Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Amhráin Mhuighe Seóla

Title
Amhráin Mhuighe Seóla
Author(s)
Bailithe ag Eibhlín Bean Mhic Choisdealbha,
Compiler/Editor
Mhic Choisdealbha, Eibhlín Bean
Composition Date
1918
Publisher
Candle Press, The

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Conndae Mhuigheo.



Meireach bás mo mháthairín, bhéinn-se maith go leor: Bhéadh
buidéal fíon',s beór' agam, a's comhluadar ban óg. Muna
mbéadh síor-ól na gcártaí, a's an dlighe a bhí ro láidir, Ní ag
San ta Crús a d'fhágfainn mo chnámha faoi 'n bhfód.
Ar an luing seo Pháid Uí Luingsigh 'seadh bhídhinn-s' a déanamh
bróin,
Ag osnaighil ins an oidhche, a's ag síorghol 'sa
ló;
Anois ó dalladh m'inntleacht a's mé i bhfad
óm' mhuinntir,
Dar m'fhírinn' gur lághach a chaoinfinn-se
Conndae Mhuigheó.



Agus liostáil mé le "Sergeant," mo chreach!
agus mo chrádh!
Thug sé leis anonn mé do'n Fhrainnc agus do'n
Spáinn:
Thug sé gunn' ar láimh dhamh, 'gus claidheamh
fad' ó'n Spáinn,
'S nár shíl mé féin go mb'fheárr sin ná
Conndae Mhuigheo.



Go dtagaidh Cnoc na Cruaiche ar chuairt ag
an Aill Mhóir,
Go dtagaidh an toimín luachra ag buachaill-
eacht na mbó,
Go dtagaidh Cnoc Néifín ar bhord go Loch Éirne,
Ní sgarfaidh mé go h-éag leat, a Chonndae
Mhuigheo.



Tá Cnoc na Ceathramhan Caoile siamsamhail
go leor,
Ta cearca 'gus coiligh fraoich ann, 's iad ag
seinnm ceoil,
Ta ubhla blasta buidhth' ann, tá sméartha ar
bhárr na gcraobh ann,
'S tá géimneach bó's laogh ann, ag tigheacht
fhéil' Muire Móir'.


L. 3


Conndae Mhuigheo



Ar an luing seo Phaidí Loing-se do ghnímh-se an dubh-
rón, Ag osnadh ins an oidhche 's ag síor ghol 'sa
ló; Muna mbeith gur dalladh m'intleacht a's mé a bhfad óm'
mhuinntir, Dar maireann 's maith a chaoinfinn-se Conndae Mhuigheó.



An uair a mhair mo cháirde ba bhréagh mo
chuid óir,
D'ólainn lionn Spáinneach i gcomhluadar ban
óg,
Muna mbéadh síor-ól na gcárta
'S an dlíghe bheith ró láidir,
Ní i Santa Cruz d'fhágfainn mo chnámha fá'n
bhfód.


L. 4


Tá gadaidhní na h-áite seo ag éirghe ró
mhór
Fó chnotadha a's fó hair-bag gan trácht ar
bhácladha bróg,
Dá maireadh domhsa an Iaruil
Dheunfainn díobh cianach
Muna mbéadh gur thagair Dia dom bheith i
gciantaibh fá bhrón.



Da mbéadh Pádraig Lochlainn 'n-a Iarla
ar Iaruil go fóill,
Brian dubh a chliamhain 'n-a thighearna ar Duach-
mór,
Aodh dubh Mac Griada
'N-a choirnéal i gCliara,
Is annsin bhéadh mo thriall-sa go Conndae
Mhuighéo.



Mullach Mór.



Bhí mé oidhche faoi Fhéile Bríghde ar a' tórramh
thíos ar an Mullach Mór; Is ann a dhearc mé 'san díleacht a dtug mé
grádh dhí, Mar bhí sí aoibhinn, deas áluinn óg. Is tú go
cinnte a mharbhuigh m'intinn, leann ná fíon 's ní leigheasóchadh
mé: 'S go bhfuil mo chroidhe istigh 'na mhíle.


L. 5


píosaí, Mar' bhfághaidh mé dídean in do bhrollach bán.
Ar an sléibh ó'n dílinn, seadh bhíonns mo
mhian-sa,
'S ní chodhluighim oidhche, acht ag déanamh
bróin:
'Sí com na caoin' í, 's méara míne,
Béal tanaidhe, aoibhinn, a's mheall sí a lán.
Acht ba thruagh' liom uaim thú 'sna gleann-
taibh uaigneach'
Ná ceileabhar clúthmhar 's ná ceol na n-éan:
'S go mb'fheárr liom go mór-mhór a bheith sínte
suas leat
Ná amhráin luachmhar' ó chlannaibh Gaedheal.



A's cé fáth mo bhuadhartha nach bhfuighinn cead
cuairte
Go dtí an baile úd thíos ann a bhfuil mo
ghrádh:
Táim an uachtar, a's mil ar luachraibh,
A's i dtús an fhóghmhair a bhíos na ba dh'á mblea-
ghain.
Bíonn báibín laoigh ann, bíonn bric 'na luighe
ann,
A's an eala aoibhinn ar an loch, 's í ag
snámh.
'S da mbéinn sáthach críonna bhéadh mo shaidh-
bhreas déanta,
Agus cead sínte le mo mhúirnín bán.



A chúilfhionn phéacach, an bhfuil tú ag éis-
teacht
Le gach aon rud a bhfuil me a rádh?
Dá mbéinn 'mo chléireach in aon chéard d'
Éirinn,
Leath an mhéid sin, ní fhéadfainn sgríobh'.
Ní ba, ná caoirigh, a bhí mé a' shanntughadh,
Acht an cailín cumasach a bhí lán de mheon,
'S an mhaighdean mhúinte ós cionn na cúirte,
A bhéarfadh sóghas dam ag tigh an óil.


L. 6


A ógánaigh uasail.



A ógánaigh uasail! cár chodail tú aréir? Ar
cholba de do leapthain, a's níor airigh tú mé. Dá mbéadh
fios ar mo leaththrom agat deamhan a gcodhlóchadh do shúil néal. 'S gurb é do
chomhra bhí 'dul an bealach, A d'fhág an arraing seo i'mo thaoibh.


L. 7


Nuair a éirighim-se ar maidin, 'se mo
phaidir mo dheór,
'S nuair a luighim-se ar mo leabaidh, bím ag
osnaighil ó! go mór,
Ta grúag mo chinn ag tuitim
A's ag imtheacht ó! mar an gceo,
'S gur le cumhaidh mór 'do dhiaidh, a stóirín,
Ní bhéidh me i bhfad beo.



Tógfaidh mé mo sheólta go Dúithche Sheoigheach
go moch ar maidin,
Ar cuairt chuig mo mhíle stóirín, 's go deo
deo ní fhillfeadh abhaile.



Nach cuma liom céard dhéarfas aonduine
Nuair nach ndéarfaidh mo ghrádh faic.
Acht má's sinne a rugadh d'a chéile,
Fearaibh Éireann ní chuirfeadh eadrainn.



B'fhearr liom fear ar fóghnamh, lá an
fhóghmhair 's an earraigh:
'Sé a bhainfeadh dham an eórna, a's a chóireó-
chadh na bearta.
Míle b'fheárr liom buachaill óg,
Muna réidhtigheadh sé acht mo leabaidh,
Na saidhbhreas Sheóirse d'fhághail i gcóistibh
le sean-bhaintreabhaigh.


L. 8


Go dtagaidh an Nodlaig.



Go dtagaidh an Nodlaig i gceart-lár an
tsamhraidh, 'S go ndéanaidh me deaghrás í lár Locha
Riabhaigh, a's go bhfásaidh na seamraig í gclárachaibh mo
chomhrann, Páirt de do ghrádh 'S ní fhágfaidh sé mo chroidhe.



Mo bhrón ar an ngrádh seo, is galra
dubhach é:
D'fhág sé mo chroidhe bocht chomh dubh leis an
ngual,
Agus d'fhág sé mo cheann bocht gan fiú an
unnsa céille
Agus m'intinn aerach ag éalughadh uaim.


L. 9


Caisleán Uí Néill



I gCaisleán Uí Néill o Tá an chéad bhean bhain
díomsa mo shnuadh, Mo chrádh go bhfághaidh mé ..., Má
ghnidhim-se a taithighe níos mó.



A chuisle 'gus a thaisce!
Ní féidir go dtug tú dhom cúl,
Tá mo chumann leat réidh
'Sé mo léan géar mar chonnaic mé thú.



Tá na gáirdíní 'n-a bhfásach,
A mhíle grádh geal, ó d'imthigh tú uaim;
Tá na h-abhainn' ag dul le fánaidh
'San áit i bhfásadh bláth duilleabhar na
gcraobh.



Níor chualas ceól cláirsighe
'Dul an t-sráid seo, ná ceileabhar na n-éan,
Ó d'imthigh mo ghrádh uaim,
Cúl áluinn, go Caisleán Uí Néill.


L. 10


Caisleán Uí Néill



A chuisle 'gus a annsacht! I dtús a'
tsamhraidh dá ngluaisteá liom - síos go Tír
Amhalghaidh, 'S go mbéadhmuis ann sul dá n-'éirigheadh an drúcht.



Ní ba, caoirigh, ná gamhna
A shanntuigh mé leat mar spré,
Acht mo dhá láimh faoi do cheann,
Mar is tú craobh áluinn ag Caisleán Uí
Néill.



Tá an gáirdín seo 'n-a fhásach,
A mhíle grádh bán, agus mise liom féin,
Ta an t-ubhalltóirín seo ag fás ann,
'S an bláth bán ar bharraibh na gcraobh.



Acht da bhféadtá a chur i gcéill dam,
Deamhan a b'fhéidir liomh codladh go ciúin;
Acht arraing ó indé ar
An té a chuaidh 'cur idir mé agus tú.


L. 11


Tá an gáirdín seo 'na fhásach,
A mhíle grádh geal 'gus a chuislín mo chroidhe.
Tá an ubhalltóir ag fás ann,
'S an bláth bán thrí bharraibh na gcraobh.



A chuid an t-saoghail 's a annsacht!
I dtús an tsamhraidh nó an ngluaisfeá liom
féin,
Amach síos fá na gleanntaibh,
A's bhéadh muid ann sul dá labhruigheadh na h-éin.



Is ar hallaidh an tighe mhóir
'Seadh 'chomhnuigheanns 's a chodluigheanns mo
ghrádh.
A samhail ní'l i nÉirinn,
Acht an réalt eólais bhí ar an mbail' údaigh
thall.



Níor chualaidh mé ceól na gcláirseach
Ag gabháil an t-sráid seo indé
Budh bhinne ná a béilín,
Cúl áluinn bhí i gCaislean Uí Néill.



As ní ba, caoirigh, ná gamhna,
A mhíle stóirín, a shanntóchainn leat féin
mar spré,
Acht mo dhá laimh faoi do cheann-sa,
'Gus cead cainnt' leat go mbuailfidhe an dó
dhéag.



Agus cuirim-se léan géar go h-éag
Ar an té bhain díom mo ghrádh;
Ara! ruaig mé é go Sasana
An áit a ndéantar an duine dubh bhíonns bán.



Tá long ar an gcéibh seo,
A's bhéarfaidh sí mise do'n Spáinn;
Agus má fhillim anuas go h-éag,
Bhéarfad féirín abhaile ag mo ghrádh.


L. 12


Caisleán Uí Néill



Céad slán do'n oidhch' aréir, 'sé mo léan gan í anochth in a
tús, leis an mbuachaillín spéireamhail, A bhréagfadh mé ... go
deas ar a ghlúin. Mar chuir tú orm t'éaradh, A
mhíle céad grádh, ní leat-sa mo rún. Acht céad faraor
géar! Tá na sléibhthe' a' dul 'dir mé agus thú.



Tá an gáirdín seo i n-a fhásach,
A mhíle grádh bán, agus mise liom féin.
Ta na pósaí ag fás ann,
Is breághtha dá bhfaca tú aríamh.
Ní cluinnfear ceól cláirseach
Dul an t-sráid seo ná ceól binn na n-éan
Gur éaluigh sé thar sáile,
Craobh áluinn go Caisleán Uí Néill.



Ó is i gCaisleán Uí Néill
'Ta an péarla bhain díom-sa (ó) mo ghrádh,
Go dtug mé féin spéir dó,
'Sé mo léan géar, 'n gan-fhios do'n tsluagh.
Ag teallach tighe mhóir
'Seadh do chomhnuigheanns agus chodluigheanns
mo ghrádh;
A shamhail ní'l le fágháil
Acht an réalt eólais 'tá 'ar an mbaile údaigh
thall.



Budh mhilse liom do phóigín
Ná an rós a thaganns ar bhláth,
A's le cumhaidh mór i ndiaidh mo stóirín
Ní mó na go gcodluighim féin tráth.
Bliadhain a's an oidhche aréir
'Seadh do réab na capaillibh an fál,
Agus chuaidh siad de léim
'Sé mo leán géar, amach ins an snámh.



Ní'l tuile dá mhéad
Nach ndéanann seal tamall ar tráigh;
Ní'l ann acht lucht bréag,
Agus ní féidir nach bhfillfidh mo ghrádh.


L. 13


Thuas ag Gort a' Charnáin.



Agus thuas ag Gort a' Chárnáin tá áilne ban
Éireann 'S an té a gheobhadh ó na mháthair í, Budh
lághach í le bréagadh. A's go dtug mo chroidhe
grádh dí le pairt dé'n dith-cheille, 'S
d'éaluigh sí leis an táilliúr uaim: 'Sé ránaidhe fear Éireann.


L. 14


Ní shiubhalfaidh mé níos mó ar
Na bóithribh seo agaibh-se,
Acht tógfaidh mé mo sheólta
Amach faoi na sléibhtibh.
Ólfaidh mé mo dhóthain Dia Domhnaigh,
'S ní bhéidh mé ar meisge,
Mar shúil go bhfághainn blas do phóigín
'S tú mo stóirín, a bhláth na finne!



Tá mo ghrádh mar bhláth na n-áirne
Bhíos ag fás i dtús a' t-samhraidh,
Nó mar na faoileáiníní bána
Bhíos ag snámh ar na gleanntaibh.
Nó mar bhéadh grian ós cionn Cárnáin
Ins na sráide ag gabháil timcheall,
Is mar siúd a bhíos mo ghrádh bán
Ag déanamh rábhailte thrí m'intinn.



Éireóchaidh mé i mbárach
Le fáinne an lae ghléghil,
A's déanfaidh mé mo dheagh-rás
Amach faoi na sléibhtibh.
Fágfaidh mé mo bheannacht
Ag mnáibh deas' an tsaoghail seo,
A's dheamhan a bhfillidh a bhaile dhíom,
go mbídh an barr ag clannaibh Éireann.


L. 15


"Eidir b'-l'-Átha-an Ríogh a's Uarán
Tá grianán ban Éireann
'S an té a gheobhaidh í ó na máthairín
Nar lághach í bréagadh
Mar thug mo chroidhe grádh dí
Le páirt de'n díth-chéille
A's gur eulaigh sí leis an táilliúr
An ranuile an fear bréagach."



Máir' Ní Ghríobhtha.



Ó! Grádh mo chroidhe le m'anam thú Seachas a bhfuil
beo, Mar is tú a shábháil m'anam dhom an lá
úd a tháinig mór. Bhí dhá chúrsa ceangailte
agam agus barróg ar an seól A's níor
sgar mé le Ceann Galúna nó go dtáinig mé 'steach 'san ród.


L. 16


Dá bhfeictheá-sa bád chlainn' Dhonnchadha
Gach lá dá dtéigheadh sí chum seóil,
Phlúcfadh sí an fhairrge
As ní fhliuchfadh sí ceann seóil.
Bhéadh tús ar 'chuile ghála aici,
Dhá dtigeadh an lá mór,
A's go ndíolfainn mo luichtín móna,
A's mé ag chómhrádh le mo stór.



Mo ghrádh í Mair' ní Ghríobhtha,
'Sí budh mhíne ná na mná,
Mar 'sí nár thug ariamh an ghloine dhom
Acht an buidéal a's é bheith lán.
Nuair a shílinn dul da íoc léi
Ní dhéanadh sí dhíom acht greann,
As ní sgarfaidh mo ghrádh-sa choidhche léi
Go dtí an oidhche thar éis mo bháis.



