Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Title
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGEUL AN FHIR DO CHUAIDH AMACH LE FÓGHLUIM CRIOTHNUIGHTHE LE FAIT- CHÍOS. Air leanamhain. Mar a dubhras roimhe so, thug an righ ordughadh na trí neithe d'iarr an fear óg d'fhágbháil ins an g-caisleán, siad sin, ádhmuid agus teine, clár tornadóra mar aon le n-a sgian féin, agus go deireanach taobhán siuinéire. Do righneadh sin a réir an orduigh- the. Ann sin cho luath a's do tháinic an oidhche, do ghluais an t-óglách chum an chaisléin. An cheud rod, do righne se teine dhó féin, agus teine mhór, agus do chuir se taobhán siuinéire i bh-fogus léithe, agus dó shuigh se air chlár an tornadóra. “Ach!” dubhairt se leis féin, “Och, dá bh-feudfainn creathughadh le faitchíos, acht ní cosamhuil dam go n- déanfaidh me sin ins an áit so i n-oiread leis an áit 'na raibh me cheana.” Bhí sin go maith, go taca an mheádhoin-oidhche do bhí se ag brath air an teine ag a corruighe suas agus ag tabhairt soluis dó féin. Go díreach mar bhí se ag séideadh na teineadh do chualaidh se sgread as an g-cuaine agus gothanna cráidhthe le n-ais, “Ach, meamh! meamh! nach fuar atamuid!” D'fheuch se thímchioll air agus dubhairt se leó — “A amadána, cé badh rod ibh, má táthaoi fuar ná bídhídh ag sgreadach, acht tagaídh gus an teine agus teithídh ibh féin.” Ní túisge do bhí sin ráidhte ioná léim dhá chat mór, fiadhain, dubh, gus an teallach, do shuigheadar síos ceann air gach taobh dé, agus go m-ba solus i n-dorchadas feuchaint i n-a súilibh leis an loinir teineadh a bhí ionnta. Tamall geárr 'na dhiaidh sin, nuair do bhidheadar goraidhthe, dubhairt ceann aca, “A chomharsa, creud do mheas dá n-imeóramaois cluiche cártaidhe?” “Go cinnte,” ar seisean, “acht i d-tosach taisbeánaídh a leith bhur g-crúba dham.” Ann sin do shín siad amach a g-cuid iongnadh. Nuair d'fheuch se ortha, “fóil,” ar seisean, “nach fada na h-iongna iad so orraibh? Fan, ní fuláir dham iad a ghearradh dhíbh.” Agus, air m-breith ortha air ghréim scornaigh dhó, do leag se air an taobhán iad agus do ghearr- uigh se a g-crúba dhíobh. “D'fheuch me air bhur meuraibh,” ar se, “agus air an adhbhar sin, ní bh-fuil aon spéis agam cártaidhe imirt libh.” Ann sin do thug se buille marbhtha dhóibh agus do chaith se amach i g-clais an chaisleáin iad. Nuair a bhí siad-san so- cruighthe d'fhill se air ais chum na teineadh arís. Acht ní túisge do bhí se 'na shuighe air aghaidh na teineadh, agus do shaoil se nach raibh níos mó buaidhridh le teacht treasnaidh air, ioná chualaidh se gleo uathbhásach, agus do chonnairc se ag cruinniughadh air ó gach cuaine agus o gach áit a bh-feudfadh se feuchaint air, cait mhóra, fiadháine, dubha, agus madraidhe air cheana, agus súile tinntighe ionnta, agus iad ag tarruing slabhradh teineadh, gach ceann aca, na n-diaidh. Do thosuigh siad a líonadh asteach timchioll air, ó gach cuaine, ó gach do- ras, ó gach roinn de'n chaisleán ionnos faoi dheire nach raibh áit iompuighthe aige in a measg, agus ba bhocht an comhluadar iad ag fear leis féin. Bhí se brúighte suas in aghaidh na teineadh. Do sgread siad go cráidhte ag seasadh agus ag sgapadh a theineadh agus ag feuchaint le í do mhúchadh. D'fheuch se ortha ní le grádh acht fós ní le h-eagla. Leig se