin," ars' eisean, "ná
do bharamhail, a' measann tú, a dtiocfadh a bhfeabh-
sughadh."


L. 26


"'Léis a leagaint agus a bhfadachan ar ais," ars'
ise, " sháróchadh sé a ndéanamh ní b'fheárr agus budh
in é an tuagh as lámh an tsaoir agus is mairg a
thaobhuigheanns leis na mná."



'Léis Gobán na freagraidhthe fíor-intleachtach' fhágháil
ó'n óigbhean, bhí a fhios aige nach rabh a leithide le
fágháil 'léir críonnacht', agus ar an toirt rinne sé
an cleamhnas eidir Gobán Óg agus Áine agus gan
bhréag ar bith pósadh iad, agus cúrsaidhe Frannaigh
dhe, fágfamuid é mar tá sé acht go bhfuil sé ráidhte
gur cuireadh é ins an roilic a dtugthar uirthí roilic
Ráth-Frannaigh atá ar bhruach Choinéil Ráth-Frannaigh.



Leis an sgéal seo a ghiorrachan, 'léis a bpóstaí mhair
siad i gcuideachta i dteach sean-Ghobáin agus gan bhréag
deir siad go rabh ádh agus amhtar ar an lánamhain
agus nach rabh aon bhean tighe le fágháil budh toradh-
airighe agus budh críonna ná í. Bhí Gobán agus a mhac
ag fágháil neart le déanamh agus níos mó ná bhí siad
i n-an' freasdal dhó agus ins an am sin ní rabh fear
le fágháil budh stuamdha ná sean-Ghobán agus, dá mhéad
a stuaim, bhí Áine i n-an' a lán níthe a chur i n-umhail
dó nach rabh eolas aige orthú chor ar bith, agus seo
ceann acú:-



Bhí Gobán agus a mhac ag obair ag clogás na
Maighne agus thainic Áine acú le n-a mbéilidh bídh,
agus 'léis iad a mbiadh ithe thoisigh siad ag obair agus
d'fhair Áine iad agus thug sí faoi deara 'léir mar
bhí Gobán ag leagaint na gcloch ar an mballa go rabh
sé ag cur an chothromóra i n-aghaidh gach cloiche 'gá
cothromadh agus budh in obair fhailligheach.



"Ara, a Ghobáin,'' ars' ise leis, "is failligheach an
deis oibre atá agat."



"God chuige sin,'' ars' eisean, "ar féidir leat-sa
a leasughadh ?"



"Is féidir,'' ars' ise, " cothromuigh an dá chloich
choirnéil le do chothromóir agus fágh drugha agus sín
é ó choirnéal go coirnéal, agus ní bhéidh aon chall agat
do chothromóir a chur i n-aghaidh aon chloiche no go
leagaidh tú do shreath chloch ar fhad an bhalla, agus má


L. 27


ghníonn tú sin, mise faoi dhuit go gcuirfidh tú oiread
oibre as do lámha aon lá amháin agus chuirfeá seachtmhain
le do ghléas oibre féin."



Maith go leór. Rinne Gobán mar hubhradh leis agus
b'fhíor an sgéal; bhí sé i n-an' a chúig oiread oibre a
dhéanamh laetheamhail as sin amach is bhí sé roimhe agus
budh in é an chéad uair ar shín saor chloiche drugha le
balla ariamh. Cébí cáil a bhí ar Ghobán roimhe sin i
dtaobh a chuid oibre bhí a sheacht n-oiread sin air as
sin amach, mar bhí sé i n-an' oiread oibre a dhéanamh
lá agus dhéanfadh dháréag saor nach rabh eolas acú ar
an drugha a shíneadh, agus fuaidh a cháil chomh fada sin
agus gur shroich sé Sasana, agus ins an am sin bhí
bruilthín mór-chumhachtamhail 'na chomhnuidhe i Sasanaibh
agus b'áin leis caisleán a chur ar bun agus an caisleán
sin a bheith ar na caisleáin budh bhreághaichte dár leagadh
líoghán moirtéil air ariamh, agus, le dhul 'un cinn leis
an obair sin, bhí a fhios aige, dá gcuireadh sé saoir
chloiche na tíre i n-a chionn, nach mbeith siad i n-an'
caisleán a dhéanamh chomh maith le Gobán agus, le
faitchíos go dtiubhradh fear ar bith eile i Sasanaibh
Gobán anall le caisleán a chur ar bun dóbhtha, dubhairt
seisean go ndéanfadh sé a dhícheall Gobán a bheith aige
ar tús; is leis sin a dhéanamh ní dheárna sé aon mhoill
gan sgéala chur i gcoinne Ghobáin 's a mhic le toisiughadh
ar a gcuid oibre agus an caisleán a chur ar bun,
agus ar ndóigh, ní choinneóchadh tuarastal ar bith Gobán
uaidhe mar bhí sé cothuighthe roimh ré i n-a chroidhe dó-
bheart a bhualadh ar Ghobán nuair a bheith an caisleán
críochnuighthe aige, agus feicfidh sibh thrí an sgéal seo
gur shíl sé sin a dhéanamh ar Ghobán, acht budh in é Síle
chaoch aige.



Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. Nuair a
fuair Gobán an tairisgint ó'n mbruilthín, bhí bruith a
ladhar air fhéin 's ar a mhac ag gluasacht le ghoil go
Sasanaibh agus an oidhche roimh iad imtheacht bhí Áine
ag comhairleachan a fir ruth na hoidhche agus go
mór-mhór dubhairt sí leis é fhéin a chosaint ó dhroch-
chumhlódar agus gan muinighin ar bith a chur as éinne


L. 28


beó a chasfaidhe leis acht amháin, má bhí iongóir colna
i dteach an bhruilthín, é bheith lághach léithe agus catharnas
cáirdeamhail a bheith eatorrú agus gan innsint doí go
rabh sé pósta agus, dá n-éireoghadh sí cionamhail air,
go n-innseoghadh sí dhó gach ní a bheith ag dul 'un cinn
ins an teach agus, dá mbeith an bruilthín ag braith ar
díoghbháil a dhéanamh dóbhtha, nach mbeith sí gan fios a
bheith aicí air, mar ngeall uirthí a bheith i gcomhnuidhe i
gcumhlódar bean an tighe.



Bhí go maith 's ní rabh go dona. Ghluais Gobán 's
a mhac ar maidin go moch ag cur an bhóthair ó n-a
gcosa agus ag giorrachan an bhealaigh dhóbhtha fhéin go
Sasanaibh. 'Léis iad sgathadh beag a dhul 'un cinn, arsa
sean-Ghobán le Gobán Óg: "Giorruigh an bóthar," ars'
eisean leis, agus leis sin thug an Gobán Óg fádhbóg
de choiscéim.



"Siubhail amach, a athair, anois," ars' eisean.



"Bhfuil aon bhealach níos aithgiorraighe agat," arsa
sean-Ghobán leis, "leis an mbóthar a ghiorrachan ?"



"Níl," arsa Gobán Óg.



"Ách, muis, mur bhfuil," arsa sean-Ghobán, "ní
dhéanfaidh sinn na gnathaigh indiu, is fillfidh sinn a
bhaile."



Bhí go maith. D'fhill siad a bhaile agus níor dhubhairt
Áine leóbhtha: "Is dona rinne siad é." Ar maidin
lá'r n-a bhárach bhí an chaint chéadna eatorrú a bhí an lá
roimhe sin agus, nuair nach rabh Gobán Óg sáthach cliste
le caint chríonna a athar a thuisgint, d'fhill siad ar
ais ath-uair agus an oidhche sin, nuair a bhí siad ag
goil a codladh, d'fhiafhruigh Áine dá fear goicé'n
t-ádhbhar ar fhill siad le dhá lá agus d'innis Gobán Óg
doí mar tá innstí agam-sa dhaoibh-se, agus ars' ise leis:
"Nuair a iarrfadh sé ort an bothar a ghiorrachan, toisigh
ar phaiste seanchais, agus ní aireogha sibh ag cur an
bhothair dhíbh."



Maith go leór. Bhuail siad an bóthar ar maidin agus
bhain siad torann as, is arsa sean-Ghobán:



"Ara, a mhic mo chroidhe, giorruigh an bóthar."


L. 29


Thoisigh sé ar paiste deas seanchais agus thaithnigh sin
le sean-Ghobán agus ars' eisean leis:



"Gabhfamuid 'un cinn anois, mar tá cuma na
maitheasa ort ar deireadh."



Leis an sgéal a ghiorrachan, shroich siad Sasana agus
thoisigh siad ar a gcuid oibre, 's nuair a bhí thimcheall
's an trian budh mhó de'n chúirt ar bun acú, thug Gobán
Óg faoi deara go rabh cailín óg slachtmhar agus í i
bhfad ní budh bhreághaichte ná cailín ar bith eile a bhí ins
an teach, agus 'léis é fios fhágháil go mbudh iongóir
colna bhí ainntí thoisigh sé ag suraigheacht léithi agus i
nDomhnach, a ghrádh mo chroidhe, bhí cion mór aicí air,
mar bhí saor cloiche ins an am sin i n-a fhear an
mheasamhail i measg na ndaoine, agus as sin amach
choinnigh Gobán Óg a cumhlódar go min 's go minic,
agus caint ar bith a bhíodh ag imtheacht ar fud an tighe,
dheamhan a thúisge bhíodh sé ráidhte ná thigeadh sise agus
innsigheadh sí do Ghobán Óg é agus ar deireadh thiar,
nuair a bhí an fhorgaint mhór sin ag ionnsuighe críoch-
nuighthe acú, chualaidh an iongóir seanchas eidir an
máighistir 's an mháighistreás agus chrádh sé a croidhe
go mór, mar ní rabh fios ag éinne ins an teach go
rabh sí ag suraigheacht le Gobán Óg agus, dá mbet
's, badh gairid a saoghal. Bhí sé cothuighthe ag an
mbruilthín mór ar an móiméid a bheith an chúirt críoch
nuighthe acú Gobán 's a mhac a chur faoi ghlas, agus a
gcuir 'un báis am ar bith a badh mhian leis, mar nár
mhaith leis Gobán aon chaisleán eile a dhéanamh le
faitchíos go ndéanfadh sé ceann do dhuine ar bith eile
a bhéarfadh bárr breághaichte ar a cheann-san.



