Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Amhráin Mhuighe Seóla
Title
Amhráin Mhuighe Seóla
Author(s)
Bailithe ag Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha,
Compiler/Editor
Mhic Choisdealbha, Eibhlín Bean
Composition Date
1918
Publisher
Candle Press, The
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Conndae Mhuigheo. Meireach bás mo mháthairín, bhéinn-se maith go leor: Bhéadh buidéal fíon',s beór' agam, a's comhluadar ban óg. Muna mbéadh síor-ól na gcártaí, a's an dlighe a bhí ro láidir, Ní ag San ta Crús a d'fhágfainn mo chnámha faoi 'n bhfód. Ar an luing seo Pháid Uí Luingsigh 'seadh bhídhinn-s' a déanamh bróin, Ag osnaighil ins an oidhche, a's ag síorghol 'sa ló; Anois ó dalladh m'inntleacht a's mé i bhfad óm' mhuinntir, Dar m'fhírinn' gur lághach a chaoinfinn-se Conndae Mhuigheó. Agus liostáil mé le "Sergeant," mo chreach! agus mo chrádh! Thug sé leis anonn mé do'n Fhrainnc agus do'n Spáinn: Thug sé gunn' ar láimh dhamh, 'gus claidheamh fad' ó'n Spáinn, 'S nár shíl mé féin go mb'fheárr sin ná Conndae Mhuigheo. Go dtagaidh Cnoc na Cruaiche ar chuairt ag an Aill Mhóir, Go dtagaidh an toimín luachra ag buachaill- eacht na mbó, Go dtagaidh Cnoc Néifín ar bhord go Loch Éirne, Ní sgarfaidh mé go h-éag leat, a Chonndae Mhuigheo. Tá Cnoc na Ceathramhan Caoile siamsamhail go leor, Ta cearca 'gus coiligh fraoich ann, 's iad ag seinnm ceoil, Ta ubhla blasta buidhth' ann, tá sméartha ar bhárr na gcraobh ann, 'S tá géimneach bó's laogh ann, ag tigheacht fhéil' Muire Móir'.
Conndae Mhuigheo Ar an luing seo Phaidí Loing-se do ghnímh-se an dubh- rón, Ag osnadh ins an oidhche 's ag síor ghol 'sa ló; Muna mbeith gur dalladh m'intleacht a's mé a bhfad óm' mhuinntir, Dar maireann 's maith a chaoinfinn-se Conndae Mhuigheó. An uair a mhair mo cháirde ba bhréagh mo chuid óir, D'ólainn lionn Spáinneach i gcomhluadar ban óg, Muna mbéadh síor-ól na gcárta 'S an dlíghe bheith ró láidir, Ní i Santa Cruz d'fhágfainn mo chnámha fá'n bhfód.
Tá gadaidhní na h-áite seo ag éirghe ró mhór Fó chnotadha a's fó hair-bag gan trácht ar bhácladha bróg, Dá maireadh domhsa an Iaruil Dheunfainn díobh cianach Muna mbéadh gur thagair Dia dom bheith i gciantaibh fá bhrón. Da mbéadh Pádraig Lochlainn 'n-a Iarla ar Iaruil go fóill, Brian dubh a chliamhain 'n-a thighearna ar Duach- mór, Aodh dubh Mac Griada 'N-a choirnéal i gCliara, Is annsin bhéadh mo thriall-sa go Conndae Mhuighéo. Mullach Mór. Bhí mé oidhche faoi Fhéile Bríghde ar a' tórramh thíos ar an Mullach Mór; Is ann a dhearc mé 'san díleacht a dtug mé grádh dhí, Mar bhí sí aoibhinn, deas áluinn óg. Is tú go cinnte a mharbhuigh m'intinn, leann ná fíon 's ní leigheasóchadh mé: 'S go bhfuil mo chroidhe istigh 'na mhíle.
píosaí, Mar' bhfághaidh mé dídean in do bhrollach bán. Ar an sléibh ó'n dílinn, seadh bhíonns mo mhian-sa, 'S ní chodhluighim oidhche, acht ag déanamh bróin: 'Sí com na caoin' í, 's méara míne, Béal tanaidhe, aoibhinn, a's mheall sí a lán. Acht ba thruagh' liom uaim thú 'sna gleann- taibh uaigneach' Ná ceileabhar clúthmhar 's ná ceol na n-éan: 'S go mb'fheárr liom go mór-mhór a bheith sínte suas leat Ná amhráin luachmhar' ó chlannaibh Gaedheal. A's cé fáth mo bhuadhartha nach bhfuighinn cead cuairte Go dtí an baile úd thíos ann a bhfuil mo ghrádh: Táim an uachtar, a's mil ar luachraibh, A's i dtús an fhóghmhair a bhíos na ba dh'á mblea- ghain. Bíonn báibín laoigh ann, bíonn bric 'na luighe ann, A's an eala aoibhinn ar an loch, 's í ag snámh. 'S da mbéinn sáthach críonna bhéadh mo shaidh- bhreas déanta, Agus cead sínte le mo mhúirnín bán. A chúilfhionn phéacach, an bhfuil tú ag éis- teacht Le gach aon rud a bhfuil me a rádh? Dá mbéinn 'mo chléireach in aon chéard d' Éirinn, Leath an mhéid sin, ní fhéadfainn sgríobh'. Ní ba, ná caoirigh, a bhí mé a' shanntughadh, Acht an cailín cumasach a bhí lán de mheon, 'S an mhaighdean mhúinte ós cionn na cúirte, A bhéarfadh sóghas dam ag tigh an óil.
A ógánaigh uasail. A ógánaigh uasail! cár chodail tú aréir? Ar cholba de do leapthain, a's níor airigh tú mé. Dá mbéadh fios ar mo leaththrom agat deamhan a gcodhlóchadh do shúil néal. 'S gurb é do chomhra bhí 'dul an bealach, A d'fhág an arraing seo i'mo thaoibh.
Nuair a éirighim-se ar maidin, 'se mo phaidir mo dheór, 'S nuair a luighim-se ar mo leabaidh, bím ag osnaighil ó! go mór, Ta grúag mo chinn ag tuitim A's ag imtheacht ó! mar an gceo, 'S gur le cumhaidh mór 'do dhiaidh, a stóirín, Ní bhéidh me i bhfad beo. Tógfaidh mé mo sheólta go Dúithche Sheoigheach go moch ar maidin, Ar cuairt chuig mo mhíle stóirín, 's go deo deo ní fhillfeadh abhaile. Nach cuma liom céard dhéarfas aonduine Nuair nach ndéarfaidh mo ghrádh faic. Acht má's sinne a rugadh d'a chéile, Fearaibh Éireann ní chuirfeadh eadrainn. B'fhearr liom fear ar fóghnamh, lá an fhóghmhair 's an earraigh: 'Sé a bhainfeadh dham an eórna, a's a chóireó- chadh na bearta. Míle b'fheárr liom buachaill óg, Muna réidhtigheadh sé acht mo leabaidh, Na saidhbhreas Sheóirse d'fhághail i gcóistibh le sean-bhaintreabhaigh.
Go dtagaidh an Nodlaig. Go dtagaidh an Nodlaig i gceart-lár an tsamhraidh, 'S go ndéanaidh me deaghrás í lár Locha Riabhaigh, a's go bhfásaidh na seamraig í gclárachaibh mo chomhrann, Páirt de do ghrádh 'S ní fhágfaidh sé mo chroidhe. Mo bhrón ar an ngrádh seo, is galra dubhach é: D'fhág sé mo chroidhe bocht chomh dubh leis an ngual, Agus d'fhág sé mo cheann bocht gan fiú an unnsa céille Agus m'intinn aerach ag éalughadh uaim.
Caisleán Uí Néill I gCaisleán Uí Néill o Tá an chéad bhean bhain díomsa mo shnuadh, Mo chrádh go bhfághaidh mé ..., Má ghnidhim-se a taithighe níos mó. A chuisle 'gus a thaisce! Ní féidir go dtug tú dhom cúl, Tá mo chumann leat réidh 'Sé mo léan géar mar chonnaic mé thú. Tá na gáirdíní 'n-a bhfásach, A mhíle grádh geal, ó d'imthigh tú uaim; Tá na h-abhainn' ag dul le fánaidh 'San áit i bhfásadh bláth duilleabhar na gcraobh. Níor chualas ceól cláirsighe 'Dul an t-sráid seo, ná ceileabhar na n-éan, Ó d'imthigh mo ghrádh uaim, Cúl áluinn, go Caisleán Uí Néill.
Caisleán Uí Néill A chuisle 'gus a annsacht! I dtús a' tsamhraidh dá ngluaisteá liom - síos go Tír Amhalghaidh, 'S go mbéadhmuis ann sul dá n-'éirigheadh an drúcht. Ní ba, caoirigh, ná gamhna A shanntuigh mé leat mar spré, Acht mo dhá láimh faoi do cheann, Mar is tú craobh áluinn ag Caisleán Uí Néill. Tá an gáirdín seo 'n-a fhásach, A mhíle grádh bán, agus mise liom féin, Ta an t-ubhalltóirín seo ag fás ann, 'S an bláth bán ar bharraibh na gcraobh. Acht da bhféadtá a chur i gcéill dam, Deamhan a b'fhéidir liomh codladh go ciúin; Acht arraing ó indé ar An té a chuaidh 'cur idir mé agus tú.
Tá an gáirdín seo 'na fhásach, A mhíle grádh geal 'gus a chuislín mo chroidhe. Tá an ubhalltóir ag fás ann, 'S an bláth bán thrí bharraibh na gcraobh. A chuid an t-saoghail 's a annsacht! I dtús an tsamhraidh nó an ngluaisfeá liom féin, Amach síos fá na gleanntaibh, A's bhéadh muid ann sul dá labhruigheadh na h-éin. Is ar hallaidh an tighe mhóir 'Seadh 'chomhnuigheanns 's a chodluigheanns mo ghrádh. A samhail ní'l i nÉirinn, Acht an réalt eólais bhí ar an mbail' údaigh thall. Níor chualaidh mé ceól na gcláirseach Ag gabháil an t-sráid seo indé Budh bhinne ná a béilín, Cúl áluinn bhí i gCaislean Uí Néill. As ní ba, caoirigh, ná gamhna, A mhíle stóirín, a shanntóchainn leat féin mar spré, Acht mo dhá laimh faoi do cheann-sa, 'Gus cead cainnt' leat go mbuailfidhe an dó dhéag. Agus cuirim-se léan géar go h-éag Ar an té bhain díom mo ghrádh; Ara! ruaig mé é go Sasana An áit a ndéantar an duine dubh bhíonns bán. Tá long ar an gcéibh seo, A's bhéarfaidh sí mise do'n Spáinn; Agus má fhillim anuas go h-éag, Bhéarfad féirín abhaile ag mo ghrádh.
Caisleán Uí Néill Céad slán do'n oidhch' aréir, 'sé mo léan gan í anochth in a tús, leis an mbuachaillín spéireamhail, A bhréagfadh mé ... go deas ar a ghlúin. Mar chuir tú orm t'éaradh, A mhíle céad grádh, ní leat-sa mo rún. Acht céad faraor géar! Tá na sléibhthe' a' dul 'dir mé agus thú. Tá an gáirdín seo i n-a fhásach, A mhíle grádh bán, agus mise liom féin. Ta na pósaí ag fás ann, Is breághtha dá bhfaca tú aríamh. Ní cluinnfear ceól cláirseach Dul an t-sráid seo ná ceól binn na n-éan Gur éaluigh sé thar sáile, Craobh áluinn go Caisleán Uí Néill. Ó is i gCaisleán Uí Néill 'Ta an péarla bhain díom-sa (ó) mo ghrádh, Go dtug mé féin spéir dó, 'Sé mo léan géar, 'n gan-fhios do'n tsluagh. Ag teallach tighe mhóir 'Seadh do chomhnuigheanns agus chodluigheanns mo ghrádh; A shamhail ní'l le fágháil Acht an réalt eólais 'tá 'ar an mbaile údaigh thall. Budh mhilse liom do phóigín Ná an rós a thaganns ar bhláth, A's le cumhaidh mór i ndiaidh mo stóirín Ní mó na go gcodluighim féin tráth. Bliadhain a's an oidhche aréir 'Seadh do réab na capaillibh an fál, Agus chuaidh siad de léim 'Sé mo leán géar, amach ins an snámh. Ní'l tuile dá mhéad Nach ndéanann seal tamall ar tráigh; Ní'l ann acht lucht bréag, Agus ní féidir nach bhfillfidh mo ghrádh.
Thuas ag Gort a' Charnáin. Agus thuas ag Gort a' Chárnáin tá áilne ban Éireann 'S an té a gheobhadh ó na mháthair í, Budh lághach í le bréagadh. A's go dtug mo chroidhe grádh dí le pairt dé'n dith-cheille, 'S d'éaluigh sí leis an táilliúr uaim: 'Sé ránaidhe fear Éireann.
Ní shiubhalfaidh mé níos mó ar Na bóithribh seo agaibh-se, Acht tógfaidh mé mo sheólta Amach faoi na sléibhtibh. Ólfaidh mé mo dhóthain Dia Domhnaigh, 'S ní bhéidh mé ar meisge, Mar shúil go bhfághainn blas do phóigín 'S tú mo stóirín, a bhláth na finne! Tá mo ghrádh mar bhláth na n-áirne Bhíos ag fás i dtús a' t-samhraidh, Nó mar na faoileáiníní bána Bhíos ag snámh ar na gleanntaibh. Nó mar bhéadh grian ós cionn Cárnáin Ins na sráide ag gabháil timcheall, Is mar siúd a bhíos mo ghrádh bán Ag déanamh rábhailte thrí m'intinn. Éireóchaidh mé i mbárach Le fáinne an lae ghléghil, A's déanfaidh mé mo dheagh-rás Amach faoi na sléibhtibh. Fágfaidh mé mo bheannacht Ag mnáibh deas' an tsaoghail seo, A's dheamhan a bhfillidh a bhaile dhíom, go mbídh an barr ag clannaibh Éireann.
"Eidir b'-l'-Átha-an Ríogh a's Uarán Tá grianán ban Éireann 'S an té a gheobhaidh í ó na máthairín Nar lághach í bréagadh Mar thug mo chroidhe grádh dí Le páirt de'n díth-chéille A's gur eulaigh sí leis an táilliúr An ranuile an fear bréagach." Máir' Ní Ghríobhtha. Ó! Grádh mo chroidhe le m'anam thú Seachas a bhfuil beo, Mar is tú a shábháil m'anam dhom an lá úd a tháinig mór. Bhí dhá chúrsa ceangailte agam agus barróg ar an seól A's níor sgar mé le Ceann Galúna nó go dtáinig mé 'steach 'san ród.
Dá bhfeictheá-sa bád chlainn' Dhonnchadha Gach lá dá dtéigheadh sí chum seóil, Phlúcfadh sí an fhairrge As ní fhliuchfadh sí ceann seóil. Bhéadh tús ar 'chuile ghála aici, Dhá dtigeadh an lá mór, A's go ndíolfainn mo luichtín móna, A's mé ag chómhrádh le mo stór. Mo ghrádh í Mair' ní Ghríobhtha, 'Sí budh mhíne ná na mná, Mar 'sí nár thug ariamh an ghloine dhom Acht an buidéal a's é bheith lán. Nuair a shílinn dul da íoc léi Ní dhéanadh sí dhíom acht greann, As ní sgarfaidh mo ghrádh-sa choidhche léi Go dtí an oidhche thar éis mo bháis. Is iomdha sin maidin Domhnaigh Bhí mé súgach deas go leor, Ag dul síos le mo luichtín móna As dhá chúrsa ar an seól mór, Níor ghéill mé aríamh do mhúr ar bith, Do ghála ná do cheo, Nó go dtéigheadh mé á' cainnt le plúr na mban bhí romham 'san mbaile mór. Nuair a imtheóchas mé as an tír seo, 'S nuair a díbreóchthar mé 'san mbád, Nuair a chaithfidh mé oidhche i Maoinis Is dhá oidhche ar an Tráigh-bháin, Siubhailfidh mé thart i libertí Is anonn faoi Chonndae - an - Chláir; A's mara bpósaidh Máir' ní Ghríobhtha mé, Ní fhillfidh mé go bráth.
Brighid Ní'g Aortha. Eisean: "Agus chaith mé an bhliadhain inuraidh leat Mar bhí mé óg gan chéill, Dho do mhealladh a's dho do chealgadh, A's dho do dhéanamh amach dhom péin (= féin). Bhí droch-mheas agam ar t-family, agus neamh-chion eile 'am ort féin, Agus go deimhin ní phósfa mise thú Go bhfágha tú tuilleamh spré." Ise: Céad slán don gheimhreadh in-uraidh Agus ná cuir orm aon bhréag, Dheamhan ar chuir mé dh'fhios ort Nó go dtáinic tú uait féin. B'fhurusda dhamh-sa fear a fhágháil A ghlacfadh liom gan spré; Tóig do sheol a's bí 'g imtheacht, Agus béad faoi ghrásta Dé. Céad slán do bhliadhain 'sa taca seo, Ní mar sin a bhí mé féin, Bhí mo chroidhe chomh meargach Leis an éinín ar an gcraoibh. Má shíleann siad gur cailleadh mé, Dheamhan baoghal ar bith orm péin, Agus bás nár fhágha mé choidhchin Nó go mbí mo chleamhnas réidh. Eisean: Mo ghrádh thú, a Bhrighid Ní'g Aortha Is tú an righ-bhean thar na mná, Níor iarr mé ariamh an cnaigín ort Nach líonfá liom an cárt. Nuair a shílinn a dhul d'á íoc leat Ní dhéantá dhíom ach greann; A's ní sgarfa mo chumha choidhche leat Go dtí an geimhreadh i ndiaidh do bháis. Agus ionnsócha mé an Gleann Díreach leat, Síos mar d'imtheóchadh an bád seoil, Go dtéidh mé ar na Líbertí Agus as sin go dtí an Tráigh Bhán.
Filleadh ar m'ais aníos dom Béidh mé oidhche i n-Uachtar Árd, A's má phósann Brighid Ní'g Aortha uaim Ní fhillfe mé go bráth. Is iomdha maidin Domhnaigh Bhí mé siamsamhail maith go leor, A's an ceathramha la de'n fhoghmhar Bhí trí chúrsa in mo sheol mór. Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar bith Dá dhúinte dhá mbéadh ceo, Do fhonn a bheith i bpáirt le plúr na mban, Brighid Dhómhnaill 'san Áird Mhóir. Ise: Agus gearraidh amach mo chónra De fhiór-sgoith a's de cheap na gclár, A's má tá Seán Ó Cadhain i Muigh- Inis Bíodh mo choc a's mo ribín inntí istigh, A's í go ró-dheas ar mo cheann, A's go bhfuil triúr ban deas faoi shléibhtí Le mo chaoineadh os cionn cláir. Eisean: A's tá pian i lár mo chléibh ó A chuirfeadh na céadta fear 'un báis, Agus tá mé cinnte, dearbtha Nach bhfuil mo leigheas le fágháil. Nach truagh anois mé ag sgara- mhaint leat, Ag teacht na huaire breágh', Ó thosaigh an chuach ag goireamhaint, A's an duilleabhar glas ag fás.
Seoladh na nGamhna 'sa bhfásach. Siubhal ó na coilleadh seo go huaigneach Dia Céaddaoin; Casadh orm óig-bhean ins a' bhfásach, 'Tóruigheacht na ngamhna seadh óir a cuireadh mé, A's ceann ó ní bhfuigheadh mé go lá aca Tá crainnín caorthainn faoi bhun ó na coilleadh seo, A's béidhmuid le chéile go lá bán ann, Béidhmuid 'n ár suidhe le bánadh geal na maidne; 'S gheobhaidh tú na gamhna ins a' bhfásach. Bheirim mo mhallacht dho mhaoraibh na coilleadh seo, 'Siad a d'fhág annseo le fán mé; M'athair 'gus mo mháthair go brónach 'sa mbaile, Is gan goire agam teacht in a láthair. Anois a stóirín, ó tá tú ag imtheacht uaim, 'S ó thárla nach tú 'tá i ndán dam, Seo dhuit póigín ar bharr mo chuid méara, A's a stóirín, mo chúig céad slán leat. Cailín óg mé a rugadh leis a' bhfortún, Acht fairíor nach raibh sé i ndán dam. Fuair mé scannail go h-óg ins an mbaile seo, Mar gheall ar mhac Uí Mháille. B'fheárr liom go mór-mhór a bheith crochta, Nó dóighte i dteinnte cnámha, Ná go dtiubhrainn le sásamh do aon mhac máthar Go n-oilfinn bliadhain dó pháiste. Cuireadh mo chailín 'na seasamh ins a bpobal, Agus tugadh an leabhar i n-a laimh dí, B'éigean dí tabhairt faoi shásamh thabhairt, Le faitchíos go gcuirfidhe as an áit í. A Sheagháin Uí Mhaille, tar thusa a bhaile liom. Na bíodh cúthaileacht ort teacht in mo láthair. 'S go deo deo arís ní rachaidh tú thar sáile Nuair a fheicfeas tú do leanbh 'gus a mháthair.
