Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)

Title
Sgeul an fhir do chuaidh amach le fóghluim criothnuighthe le faitchíos. (ar leanamhain.)
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1883
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SGEUL AN FHIR DO CHUAIDH AMACH LE
FÓGHLUIM CRIOTHNUIGHTHE LE FAIT-
CHÍOS.

Air leanamhain.



Mar a dubhras roimhe so, thug an righ
ordughadh na trí neithe d'iarr an fear óg
d'fhágbháil ins an g-caisleán, siad sin, ádhmuid
agus teine, clár tornadóra mar aon le
n-a sgian féin, agus go deireanach taobhán
siuinéire. Do righneadh sin a réir an orduigh-
the.

Ann sin cho luath a's do tháinic an
oidhche, do ghluais an t-óglách chum an chaisléin.
An cheud rod, do righne se teine dhó féin,
agus teine mhór, agus do chuir se taobhán
siuinéire i bh-fogus léithe, agus dó shuigh se
air chlár an tornadóra. “Ach!” dubhairt se
leis féin, “Och, dá bh-feudfainn creathughadh
le faitchíos, acht ní cosamhuil dam go n-
déanfaidh me sin ins an áit so i n-oiread
leis an áit 'na raibh me cheana.” Bhí sin go
maith, go taca an mheádhoin-oidhche do bhí se ag
brath air an teine ag a corruighe suas agus
ag tabhairt soluis dó féin. Go díreach mar
bhí se ag séideadh na teineadh do chualaidh se
sgread as an g-cuaine agus gothanna
cráidhthe le n-ais, “Ach, meamh! meamh! nach
fuar atamuid!” D'fheuch se thímchioll air
agus dubhairt se leó — “A amadána, cé badh
rod ibh, má táthaoi fuar ná bídhídh ag sgreadach,
acht tagaídh gus an teine agus teithídh ibh
féin.” Ní túisge do bhí sin ráidhte ioná léim
dhá chat mór, fiadhain, dubh, gus an teallach,
do shuigheadar síos ceann air gach taobh dé,
agus go m-ba solus i n-dorchadas feuchaint
i n-a súilibh leis an loinir teineadh a bhí
ionnta. Tamall geárr 'na dhiaidh sin,
nuair do bhidheadar goraidhthe, dubhairt
ceann aca, “A chomharsa, creud do mheas
dá n-imeóramaois cluiche cártaidhe?” “Go
cinnte,” ar seisean, “acht i d-tosach
taisbeánaídh a leith bhur g-crúba dham.” Ann
sin do shín siad amach a g-cuid iongnadh.
Nuair d'fheuch se ortha, “fóil,” ar seisean,
“nach fada na h-iongna iad so orraibh? Fan,
ní fuláir dham iad a ghearradh dhíbh.” Agus,
air m-breith ortha air ghréim scornaigh dhó, do
leag se air an taobhán iad agus do ghearr-
uigh se a g-crúba dhíobh. “D'fheuch me air
bhur meuraibh,” ar se, “agus air an adhbhar
sin, ní bh-fuil aon spéis agam cártaidhe imirt
libh.” Ann sin do thug se buille marbhtha
dhóibh agus do chaith se amach i g-clais an
chaisleáin iad. Nuair a bhí siad-san so-
cruighthe d'fhill se air ais chum na teineadh arís.
Acht ní túisge do bhí se 'na shuighe air aghaidh
na teineadh, agus do shaoil se nach raibh níos
mó buaidhridh le teacht treasnaidh air, ioná
chualaidh se gleo uathbhásach, agus do chonnairc
se ag cruinniughadh air ó gach cuaine agus o
gach áit a bh-feudfadh se feuchaint air, cait
mhóra, fiadháine, dubha, agus madraidhe air
cheana, agus súile tinntighe ionnta, agus iad
ag tarruing slabhradh teineadh, gach ceann
aca, na n-diaidh. Do thosuigh siad a líonadh
asteach timchioll air, ó gach cuaine, ó gach do-
ras, ó gach roinn de'n chaisleán ionnos faoi
dheire nach raibh áit iompuighthe aige in a measg,
agus ba bhocht an comhluadar iad ag fear leis
féin. Bhí se brúighte suas in aghaidh na
teineadh. Do sgread siad go cráidhte ag
seasadh agus ag sgapadh a theineadh agus ag
feuchaint le í do mhúchadh. D'fheuch se ortha
ní le grádh acht fós ní le h-eagla. Leig se
dhóibh no go n-deachadar ro-fhada le béicibh,
a's crosdacht, agus troid. Ann sin b'éigin dó
iompógh ortha. Do thóg se suas a sgian
agus do sgread se le bárr a ghlóir agus
dubhairt se, — “bídhídh ag imtheacht as so, a
dhream shalach. Sguabaídh libh agus téidhidh air
ais creud ba cé as a d-tángabhar, agus sin
go tapaidhe.” Air sin ag rádh dhó, d'iompuigh
se ortha le n-a sgian le rún marbhtha, do
ghearr se as an eudan iad mar tháinic se
aca. Do mharbh se iomad aca, do léim cuid
aca amach, agus an chuid a bhí marbh, do chaith
se thrid an bh-fuineoig iad i g-clais an chais-
leáin. Óir bhí gearradh mór d'abhain tim-
chioll an chaisleáin agus gach uile chaisleán