Is iomdha sin maidin Domhnaigh
Bhí mé súgach deas go leor,
Ag dul síos le mo luichtín móna
As dhá chúrsa ar an seól mór,
Níor ghéill mé aríamh do mhúr ar bith,
Do ghála ná do cheo,
Nó go dtéigheadh mé á' cainnt le plúr na mban
bhí romham 'san mbaile mór.



Nuair a imtheóchas mé as an tír seo,
'S nuair a díbreóchthar mé 'san mbád,
Nuair a chaithfidh mé oidhche i Maoinis
Is dhá oidhche ar an Tráigh-bháin,
Siubhailfidh mé thart i libertí
Is anonn faoi Chonndae - an - Chláir;
A's mara bpósaidh Máir' ní Ghríobhtha mé,
Ní fhillfidh mé go bráth.


L. 17


Brighid Ní'g Aortha.



Eisean: "Agus chaith mé an bhliadhain
inuraidh leat
Mar bhí mé óg gan chéill,
Dho do mhealladh a's dho do chealgadh,
A's dho do dhéanamh amach dhom
péin (= féin).
Bhí droch-mheas agam ar t-family,
agus neamh-chion eile 'am ort
féin,
Agus go deimhin ní phósfa mise thú
Go bhfágha tú tuilleamh spré."



Ise: Céad slán don gheimhreadh in-uraidh
Agus ná cuir orm aon bhréag,
Dheamhan ar chuir mé dh'fhios ort
Nó go dtáinic tú uait féin.
B'fhurusda dhamh-sa fear a fhágháil
A ghlacfadh liom gan spré;
Tóig do sheol a's bí 'g imtheacht,
Agus béad faoi ghrásta Dé.



Céad slán do bhliadhain 'sa taca
seo,
Ní mar sin a bhí mé féin,
Bhí mo chroidhe chomh meargach
Leis an éinín ar an gcraoibh.
Má shíleann siad gur cailleadh
mé,
Dheamhan baoghal ar bith orm
péin,
Agus bás nár fhágha mé choidhchin
Nó go mbí mo chleamhnas
réidh.



Eisean: Mo ghrádh thú, a Bhrighid Ní'g
Aortha
Is tú an righ-bhean thar na mná,
Níor iarr mé ariamh an cnaigín ort
Nach líonfá liom an cárt.
Nuair a shílinn a dhul d'á íoc leat
Ní dhéantá dhíom ach greann;
A's ní sgarfa mo chumha choidhche leat
Go dtí an geimhreadh i ndiaidh
do bháis.



Agus ionnsócha mé an Gleann
Díreach leat,
Síos mar d'imtheóchadh an bád
seoil,
Go dtéidh mé ar na Líbertí
Agus as sin go dtí an Tráigh
Bhán.


L. 18


Filleadh ar m'ais aníos dom
Béidh mé oidhche i n-Uachtar Árd,
A's má phósann Brighid Ní'g Aortha uaim
Ní fhillfe mé go bráth.



Is iomdha maidin Domhnaigh
Bhí mé siamsamhail maith go
leor,
A's an ceathramha la de'n fhoghmhar
Bhí trí chúrsa in mo sheol mór.
Níor ghéill mé ariamh do mhúr ar
bith
Dá dhúinte dhá mbéadh ceo,
Do fhonn a bheith i bpáirt le plúr na
mban,
Brighid Dhómhnaill 'san Áird
Mhóir.



Ise: Agus gearraidh amach mo chónra
De fhiór-sgoith a's de cheap na
gclár,
A's má tá Seán Ó Cadhain i Muigh-
Inis
Bíodh mo choc a's mo ribín inntí istigh,
A's í go ró-dheas ar mo cheann,
A's go bhfuil triúr ban deas faoi
shléibhtí
Le mo chaoineadh os cionn cláir.



Eisean: A's tá pian i lár mo chléibh ó
A chuirfeadh na céadta fear
'un báis,
Agus tá mé cinnte, dearbtha
Nach bhfuil mo leigheas le
fágháil.
Nach truagh anois mé ag sgara-
mhaint leat,
Ag teacht na huaire breágh',
Ó thosaigh an chuach ag goireamhaint,
A's an duilleabhar glas ag fás.


L. 19


Seoladh na nGamhna 'sa bhfásach.



Siubhal ó na coilleadh seo go huaigneach Dia Céaddaoin;
Casadh orm óig-bhean ins a' bhfásach,
'Tóruigheacht na ngamhna seadh óir a cuireadh mé, A's
ceann ó ní bhfuigheadh mé go lá aca



Tá crainnín caorthainn faoi bhun ó na
coilleadh seo,
A's béidhmuid le chéile go lá bán ann,
Béidhmuid 'n ár suidhe le bánadh geal na
maidne;
'S gheobhaidh tú na gamhna ins a' bhfásach.



Bheirim mo mhallacht dho mhaoraibh na
coilleadh seo,
'Siad a d'fhág annseo le fán mé;
M'athair 'gus mo mháthair go brónach 'sa
mbaile,
Is gan goire agam teacht in a láthair.



Anois a stóirín, ó tá tú ag imtheacht uaim,
'S ó thárla nach tú 'tá i ndán dam,
Seo dhuit póigín ar bharr mo chuid méara,
A's a stóirín, mo chúig céad slán leat.



Cailín óg mé a rugadh leis a' bhfortún,
Acht fairíor nach raibh sé i ndán dam.
Fuair mé scannail go h-óg ins an mbaile seo,
Mar gheall ar mhac Uí Mháille.



B'fheárr liom go mór-mhór a bheith crochta,
Nó dóighte i dteinnte cnámha,
Ná go dtiubhrainn le sásamh do aon mhac
máthar
Go n-oilfinn bliadhain dó pháiste.



Cuireadh mo chailín 'na seasamh ins a
bpobal,
Agus tugadh an leabhar i n-a laimh dí,
B'éigean dí tabhairt faoi shásamh thabhairt,
Le faitchíos go gcuirfidhe as an áit í.



A Sheagháin Uí Mhaille, tar thusa a bhaile
liom.
Na bíodh cúthaileacht ort teacht in mo láthair.
'S go deo deo arís ní rachaidh tú thar sáile
Nuair a fheicfeas tú do leanbh 'gus a mháthair.


L. 20


D'éirigh mé amach ar maidin Earraigh
Ag siubhal (ó) na coilleadh 's mé go fánach,
Cé casfaidhe orm acht an óig-bhean mhaiseach,
'S bhí a béilín tanaidhe 's é ag gáiridh.



D'fhiafruigh mé féin di go cé ar bh'as duithe
No goidé 'n tír bheannuighthe a dtáinig sí as,
Acht ar thóruidheacht na ngamhna, seadh, chuir
mé mo chailín,
Agus ceann (ó) ní bhfuair sí go lá aca.



'S tá crainnín beag caorthainn ar lúibín
na coilleadh,
Agus tarra uait liomsa go lá ann,
Béidh ceólta binn' na n-éan dar síor-chur a
chodladh,
Agus duilleabhar na gcrann, 's é mar sgáth
orainn.



Tá toil shaordha againn ó mhaorthaibh na
coilleadh,
An féar fághail dhiobhtha go lá
Acht le bán bán an láe béidhmuid féin 'nar
seasamh
'S seolfamuid féin na gamhna 'sa bhfásach.



'S tá an sean-réic ar a choille daingean,
Is é is dóigh liom go bhfuil sé cúiteach,
(Acht ar thóruidheacht na ngamhna seadh chuir mé
mo chailín,
Agus ceann ní bhfuair sí go lá aca.)



'S tá an sean réic ar a choille daingean,
'S tá sé le bliadhain i ndhiaidh mo chailín,
Acht má tá ceart ar bith le fágháil ins an áit
seo 'bhfuilim-se,
Bainfidh mé féin díolaidheacht as a chnámhaibh.


L. 21


Bheirim-se mo bheannacht do mhaorthaibh na
coilleadh,
D'fhágaibh mé le fuacht agus le fánaidh.
Ta mo dhaide 's mo mhaime go brónach 'mo
dhiaidh sa mbaile.
A's ní'l goir agam teacht i n-a ngaobhar.



A ghrádh gheal mo chléibh', na bíodh ort aigneadh,
Ní nidh é nach ndearnaidh do mháthair,
Acht ó bhí do thoil féin leis, a stóir, fill
abhaile,
Seo bárr agus mo chúig méara dhuit.



Dá mbéidhinn-se fhéin mar bhí me anuraidh,
Sin é bliadhain 'gus an t-am seo,
Shuidhfinn síos ar cholbha do leabhtha,
Agus d'ólfainn buidéal fíon' le mo chailín.



Seaghán Óg Ua Ciardhubháin.



Ar a' meadhon lae Dia Domhnaigh, 'Seadh d'éag sé, an t-óigfhear. Budh
é sin an sgéal brónach
Ag a lán fir 'gus mná
'S dá mba mhaith dúinn ag caoineadh


L. 22


Ní stopfadh muid choidhche
Ach', a Sheagháin óig, 'sé mo léan géar
thú bheith sínt' ós cionn cláir.



Is truaigh liom bean an "Mhajor"
A's dhá thruaigh liom í 'na dhiaidh sin,
A's níor náir' liom dá réabadh sí
An croidhe atá 'n-a lár.
Mar is í a chaill an péarla
De fhíor-sgoth na féinne,
A chum caol fada glégheal,
'S ní bréaga 'tá mé a' rádh.



Bhí Búrcaigh agus Blácaigh
Agus Séamas Ua Dálaigh,
Fíor-sgoth croidhe mo mháighistir,
Ag síor-sileadh deór,
Bhí Íarlaí agus Tíghearnaí
Ag súil leat mar chliamhain,
Acht, a Chnuic Meadha fágtar go síor thú
Gan fear fiadhach na spóirt.



Dá bhfeictheá-sa an cúpla
Ar maidin bhreágh dhrúchta
Ag siubhal thríd a bhféar glas
A's a gculaith leo síos;
Acht ní feicfidhear choidhch' an cúpla
Fré chéile ar an dúithche seo,
Donnchadh óg agus a chú leis
I n-aonraic 'sa ngleann.



Tá na h-éclips ar na spéarthaibh,
Agus ceo mór ar na réaltaibh,
Ta an "Major" croidhe, mo mháighistir,
Ag síor-shileadh deór.
Acht go dtagaidh an ruadh-ghéimneach
Ar bhuailtibh na h-Éireann,
Tá cúmha mór ar Éirinn,
A's éagmais i ndiaidh do bháis.



Is fada fairsing í do dhúithche,
A's d'árus a's do chúirt gheal,
A's tá míl-bheach ag gíosgadh
Faoi bharraibh na mbhláth.
Do chuid eachraidhe a's do chóiste
A bhí fuaighte le h-ór buidhe,
A's dá mbéinn im' fhear fairnéis
Is deas a bhéarfainn thú ó'n mbás.



Ta do nuadh-chulaith phósta
'Teacht a bhaile Dia Domhnaigh,
A's claspíní de'n ór bhuidhe
Ar do chomhrainn geal cláir,
Agus notannaí na béabhers
Ar do throilide (?) breágh glégheal,
(Acht tá cumha mór ar Éirinn
Agus éagmais i ndiaidh do bháis.)


L. 23


Amhrán na Mine.



Bhéarfa muidne an bheannacht do'n Major, Ó is
é féin an fear réidte áit, Ó is e thóg ó'n
mbás na céadta is nach leigfeadh na Gaedhil bhocht' chun báis.


L. 24


Bhí siad ag teacht i n-a dtréadaibh,
Agus neartuigh siad sgéal ann gach lá,
Ní chuirfeadh an prionnsa gruaim ar bith in a
éadan,
Nó gurbh fhairsing Mac Dé ar shíl Adhaimh



Is é an "major" a thionnscail an méad
seo,
A's a thiomáin uaidh sgéal i ngach áit.
"Fosgluighidh stóirí na h-Éireann
A's na leigidh na Gaedhil bhocht' chun báis.



Roinnighidh min in-a gcéadtaibh
Agus cuirighidh suas "crane" i mo "yard"
Agus fág ag lucht síbín an péatar,
An pinta, mar dhéirce, 's an cárt."



Nuair a tháinic an gorta go h-Éirinn,
Seadh do phreab croidhe na féile i bpáirt,
Thiomain uaidh long faoi n-a seóltaibh
'Sí lán de'n ór buidhe agus bán.



Ní'l sé i gcúig cúigibh na h-Éireann
A samhail bean "Major" le fágháil,
Mar tá fíor-sgoth na h-uaisle an Búrcach,
Nó a bhfuil ar shliocht clainne righte as an
Spáinn.



Má thagann choidhche cogadh nó clampar,
Cuirfeamuid camp an Chnoc Meadha,
Díbreóchamuid na Francaigh 's na Spáinnigh
Agus cuideóchamuid le h-Éirinn go bráth.



Tá an "Major" agus Árd Easbog
Thuama
Ag imtheacht anonn uainn gan mhoill,
Siúd an prionnsa mar leanas an cúpla,
Mar tá Minor St. George in Áth-Chinn.



Tarraingéochaidh siad chuca na h-úghdair,
Agus cuirfidh siad cuairt air gan mhoill.
Béidh cruit ar an gcailligh faoi lughnas
Agus mála mór plúir ar a druim.



Dá bhfághadh muid réidhteach ó'n ár dtí-
ghearna,
Ní iarrfadh muid iarmhais go bráth,
Marcuigheacht ar eachraidh ní iarrfainn,
Acht an tsrathar mar dhiallaid a's an cárr.



Trian a bheith saor de na fiachaibh
Gan iad dh'a n-éiliughadh arís go lá an bhráth',
Acht min fhágháil i ndeireadh na bliadhna,
Agus sin agaibh m'iarraidh má fhághaim.


L. 26


Taobh thall de chlaidhe na teórann, 'Seadh, comhnuigheann sí, mo
ghrádh. Tá braon de'n fhuil ar fóghnamh innti, An dólás de mo
chroidhe. Acht mis' a bheith i Sasanaibh Agus is' a bheith ins a'
Spáinn, A's go n-éalóchainn in a léine le péarl' an bhrollaigh bháin.



Is truaigh gan mé i mo mhairnéalach
Nó i mo Chaiptín ar luing
Nó mo phósaí bhreágh ghlégheal
Ar bharr na Máighe slinn'.
Phógfainn í agus bhréagfainn í,
'S í péarla an chúil duinn,
'S a thighearna! nach deas an féirín í
Dá n-éaluigheadh sí liom.



Gheall mo ghrádh spré dhom,
Céad agus míle bó,
Agus gheall sí in-a dhiaidh sin
Go ndéanfadh sí dam teach mór.
Na ba a bheith ag géimnigh
A's na laoghanta a bheith 'diúl,
'S a phéarla an bhrollaigh ghléghil!
Is leat a leig mé mo rún.



Nuair éirigheanns an ghealach
'Seadh sgaras an ghrian,
'S bliadhain gus lá i mbárach
A bhí mé 'siubhal na ngleannta siar.
'Sé d'iarrfainn ar Righ an Domhnaigh
Muna mairinn beo acht mí,
Í sheóladh oidhche ar lóistín
Ar urlár mo thighe.



Siar choidhche(n) má théigheann tú,
Tabhair mo mhíle beannacht uaim
Ag a mairfidh beo do ghaoltaibh
Mar bhídís lághach liom.
Mar bhí mé óg siamsamhail
Agus dúil gam ins a' spóirt,
Acht anois ó tá'n pósadh déanta,
Mo bheannacht choidhche(n) leis an aos óg.


L. 27


Tiocfaidh an Samhradh.



Tiocfaidh an Samhradh a's fásfaidh 'n féar,
A's tiocfaidh na duilleabhair ar bharraibh na gcraobh.
Tiocfaidh mo ghrádhsa le bánadh an lae,
A's seinnfidh sé port, a's is tig leis é.


L. 28


Tá'n oidhche seo ag fearthainn, a's 'ta sí
fuar,
A's 'tá sí ag luighe le mo dhruim go cruaidh.
Cithfidh mé í 's ní racaidh mé chun suain
Go n-euluighead thar sáile le m' ghrádh cois
cuain.