D'éirigh mé amach ar maidin Earraigh Ag siubhal (ó) na coilleadh 's mé go fánach, Cé casfaidhe orm acht an óig-bhean mhaiseach, 'S bhí a béilín tanaidhe 's é ag gáiridh. D'fhiafruigh mé féin di go cé ar bh'as duithe No goidé 'n tír bheannuighthe a dtáinig sí as, Acht ar thóruidheacht na ngamhna, seadh, chuir mé mo chailín, Agus ceann (ó) ní bhfuair sí go lá aca. 'S tá crainnín beag caorthainn ar lúibín na coilleadh, Agus tarra uait liomsa go lá ann, Béidh ceólta binn' na n-éan dar síor-chur a chodladh, Agus duilleabhar na gcrann, 's é mar sgáth orainn. Tá toil shaordha againn ó mhaorthaibh na coilleadh, An féar fághail dhiobhtha go lá Acht le bán bán an láe béidhmuid féin 'nar seasamh 'S seolfamuid féin na gamhna 'sa bhfásach. 'S tá an sean-réic ar a choille daingean, Is é is dóigh liom go bhfuil sé cúiteach, (Acht ar thóruidheacht na ngamhna seadh chuir mé mo chailín, Agus ceann ní bhfuair sí go lá aca.) 'S tá an sean réic ar a choille daingean, 'S tá sé le bliadhain i ndhiaidh mo chailín, Acht má tá ceart ar bith le fágháil ins an áit seo 'bhfuilim-se, Bainfidh mé féin díolaidheacht as a chnámhaibh.
Bheirim-se mo bheannacht do mhaorthaibh na coilleadh, D'fhágaibh mé le fuacht agus le fánaidh. Ta mo dhaide 's mo mhaime go brónach 'mo dhiaidh sa mbaile. A's ní'l goir agam teacht i n-a ngaobhar. A ghrádh gheal mo chléibh', na bíodh ort aigneadh, Ní nidh é nach ndearnaidh do mháthair, Acht ó bhí do thoil féin leis, a stóir, fill abhaile, Seo bárr agus mo chúig méara dhuit. Dá mbéidhinn-se fhéin mar bhí me anuraidh, Sin é bliadhain 'gus an t-am seo, Shuidhfinn síos ar cholbha do leabhtha, Agus d'ólfainn buidéal fíon' le mo chailín. Seaghán Óg Ua Ciardhubháin. Ar a' meadhon lae Dia Domhnaigh, 'Seadh d'éag sé, an t-óigfhear. Budh é sin an sgéal brónach Ag a lán fir 'gus mná 'S dá mba mhaith dúinn ag caoineadh
Ní stopfadh muid choidhche Ach', a Sheagháin óig, 'sé mo léan géar thú bheith sínt' ós cionn cláir. Is truaigh liom bean an "Mhajor" A's dhá thruaigh liom í 'na dhiaidh sin, A's níor náir' liom dá réabadh sí An croidhe atá 'n-a lár. Mar is í a chaill an péarla De fhíor-sgoth na féinne, A chum caol fada glégheal, 'S ní bréaga 'tá mé a' rádh. Bhí Búrcaigh agus Blácaigh Agus Séamas Ua Dálaigh, Fíor-sgoth croidhe mo mháighistir, Ag síor-sileadh deór, Bhí Íarlaí agus Tíghearnaí Ag súil leat mar chliamhain, Acht, a Chnuic Meadha fágtar go síor thú Gan fear fiadhach na spóirt. Dá bhfeictheá-sa an cúpla Ar maidin bhreágh dhrúchta Ag siubhal thríd a bhféar glas A's a gculaith leo síos; Acht ní feicfidhear choidhch' an cúpla Fré chéile ar an dúithche seo, Donnchadh óg agus a chú leis I n-aonraic 'sa ngleann. Tá na h-éclips ar na spéarthaibh, Agus ceo mór ar na réaltaibh, Ta an "Major" croidhe, mo mháighistir, Ag síor-shileadh deór. Acht go dtagaidh an ruadh-ghéimneach Ar bhuailtibh na h-Éireann, Tá cúmha mór ar Éirinn, A's éagmais i ndiaidh do bháis. Is fada fairsing í do dhúithche, A's d'árus a's do chúirt gheal, A's tá míl-bheach ag gíosgadh Faoi bharraibh na mbhláth. Do chuid eachraidhe a's do chóiste A bhí fuaighte le h-ór buidhe, A's dá mbéinn im' fhear fairnéis Is deas a bhéarfainn thú ó'n mbás. Ta do nuadh-chulaith phósta 'Teacht a bhaile Dia Domhnaigh, A's claspíní de'n ór bhuidhe Ar do chomhrainn geal cláir, Agus notannaí na béabhers Ar do throilide (?) breágh glégheal, (Acht tá cumha mór ar Éirinn Agus éagmais i ndiaidh do bháis.)
Amhrán na Mine. Bhéarfa muidne an bheannacht do'n Major, Ó is é féin an fear réidte áit, Ó is e thóg ó'n mbás na céadta is nach leigfeadh na Gaedhil bhocht' chun báis.
Bhí siad ag teacht i n-a dtréadaibh, Agus neartuigh siad sgéal ann gach lá, Ní chuirfeadh an prionnsa gruaim ar bith in a éadan, Nó gurbh fhairsing Mac Dé ar shíl Adhaimh Is é an "major" a thionnscail an méad seo, A's a thiomáin uaidh sgéal i ngach áit. "Fosgluighidh stóirí na h-Éireann A's na leigidh na Gaedhil bhocht' chun báis. Roinnighidh min in-a gcéadtaibh Agus cuirighidh suas "crane" i mo "yard" Agus fág ag lucht síbín an péatar, An pinta, mar dhéirce, 's an cárt." Nuair a tháinic an gorta go h-Éirinn, Seadh do phreab croidhe na féile i bpáirt, Thiomain uaidh long faoi n-a seóltaibh 'Sí lán de'n ór buidhe agus bán. Ní'l sé i gcúig cúigibh na h-Éireann A samhail bean "Major" le fágháil, Mar tá fíor-sgoth na h-uaisle an Búrcach, Nó a bhfuil ar shliocht clainne righte as an Spáinn. Má thagann choidhche cogadh nó clampar, Cuirfeamuid camp an Chnoc Meadha, Díbreóchamuid na Francaigh 's na Spáinnigh Agus cuideóchamuid le h-Éirinn go bráth. Tá an "Major" agus Árd Easbog Thuama Ag imtheacht anonn uainn gan mhoill, Siúd an prionnsa mar leanas an cúpla, Mar tá Minor St. George in Áth-Chinn. Tarraingéochaidh siad chuca na h-úghdair, Agus cuirfidh siad cuairt air gan mhoill. Béidh cruit ar an gcailligh faoi lughnas Agus mála mór plúir ar a druim. Dá bhfághadh muid réidhteach ó'n ár dtí- ghearna, Ní iarrfadh muid iarmhais go bráth, Marcuigheacht ar eachraidh ní iarrfainn, Acht an tsrathar mar dhiallaid a's an cárr. Trian a bheith saor de na fiachaibh Gan iad dh'a n-éiliughadh arís go lá an bhráth', Acht min fhágháil i ndeireadh na bliadhna, Agus sin agaibh m'iarraidh má fhághaim.
Taobh thall de chlaidhe na teórann, 'Seadh, comhnuigheann sí, mo ghrádh. Tá braon de'n fhuil ar fóghnamh innti, An dólás de mo chroidhe. Acht mis' a bheith i Sasanaibh Agus is' a bheith ins a' Spáinn, A's go n-éalóchainn in a léine le péarl' an bhrollaigh bháin. Is truaigh gan mé i mo mhairnéalach Nó i mo Chaiptín ar luing Nó mo phósaí bhreágh ghlégheal Ar bharr na Máighe slinn'. Phógfainn í agus bhréagfainn í, 'S í péarla an chúil duinn, 'S a thighearna! nach deas an féirín í Dá n-éaluigheadh sí liom. Gheall mo ghrádh spré dhom, Céad agus míle bó, Agus gheall sí in-a dhiaidh sin Go ndéanfadh sí dam teach mór. Na ba a bheith ag géimnigh A's na laoghanta a bheith 'diúl, 'S a phéarla an bhrollaigh ghléghil! Is leat a leig mé mo rún. Nuair éirigheanns an ghealach 'Seadh sgaras an ghrian, 'S bliadhain gus lá i mbárach A bhí mé 'siubhal na ngleannta siar. 'Sé d'iarrfainn ar Righ an Domhnaigh Muna mairinn beo acht mí, Í sheóladh oidhche ar lóistín Ar urlár mo thighe. Siar choidhche(n) má théigheann tú, Tabhair mo mhíle beannacht uaim Ag a mairfidh beo do ghaoltaibh Mar bhídís lághach liom. Mar bhí mé óg siamsamhail Agus dúil gam ins a' spóirt, Acht anois ó tá'n pósadh déanta, Mo bheannacht choidhche(n) leis an aos óg.
Tiocfaidh an Samhradh. Tiocfaidh an Samhradh a's fásfaidh 'n féar, A's tiocfaidh na duilleabhair ar bharraibh na gcraobh. Tiocfaidh mo ghrádhsa le bánadh an lae, A's seinnfidh sé port, a's is tig leis é.
Tá'n oidhche seo ag fearthainn, a's 'ta sí fuar, A's 'tá sí ag luighe le mo dhruim go cruaidh. Cithfidh mé í 's ní racaidh mé chun suain Go n-euluighead thar sáile le m' ghrádh cois cuain. An tráth théighim-se síos chuig theach an óil, Is ort-sa do smuainighim a mhíle stór. Dá ndéantá do gheallamhaint mar bhí tú 'rádh, Bhéadh teach mór againn agus feilm bhreágh. Ní'l mo ghrádh-sa dubh, agus ní'l sé buidhe, Is fiú é do cheangail le hór an riogh. 'Tá dhá láimh gheal' aige a's leaca mín', 'S ní'l pósaí i ngáirdín mar ghrádh mo chroidhe. Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar, A's tiocfaidh na duilleabhair ar bharraibh na gcraobh. Tiocfaidh mo ghrádh-sa le bánadh an lae A's seinnfidh sé port a's is tig leis é. Ní'l mo ghrádh-sa dubh agus ní's sé buidhe. Is fiú é do cheangail le hór an ríogh. Tá cúm caol cailce aige is méara mín', A's ní'l pósaí i ngáirdín mar ghrádh mo chroidhe. Tá teach leanna ins an mbaile údaigh thall, Ins an áit a gcomhnuigheann(s) mo mhúirnín bán. Tá bean eile aige i ngreim a dhá lámh; 'S nach bhfuil fhios ag do chroidhe istigh gur cráidhte atáim. Is truaigh gan mise i mo mhaighdin óig, Is truaigh gan mise i mo mhaighdin óig. I mo mhaighdin óig ní bhéidh mé go deo Nó go bhfásaidh ubhla ar adharcaibh bó. Is truaigh gan mise 's mo mhíle stór Ins an áit nach baoghal choidhche nó go deo, I gCúige Laighean nó i gConndae Chláir Nó ar bórd luinge ag dul go Ameiriocá. Mo bhrón ar an bhfáirrge, is í 'tá lán, Is í 'tá ag dul idir mé 's mo mhúirnín bán. Siubhlfaidh mise gleannta agus cnocáin árd', Agud deamhan fear a phósfas mé go bhfáighidh mé bás. Tá an oidhche seo fliuch agus tá sí fuar, Agus tá sí a' báistigh ar mo dhruim go cruaidh.
Ní rachaidh mise a bhaile 's ní rachaidh mé ar cuairt Nó go gcaithidh mé an oidhch' i mbárach le mo ghrádh cois cuain. Tá grádh do m' dhaidi agam istigh i m' chroidhe, 'S is measa liom mo mháthairín na mná a' t-saoghail. Tréigfidh mé ar fad iad 'gus mo cháirde gaoil Agus rachaidh mé thar sáile le grádh mo chroidhe. Is deas an buachaillín é grádh mo chroidhe, Nach aoibhinn do'n phobal a dtéigeann sé thríd. Tá Séan ó Mhuire air agus grást ó Chríost, Acht brón ar m'athair a rinne sglabhuidhe dhíom. A chuisle agus a chumainn ghearr! Is leat a chaill mé mo chlú go bráth, Ag siubhal cois báinte agus coillte árd, Acht tuairisg ar mo mhúirnín níor fhéad mé a fhágháil.
Nach mis'n truagh Mhuire ag dul le carraigín an fhásaigh, Ag gol's ag gár thaighil's ag déanamh bróin; Ag oileamhaint mo leinbh Ar bhacán mo laimhe 'S gan fiú an bhraoin bhainne 'gam a bheárfainn dhó. Ní'l mé acht go tréith lag, Ní'l gar dhá shéanadh, Ní'l mé ar aon chor, acht mar an gceo. 'Tá fuil mo chroidhe istigh Dhá silt 'n-a braontaibh, 'S a Dhia, cé an t-iongnadh i ndiaidh mo Shail' óig' Ruaidh'. Mo ghrádh, do bhéilín Nár chum na bréaga, 'Gur do mhéin deas, nach raibh ag bean le fágháil. Do dhá chích ghlégheal' Le do leanbh bán a bhréagadh, A stóir, ní feidir liom thú thabhairt ó'n mbhás.
Dá bpósainn Do chailleach ghránda, Thóigfeadh a lán orm a bheith ag dul i n-a diaidh. Acht mo chailin breágh deas A dtug mé grádh dí, Agus gur in a páisdín 's eadh fuair mé í. In aois a sé déag 'S eadh fuair mé féin í, An bhean ar leig mé léithe mo rún go h-óg. Acht a stóir mo chléibhe, 'S tú d'fhág liom féin mé, Agus chuaidh 'sa gcré uaim i do chailín óg. B'feárr liom go mór-mhór 'Mo dhiaidh' sa' ród í, Bheith ag bleaghan mo bhó-ín, nó i mbun mo thighe, Ná saidhbhreas Sheóirse A's é a fhágháil le stróinse; 'S gur faoi na fódaibh a chuir mé grádh mo chroidhe.
Na Buachaillí Bána. A Dhonncadh Bhrúin, is deas do chraithfinn lámh leat, A's ní le grádh dhuit, acht le fonn do ghabháil, Cheanglóchainn suas thú le rópa cnáibe, Agus chuirfinn mo "spír" in do bholg mór. Bean an t-Seanduine. Tigheachtamar ó Bhalla dhom, Dhá mhíle 'mach ó'n gClár, Cia casadh orm acht cailín deas, Agus í ar a diallaid áird. An tusa bean an t-seanduine? Is mé, mo chreach 's mo chrádh! 'S dá mbéinnse bliadhain 'mo chomhnuidhe leis, Ní thiubhrainn dósan grádh.
Ise: Brón ar mo mhuinntir A phós mé chomh h-óg; Phós siad leis an seanduine mé Mar gheall ar chúpla bó. Míle b'fheárr liom agam Buachaillín deas óg, A thiocfadh isteach ar maidin Agus bhéarfadh damh-sa póg. Eisean: A's nach deas an fear i mbaile mé, Ní'l dúil agam 'san ól; Tá béas níos fearr ná sin agam A bhreágfadh cailín óg. Shaothrócainn arán agus fataí dhi, Cruithneacht a's eorna mhór, A's a Dhia, nár bh'fheárr dhuit agat mé Ná réic de bhuachaill óg. Ise: Míle b'fheárr liom agam An buachaillín deas óg, Nach leigfeadh chuig an aifreann mé A's bairibín (?) ar mo bhróig, A bhéarfadh ag teach an leanna mé Agus d'ólfadh a ghiní óir; A's nach mbéadh sé chomh maith leat, a sheanduine, Nuair a bhéadh na páistí mór? Eisean: Má's cailín de'n tsaghas sin thú, A's go bhfuil dúil agat 'san ól, Is gearr a mhairfeas airgead duit No do shealbháinín bó. A's iarruighim ar Dhia 's ar Mhuire, Mara mairinn beo acht bliadhain Go bhfeicfead ag iarraidh déirce thú, A's dó mhála ar do dhruim. Míle b'fheárr liom ag iarraidh déirce, A's mo mhála ar mo dhruim, Ná do leithéid de sheanduinín A bheith 'sa mbaile tinn. Mar shílfinn mar' ndéanta acht casacht, Nach mairfeá bliadhain beo, A's leig de do chuid seamhsáin feasta liom, A ghiolla an chársáin mhóir!
Nellí a Charaid. Nuair a d'éirigh mé ar maidín Dia Céadaoin, - 'S níor choirigh mé mo éadan faraor, Do shiubhail mé 'dir Gaillimh agus Bréachmhaigh, - Nach mairg nach n-umhluigheann do Dhia! - Bhain mé díom mo chóta 'gus mo léine, agus leigh mé mo ghéagáin le gaoith; Nuair a smaonuigheas aríst ar mo chéad shearc, bhain mé an chorr-mhéar de'n alt díom. 'S a' Mhuire, chéard do dheanfas mé i mbárach, Nuair nach bhfeicfead mo ghrádh a' teacht aniar, Gan chumhacht agam tigheacht i n-a láthair, Le méad 's bhí eadrainn ariamh? Nuair a smaonuighim ar shúgradh 's ar gháiridhe Agus ar oineach do dhá lámh a bhí fial, Tuitfidh mé i lionn-dubh a's i ndólás, A's caoinfidh mé go leor 'do dhiaidh. 'S dá mbéinn-se 'mo luighe ar 'mo leabaidh Seacht seachtmhaine, ráithe, nó mí, 'S aon phóg amháin a fhágháil ó mo Neillí, Thógfadh sé an brón atá i mo chroidhe. 'S an truaigh leat mo thuamba a bheith carttha, Nó mo chomhra bheith dá gearradh ag na saoir, Nó ar maidin mo chróchar ag triall a bhaile, 'S na buachaillí deas' ag dul faoi?
Chuaidh mé aréir ag teach an tórraimh Ins an áit nach raibh eolas orm ann; Shuidh mé síos ar ceann stóil ann, 'S bhí cailín deas óg le mo thaoibh. Nuair a smaonuighim ar a' spóirt 's an óige, Ghlac mé go mór-mhaith an greann, 'S d'á h-aimhdheoin, d'ar ndóigh, ag teacht a' tórraimh, Chuir me an chluain in a ceann. A's budh mhaith an fear láighe 's fear slua- said' mé, Bhí chomh deas ar thuaigh 'gur ar shábh, Sásadh na punainne d'a bualadh A chuirfeadh an chluain ar na mnáibh. Bhí sin ins an mbunadh budh dhual dom, Bheith 'mo dhuin'-uasal chomh suarach a's atáim. Leig de do chuid radaireacht' anois, a bhuachaill, A's tabhair do bheannacht go buan do na mnáibh.
Maidin Fhóghmhair. Ó, maidin chiúin cheódhmhar D'ár éirigh mé 'n san bhfóghmhar, Cé casadh ins a' ród liom, Acht grádh geal mo chroidhe? Nuair a dhearc mé ar a bróga Ó, shil mé na deóra, 'Gus d'iarr mé trí póigín Ó stóirín mo chroidhe. Ó, buachaillín óg mé 'Tá brath ar dhul a' pósadh, A's ní dhéanfaidh mé aon chomhnuidhe Go bhfaigh mhé mo mhian. Go bhfillidh tusa a stóirín A's do mhalairt ní phósfainn, go síntear in san gcill mé, 'S úir ós mo chionn. Ó, mise tá brónach, 'S mé ag siubhal thríd na móinte, Tá an airring go trom trom Ag dul thríd mo lár, Nuair a chuimhnighim ar an mbóthar Bhí mé ag dul 's mo mhian-sa; Acht ta sí ag fear eile pósta, A mhic Mhuire, nach truagh! Acht tá súil agam ó Chríost(a) Nach bhfághaidh mé bás choidhche, Go mbidh mé 's mo mhian-sa Ar leabaidh chlúthach sínte. Ní'l nidh ar bith níos áilne Ná an ghrían ar Chinn tSáile, Acht an pósaí geal glégheal Ar bharraibh na dtonn. Mar sin a bhí mo ghrádh-sa Le gile a's le breághthacht, Acht a mhaighdin chiúin bhainríoghain, Is leat a chaill mé mo chiall. Mar is mise atá síos Leis an bpósadh sin a dhéanamh, Ní chodlóchaidh mé aon oidhche, Acht síor leis an mbrón.
Dúithche 'n Phaoraigh. Dá mbudh liomsa dúithch' an Phaoraigh, 'S é bheith ar fad fré chéile, budh thú mo mhian dhá bhféadainn, a chuid de'n tsaoghal 's a stóir. Do dhá láimh gheala ghlégheal' a' roinnt ar bhochtaibh Dé thart timcheall A's go mairidh an mhaith seo choidhche dhuit, 'Inghean Sheóin ó'n ngleann!