Acht cébí sin de, a ghrádh mo chroidhe, thainic sise ag
Gobán Óg agus thug sí focal na faire dhó agus ar
ndóigh, d'innis seisean an seanchas do shean-Ghobán,
agus ars' eisean:



"Muise, a mhic mo chroidhe is mo chléibhe thú, is dona
an luach saothair atámuid ag dul 'fhágháil de bhárr
ar n-oibre dócamhlaighe támuid 'léis a chur as ar
lámha. Acht, a ghrádh, ag Dia tá an chabhair agus anuas


L. 30


atá a aghaidh, agus b' fhéidir go mbeithinn-se chomh
corrach agus tá seisean cam."



Bhí go maith no gur críochnuigheadh caisleán an
bhruilthín agus thainic an bruilthín mór i láthair agus
thoisigh sé ag breathnughadh suas agus timcheall ar an
gcaisleán agus ars' eisean le Gobán:



"Is breágh an caisleán é seo."



"Is breágh," arsa Gobán.



"Meas tú anois," ars' eisean le Gobán, "'bhfuil
aon chaisleán le fágháil chomh breágh leis?"



"Mo mhúid dhuit," arsa Gobán, "nach bhfuil aon
chaisleán ins na ríoghachta baoghal ar chomh breágh leis
an gcaisleán seo, acht ceann amháin atá i n-Almhain
Laighnigh agus tá an chúirt sin ag breith báirr agus
thar bárr go mór ar an gcúirt seo."



"Agus, a Ghobáin," ars' eisean, "an dtiocfadh
leat bal a chur ar an gcúirt seo i riocht go dtiocfadh
liom a rádh gur agam atá an chúirt is breághaichte ins
na ríoghachta?"



"Thiocfadh liom," arsa Gobán, " dá mbeith an gléas
ornis atá ins an mbaile agam annseó, agus mur'
bhfuighidh mé é sin, ní thig liom bal a chur ar do chúirt
gan breall a bheith uirthí, agus ní thig le éinne é sin
fhágháil acht mise ná mo mhac."



"Cuirfidh mise mo mhac fhéin i n-a choinne," ars' an
bruilthín.



"Tá faitchíos orm," arsa Gobán, "go mbéidh an
turas i n-aisge aige."



Acht cébí sin de, ní ligfeadh sé Gobán ná a mhac
uaidhe, agus fuair sé a mhac fhéin agus a shearbh-
fhoghantaidhe coirp faoi réidh le n-a gcur go hÉire, agus
thug Gobán an teachtaireacht dóbhtha agus bhí siad leis
an gléas ornis iarraidh ar bhean Ghobáin Óig agus seó é
a ainm:



"Cam i n-aghaidh an chaim, cor i n-aghaidh an chuir agus
cor i n-aghaidh an ghangaide."



Tá sé ráidhte go ndeárna siad a mbealach go hÉire
agus bhuail siad isteach go teach Ghobáin agus d'iarr
siad an gléas, agus ar an múiméid a hubhradh na focla


L. 31


i gcluasa Áine thuig sí a mbrígh agus bhí a fhios aicí
go rabh an bheirt a bhí i Sasanaibh i gcruadh-chás agus go
rabh a réidhteach aicí-se, agus ní dheárna sí duth ná
dath acht a dtabhairt suas i n-a siúmra agus stóilín
na croise a leagaint ag bun cófhra mhóir a bhí ann
agus ars' ise:



"Tá an gléas sin i n-íochtar an chófhra agus seas
thusa suas ar stóilín na croise, mar is airde thú ná
mise, agus crom as cionn béil an chófhra agus béidh
tú i n-an' an t-ornis a thógáil ó íochtar an chófhra."



Rinne mac an bhruilthín mar hubhradh leis agus nuair
a fuair sí é crom thar bhéal an chófhra agus é a' rúsgadh
le n-a dhá láimh ag iarraidh an gléas fhágháil, rug sí ar
ghreim dhá iosgad air agus chaith sí i ndiaidh a mhullaigh
isteach ins an gcófhra é.



"Fan thusa annsin," ars' ise, "go dtigidh an bheirt
atá tháll análl," agus thug sí cead na gcos do'n
searbhfoghantaidhe coirp leis an sgéal a thabhairt ag
an mbruilthín 's nuair a shroich sé Sasanaí d'innis sé
do'n bhruilthín an bhail a bhí ar a mhac agus nach ligfidhe
as sin é nó go dtéidheaf Gogán agus a mhac a bhaile
le n-a shaoradh, agus b'éigean do'n bhruilthín Gobán
agus a mhac a sheoladh go hÉire gan buille sgine ná
claibhi', agus bíodh sé buidheach de ghliocaidheacht Áine,
ná ní fheicfeadh sé talamh na hÉireann aríst go deó.