An tráth théighim-se síos chuig theach an óil,
Is ort-sa do smuainighim a mhíle stór.



Dá ndéantá do gheallamhaint mar bhí tú
'rádh,
Bhéadh teach mór againn agus feilm bhreágh.



Ní'l mo ghrádh-sa dubh, agus ní'l sé buidhe,
Is fiú é do cheangail le hór an riogh.
'Tá dhá láimh gheal' aige a's leaca mín',
'S ní'l pósaí i ngáirdín mar ghrádh mo
chroidhe.



Tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh an féar,
A's tiocfaidh na duilleabhair ar bharraibh na
gcraobh.
Tiocfaidh mo ghrádh-sa le bánadh an lae
A's seinnfidh sé port a's is tig leis é.



Ní'l mo ghrádh-sa dubh agus ní's sé buidhe.
Is fiú é do cheangail le hór an ríogh.
Tá cúm caol cailce aige is méara mín',
A's ní'l pósaí i ngáirdín mar ghrádh mo chroidhe.



Tá teach leanna ins an mbaile údaigh thall,
Ins an áit a gcomhnuigheann(s) mo mhúirnín
bán.
Tá bean eile aige i ngreim a dhá lámh;
'S nach bhfuil fhios ag do chroidhe istigh gur
cráidhte atáim.



Is truaigh gan mise i mo mhaighdin óig,
Is truaigh gan mise i mo mhaighdin óig.
I mo mhaighdin óig ní bhéidh mé go deo
Nó go bhfásaidh ubhla ar adharcaibh bó.



Is truaigh gan mise 's mo mhíle stór
Ins an áit nach baoghal choidhche nó go deo,
I gCúige Laighean nó i gConndae Chláir
Nó ar bórd luinge ag dul go Ameiriocá.



Mo bhrón ar an bhfáirrge, is í 'tá lán,
Is í 'tá ag dul idir mé 's mo mhúirnín bán.
Siubhlfaidh mise gleannta agus cnocáin árd',
Agud deamhan fear a phósfas mé go bhfáighidh
mé bás.



Tá an oidhche seo fliuch agus tá sí fuar,
Agus tá sí a' báistigh ar mo dhruim go cruaidh.


L. 29


Ní rachaidh mise a bhaile 's ní rachaidh mé ar
cuairt
Nó go gcaithidh mé an oidhch' i mbárach le mo
ghrádh cois cuain.
Tá grádh do m' dhaidi agam istigh i m'
chroidhe,
'S is measa liom mo mháthairín na mná a'
t-saoghail.
Tréigfidh mé ar fad iad 'gus mo cháirde gaoil
Agus rachaidh mé thar sáile le grádh mo
chroidhe.



Is deas an buachaillín é grádh mo chroidhe,
Nach aoibhinn do'n phobal a dtéigeann sé thríd.
Tá Séan ó Mhuire air agus grást ó Chríost,
Acht brón ar m'athair a rinne sglabhuidhe
dhíom.



A chuisle agus a chumainn ghearr!
Is leat a chaill mé mo chlú go bráth,
Ag siubhal cois báinte agus coillte árd,
Acht tuairisg ar mo mhúirnín níor fhéad mé a
fhágháil.


L. 30


Nach mis'n truagh Mhuire
ag dul le carraigín an fhásaigh,
Ag gol's ag gár thaighil's ag déanamh bróin;
Ag oileamhaint mo leinbh
Ar bhacán mo laimhe
'S gan fiú an bhraoin bhainne 'gam a bheárfainn dhó.



Ní'l mé acht go tréith lag,
Ní'l gar dhá shéanadh,
Ní'l mé ar aon chor, acht mar an gceo.
'Tá fuil mo chroidhe istigh
Dhá silt 'n-a braontaibh,
'S a Dhia, cé an t-iongnadh i ndiaidh mo Shail'
óig' Ruaidh'.



Mo ghrádh, do bhéilín
Nár chum na bréaga,
'Gur do mhéin deas, nach raibh ag bean le
fágháil.
Do dhá chích ghlégheal'
Le do leanbh bán a bhréagadh,
A stóir, ní feidir liom thú thabhairt ó'n
mbhás.


L. 31


Dá bpósainn
Do chailleach ghránda,
Thóigfeadh a lán orm a bheith ag dul i n-a
diaidh.
Acht mo chailin breágh deas
A dtug mé grádh dí,
Agus gur in a páisdín 's eadh fuair mé í.



In aois a sé déag
'S eadh fuair mé féin í,
An bhean ar leig mé léithe mo rún go h-óg.
Acht a stóir mo chléibhe,
'S tú d'fhág liom féin mé,
Agus chuaidh 'sa gcré uaim i do chailín óg.



B'feárr liom go mór-mhór
'Mo dhiaidh' sa' ród í,
Bheith ag bleaghan mo bhó-ín, nó i mbun mo
thighe,
Ná saidhbhreas Sheóirse
A's é a fhágháil le stróinse;
'S gur faoi na fódaibh a chuir mé grádh mo
chroidhe.


L. 32


Na Buachaillí Bána.



A Dhonncadh Bhrúin, is deas do chraithfinn lámh leat, A's ní le
grádh dhuit, acht le fonn do ghabháil, Cheanglóchainn suas thú le rópa
cnáibe, Agus chuirfinn mo "spír" in do bholg mór.



Bean an t-Seanduine.



Tigheachtamar ó Bhalla dhom, Dhá mhíle 'mach ó'n
gClár, Cia casadh orm acht cailín deas, Agus
í ar a diallaid áird. An tusa bean an
t-seanduine? Is mé, mo chreach 's mo chrádh! 'S dá
mbéinnse bliadhain 'mo chomhnuidhe leis, Ní thiubhrainn dósan grádh.


L. 33


Ise: Brón ar mo mhuinntir
A phós mé chomh h-óg;
Phós siad leis an seanduine mé
Mar gheall ar chúpla bó.
Míle b'fheárr liom agam
Buachaillín deas óg,
A thiocfadh isteach ar maidin
Agus bhéarfadh damh-sa póg.



Eisean: A's nach deas an fear i mbaile mé,
Ní'l dúil agam 'san ól;
Tá béas níos fearr ná sin agam
A bhreágfadh cailín óg.
Shaothrócainn arán agus fataí dhi,
Cruithneacht a's eorna mhór,
A's a Dhia, nár bh'fheárr dhuit agat mé
Ná réic de bhuachaill óg.



Ise: Míle b'fheárr liom agam
An buachaillín deas óg,
Nach leigfeadh chuig an aifreann

A's bairibín (?) ar mo bhróig,
A bhéarfadh ag teach an leanna

Agus d'ólfadh a ghiní óir;
A's nach mbéadh sé chomh maith leat,
a sheanduine,
Nuair a bhéadh na páistí mór?



Eisean: Má's cailín de'n tsaghas sin thú,
A's go bhfuil dúil agat 'san ól,
Is gearr a mhairfeas airgead duit
No do shealbháinín bó.
A's iarruighim ar Dhia 's ar Mhuire,
Mara mairinn beo acht bliadhain
Go bhfeicfead ag iarraidh déirce
thú,
A's dó mhála ar do dhruim.



Míle b'fheárr liom ag iarraidh
déirce,
A's mo mhála ar mo dhruim,
Ná do leithéid de sheanduinín
A bheith 'sa mbaile tinn.
Mar shílfinn mar' ndéanta acht
casacht,
Nach mairfeá bliadhain beo,
A's leig de do chuid seamhsáin
feasta liom,
A ghiolla an chársáin mhóir!


L. 34


Nellí a Charaid.



Nuair a d'éirigh mé ar maidín Dia Céadaoin, - 'S níor
choirigh mé mo éadan faraor, Do shiubhail mé 'dir
Gaillimh agus Bréachmhaigh, - Nach mairg nach n-umhluigheann do
Dhia! - Bhain mé díom mo chóta 'gus mo léine, agus
leigh mé mo ghéagáin le gaoith; Nuair a smaonuigheas
aríst ar mo chéad shearc, bhain mé an chorr-mhéar de'n alt díom.



'S a' Mhuire, chéard do dheanfas mé i
mbárach,
Nuair nach bhfeicfead mo ghrádh a' teacht aniar,
Gan chumhacht agam tigheacht i n-a láthair,
Le méad 's bhí eadrainn ariamh?
Nuair a smaonuighim ar shúgradh 's ar gháiridhe
Agus ar oineach do dhá lámh a bhí fial,
Tuitfidh mé i lionn-dubh a's i ndólás,
A's caoinfidh mé go leor 'do dhiaidh.



'S dá mbéinn-se 'mo luighe ar 'mo leabaidh
Seacht seachtmhaine, ráithe, nó mí,
'S aon phóg amháin a fhágháil ó mo Neillí,
Thógfadh sé an brón atá i mo chroidhe.
'S an truaigh leat mo thuamba a bheith carttha,
Nó mo chomhra bheith dá gearradh ag na
saoir,
Nó ar maidin mo chróchar ag triall a bhaile,
'S na buachaillí deas' ag dul faoi?


L. 35


Chuaidh mé aréir ag teach an tórraimh
Ins an áit nach raibh eolas orm ann;
Shuidh mé síos ar ceann stóil ann,
'S bhí cailín deas óg le mo thaoibh.
Nuair a smaonuighim ar a' spóirt 's an óige,
Ghlac mé go mór-mhaith an greann,
'S d'á h-aimhdheoin, d'ar ndóigh, ag teacht a'
tórraimh,
Chuir me an chluain in a ceann.



A's budh mhaith an fear láighe 's fear slua-
said' mé,
Bhí chomh deas ar thuaigh 'gur ar shábh,
Sásadh na punainne d'a bualadh
A chuirfeadh an chluain ar na mnáibh.
Bhí sin ins an mbunadh budh dhual dom,
Bheith 'mo dhuin'-uasal chomh suarach a's atáim.
Leig de do chuid radaireacht' anois, a bhuachaill,
A's tabhair do bheannacht go buan do na mnáibh.


L. 36


Maidin Fhóghmhair.



Ó, maidin chiúin cheódhmhar D'ár éirigh mé 'n san
bhfóghmhar, Cé casadh ins a' ród liom, Acht grádh geal mo
chroidhe? Nuair a dhearc mé ar a bróga Ó, shil mé na
deóra, 'Gus d'iarr mé trí póigín Ó stóirín mo chroidhe.



Ó, buachaillín óg mé
'Tá brath ar dhul a' pósadh,
A's ní dhéanfaidh mé aon chomhnuidhe
Go bhfaigh mhé mo mhian.
Go bhfillidh tusa a stóirín
A's do mhalairt ní phósfainn,
go síntear in san gcill mé,
'S úir ós mo chionn.



Ó, mise tá brónach,
'S mé ag siubhal thríd na móinte,
Tá an airring go trom trom
Ag dul thríd mo lár,
Nuair a chuimhnighim ar an mbóthar
Bhí mé ag dul 's mo mhian-sa;
Acht ta sí ag fear eile pósta,
A mhic Mhuire, nach truagh!



Acht tá súil agam ó Chríost(a)
Nach bhfághaidh mé bás choidhche,
Go mbidh mé 's mo mhian-sa
Ar leabaidh chlúthach sínte.
Ní'l nidh ar bith níos áilne
Ná an ghrían ar Chinn tSáile,
Acht an pósaí geal glégheal
Ar bharraibh na dtonn.



Mar sin a bhí mo ghrádh-sa
Le gile a's le breághthacht,
Acht a mhaighdin chiúin bhainríoghain,
Is leat a chaill mé mo chiall.
Mar is mise atá síos
Leis an bpósadh sin a dhéanamh,
Ní chodlóchaidh mé aon oidhche,
Acht síor leis an mbrón.


L. 37


Dúithche 'n Phaoraigh.



Dá mbudh liomsa dúithch' an Phaoraigh, 'S é bheith ar fad fré
chéile, budh thú mo mhian dhá bhféadainn, a
chuid de'n tsaoghal 's a stóir. Do dhá láimh gheala
ghlégheal' a' roinnt ar bhochtaibh Dé thart timcheall A's go
mairidh an mhaith seo choidhche dhuit, 'Inghean Sheóin ó'n ngleann!


L. 38


A's budh bhinne liom í naoi n-uaire,
Tráth chaith sí seal ag siubhal liom,
Ná cuach ar bhárr na craoibhe
'S londubh le mo thaoibh.
Budh bhinne liom í ná cláirseach,
Ná flúte ar thailtibh bána,
Ná ceileabhair na n'eala is áilne
Ag dul thar na tonnta siar.



A's ní buan mé ar mo shláinte
Dá bhfágadh tusa, a ghrádh bháin.
A's ní maith ná maoin ná caoirigh,
Ná clú os comhair na ndaoine,
Ná nidh ar bith eile faoi an saoghal seo,
Níor thug mé 'riamh ar áird.



Óir is fada mé ins an áit seo,
Le bliadhain mhóir fhad' agus ráithe,
A's níor tháinic mo ghrádh ar chuairt chugam,
A's mé ar mo leabaidh tinn.
Nach truagh leat mé do mo phréachadh
A's an arraing thríd mo thaoibh dheis,
A's nach follasach faoi an saoghal seo,
Gur leig mé leat mo rún?



Acht b'fheárr liom-sa mo mhian agam
Gan bó gan punnt gan caoirigh,
Ná saidhbhreas gránda ar an tsaoghal seo
'S mé a bhfad ó Chonndae an Chláir


L. 39


Nellí Bhán.



Ó's, a Nellí bhán, 's tú grádh liom, 'S tú cuisle geal mo chroidhe. Leig mo
lámh ar do bhrághaid ghil, Nó ní mhairfidh mé beo mí. Do
shnámhfainn féin an t-Siúir leat, 'S an t-Sionainn mhór 'do dhiaidh, Ó,
rug tú an bárr an lá úd Ó mhnáibh deasa Locha Riabhaigh.



Dhá mbadh liom-sa Portumna
Agus baile Locha Riabhach,
Luimneach gan chunntas,
'S thart timcheall Bh'l-á'-Cliath;
Ar do mhuinntir-se a roinnfinn
A leath agus dhá thrian,
Ar cunntas a bheith i dTuaim leat
Lá fada 'gus bliadhain.



Ní chainnteóchainn ar mo chapall,
Ar mo dhaillaid ná ar mo shrian,
Ná ar pháircínibh an fhaltanais (?)
A mbíodhmuid ann a' fiadhach;
Ná ar a ndeachaidh de bháid
Ó Shasana thar sáile le bliadhain,
Má chainntighmid an lá úd
Ar mnáibh deasa Locha Riabhach.



Tabhair mo bheannacht-sa go Connachtaibh,
Mar is ann a bhíodh an greann
Agus chugat-sa féin a ghrádh ghil,
Nach bhfeicfidh mé go bráth.
An chómhrádh úd bhí eadrainn
Ag dul anonn sliabh bán na dtom,
'S gurab í an tSionainn mhór chongbhuigh muid
A bhí lán go bruach romhainn.



Ó 'gus truagh géar nár cailleadh mé,
Amuigh ar an sliabh,
'San áit a mbéadh mo chnámha
Le piocadh ag an bhfiach,
Sul dhar thuit mé i ngrádh leat,
A bhruinneall na ngeal-chíoch;
'S go mb'fheárr le do mháthairín
Nach bhfeicfeadh sí mé 'riamh.


L. 41


Máire Bhrún.



Tá cailín spéireamhail a dtug mé spéir dhi Ar an gcraig an
taobh seo d'Eanach Dhúin; A - tá a méinn mhaith i gclár a
h-éadain, A's a leaca ghlégheal mar bhláth na n-ubhall.



Dúbhairt mé'n méid seo a's mé 'cómhrádh
léithe -
"Is tú mo chéad-shearc a's togha mo shúl;
A's ní beo 'do dhiaidh mé, a's ná déan mé
thréigsint,
A's ba chóir dhuit éalóghadh liom, a Mháire
Bhrún."



Is cailín breágh í a dtug mé grádh dhi,
A's ní cumann geárr é má bhím-se beo,
Mar bím go síorruidhe 'tabhairt míle slán dhi,
A's tá grádh ag a lán uirri mar 'tá sí cóir.



'Siúd í an phlanndóg fuair réim na h-áite,
Tá meas le fághail aici a's creideamhaint
mhór -
Acht d'aimhdheoin Máire 'bheith bhfad ó láthair,
Béidh sí ag an mbáire ar an Turloch Mór.