A's budh bhinne liom í naoi n-uaire, Tráth chaith sí seal ag siubhal liom, Ná cuach ar bhárr na craoibhe 'S londubh le mo thaoibh. Budh bhinne liom í ná cláirseach, Ná flúte ar thailtibh bána, Ná ceileabhair na n'eala is áilne Ag dul thar na tonnta siar. A's ní buan mé ar mo shláinte Dá bhfágadh tusa, a ghrádh bháin. A's ní maith ná maoin ná caoirigh, Ná clú os comhair na ndaoine, Ná nidh ar bith eile faoi an saoghal seo, Níor thug mé 'riamh ar áird. Óir is fada mé ins an áit seo, Le bliadhain mhóir fhad' agus ráithe, A's níor tháinic mo ghrádh ar chuairt chugam, A's mé ar mo leabaidh tinn. Nach truagh leat mé do mo phréachadh A's an arraing thríd mo thaoibh dheis, A's nach follasach faoi an saoghal seo, Gur leig mé leat mo rún? Acht b'fheárr liom-sa mo mhian agam Gan bó gan punnt gan caoirigh, Ná saidhbhreas gránda ar an tsaoghal seo 'S mé a bhfad ó Chonndae an Chláir
Nellí Bhán. Ó's, a Nellí bhán, 's tú grádh liom, 'S tú cuisle geal mo chroidhe. Leig mo lámh ar do bhrághaid ghil, Nó ní mhairfidh mé beo mí. Do shnámhfainn féin an t-Siúir leat, 'S an t-Sionainn mhór 'do dhiaidh, Ó, rug tú an bárr an lá úd Ó mhnáibh deasa Locha Riabhaigh. Dhá mbadh liom-sa Portumna Agus baile Locha Riabhach, Luimneach gan chunntas, 'S thart timcheall Bh'l-á'-Cliath; Ar do mhuinntir-se a roinnfinn A leath agus dhá thrian, Ar cunntas a bheith i dTuaim leat Lá fada 'gus bliadhain. Ní chainnteóchainn ar mo chapall, Ar mo dhaillaid ná ar mo shrian, Ná ar pháircínibh an fhaltanais (?) A mbíodhmuid ann a' fiadhach; Ná ar a ndeachaidh de bháid Ó Shasana thar sáile le bliadhain, Má chainntighmid an lá úd Ar mnáibh deasa Locha Riabhach. Tabhair mo bheannacht-sa go Connachtaibh, Mar is ann a bhíodh an greann Agus chugat-sa féin a ghrádh ghil, Nach bhfeicfidh mé go bráth. An chómhrádh úd bhí eadrainn Ag dul anonn sliabh bán na dtom, 'S gurab í an tSionainn mhór chongbhuigh muid A bhí lán go bruach romhainn. Ó 'gus truagh géar nár cailleadh mé, Amuigh ar an sliabh, 'San áit a mbéadh mo chnámha Le piocadh ag an bhfiach, Sul dhar thuit mé i ngrádh leat, A bhruinneall na ngeal-chíoch; 'S go mb'fheárr le do mháthairín Nach bhfeicfeadh sí mé 'riamh.
Máire Bhrún. Tá cailín spéireamhail a dtug mé spéir dhi Ar an gcraig an taobh seo d'Eanach Dhúin; A - tá a méinn mhaith i gclár a h-éadain, A's a leaca ghlégheal mar bhláth na n-ubhall. Dúbhairt mé'n méid seo a's mé 'cómhrádh léithe - "Is tú mo chéad-shearc a's togha mo shúl; A's ní beo 'do dhiaidh mé, a's ná déan mé thréigsint, A's ba chóir dhuit éalóghadh liom, a Mháire Bhrún." Is cailín breágh í a dtug mé grádh dhi, A's ní cumann geárr é má bhím-se beo, Mar bím go síorruidhe 'tabhairt míle slán dhi, A's tá grádh ag a lán uirri mar 'tá sí cóir. 'Siúd í an phlanndóg fuair réim na h-áite, Tá meas le fághail aici a's creideamhaint mhór - Acht d'aimhdheoin Máire 'bheith bhfad ó láthair, Béidh sí ag an mbáire ar an Turloch Mór. 'Siúd í an tseóidín de mhnaibh na Fódla, Is múinte mánla ghabhann sí an tslighe, A's a liachtaighe óig-fhear d'iarr í lé pósadh Mar ba "mhatch" air fóghnadh í lé cur i gcrích. Ní ghnidhean sí mórdháil na greann a thógbháil, A's níor frith aon dóigh innte le n-a cur d'á slighe, Acht dar bhrigh mo chómhráidh, a chroidhe gan dólas, Gur fear gan eolus nach sanntóchadh í.
Máire Ní Mhongáin. Bhí triúr mac agam bhí oilte toigthe, A's is gearr ba lón dom iad, céad faraor géar; D'fhág siad a ndeirbhshiúr bhocht ag sileadh deora Gach éan la Domhnaigh 's ní ag iarraidh a gléis. Ní raibh suim ar bith agam 'sa mac a b'óige, Cidh ba lághach an leoinín é Peadar féin, Ach' an mac ba shin' aca 'sé a chráidh go mór mé agus mí ní beo mé le cumhaidh 'na ndéidh. Mo Pheadar móirneach a bhí oilte múinte, A chuaidh ar chúnntar le bheith níos fearr Bhí gnaoi na gcomhursan air fhad is bhí sé fróm-sa, A's ba mhaith an congantóir é amuigh le Seaghán. Tá súil agamsa go bhfuigidh sé iomlacht Agus fortún cumhachtach ó Righ na nGrást, A thiubhras a bhaile chugam é glán gan chonta- bhairt Mar is mór mo chumhaidh i ndiaidh mo mhicín bháin. 'S cá bhfuil truaigh i nÉirinn níor mó ná mé I ndiaidh an chéad mhic a chraidh mo chroidhe? Ag guidhe Dé agus ag déanamh déirce 'S ní fhágaim eán-sgéaluaidh ar muir ná ar tír! Nuair a fheicim-se gach bean aca 's a gclann fré chéile, Caillim mo raedhearc 's meabhair mo chinn, 's tá deireadh mo sheanchuis 's mo chomhrádh déanta, 'S ní labhróchad aon smid go dtéighidh mé i gcill.
Is mac gan chumann thú anois, dar liomsa, Nach dtigeann ar cuairt chugam dh'oidhch' ná dhe lá, A chaith trí ráithe gan sgíth got' iomchar 's a chuaidh i gcontabhairt leat oidhch' an bháis. Thug mé sgoil duit agus beagán fóghlum' Do réir mo chomhachta mar rinne a b'fhearr, 'S nach beag a ghoilleas mo gharla dubhach ort Cébi chuige ag a mbíonn tú ann. Cá bhfuil truaigh i nÉirinn acht mac is máthair A bheith ag dul i bhfán ar a chéile choidhch', A d'fheil go cneasta é gan ghuith gan náire Fuair biadh agus annlann maith glan d'á cíonn. Ma's é an bás a chlis orm 's a d'fhág faoi dhrámh mé, Mar is iomdha an geall maith a chuir sé i gcill, 'S gur b'é an fortúin deireannach a bhí d'á bhárr á'm, Gur gheal mo cheann agus gur dhubh mo chroidhe. 'S nach beag a ngoilleann mo gharla dubhach air, 's a liachta brón ag gabháil thrí mo chroidhe; Tháinic tinneas orm is chaill mé mórán, 'S níl luach na cónra 'gam anois, faraor! Ní hé sin is measa liom, ná chráidh go mór mé Acht mar rinne mé an pósadh ar ais arís; Bhain sé an chlann díom bhí oilte tóigthe - Tá muirighin óg orm,'s mé go lag 'na gcíonn. 'S cá bhfuil truaigh i nÉirinn acht mac is máthair A dhul i bhfán ar a chéile choidhche; Chuaidh go Sasana san arm Gallda Gan fios a pháighe acht beagán bídh. Dá mbadh i mBaile na Cille agam a bhéadh do chnámha Ní bheithinn chomh dubh-chroidheach ná a leath 'do dhiaidh, Acht mo chúig chéad beannacht leat go ríoghacht na nGrásta, Nuair nach bhfuil sé i ndán dom thú fhéiceáil choidhche. Nach mór a ghuileas bean i ndiaidh a páisde Má fhághann sé bas uaithi i n-aois a mhí, 'S a liachta forránach breágh luthmhar láidir Ag gabhail thar sáile 's nach bhfillfidh choidhche. Ní hé sin a marbhuigh mé dhá mhéad mo bhuaidh- readh, Ná a rinne gual dubh de mo chroidhe, Acht níl teach mo charad á'm le dhul ar cuairt ann Ná bean mo thruaighe bheith ann 'mo dhiaidh.
Amhrán an Téi. Tráthnóna Dia Sathairn a' dul faoi do'n ghréin, 'Seadh chonnaic mé lánamhain i ngárraidhe leo féin. Bhí an bhean 's í go caithiseach a' caint ar an téi, 'S níor mhaith leis an bhfear í bheith 'trácht air
Eisean: Máire, bíonn tusa i gcómhnuidhe 'cur síos ar an téi, 'S an lá bhíos sé agat, ní feicthear a' ad é; Imthigh leat 's fagh tobac dam ar mhaithe leat féin, Nó roinnfidh mé leat feac na laighe! Ise: Cia an t-slighe atá a 'am-sa? Cá bhfuighinn-se dhuit é Acht ag ceangal dá chirc a raibh ubh aca 'réir? Rud a thóg tú faoi Nodlaig, níor íoc tú fós é 'S tá an méad so sáthach gann ag na páistíbh. Eisean: Tá mise d'á cheapadh gur suarach an tslighe Bheith ag obair dhuit-se gan tada d'á chíonn; Dá dtíginn isteach ag aon fhear 's tír Gheobhfainn tobac uaidh 's roinnt pháidhe." Ise: Sé a n-iarrfá de obair i gcai- theamh do shaoghail Ag caitheamh tobach is d'á leigean le gaoith; Taisbeán anois cá bhfuil do mhaith nó do mhaoin 's nach siamsamhail do lón do na páistibh? Eisean: Dá dtéidhinn go Gaillimh nó soir go hÁth-Chinn, Anonn go Cinn Mhara, nó 'mach go Tráigh-lí, Casfaidhe i dteach mé seachtmhain nó mí, go saothruighinn luach drár agus báinín. Ise: Maise, d'imthigh tú cheana is tháinic tú arís, Ní fhacamar agat c'róin, sgilling ná pighinn; Luigh tú ar do leabaidh 's do thaobhanna tinn, 'S an slaghdán go domhain in do chnámhaibh. Eisean: Stop do bhéal feasta, a amaid de shraoill! Nó buailfidh mé buille ort a bhrisfeas do dhruim! Ag cogadh 's ag achrann do chaithis do shaoghal; Bhí an faisiún sin céadna ag do mháthair. Ise: Má tá mise im' amaid 's go bhfuilim im' shraoill, - Leine ar mo chroiceann chomh dubh leis an daol, - Dhíol mé a raibh agam go n-íoc- fainn an cíos, A's sin é d'fhág follamh mo lámha. Eisean: Rud a dubhairt mé leat cheana, a deirim leat é, Mara n-éistidh tú feasda le glórthaibh mo bhéil, Mara stopaidh tú anois 's leigean de'n téi Is gearr a bhéas teach a 'ad ná árus! Tá mé le fada ag coinneáil an tighe 'S ní cóir go bhfeicfeá mo dheoch ná mo ghreim; Mara n-ólainn ar maidin lán sgilléad dá phighinn Ní bhéadh braon ins an gcích ag an páiste!
Eisean: Chuaidh sé go Gaillimh go réidheadh le fear dlighe; Ní bhfuigheadh sé bheith' cainnt leis gan leath-ghiní buidhe; "Bí agam 'sa Spidéal ar maidin Dia'rdaoin Táim cinnte go réidteó' mé an cás sin." Ise: Bhí an lánamhain sa Spidéal ar maidin an lae, 'S dheamhan blas a righneadh acht a gcur ar an réidh; Ní dearnadh an bheirt sin acht magadh 's bith-éigheamh Acht ceapaim gur cailleadh na paistí.
Mainistir Bhaile Chláir. 'S nach deacair a rádh, Nach buaidheartha a's nach cráidhte an bás, S' nach dtiúbhradh dhom leath-uair ná nóiméad dhe spás? Nach fiú leith-phighinn suadh an chorp, Ná'n colann (ó) nuair a bhéas sí sínt' ór cionn cláir. Ach' go bhfhóiridh (ó) Mac Muir' ar an anam, Má's créatúir muid a cuirfidhear Le fán. Ach, fágaim le hudhacht a's haith-righe, Dá mbéinn-se in mo shagart 'san áit, Nach gcuirfinn (ó) aon bhreitheamhnas aithrighe, Ar aon fhear i mBaile Chláir
Mar tá siad a diúltughadh do'n pheacadh, 'Gus a leanmhuint na riaghalthuighe is fearr, Acht an fhad (ó) 's bhéidhear Peadar 'sa gcathaoir Béidh ár gcaraid 'sna bhflaithis le fágháil. An rud úndí thosuigh sibh cheana Feiceamuis críochnuighthe é, Mar gheobhaidh sibh beannacht ó'n sagart 'S a dá áireamh deug ó Mhach Dé. Eíreóchaidh sibh suas as an ngreallaigh Agus rachaidh sibh ar chlárachaibh péin, 'S ní dhó fhéin a chruinnigh sé an gearradh Acht le creideamhaint do'n phobal go bráth. A's nach mór an chúis náire do'n phobal, 'S a liachtaighe fear maith a mBaile-Chláir, Báisteach anuas a bheith ar an sagart, An fhad 's a bhíonns an t-Aifrionn d'á rádh. A's nuair a thoruigheanns an pobal ag cruinniughadh Bíonn an leacóigín cloiche ag gach fear ina a láimh Le cur faoi n-a nglúnaibh ins an ngreallaigh, 'S dar mo chúis go mbíonn drab ar na mná Ná h-abruighidh aon phioc leis an sagart, Ní'l cead agaibh rud ar bith a rádh, Mar thiocfaidh sé ar colamhain na leabtha agaibh Ag cur ola orraibh aimsir an bháis. Nó go sgríobha sé "pas" le n-ár n-anam Suas ag Righ Geal na nGrás. Och! a Mhuire Dhíl, céard do dhéanfas muid-ne, 'S comh minic é a ghearanns muid É? An fear a shiubhail B'Lá'-Cliath 'gur Gaillimh, Thart Áran 'gur Beul-an Ath'Mhóir, Thug sé an "sway" do'n obair le seacht- mhain, Nach bhfaca sé a leithéid fós. 'S nach mairg nach n-abrochadh an phaidir úndí, Sin agus an dá deicneabhar deug, In ónóir go hAingilibh na bhflaitheas, Sin agus do ghrásta Mac Dé.
Dochtúir Jennings. A Dhochtúir Jennings, céad faraoir cráidhte! Is tú fuair bás uaim i dtús do shaoghail; Dá siubhalainn Connacht' agus Oileán Phádraic Samhail mo mháighistir ní bhfuighinn i dtír. Is truagh liom Úilic anois, do athair, D'oidhch's do ló 's chomh fad'a mhairfeas choidhch', A chulaith dhubh air 's é a'siubhal na móinte, Nach cruaidh an cás é, 's é i ndeireadh a shaoghail?
Dhá mbéadh fhios agamsa go raibh an bás ort. D'imtheóchainn go fánach i ndiaidh mo chinn; Go deo ní fhillfinn ar an dún seo dúithche Go lá mo bháis nó deireadh mo shaoghail, Go dtiubhrainn leigean ins an abhainn bháidhte, A's ní iarrfainn snámh le go dtiocfainn thríd. Acht mo chúig céad beannacht go Cúirt na nGrásta, Muna bhfuil sé indán dom thú a fheiceáil choidhche. Sé mo léan géar nach i bhfairrge a bhí tú, Nó a bhfad ó do mhuintir thall ins an Spáinn, Bhéadh súil a bhaile leat de ló a's d' oidhche Ar do chuairt míosa, nó fios do sgéil. Acht cúirse imthigheacht' dhuit 's gan tú fheiceál choidhche, Ó, mí ní mhairfidh me beo 'do dhiaidh! Is é mo ghalra dubhach é nach é mo chroidhe atá dúnta, A's gan súil a bhaile leat arís go bráth! Nuair a bhreathnuighim síos ar Pholl-an- Iarrainn, Cé an cás dom bliadhain acht arís go deo, Ins an áit a h'oileadh é, an leannaibh uasal, Acht nach truaigh sin a's mo chreach, é 'r lár! Nuair a chonnaic mise ceann an chóntrann A' teacht ins an bpóirse, 'seadh a gheit mo chroidhe, Bhí "Mrs. Jennings" ann agus í dá phógadh, An Minor óg ann, nach bhfeicfear choidhche! Bhí píopaí geal' ann agus leann d'á dhóir- teadh, Fíon agus beoir agus go leor dá roinnt, 'S nach cráidhte an bhainis é ag teacht an Domhnaigh, Agus mo mháighistir comharta le dul ins a' gcill. Go moch Dia Domhnaigh 'seadh a fuair sé a chóntra, 'S a Rí na Glóire nach badh é sin an táir, Duine uasal óg a bhí i ndiaidh a phósta, A shamhail ní chomhairfinn i bhfus ná thall. Leath na cúige bhí faoi n-a chumhachta, A's budh é sin an t-úghdar go bhfuair sé bás! Acha i dtúamba cloiche mé a bheith sínte suas leis, Budh é sin mo shólás dá bhfaghainn bás. A! "Mrs. Burke," is beag an t-iongnadh, Tú a bheith ag caoineadh do ló 's d' oidhche, Faoi do dhearbhráthairín cumannach nach bhfeic- fear coidhche, Scáth na tíre de dhuine uasal óg.
Mo Mhíle Stór A chailín bháin, fan liom go bráth, 'S ní bhlasfad braoin níos mó; Tá fuil mo chroidhe dá silt do dhiaidh, A's tacadh ar mo ghlór. Ní aithneóchad lá ó oidhche go bráth, Ná teas ó fhuacht go deo, Go dtigir ar ais, a chailín dheas, Ó's tú mo mhíle stór. Ó, a chailín bháin, is tú mo ghrádh, A's mo pháirt sa t-saoghal mhór; Gan tú i láthair Dé na nGrásta Ní sásta bhéinn gan gó. I ríoghacht na Spáinne ná Gearmáine Do shamhail ní fhacas fós, A bhé na mbárd, a dhíl-bhean bhláith, Is tú mo mhíle stór.
Brighdín Bheusaidh. Phósfainn Brighdín Bheusaidh, Gan cóta, bróig ná léine; A stóir mo chroidhe, dá mb'fhéidir liom, Do throisgfinn duit naoi dtráth, Gan biadh gan deoch gan aon chuid ar oileán i Loch Éirne, D'fhonn mé a's tú bheith i n infheacht go réidhfeamuis ár gcás. A ghruaidh ar bhath na gcaor-chon! A chuachín bháirr an t-sléibhe! Do ghealladh ná déan bréagach, Acht éirigh leis an lá, 'S i n-aimh-dheóin dlighe na cléire Go dtógfainn thú mar chéile, 'S a Dhia, nár dheas an sgéal sin, Duin' ag eulódh' le na ghrádh. Do gheit mo chroidhe le buaidhreadh Agus sgannraidh mé naoi n-uaire An mhaidin úd do chualaidh mé Nach raibh tú rómham le fághail, 'S a liacht lá faoi shuairceas Chaith mise 's tú i n-uaigneas 'S gan neach ar bith d'ár gcúmhdach Acht an crúisgín 's é ar an gclár. Dá bhfághainn amach do thuairaisg Dá dtéightheá go bonn cruaiche, Rachadh an sgéal ro chruaidh orm Nó leanfainn do mo ghrádh, 's go mb'fhearr liom sínte suas leat 'S gan fúinn acht fraoch a's luachair Na
'g éisteacht leis na cuachaibh Bhíos ar siubhal ag éirighe lá (i.e. láe).
'S é ádhbhar m' orna 's m' éagcaoin Gach maidin mhoch d'á n-éirighim A chúil na lúb 's na bpeurla Nach tú bhí dham i ndán, 'S ní iarrfainn leat mar fhéirín Acht mé a's tú bhéith i n-éinfheacht In áit éigin 'n ár n-aonar, Go leagfainn ort mo lámh. Sheinnfinn céol ar teudaibh Go binn, le barr mo mheura, Thréigfinn mná na h-Éireann ort, A's leanfainn thú 'san tsnámh. 'S dá mbéidinn am' righ na Gréige No im' phrionnsa ar na céadtaibh Do bheurfainn suas an méad sin Do pheurla an bhrollaigh bháin. Dá bhfeicfeá reult an eólais 'S í teacht i mbéal an bhóthair Déarfá go mbudh sheód uait Do thógfadh ceo a's draoidheacht, A gruadh dearg mar rósaibh 'S a súil mar drúcht an fhóghmhair, A béilín tana ró dheas 's a brághaid ar dhath an aoil. Bhí a dá chích corra cómh-chruinn Mhol mé iad 's ní mór liom, 'N a seasamh ag deanamh lóchrain 'S iad ceartha os cómhair a croidhe. Tá mé i mbrón 's i ndóghraing Ó sgiorr tú uaim tar teórainn, Cidh is fada ó fuair mé cómhairle Go ngiorrócha ar mo shaoghal. Tosóchad shíos i mBréuch-bhuidhe A's rachad go Loch Éirne, Ó Shligeach go bonn Céise Bheurfaidh mé mo sgríob, Siúbhalfaidh mé Móin-Éile, Corcaigh a's Binn-Éidir, 'S ní sheasfaidh mé i dTom-Gréine Go dtéidh mé go Tráighlighe. Níl gleanntán cnoic ná sléibhe Ná baile-cuain 'san méad sin Nach siubhalfaidh mé, má fhéadaim, 'S nach dtóireóchaidh mé mo mhian, Muna bhfágh' mé Brighid 'san méad sin Ní'l agam le rádh léithe Acht beannacht slán á's céad do chur Le bláth na sugh-chraobh. A sgéimh, a croidhe 's a breághtha Ní sgriobhfadh Bhirgil ráithe, A dá chíc gheala bhana Mar an eala tá ar an dtoinn, A malaidh caola, tarraingte 'S a súil chomh cruinn le áirne A bhíos i gcómhnuidhe, tá 's againn, Ag fás ar bhárr an toim. Budh mhillse blas a póige Ná mil na mbeach 's é reóidhte, Ba dheas a seasamh i mbróig 'S a cúilfhionn fáinneach fionn. 'S dá mbéinn a's bláth na h-óige I mBalla no i mBothóla Ni fhágfamaois go deireadh fóghmhair é, Acht ag spórt 's ag déanamh grinn. Deir Mercuri gur dóigh Gur b'é Pluto sgiob an tseód leis, 'S gur ab iomdha gárdaidh móra Tá gabhail idir mé 'gur í, Is é Jupiter a máighistir, A's triallfaidh mé d'á láthair, Acht fanfad go dtí amárach Go leigidh mé mo sgíth. Ta mé tuirseach, breóidhte, Cidh chaith mé leat mo bhróga, Go síorruidhe ag déanamh bróin, Ní chodhlaighim neull de'n oidhch', 's ó thug Hercules le ró-neart Cerberus de'n bhóthar, An measann sibh nach cóir dham Mo stór do leanamhain síos. Níor mhór dham congnamh láidir, Ní'l mé mór le Charon, B'éidir dhó mé bháthadh Dá dtiginn in a líon. Ta a bhád 's a mhaididhe rámha Go síorruidhe annrúd ar ghárda; Ní thaithnigheann dream an Phápa leis, Ní ghéilleann sé d'á ndlighe.