Nuair a thainic an bheirt acú saor slán a bhaile thóig
sí an falach de'n chófhra agus leig sí an gangaide
amach agus budh in é an dó-bheart diabhalta a shíl an
bruilthín a bhualadh ar Ghobán, acht níor éirigh leis mar
shíl sé.



Ní rabh 'fhios ag Gobán a' bioth mhór goicé an taobh
a d'fhéad Áine an ghliocaidheacht seo thabhairt léithi,
mar nach rabh éinne ar thaobh Frannaigh ná ar thaobh a
mhná críonna 'léir meabhrach, ná stuamdha 'léir
intinne, agus ins an tráth seo bhí bean sean-Ghobáin
meath-thinn agus í ar bhruach na huaighe agus níor mhaith
léithe a dhul faoi'n bhfód gan an rún innsint do'n
Ghobán agus d'innis sí an comhrádh mar tá innstí
agam-sa agus, nuair a chualaidh Gobán an seanchas


L. 32


uaithe, ní rabh aon fhear le fágháil budh bhródamhla ná
é, mar d'fhéad sé 'rádh go rabh inghean ar a shliocht
i n-a bean budh mhánla agus budh críonna dá rabh ar
dhruim uachtair na talmhana le n-a linn.



Bhí siad ann agus d'imthigh siad agus do ndéanaidh
Dia trócaire ar anam mharbh purgadóra go hiomlán.


L. 33


Sgéala ar Naomh Pádraic 's
ae Chrom Dubh.



Roimh Naomh Pádhraic a thidheacht go hÉire mhair
uachtarán os cionn na bpágánach i n-Íochtar Thíre i
gConndae Mhuigheo agus b'ainm dó Crom Dubh. Bhí
Crom Dubh 'na chomhnuidhe a chois na fairrge i n-áit a
dtugann siad mar ainm air anois Dún Pádhraic agus
'sé an t-ainm atá ar lorg a thighe Dún Briste.
Cuirfidh an sgéal seo i n-umhail do'n léaghthóir an
t-ádhbhar ar tugadh Dún Briste air.



Bhí go maith 's ní rabh go dona, a dhearbhráthair mo
chroidhe thú ! Bhí Crom Dubh ar na fir budh mheasa bhí
le fágháil agus, mar bhí sé i n-'uachtarán ar mhuinntir
na tíre sin, bhí gach nídh aige ar a chomhairle fhéin, agus
budh 'in í an droch-chomhairle, mar bhí sé i n-a fhear
míorúnmharach gangaideach madramhail stainceamhail
agus rún díoghaltais aige i n-aghaidh gach duine nach
dtaithneóchadh leis. Bhí beirt mhac aige - Téideach agus
Clonnach, agus tá cuais mhór ag dul isteach faoi'n
mbóthar ó'n bhfairrge ag Gleann Lasaire agus 'sé an
t-ainm atá ar an gcuais seo Poll a' Téidigh, mar
fuair sé a ainm ó mhac Chruim Duibh agus tá ainm an
phuill seo i mbéal na mBéarlóirí agus ní fhuil fhios acú
a chiall. Níl fhios ag éinne goicé an fad atá an poll
seo ag gol faoi'n ngleann, acht tá sé i mbéal na
sean-Ghaedhilgeóirí go dtéidheadh Téideach gach uile lá
i n-a churachán snáimh isteach insa bpoll seo faoi'n
ngleann, gurb in é an t-ádhbhar ar tugadh Poll a'
Téidigh air.



Bhí go maith, a ghrádh. Le leanmhaint do'n sgéal,
bhí beirt mhac Chruim Duibh ní budh mheasa ná é fhéin,
agus d'fhág sin dona go leór iad. Bhí dhá choinn
mhadaidh ag Crom Dubh agus b'ainm dóbhtha Coinn Ío-
tair agus Saidhthe Suaraighe, agus má bhí aon mhaistín


L. 34


madaidh le fágháil, ba dhá mhaistín a bhí anntú seo. Bhí
siad ceangailte aige ag dhá ghiall a dhorais le haghaidh
a sgaoilte agus a saighideadh ins na daoiní 'léir mar
thiocfadh siad an bealach, agus, le dhul níos fuide, bhí
teinidh mhór aige faduighthe ar bhruach na haille le duine
ar bith a d'éalóchadh ó na madaidh a chathadh isteach ins
an teinidh, agus le sgéal fada a dhéanamh de'n sgéal
gearr, bhí cáil Chruim Duibh, a bheirt' mhac agus a dhá
mhaistín madaidh go fada 's go gearr do bhárr a gcuid
olcais, agus bhí na daoine chomh sgannruighthe sin roimh
a ainm, ní hé amháin é fhéin, agus go mbáidhfeadh siad
a n-éadan i n-a n-ucht nuair a chluinfeadh siad a ainm
aithriste i n-a gcluasa, agus bhí an oiread sin faitchís
ar na daoiní roimhe is dá gcluinfeadh siad tafann
madaidh go ngabhfadh siad i bhfalach ins na háruis a bhí
acú faoi thalamh le haghaidh na hócáide le iad fhéin
a chosaint ar Chrom Dubh agus a mhaistíní.