'Siúd í an tseóidín de mhnaibh na Fódla,
Is múinte mánla ghabhann sí an tslighe,
A's a liachtaighe óig-fhear d'iarr í lé pósadh
Mar ba "mhatch" air fóghnadh í lé cur i
gcrích.



Ní ghnidhean sí mórdháil na greann a
thógbháil,
A's níor frith aon dóigh innte le n-a cur d'á
slighe,
Acht dar bhrigh mo chómhráidh, a chroidhe gan
dólas,
Gur fear gan eolus nach sanntóchadh í.


L. 43


Máire Ní Mhongáin.



Bhí triúr mac agam bhí oilte toigthe, A's is
gearr ba lón dom iad, céad faraor géar; D'fhág siad a ndeirbhshiúr bhocht ag
sileadh deora Gach éan la Domhnaigh 's ní ag
iarraidh a gléis. Ní raibh suim ar bith agam 'sa mac a b'óige, Cidh ba
lághach an leoinín é Peadar féin, Ach' an mac ba shin' aca 'sé a
chráidh go mór mé agus mí ní beo mé le cumhaidh 'na ndéidh.



Mo Pheadar móirneach a bhí oilte múinte,
A chuaidh ar chúnntar le bheith níos fearr
Bhí gnaoi na gcomhursan air fhad is bhí sé
fróm-sa,
A's ba mhaith an congantóir é amuigh le Seaghán.
Tá súil agamsa go bhfuigidh sé iomlacht
Agus fortún cumhachtach ó Righ na nGrást,
A thiubhras a bhaile chugam é glán gan chonta-
bhairt
Mar is mór mo chumhaidh i ndiaidh mo mhicín
bháin.



'S cá bhfuil truaigh i nÉirinn níor mó ná mé
I ndiaidh an chéad mhic a chraidh mo chroidhe?
Ag guidhe Dé agus ag déanamh déirce
'S ní fhágaim eán-sgéaluaidh ar muir ná ar tír!
Nuair a fheicim-se gach bean aca 's a gclann
fré chéile,
Caillim mo raedhearc 's meabhair mo chinn,
's tá deireadh mo sheanchuis 's mo chomhrádh
déanta,
'S ní labhróchad aon smid go dtéighidh mé i
gcill.


L. 44


Is mac gan chumann thú anois, dar liomsa,
Nach dtigeann ar cuairt chugam dh'oidhch' ná
dhe lá,
A chaith trí ráithe gan sgíth got' iomchar
's a chuaidh i gcontabhairt leat oidhch' an bháis.
Thug mé sgoil duit agus beagán fóghlum'
Do réir mo chomhachta mar rinne a b'fhearr,
'S nach beag a ghoilleas mo gharla dubhach ort
Cébi chuige ag a mbíonn tú ann.



Cá bhfuil truaigh i nÉirinn acht mac is
máthair
A bheith ag dul i bhfán ar a chéile choidhch',
A d'fheil go cneasta é gan ghuith gan náire
Fuair biadh agus annlann maith glan d'á
cíonn.
Ma's é an bás a chlis orm 's a d'fhág faoi
dhrámh mé,
Mar is iomdha an geall maith a chuir sé i gcill,
'S gur b'é an fortúin deireannach a bhí d'á
bhárr á'm,
Gur gheal mo cheann agus gur dhubh mo chroidhe.



'S nach beag a ngoilleann mo gharla dubhach
air,
's a liachta brón ag gabháil thrí mo chroidhe;
Tháinic tinneas orm is chaill mé mórán,
'S níl luach na cónra 'gam anois, faraor!



Ní hé sin is measa liom, ná chráidh go mór mé
Acht mar rinne mé an pósadh ar ais arís;
Bhain sé an chlann díom bhí oilte tóigthe -
Tá muirighin óg orm,'s mé go lag 'na gcíonn.



'S cá bhfuil truaigh i nÉirinn acht mac is
máthair
A dhul i bhfán ar a chéile choidhche;
Chuaidh go Sasana san arm Gallda
Gan fios a pháighe acht beagán bídh.
Dá mbadh i mBaile na Cille agam a bhéadh do
chnámha
Ní bheithinn chomh dubh-chroidheach ná a leath 'do
dhiaidh,
Acht mo chúig chéad beannacht leat go ríoghacht
na nGrásta,
Nuair nach bhfuil sé i ndán dom thú fhéiceáil
choidhche.



Nach mór a ghuileas bean i ndiaidh a páisde
Má fhághann sé bas uaithi i n-aois a mhí,
'S a liachta forránach breágh luthmhar láidir
Ag gabhail thar sáile 's nach bhfillfidh choidhche.
Ní hé sin a marbhuigh mé dhá mhéad mo bhuaidh-
readh,
Ná a rinne gual dubh de mo chroidhe,
Acht níl teach mo charad á'm le dhul ar cuairt
ann
Ná bean mo thruaighe bheith ann 'mo dhiaidh.


L. 45


Amhrán an Téi.



Tráthnóna Dia Sathairn a' dul faoi do'n ghréin, 'Seadh chonnaic mé
lánamhain i ngárraidhe leo féin. Bhí an bhean 's í go caithiseach a' caint ar an
téi, 'S níor mhaith leis an bhfear í bheith 'trácht air


L. 46


Eisean: Máire, bíonn tusa i gcómhnuidhe
'cur síos ar an téi,
'S an lá bhíos sé agat, ní feicthear
a' ad é;
Imthigh leat 's fagh tobac dam ar
mhaithe leat féin,
Nó roinnfidh mé leat feac na
laighe!



Ise: Cia an t-slighe atá a 'am-sa?
Cá bhfuighinn-se dhuit é
Acht ag ceangal dá chirc a raibh
ubh aca 'réir?
Rud a thóg tú faoi Nodlaig, níor
íoc tú fós é
'S tá an méad so sáthach gann ag
na páistíbh.



Eisean: Tá mise d'á cheapadh gur suarach
an tslighe
Bheith ag obair dhuit-se gan tada
d'á chíonn;
Dá dtíginn isteach ag aon fhear
's tír
Gheobhfainn tobac uaidh 's roinnt
pháidhe."



Ise: Sé a n-iarrfá de obair i gcai-
theamh do shaoghail
Ag caitheamh tobach is d'á leigean
le gaoith;
Taisbeán anois cá bhfuil do mhaith
nó do mhaoin
's nach siamsamhail do lón do
na páistibh?



Eisean: Dá dtéidhinn go Gaillimh nó soir
go hÁth-Chinn,
Anonn go Cinn Mhara, nó 'mach
go Tráigh-lí,
Casfaidhe i dteach mé seachtmhain
nó mí,
go saothruighinn luach drár agus
báinín.



Ise: Maise, d'imthigh tú cheana is tháinic
tú arís,
Ní fhacamar agat c'róin, sgilling
ná pighinn;
Luigh tú ar do leabaidh 's do
thaobhanna tinn,
'S an slaghdán go domhain in do
chnámhaibh.



Eisean: Stop do bhéal feasta, a amaid
de shraoill!
Nó buailfidh mé buille ort a
bhrisfeas do dhruim!
Ag cogadh 's ag achrann do chaithis
do shaoghal;
Bhí an faisiún sin céadna ag do
mháthair.



Ise: Má tá mise im' amaid 's go
bhfuilim im' shraoill, -
Leine ar mo chroiceann chomh dubh
leis an daol, -
Dhíol mé a raibh agam go n-íoc-
fainn an cíos,
A's sin é d'fhág follamh mo lámha.



Eisean: Rud a dubhairt mé leat cheana,
a deirim leat é,
Mara n-éistidh tú feasda le
glórthaibh mo bhéil,
Mara stopaidh tú anois 's
leigean de'n téi
Is gearr a bhéas teach a 'ad ná
árus!



Tá mé le fada ag coinneáil an
tighe
'S ní cóir go bhfeicfeá mo dheoch
ná mo ghreim;
Mara n-ólainn ar maidin lán
sgilléad dá phighinn
Ní bhéadh braon ins an gcích ag
an páiste!


L. 47


Eisean: Chuaidh sé go Gaillimh go réidheadh
le fear dlighe;
Ní bhfuigheadh sé bheith' cainnt leis
gan leath-ghiní buidhe;
"Bí agam 'sa Spidéal ar maidin
Dia'rdaoin
Táim cinnte go réidteó' mé an
cás sin."



Ise: Bhí an lánamhain sa Spidéal ar
maidin an lae,
'S dheamhan blas a righneadh acht
a gcur ar an réidh;
Ní dearnadh an bheirt sin acht
magadh 's bith-éigheamh
Acht ceapaim gur cailleadh na
paistí.


L. 50


Mainistir Bhaile Chláir.



'S nach deacair a rádh, Nach buaidheartha a's nach
cráidhte an bás, S' nach dtiúbhradh dhom leath-uair ná
nóiméad dhe spás? Nach fiú leith-phighinn suadh an chorp, Ná'n
colann (ó) nuair a bhéas sí sínt' ór cionn cláir. Ach' go
bhfhóiridh (ó) Mac Muir' ar an anam, Má's
créatúir muid a cuirfidhear Le fán.



Ach, fágaim le hudhacht a's haith-righe, Dá mbéinn-se in mo
shagart 'san áit, Nach gcuirfinn (ó) aon
bhreitheamhnas aithrighe, Ar aon fhear i mBaile Chláir


L. 51


Mar tá siad a diúltughadh do'n pheacadh,
'Gus a leanmhuint na riaghalthuighe is fearr,
Acht an fhad (ó) 's bhéidhear Peadar 'sa gcathaoir
Béidh ár gcaraid 'sna bhflaithis le fágháil.



An rud úndí thosuigh sibh cheana
Feiceamuis críochnuighthe é,
Mar gheobhaidh sibh beannacht ó'n sagart
'S a dá áireamh deug ó Mhach Dé.



Eíreóchaidh sibh suas as an ngreallaigh
Agus rachaidh sibh ar chlárachaibh péin,
'S ní dhó fhéin a chruinnigh sé an gearradh
Acht le creideamhaint do'n phobal go bráth.



A's nach mór an chúis náire do'n phobal,
'S a liachtaighe fear maith a mBaile-Chláir,
Báisteach anuas a bheith ar an sagart,
An fhad 's a bhíonns an t-Aifrionn d'á rádh.



A's nuair a thoruigheanns an pobal ag
cruinniughadh
Bíonn an leacóigín cloiche ag gach fear ina a
láimh
Le cur faoi n-a nglúnaibh ins an ngreallaigh,
'S dar mo chúis go mbíonn drab ar na mná



Ná h-abruighidh aon phioc leis an sagart,
Ní'l cead agaibh rud ar bith a rádh,
Mar thiocfaidh sé ar colamhain na leabtha
agaibh
Ag cur ola orraibh aimsir an bháis.



Nó go sgríobha sé "pas" le n-ár n-anam
Suas ag Righ Geal na nGrás.
Och! a Mhuire Dhíl, céard do dhéanfas muid-ne,
'S comh minic é a ghearanns muid É?



An fear a shiubhail B'Lá'-Cliath 'gur
Gaillimh,
Thart Áran 'gur Beul-an Ath'Mhóir,
Thug sé an "sway" do'n obair le seacht-
mhain,
Nach bhfaca sé a leithéid fós.



'S nach mairg nach n-abrochadh an phaidir
úndí,
Sin agus an dá deicneabhar deug,
In ónóir go hAingilibh na bhflaitheas,
Sin agus do ghrásta Mac Dé.


L. 52


Dochtúir Jennings.



A Dhochtúir Jennings, céad faraoir cráidhte! Is tú fuair
bás uaim i dtús do shaoghail; Dá siubhalainn Connacht' agus Oileán
Phádraic Samhail mo mháighistir ní bhfuighinn i dtír. Is truagh liom
Úilic anois, do athair, D'oidhch's do ló 's chomh fad'a mhairfeas
choidhch', A chulaith dhubh air 's é a'siubhal na móinte, Nach cruaidh an
cás é, 's é i ndeireadh a shaoghail?


L. 53


Dhá mbéadh fhios agamsa go raibh an bás
ort.
D'imtheóchainn go fánach i ndiaidh mo chinn;
Go deo ní fhillfinn ar an dún seo dúithche
Go lá mo bháis nó deireadh mo shaoghail,
Go dtiubhrainn leigean ins an abhainn bháidhte,
A's ní iarrfainn snámh le go dtiocfainn thríd.
Acht mo chúig céad beannacht go Cúirt na
nGrásta,
Muna bhfuil sé indán dom thú a fheiceáil choidhche.



Sé mo léan géar nach i bhfairrge a bhí tú,
Nó a bhfad ó do mhuintir thall ins an Spáinn,
Bhéadh súil a bhaile leat de ló a's d'
oidhche
Ar do chuairt míosa, nó fios do sgéil.
Acht cúirse imthigheacht' dhuit 's gan tú fheiceál
choidhche,
Ó, mí ní mhairfidh me beo 'do dhiaidh!
Is é mo ghalra dubhach é nach é mo chroidhe atá
dúnta,
A's gan súil a bhaile leat arís go bráth!



Nuair a bhreathnuighim síos ar Pholl-an-
Iarrainn,
Cé an cás dom bliadhain acht arís go deo,
Ins an áit a h'oileadh é, an leannaibh uasal,
Acht nach truaigh sin a's mo chreach, é 'r
lár!



Nuair a chonnaic mise ceann an chóntrann
A' teacht ins an bpóirse, 'seadh a gheit mo
chroidhe,
Bhí "Mrs. Jennings" ann agus í dá phógadh,
An Minor óg ann, nach bhfeicfear choidhche!



Bhí píopaí geal' ann agus leann d'á dhóir-
teadh,
Fíon agus beoir agus go leor dá roinnt,
'S nach cráidhte an bhainis é ag teacht an
Domhnaigh,
Agus mo mháighistir comharta le dul ins a'
gcill.
Go moch Dia Domhnaigh 'seadh a fuair sé a
chóntra,
'S a Rí na Glóire nach badh é sin an táir,
Duine uasal óg a bhí i ndiaidh a phósta,
A shamhail ní chomhairfinn i bhfus ná thall.



Leath na cúige bhí faoi n-a chumhachta,
A's budh é sin an t-úghdar go bhfuair sé bás!
Acha i dtúamba cloiche mé a bheith sínte suas
leis,
Budh é sin mo shólás dá bhfaghainn bás.
A! "Mrs. Burke," is beag an t-iongnadh,
Tú a bheith ag caoineadh do ló 's d' oidhche,
Faoi do dhearbhráthairín cumannach nach bhfeic-
fear coidhche,
Scáth na tíre de dhuine uasal óg.


L. 55


Mo Mhíle Stór



A chailín bháin, fan liom go bráth, 'S ní bhlasfad braoin níos
mó; Tá fuil mo chroidhe dá silt do dhiaidh, A's tacadh ar mo
ghlór. Ní aithneóchad lá ó oidhche go bráth, Ná teas ó fhuacht go
deo, Go dtigir ar ais, a chailín dheas, Ó's tú mo mhíle stór.



Ó, a chailín bháin, is tú mo ghrádh,
A's mo pháirt sa t-saoghal mhór;
Gan tú i láthair Dé na nGrásta
Ní sásta bhéinn gan gó.



I ríoghacht na Spáinne ná Gearmáine
Do shamhail ní fhacas fós,
A bhé na mbárd, a dhíl-bhean bhláith,
Is tú mo mhíle stór.


L. 56


Brighdín Bheusaidh.



Phósfainn Brighdín Bheusaidh, Gan cóta, bróig ná
léine; A stóir mo chroidhe, dá mb'fhéidir liom, Do throisgfinn duit naoi
dtráth, Gan biadh gan deoch gan aon chuid ar oileán i Loch
Éirne, D'fhonn mé a's tú bheith i n infheacht go réidhfeamuis ár
gcás. A ghruaidh ar bhath na gcaor-chon! A chuachín bháirr an
t-sléibhe! Do ghealladh ná déan bréagach, Acht éirigh leis an
lá, 'S i n-aimh-dheóin dlighe na cléire Go dtógfainn thú mar
chéile, 'S a Dhia, nár dheas an sgéal sin, Duin' ag eulódh' le na ghrádh.