Níor chabhair dham na Spáinigh Mar gheall ar Bhainríoghain Máire, Bhíodh ag brúghadh a's ag cárnadh 'S ag congbháil na nGall síos, Acht dá mairfeadh Calvin lá 'cint, Cromaill, Hannraoi, a's Mártain, Dá sgríobhfadh siad dam cárda Ní h-éileóchaidhe orm pighin. 'Sé Pluto an prionnsa clamprach Sgiob uaim mo ghrádh agus m'annsacht, É féin augs Radamantus Ní caraid dom an dias, Bhulcan brúighte, dóighte, 'S a leath-chos briste breóidhte, Minor nach dtug tróchaire, Ná trustaigh an gaduidhe choidche'. Is iomdha abhainn bháidhte Sin agus contabhairt chráidhte, Tóirneachaidh ag cárnadh Agus ag lorgadh ar gach taobh, Acht triallfad orra amárach Agus mar admhuigh siad mo ghrádh dham, Geobhad congnadh láidir Nach n-éileóchaidhe orm pighin. Fianta Fionn níor mhór dham, Osgar 's Goll na Mórna, 'S Cúchullainn, an laoch cróganta Nár chlis i gcath ariamh. Clann Uisnigh dubhairt go leor liom Do bhainfeadh ar claidheamh lóchran, Agus Hector, an laoch mór-chruth Fuair fóghluim bréagh san Traoi. Chluinnfeá i dTir na h-Óige Gníomh na bhfeara móra, An tráth thosaigheadar a stróchadh Ag gearradh rompa síos. Acht Jupiter níor mhór dham Chuir Mentor, an fear éoluis, liom, Nár leig amuigh' i n-aon bhóthar mé Go dtug me abhaile Brighid.
Frinseach Thír' Eoghain. Ars' an Sionnach: - "Beannacht' leat a Chnuic Meadha, Beannachta libh idir fir agus mná, A's a liachtaighe lá aereach a chaith mé 'gaibh ann, Nó gur leónadh mo chnámha 'gabháil 'noir ag Gleann seabhach." "A' gabháil 'noir ag Gleannseabhac, nár chlaon é mo sgéal, Bhí m'anáil féin briste 's mo theanga thar mo bhéal." Bascadh an Sionnach a's é 'g dul thríd an móin, Mar suaitheadh é 'g clampar lé Frinseach Thír' Eóghain. Chuaidh cáil na bhFrinseach go fada 's go geárr, Do chuaidh sé go Breatain, do'n Fhrainc 's do'n Spáinn; Samhuil de dhaoinibh uaisle ní riabh riamh lé fágháil - 'S go mba leanbh buan, saoghlach é Frinseach Thír' Eóghain.
Ní'l an t-oighre óg seo acht naoi mbliadhna déag, 'S tá "ladies" na h-áite i ngrádh leis gan bhréig; Tá sé i gclár 'éadain le léigheadh ag an saoghal gur b'é is áit áruis do Flaitheas na Naomh. Dá bhfeictheá na Frinsigh 'teacht chuig an léim - "Dia 'gus a Mhuire, nach ionnta bhí 'n "game!" A's iad gleust' 'i ndearg, i ndubh 'gus i mbán - Och! impighim Rí an Dómhnaigh an t-oighre 'theacht slán. "Óbh! Óbh!" ars' an Sionnach, "cad 'dhéanfas mé féin? 'Seo iad na gadhair agus stróicfidh siad mé; Caithfear amach mé 's béidh 'n sioc faoi mo shróin, 'S mo ruball 'tráthnóna, ag Frinseach Thír' Eoghain. Dá bhfághainn-se ráithe nó cúpla mí 'spás, Rachainn 's an áit nach gcuirfidhe ionnam sgáth; Rachainn thart-amach síos go pláinéid Mhuigh- eó, 'Sní bhéadh mo ruball 'tráthnóna 'g Frinseach Thír-Eóghain. Bhíos annsin cheana, 's b'olc an chómhursa mé ann, Bhíos ro-bheadaidhe, ba mhór mo dhúil i bhfeoil; Mharbhuighinn féin lachain a's géadha go leor, 'S d'fhágaidh sin mise ag síor-shileadh na ndeór."
Bás agus an Muilleóir. Bhí mise lá breágh, 's mé ag dul go Tuaim, Nuair a casadh an Bás orm ar thaoibh a' dúin. "A' bhfhuil aon duine agat, ó ghluais tú ar siubhal"? "Béidh an muilleóir bán agam ar ghreim ar chúl."
An Muilleóir: Bíodh Ua Brian agat agus Tighearna an Chláir; Bíodh Ua Conchobhair tréan agat 's Ua Dómhnaill Óg; Bíodh Tighearna Sligeach agat agus a mhaighdean mhná, Agus fág seal eile ag an muilleóir bán. Bás: Ní bheidh Ua Briain agam ná 'n Tighearna Chláir; Ní bheidh Ua Conchobhair tréan agam ná Ua Domhnaill Óg; Ní bheidh Tighearna Sligeach agam ná a mhaighdean mhná, Acht beidh greim cúl cinn agam ar a' muilleóir bán. An Muilleóir: Má's gaiscidheach thusa, má tá tú 'rádh, Is lom, crúaidh, caithte é le cnámh gan feoil. Is fear gan mhisneach nach rachadh leat chun spairn Agus dhe réir mo mheasta, gur tú bhéadh ar lár. Bás: Má tá mise lom, caithte ní náire dham é. Agus a liachtuighe lá breágh a rugadh mé; Acht is teachtaire bocht mé ó fhlaitheas Dé Atá i ndiaidh gach anam bocht d'ar chaith a léas. An Muilleóir: Glacaim-se pardún ag Righ na nDúl, Le dul cun spairne le pláigh mar thú; Acht thug mé do roghan duith Ar bheirt nó ar thriúr, Agus bíodh Ruaidhín feasta agat nó muilleóir plúir. Bás: Leag mise an Gearaltach, 's budh gaiscidheach é, Goll Mac Mórna agus Conán Maol; Leagfaidh mé ar fad iad le conghnamh Dé, Agus beidh an muilleóir bán agam, 's cé choineóchadh é?
A Thomáis, a mhíle Stóirín! A's a Thomáis a mhíle stóirín, Ná buail síos le comhrádh 'r bith mé. Glac do shluasad 's do láidhe - Agus go deo deo ní céim síos ort é. Ag dul thríd an tráigh mhóir dom, Dar liom féin go raibh an drúchta 'na luighe, A's a chumainín fá dhó thú, Seo - póg dhuit nó go bhfillidh mé arís. Sé mo léan géar, a stóirín, Gan mo bhóthairín ag dul ag do thigh, Mar is leat a chaith mé mo bhróga I dtús m'oige, 's mé i ndeireadh mo shaoghail. A's go bhfuil mé ar mo leabaidh Le bliadhain 's cúig seachtmhaine déag Go bhfuil mo ghrádh geal sa Milísí, A's deir daoine nach bhfillfidh go h-éag. 'Sé mo léan géar, a stóirín, Gan bliadhain ar fad ins an ló, A's duilleabhair na g-craobh Ag síor-chur na meala dhá mbárr, Mise liom féin ins an tír A gcomhnuidheas mo ghrádh, Mo thaobh le n-a thaoibh Agus an chraobhóigín ghlas in a láimh. Bliadhain gus an oidhche aréir 'Seadh réab na capaill thar fál, A's i gcionn uaire n-a dhiaidh sin 'S eadh d'éaluigh mo ghrádh geal san snámh. Ní'l tuile dá mhéid Nach gcaitheann seal eile a' trághadh; Ní'l ann acht lucht bréige 'S b-féidir go bhfillfeadh mo ghrádh.
Uiseó mo leanbh. Uiseó! Uiseó! Uiseó - mo leanbh - Uiseó mo leanbh 's gabh 'mach tú a bogha. Uiseó! Uiseó! Uiseó - mo leanbh Uiseó mo leanbh 's gabh 'mach tú a bogha. Ei - Eidilí Eidilí, Eidilí, Eidilí, eidilí, Eidilí, Eidilí, Ei. Ei, Eidilí, Eidilí, Eidilí, Eidil. Uiseó mo leanbh 's gabh 'mach tú a bogha.
Suantraidhe Seothín, seothó mo stóir é mo leanabh, Mo sheod gan chealag, mo chuid de'n tsaoghal mhór, Seoithín, seothó nach mór é an taithneamh, Mo stóirín 'n-a leabaidh 'n-a chodladh gan brón! A leanabh mo chléibh, go n-éirighidh do chodladh leat, Séan agus sonas a choidhche 'do chomhair! Seo beannacht Mhic Dé agus téagair a bhuime leat, téirigh a chodladh gan bíodhgadh go ló. Ar Mhullach an tSidhe tá sídheoga geala Fá chaoin-ré an earraigh ag imirt a spóirt, 'S seo iad aniar chun glaoidh ar mo leanbh Le mian é tharraingt isteach san lios mór. Goirim thú, a chroidhe! ní bhfuigh' siad do mhealladh Le brígh a gcleas ná le binneas a gceoil, Tá mise led' thaoibh ag guidhe ort na mbeannacht, Seoithín, a leanbh, ní imtheo' tú leo. Seoithín, seothó, agus rl. Os comhair mo laoigh, go míochair cean'mhail Tá díl-ruisg aingeal ag faire 'n-a threo, Le mór-ghrádh dian 'ghá iarraidh chun bealaigh, Mar b'aoibhne flaithis dá rachadh sé leo. A stóir mo chroidhe, luigh siar in do leabaidh, Le taoibh do mhaime 'seadh fhanfair go fóill, Ní mór dham le Dia mo shiamsa 'gus m'aiteas, Mo Ríoghacht ar talamh i dteannta mo bhróid. Seoithín, seothó, agus rl.
Bhí mis' a's óig-bhean lá 'g 'ul an bóthar, Thugamar féin an Samhradh linn. Cia casfaidhe dúinn ach' an Gruagach Cródha, Thugamar féin an Samhradh linn. Samhradh, Samhradh, bainne na ngamhna, thugamar féin an Samhradh linn. Samhradh, Samhradh, bainne na ngamhna, thugamar féin an Samhradh linn.
D'fhiafruigh sé diom ar inghean dom an bhean óg sin, Thugamar, etc. Go deimhin ní h-í, 's í mo ghrádh a's mo stór í. Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. A dtiubhrthá cead dom-sa labhairt go fóill léi? Thugamar, etc. Mara ndeunaidh tú sin, deunfaidh mé an cóirtheas (?) Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. Téigh thusa 'n aithghiorra 's rachad-sa 'n bóthar Thugamar, etc. Pé againn leanfas sí, bíodh sí go deo aige. Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. Leanfaidh mé 'n Gruagach, ó's deas an fear óg é. Thugamar, etc. Do bheo nó do mharthainn nar fhillir go deo orm! Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. Is iomdha sin bó 'g 'ul thar chlaidhe teorann, Thugamar , etc. Ag tógáil seilbh' ar sheilbh na gcomhursan. Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. 'Sé fhearacht sin agam-sa leat-sa, a stóirín, Thugamar, etc. D'fhágais annsin mé bocht agus brónach. Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. Tháinic sí chugam arís tráthnóna, Thugamar, etc. A's thug sí léi an leithsgeul ba chórtha. Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc. Ach' níor fheud mise éisteacht le caint de'n tsórt sin. Thugamar, etc. D'fágas ó shoin í ag gol go brónach. Thugamar, etc. Samhradh, Samhradh, etc.
Léine Bharraigh. Tá cailíní óg' ar a mbaile sin thall, 'S ní bhéidh siad sin beo 's go dtéidhidh siad 'sa bhfaisiúin. Tá ribíní "satín" de'n fhaisiúin a bhí daor 'ca, Gan aca 'san oidhch ach' ceallaigh mo laddí. Dheamhan buachaill óg dá ngeobhtá i dtír, A Mhuire 's a Chríost, is truagh gan tú agam. Ní cuimhneóch siad choidhche ar chíos a dtighe, Ach' a n-ascaillí buidhe thríd a léine bharraigh. Rum do dum dum dl-dí díol-dí dum. Rum do dum dum dy-y rum ad-dí.
Cheannuigh mé ros agus chuir mé 'sa' gcré é I mbárr an mhaca i dtús an earraigh: Bhain mé agus bháidh mé é, 's sgair mé ar fraoch é, 'Gur chuir mé sa gcré é gan stroinse cáillighe. Ní h-é an barrach garbh a cheannaigh mé féin, Acht an plúiríní glégheal leithéid mo dhadí. Chaill mé le figheadóir mo cheithre phighinn déag, Gan agam d'á bhárr acht mo léine bharraigh. Rum do dum, dum, etc. D'árduigh sí m'anam i mbárr mo chléibhe A's thóchas na plétí a bhí shiar ar a caraí. Dheamhan sin duine d'á cuala mo sgéal, Nár dhubhairt go raibh tréad ar mo léine bhárraigh. Rum do dum, dum, etc.
An Droighneán Donn Dá mbéidhinn 'mo bhádóir, is deas do shnámhfainn an fhairrge anonn, A's go sgríobhfainn cúpla líne le bárr mo phinn. Bhéidhinn ag téaltughadh ar feadh na leuna a's a' fásgadh a cúm', A's an lá nach féidir liom bean a bhréagadh, N'íl an báire liom. Anois a chumainnín! ó thárla ag imtheacht thú, go bhfillidh tú slán, Sgeul cinnte gur mharbhuigh tú mo chroidhe in mo lár. Ní'l maoin agam a chuirfinn in do dhiadh ná bád, A's go bhfuil an fhairrge ar a teorainn ead- rainn, a's ní dual dam snámh. Tá cluanaidhe óg dhe bhuachaill do mo mhealladh le bliadhain Nó go ndearnaidh sé gual dubh i lár mo chléibh; 'S mór a mealladh é, ná'r bheannuigh sé mo mhéin i gceart, Ná 'r fhillidh sé! a's tuille tubairt' chuige, nó go bpósfaidheas mé. A Mhuire dhílis! céard do dhéanfas mé, nuair imtheochas tú uaim? Ní'l eolas in do thigh agam, in do bhealach 'ná do shráid. Ta mo dheadí go dubh i dtalamh a's mo mháithrín faoi bhrón, A's tá fir Éireann i bhfad i bhfearg liom, a's mo ghrádh i bhfad uaim. Is fear gan chéill a rachadh ag dréim leis an gclaidhe bhéadh árd, A's claidhe beag eile le n'a thaobh ann, ar a leagfainn mo lámh. Gidh gur b'árd é an crann caorthainn, bíonn sé searbh as a bhárr A's go bhfásann smeura, agus bláth súth craobh ar an gcrann is ísle bláth.
An Droighneán Donn Síleann céad fear gur leo féin mé nuair ólaim lionn. 'S teidhean dá dtrian síos díom ag cuimhne ar do chomhrádh liom; sneachta séidhte 's é d'a shíor-chur ar Sliabh na mBan Fionn 'S tá mo ghrádh-sa mar bhláth na n-áirne Ar an droighneán donn.
Dá mbéinn 'mo bhádóir is deas do shnámh- fainn an fhairrge anonn, 'S do sgríobhfainn chugat líne le bárr mo phinn; Faraoir geur! gan mé a's tú a ghrádh mo chroidhe I ngleanntán sléibhe le h-éirghe gréine 's an drúcht' na luighe! Cuirim féin mo mhíle slán leat, a bhaile na gcrann, 'S gach baile eile dá mbíodh mo thriall ann; Is iomda bealach fliuch, salach agus bóithrín cam 'Tá idir mé 'gus an baile 'na bhfuil mo stóirín ann! Tabhair mo mhallacht do t'athair 's dod 'máthairín féin, Nár thug beagán tuigsiona dhuit mo lámh do léigheamh; Is moch ar maidin chuirfinn chughat-sa brígh mo sgéil, Bíodh mo bheannacht agat go gcastar ort i n uaigneas mé. A Mhuire dhíleas! creud do dheunfad má imthigheann tú uaim; Ní'l eolus chum do thighe agam, do theaghlaigh, ná do chlúid; Ta mo mháthairín faoi leath-trom 's m'athair san uaigh, Tá mó mhuintir ar fad i bhfearg liom, 's mo ghrádh i bhfad uaim! Má's ag imtheacht atáir uaim anois, a mhúirnín, go bhfille tú slán! Is dearbhtha gur mhairbh tú mo chroidhe in mo lár; Ní'l coite agam do chuirfinn ad' dhiaigh, ná bád, Tá an fhairrge na tuilte eadrainn 's ní h-éol dom snámh.
Cearc agus Coileach. Cearc agus Coileach a d'imthigh le chéile, Shiubhaladar Éire gur briseadh a gcroidhe; A's cuadar go Gaillimh le héirghe na gréine, Gur cuireadh an "péire" isteach ag an dlighe. Is ag Uilliam ó h-Uileán a bhí siad ar féarach, 'S ithe mónóga sléibhe 's codladh 'sa bhfraoch, Go dtáinig an sirriamh go lúthmhar a's aereach, 'Sguab sé an péire isteach go B'l'áth-an Ríogh. Dá bhfeictheá 'sa 'n coileach lá aonaigh 'sna sráidibh, Hata breágh lastair a's laimhíní buidhe, Ceithre spur fhada de'n airgead Spáinneach, Fuip in a láimh, 's é 'tigheacht mar an Righ. 'S ag Muileann na Leice, 'seadh chuala mé an trácht air Ag mnáibh bhí cothuighthe le bláthach Sheagháin Mhóir. M'éinín coiligh bhí agam le haghaidh na féile Mártain, Gur mharbhuigh na mná é le dúil ins a bhfeóil; Thug siad isteach é gur sgar siad a chnámha, 'S gur chaith siad an lá sin spóirteamhail go leor. 'S narbh fhearr dóibh spóilín a cheannach ar fóghnamh, 'Ná an chaoi a ndeachaidh a gcáil ar fud Chonndae Mhuigheó. Bhí cearc ag Seághán Bán budh dheise 'ná péacóg, Ubh agus céad a rug sí sa lá. Tháinig an sionnach a mharbhuigh na céadta 'S thug sé de'n réim sin í isteach go Slíabh Bán. Daimhseochaidh sí monuar, cuadraill a's caeper. 'Muigh ar an "stage" ós coinne Dúin-Mhóir, 'S an bharra na Gaillimhe leig sí an chéad ghlaodh, Cleite ar mo "ghame" níor baineadh go fóill.
D'éirigh mé suas ar maidin 'sa' drúchta, Mo chapaillín cú liom 's mo mhadadh beag bán. Chonnaic mé an sionnach 's é fighte fuaighte, Siar ins an uaimh 's cloch ar a cheann. Tharraing mé aniar é go ndearnadh sé udhachta, Ann a bhfacaidh a shúil nó loirg a lámh. Sé Tomás De Búrca an buachaillín sgíurtha, Chuirfeadh na cearca 's na coiligh ar fágháil. "M' ochón"! ars an chearc 's í 'dul ar an bhfaraigh, "Nach brónach 's nach deorach le h-innsint mo sgéal, Athair mo chloinne, 's céile mo leabthan, A' dul ins an bpota a's leac ar a bhéal." "Anois," ars an chearc, "ó thárla i m' bhaintreabhaigh mé, Gráinne ní phiocfad go dtéigheadh 'sa gcré; Acht bheirim mo mhallacht tráthnóna a's maidin Do mhnáibh Doire Leathain' a mharbhuigh mo ghame."