dhóibh no go n-deachadar ro-fhada le béicibh, a's crosdacht, agus troid. Ann sin b'éigin dó iompógh ortha. Do thóg se suas a sgian agus do sgread se le bárr a ghlóir agus dubhairt se, — “bídhídh ag imtheacht as so, a dhream shalach. Sguabaídh libh agus téidhidh air ais creud ba cé as a d-tángabhar, agus sin go tapaidhe.” Air sin ag rádh dhó, d'iompuigh se ortha le n-a sgian le rún marbhtha, do ghearr se as an eudan iad mar tháinic se aca. Do mharbh se iomad aca, do léim cuid aca amach, agus an chuid a bhí marbh, do chaith se thrid an bh-fuineoig iad i g-clais an chais- leáin. Óir bhí gearradh mór d'abhain tim- chioll an chaisleáin agus gach uile chaisleán
eile na laetheanta sin. Ann sin bhí an seomra faoi fhéin an dara h-uair. An teine do scap siad air agus do chaith siad air fud an urláir, do chruinnigh se i g-ceann a chéile í agus do dhearg se air ais arís í. Is geárr a bhí se gur las si suas go taithnea- mhach. Mar sin bhí se n-a shuíghe air a h-aghaidh agus a chloigionn ag dul an troime agus a shúile ag dúnadh, agus ní raibh se n-a chumas a shúile do chongbháil fos- gailte le codladh. Air fheuchaint d'á d-tug se thimchioll air do chonnaic se fá chéadóir leaba mhór árd i g-cuaine an t- seomra. “Is maith mar thárla” — ar seisean, “sin í a fheilios dam-sa faoi láthair.” D'eirigh se ó'n d-teine agus do chuaidh se ag luighe air an leaba. Ní túisge do bhí sin dé- anta agus do shaoil seisean é bheith 'na luighe go sámh, ioná thosuigh an leaba ag coisigheacht cho maith a's dá m-beidheadh trí seisreacha capull 'ga tarruinnt, agus d'imthigh si air an siubhlóid sin síos agus suas, soir agus siar, tríd an g-caisleán. “Is maith sin, tiomáin leat níos sciopuidhe,” — dubhairt se. D'imthigh an leaba mhór air a h-aghaidh suas sdaighridh, síos soiléir agus tríd gach uile roinn de 'n chaisleán. Ann sin in éin- fheacht d'iompuigh si an taobh shíos shuas dí, go díreach mar bheidheadh cnoc sléibhe ann ós a chionn. D'oibrigh se a bhealach amach go cliste le na h-adhairt agus an t-eudach leaba a chur amach as a bhealach ionnos go d-tug se anál dhó féin le teacht amach. Nuair fuair se é fein amuigh sgaoilte ó'n ngábhadh a raibh sé ann, dubhairt se, “anois, duine air bith bh-fuil dúil air triall an bhealaigh, sin gleus maith marcuigheachta.” Do righne se a bhealach ann sin cho maith agus ní cho deacair a's b'fhéidir leis as sin go d-tí an seomra a d'fhág se. Nuair do tháinic se air ais do luigh se síos air aghaidh na teineadh agus do chodail se go trom arís no gur eirigh an lá. Air maidin tháinic an righ chum an chais- léin ionnos go bh-faghadh se tuairisg cia mar do chaith an t-óglách an oidhche no an raibh se beo. Air fheuchaint do'n righ asteach tré'n bh-fuinneóig do chonnairc se uaidh é sínte air an urlár. Do shaoil an righ ann sin go raibh se marbh agus gur mharbh na taidhbhsí no na spiorada a bhidheadh ins an g-caisleán é. D'iompuigh an righ thart go brónach. “Nach truaigh an sgeul é” — air se — “buachaill cho breágh agus cho neartmhar leis so imtheacht cho dona.” Ní túisge a bhí sin ráidhte 'ná d'eirigh sé in a chosaibh agus d'fhreagair se go meisneamhuil a's go fearamhuil — “ní bh- fuil me imthighthe cho fada sin fós in aimhdheoin gur chaitheas-sa oidhche chruaidh.” Anois d'iom- puigh an righ thart lán d' iongna agus