Do gheit mo chroidhe le buaidhreadh
Agus sgannraidh mé naoi n-uaire
An mhaidin úd do chualaidh mé
Nach raibh tú rómham le fághail,
'S a liacht lá faoi shuairceas
Chaith mise 's tú i n-uaigneas
'S gan neach ar bith d'ár gcúmhdach
Acht an crúisgín 's é ar an gclár.



Dá bhfághainn amach do thuairaisg
Dá dtéightheá go bonn cruaiche,
Rachadh an sgéal ro chruaidh orm
Nó leanfainn do mo ghrádh,
's go mb'fhearr liom sínte suas leat
'S gan fúinn acht fraoch a's luachair
Na <bheith> 'g éisteacht leis na cuachaibh
Bhíos ar siubhal ag éirighe lá (i.e. láe).


L. 57


'S é ádhbhar m' orna 's m' éagcaoin
Gach maidin mhoch d'á n-éirighim
A chúil na lúb 's na bpeurla
Nach tú bhí dham i ndán,
'S ní iarrfainn leat mar fhéirín
Acht mé a's tú bhéith i n-éinfheacht
In áit éigin 'n ár n-aonar,
Go leagfainn ort mo lámh.
Sheinnfinn céol ar teudaibh
Go binn, le barr mo mheura,
Thréigfinn mná na h-Éireann ort,
A's leanfainn thú 'san tsnámh.
'S dá mbéidinn am' righ na Gréige
No im' phrionnsa ar na céadtaibh
Do bheurfainn suas an méad sin
Do pheurla an bhrollaigh bháin.



Dá bhfeicfeá reult an eólais
'S í teacht i mbéal an bhóthair
Déarfá go mbudh sheód uait
Do thógfadh ceo a's draoidheacht,
A gruadh dearg mar rósaibh
'S a súil mar drúcht an fhóghmhair,
A béilín tana ró dheas
's a brághaid ar dhath an aoil.
Bhí a dá chích corra cómh-chruinn
Mhol mé iad 's ní mór liom,
'N a seasamh ag deanamh lóchrain
'S iad ceartha os cómhair a croidhe.
Tá mé i mbrón 's i ndóghraing
Ó sgiorr tú uaim tar teórainn,
Cidh is fada ó fuair mé cómhairle
Go ngiorrócha ar mo shaoghal.



Tosóchad shíos i mBréuch-bhuidhe
A's rachad go Loch Éirne,
Ó Shligeach go bonn Céise
Bheurfaidh mé mo sgríob,
Siúbhalfaidh mé Móin-Éile,
Corcaigh a's Binn-Éidir,
'S ní sheasfaidh mé i dTom-Gréine
Go dtéidh mé go Tráighlighe.
Níl gleanntán cnoic ná sléibhe
Ná baile-cuain 'san méad sin
Nach siubhalfaidh mé, má fhéadaim,
'S nach dtóireóchaidh mé mo mhian,
Muna bhfágh' mé Brighid 'san méad sin
Ní'l agam le rádh léithe
Acht beannacht slán á's céad do chur
Le bláth na sugh-chraobh.



A sgéimh, a croidhe 's a breághtha
Ní sgriobhfadh Bhirgil ráithe,
A dá chíc gheala bhana
Mar an eala tá ar an dtoinn,
A malaidh caola, tarraingte
'S a súil chomh cruinn le áirne
A bhíos i gcómhnuidhe, tá 's againn,
Ag fás ar bhárr an toim.
Budh mhillse blas a póige
Ná mil na mbeach 's é reóidhte,
Ba dheas a seasamh i mbróig
'S a cúilfhionn fáinneach fionn.
'S dá mbéinn a's bláth na h-óige
I mBalla no i mBothóla
Ni fhágfamaois go deireadh fóghmhair é,
Acht ag spórt 's ag déanamh grinn.



Deir Mercuri gur dóigh
Gur b'é Pluto sgiob an tseód leis,
'S gur ab iomdha gárdaidh móra
Tá gabhail idir mé 'gur í,
Is é Jupiter a máighistir,
A's triallfaidh mé d'á láthair,
Acht fanfad go dtí amárach
Go leigidh mé mo sgíth.
Ta mé tuirseach, breóidhte,
Cidh chaith mé leat mo bhróga,
Go síorruidhe ag déanamh bróin,
Ní chodhlaighim neull de'n oidhch',
's ó thug Hercules le ró-neart
Cerberus de'n bhóthar,
An measann sibh nach cóir dham
Mo stór do leanamhain síos.



Níor mhór dham congnamh láidir,
Ní'l mé mór le Charon,
B'éidir dhó mé bháthadh
Dá dtiginn in a líon.
Ta a bhád 's a mhaididhe rámha
Go síorruidhe annrúd ar ghárda;
Ní thaithnigheann dream an Phápa leis,
Ní ghéilleann sé d'á ndlighe.


L. 58


Níor chabhair dham na Spáinigh
Mar gheall ar Bhainríoghain Máire,
Bhíodh ag brúghadh a's ag cárnadh
'S ag congbháil na nGall síos,
Acht dá mairfeadh Calvin lá 'cint,
Cromaill, Hannraoi, a's Mártain,
Dá sgríobhfadh siad dam cárda
Ní h-éileóchaidhe orm pighin.



'Sé Pluto an prionnsa clamprach
Sgiob uaim mo ghrádh agus m'annsacht,
É féin augs Radamantus
Ní caraid dom an dias,
Bhulcan brúighte, dóighte,
'S a leath-chos briste breóidhte,
Minor nach dtug tróchaire,
Ná trustaigh an gaduidhe choidche'.
Is iomdha abhainn bháidhte
Sin agus contabhairt chráidhte,
Tóirneachaidh ag cárnadh
Agus ag lorgadh ar gach taobh,
Acht triallfad orra amárach
Agus mar admhuigh siad mo ghrádh dham,
Geobhad congnadh láidir
Nach n-éileóchaidhe orm pighin.



Fianta Fionn níor mhór dham,
Osgar 's Goll na Mórna,
'S Cúchullainn, an laoch cróganta
Nár chlis i gcath ariamh.
Clann Uisnigh dubhairt go leor liom
Do bhainfeadh ar claidheamh lóchran,
Agus Hector, an laoch mór-chruth
Fuair fóghluim bréagh san Traoi.
Chluinnfeá i dTir na h-Óige
Gníomh na bhfeara móra,
An tráth thosaigheadar a stróchadh
Ag gearradh rompa síos.
Acht Jupiter níor mhór dham
Chuir Mentor, an fear éoluis, liom,
Nár leig amuigh' i n-aon bhóthar mé
Go dtug me abhaile Brighid.


L. 60


Frinseach Thír' Eoghain.



Ars' an Sionnach: - "Beannacht' leat a Chnuic Meadha, Beannachta
libh idir fir agus mná, A's a liachtaighe lá
aereach a chaith mé 'gaibh ann, Nó gur leónadh mo
chnámha 'gabháil 'noir ag Gleann seabhach."



"A' gabháil 'noir ag Gleannseabhac, nár
chlaon é mo sgéal,
Bhí m'anáil féin briste 's mo theanga thar
mo bhéal."
Bascadh an Sionnach a's é 'g dul thríd an
móin,
Mar suaitheadh é 'g clampar lé Frinseach
Thír' Eóghain.



Chuaidh cáil na bhFrinseach go fada 's go
geárr,
Do chuaidh sé go Breatain, do'n Fhrainc 's
do'n Spáinn;
Samhuil de dhaoinibh uaisle ní riabh riamh lé
fágháil -
'S go mba leanbh buan, saoghlach é Frinseach
Thír' Eóghain.


L. 61


Ní'l an t-oighre óg seo acht naoi mbliadhna
déag,
'S tá "ladies" na h-áite i ngrádh leis gan
bhréig;
Tá sé i gclár 'éadain le léigheadh ag an
saoghal
gur b'é is áit áruis do Flaitheas na Naomh.



Dá bhfeictheá na Frinsigh 'teacht chuig an
léim -
"Dia 'gus a Mhuire, nach ionnta bhí 'n "game!"
A's iad gleust' 'i ndearg, i ndubh 'gus i
mbán -
Och! impighim Rí an Dómhnaigh an t-oighre
'theacht slán.



"Óbh! Óbh!" ars' an Sionnach, "cad
'dhéanfas mé féin?
'Seo iad na gadhair agus stróicfidh siad mé;
Caithfear amach mé 's béidh 'n sioc faoi mo
shróin,
'S mo ruball 'tráthnóna, ag Frinseach Thír'
Eoghain.



Dá bhfághainn-se ráithe nó cúpla mí 'spás,
Rachainn 's an áit nach gcuirfidhe ionnam
sgáth;
Rachainn thart-amach síos go pláinéid Mhuigh-
eó,
'Sní bhéadh mo ruball 'tráthnóna 'g Frinseach
Thír-Eóghain.



Bhíos annsin cheana, 's b'olc an chómhursa
mé ann,
Bhíos ro-bheadaidhe, ba mhór mo dhúil i bhfeoil;
Mharbhuighinn féin lachain a's géadha go leor,
'S d'fhágaidh sin mise ag síor-shileadh na
ndeór."


L. 62


Bás agus an Muilleóir.



Bhí mise lá breágh, 's mé ag dul go Tuaim, Nuair a
casadh an Bás orm ar thaoibh a' dúin. "A' bhfhuil
aon duine agat, ó ghluais tú ar siubhal"? "Béidh an
muilleóir bán agam ar ghreim ar chúl."


L. 63


An Muilleóir: Bíodh Ua Brian agat agus
Tighearna an Chláir;
Bíodh Ua Conchobhair tréan
agat 's Ua Dómhnaill
Óg;
Bíodh Tighearna Sligeach
agat agus a mhaighdean
mhná,
Agus fág seal eile ag an
muilleóir bán.



Bás: Ní bheidh Ua Briain agam ná
'n Tighearna Chláir;
Ní bheidh Ua Conchobhair tréan
agam ná Ua Domhnaill
Óg;
Ní bheidh Tighearna Sligeach
agam ná a mhaighdean
mhná,
Acht beidh greim cúl cinn
agam ar a' muilleóir
bán.



An Muilleóir: Má's gaiscidheach thusa, má
tá tú 'rádh,
Is lom, crúaidh, caithte é le
cnámh gan feoil.
Is fear gan mhisneach nach
rachadh leat chun spairn
Agus dhe réir mo mheasta,
gur tú bhéadh ar lár.



Bás: Má tá mise lom, caithte ní
náire dham é.
Agus a liachtuighe lá breágh
a rugadh mé;
Acht is teachtaire bocht mé
ó fhlaitheas Dé
Atá i ndiaidh gach anam bocht
d'ar chaith a léas.



An Muilleóir: Glacaim-se pardún ag Righ
na nDúl,
Le dul cun spairne le
pláigh mar thú;
Acht thug mé do roghan duith
Ar bheirt nó ar thriúr,
Agus bíodh Ruaidhín feasta
agat nó muilleóir
plúir.



Bás: Leag mise an Gearaltach,
's budh gaiscidheach é,
Goll Mac Mórna agus
Conán Maol;
Leagfaidh mé ar fad iad le
conghnamh Dé,
Agus beidh an muilleóir bán
agam, 's cé choineóchadh
é?


L. 64


A Thomáis, a mhíle Stóirín!



A's a Thomáis a mhíle stóirín, Ná buail síos le
comhrádh 'r bith mé. Glac do shluasad 's do láidhe - Agus go
deo deo ní céim síos ort é. Ag dul thríd an tráigh
mhóir dom, Dar liom féin go raibh an drúchta 'na luighe, A's a
chumainín fá dhó thú, Seo - póg dhuit nó go bhfillidh mé arís.



Sé mo léan géar, a stóirín,
Gan mo bhóthairín ag dul ag do thigh,
Mar is leat a chaith mé mo bhróga
I dtús m'oige, 's mé i ndeireadh mo shaoghail.
A's go bhfuil mé ar mo leabaidh
Le bliadhain 's cúig seachtmhaine déag
Go bhfuil mo ghrádh geal sa Milísí,
A's deir daoine nach bhfillfidh go h-éag.



'Sé mo léan géar, a stóirín,
Gan bliadhain ar fad ins an ló,
A's duilleabhair na g-craobh
Ag síor-chur na meala dhá mbárr,



Mise liom féin ins an tír
A gcomhnuidheas mo ghrádh,
Mo thaobh le n-a thaoibh
Agus an chraobhóigín ghlas in a láimh.



Bliadhain gus an oidhche aréir
'Seadh réab na capaill thar fál,
A's i gcionn uaire n-a dhiaidh sin
'S eadh d'éaluigh mo ghrádh geal san snámh.
Ní'l tuile dá mhéid
Nach gcaitheann seal eile a' trághadh;
Ní'l ann acht lucht bréige
'S b-féidir go bhfillfeadh mo ghrádh.


L. 65


Uiseó mo leanbh.



Uiseó! Uiseó! Uiseó - mo leanbh - Uiseó mo
leanbh 's gabh 'mach tú a bogha. Uiseó! Uiseó! Uiseó - mo
leanbh Uiseó mo leanbh 's gabh 'mach tú a bogha. Ei - Eidilí
Eidilí, Eidilí, Eidilí, eidilí,
Eidilí, Eidilí, Ei. Ei, Eidilí,
Eidilí, Eidilí, Eidil. Uiseó mo leanbh 's gabh 'mach tú a bogha.


L. 66


Suantraidhe



Seothín, seothó mo stóir é mo leanabh, Mo sheod gan
chealag, mo chuid de'n tsaoghal mhór, Seoithín, seothó nach mór é an
taithneamh, Mo stóirín 'n-a leabaidh 'n-a chodladh gan brón! A leanabh mo
chléibh, go n-éirighidh do chodladh leat, Séan agus sonas a
choidhche 'do chomhair! Seo beannacht Mhic Dé agus téagair a
bhuime leat, téirigh a chodladh gan bíodhgadh go ló.



Ar Mhullach an tSidhe tá sídheoga geala
Fá chaoin-ré an earraigh ag imirt a spóirt,
'S seo iad aniar chun glaoidh ar mo leanbh
Le mian é tharraingt isteach san lios mór.
Goirim thú, a chroidhe! ní bhfuigh' siad do mhealladh
Le brígh a gcleas ná le binneas a gceoil,
Tá mise led' thaoibh ag guidhe ort na mbeannacht,
Seoithín, a leanbh, ní imtheo' tú leo.



Seoithín, seothó, agus rl.



Os comhair mo laoigh, go míochair cean'mhail
Tá díl-ruisg aingeal ag faire 'n-a threo,
Le mór-ghrádh dian 'ghá iarraidh chun bealaigh,
Mar b'aoibhne flaithis dá rachadh sé leo.
A stóir mo chroidhe, luigh siar in do leabaidh,
Le taoibh do mhaime 'seadh fhanfair go fóill,
Ní mór dham le Dia mo shiamsa 'gus m'aiteas,
Mo Ríoghacht ar talamh i dteannta mo bhróid.



Seoithín, seothó, agus rl.


L. 67


Bhí mis' a's óig-bhean lá 'g 'ul an bóthar, Thugamar féin an Samhradh
linn. Cia casfaidhe dúinn ach' an Gruagach Cródha, Thugamar féin an Samhradh
linn. Samhradh, Samhradh, bainne na ngamhna, thugamar féin an Samhradh
linn. Samhradh, Samhradh, bainne na ngamhna, thugamar féin an Samhradh linn.


L. 68


D'fhiafruigh sé diom ar inghean dom an
bhean óg sin,
Thugamar, etc.
Go deimhin ní h-í, 's í mo ghrádh a's mo stór í.
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



A dtiubhrthá cead dom-sa labhairt go fóill
léi?
Thugamar, etc.
Mara ndeunaidh tú sin, deunfaidh mé an
cóirtheas (?)
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



Téigh thusa 'n aithghiorra 's rachad-sa 'n
bóthar
Thugamar, etc.
Pé againn leanfas sí, bíodh sí go deo aige.
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



Leanfaidh mé 'n Gruagach, ó's deas an
fear óg é.
Thugamar, etc.
Do bheo nó do mharthainn nar fhillir go deo
orm!
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



Is iomdha sin bó 'g 'ul thar chlaidhe teorann,
Thugamar , etc.
Ag tógáil seilbh' ar sheilbh na gcomhursan.
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



'Sé fhearacht sin agam-sa leat-sa, a
stóirín,
Thugamar, etc.
D'fhágais annsin mé bocht agus brónach.
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



Tháinic sí chugam arís tráthnóna,
Thugamar, etc.
A's thug sí léi an leithsgeul ba chórtha.
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.