A's óró mhíle grádh. A's óró mhíle grádh, A's óró mhíle grádh ím bím boberó 'S huch! 'sé mhíle grádh. óró, óró, óró, í, 'S óró mhíle grádh
Art Ua Ceallaigh. Triallaire bocht mé a'siubhal íochtair na tíre, Ag tigh Airt Ui Cheallaigh 'seadh casadh 'san oidhch' mé, Gan fiú 'n phluid leabaidh a bheith i mo thimcheall, Acht' teach fuar, follamh gan duine 'na daoine - 's mór - ó! Tháinic Art isteach chugam Ar buile agus baoghalach, Níor dhubhairt sé "what's dara" Gur fhiafruigh sé dhíomsa "What in the dickens, Ach, dhuine, cá mbíonn tú, Nó cé an cat marbh A chas in mo thír thú?" - ' mór ó. Labhair mé leis De chómhrádh chaoitheamhail, Gur triallaire bocht mé A tháinic 'san tsligheseo, Go dtáinic mé isteach Go leigfinn mo sgith, 'S dá suidhinn cois na gclaidhe amuigh Ba fuar fad' an oidhch' í - 's mór ó! "Níor mhinic le triallaire A theacht i mo thigh-se, Níor tháinic ariamh Agus ní thiocfaidh choidhche. Ní'l i mo theach-sa Acht mise 's m'inghean Agus dá maireadh m'athair Ní bhéarfainn blas bidh dó" -'s mór ó! "Duine dona t'athair Fuair ó do ghaol thú, Mar' dtugthá dhó Teas teine ná dídean. Céad glóir do na h-aspoil, Nach bhfuil ó mo ghaol leat, Nuair nach duine thú Is cosamhail le críostaidhe" - 's mór ó!
"Cad chuige nár shuidh tú Cois chlaidhe eicínt nó dídean, Gan a theacht i mo thigh-sa An tráth úndí d'oidhche? Sin nó a' dul go dtí tabhairne Ag caitheamh do phighinn' ann. Nuair a bhínn féin triallaireacht Siúd é a dhéanainn" - 's mór ó! "Leig de do chuid cluainigheachta Anois, Airt, 's ná síl é; Ní chuirfidh tú amach mé Chomh réidh agus sílir, Ní'l aon teach leanna Anois i bhfoisgeacht cúig mhíle, 'S ba ró-mhór é m'fhaitchíos Go gcasfaidhe an t-sluagh sidhe orm" - 's mór ó! "Duine dona, meathta thú, 'Ta tú ró éigear, Is cosamhail nár léigh tú Aríamh Scriptúir nó Bíobla. Ní raibh leithéide ariamh ann Agus ní bhéidh coidhche Agus is piseóigí cailleach iad, An cineadh ar díobh thú -'s mór ó! Ní'l fhios agam féin Cé'n spailpín óinmhidh thú A ghoidfeadh mo hata Mo chót' 's mo bhríste, A ghoidfeadh an casúr A bhéadh i bhfraitheachaibh an thighe agam Agus imtheóchadh ar maidin Shul dhá n-éirigheadh mo dhaoine" - 's mór ó! "Ní duine de'n t-sórt sin mé, Airt, 's ná síl é, Acht buachaillín múinte De bhunadh na tíre Théigim-se a chodladh Le tuitim na h-oidhche, Agus ní éirighim ar maidin Go leigtear céad glaodh orm" - 's mór ó! Cuaidh Art a chodladh I gcionn uair' d'oidhche. Ar chunnt' ar an aithis Narbh' éirighe dhó choidhche! Mar níor orduigh sé dhom-sa Teas teine ná dídean, Acht mo shuidhe ar a' gcathaoir 'S a inghean ar thaoibh dhiom - 's mór ó! Labhair an inghean De chómhrádh caoitheamhail. "An bhfuil do chiall agat Nó 'n maireann do chaoimhtheach? Nó dá mbéadh fhios agam Gur duine de bhrígh thú Chóireóchainn do leabaidh 'Gur chuirfinn' do luighe thú" - 's mór ó! "Taisge m'anam, Agus cuisle mo chroidhe! Ní inghean do Art thú, Mar tá tú lághach caoitheamhail. Meireach gur ró-mhór é m'fhaitchios Go bhfuil ó mo ghaol leat, Badh mhór é mo ghean ort, A chailín groidheamhail" - 's mór ó! "Dá mbéadh fhios agam Nach bhfuil ó mo ghaol leat Chóireóchainn do leabaidh Agus chuirfinn do luighe thú. Chuirfinn mo ghúna ort Tar ó an oidhche Agus go deimhin féin chaithfinn leat Carthannas míosa" - 's mór ó!
Túirne Mháire. A Mháire chiúin tá'n Nodlaig ar tús, Anois le congnamh an Árd-Ríogh Cuir do thúirne uaim 'san deamhan 'S trí chos úr ó'n Spáinn faoi Mul as Lundun, ceap as Luimneach, Cuigeal as Laighin in áirde Sreang don tsíod' is fearr 'sa tír seo, 'S béidh do thúirne sásta. Fal lal, fal lal, fal lal - lér í. Fal lal, fal lal, fa lú, fa la, fa lér í. Túirne Mháire. 'Sé túirne Mháire'n túirne sásta, Shiubhail sé roinnt mhaith dhe Éirinn N'íl cnoc ná gleann d'a ndeachaidh sé ann, Nach ar
fhág sé cuid d'á thréithibh. Chaith sé lá ar bhruach Cinnsáil', Ar lúb ins an ngleanntán sléibhe. Ná sidheógaí mná bhí ar thaobh Chnuic Meadha Do shníomh leis "lawn" a's "cambric." Túirne Mháire Thíos i gCill Mhanntán rinneadh an tromán, Tuilleadh mór 'gus ráithe, De chnámhaibh an ghearráin rinneadh an biorán A's chaitheadar i bhfiadhnais' Mháire é. Bhí ceathrar ag sníomh ó mhaidiin go faoidhch', 'S ochtar 'san oidhche ag cárdáil. Nach suarach a sníomh do chailínibh tighe, Leath-tugtha ag sníomh an lá sin? Ní h-í mo bhean-sa bean an túirne, Acht Eibhlín mhúinte bhéasach, A cos d'a stiúr' ar mhaide túrna 'S a lámh ag déanamh réidhteacht'. Ba thuaith an stúmpa, slinneán strumpuighthe, Cuigeal cam, gan faoidhim leis, Leagadar fúm an gliogaire túirne Gan fuaim, gan tiúin, gan gléas leis. Nach é sin an túirne ciúin gan tuirse A bhris mo chroidhe gan leigheas orm, A' dul thar muir a' tóruigheacht fuinnimh, 'S dheamhan sin snáithe a shníomhfadh sé. Túirne 'gus eiteal, ceap agus tromán, Péire láimhín a' déanamh réidhteacht', Tugtar i mo láthair briste nó slán, Is cruaidh an cás nach ngléasfainn. Nach é sin an túirne is cruaidh a bheith buan Ag raibléire tuaith is marsáil, Le beartuigheacht púcaí ag tigheacht dár ndúiseacht Ins an mbothán chuig a' gcarnán. Bean-tighe shúgach, chliste, luathmhar, A' freastal triúir 's í a' cárdáil, Le n-a fearsaid-úr a lax-a-loodle 'S gan neart ná cumhacht a thárrtháil.
Buailtear an milleán ar shagart an pharáiste, Mar 'sé a chaith tús an lae leis, Muna bhfuil sé i ndán do'n dream seo dhíbirt Ná an oifig naomhtha a thairiscint. Ní'l Domhnach anall ó Shamhain anuas Nach dtéigheann sé thríd an éideadh, Nach truagh leat Máire buaidheartha, cráidhte, D'easbaidh ádhbhair a léinteóige. Tar éis a ndubhairt mé, ní'l sé i dtiúin Go gcuiridh mé a' siubhal é i mbárach, Síos go Cill Alaidh a' féachaint an easbuig Go dtógfaidh sé suas in a láimh é. Mar bhí sé malluighthe ní féidir a bhean- nughadh Go dtéighidh sé chun Árd Naoimh Pádraig, Le neart a shoirne 's a mhéid a shluigfeadh Ní choinneóchadh ceathrar snaithe leis. Leigheas mo thúrna ní'l ag aon roimhe, Ag sagart, bráthair, ná cléireach, Go dtagaidh Mac Ruadháin atá i n-a chrannóig Thall ar thaobh an t-sléibhe: Mar is aige bhí an t-ádhbhar le n-a chómhrádh, A bhaineas do'n úsáid céadna; Má's fíor a chómhrádh le na spócáil, Éireochaidh sé ins na spéarthaibh.
Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh, 'S ní mar do chuirfeadh mná ná mbodach Suas i bpluidín nó i mbráithlín barraigh, Ach' i gcliabhán óir a's an ghaoth 'ghá bhogadh. Seó hín seó 's lul la leó, Seó hín seó 's tú mo leanbh. Seó hín seó 's lul la leó, Seó hín seó 's tú féin mo leanbh. Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh, Lá breágh gréine idir dhá Nodlaig, Ar urlár leathan ar bhárr an chnuic, Faoi bhun na gcrainnte A's an ghaoth 'ghá bhogadh. Codail, a leinbh, agus go mbadh chodladh slán dhuit Ar do chodladh go dtugaidh tú do Shláinte: Nár bhuailidh an coilig ná greim an bháir thú, Galra na leanbh, ná an bholgach ghránda. Só hín seó, etc.
An Chailín Deas Óg An cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir, Mo chreach mhaidne brón, ní castar liom í, Tráth théighim go tigh 'n óil, an damhs' nó an spóirt; Ach' Leanfad 'sa ród í ar uair an mheadhoin-oidhch'. Mar is tus' an fear cóir a shiubhlas go léor, Fáigh dhomsa seód a bhéas agam mar mhnaoi. Ná sanntuigh go deo maoin chaorach na bó, Acht innseóchaidh me nós 'na a dtógfaidh tú í. Bíodh sí lághach óg gan mhairg gan ghruaim, Stuamdha go leor ar gach uile shórt nidh, Tuigsineach ró-dheas gan an iomarca bróid, Siúd í mo stóirín dá mbéadh sí gan píghinn. Dá mbéinnse chomh claon is go n-éalóchainn le mnaoi, Nach é sin an nidh a rachadh os árd, Ní bhéadh eadrainn choidhch' acht troid agus bruighean, 'S gan cion aici 'r nidh d'á nglacfadh mo lámh. Dá chiún' iad na mná tá 'n anachain ionnta, Ní féidir le fáidh ná le fil' a chur síos, 'Sé rachadh dá ngrádh choidhch' in mo lár, Ó thoirigheann sé a'trághadh nó go bhfillidh sé 'ríst.
An Caitín Bán Bhí an caitín glas ag siubhal go deas, Nuair a fuair sí a maicín sínte, 'S gur bliadhain ó an lá sin fuair sí a clann, Caithte a's báidhte i dtrínse An caitín bán bán bán, An caitín bán, cat Bhríghde An puisín ban sneachta bán Do báidheadh ins a' dtrinse.
D'éirigh an mháthairín suas 'n-a seasamh Nuair a fuair sí a maicín sínte; Thug sí a bhail' é, 's righne sí leaba, A's thosuigh sí annsin d'á chaoineadh. An caitín bán, etc. Bhí roinnt d'á clainn ag Aindríú, an dall, A's thángadar i bpáirt d'á chaoineadh: Tá mé dearbhtha, má chloiseann Barry é, Nár mhaith leis bás chait Bhrighde. An caitín ban, etc. Níor bhris sé cómhra ná glas comharsan, A's im na mbó níor mhill sé. Agus ní fhaca tú ach' an seanchur Bhí 'g na luchannaibh d'á innseacht. An caitín bán, etc. Ba ghlas í a shúil 's ba dheas a shiubhal, A choismeig lúthmhar éadtrom: Is measa liom siúd ag dul faoi 'n úir Ná cúig Mumhan d'á éisteacht. An caitín bán, etc. Bhí cruit ar dhruim an chaitín bháin Chomh mór le "jug" trí píonta, A's nár dheas an "show" ag daoinibh móra An caitín poll deas Bhrighde. An caitín bán, etc. Cuirfidh Máirtín Uaitéir cómhra chláir air, A's is righ-mhaith uaidh sin a dhéanamh, Agus marach an t-am a bhfuair sé bás Gheobhamuis ádhbhar caointe. An caitín bán, etc.
An Caisideach Bán. Bhí mé lá breágh a' tabhairt turais na Cruaiche, Agus mé ag gluaiseacht ar an taobh thall, Ag cur tuairisg' an chailín deir a d'fhág m'inntinn buadhartha, Agus rinne sí gual de mo chroidhe in mo lár. D'at mo ghuailne go dtí mo chluasa Agus fuair mé fuagradh glan géar ó'n mbás, 'S ní'l duine dá gcualaidh mo sgéal an uair sin, Nachar dhubhairt go mba truagh bhocht an Caisideach bán. Ar cheann an staighre tá plúr gach maigh- dean, 'Sí siúd meidhreog an bhrollaigh bháin. Is truagh nach liom í, gan buaidh ná punnt í, A's í bheith gan chunntas liom ar láimh. Dhéanfainn teach mór dhí ar shúil an bhóthair, Agus chuirfinn cóiste faoi n-a clainn, A's a chúilín ómra, dhá mblighteá bó dhom, In do cheangal fóghmhair ní chuirfinn suim. Nach aisteach an réasún le gur chuir tú i gcéill dom Nach bhfásfadh an féar tríd an talamh aníos, Nach ndéanfadh an ghealach solas do Éirinn A's nach lasfadh na réalta i dtús na hoidhch'? Ní'l brígh ná spreachadh i dteas na gréine A's go snámhaidh na héisg ar an muir gan braon; A's go n-éirighidh na tuilte chomh hárd leis na sléibhte Go deo ní thréigfidh mé grádh mo chroide.
'S bhí me sealad ag fóghluim Béarla, 'S dubhairt an chléir go mba mhaith mo chaint, An fad úd eile, gan onnsa céille, Acht mar na héinínibh faoi bhárr na gcrann; Amuigh 'san oidhche gan fasgadh ná dídean, Agus sneacht' dhá shíor-chur faoi íochtar gleann; 'Gus a chúilín donn-deas ar chaill me na grádhaimh leat Nar fhághaidh tú na grástaí, mur n-éaluighir liom. Bhí mé i gcoláiste go ham mo bheárrtha Agus ins an Árd-sgoil ar feadh cúig bliadhain Go bhfuair mé oideachas agus cómhairle ó'n Eaglais Acht faraoir cráidhte, bhris mé thríd! Is ríogh-mhór m' fhaitchíos roimh Rígh na nGrásta Nach bhfuil sé i ndán go dtiocfad saor, Mar is mó mo pheacaidh ná leath Chruaich' Phádraic, Mar gheall ar ghrádh a thug mé d' inghin mhaoir. Siúd í tharainn í, an eala bhán-deas, Agus í chomh gléasta le bean ar bith; Truagh mar geineadh í i mbruinn a máthar, Mar is le haghaidh mo bháis a rugadh í. Níl bun cíbe ná tulán timcheall Ná gleanntán aoibhinn a mbíonn mo grádh Nach bhfuil ceol da sheinnim ann de ló is d'oidhche, 's go bhfóiridh Criost ar an gCaisideach bán!
Tomás Bán Mac Aodhagáin. 'S ag dul ó theach an tórraimh dhom, chuir me eólas ar mo mhian. Mo chreach agus mo bhrón nach 'sa' mbail' a chaith mé'n oidhch'. Tá arrainn s' gabháil treasna thríom s' ag comhnuidhe i lar mo chroidhe; Ach' a stór mar' mbídh tú a bhaile liom, ní mhairfidh mé beo mí. A's tháinic Tomás Bán ar cuairt chugam, 's mé i n-uaigneas liom féin. 'Seurd dubhairt se, "Na bhíodh buaidhreadh ort, ná rud ar bith mar é, 'Sé do chúilín dualach a mharbhuigh mé, 's i ngeall air crochfaidhear mé, 'S gur measa liom go mór thú ná mo mháithrín 'tá 'mo dhéidh." A's a chomharsanna is a chomhairleacha, ná tóigidh orm é, Má chuaidh mé ag múnadh an eoluis le stóirín gheal mo chléibh'. Ní bhfuair mé riamh droch-eolus air go fóill ó rugadh mé, A's mur bhfeicinn acht ag gabháil an bhóitrín é, go dtóigfeadh sé mo chroidhe.
A's tá cuireadh go Cill Choinne orainn a's caithfeam a dhul ann, Béidh ann seisiún ceathramhnach idir Gaedhil a's Clainne Gall, Ní dhlighfidhear ann acht beirt eicínt, 's croch- faidhear iad, mo léan! Mar tá Tomás Bán Mac Aodhagáin 's Mac Uí Mhaoláin le n-a thaobh. A Thomáis Bháin og cinnte, 's tú searc 's stór mo chroidhe A Thomáis a dtug me gean duit seachas fearaibh óg' an tsaoghail, Crochfaidhear tú go cinnte mur' bhfuil ag grástaibh Dé, 'S a Dhia, nach mór an feall é an plannda breágh mar é. 'S a Thomáis Bháin Mhic Aodhagáin, 'sé mo léan thú a' dul i gcéin, A's cé hiongnadh liom do mhaithrín bheith brónach in do dhiaidh. Dá mbeitheá ar leabaidh an bháis aicí, cia 'r chás dí thú bheith tinn, Ach' do chrochadh aa na sáltachaibh, 's an bháis- teach le do dhruim! A's ní slad mainistreach ná teampaill a rinne stór mo chroidhe, Ní feoil ná géir a shanntuigh sé, ná rud ar bith mar é, Ach' mar gheall ar bhólacht Stanley do crochadh é, mo léan! 'S an té a bhfuil grádh do Chlainn na nGall aige, an ceann go gcaillidh sé. Béidh gárda breágh, láidir ag teacht le stór mo chroidhe, Béidh Gearaltaigh Chluain Dálaigh 's arm dearg an Ríogh, Béidh Major óg Ó Conaill 's Ó Ceallaigh as Cluain Aoid 'S da mbéadh triúr mar Ó Conaill óg agam, ní crochfaidhe stór mo chroidhe
Óró, 'Mhíle Grádh A's óró, 'mhíle grádh! A's óró, 'mhíle grádh! Seo boberó le do bhoderó, go n'éirighe an lá bán. óró, óró, óró, A's óró, 'mhíle grádh. A's óró, 'mhíle grádh, a's óró, 'mhíle grádh! Seo píosa pinghinn duit, ná bí dho mo bhodaráíl. 'S óró, óró, óró, 's óró, 'mhíle grádh! A's óró... Má tá píosa pinghinn agat imthigh 's cean- naigh lucht sgadán. 'S óró... A's óró... Go dtachtuighidh fata lomtha thú i mbéidh gealach in a lár. 'S óró... A's óró... Thug tú t-éitheach a sheanduinín, sin bréag ata tú a' rád'. 'S óró...
A's óró... Sgib a's sgeab, a lorga bhreaca 's ní bréag ata mé á rádh. 'S óró... A's óró... 'S maith coltar céachta dhéanfadh an t-srón atá ar do ghrádh. 'S óró... A's óró... Mais' is maith an piostal póca dhéanfadh an t-srón ar do ghrádhsa 's óró... A's óró... Gabh 'siubhal i gCill-chluaine maidin drúchta le mo ghrádh. 's óró... A's óró... Go siubhailfinn-se Páirc a' Teampaill as mo ghlúinibh le mo ghrádh. 's óró... A's óró... D'fheicfeá thall i Sasana an lasadh atá as mo ghrádh! 's óró... A's óró... Tá lasadh buidhe na heitinne i bpluicín go ghrádh'. 's óró... A's óró... Chuaidh mo ghrádh an baile seo istigh in a "jaunting car." 's óró... A's óró... Níor ghadh do ghrádh an baile seo ó ghoid sé an ganndal bán A's óró... A's óró... "Caroline as Ballindine" 's "leggings" as an gCláir. 's óró... A's óró... "Up and down the market town and into Johnny Ward's." 's óró... A's óró... Ghabh mo ghrádh go Sasanna ag saoradh púnt 'sa lá. 's óró... A's óró... Ghabh do ghrádh go Sasana failpéireacht ar an mná. 's óró... A's óró... Ghabh mo ghrádh go Sasana ag ceannacht "mantle cloth." 's óró... A's óró... Dhaimhseochainn-se ríl le stór mo chroidhe ar thaobh na carraige báin'. 's óró... A's óró... Ta páircín na seacht n-acraidhe ag Sighle 'gus ag Seaghán. 's óró... A's óró... Tá páircín na seacht n-acraidhe faoi stac préacháin ag do ghrádh. 's óró... A's óró... Bóthairín gainnimh thríd an eannach ag Sighle 'gus ag Seaghán. 's óró... A's óró... Dá mbéadh gráínne "pepper" ar do lippa deamhan bobero níos fearr. 's óró...
A's óró... Do shíl me seal de'n t-saoghal fad ó gur mac maoir a bhí in mo ghrádh. 'S óró... A's óró... A leipreacháin a's a ghioblacháín, sin bréag ata tu a' rádh. 'S óró... A's óró... Is iomda uair cheannaigh fear fada fataí ó'n bhfear gearr, 'S óró... A's óró... Uisge bog a's barrach buidhe a bhfuil ag cailleachaibh le fágháil. 'S óró... A's óró... Ná leigidh Dia 's Muire! is deas a bhacaigh siad an cliabhán. 'S óró...