Tá sé ráidhte go rabh leannán sídhe ag siubhal le
Crom Dubh agus í ag tabhairt feasa dhó 'léir mar
theastuigheadh sé uaidh, agus, i leabaidh é bheith ag dul
'un maithis 'léir mar fuaidh sé i n-aois, 'sé a' chaoi a
rabh sé ag dul 'un donachta gach lá, agus "dheamhan
ar luaithide ar an ngaoith ná air," mar bhí sé chomh
lúthmhar le girrfhiadh Márta. Nuair a théidheadh sé
amach ar fud na tíre chuireadh sé a bheirt mhac agus a dhá
mhaistín roimhe agus iad ag fuagairt ar na daoiní
'léir mar bhíodh siad ag dul 'un cinn go rabh Crom
Dubh ag tidheacht ag bailiughadh a bhuan-chíosa agus é bheith
reidh acú. B'amhlaidh bhí Crom Dubh 'na ndiaidh agus
a chleasaidhe leis agus é ag tarraint cineál gléasa
mar chárr sleamhnáin 'na dhiaidh agus 'léir mar d'fhághadh
siad an buan-chíos chaithfidhe isteach insa gcárr é agus
b'éigean do 'ch uile dhuine íoc 'léir a n-acmhuinne.
Duine ar bith a dhiúltóchadh thugaoi é lá ar n-a bhárach
os comhair Chruim Duibh agus é 'na shuidhe chois na
teineadh agus thugadh Crom a bhreitheamhnas air agus
'léis a bhreithe chaithfidhe an duine sin isteach sa teinidh.
Is iomdha cor agus beart a cothuigheadh i n-aghaidh Chruim


L. 35


Duibh le n-a chur de'n tsaoghal acht sháruigh sé orthú,
mar bhí iomarcaidh easarluigheachta aige ó'n leannán.



Bhí Crom Dubh ar feadh mórán bliadhanta ag
leanmhaint dá dhroch-ghníomhartha, agus, 'léir mar tá an
seanchas seo beo innstí ó dhuine go duine, deir siad go
mbudh ifreannach a bhí i gCrom Dubh i gcraiceann feithide
dhá chois agus leis an ngráin a bhí ag muinntir na tíre air,
bhéarfadh siad gach a bhfaca siad ariamh acht Crom Dubh
agus a chomplacht a bheith smiogtha, acht ní rabh aon
chabhair dóbhtha ann, mar bhí an chumhachta aige-sean agus
ag a chomplacht, agus b' éigean dóbhtha fuilint faoi
ghéar-chrádh ar feadh bliadhanta, agus mórán bliadhanta,
agus gach bliadhain ag dul 'un donachta, agus gan
súil acú le maitheas, mar nach rabh eolas acú ar Dhia
ná ar Mhuire ná ar rud ar bith eile a bhain do neamh
(= neimh). Ar an ádhbhar sin de, níor fhéad siad a
muinighin a chur as duine ar bith thar Chrom Dubh, mar
shíl siad, dá dhonacht é, go mbudh é bhí ag tabhairt
soluis an lae, dorchadas na hoidhche agus athrughadh na
haimsire dóf.



Bhí go maith, a dhearbhráthair mo chroidhe. Le linn an
ama seo bhí Naomh Pádhraic ag dul ar fud na hÉireann
ag obair go dúthrachtach agus ag baisdeadh mórán
daoine. Bhuail sé roimhe no go dtainic sé go Faoi-
choill, agus an uair sin agus tamall fada 'na dhiaidh,
coillte uile-go-léir a bhí ins an áit sin 's ní'l géag
ná crann anois ann; acht lé leanamhaint do'n sgéal,
thoisigh Naomh Pádhraic ag míniughadh do na págánaigh
faoi soillse agus glóir na bhflaitheas; cuid acú a thug
cluas dó agus níor thug an chuid is mó áird ar bith
air agus nuair a thug sé an méid acú a d'éist leis
go dtí 'n áit a rabh an t-ainm air Tobar na Craoibhe
le n-a mbaisdeadh agus, nuair a bhí siad baisdthe aige,
thug na daoine mar ainm ar an tobar " Tobar
Phádhraic " agus tá sin air ó shoin. Nuair a fuair na
págánaigh seo séala Chríosta ar a malaidh agus eolas
acú ar an Tríonóid Naomhtha, thoisigh siad ag innsint
do Naomh Pádhraic faoi thréaruidheacht Chruim Duibh
agus a chuid olcais, agus d'agair siad Naomh Pádhraic, má


L. 36


bhí cumhachta ar bith aige o'n Athair Uile-chumhachtach,
Crom Dubh a smachtughadh i gcóir ná i n-éagcóir nó an
Creideamh Críostamhail a thabhairt dhó, dá mb'fhéidir
leis.