Ach' níor fheud mise éisteacht le caint
de'n tsórt sin.
Thugamar, etc.
D'fágas ó shoin í ag gol go brónach.
Thugamar, etc.
Samhradh, Samhradh, etc.


L. 69


Léine Bharraigh.



Tá cailíní óg' ar a mbaile sin thall, 'S ní bhéidh siad sin
beo 's go dtéidhidh siad 'sa bhfaisiúin. Tá ribíní "satín" de'n fhaisiúin a bhí
daor 'ca, Gan aca 'san oidhch ach' ceallaigh mo laddí. Dheamhan buachaill
óg dá ngeobhtá i dtír, A Mhuire 's a Chríost, is truagh gan tú
agam. Ní cuimhneóch siad choidhche ar chíos a dtighe, Ach' a n-ascaillí
buidhe thríd a léine bharraigh. Rum do dum dum dl-dí díol-dí
dum. Rum do dum dum dy-y rum ad-dí.


L. 70


Cheannuigh mé ros agus chuir mé 'sa' gcré
é
I mbárr an mhaca i dtús an earraigh:
Bhain mé agus bháidh mé é, 's sgair mé ar
fraoch é,
'Gur chuir mé sa gcré é gan stroinse cáillighe.
Ní h-é an barrach garbh a cheannaigh mé féin,
Acht an plúiríní glégheal leithéid mo dhadí.
Chaill mé le figheadóir mo cheithre phighinn déag,
Gan agam d'á bhárr acht mo léine bharraigh.
Rum do dum, dum, etc.



D'árduigh sí m'anam i mbárr mo chléibhe
A's thóchas na plétí a bhí shiar ar a caraí.
Dheamhan sin duine d'á cuala mo sgéal,
Nár dhubhairt go raibh tréad ar mo léine
bhárraigh.
Rum do dum, dum, etc.


L. 71


An Droighneán Donn



Dá mbéidhinn 'mo bhádóir, is deas do shnámhfainn an
fhairrge anonn, A's go sgríobhfainn cúpla
líne le bárr mo phinn. Bhéidhinn ag
téaltughadh ar feadh na leuna a's a' fásgadh a
cúm', A's an lá nach féidir liom bean a bhréagadh, N'íl an báire liom.



Anois a chumainnín! ó thárla ag imtheacht
thú, go bhfillidh tú slán,
Sgeul cinnte gur mharbhuigh tú mo chroidhe in
mo lár.
Ní'l maoin agam a chuirfinn in do dhiadh ná
bád,
A's go bhfuil an fhairrge ar a teorainn ead-
rainn, a's ní dual dam snámh.



Tá cluanaidhe óg dhe bhuachaill do mo
mhealladh le bliadhain
Nó go ndearnaidh sé gual dubh i lár mo
chléibh;
'S mór a mealladh é, ná'r bheannuigh sé mo
mhéin i gceart,
Ná 'r fhillidh sé! a's tuille tubairt' chuige,
nó go bpósfaidheas mé.



A Mhuire dhílis! céard do dhéanfas mé, nuair
imtheochas tú uaim?
Ní'l eolas in do thigh agam, in do bhealach
'ná do shráid.
Ta mo dheadí go dubh i dtalamh a's mo
mháithrín faoi bhrón,
A's tá fir Éireann i bhfad i bhfearg liom,
a's mo ghrádh i bhfad uaim.



Is fear gan chéill a rachadh ag dréim leis
an gclaidhe bhéadh árd,
A's claidhe beag eile le n'a thaobh ann, ar a
leagfainn mo lámh.
Gidh gur b'árd é an crann caorthainn, bíonn
sé searbh as a bhárr
A's go bhfásann smeura, agus bláth súth craobh
ar an gcrann is ísle bláth.


L. 72


An Droighneán Donn



Síleann céad fear gur leo féin mé nuair
ólaim lionn. 'S teidhean dá dtrian síos díom ag
cuimhne ar do chomhrádh liom; sneachta
séidhte 's é d'a shíor-chur ar Sliabh na mBan
Fionn 'S tá mo ghrádh-sa mar bhláth na
n-áirne Ar an droighneán donn.


L. 73


Dá mbéinn 'mo bhádóir is deas do shnámh-
fainn an fhairrge anonn,
'S do sgríobhfainn chugat líne le bárr mo
phinn;
Faraoir geur! gan mé a's tú a ghrádh mo
chroidhe
I ngleanntán sléibhe le h-éirghe gréine 's
an drúcht' na luighe!



Cuirim féin mo mhíle slán leat, a bhaile
na gcrann,
'S gach baile eile dá mbíodh mo thriall ann;
Is iomda bealach fliuch, salach agus bóithrín
cam
'Tá idir mé 'gus an baile 'na bhfuil mo
stóirín ann!



Tabhair mo mhallacht do t'athair 's dod
'máthairín féin,
Nár thug beagán tuigsiona dhuit mo lámh do
léigheamh;
Is moch ar maidin chuirfinn chughat-sa brígh mo
sgéil,
Bíodh mo bheannacht agat go gcastar ort i n
uaigneas mé.



A Mhuire dhíleas! creud do dheunfad má
imthigheann tú uaim;
Ní'l eolus chum do thighe agam, do theaghlaigh,
ná do chlúid;
Ta mo mháthairín faoi leath-trom 's m'athair
san uaigh,
Tá mó mhuintir ar fad i bhfearg liom, 's mo
ghrádh i bhfad uaim!



Má's ag imtheacht atáir uaim anois, a
mhúirnín, go bhfille tú slán!
Is dearbhtha gur mhairbh tú mo chroidhe in mo
lár;
Ní'l coite agam do chuirfinn ad' dhiaigh, ná
bád,
Tá an fhairrge na tuilte eadrainn 's ní
h-éol dom snámh.


L. 74


Cearc agus Coileach.



Cearc agus Coileach a d'imthigh le chéile, Shiubhaladar
Éire gur briseadh a gcroidhe; A's cuadar go Gaillimh le
héirghe na gréine, Gur cuireadh an "péire" isteach ag an dlighe.



Is ag Uilliam ó h-Uileán a bhí siad ar
féarach,
'S ithe mónóga sléibhe 's codladh 'sa bhfraoch,
Go dtáinig an sirriamh go lúthmhar a's aereach,
'Sguab sé an péire isteach go B'l'áth-an
Ríogh.



Dá bhfeictheá 'sa 'n coileach lá aonaigh 'sna
sráidibh,
Hata breágh lastair a's laimhíní buidhe,
Ceithre spur fhada de'n airgead Spáinneach,
Fuip in a láimh, 's é 'tigheacht mar an Righ.



'S ag Muileann na Leice, 'seadh chuala mé
an trácht air
Ag mnáibh bhí cothuighthe le bláthach Sheagháin
Mhóir.
M'éinín coiligh bhí agam le haghaidh na féile
Mártain,
Gur mharbhuigh na mná é le dúil ins a bhfeóil;



Thug siad isteach é gur sgar siad a chnámha,
'S gur chaith siad an lá sin spóirteamhail go
leor.
'S narbh fhearr dóibh spóilín a cheannach ar
fóghnamh,
'Ná an chaoi a ndeachaidh a gcáil ar fud
Chonndae Mhuigheó.



Bhí cearc ag Seághán Bán budh dheise 'ná
péacóg,
Ubh agus céad a rug sí sa lá.
Tháinig an sionnach a mharbhuigh na céadta
'S thug sé de'n réim sin í isteach go Slíabh
Bán.



Daimhseochaidh sí monuar, cuadraill a's
caeper.
'Muigh ar an "stage" ós coinne Dúin-Mhóir,
'S an bharra na Gaillimhe leig sí an chéad
ghlaodh,
Cleite ar mo "ghame" níor baineadh go
fóill.


L. 75


D'éirigh mé suas ar maidin 'sa' drúchta,
Mo chapaillín cú liom 's mo mhadadh beag
bán.
Chonnaic mé an sionnach 's é fighte fuaighte,
Siar ins an uaimh 's cloch ar a cheann.



Tharraing mé aniar é go ndearnadh sé
udhachta,
Ann a bhfacaidh a shúil nó loirg a lámh.
Sé Tomás De Búrca an buachaillín sgíurtha,
Chuirfeadh na cearca 's na coiligh ar
fágháil.



"M' ochón"! ars an chearc 's í 'dul ar
an bhfaraigh,
"Nach brónach 's nach deorach le h-innsint mo
sgéal,
Athair mo chloinne, 's céile mo leabthan,
A' dul ins an bpota a's leac ar a bhéal."



"Anois," ars an chearc, "ó thárla i m'
bhaintreabhaigh mé,
Gráinne ní phiocfad go dtéigheadh 'sa gcré;
Acht bheirim mo mhallacht tráthnóna a's maidin
Do mhnáibh Doire Leathain' a mharbhuigh mo
ghame."


L. 76


A's óró mhíle grádh.



A's óró mhíle grádh, A's óró mhíle grádh
ím bím boberó 'S huch! 'sé mhíle grádh.
óró, óró, óró, í, 'S óró mhíle grádh


L. 77


Art Ua Ceallaigh.



Triallaire bocht mé a'siubhal íochtair na tíre, Ag
tigh Airt Ui Cheallaigh 'seadh casadh 'san oidhch' mé, Gan
fiú 'n phluid leabaidh a bheith i mo thimcheall, Acht'
teach fuar, follamh gan duine 'na daoine - 's mór - ó!



Tháinic Art isteach chugam
Ar buile agus baoghalach,
Níor dhubhairt sé "what's dara"
Gur fhiafruigh sé dhíomsa
"What in the dickens,
Ach, dhuine, cá mbíonn tú,
Nó cé an cat marbh
A chas in mo thír thú?" - ' mór ó.



Labhair mé leis
De chómhrádh chaoitheamhail,
Gur triallaire bocht mé
A tháinic 'san tsligheseo,
Go dtáinic mé isteach
Go leigfinn mo sgith,
'S dá suidhinn cois na gclaidhe amuigh
Ba fuar fad' an oidhch' í - 's mór ó!



"Níor mhinic le triallaire
A theacht i mo thigh-se,
Níor tháinic ariamh
Agus ní thiocfaidh choidhche.
Ní'l i mo theach-sa
Acht mise 's m'inghean
Agus dá maireadh m'athair
Ní bhéarfainn blas bidh dó" -'s mór ó!



"Duine dona t'athair
Fuair ó do ghaol thú,
Mar' dtugthá dhó
Teas teine ná dídean.
Céad glóir do na h-aspoil,
Nach bhfuil ó mo ghaol leat,
Nuair nach duine thú
Is cosamhail le críostaidhe" - 's mór ó!


L. 78


"Cad chuige nár shuidh tú
Cois chlaidhe eicínt nó dídean,
Gan a theacht i mo thigh-sa
An tráth úndí d'oidhche?
Sin nó a' dul go dtí tabhairne
Ag caitheamh do phighinn' ann.
Nuair a bhínn féin triallaireacht
Siúd é a dhéanainn" - 's mór ó!



"Leig de do chuid cluainigheachta
Anois, Airt, 's ná síl é;
Ní chuirfidh tú amach mé
Chomh réidh agus sílir,
Ní'l aon teach leanna
Anois i bhfoisgeacht cúig mhíle,
'S ba ró-mhór é m'fhaitchíos
Go gcasfaidhe an t-sluagh sidhe orm" - 's mór ó!



"Duine dona, meathta thú,
'Ta tú ró éigear,
Is cosamhail nár léigh tú
Aríamh Scriptúir nó Bíobla.
Ní raibh leithéide ariamh ann
Agus ní bhéidh coidhche
Agus is piseóigí cailleach iad,
An cineadh ar díobh thú -'s mór ó!



Ní'l fhios agam féin
Cé'n spailpín óinmhidh thú
A ghoidfeadh mo hata
Mo chót' 's mo bhríste,
A ghoidfeadh an casúr
A bhéadh i bhfraitheachaibh an thighe agam
Agus imtheóchadh ar maidin
Shul dhá n-éirigheadh mo dhaoine" - 's mór ó!



"Ní duine de'n t-sórt sin mé,
Airt, 's ná síl é,
Acht buachaillín múinte
De bhunadh na tíre
Théigim-se a chodladh
Le tuitim na h-oidhche,
Agus ní éirighim ar maidin
Go leigtear céad glaodh orm" - 's mór ó!



Cuaidh Art a chodladh
I gcionn uair' d'oidhche.
Ar chunnt' ar an aithis
Narbh' éirighe dhó choidhche!
Mar níor orduigh sé dhom-sa
Teas teine ná dídean,
Acht mo shuidhe ar a' gcathaoir
'S a inghean ar thaoibh dhiom - 's mór ó!



Labhair an inghean
De chómhrádh caoitheamhail.
"An bhfuil do chiall agat
Nó 'n maireann do chaoimhtheach?
Nó dá mbéadh fhios agam
Gur duine de bhrígh thú
Chóireóchainn do leabaidh
'Gur chuirfinn' do luighe thú" - 's mór ó!



"Taisge m'anam,
Agus cuisle mo chroidhe!
Ní inghean do Art thú,
Mar tá tú lághach caoitheamhail.
Meireach gur ró-mhór é m'fhaitchios
Go bhfuil ó mo ghaol leat,
Badh mhór é mo ghean ort,
A chailín groidheamhail" - 's mór ó!



"Dá mbéadh fhios agam
Nach bhfuil ó mo ghaol leat
Chóireóchainn do leabaidh
Agus chuirfinn do luighe thú.
Chuirfinn mo ghúna ort
Tar ó an oidhche
Agus go deimhin féin chaithfinn leat
Carthannas míosa" - 's mór ó!


L. 80


Túirne Mháire.



A Mháire chiúin tá'n Nodlaig ar tús, Anois le congnamh an
Árd-Ríogh Cuir do thúirne uaim 'san deamhan 'S trí chos úr ó'n
Spáinn faoi Mul as Lundun, ceap as Luimneach, Cuigeal as Laighin in
áirde Sreang don tsíod' is fearr 'sa tír seo, 'S béidh do thúirne
sásta. Fal lal, fal lal, fal lal - lér í.
Fal lal, fal lal, fa lú, fa la, fa lér í.



Túirne Mháire.



'Sé túirne Mháire'n túirne sásta, Shiubhail sé roinnt mhaith dhe
Éirinn N'íl cnoc ná gleann d'a ndeachaidh sé ann, Nach ar
<L81>
fhág sé cuid d'á thréithibh. Chaith sé lá ar bhruach Cinnsáil', Ar
lúb ins an ngleanntán sléibhe. Ná sidheógaí mná bhí ar
thaobh Chnuic Meadha Do shníomh leis "lawn" a's "cambric."



Túirne Mháire



Thíos i gCill Mhanntán rinneadh an tromán,
Tuilleadh mór 'gus ráithe,
De chnámhaibh an ghearráin rinneadh an biorán
A's chaitheadar i bhfiadhnais' Mháire é.
Bhí ceathrar ag sníomh ó mhaidiin go faoidhch',
'S ochtar 'san oidhche ag cárdáil.
Nach suarach a sníomh do chailínibh tighe,
Leath-tugtha ag sníomh an lá sin?



Ní h-í mo bhean-sa bean an túirne,
Acht Eibhlín mhúinte bhéasach,
A cos d'a stiúr' ar mhaide túrna
'S a lámh ag déanamh réidhteacht'.
Ba thuaith an stúmpa, slinneán strumpuighthe,
Cuigeal cam, gan faoidhim leis,
Leagadar fúm an gliogaire túirne
Gan fuaim, gan tiúin, gan gléas leis.



Nach é sin an túirne ciúin gan tuirse
A bhris mo chroidhe gan leigheas orm,
A' dul thar muir a' tóruigheacht fuinnimh,
'S dheamhan sin snáithe a shníomhfadh sé.
Túirne 'gus eiteal, ceap agus tromán,
Péire láimhín a' déanamh réidhteacht',
Tugtar i mo láthair briste nó slán,
Is cruaidh an cás nach ngléasfainn.