Sal-iú-nú-aer-í. Sal-iú-nú-aer-í Rú-nú aer-í, Siubhalfaidh tú thart agus fáigh mo mhían féin dam, Sal-iú-nú-aer-í Rú-nú-aer-í. Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í, Bridget Burke, a bhuail ar an mbeul mé, Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í. Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í, Dennis Flannery, a bheirim go h-éag duit, Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í. Bí liom bí. Bí liom bí, 'ar ndó' ná bí, Cá gcuirfea-muid a chodladh lánamhain chroidhe? 'S bí liom bí, 'ar ndó' ná bí. Bí liom bí, 'ar ndó' ná bí, I leabaidh aitinn i d-tóin an tighe, 'S bí liom bí, 'ar ndó' ná bí. Bí liom, bí, 'ar ndó' ná bí, Cé an bhean óg a chaill a croidhe? 'S bí liom bí; 'ar ndó' ná bí. Bí liom bí, 'ar ndó' ná bí, Seaghán Mac Aoidh a thóigfeadh mo chroidhe. 'S bí liom bí, 'ar ndó' ná bí.
-'S Oró, Downey. 'S óró, Downey, 'S óró dee, Tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'! Tá Downey i Lincoln, 's tá Downey i Leeds, 'S tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'. 'S óró, Downey 's óró dee, 's tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'. Tá Downey i Lincoln, 's tá Downey i Leeds, 'S tá Downey 'n-a chodladh, 's nár éirighidh sé choidhch', 'S óró, Downey, 's óró dee, Tá Downey 'n-a chodladh, 's nár éirighidh sé choidhch'. Chaith mé seacht seachtmhaine 's ceithre lá deug, Tá Downey 'n-a chodladh, 's nár éirighidh sé choidhch', 'S óró, Downey, etc. A' cruinniughadh na gcailiní sábháil an fhéir Tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh se coidhch', 'S óró, Downey, etc. Tá Downey i nGaillimh, 's tá Downey i gCluansín, Tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'. 'S óró, Downey etc.
Anach-Chuain Má fhághaim-se sláinte is fada bhéidheas tráchtadh, Ar an méid do báitheadh as Anach Chuain 'S mo thruagh amárach gach athair 's máthair, Bean a's páiste tá a sileadh súl. A Rí na n-Grásta, cheap Neamh a's Párrthas, Nár bheag an tádhbhacht dúinn beirt ná triúr. Ach' lá chomh breágh leis gan ghaoith ná báisteach, lán a' bháid aca a sguabadh ar siubhal.
Nár mhór an t-iongnadh os cómhair na ndaoine A bhfeicsint sínte ar chúl a gcinn, Sgreadadh a's caoineadh do sgannróchadh daoine Gruag d'á ciaradh 's an chreach d'á roinn. Bhí buachaillide óga ann tigheacht an fhóghmhair, D'á ríneadh ar chróchar, 's dá dtabhairt go cill, 'S gur b'é gleus a bpósta do bhí d'á dtóramh 'S a Dhia na Glóire, nar mhór an feall! Annsúd Dhia h-Aoine chluinfeá an caoineadh Ag teacht gach taobh, agus greadadh bos, A's a lán tar oidhche trom tuirseach claoidhte Gan ceó le déanamh aca acht a' rineadh corp. A Dhia 's a Chríosta d'fhulaing íodhbairt Do cheannuigh (go) fírinneach an bocht 's an nocht Go Párrthas naomhtha go dtugair saor leat Gach (creatúir) diobh dá'r thuit faoi an lot. Milleán géar ar an ionad ceádna Nár lasaidh reult ann 's nár éirighidh grian, Do bháith an méad úd do thriall i n-éinfheacht Go Gaillimh ar aonach go moch Diardaoin. Na fir go ghleusadh cliath 'gus céacht, Do threabhadh bréanra 's do chraitheadh síol, A's na mná dá réir sin do dheanfadh gach aon rud Do sníomhfadh bréid agus anairt chaol. Baile-Chláir do bhí anaice láimhe Níor leig an t-ádh dhóibh a ghabháil aníos, Bhi an bás chomh láidir nach dtug sé cáirde D'aon mhac máthar dá'r rugadh riamh. Muna sgéal a ceapadh dhóibh an lá so a mbáidhte A Righ na nGrása nár bhocht an nidh, Acht a gcailleadh uile gan loch ná sáile, Le sean-bhád gránna 's iad láimh le tír.
A Righ na nGrása chruthaigh Neamh a's Párrthas A's a Dhé, cia an cás dúinn beirt ná triúr Acht lá chomh breágh sin gan gaoith gan báisteach, Agus lán (an) bháid aca do dul go tóin. Bhris an bád agus báitheadh na daoine, Sgap na caoirigh anonn san tsnámh, A's a Dhé, nach annsin bhí an t-ár mór déanta Ar aon fhear déag agus ochtar mná. Bhi aithre a's máithre ann, mna 'gus páis- tidhe, Ag gol 's ag gárthaoil 's ag seilt na ndeór, A's mná dá réir sin do dhéanfadh aon rud Do shníomhfadh bréidín a's an airt chaol. A Thomais Ui Chathail, ba mhór an sgéal thú Do threabhfá brannra do chuirfeá síol A's a liachta buachaill do chraithfeadh lámh leat, Mo leun 's tú báidhte i n-Anach-Chuain. A Sheághain Ui Chosgair ba mhór an sgeul thú A's a liachta coircéim lúthmhar shiúbhail tú Ó Londhun anall go dtí Béal-tráth, An uair do shaoil tú snámh do dhéanamh Rug na mná óga ort 'bhos a's thall, 'S gur shaoil do mhaithrín da mbáithfidhe céad fear Go dtiucfá féin 'bhaile slán. Bhi Máire Nic Ruadháin ann, buinneán glégeal, An cailín spéireamhail bhí againn san áit; ghleus sí í féin go moch Dia Ceadaoin Le dul chum aonaigh ó Chnoc Dealáin, Bhi cóta uirri de thogha an éadaigh Cáipín lace a's ribínidh bhán', Agus d'fhág sí a máithrín brónach cráidhte Ag seilt na ndeór arís go bráth. Lorgadh sléibhe agus sgalladh cléibhe Ar an áit ar éagadar, a's milleán cruaidh, Mar 's iomdha créatúir d'fág sé ag géar- gol Ag sileadh 's ag éagcaoin gach maidin Luain.
Ní díoghbháil eólais do chuir d'á dtréoir iad Acht mí-ádh mór bhí san gCaisleán Nuadh, 'Sé críochnughudh an abhráin gur báitheadh mórán D'fhág ádhbhar dóláis ag Anach-Chuain.
Máire Ní Eidhin Dul chuig an Aifrionn dam le toil na nGrásta, Do bhí 'n lá a' báistigh agus d' árduigh gaoth, Casadh an ainnir liom le taoibh Chill- tartain, Agus thuit mé láithreach i ngrádh le mnaoi. Labhair mé léithe go múinte mánla, 'S do réir a cáileacht 'seadh d'fhreagair rí, 'Seurd dubhairt sí Raift' rí tá m'inntinn sásta, 'Gus gluais go lá liom go Baile Liagh. Nuair fuair mé an tairisgint níor leig mé ar cáirde é, Rinne me gáire agus gheit mo chroidhe, Ní raibh le dul againn acht trasna páirce 'S ní thug muid an lá linn acht go tóin an tighe. Leagadh chugainn bord a raibh gloine a's cárta air, Agus cúilfhionn fáinneach le m'ais 'na suidhe, 'Sé dubhairt rí, "Raifteri, bí 'g ól 's céad fáilte, Tá'n soiléar láidir i mBail'-ui-Liagh." Is aoibhinn aéreach ar thaoibh an tsléibhe Ag breathnughadh síos ar Bhail'-ui-Liagh, Ag siúbhal sna gleanntaibh 'baint cnó agus sméara, 'S geall ceileabhar éan ann le ceóltaibh sidhe.
Cia'n bhrigh san méad sin go bhfáighthe áléargus. Ar bhláth na gcraébh atá le n-a thaoibh, Ní'l maith d'á seunadh a's ná ceil ar aenne, 'Sí spéir na gréine agus grádh mo chroidhe. Shiúbhail mé Sacsana 's an Fhrainc le chéile, An Spáin, an Ghréig, agus ar m'air arís, Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Céibhe, 'S ní fhacaidh me féirín ar bith mar í. Dá mbéinn-se pósta le bláth na h-óige Tré Loch an Tóraic do leanfainn í, Cuanta a's cóstaidh go siúbhalfainn a's bóithre A ndiaigh an tseóid-bhean tá i mBaile- ui-Liagh. 'Sí Máire Ni h-Eidhin an stáid-bhean bheasach, Ba dheise méin agus b'áille gnaoi, Dá chéad cléireach, 's a gcur le chéile' Agus trian a tréithre ní fhéadfadh sgríobh. Bhuail sí Déridre le breághacht a's Bhénus, 'S dá n-abrainn Hélen le'r sgriosadh an Traoi, Acht is sgoth ban Éirinn as ucht an mhéid sin, An pósaé glégeal tá i mBail'-ui-Liagh. A réaltain an tsoluis agus a ghrian an fhóghmháir, A chúilfhionn ómra agus a chuid de'n tsaoghal, An ngluaisfeá liom-sa faoi chomhair an Dómhnaigh, No go ndéanfamaoid cómhairle cá mbéidh ár suidhe. Níor mhór liom ceól duit gach aon oidhche Dómhnaigh, Puinnse ar bórd agus dá n-ólfá fíon, A's a Righ na Glóire go dtrimigh an bóthar, Go bhfágh mé an t-eólas go Bail'-ui-Liagh.
Peigidh Mistéal B'ait liom bean d'imreóchadh cleas, 's nach gclisfeadh ar a grádh, Shiubhalfadh asteach le greann ar fhear, 's nach seasfadh leis san tsráid, Béilín deas 's milse blas na mil na mbeach faoi Cháisg, Cúl trom, tais, fionn, fáinneach glas, 'sí Peigidh tá mé 'rádh. Is míne a dreach ná clumh mín geal 's ná cúbhar na tuille ar tráigh, Croidhe breágh glas, do fhás nár mheath, mar éirigheas duileabhar 's bláth. Go dtéidh mé i bhfeart tá m'inntinn leat, a Pheigidh a mhíle grádh, Mo leun 's mo chreach gan tú 's mé leat ar chuantaibh Americá. A stóir mo chroidhe ná tréig do mhian acht breathnuigh 'steach sán gcás, Nuair thiucfas an tslighe béidh ól ar fhíon 's ní baoghal dúinn choidhche bás. A bhláth na gcraobh nach cruaidh an sgéal munab tú tá dham i ndán, Ar uaisle an tsaoghail dá mbéinn mo righ is leat do chraithfinn lámh. Dá bhfághainn-se caoi no áit le suidhe ní stadfainn bliadhain a's lá. Go sgríobhainn síos le peann deas caol do chuma a's do cháil. Níor rugadh riamh aon bhean san tír do bhéar- fadh uait an bárr, Ó sgriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi, a's ó cuireadh Déirdre chum báis. Ta lonnradh an óir i bhfolt mo stóir 'sé ag fás go fáinneach fionn Go béal a bróige chomh glas le deór 'sé fighte os a cionn, A bhláth na n-ubhall is breághtha snuadh ná duilleabhar báirr na gcrann, Fágh réidh Dia Luain go dtéidheamh chum siúbhal a's féach go bhfuil sé i n-am. Ta breághacht a's gile fuil a's cuisle a's lasadh deas dá réir, I mbláth na finne is cruinne glaise súil a's leagan béil, Ní bréag ar bith an sgéal tá amuigh, nach fear mé tá ar mo chéill Le bliadhain indiu gach aon lá suilt 's mé ag smuaíneamh ar bláth na gcraébh. Mo ghrádh fá dhó na mná go deó gidh d'fhág siad mise tinn Ag déanamh bróin faoi luach an óil do dhíogh- bháil é bheith cruinn, B'fhearr liom póg ó Pheigidh ar ndóigh 'sí bheith i n-uaigneas liom, Ná raidhbheas Sheóirse gidh budh mhór a leath dá mbeith sé cruinn.
Do b'ait liom dórtadh bheith ar pórter a's cannaidh lán de leann, Puinnse ar bórd a's gloinne i gcóir chomh fhad 's beith mo phóca teann, Mo ghrádh 's mo stór bheith os mo chómhair ag caint 's ag cómhrádh liom, Is léi d'ólfainn luach na mbróg dá mbeith mo chóta i ngeall.
Cillaodáin, nó Condae Mhuigheó. Anois, teacht an earraigh béidh an lá dul 'un síneadh, A's tár éis na féil' Bríghde árdóchad mo sheól, Ó chuir mé in mo cheann é, Ní stopfaidh mé choidhche go seasfaidh mé síos i lár Chondae Mhuigheó. I gClárchloinne- -Mhuiris bhéas mé an chéad oidhche, 'S i mbaile taobh shíos de, thosóchas mé ag ól, go Coillte Mach rachad, go ndéanfad cuairt míos' ann, i bhfogus dá mhíle go Béal an áth mhóir. Fágaim le h-udhachta go n-éirigheann mo chroidhe-se Mar éirigheanns an ghaoth, no mar sgapas an ceó Nuair smuaínighim ar Chearra a's ar Ghaillin taobh shíos de Ar sgeathach a' mhíle no ar phláinéad Mhuigh- Eó. Cill-aodáin an baile a bhfásann gach nidh ann, Ta sméara 's súbh-chraobh ann a's meas ar gach sórt, 'S dá mbéinn-se mo sheasamh i gceart-lár mo dhaoine D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís óg. Bíonn cruithneacht a's coirce, fás eórna 'gus lín ann, Seagal i gcraobh ann, 'rán plúir, agus feóil, Lucht déanta poitín gan license d'á dhíol ann, Mór-uaisle na tíre ann ag imirt 's ag ól. Tá cur agus treabhadh ann, a's leasughadh gan aoileach, Is iomdha sin nidh ann nár labhair mé go fóil Athanna 's muillte ag obair gan sgith ann Dhéanamh caint ar pighin cíora ann ná dadaidh d'á shórt.
Tá gach uile shórt ádhmaid dá'r chóir do chur síos ann, Bíonn sicamór 's beech ann, coll, giúbhais, a's fuinnseóg, Box agus cuileann, iúbhar, beith, agus caor- than 'S an ghlas-dair d'á ndéantar bád long a's crann seóil. An logwood, mahogani, 's gach ádhmad d'á daoirse, 'S an fíor-mhaide dhéanfadh gach uile ghleus ceóil Oltóir (?) 's sgeach gheal ann d'á gearradh 's d'á snoíghmeadh 'S an tslat ann do dhéanfadh cis cléibh agus lóid. Tá an chuach 's an smólach ag freagairt a chéile ann, Tá an londubh 's an céirseach ar gur, os a gcómhair, An gúld-sinse, 'n creabhar, 's an linnet i gcage ann An naosgach ag léimnigh, a's an eala ó'n Róimh. An t-iorlach as Acaill 's an fiach dubh ó'n gCéis ann, An seabhac as Loch Éirne 's an fhuiseóg ó'n mhóin. 'S dá mbeitheá ann ar maidin roimh éirighe na gréine, Go gcloisfeá gach éan aca ag seinm san "ngróbh." Tá an láir ann 's an searrach a bhfochair a chéile, An tseisreach 's an ceuchta, an treabhach 's an síol, Na huain ann ar maidin go fairsing ag méidhligh, Bíonn caoirigh a's tréada a's leanbh ag an mnaoi. Níl tinneas, ní'l aicíd, ní'l galar, ní'l éag ann, Acht sagart a's cléirigh ag guidhe na naomh, Tá mionáin ag gabhar a's bainbh ag an gcéis ann, 'S an loiligheach ag céimnigh ag triall ar an mnaoi. Tá an t-uisge san loch, agus abhnacha líonta, Na coracha déanta, 's na líonta i gcóir Tá an liús a's an bhreac a's an eascon 'na luidhe ann, An purtán, an faochan, an runach, 's an rón. Tá an bradán 's an ballach na gcómhnuidhe san oidhche ann, 'S an liubhán ag triall ann ó'n bhfairrge mhóir, An tártoís 's an gliomach 's an turabot riabhach, Cnúdáin a's iasg chomh fairsing le móin. Tá an eilit 's an fiadh 's gach uile shórt "gaém" ann, An madadh-ruadh' léimnigh, an broc 's an míol buidhe, Ceólta na ngadhar 's na h-adharca d'á séideach 'S le h-éirighe na gréine do thógfá do chroidhe. Tá daoine uaisle ar eachraibh agus marcaigh dá bhféachaint Ag fiadhach tre na chéile go dtigidh an oidhch', Soiléar go maidin arís dá réabadh Ól ag na céadthaibh a's leabaidh le luidhe.
Fághann díleachta 's baintreabhach cabhair a's réidhteach Slighe bidh, a's éadaigh, a's talamh gan cíos, Sgoláiridhe bochta sgríobh, sgoil, agus léigh- eann ann, Lucht iarrata na déirce ann, ag tarraing 's ag triall. Sháruigh sé an domhan in a h-uile dheagh- thréithribh Thug Raifteri an chraebh dó ar a bhfacaidh sé riamh, Sé deireadh na cainte: saoghal fad ag Franc Taafe ann Sliocht Loinnsigh na féile nár choigil an fiadhach.
Caismirt an Phótaire leis an Uisge-Beatha A chomráidigh dhílis ar chaith mé mo shaoghal leat, Dar m'fhírinn' do shaoil mé bheith cneasta, gur b'iomdha sin oidhche do chaith mé leat sínte 'S mé caitht' ar mo thaoibh cois na balla Ar chomhairle na ríoghachta níor sgar mise riamh leat, gur dhóigh tú mo ghruaig a's mo mhála, In san oidhche Dia h-Aoine Lá aonaigh Chill chríosta, i Suidhfinn i dteach Pheadair Ui Charrthaigh.
Seachthmhain go priaclach i bpeannaid 's i bpiantaibh dtig Thomáis Ui Fhloinn ar mo leabaidh, Do mo ghleus gach aon oidhche 's ar maidin arís, - Nár bhogaidh Dia choidhche mo charaid! Geallamhain go fíreannach do bheirim do Chríost Go ndiúltóchaidh mé d'ól uisge-beatha, 'S go bhfuil fhios ag an saoghal nach le dúil ann a bhím, Acht le grádh do na daoinibh bhíos 'na aice. Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabhaltas, Cruithneacht agus eórna le gearradh, Min in san gcófhra, 'gus teine, trathnóna. Agus dídionn d'fhear bóthair a's bealaigh. Léine 'gus cóta ag an Aifrionn Dia Dómhnaigh, Hata 'gus bróga 'san bhfáisiun, A's go saoilim-se, ar ndóigh gur fearr sin go mór Ná bheith 'g imtheacht 's ag ól uisge-beatha. Is liom-sa thig a mhíniughadh mar chaith mé mo shaoghal leat Ó baineadh an chíoch díom 'mo leanbh, Gur thréig mé mo dhaoine, mo dháimh, a's mo ghaolta, 'S ní shéanfainn thú ar chómhairle na h-Eag- lais'. Do stór 's do mhaoin shaoghalta 's ar socruigh- eadh ariamh ort, Agus caith é gan sgith ag mnáibh leanna Má fhilleann tú arís a's do phursa bheith spíonta Ní thiubhraidh siad braon duit ar maidin. An t-Uisge-Beatha: Maiseadh! is fada mé ag éisteacht leat ag sgeileagadh bréag liom, Agus caithfidh mé féin labhairt feasta, A's gur b'iomdha sin naégar ag iarraidh na déirce 'S gan luch aige le m'éiliughadh acht a wallet. An té chruinnigheas na céadta le cruadhtain 's díthchéille A's nach bhfliuchfaidh a bhéal, agus tart air, Tiucfaidh oidhre 'na dhéigh agus fear-croidhe nach ngéillfidh Gan bheith 'g ól cois an chlaidhe no an bhalla. Nach comhluadar séimh mé ar chomh-chruin- niughadh 's ar aonach Ag an té shuidhfeadh go fiadhta síos im' aice. Ní'l duit-se acht dith-chéille bheith anois do mo shéanadh A's ní chreidfidh do sgéal acht fear meathta. Lucht casacht' a's réuma 's mé do dhéanfadh a réidhteach Agus tá fhios ag na céadtaibh air seo, cheana, 'S go mbím-se ag na ladies, ag sagairt, 's ag cléire, 'S ag máighistir re léighean agus laidion. An Pótaire: Maiseadh! dochar agus gráin ort is tú labhras neamh-náireach A's ní thiubhrainn-se cáil leath chomh maith ort, Do chaith mé mo dhátha dhá oidhche 's dhá lá leat, Agus níor ghabh do chás go ró mhaith dham. Do dhóigh tú clár m'éadain agus bárra mo mhéara 'S ar na téadaibh ní fhéadaim a leagan, Ní'l aon fhear san saoghal so chuimleóchadh ró ghéar leat Nach é a dhualgus sean-éadach 's droch- leaba. An t-Uisge-Beatha: Bhfuil gabha-dubh no cearduighe nach ndéan- fadh dhíom páirtidh? Is mé buachaill an bháire ins gach bealach, Ní'l gréasuidhe ná tailliúr d'á dtug ariamh sáthadh Nach mbeannuigheach in san tsráid dam ar maidin. Ní'l bean óg dá bhreághacht nach ndéanfadh liom gáire An trath do leagfaidhe ar an gclár mé 'na h-aice, 'S go mbím ag an bPápa, ag sagairt, 's ag bráithribh A's níor cháin riamh mé acht fear meathta.