Bhí go maith, a dhearbhráthair. Bhuail Naomh Pádhraic
roimhe anonn thrí Thráigh Leacan, suas Béal Trághadh,
síos Craobhach, agus síos faoi 'n Logán, an t-ainm bhí
ar áit Chruim Duibh sul má dtainic Naomh Pádhraic.
Nuair a shroich Naomh Pádhraic an Logán tá anois faoi
Bhaile Chaisil, bhí sé i bhfoisgeacht ceathramha míle do theach
Chruim Duibh, agus ins an am chéadna bhí Crom Dubh
agus Téideach, a mhac, ag féachaint cor caraidheachta
lé chéile agus Saidhthe Suaraighe sínte ó chluais go
ruball ar an talamh. Le mhéad na fásgaighthe bhí siad
a thabhairt dá chéile níor thug siad faoi deara Naomh
Pádhraic ag déanamh orthú no gur chuir Saidhthe
Suaraighe glam tafainn aistí, agus leis sin dhearc an
dís tharstú agus chonnaic siad Naomh Pádhraic agus a
chomplacht cosanta leis ag déanamh orthú, agus ar
leagan do shúl chuaidh an bheirt acú 'un cinn agus iad
ag greadadh a gcuid bos, ag saighdeadh Saidhthe
Suaraighe anntú agus dá brosdódh.



Leis sin chuir Téideach a mhéar chorr i n-a bhéal agus
leig sé fead glaice ag glaodhach ar Choinn Íotair, mar
bhí sí ins an am chéadna ag seilg lé Clonnach ar bhárr
Ghleann Lasaire agus tá Gleann Lasaire i n-aice le
dhá mhíle ó Dhún Phádhraic, agus ní rabh sí 'fhad agus
bheitheá ag rádh " Dé raisias " ag tidheacht ó Ghleann
Lasaire nuair a chuala sí fuaim na feide. Shaighid
siad an dá bhlacht madaidh i Naomh Pádhraic agus ins
an am chéadna ní rabh fhios acú goicé an cineál fir
a bhí i Naomh Pádhraic ná goicé as ar thárla sé.



D'ionnsuigh an dá bhlacht é agus caoirthe teineadh
as a mbéal agus solus gorm nimhe ag lasadh i n-a
súla le mhéad a n-íorpais agus a n-urchóide, agus go
díreach nuair a bhí siad ag dul ag amsgughadh Naomh
Pádhraic, ghearr sé fáinne thart i n-a thimcheall


L. 37


mbachall a bhí aige i n-a láimh' agus, sul mar shroich na
madaidh bruach an fháinne, dubhairt Naomh Pádhraic mar
leananns (= leanas):-



Glas ar d'iongain, glas ar d'fhiacail;
Glas ar Choinn Íotair an chonaidh;
Glas ar mhac agus ar inghin na Saidhthe Suaraighe;
Glas go luath luath oraibh.



Sul mar thoisigh Naomh Pádhraic ar na focla seo bhí
coipe cubhair le n-a mbéal agus a gcuid fionnaidh 'na
sheasamh chomh láidir le biorannaí cléithe le mhéad a
gcuilg. 'Léis seo, nuair a bhí siad ag dlúthughadh le
Naomh Pádhraic, thoisigh siad ag maoladh a gcuid cluasa
agus ag crathadh a ruball agus nuair a chonnaic Crom
Dubh sin fhobair nár thuit sé i laige, mar bhí fhios aige ó
mhaol siad a gcluasa nach ndéanfadh siad aon díoghbháil
do'n té bhí siad 'ionnsuighe. Ar an móiméid ar shroich
siad Naomh Pádhraic thoisigh siad ag léimeadh suas air
ag déanamh catharnais leis agus ligh siad troigh a dhá
chois ó bhárr a ladhair mhóir go dtí bun a rúitín, agus
tá an grádh sin imeasg na madadh ó'n lá sin go dtí 'n
lá indiu. Thoisigh Naomh Pádhraic 'ghá slíocadh le n-a
láimh agus fuaidh sé 'un cinn ag déanamh ar Chrom
Dubh agus na madaidh ag siubhal le n-a sháil. Rith
Crom Dubh roimhe no go dtainic sé go dtí 'n teinidh,
agus sheas sé le hais na teineadh théinte go gcaithfeadh
sé Naomh Pádhraic isteach sa teinidh nuair a thiocfadh
sé chomh fada léithe, acht, mar bhí fios bríghe na teineadh
ag Naomh Pádhraic roimh ré, thóig sé cloch i n-a láimh
agus ghearr sé Chur an Chéasta ar an gcloich agus
loisg sé an chloch agus chaith sé i lár na teineadh í, agus
ar an móiméid fuaidh an teinidh síos go fíor-íochtar na
talmhana insa' riocht go bhfuil an poll annsin le
feiceáil ó'n lá sin go dtí 'n lá tá indiu ann agus
tugthar mar ainm air " Poll na Sean-tuine," agus
nuair a líonanns an lán mara téidheann sé isteach i
n-íochtar an phuill agus thairneochadh sé " ba bodhra as
coillte," an torann a thigeanns as an bpoll nuair a
bhíonns an lán mara 'tidheacht isteach.