Nach é sin an túirne is cruaidh a bheith buan
Ag raibléire tuaith is marsáil,
Le beartuigheacht púcaí ag tigheacht dár
ndúiseacht
Ins an mbothán chuig a' gcarnán.
Bean-tighe shúgach, chliste, luathmhar,
A' freastal triúir 's í a' cárdáil,
Le n-a fearsaid-úr a lax-a-loodle
'S gan neart ná cumhacht a thárrtháil.


L. 82


Buailtear an milleán ar shagart an
pharáiste,
Mar 'sé a chaith tús an lae leis,
Muna bhfuil sé i ndán do'n dream seo dhíbirt
Ná an oifig naomhtha a thairiscint.
Ní'l Domhnach anall ó Shamhain anuas
Nach dtéigheann sé thríd an éideadh,
Nach truagh leat Máire buaidheartha, cráidhte,
D'easbaidh ádhbhair a léinteóige.



Tar éis a ndubhairt mé, ní'l sé i dtiúin
Go gcuiridh mé a' siubhal é i mbárach,
Síos go Cill Alaidh a' féachaint an easbuig
Go dtógfaidh sé suas in a láimh é.



Mar bhí sé malluighthe ní féidir a bhean-
nughadh
Go dtéighidh sé chun Árd Naoimh Pádraig,
Le neart a shoirne 's a mhéid a shluigfeadh
Ní choinneóchadh ceathrar snaithe leis.



Leigheas mo thúrna ní'l ag aon roimhe,
Ag sagart, bráthair, ná cléireach,
Go dtagaidh Mac Ruadháin atá i n-a chrannóig
Thall ar thaobh an t-sléibhe:
Mar is aige bhí an t-ádhbhar le n-a chómhrádh,
A bhaineas do'n úsáid céadna;
Má's fíor a chómhrádh le na spócáil,
Éireochaidh sé ins na spéarthaibh.


L. 84


Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh, 'S ní mar do
chuirfeadh mná ná mbodach Suas i bpluidín nó i mbráithlín
barraigh, Ach' i gcliabhán óir a's an ghaoth 'ghá bhogadh. Seó hín



seó 's lul la leó, Seó hín seó 's tú mo leanbh. Seó hín
seó 's lul la leó, Seó hín seó 's tú féin mo leanbh.



Do chuirfinnse féin mo leanbh a chodladh, Lá breágh
gréine idir dhá Nodlaig, Ar urlár leathan ar bhárr an
chnuic, Faoi bhun na gcrainnte A's an ghaoth 'ghá bhogadh.



Codail, a leinbh, agus go mbadh chodladh
slán dhuit
Ar do chodladh go dtugaidh tú do Shláinte:
Nár bhuailidh an coilig ná greim an bháir thú,
Galra na leanbh, ná an bholgach ghránda.
Só hín seó, etc.


L. 86


An Chailín Deas Óg



An cailín deas óg a bhfuil mé ar a tóir, Mo chreach mhaidne brón, ní
castar liom í, Tráth théighim go tigh 'n óil, an damhs' nó an spóirt; Ach'
Leanfad 'sa ród í ar uair an mheadhoin-oidhch'. Mar is
tus' an fear cóir a shiubhlas go léor, Fáigh dhomsa seód a bhéas
agam mar mhnaoi. Ná sanntuigh go deo maoin chaorach na bó, Acht
innseóchaidh me nós 'na a dtógfaidh tú í.



Bíodh sí lághach óg gan mhairg gan ghruaim,
Stuamdha go leor ar gach uile shórt nidh,
Tuigsineach ró-dheas gan an iomarca bróid,
Siúd í mo stóirín dá mbéadh sí gan píghinn.



Dá mbéinnse chomh claon is go n-éalóchainn
le mnaoi,
Nach é sin an nidh a rachadh os árd,
Ní bhéadh eadrainn choidhch' acht troid agus
bruighean,
'S gan cion aici 'r nidh d'á nglacfadh mo lámh.



Dá chiún' iad na mná tá 'n anachain ionnta,
Ní féidir le fáidh ná le fil' a chur síos,
'Sé rachadh dá ngrádh choidhch' in mo lár,
Ó thoirigheann sé a'trághadh nó go bhfillidh sé
'ríst.


L. 87


An Caitín Bán



Bhí an caitín glas ag siubhal go deas, Nuair a
fuair sí a maicín sínte, 'S gur bliadhain ó an lá sin
fuair sí a clann, Caithte a's báidhte i dtrínse An
caitín bán bán bán, An caitín bán, cat Bhríghde An
puisín ban sneachta bán Do báidheadh ins a' dtrinse.


L. 88


D'éirigh an mháthairín suas 'n-a seasamh
Nuair a fuair sí a maicín sínte;
Thug sí a bhail' é, 's righne sí leaba,
A's thosuigh sí annsin d'á chaoineadh.
An caitín bán, etc.



Bhí roinnt d'á clainn ag Aindríú, an dall,
A's thángadar i bpáirt d'á chaoineadh:
Tá mé dearbhtha, má chloiseann Barry é,
Nár mhaith leis bás chait Bhrighde.
An caitín ban, etc.



Níor bhris sé cómhra ná glas comharsan,
A's im na mbó níor mhill sé.
Agus ní fhaca tú ach' an seanchur
Bhí 'g na luchannaibh d'á innseacht.
An caitín bán, etc.



Ba ghlas í a shúil 's ba dheas a shiubhal,
A choismeig lúthmhar éadtrom:
Is measa liom siúd ag dul faoi 'n úir
Ná cúig Mumhan d'á éisteacht.
An caitín bán, etc.



Bhí cruit ar dhruim an chaitín bháin
Chomh mór le "jug" trí píonta,
A's nár dheas an "show" ag daoinibh móra
An caitín poll deas Bhrighde.
An caitín bán, etc.



Cuirfidh Máirtín Uaitéir cómhra chláir air,
A's is righ-mhaith uaidh sin a dhéanamh,
Agus marach an t-am a bhfuair sé bás
Gheobhamuis ádhbhar caointe.
An caitín bán, etc.


L. 89


An Caisideach Bán.



Bhí mé lá breágh a' tabhairt turais na Cruaiche, Agus mé ag
gluaiseacht ar an taobh thall, Ag cur tuairisg' an chailín
deir a d'fhág m'inntinn buadhartha, Agus rinne sí
gual de mo chroidhe in mo lár. D'at mo ghuailne go dtí mo
chluasa Agus fuair mé fuagradh glan géar ó'n mbás, 'S ní'l
duine dá gcualaidh mo sgéal an
uair sin, Nachar dhubhairt go mba truagh bhocht an Caisideach bán.



Ar cheann an staighre tá plúr gach maigh-
dean,
'Sí siúd meidhreog an bhrollaigh bháin.
Is truagh nach liom í, gan buaidh ná punnt
í,
A's í bheith gan chunntas liom ar láimh.
Dhéanfainn teach mór dhí ar shúil an bhóthair,
Agus chuirfinn cóiste faoi n-a clainn,
A's a chúilín ómra, dhá mblighteá bó dhom,
In do cheangal fóghmhair ní chuirfinn suim.



Nach aisteach an réasún le gur chuir tú i
gcéill dom
Nach bhfásfadh an féar tríd an talamh aníos,
Nach ndéanfadh an ghealach solas do Éirinn
A's nach lasfadh na réalta i dtús na hoidhch'?
Ní'l brígh ná spreachadh i dteas na gréine
A's go snámhaidh na héisg ar an muir gan braon;
A's go n-éirighidh na tuilte chomh hárd leis na
sléibhte
Go deo ní thréigfidh mé grádh mo chroide.


L. 90


'S bhí me sealad ag fóghluim Béarla,
'S dubhairt an chléir go mba mhaith mo chaint,
An fad úd eile, gan onnsa céille,
Acht mar na héinínibh faoi bhárr na gcrann;
Amuigh 'san oidhche gan fasgadh ná dídean,
Agus sneacht' dhá shíor-chur faoi íochtar gleann;
'Gus a chúilín donn-deas ar chaill me na
grádhaimh leat
Nar fhághaidh tú na grástaí, mur n-éaluighir
liom.



Bhí mé i gcoláiste go ham mo bheárrtha
Agus ins an Árd-sgoil ar feadh cúig
bliadhain
Go bhfuair mé oideachas agus cómhairle ó'n
Eaglais
Acht faraoir cráidhte, bhris mé thríd!
Is ríogh-mhór m' fhaitchíos roimh Rígh na
nGrásta
Nach bhfuil sé i ndán go dtiocfad saor,
Mar is mó mo pheacaidh ná leath Chruaich'
Phádraic,
Mar gheall ar ghrádh a thug mé d' inghin mhaoir.



Siúd í tharainn í, an eala bhán-deas,
Agus í chomh gléasta le bean ar bith;
Truagh mar geineadh í i mbruinn a máthar,
Mar is le haghaidh mo bháis a rugadh í.
Níl bun cíbe ná tulán timcheall
Ná gleanntán aoibhinn a mbíonn mo grádh
Nach bhfuil ceol da sheinnim ann de ló is
d'oidhche,
's go bhfóiridh Criost ar an gCaisideach
bán!


L. 91


Tomás Bán Mac Aodhagáin.



'S ag dul ó theach an tórraimh dhom, chuir me eólas ar mo
mhian. Mo chreach agus mo bhrón nach 'sa' mbail' a chaith mé'n
oidhch'. Tá arrainn s' gabháil treasna thríom s' ag comhnuidhe i lar mo
chroidhe; Ach' a stór mar' mbídh tú a bhaile liom, ní mhairfidh mé beo mí.



A's tháinic Tomás Bán ar cuairt chugam, 's
mé i n-uaigneas liom féin.
'Seurd dubhairt se, "Na bhíodh buaidhreadh ort,
ná rud ar bith mar é,
'Sé do chúilín dualach a mharbhuigh mé, 's i
ngeall air crochfaidhear mé,
'S gur measa liom go mór thú ná mo mháithrín
'tá 'mo dhéidh."



A's a chomharsanna is a chomhairleacha, ná
tóigidh orm é,
Má chuaidh mé ag múnadh an eoluis le stóirín
gheal mo chléibh'.
Ní bhfuair mé riamh droch-eolus air go fóill
ó rugadh mé,
A's mur bhfeicinn acht ag gabháil an bhóitrín
é, go dtóigfeadh sé mo chroidhe.


L. 92


A's tá cuireadh go Cill Choinne orainn a's
caithfeam a dhul ann,
Béidh ann seisiún ceathramhnach idir Gaedhil a's
Clainne Gall,
Ní dhlighfidhear ann acht beirt eicínt, 's croch-
faidhear iad, mo léan!
Mar tá Tomás Bán Mac Aodhagáin 's Mac
Uí Mhaoláin le n-a thaobh.



A Thomáis Bháin og cinnte, 's tú searc 's
stór mo chroidhe
A Thomáis a dtug me gean duit seachas fearaibh
óg' an tsaoghail,
Crochfaidhear tú go cinnte mur' bhfuil ag
grástaibh Dé,
'S a Dhia, nach mór an feall é an plannda
breágh mar é.



'S a Thomáis Bháin Mhic Aodhagáin, 'sé mo
léan thú a' dul i gcéin,
A's cé hiongnadh liom do mhaithrín bheith brónach
in do dhiaidh.
Dá mbeitheá ar leabaidh an bháis aicí, cia 'r
chás dí thú bheith tinn,
Ach' do chrochadh aa na sáltachaibh, 's an bháis-
teach le do dhruim!



A's ní slad mainistreach ná teampaill a
rinne stór mo chroidhe,
Ní feoil ná géir a shanntuigh sé, ná rud ar
bith mar é,
Ach' mar gheall ar bhólacht Stanley do crochadh
é, mo léan!
'S an té a bhfuil grádh do Chlainn na nGall
aige, an ceann go gcaillidh sé.



Béidh gárda breágh, láidir ag teacht le
stór mo chroidhe,
Béidh Gearaltaigh Chluain Dálaigh 's arm
dearg an Ríogh,
Béidh Major óg Ó Conaill 's Ó Ceallaigh as
Cluain Aoid
'S da mbéadh triúr mar Ó Conaill óg agam,
ní crochfaidhe stór mo chroidhe


L. 93


Óró, 'Mhíle Grádh



A's óró, 'mhíle grádh! A's óró, 'mhíle grádh! Seo
boberó le do bhoderó, go n'éirighe an lá bán.
óró, óró, óró, A's óró, 'mhíle grádh.



A's óró, 'mhíle grádh, a's óró, 'mhíle grádh!
Seo píosa pinghinn duit, ná bí dho mo
bhodaráíl.
'S óró, óró, óró, 's óró, 'mhíle grádh!



A's óró...
Má tá píosa pinghinn agat imthigh 's cean-
naigh lucht sgadán.
'S óró...



A's óró...
Go dtachtuighidh fata lomtha thú i mbéidh
gealach in a lár.
'S óró...



A's óró...
Thug tú t-éitheach a sheanduinín, sin bréag
ata tú a' rád'.
'S óró...


L. 94


A's óró...
Sgib a's sgeab, a lorga bhreaca 's ní bréag
ata mé á rádh.
'S óró...



A's óró...
'S maith coltar céachta dhéanfadh an t-srón
atá ar do ghrádh.
'S óró...



A's óró...
Mais' is maith an piostal póca dhéanfadh
an t-srón ar do ghrádhsa
's óró...



A's óró...
Gabh 'siubhal i gCill-chluaine maidin drúchta
le mo ghrádh.
's óró...



A's óró...
Go siubhailfinn-se Páirc a' Teampaill
as mo ghlúinibh le mo ghrádh.
's óró...



A's óró...
D'fheicfeá thall i Sasana an lasadh atá
as mo ghrádh!
's óró...



A's óró...
Tá lasadh buidhe na heitinne i bpluicín
go ghrádh'.
's óró...



A's óró...
Chuaidh mo ghrádh an baile seo istigh in a
"jaunting car."
's óró...



A's óró...
Níor ghadh do ghrádh an baile seo ó ghoid
sé an ganndal bán
A's óró...



A's óró...
"Caroline as Ballindine" 's "leggings"
as an gCláir.
's óró...



A's óró...
"Up and down the market town and into
Johnny Ward's."
's óró...



A's óró...
Ghabh mo ghrádh go Sasanna ag saoradh
púnt 'sa lá.
's óró...



A's óró...
Ghabh do ghrádh go Sasana failpéireacht
ar an mná.
's óró...



A's óró...
Ghabh mo ghrádh go Sasana ag ceannacht
"mantle cloth."
's óró...



A's óró...
Dhaimhseochainn-se ríl le stór mo chroidhe
ar thaobh na carraige báin'.
's óró...



A's óró...
Ta páircín na seacht n-acraidhe ag Sighle
'gus ag Seaghán.
's óró...



A's óró...
Tá páircín na seacht n-acraidhe faoi
stac préacháin ag do ghrádh.
's óró...



A's óró...
Bóthairín gainnimh thríd an eannach ag
Sighle 'gus ag Seaghán.
's óró...



A's óró...
Dá mbéadh gráínne "pepper" ar do
lippa deamhan bobero níos fearr.
's óró...


L. 95


A's óró...
Do shíl me seal de'n t-saoghal fad ó gur
mac maoir a bhí in mo ghrádh.
'S óró...



A's óró...
A leipreacháin a's a ghioblacháín, sin bréag
ata tu a' rádh.
'S óró...



A's óró...
Is iomda uair cheannaigh fear fada fataí
ó'n bhfear gearr,
'S óró...



A's óró...
Uisge bog a's barrach buidhe a bhfuil ag
cailleachaibh le fágháil.
'S óró...



A's óró...
Ná leigidh Dia 's Muire! is deas a
bhacaigh siad an cliabhán.
'S óró...


L. 96


Sal-iú-nú-aer-í.



Sal-iú-nú-aer-í Rú-nú aer-í, Siubhalfaidh tú
thart agus fáigh mo mhían féin dam, Sal-iú-nú-aer-í Rú-nú-aer-í.



Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í,
Bridget Burke, a bhuail ar an mbeul mé,
Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í.



Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í,
Dennis Flannery, a bheirim go h-éag duit,
Sal-iú-nú-aer-í, Rú-nú-aer-í.



Bí liom bí.