L. 283


eile na laetheanta sin. Ann sin bhí an
seomra faoi fhéin an dara h-uair.

An teine do scap siad air agus do chaith siad
air fud an urláir, do chruinnigh se i g-ceann
a chéile í agus do dhearg se air ais arís í.
Is geárr a bhí se gur las si suas go taithnea-
mhach. Mar sin bhí se n-a shuíghe air a
h-aghaidh agus a chloigionn ag dul an
troime agus a shúile ag dúnadh, agus ní
raibh se n-a chumas a shúile do chongbháil fos-
gailte le codladh. Air fheuchaint d'á
d-tug se thimchioll air do chonnaic se fá
chéadóir leaba mhór árd i g-cuaine an t-
seomra. “Is maith mar thárla” — ar
seisean, “sin í a fheilios dam-sa faoi láthair.”
D'eirigh se ó'n d-teine agus do chuaidh se ag
luighe air an leaba. Ní túisge do bhí sin dé-
anta agus do shaoil seisean é bheith 'na luighe
go sámh, ioná thosuigh an leaba ag coisigheacht
cho maith a's dá m-beidheadh trí seisreacha
capull 'ga tarruinnt, agus d'imthigh si air
an siubhlóid sin síos agus suas, soir agus
siar, tríd an g-caisleán. “Is maith sin,
tiomáin leat níos sciopuidhe,” — dubhairt se.
D'imthigh an leaba mhór air a h-aghaidh suas
sdaighridh, síos soiléir agus tríd gach uile
roinn de 'n chaisleán. Ann sin in éin-
fheacht d'iompuigh si an taobh shíos shuas dí,
go díreach mar bheidheadh cnoc sléibhe ann ós
a chionn. D'oibrigh se a bhealach amach go
cliste le na h-adhairt agus an t-eudach
leaba a chur amach as a bhealach ionnos go
d-tug se anál dhó féin le teacht amach.
Nuair fuair se é fein amuigh sgaoilte
ó'n ngábhadh a raibh sé ann, dubhairt se,
“anois, duine air bith bh-fuil dúil air triall
an bhealaigh, sin gleus maith marcuigheachta.”
Do righne se a bhealach ann sin cho maith
agus ní cho deacair a's b'fhéidir leis as sin
go d-tí an seomra a d'fhág se. Nuair do
tháinic se air ais do luigh se síos air aghaidh
na teineadh agus do chodail se go trom arís
no gur eirigh an lá.