L. 38


Bhí go maith, a chumhlódair na cruinne! Nuair a
chonnaic Crom Dubh gur éaluigh an teinidh as amharc agus
gur theip na madaidh air gan aon chongnamh a thabhairt
dhó (an rud nach ndeárna siad ariamh a roimhe), bhain
sé féin agus an Téideach amach mar shinneán gaoith'
Márta no gur shroich siad an teach agus Naomh Pádhraic
'na ndiaidh, mar nach rabh i bhfad le ghoil acú, mar bhí
an teinidh cómhgarach do'n teach agus, nuair a thainic
Naomh Pádhraic i ngar do'n tigh, thoisigh sé ag caint ós
árd le Crom Dubh agus rinne sé a dhícheall a athrughadh
ar dheágh-stáid na ngrást, acht sháruigh sé air séala
Chríosta chur ar a mhalaidh, mar nach dtiubhradh sé aon
chluas do bhriathra Naomh Pádhraic, agus ní rabh aon
chor diabhlaidheachta, draoidheachta, easarluigheachta ná
ealadhan duibhe i n-a chroidhe nár oibrigh sé thar a riocht
ag iarraidh an bhuaidh fhágháil ar Naomh Pádhraic, acht ní
rabh aon fhéidhm dó ann, mar bhí briathra Dé nídh budh
cumhachtamhla ná diabhlaidheacht an leannáin.



Le mhéad na báinidhe bhí ar Chrom Dubh agus Téideach
a mhac thoisigh siad ag sglamhadh le greamanna fiacal
agus le chomh domáisteach agus bhí a mbáinidhe thug
Naomh Pádhraic buille d'á bhachall do'n alt faoi bhun
binne an tighe, agus sgar sé an méid sin de'n alt ó
alt na talmhana agus tá sé le feiceáil annsin indiu
chomh maith leis an gcéad lá, agus sin é an t-alt a
dtugthar Dún Briste air.



Le leanmhaint do'n sgéal, tá an méid sin de'n
alt suim slat ó alt na talmhana ins an bhfairrge,
agus b' éigean do Chrom Dubh agus dá mhac fanamhaint
annsin no gur ith na míoltógaí agus na fionnógaí an
fheóil dá gcnámha, agus sin é an bás a fuair Crom
Dubh 's budh in é an darna fear 'ar ith na míoltógaí,
agus deir ár sean-seanchaidhthe go mbudh é Iúdás an
chéad fhear a d' ith na míoltógaí 'léis é fhéin a chrochadh
agus sin é an t-ádhbhar go bhfuil sglamh na míoltógaí
chomh géar is tá sé.



Le dhul níos fuide leis an sgéal, nuair chonnaic
Clonnach an rath a bhí ar a athair, sgannruigh sé agus
bhí faitchíos air roimh Naomh Pádhraic agus thoisigh sé


L. 39


ag losgadh sléibhe no gur chuir sé an taobh sin de'n
tír thrí theinidh. Le chomh domáisteach agus las na
sléibhte ar 'ach aon taobh dhe, níor fhéad sé 'fhágháil as
agus deir siad gur dóigheadh é i measg a' chnaip. Le
chomh fada agus mhair an teinidh ar fud na ngleannta
tugadh mar ainm ar an áit Gleann Lasaire agus tá an
t-ainm sin air go fóill.



D'fhill Naomh Pádhraic ar ais go Faoi-choill agus thart
thrí Bhaile na Páirce, síos go Binn Bhuidhe agus ar
ais go Clochar. Chruinnigh na daoine i n-a sluaighte
as gach uile cheárd ag umhlughadh go honórach do Naomh
Pádhraic, agus bród an tsaoghail orthú nuair a bhí
deireadh le Crom Dubh. Bhí tobar go cómhgarach i
ngar dóf, agus thug sé an sluagh mór thart thimcheall
an tobair, agus níor fhág sé mac máthara ná inghean
fir gan tonn bhaisdidh a chur ar a n-éadan agus séala
Chríosta ar a malaidh. Nigh siad agus stiúr siad
ballaí an tobair agus thart i n-a thimcheall, agus fuair
siad ladhrógaí agus craobhógaí crainn agus cheangail
siad ruibíní bána agus gorma orthú agus chuir siad
thart thimcheall an tobair iad, agus d'ísligh gach uile
dhuine acú ar a nglúna ag altughadh a bpaidreacha do
Dhia agus mar chomóradh do Naomh Pádhraic mar ngeall
ar Chrom Dubh a chuir ó rath.