An Pótaire: Fuair Raifteri sgríobhtha i leabhar na daonnacht' Lucht póite go mbíonn tú d'á mealladh Gan lór-ghníomh do dhéanamh no sásadh in san saoghal so Go dtuitfidh siad daor in san bpeacadh. I sgonnsa ná i ndíoga má chailltear fear choidhche De bhárr a bheith comráideach leat-sa, Deir beatha na naomh linn gur caint í, dubh- airt Críost Go cinnte nach bhfaighfidh sé na flaithis.
Máire Stantan Tá pósaidh glégeal ar bhruach na céibhe, Agus bhuail sí Déirdre le sgéimh a's gnaoi, 'S da n-abhrainn Hélen an bhainrioghan Ghréagach, Ar thuit na céadta d'á bárr' san Traoi. Tá lasadh 's gil' innti 'réir a chéile; Is binn' a béilín ná cuach ar chraoibh, 'S a méin ná a tréithre ní gheobhfaidhe i n-aon bhean, Ó déag an Péarla bhí i mBiale-ui-Liath.
Dá bhfeictheá an spéirbhean a's í gabhtha gleusta, Lá breágh gréine san tsráid, 's í siúbhal, Solus lasta as a brollach gléigheal Do thiúbhradh léirgeas do fhear gan súil. Ta grádh na gceudta i gclár a h-éadain, Is gealla feuchaint le reult a' Luain, 'S dá mbeidheadh sí i n-éinfheacht le linn na ndéithe Ní suas do Bhénus do bhéarfaidhe an t-úbhall. Tá a folt ag casadh léi síos go glúnaibh, Ag filleadh 's ag lúbadh go béal a bróg, Na ndualtaibh sgartha, 'sé chomh glas le drúchta, 'S na troilsidhe a' sguabadh na diaigh san ród. A's súd í an chúilfhionn is gile múinte Dá'r fhosgail súil agus d'á maireann beó, 'S dá mbudh liomsa dúithche an Tighearna Lúcan Dar bhrígh mo chúise budh liom-sa an tseóid. Tá a cum caol cailce 's a gruadh mar na rósaibh 'S a dá chích cómh-chruinn os cómhair a croidhe, A brághaid a leaca 's a cúilín ómra, A's mar drúcht an fhóghmhair 'seadh breath- nuigheann sí. Bhirgil, Cicero, no cómhacht Hómer Ní thiúbhradh i gcóimh-mheas a sgéimh 's a gnaoi, Thuit mé i bpeacadh leat a bhláth na h-óige 'S muna dtig tú ag ól liom ní mhairfead mí. Ag siúbhal no ag damhsa dá bhfeicfeá an plannda Do bhéarfá t'annsacht do bhláth na gcraobh, A gruadh tre lasadh 's a croidhe gan amhgar, 'S nach lághach an rud teanntughadh le n-a brollach mín. Cómhachta Sampson no Alexander An ndóigh, ní shanntóchainn i n-áit mo mhian, 'S mur bhfághad cead cainte le Máire Stanton Tá mé i n-amhras gur gearr mo shaoghal. Thug sí "mara" dham go moch le pléisiúr, Leag sí séat agam agus ní 'sa gclúid, D'ól sí deoch orm, b'í croidhe na féile í, In san am ar éirigh mé le dul chum siúbhail. Do bhuail mé 'labhairt a's cómhrádh léi, Is muinte d'fhéach sí orm, bláth na n-úbhall, Acht so bannaidh béil daoibh gan focal bréige, Gur fhág mé an chraobh aici ó Mháire Brún.
Oileán Éadaigh In Oileán Éadaigh atá mo chéad ghrádh, Ar leig mé léithe mo rún go h-óg, A bhfuil triúr ar aon chéill a' gol n-a dhiaidh orm 'S gan bean 'a mbréagadh mo chreach le fágháil. Tá mise treithlag, ní'l gar d'á shéanadh, Ní'l mé ar aon chor acht mar an cheó, 'S a stór mo chléibh 's tú d'fhág liom féin mé 'Gus chuaidh tú i gcré uaim in do chailín óg. Budh deise a h-éadan 's a coiscéim éadtrom Ná aon bhean i n-Éirinn ag siúbhal an t-sráid, A dá chích ghlégheal' le na leanbh a bhreugadh, Ach a stór níor fhéad mé í thabhairt ó'n mbás. B'fhearr liom go mór-mhór mo dhiaidh san ród í Ag bleaghan mo bhó nó i gcionn mo thighe Na saidhbhreas Sheóirse 'gus fághaim faoi dhó é 'S gur faoi na fóide a d'fhág mé stór mo chroidhe.
A Bhruinnillín Bheusach. A bhruinnillín bheusach 's tú a mhéadaigh míl' osna 'n mo lár, 'S go luaidhtear na céadta le chéile nach bpósann go bráth. Do dhá shúilín chlaona 's do bhéilín chiúin tanaidhe mín tláth, 'S tú mo stóirín le breúgadh 's dá bhféadainn é ghabhfainn 'do cheann. 'S nach mise bhíos cuthail 'sa gclúid nach mbíonn aithne orm ann, Ag cuimhnuighadh ar mo Mhóirín tráthnóna 's go moch leis an lá. Ag Dia mór 'tá na cumhachta, níor shiubhail sé fear eile níor fearr, A stór, ná thabhair cúl dom is tú mo mhúirnín le n-a dtug mé dhuit grádh. Gheobhainn togha chéile dhóm féin dá mbéinn feileamhnach dó (= oireamhnach), Bean i n-a leinidh gan éadach, caorach ná bó. Saidhbhreas na hÉireann, ní gach aon duine a bhfeileann sé dhó, Go dtiubhrainn an méid seo fré chéile d'fhear an chroidhe mhóir. 'S lá ar chuir tú i gcéill dom nach n-éileochtha mo mhalairt do mhnaoi, Nach mé a bhí gan céill 's géilleadh do lea- daidhe de do shórt. Budh dheacra dhuit m'eíliughadh na na h-éiníní a mhealladh le cáith, 'S gur mór de do bhréaga fre chéile a chuaidh isteach in mo cheann. Tá gean (ó) rígh-mhór do mo stóirín istigh in mo chroidhe, 'S shíl mé go deo nach dtóigfeá na cathuighthe sin díom. Acht anois ó táim pósta seo póigín amach ó mo chroidhe, Ó mheall tú go h-óg mé tóig lóisdín go leige tú sgith.
'S a chailiní óga ná pósaidh fear an dhá chroidhe, Dá mbéadh nóta chúig bpúnt aige d'ólfadh sé ó mhaidin go faoith. Bhéarfainn mo mhóide ar mo ghlúinibh shul dá n-éireóchainn 'mo shuidhe, Gur tú bhain díom an óige, 'míle stóirín, 's ghoid tú mo chroide. A bhuachaillí óga ná pósaidh a lan de ná mná, 'S níl i n-a nglórthaí acht már d'éireochadh an tuile ar an tráigh. Go dtriomuighidh Loch Éirne 's go dtréigidh an eala a clumhach bán Ní innseócha mé d'aon fhear cé 'n réasún a dtug me dhuit grádh.
An Seanduine Cam. Bhí aithne 'gam 's éolas ar shean-fhear sáthach doigheamhail, Sé an áit'raibh a chomhnuidhe thíos ins a' ngleann. Bhí sé i ndeis mhóir ann, bhí eallach go leór aige, Airgead a's ór buidhe 's é a chur in a cheann. Rinne se cómhairle bean óg a phósadh Go gcoinneóchadh se a chúrsaí seacht n-uaire níor feárr, Maidin 's tráthnóna bhí fearg 's gruaim uirthí Faoi eochair an trunc, a's ní raibh sí 'ghá fágháil. Ise: Ba suarach an tslighe dhuit tú bhualadh faoi mhnaoi ar bith, 'S a fhios a'ad go righ-mhaith nach dtiubhradh dhuit grádh! Nuair nach mór í mo ghnaoi ort, nár fhágha tú do shaoghal é Go bhfanfa mé taoibh leat, a sheanduine chaim! Eisean: Nach dtug me go leór dhuit, air- gead a's ór buidhe, Báid bheaga 's báid mhóra, capall 's cárr, Le n-ithe do dhóthain, beatha mhaith i gcómhnuidhe, Togha leabadh clúmhaigh 's cead codladh sámh? Sin a's 'ch aon tsórt eile a gcuir- feá-sa spórt ann, Go fiú an pharasóil le tabhairt leat in do láimh; Capall maith nó póiní le cur fút i gcómhnuidhe 'Dul 'un Aifrinn Dia Domhnaigh má dtóghrchá dhul ann! Dhá dtugthá an mór-shaoghal le n-ithe 's le n-ól dam, Saidhbhreas Rí Sheoirse, badh mhór é le rádh, Loingeas faoi sheoltaibh a's córstí ar bóithribh, B'fhearr liom fear óg 'ná thú, a sheanduine chaim. Eisean: Nuair nach nglacfa tú cómhairle téirigh dhá thóruidheacht, Cuir ort do bhróga, do chlóca ar do bhrághaid, Bhí ar na cros-bhóthribh tidheacht an tráthnóna, Tá seans an fear óg a'ad má bhíonn tú i bhfad ann.
Nuair thiocfas an oidhche 's nach bhfuighe tú aon dídean, Tosócha tú ag caoineadh 's gan aon mhaith dhuit ann; Thiubhrainn an Bíobla annsin le glan-fhírinn Go mb'fhearr leat bheith 'ríst ag do sheanduine cham! Ise: Is suarach an nidh dham mo shamhail dhe mhnaoi bheith Ag caitheamh mo shaoghail leat gan súgradh ná greánn, 'S a fhairsneacht 's tá'n saoghal a' am ó Ghaillimh go Luimneach, 'S a liachtaighe sin Muimhneach i gConndae an Chláir. Nó dhá bhfághainn dídean timcheall na Saoirsinn D'fhéadfainn an géimhreadh a chaith- eamh go sáimh, Shásóchadh sé m' intinn 's ní bhéadh tuirse croidhe orm Ag fanamhaint taoibh leat, a sheanduine chaim! Eisean: Dá mbeitheá chomh críonna 's badh cheart do bhean tighe bheith, 'S tú d'fhéadfadh an geimhreadh a chaitheamh go sáimh, Olann na gcaorach, 's go n-íocfadh sé an cíos duinn 'S an méad eile dheanfaimís é bheith faoi n-ar láimh. Ní mar sin a bhí tú, acht lán de dhroch-smaointibh - Is iomdha sórt intinn a thigeanns do mhnáibh; Acht tá mé righ-chinnte dá mbeitheá sáthach caoidheamhail Nach n-amhdóchá choidhche go raibh tú 'ghá fhághail.
Is Truagh gan mis' i Sasana. Is truagh gan mis' i Sasana, Ins i bhFrainnc nó ins a' Spáínn, Nó thall ins na Siar - Indiachaibh, 's an ait a gcomhnuigheann mo ghrádh bán. Agus Máire an chúil dualaigh 'Na suidhe 'dir mo dhá láimh, A's go mbéídhinn-se 'ghá bréagadh Go h-éirghe an lá bháin. Nuair a luidhim ar mo leabaidh Ní'l suaimhneas le fágháil: Tháinic arraing in mo thaoibh dheas Agus loit sí mo lár. Dochtúirí na cruinne, 'S iad uile le fágháil, Ní'l mo leigheas ag an méid sin Acht ag Máire an chúil bháin.
Is fada mé ag imtheacht Ar thuairisg mná tighe, A macsamhail ní fhacaidh mise I mbaile ná i dtír. Nó go bhfaca mé an stáid-bhean Ar thaoibh Cnuic-na Sidhe, 'S a gruag 'n-a trí dualaigh Ag sgúbadh le gaoith. Gheall mo stór céad dam 'S dhá mhíle bó, 'S gheall sí 'n-a dhiaidh sin Go ndéanfadh sí teach mór. Acht mar éirigheas an ghealach 'S a sgalas an ghrian, 'S bliadhain 's an lá amárach Béidh an fhairrge síor. Tusa a bheith i Sasana Agus mise sa Spáinn, 'S go n-éalóchainn in mo léine Le Máire an chúil bháin.
- Liam Ua Raghallaigh. An cuimhin libhse'n oidhch' úd bhí an tsráid seo lán de eachraidhe, Ag sagairt a's ag bráithribh, 's iad ag trácht ar an mbainis; Bhí an fheidil ar clár ann, agus an chláirseach dá spreagadh, A's bhí triúr de na mbáibh bán' ann, le mo ghrádh geal a' chur ar leabaidh. 'Mo bhaintreabhach 's 'mo mhaighdean a fágadh mé go h-óg, 'S tabhair sgéal ag mo mhuintir gur báitheadh mo mhíle stór. Dhá mbéidhinn ar an tráigh an lá sin agus mo dhá láimh bheith 'sa sgód, M' fhocal duit, a Bhean Uí Raghallaigh, is deas a leigheasfainn do bhrón. Ní hionghnadh sgéal cráidhte a bheith ag do mháthair 's ag t' athair, A's ag banaltra na gcíoch mbán a bhíodh a' trácht ort 's tú do leanbh. Ní áirighim do bhean phósta nár chóirigh ariamh do leabaidh, 'S ó chuaidh tú 'un na trágha an lá sin, mo léan gur sháruigh ort a thigheacht a bhaile. A's níor mhór liom do, 'Liam ó Rághallaigh, a bheith' na chliamhain ag an rígh, 'S cuirtíní geala gléi-geala ar gach taobh de ins an oidhch', Maighdean chiúin chéille a bheith ag réidhteach a chinn; 'S ó luaidheadh sinn lé chéile, is truagh mar d'éag tú le mo linn. Tá do shúile ag na péistibh agus do bhéal ag na portáin, Ta do dhá láimh gheala ghléi-geala gaoi ghéar- smacht na mbradán; Cúig phúnt a bhéarfainn do'n té a thóigfeadh mo dhian-ghrádh, Acht 'sé mo léan thú bheith t' aonnraic, Nelli Ghléigeal Nic Shiúrtáin.
Beannacht Dé do'n triúr a chuaidh go Cill Eanainn, Ag íodhlacan an Athar Peadar bhí i n-aois a cheithre fichid. Dhá dtigtheá faoi cheann míosa, acht mo léan, choidhche ní thiocfaidh, 'S nach truagh sin, bean 'san oidhche, 's a caoimh- theach i mbárr tuinne! Mo mhallacht dho na saoraibh a rinne an bád, Nachar aithris dom féin go raibh an t-éag ins na cláir! Dá dtéightheá go Coill Tóchair 's an t-ádmad a cheannacht daor Ní báidfidhe mo stór-sa ar chóstaibh Mal- Bay.
Siubhán Nig Uidhir Ó d'éirigh mé ar maidin ag tarraingt chum aonaigh mhóir, Ag díol 's ag ceannacht mar tháinig mo dhaoine romham, Bhuail tart mé ar an mbealach a's shuidh mise síos ag ól, 'S gur le Siúbhán Nig Uidhir a' d'ól mise luach mo bhrógh. 'S a Shiubhán Nig Uidhir, an misde leat mé bheith tinn? Mo chrádh! má's misde liom thusa bheith sínte i gcill - Bróinte 'gus muilte bheith 'sgileadh ar thaoibh do chinn, Agus cead a bheith i n-Iorrus go dtigeadh síol Éabha ann cruinn. 'S a Shiubhán Nig Uidhir, 's tú bun agus bárr mo sgéil, 'S ar mhnáibh a cinidh go dtug sí an báire léi Le gile, le finne, le maise 's le dá dtrian sgéimh, 'S nach mise an truagh Mhuire 's mé 'sgara- mhaint amárach léi!
Ó saighdiúr singil mé briseadh as gárda an ríogh; Do'n ré pighinn agam a bheirinn ar chárta dighe; Do bhuailfinn an droma 'gus sheinnfinn ar chláirsigh chaoin; Ag Currach Chill-Dara gur sgaras le grádh mo chroidhe. Thiar i n-Iorrus tá searc agus stór mo chléibh, Plannta an leinbh a d'eitigh mo phósadh 'ndé; Beir sgéala uaim chuici, má thug mise póg d'á beul, Go dtiubhrainn di tuille dá gcuireadh siad bólacht léi. Beir sgéala uaim chuige, go deimhin nach bpósfainn e, Ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé; Má tá buaibh agat na an iomataidh móráin spré, Do'n ré bean agat 's béidh mise ar mo chomh- airle fhéin.
An Sgeilpín Droighneach. I maidin ciúin dá'r éirigheas amach ar fud na gcoillte go cinnte caitheadh saghad liom, a's mo leigheas ní raibh le fágháil. Nó gur dhearc mé'n bhruinneal mhéidhreach faoi bhrúach na sgeilpe droighne 'Gus gheit mo chroidhe le méidse a's níor éirigh liom i fhághail. Is truagh gan mé 'mo smóilín, is deas d'eulóchainn thríd an mbóithrín, A's go mbéinn ag seinnm ceol daoibh go n-eirigheadh an lá bán. Dá bhfuighinn-se sean-bhean chríonna a mbéadh aici bó nó caora, Thiomáinfinn í chun an aonaigh le go mbain- finn aisti greann. Tá mná na leanna ag caoineadh a's nár fhóiridh orra Mac Íosa, Nuair a bhíos an sparán spíonta is ar mo chroidhe 'stigh bhíos an brón. 'Sé mo shúil go bhfuighinn aríst í, 'sé mo leun, ní gheobhfad na choidhche, 'S gur geall ar saighde as spíle í, 's nach claoidhte an galradh grádh? Tá mo ghrádhsa ar cúl an gháirdín, 'sí an chú, 'sí an luath, 'sí an láir í, Is í is gile braighde ná a bhfaca aon fhear ariamh, Cé gur b'árd é an crann fáirneoige a's go dtuiteann an bláth le fánaidh, Ní luigheann drúcht an fhásaigh, a's tá sgáth mór ins an ngréin. Raghaidh mé go h-Égipt nó do'n oileán le 'n-a thaoibh sin, Nó go 'Meirioca 'dtús an t-séasúin le mo chéad shearc má bhím beo, Ar ais go bráth ní fhillfead go labhraidh an chuach 'san ngeimhreadh 'S go mbidh caisleán rinne na Mileadha d'á dhéanamh ar an nuadh.
Tá mo mhuinntear ar gach taobh díom 's ní fhéadaim comhrádh dhéanamh 'S go bhfuil aireachas cruaidh géar orm má théighim amach san oidhch'; Ná ceanglaighidh mo mhéara acht fágaighidh faoi réir iad Sí mo chómra mo chuid éadaigh 's ní éileóchaidh mé an bhraitlinn.
An tSean-Bhean Liath. O! casadh an tsean-bhean orm, ar (a) beul na bearnán, An ceathramhadh lá tar éis an cogadh a thigheacht. An fear atá meathta thú, nó an marbh ata tú, Nó a' dtiocfaidh tú a bpáirtigheacht leis an tsean-bhean liath? Leis a tsean-bhean liath? Ní fear atá meathta mé 's ní marbh atá mé 'S ní rachaidh mé a bpáirtigheacht leis an tsean-bhean liath, Acht d'iompuigheas tharm agus righneas-sa gáiridhe, 'S má tá an sparán lán agat teann aniar. O! chuir rí a lámh in a h-oscal gránda, 'S nár abh dheas an mhaise no'n tsean-bhean é? Seo dhuit-se an t-airgead 's ná cainntigh go bráth air, Tá riar na h-Eaglais' uilig fós 'do dhiaidh. O! casadh an Sagart dom agus mhíonuigh- eas an cás dó, Go raibh ceathair páistí go lag i mo dhiaidh, 'S go raibh máthairín dona aca nach ndean- feadh cás dóibh Dá luighidís ráithe nó tuilleadh 's bliadhain. O! fill a bhaile a deir sé, a pheacaidh ghránda, 'S measa atá tú 'na an t-é bhraith Dia. Smaonuighim gur bhean do bhain an t-ubhall 'san ngáirdín, 'S cuir cúl do láimhe leis an t-sean-bhean liath.
O! sgríobhfainn litir, a deir sí, agus léigh- finn mo Bhíobla An lá buaileadh draoidheacht orm agus smut de'n cheó. Bhíodh culaidh gheal orm de thoghadh an tsíoda Agus ráca círe chomh dubh le gual, Bhíodh buclaidhe airgid in mo bhróghaibh síoda, 'S nar dheas an mhían le mealladh mé. Ní sean-bhean mise, adeir sí, acht cailín óg mé Fuair sgoil agus fóghluim i d-tús mo shaoghail, 'S dá maireadh mo dheada dhom go lá mo phósta Go mbhéidhinn-se i gcóisdí le clainn na Ríogh; Acht bliadhain 'sa taca seo, 'seadh righneadh faoi an bhfód é 'S 'sé liath go h-óg me agus ní le haois.
Tá mo Chleamhnas Déanta. Ta mo chleamhnas déanta ó athrúghadh aréir 'S ní mó 'na go dtaithneann an bhean liom féin Acht fágfaidh mé mo dhiaidh í agus imtheóchaidh mé liom féin Amach fud na gcoillte gcraobhach. Ó! shiubhail mise soir agus shiubhail mise siar, 'S shiubhail mise Corcaigh agus sráide Bh'L-áth'- Cliath, Agus samhail de mo chailín deas ní fhaca mise 'riamh, 'S í an bhean dubh d'fhág mo chroidhe cráidhte. Ó! d'éirigh mise féin dhá uair' roimh lá A's fuair mise litir ó mo mhíle grádh: Chuala me an smóilín 's an londubh dh'á rádh Gur éaluigh mo ghrádh thar sáile. Is fada tá mo tharraingt ins a' mbaile seo le bliadhain, Ní mar gheall ar Mhuire 's ní mar gheall ar Dhia, Ach' mar shúil 's go bhfuighinn amharc ar bhláth na n-ubhall Is é an bhean dubh a dtug mo chroidhe grádh dí.