Air maidin tháinic an righ chum an chais-
léin ionnos go bh-faghadh se tuairisg cia mar
do chaith an t-óglách an oidhche no an raibh
se beo. Air fheuchaint do'n righ asteach tré'n
bh-fuinneóig do chonnairc se uaidh é sínte air
an urlár. Do shaoil an righ ann sin go raibh
se marbh agus gur mharbh na taidhbhsí no na
spiorada a bhidheadh ins an g-caisleán é.
D'iompuigh an righ thart go brónach. “Nach
truaigh an sgeul é” — air se — “buachaill cho
breágh agus cho neartmhar leis so imtheacht
cho dona.” Ní túisge a bhí sin ráidhte 'ná
d'eirigh sé in a chosaibh agus d'fhreagair se
go meisneamhuil a's go fearamhuil — “ní bh-
fuil me imthighthe cho fada sin fós in aimhdheoin
gur chaitheas-sa oidhche chruaidh.” Anois d'iom-
puigh an righ thart lán d' iongna agus de
lúthgháire air fheicsint na sheasadh é agus
é a bheith beo do bhárr na h-oidhche. Ann sin
do cheistnigh se é cia mar do chuir se thart
an t-am ó shoin. D'fhreagair se an righ agus
dubhairt se do ghlór árd — “go h-an-mhaith;
tá an cheud oidhche caithte, agus an dá oidhche
eile a tá le teacht caithfidh me mar an g-ceud-
na iad. Dar liom, ní bheidhid-san cho neamh-
uras sin dam leis an airneán so.” Nuair
d'áirsígh an lá amach d'fhill se air an bh-fear
a thug tuairisg dó agus a chuir air an m-
bealach ceart é le faitchíos agus creathughadh
a chur air, 'se sin, sealbhadóir an tighe-ósda.
Nuair chonnairc an fear sin é d'fhosgail se
a shúile go mór, fairsing. Do bhí se
tamall sul fá d'fheud se a labhairt, bhí ion-
gnadh cho mór sin aige an fear óg a fheiceáil
beo an-diu. Fá dheoigh. — “'nois,” air se,
“ar fhóghluimis creathughadh le faitchíos?”
D'fhreagair seisean go teann — “ní fhuil
aon mhaith ann, acht bheidheadh bróid mhór orm
dá bh-feudfadh na daoine a rádh liom gur
fhóghluimeas.”

Bhí an dara oidhche tarruinnt air; bhí an
ghrian ag dul siar; d'fhill se air ais air an
g-caisleán arís. Do shuigh se síos air aghaidh
na teineadh agus do thosuigh se an sean-
chronán dó féin, ag rádh, “dá bh-feudfainn
chriothnughadh le faitchios.” Do chaith se tús na
h-oidhche gan mó-síom air bith a chur air. Acht i
d-taca an mheádhoin-oidhche do thosuigh toran
mór gliadh agus creathughadh air fud an tighe.


L. 284


An cheud am ní raibh se ró-mhór, acht a réir mar
a bhí se ag druidim ins an oidhche bhí an gleo
agus an fhuaim ag meudughadh. Iar sin do
mhaolaidh se beagán, acht faoi dheire do chualaidh
se sgreadach árd agus leis sin do tháinic
anuas tríd an simléir leath-fir agus do thuit
se air leath-taoibh an teallaigh. “An g-clui-
seann tu,” ar an t-ógánach — “cá bh-fuil
an leath eile dhíot.” Go goirid 'na dhiaidh sin
do bhí sgreadach, gleo, agus toran níos mó
ioná an cheud uair agus leis sin do tháinic
anuas an bealach ceudna an leath eile do'n
fhear agus do thuit se mar cheana. “Fóil,”
ar seisean, “go g-corruighidh me suas an
teine.” Nuair bhí sin déanta d'fheuch se uaidh
agus an cheud rod thug se faoi deara an dá
chuid do'n fhear greamuighthe i n-a chéile, agus
do bhí ann sin 'na shuighe i n-a áit air an
d-taobhán fear mór, fiadhain, láidir. Do
ghlac an fear óg stuaic agus d'eirigh se 'na
sheasadh agus dubhairt se leis an bh-fear
coimhthigheach, “eirigh suas as sin go tapuidhe,
ní dhuit-se an ceapugh é sin; liom-sa an
taobhán.” Níor thug an coigcrigheach aon
áird air; is mó ba mhian leis a chathughadh air
fad dé ioná é féin fhágbháil. Nuair a
chonnairc an fear óg sin do thug se guala
dhó agus chaith se as é in-éinfheacht.
Cho luath a's a bhí sin déanta do thuit dhá leith
eile fir anuas mar cheana agus do ghreamuigh-
eadar i n-a chéile. 'Na dhiaidh sin agus fá
chéadóir do thuit iomad roinnteanna mar thuit
roimhe sin agus do ghreamuigh siad air fad gach
aon d'á chuid i n-a chéile. Ann sin do thosuigh
siad a leig ag imirt trídh n-a chéile liaróid
le dhá bhlaosc agus cnáimh daoine marbh.



Clann Conchobhair.



(Le bheith air leanamhain.)



Rath ar ár saothar … fad-shaoghal d' ár d-
teanga.



Neart do gach fear, a's go mairidh na mná
go deo.



Buaidh agus tréine leat Éire go bráth.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services