'Léis a bpaidreachaí a altughadh, d'ól gach uile dhuine
acú trí bhlogam uisge as an tobar agus níl aon
bhliadhain as sin amach nach dtugadh na daoine turas
go dti 'n tobar sin cothrom an lae sin, agus sin é
an lá an Domhnach deiridh de'n seachtmhadh mí agus 'sé an
t-ainm atá ar an mí sin ag na Gaedhilgeoirí san áit sin
" mí na Lughnas" agus 'sé an t-ainm atá ar an Domhnach
" Domhnach Chruim Duibh,'' agus 'sé an t-ainm atá ag na
Béarlóirí ar an Domhnach sin " Garland Sunday,'' agus
níl aon bhliadhain as sin go dtí seo nach mbíonn
cruinniughadh i gCill Chuimín, mar sin é an áit a bhfuil
an tobar. Tigeann siad go fada 's go gearr ag
tabhairt turais ag an tobar, agus a lán daoine eile
théidheanns ann ag déanamh siamsa agus ag ól 's ag
cathadh, agus creidim go dtéidheann an chuid is mó


L. 40


de'n dream rachmallach sin ann ag magadh faoi na
Gaedhilgeóirí Críostamhla atá ag altughadh a bpaid-
reachaí do Naomh-phátrún Pádhraic, árd-cheann a
gcreidimh. Tobar Chuimín is ainm do'n tobar seo,
mar hathruigheadh a ainm le linn Naoimh Cuimín, mar
ngeall ar an méid míorbhuilteacht' a d'oibrigh sé annsin
agus tá sé curtha i bhfoisgeacht péirse de'n tobar i
gCill Chuimín.



Bíonn cruinniughadh an Domhnach céadna ag Dún
Phádhraic ag an tobar a dtugthar Tobar Bhrighde air
le hais Chill Bhrighde i ngar do Dhún Briste, agus, a
ghrádh mo croidhe, ó thoisigh an phlubarnuighil Béarla le
seal gearr ins an áit sin, tá sean-ghnás Críostamhail
na gCríosdaidhthe beagnach imthighthe duth 's dath.



Tá sé agaibh mar fuair mise é agus, mur dtaithnidh
sé libh, cuirigidh bhar gceasacht i n-a cheann.




L. 81


Tagra.



Lúb na Caillighe.



Seansgéal do leagadh ar fhoghmharaidhe tháinig ar ais go Connacht-
aibh o'n Lúib i gContae Dhoire agus sgéala aige ar an droch-aoide
fuair sé san áit sin. An seanfhocal úd "Buailteán Coll, agus rl.,"
is dá mhíniughadh innistear i dTír Amhalgadha é.



Sgéala ar Pholl Tighe Ó Leó Leóbáin.



Bíonn seanchas ar "Pholl Tighe Liabáin" i n-áitibh eile i
nÉirinn. Do chuala sgéal ar Pholl Tighe Liabáin i ngar do
Mhálainn Bhig i dTír Chonaill, acht ní raibh ann acht rud an-
choitchionnta, .i. Hudden and Dudden and Donal O'Leary, Big
Claus and Little Claus, agus rl.



D'innis Tomás Ó hEidhin dhá sgéilín ar Pholl Tighe Liabáin i
nIrisleabhar na Gaedhilge, XII., ll- 72, 73, agus is cosamhail
iad le n-ár sgéal-ne sa méid seo .i. Teach Liabáin do shlugadh
síos isan bpoll.



Gobán Saor agus a Mhac.



Féachtar i Legendary Fictions of the Irish Celts ag Pádraig
Ó Cinnéide, Lunndain, 1801, ll. 61-66; Cruach Chonaill, ll. 65-
68; Measgán Músgraighe, ll. 83-87; Greann na Gaedhilge, V.,
ll. 8-12; Sgéalaidhe Fíor na Seachtmhaine, ll. 12-22. Tá an
sgéal so anois againn ó "chúig cúigíbh na hÉireann," .i. faoi dhó
ó Chonnachtaibh, agus aon uair amháin ó Chúige Laighean, ó Chúige
Mumhan, ó Thír Chonaill, agus ó Oirghiallaibh (.i. leath-dhuine, mar
adéarfaidhe, do "Chúige na Midhe"). Níor mhisde do dhuine
éigin na hinnsintí seo go léir do chur i gcoimhmeas le n-a chéile
go cruinn.



Sgéala ar Naomh Pádhraic 's ar Chrom Dubh.



Ní'l ins an ruidín seo acht truailleadh do ghabh sgéal Chruim
Chruach (i mBeathaidh Phádraig Naomhtha) de chur tré chéile éigin,
.i. idir an bun-sgéal agus bréig-sheanchas ar áit-ainmneachaibh i
dtuaisceart Thíre hAmhalgadha.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services