Beartlín Cing. Beir sgéala uaim chun Bheartlín Cing, An t-óig-fhear moiglidhe múinte deas. 'Gus shaoil mé a- riamh nár athruigh claonta Dúithch' 'n Phroinnsaigh i ngioll le fear. Right fol de dol ol, de dol ol de dol ol, Right fol de dol ol, de dol ad-di di ó. Right fol de dol ol, de dol ol de dol ol. Dúithch'e an Phrionnsaigh i ngioll le fear. Siúd é an fáth 'bhfuil mé dh'á rádh, Mar thug séa an bárr ó thuaidh a's ó dheas, Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú choidhche - Tá mná na tíre buadhartha leat. Right fol, etc. Níl éan cheárd i bhfus nó thall Nár shiubhail mé ann a's mé go lag, 'Sior-chur tuairisg' ar an mbuachaill Ba dheise gruaidh a's b'áille dreach. Right fol, etc.
Oighre dúithche a d'árduigh ar siubhal é Agus tá mo shúil go gcasfaidhe ar ais, Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú choidhche - Tá mná na tíre buadhartha leat. Right fol, etc. Tráth thig na sluaighte go teach an cheoil, Níl brígh sa spóirt go dtig sé isteach; Bhí cion a's gnaoi ag 'ch uile dhream air, Mar bhí sé moiglidhe múinte deas Right fol, etc. Siúd é an fáth a bhfuil mé dh'á rádh, Mar thug sé an bárr ó thuaidh a's ó dheas, Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú a choidhche - Tá mná na tíre buadhartha leat. Right fol, etc. - An Raicín Áluinn. Bhí mé lá breágh gréine 's mé ag dul an ród seo síar, Casadh cailín óg orm a's í ag sniugadh na mbó cois chlaidhe. Bheirimse féin mo mhóid agat a's a rós a bhí in a h-aghaidh, gluaisis tharm go hEóchaill ag baint an fhóghmhair bhuidhe.
Bhí mé glic go leor leis an spóirt do chur chun chinn, Chuaidh muid go tigh 'n óil le ré, is dóch 'gur shuidh muid síos; Bhí punch 's fíon ar bord againn acht is orm- sa a bhí é íoc, 'S gur imthigh sé síos an bóthar uaim a's mo rac' i n-a phóca thiar. A's nach brónach an bhean go lá mé an stóirín ó, adubhairt sí? Ní dhéanfaidh me súgradh ná a' gáiridhe nó go dtéighidh sé an ród so aríst. Tá an ghruaig ag tuitim n-a dualtaibh uaim 's gan ceo 'gam a réidhteochas í Ó chaill mé an raicín áluinn a bhí go h-árd ar cúl mo chinn. Rachaidh sé an ród so amáireach agus cuir céad fáilte faoi, Socruigh cathaoir chláir dó go h-árd ar lár an tighe, Bain a hata d'á cheann agus na bíodh cás na náire ort faoi, Nó go bhfaighidh tú an raicín áluinn a bhíodh go h-árd ar cúl mo chinn.
Coinnleach Glas an Fhóghmhair. Ar choinnleach ghlas an fhóghmhair, a stóirín, 'seadh dhearc mé thú, Budh dheas do sheasamh i mbróga', 's budh righ dheas do leagan súl. Do ghruadh budh dheirge 'ná an rósa a's do chúilín bhí fighte dlúth, 'Sé mo léan géar gan mé a's tú pósta, nó ar bórd luinge ag dul anonn. Déirigh mé Dia Céadaoin, dar liom féin, bhí an mhaidin fuar, Cia d'fheicfinn in a léine acht mo chéad-shearc agus í faoi ghruaim; Dhruideamasr le chéile a's dá bhféidimís gheobhamaois 'un suain A's budh é dúbhshlán d'fhearaibh Éireann mo chéad-shearc a chongbháil uaim.
Díomadh Riogh na h-Aoine do'n té a dhíbir mo ghrádh i bhfad uaim, Gan neart a'm dul 'n-a gaobhar lá saoire ná go moch Dia Luain; Da mbeith sé ag báistigh choidhche, a's go síor- ruigh a' cur sneachta a d-tuaidh, Le mo mhian dá bhfaghainn cead síneadh, bhéidhinn comh haoibhinn leis an eal' ar cuan. 'S truagh gan mise 'm' éinín is deas a léim- finn ó thom go tom, Nó 'm' eascuin ar Loch Éirne, is deas do shnámh-fainn í ó chuan go cuan; Léighfinn-se glan-Ghaedhilge agus sgríobhfainn í le barr mo phinn, 'S ní fhéadaim comhrádh a dhéanamh le 'n-a éadtruime a's 'tá 'mo cheann.
Caisleán Uí Néill Céad slán leis an oidhch' aréir, 'S é mo léan nach é anocht atá ann! Mo bhuachaillín binn deas a bhréagfadh mé seal ar a ghlúin. Dhá n-innsighin mo sgéal duit is baoghlach nach ndéanfása rún, Go bhfuil mo ghradh do mo thréigsint, 'Dhia ghléigeal a's a Mhuire, nach truagh! Do gheallais-se féin dom Go mbréagfá mo leanbh ar dtús, Do gheallais i na dhéidh sin Go mbeadh aon-tigheas idir mé agus tú. Dhá ghealladh i n-aghaidh an lae dhom No gur leigeas-sa leatsa mo rún, Ach, fairíor géar dubhach, Tá mo chroidhe 'stigh chomh dubh leis an ngual. Tá mo gháirdín breágh 'n-a fhásach, A's a ghrádh gheal nach miste leat é, Gach pabhsae dhá áille Tá 'fás 'níos thrí bhárr glas na cré. Ní chloisim 'sa 'tsráid seo Ceol cláirsighe ná ceileabhar na n-éan, Ó d'éalaigh mo ghrádh uaim, Cailín áluinn, go Caisleán Uí Néill. Tá mórán de'n bhrón seo, A dhianstóirín, a dhul timcheall mo chroidhe, Agus lán mo dhá bhróigín De dheora a' sile liom síos. Grádh buachaill óg a bhreo mé, 'Sé an grádh úd a bhain díom mo chiall, Ach ní mhairfe mé beo mí Má phósair an bhean dubh ó'n sliabh.
An Gabha Ceárdchann. Ó, chaith mé bliadhain a's ráithe, 'Mo ghabha ceárdchann i gCúige Laigheann, Tuairisg mo ghrádh' ní bhfuaireas, Nó go dtáinig mé anuas aríst. Tá saoghal seo ar fad cráidhte, A's ní airimhighim mo mhuinntir féin, Ach' ar an gcnoc úd thalltá m' árus, 'S ar an bPápa ní chéilfead é.
Soir atá mo tharraingt Agus nach fada uaim-se grádh mo chroidhe, A ghiolla an chúilín phéacaigh, I do dhéidh-se ní mhairfead beo. Tharraing tú milleán mór orm Acht a stóirín níor mhaith leat é, Naoi n-uaire, b'fhearr liom pósta leat Go mór-mhór 'ná bheith i bhFlaitheas Dé. Nach breágh nach dtagann tú, a Sheagháin, Agus mé a fhágháil ó mo mhuinntir féin, Nach breágh nach dtagann tú a ghrádh ghil, 'Gus mé a fhágháil uatha uile go leir. Mura bhfuil siad sásta Leis an gcás seo a fhágháil réidh, Déanaigidh túmba cláir dhom Agus fágaigidh mé go doimhin i gcré. Marach m' intinn dána Gheobhainn árus uaidh mo mhuinntir féin, Ba agus caoirigh bhána Agus páirceanna le 'n-a gcur 'un fhéir, Codhladh fada Samhraidh Agus cead greann a bheith 'gá chaitheamh léithe, Agus go mb'fhearr liom faoi na tamhnachaibh Ag piocadh seamróg le grádh mo cléibh'. Diombáidh Ríogh na hAoine Do'n té a dhíbir mo ghrádh i bhfad uaim, Ní féidir liom dul 'n-a gaobhar Aon Dia hAoine no go moch Dia Luain. Dhá mbíodh sé 'n-a stoirim teinnte A's an oidhche ag cur sheaca 'dtuaibh, Le mo rún dá bhfághainn cead sínte Bhéinn chomh haoibhinn leis an eala ar chuan. A' gcuailis, nó an bhfuairis sgéal ar bith Uaidh mo ghrádh-sa anuas le mí Thart thrí oileántáin uaigneach Nó anuas aríst trí thaltaibh fraoigh? Ní raibh suim ar bith in do ghlór agam Acht dólás mór gur ag magadh bhís, Agus tá mé óg go leor fós A's béidh cead spóirt agam i mbaile eicínt. D'éirigh mé Dia Céadaoin D'éagcaoin ('s bhí) an maidin fuar, Cé d'fheicfinn acht mo chéad-shearc Ar chnocáinín a's í ibhfad uaim. Ghoirigheamar le 'n-a chéile, Nó gur leigeamar an oidhche 'un suain , A's má's í do mháithrín 'tá 'do dhiaidh orm, Fuil a cléibhe aici agus galar dubhach.
Nóirín, mo Mhian. Tá mo theach ar an árdán 'sa dhá cheann 'san ngaoth, Tá'n fhearthainn anuas ann 's ní áirighim an tigheacht faoi; Tá'n teinteán dhá dtógbháil 's an bhó 'dul 'san gcíos, 'S cé 'r bith áit a mbéidheadh mé, 'sí Nóirín mo mhian. Ag dul thrí Mhuigheo dhom 's mé a' cómhrádh le mnaoi, Shlad sí mo phócaidhe a's níor fhág sí a'm pighinn, Tá fhios ag Dia, a stóirín, nach brón 'tá orm faoi, 'S dá mbéidheadh uisg' ar na bóithribh 's dóigh nach bhfuighinn braon. A dul thrí shráid Bhalla dhom lé Fhéil, Muire Mór, Ag díol mo chuid earraidh a's gha roinnt le mo stór, Nuair fhiafruigheas bean na leanna díom, "Cia bhfuil luach na mbróg"? "Chuir mé le hanam na marbh é 'tá i dteam- poll Mhuigheó."
A's nach fada mé i n-uaigneas a' tóruidheacht bean tighe, A tuairisg ní bhfuair mé ariamh in mo shaoghal Go bhfaca mé an stuaidh-bhean ar thaobh cnuic 'n-a suidhe, 'S a folt 'n-a naoi ndualtaibh 'gá sguabadh le gaoith. I gCaisleán an Bharraigh 'seadh chodail mé aréir, Bhí mo mhian agam agus níobh fhada liom é; Ag cur mo lámh' thart dhom go bpógfainn a beul Fuair mé an áit folamh 's an leaba fúm féin. Ní dhéanfaidh mé imirt 's ní dhéanfaidh mé ól, Ní dhéanfaidh mé nidh ar bith acht 'chuile nídh mar is cóir, Nó go síntear 'san gcill mé 's go dtéighe úir ós mo chionn, Le mnaoi eile 'do dhiaidh, a stóirín, ní leigfidh mé mo rún. Racadh 'un na coill' craobhaigh a' baint smeura lá ceo, A' baint ubhla de bharraibh géagán a's ag seoladh an dá bhó; Dá gcastaoi liom mo chéadshearc 's d'á béilín bhainfinn póg, A's cé sin do'n té úd már bhain an sgeul dó. Dá bhfeictheá mo Nóírín a's a cúl leis an tuinn, Fáinne óir an mhéir léi 's í a' slíochadh a cinn; 'S é dubhairt mac an chaiptín agus é gabháil a luing, Go mb'fhearr leis dhó féín í ná Éire gan roinnt. "An nglacfá le Nóirín dá bhfághthá í mar mhnaoi?" Ghlaicfinn le Nóirín, is í grádh geal mo chroidhe. Ní'l teach ann ná árus, ná áít a dtabhairfinn í, 'S nuair nach bhfuil, fág mé 's céad slán le mo mhian.
Moll Dubh an Ghleanna. Tá bó agam ar shliabh, 'S is fada mé 'n-a diaidh, Nó gur chaill mé mo chiall le nóchar, Dá seóladh soir 's siar ins gach áit d'á dtéigheann an ghrian, Nó go bhfilleann sí ar ais tráthnóna, 'Sí Moll dubh an Ghleann' í, 'Sí Moll dubh an earraigh í, 'Sí Moll dubh is deirge ná an rósa, 'S dá bhfághainnse féin mo roghain de mhná óga deas' an domhain, 'Sí Moll dubh an ghleann' a b'fhearr liom.
Nuair a bhreathnuighim féin anonn Ins an áit a mbíonn mo rún Sileann ó mo shúilibh sruith deóra, A's a Righ gheal na nDúl, déan fuaisgealt ar mo chúis Mar 'sí bean dubh an ghleanna do bhreó mé. Curfá: 'Sí Moll dubh, etc. Dá bhfághainnse bean 'sa Mumhain 'S triúr bean 'sa Laigheann Agus bean mbéadh dhá mhíle bó aici, Acht 'sí bean na bhfáinne mbuidhe a chrádh go deo mo chroidhe, A's mo chúig chéad slán go deo léi. Curfá: 'Sí Móll dubh, etc. Tá inghean ag an Iarla, 'S tá sise go píoclach, Do mo iarraidh-se fhághail le pósadh, Acht dá bhfághainn-se féin mo roghain de mhná óga deas 'an domhain, 'Sí Moll dubh an ghleanna do thógfainn. Curfá: 'Sí Moll dubh, etc. Siúd é siar mo theach 'S gan de dhíon air acht an sgraith, 'S é déanta ar leath-thaoibh an bhóthair, 'S nach críonna do bhíonn an bheach nuair a dhéanann sí a nead Le teas agus le grian an fhóghmhair. Curfá: 'Sí Moll dubh, etc. Nuair a aosuigheann an tslat Ní fhanann uirthe meas Acht ag tnuth leis an duileóigín is óige, Acht a chailín áluinn dheas, d'éalaidh uaim le spreas, 'S mo chúig chéad slán go deo leat. Curfá: 'Sí Moll dubh, etc.
Céardcha Antoine Dhuibh. D'éirigh mé féin ar maidin go moch, A's cuaidh mé go céardcha Antoine Dhuibh. "Ádhbhar mo láidhe 'tá agam ann seo, A's ag iarraidh í fhághail déanta atá mé." Labhair sé liomsa go córa deas ciúin, "Dá mbeadh céad fear romhatsa géobhadh tusa tús, Séid na builg taobh thíar de mo chúl, Agus tornóchaidh mé plátáil do láidhe." Tharraing sé chuige tobac agus píop' A's shocruigh sé cathaoir a's shuidh le mo thaoibh, Unsa de'n duilleóig a chaith sé mar bhiadh Agus thosuigh sé plátáil mo láidhe. Chart sé an teaghlach go leagfadh sé síos, Gus sháith sé le gorradh an t-iarann 's an "steel." Bhí na splanncracha ag éirighe le fraghthachaibh an tíghe A's mé a' fágháil m'anam ag gáire. Nuair fuaireas mo láidhe, 's í gléasta im' láimh Shocruigheas 'un obair í a's d'oibrigheas an lá, Ní'l aon fhear óg d'ar beathuigheadh san áit Nach sgothfainn 'san gcóimhlint an lá sin. "Seasamh a's spreacadh go raibh do láimh A's nach múchtar do theaghlach go dtí lá an bhrátha, Ainglidhe na bhFlaitheas do d' chumhdach gach lá, Is tú an gabha atá múinte i d' cheárdta."
'Séard dubhairt an siuinéara bhí le mo thaoibh, "Dar cinnte, a bhuachaill, is deas an ball í, Bhí an teannaire leathair a's an tintheadh mór fúithi, A's ghearrfadh sí roimpi an buadán." Séard dubhairt an tabharnadóir bhí os mo chómhair, "Dar cinnte, a bhuachaill, is deas do thuagh mhór, B'fhearr liom na giní í agam go deó, Is deas a cheapfadh sí galún a's báirsín. Ná déanaighidh iongnadh de'n ghabha bhí ann, 'Se Antoine Ó Sioradáin rinne an ball, 'S tá daoine uaisle Connachta 'glacadh ar láimh aige A's é a' deánamh dhóbhtha "fenders" a's grátaí. 'Sé ghléasfadh an chéachta i bhfoirm 's i gcaoi Go n-iompróch' sí an fód ó'n ngrinneall aníos, A's a shocróch'an bráca go ruisfeadh sé thríd, A's ní magadh, nach ndéanfadh sé láidhe!
Máire Inse-Seirc. Ó ruaigeadh an sagart mé 'mach fud na gleannta, Ta mo chlú caillte a's caithfidh mé rith; Ní phósfainnse bean ar bith bhuailfeadh le geall mé, 'S minic le ráithe do chuir sí mé a' gol. Chuaidh mis' ar oileán, ba fiadháin an áit sin, Thug mise séarsa liom trí n-a lár soir, Casadh an ainnir liom, labhair sí go tláth liom, A' fiafhruighe cé'r b'as mé nó cá raibh mé ag dul. "Ar seachrán 'sa bhfairrge cuireadh le fán mé Ar thuirsg mo bháidín d'imthigh le sruth." Dá mbainfeadh-sa 'n t'anró dhom bliadhain nó trí ráithe Bheadh póg a's céad fáilte agham ó Mháire Inis-Seirc."
Leag sí anuas agam bord a raibh fíon air - "Éirigh 'do shuidhe go n-olfaimíd deoch, Tá lán buidéil aghamsa, a's na gloineóchaí líonta" - "Baisteadh na hoidhche dúinn" arsa Máire Inis-Seirc. Tá peictiúr na coróineach ar thosach a cóiste, Tá piostal 'n-a póca a's lann 'n-a glaic, Tá búcalí de'n airgead a's bobsaí de'n ór 'ci - Cé déarfadh nach "Seó í, Máire Inis- Seirc."
Bímís ag Ól Tá lása de'n draoib ar mo hata, Tá mo charabhat sgaoilt' ar mo sgóig, Mo pheribhig tá'n a "ship wracka," A's stróicthe atá mo chasóg. Furaig i dí rudaí fhur aodaí, Furaig i dí rúdaí furó, Fur aig i dí rúdaí furaodaí, A's furó a's bímis ag ól. Bhéarfainn-se trí ba uaim féin duit, A's tarbh 'na dhiaidh sin 'sa ród, Seisreach de chapaill ar thaoibh chnuic Da mbéitheá gan glaodhach go tigh an óil. A chailligh, níor ól me do chaora, Níor ól mé do phunt ná do choróin, Ach' a chailigh, sul a bhfágfad an t'aonach Olfaidh mé luach de dhá bhróg.
An Díbirteach. Mo bheannacht leat a thír mo ghrádh', Ó sgarthar mé 'gus thú! Mo bheannacht leat ach' ní go bráth, Ní dheirim leat a dieú - Ní dheirim leat a dieú, a stóir - Ní dheirim leat a dieú; Gidh triall thar an tsáile mhór tá me liom féin i ndiú. Is dubh atá an tsáile mhór, Is doimhin dubh tá sí; Acht ó is doimhne tá mo bhrón, Is duibhe tá mo chroidhe! Acht ó is duibhe tá mo chroidhe, 'S mé triall uait anocht, Gan fhios agam an bhfillfidh mé Go bhráth dom' oileán bocht! Anois atá mé dul ar fán, Is truagh ata mo chás, Gan fhios agam bhfuil sé a ndán Dam teacht go bráth ar ais. Liom féin atá mé dul ar fán, Ar feadh an tsaoghail mhóir; An iongantach é, mo chroidhe bheith lán 'S mé sgaramhain le mo stór!
Ní raibh aon bhean agam ná clann, Ná cailín ghradhuigh mé; Thug mé grádh dhuit go hiomlán, 'S tú fuair uaim uile é. Bhí sé chó teith agus chó fíor. Nach bhfeudfainn é do roint, A's thug mo chroidhe í féin d'á tír Go glan gan caim no saint. Má chuartaighim an saoghal lán, O'n mbárr go dtí an bonn; Má shiúbhlaim tríd an domhan iomlán Anall agus anonn; Ní bhfuighidh mé aon áit go bráth, Aon choirneull, ball, nó clúid, D'á dtabharfainn searc mo chroidhe 's mo ghrádh Acht d'Éirinn tá faoi smúid! Má tá sí 'nois faoi smúid a's sgrios, Trom smúid agus trom cheo; O tógfamuid a smúid a rís, A's sgapfamuid a ceo. Acht cá bhfuil sásadh dham le fághail 'S mé fad ó thír mo chroidhe? Atáim ag imtheacht, 'sé mo chrádh, - A bhfillfidh mé a choidhch'? Acht móidim é, cuimhneochaidh mé, 'S mé míle míl' ó d'thráigh, Na cnoic 's na gleannta d' aithnigh mé, Na machairidhe 's na bláth; Gidh b'é mo chás go lá mo bháis. Cuimhneochaidh mise thú; A's muna bhfeudaim teacht ar ais Slán leat agus a dieú!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services