de lúthgháire air fheicsint na sheasadh é agus é a bheith beo do bhárr na h-oidhche. Ann sin do cheistnigh se é cia mar do chuir se thart an t-am ó shoin. D'fhreagair se an righ agus dubhairt se do ghlór árd — “go h-an-mhaith; tá an cheud oidhche caithte, agus an dá oidhche eile a tá le teacht caithfidh me mar an g-ceud- na iad. Dar liom, ní bheidhid-san cho neamh- uras sin dam leis an airneán so.” Nuair d'áirsígh an lá amach d'fhill se air an bh-fear a thug tuairisg dó agus a chuir air an m- bealach ceart é le faitchíos agus creathughadh a chur air, 'se sin, sealbhadóir an tighe-ósda. Nuair chonnairc an fear sin é d'fhosgail se a shúile go mór, fairsing. Do bhí se tamall sul fá d'fheud se a labhairt, bhí ion- gnadh cho mór sin aige an fear óg a fheiceáil beo an-diu. Fá dheoigh. — “'nois,” air se, “ar fhóghluimis creathughadh le faitchíos?” D'fhreagair seisean go teann — “ní fhuil aon mhaith ann, acht bheidheadh bróid mhór orm dá bh-feudfadh na daoine a rádh liom gur fhóghluimeas.” Bhí an dara oidhche tarruinnt air; bhí an ghrian ag dul siar; d'fhill se air ais air an g-caisleán arís. Do shuigh se síos air aghaidh na teineadh agus do thosuigh se an sean- chronán dó féin, ag rádh, “dá bh-feudfainn chriothnughadh le faitchios.” Do chaith se tús na h-oidhche gan mó-síom air bith a chur air. Acht i d-taca an mheádhoin-oidhche do thosuigh toran mór gliadh agus creathughadh air fud an tighe.
An cheud am ní raibh se ró-mhór, acht a réir mar a bhí se ag druidim ins an oidhche bhí an gleo agus an fhuaim ag meudughadh. Iar sin do mhaolaidh se beagán, acht faoi dheire do chualaidh se sgreadach árd agus leis sin do tháinic anuas tríd an simléir leath-fir agus do thuit se air leath-taoibh an teallaigh. “An g-clui- seann tu,” ar an t-ógánach — “cá bh-fuil an leath eile dhíot.” Go goirid 'na dhiaidh sin do bhí sgreadach, gleo, agus toran níos mó ioná an cheud uair agus leis sin do tháinic anuas an bealach ceudna an leath eile do'n fhear agus do thuit se mar cheana. “Fóil,” ar seisean, “go g-corruighidh me suas an teine.” Nuair bhí sin déanta d'fheuch se uaidh agus an cheud rod thug se faoi deara an dá chuid do'n fhear greamuighthe i n-a chéile, agus do bhí ann sin 'na shuighe i n-a áit air an d-taobhán fear mór, fiadhain, láidir. Do ghlac an fear óg stuaic agus d'eirigh se 'na sheasadh agus dubhairt se leis an bh-fear coimhthigheach, “eirigh suas as sin go tapuidhe, ní dhuit-se an ceapugh é sin; liom-sa an taobhán.” Níor thug an coigcrigheach aon áird air; is mó ba mhian leis a chathughadh air fad dé ioná é féin fhágbháil. Nuair a chonnairc an fear óg sin do thug se guala dhó agus chaith se as é in-éinfheacht. Cho luath a's a bhí sin déanta do thuit dhá leith eile fir anuas mar cheana agus do ghreamuigh- eadar i n-a chéile. 'Na dhiaidh sin agus fá chéadóir do thuit iomad roinnteanna mar thuit roimhe sin agus do ghreamuigh siad air fad gach aon d'á chuid i n-a chéile. Ann sin do thosuigh siad a leig ag imirt trídh n-a chéile liaróid le dhá bhlaosc agus cnáimh daoine marbh. Clann Conchobhair. (Le bheith air leanamhain.) Rath ar ár saothar … fad-shaoghal d' ár d- teanga. Neart do gach fear, a's go mairidh na mná go deo. Buaidh agus tréine leat Éire go bráth.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services