Bí liom bí, 'ar ndó' ná bí, Cá gcuirfea-muid a
chodladh lánamhain chroidhe? 'S bí liom bí, 'ar ndó' ná bí.



Bí liom bí, 'ar ndó' ná bí,
I leabaidh aitinn i d-tóin an tighe,
'S bí liom bí, 'ar ndó' ná bí.



Bí liom, bí, 'ar ndó' ná bí,
Cé an bhean óg a chaill a croidhe?
'S bí liom bí; 'ar ndó' ná bí.



Bí liom bí, 'ar ndó' ná bí,
Seaghán Mac Aoidh a thóigfeadh mo chroidhe.
'S bí liom bí, 'ar ndó' ná bí.


L. 97


-'S Oró, Downey.



'S óró, Downey, 'S óró dee, Tá Downey 'n-a
chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'! Tá Downey i Lincoln, 's tá Downey i
Leeds, 'S tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'. 'S óró,
Downey 's óró dee, 's tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé choidhch'.



Tá Downey i Lincoln, 's tá Downey i Leeds,
'S tá Downey 'n-a chodladh, 's nár éirighidh sé
choidhch',
'S óró, Downey, 's óró dee,
Tá Downey 'n-a chodladh, 's nár éirighidh sé choidhch'.



Chaith mé seacht seachtmhaine 's ceithre lá
deug,
Tá Downey 'n-a chodladh, 's nár éirighidh sé choidhch',
'S óró, Downey, etc.



A' cruinniughadh na gcailiní sábháil an
fhéir
Tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh se coidhch',
'S óró, Downey, etc.



Tá Downey i nGaillimh, 's tá Downey i
gCluansín,
Tá Downey 'n-a chodladh 's nár éirighidh sé
choidhch'.
'S óró, Downey etc.


L. 98


Anach-Chuain



Má fhághaim-se sláinte is fada bhéidheas tráchtadh, Ar an méid do
báitheadh as Anach Chuain 'S mo thruagh amárach gach athair 's
máthair, Bean a's páiste tá a sileadh súl. A Rí na
n-Grásta, cheap Neamh a's Párrthas, Nár bheag an tádhbhacht dúinn beirt ná
triúr. Ach' lá chomh breágh leis gan ghaoith ná
báisteach, lán a' bháid aca a sguabadh ar siubhal.


L. 99


Nár mhór an t-iongnadh os cómhair na
ndaoine
A bhfeicsint sínte ar chúl a gcinn,
Sgreadadh a's caoineadh do sgannróchadh
daoine
Gruag d'á ciaradh 's an chreach d'á roinn.
Bhí buachaillide óga ann tigheacht an fhóghmhair,
D'á ríneadh ar chróchar, 's dá dtabhairt go
cill,
'S gur b'é gleus a bpósta do bhí d'á
dtóramh
'S a Dhia na Glóire, nar mhór an feall!



Annsúd Dhia h-Aoine chluinfeá an caoineadh
Ag teacht gach taobh, agus greadadh bos,
A's a lán tar oidhche trom tuirseach claoidhte
Gan ceó le déanamh aca acht a' rineadh
corp.
A Dhia 's a Chríosta d'fhulaing íodhbairt
Do cheannuigh (go) fírinneach an bocht 's an
nocht
Go Párrthas naomhtha go dtugair saor leat
Gach (creatúir) diobh dá'r thuit faoi an
lot.



Milleán géar ar an ionad ceádna
Nár lasaidh reult ann 's nár éirighidh grian,
Do bháith an méad úd do thriall i n-éinfheacht
Go Gaillimh ar aonach go moch Diardaoin.
Na fir go ghleusadh cliath 'gus céacht,
Do threabhadh bréanra 's do chraitheadh síol,
A's na mná dá réir sin do dheanfadh gach aon
rud
Do sníomhfadh bréid agus anairt chaol.



Baile-Chláir do bhí anaice láimhe
Níor leig an t-ádh dhóibh a ghabháil aníos,
Bhi an bás chomh láidir nach dtug sé cáirde
D'aon mhac máthar dá'r rugadh riamh.
Muna sgéal a ceapadh dhóibh an lá so a
mbáidhte
A Righ na nGrása nár bhocht an nidh,
Acht a gcailleadh uile gan loch ná sáile,
Le sean-bhád gránna 's iad láimh le tír.


L. 100


A Righ na nGrása chruthaigh Neamh a's Párrthas
A's a Dhé, cia an cás dúinn beirt ná triúr
Acht lá chomh breágh sin gan gaoith gan báisteach,
Agus lán (an) bháid aca do dul go tóin.
Bhris an bád agus báitheadh na daoine,
Sgap na caoirigh anonn san tsnámh,
A's a Dhé, nach annsin bhí an t-ár mór déanta
Ar aon fhear déag agus ochtar mná.



Bhi aithre a's máithre ann, mna 'gus páis-
tidhe,
Ag gol 's ag gárthaoil 's ag seilt na ndeór,
A's mná dá réir sin do dhéanfadh aon rud
Do shníomhfadh bréidín a's an airt chaol.
A Thomais Ui Chathail, ba mhór an sgéal thú
Do threabhfá brannra do chuirfeá síol
A's a liachta buachaill do chraithfeadh lámh
leat,
Mo leun 's tú báidhte i n-Anach-Chuain.



A Sheághain Ui Chosgair ba mhór an sgeul thú
A's a liachta coircéim lúthmhar shiúbhail tú
Ó Londhun anall go dtí Béal-tráth,
An uair do shaoil tú snámh do dhéanamh
Rug na mná óga ort 'bhos a's thall,
'S gur shaoil do mhaithrín da mbáithfidhe céad
fear
Go dtiucfá féin 'bhaile slán.



Bhi Máire Nic Ruadháin ann, buinneán
glégeal,
An cailín spéireamhail bhí againn san áit;
ghleus sí í féin go moch Dia Ceadaoin
Le dul chum aonaigh ó Chnoc Dealáin,
Bhi cóta uirri de thogha an éadaigh
Cáipín lace a's ribínidh bhán',
Agus d'fhág sí a máithrín brónach cráidhte
Ag seilt na ndeór arís go bráth.



Lorgadh sléibhe agus sgalladh cléibhe
Ar an áit ar éagadar, a's milleán cruaidh,
Mar 's iomdha créatúir d'fág sé ag géar-
gol
Ag sileadh 's ag éagcaoin gach maidin Luain.


L. 101


Ní díoghbháil eólais do chuir d'á dtréoir iad
Acht mí-ádh mór bhí san gCaisleán Nuadh,
'Sé críochnughudh an abhráin gur báitheadh
mórán
D'fhág ádhbhar dóláis ag Anach-Chuain.


L. 102


Máire Ní Eidhin



Dul chuig an Aifrionn dam le toil na nGrásta, Do bhí 'n lá
a' báistigh agus d' árduigh gaoth, Casadh an ainnir liom le taoibh Chill-
tartain, Agus thuit mé láithreach i ngrádh le mnaoi. Labhair mé
léithe go múinte mánla, 'S do réir a cáileacht 'seadh d'fhreagair
rí, 'Seurd dubhairt sí Raift' rí tá m'inntinn
sásta, 'Gus gluais go lá liom go Baile Liagh.



Nuair fuair mé an tairisgint níor leig
mé ar cáirde é,
Rinne me gáire agus gheit mo chroidhe,
Ní raibh le dul againn acht trasna páirce
'S ní thug muid an lá linn acht go tóin an tighe.
Leagadh chugainn bord a raibh gloine a's cárta
air,
Agus cúilfhionn fáinneach le m'ais 'na suidhe,
'Sé dubhairt rí, "Raifteri, bí 'g ól 's céad
fáilte,
Tá'n soiléar láidir i mBail'-ui-Liagh."



Is aoibhinn aéreach ar thaoibh an tsléibhe
Ag breathnughadh síos ar Bhail'-ui-Liagh,
Ag siúbhal sna gleanntaibh 'baint cnó agus
sméara,
'S geall ceileabhar éan ann le ceóltaibh
sidhe.


L. 103


Cia'n bhrigh san méad sin go bhfáighthe áléargus.
Ar bhláth na gcraébh atá le n-a thaoibh,
Ní'l maith d'á seunadh a's ná ceil ar aenne,
'Sí spéir na gréine agus grádh mo chroidhe.



Shiúbhail mé Sacsana 's an Fhrainc le chéile,
An Spáin, an Ghréig, agus ar m'air arís,
Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Céibhe,
'S ní fhacaidh me féirín ar bith mar í.
Dá mbéinn-se pósta le bláth na h-óige
Tré Loch an Tóraic do leanfainn í,
Cuanta a's cóstaidh go siúbhalfainn a's bóithre
A ndiaigh an tseóid-bhean tá i mBaile-
ui-Liagh.



'Sí Máire Ni h-Eidhin an stáid-bhean bheasach,
Ba dheise méin agus b'áille gnaoi,
Dá chéad cléireach, 's a gcur le chéile'
Agus trian a tréithre ní fhéadfadh sgríobh.
Bhuail sí Déridre le breághacht a's Bhénus,
'S dá n-abrainn Hélen le'r sgriosadh
an Traoi,
Acht is sgoth ban Éirinn as ucht an mhéid sin,
An pósaé glégeal tá i mBail'-ui-Liagh.



A réaltain an tsoluis agus a ghrian an
fhóghmháir,
A chúilfhionn ómra agus a chuid de'n tsaoghal,
An ngluaisfeá liom-sa faoi chomhair an
Dómhnaigh,
No go ndéanfamaoid cómhairle cá mbéidh
ár suidhe.
Níor mhór liom ceól duit gach aon oidhche
Dómhnaigh,
Puinnse ar bórd agus dá n-ólfá fíon,
A's a Righ na Glóire go dtrimigh an bóthar,
Go bhfágh mé an t-eólas go Bail'-ui-Liagh.


L. 104


Peigidh Mistéal



B'ait liom bean d'imreóchadh cleas, 's nach gclisfeadh ar a
grádh, Shiubhalfadh asteach le greann ar fhear, 's nach seasfadh leis san
tsráid, Béilín deas 's milse blas na mil na mbeach faoi
Cháisg, Cúl trom, tais, fionn, fáinneach glas, 'sí Peigidh tá mé 'rádh.



Is míne a dreach ná clumh mín geal 's ná
cúbhar na tuille ar tráigh,
Croidhe breágh glas, do fhás nár mheath, mar
éirigheas duileabhar 's bláth.
Go dtéidh mé i bhfeart tá m'inntinn leat, a
Pheigidh a mhíle grádh,
Mo leun 's mo chreach gan tú 's mé leat ar
chuantaibh Americá.



A stóir mo chroidhe ná tréig do mhian acht
breathnuigh 'steach sán gcás,
Nuair thiucfas an tslighe béidh ól ar fhíon 's
ní baoghal dúinn choidhche bás.
A bhláth na gcraobh nach cruaidh an sgéal
munab tú tá dham i ndán,
Ar uaisle an tsaoghail dá mbéinn mo righ is
leat do chraithfinn lámh.



Dá bhfághainn-se caoi no áit le suidhe ní
stadfainn bliadhain a's lá.
Go sgríobhainn síos le peann deas caol do
chuma a's do cháil.
Níor rugadh riamh aon bhean san tír do bhéar-
fadh uait an bárr,
Ó sgriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi,
a's ó cuireadh Déirdre chum báis.



Ta lonnradh an óir i bhfolt mo stóir 'sé
ag fás go fáinneach fionn
Go béal a bróige chomh glas le deór 'sé
fighte os a cionn,
A bhláth na n-ubhall is breághtha snuadh ná
duilleabhar báirr na gcrann,
Fágh réidh Dia Luain go dtéidheamh chum siúbhal
a's féach go bhfuil sé i n-am.



Ta breághacht a's gile fuil a's cuisle a's
lasadh deas dá réir,
I mbláth na finne is cruinne glaise súil a's
leagan béil,
Ní bréag ar bith an sgéal tá amuigh, nach
fear mé tá ar mo chéill
Le bliadhain indiu gach aon lá suilt 's mé ag
smuaíneamh ar bláth na gcraébh.



Mo ghrádh fá dhó na mná go deó gidh d'fhág
siad mise tinn
Ag déanamh bróin faoi luach an óil do dhíogh-
bháil é bheith cruinn,
B'fhearr liom póg ó Pheigidh ar ndóigh 'sí bheith
i n-uaigneas liom,
Ná raidhbheas Sheóirse gidh budh mhór a leath dá
mbeith sé cruinn.


L. 105


Do b'ait liom dórtadh bheith ar pórter a's
cannaidh lán de leann,
Puinnse ar bórd a's gloinne i gcóir chomh fhad
's beith mo phóca teann,
Mo ghrádh 's mo stór bheith os mo chómhair ag
caint 's ag cómhrádh liom,
Is léi d'ólfainn luach na mbróg dá mbeith mo
chóta i ngeall.


L. 106


Cillaodáin, nó Condae Mhuigheó.



Anois, teacht an earraigh béidh an lá dul 'un síneadh, A's tár éis na féil'
Bríghde árdóchad mo sheól, Ó chuir mé in mo cheann é, Ní stopfaidh mé
choidhche go seasfaidh mé síos i lár Chondae Mhuigheó. I gClárchloinne-
-Mhuiris bhéas mé an chéad oidhche, 'S i mbaile taobh shíos de, thosóchas mé ag
ól, go Coillte Mach rachad, go ndéanfad cuairt
míos' ann, i bhfogus dá mhíle go Béal an áth mhóir.



Fágaim le h-udhachta go n-éirigheann mo
chroidhe-se
Mar éirigheanns an ghaoth, no mar sgapas
an ceó
Nuair smuaínighim ar Chearra a's ar Ghaillin
taobh shíos de
Ar sgeathach a' mhíle no ar phláinéad Mhuigh-
Eó.
Cill-aodáin an baile a bhfásann gach nidh
ann,
Ta sméara 's súbh-chraobh ann a's meas ar
gach sórt,
'S dá mbéinn-se mo sheasamh i gceart-lár
mo dhaoine
D'imtheóchadh an aois díom agus bhéinn arís
óg.



Bíonn cruithneacht a's coirce, fás eórna
'gus lín ann,
Seagal i gcraobh ann, 'rán plúir, agus
feóil,
Lucht déanta poitín gan license d'á dhíol
ann,
Mór-uaisle na tíre ann ag imirt 's ag
ól.
Tá cur agus treabhadh ann, a's leasughadh gan
aoileach,
Is iomdha sin nidh ann nár labhair mé go
fóil
Athanna 's muillte ag obair gan sgith
ann
Dhéanamh caint ar pighin cíora ann ná
dadaidh d'á shórt.


L. 107


Tá gach uile shórt ádhmaid dá'r chóir do chur
síos ann,
Bíonn sicamór 's beech ann, coll, giúbhais,
a's fuinnseóg,
Box agus cuileann, iúbhar, beith, agus caor-
than
'S an ghlas-dair d'á ndéantar bád long
a's crann seóil.
An logwood, mahogani, 's gach ádhmad d'á
daoirse,
'S an fíor-mhaide dhéanfadh gach uile ghleus
ceóil
Oltóir (?) 's sgeach gheal ann d'á gearradh 's
d'á snoíghmeadh
'S an tslat ann do dhéanfadh cis cléibh agus
lóid.



Tá an chuach 's an smólach ag freagairt a
chéile ann,
Tá an londubh 's an céirseach ar gur, os a
gcómhair,
An gúld-sinse, 'n creabhar, 's an linnet i
gcage ann
An naosgach ag léimnigh, a's an eala ó'n
Róimh.
An t-iorlach as Acaill 's an fiach dubh ó'n
gCéis ann,
An seabhac as Loch Éirne 's an fhuiseóg ó'n
mhóin.
'S dá mbeitheá ann ar maidin roimh éirighe na
gréine,
Go gcloisfeá gach éan aca ag seinm san
"ngróbh."



Tá an láir ann 's an searrach a bhfochair a
chéile,
An tseisreach 's an ceuchta, an treabhach 's
an síol,
Na huain ann ar maidin go fairsing ag
méidhligh,
Bíonn caoirigh a's tréada a's leanbh ag an
mnaoi.
Níl tinneas, ní'l aicíd, ní'l galar, ní'l éag
ann,
Acht sagart a's cléirigh ag guidhe na
naomh,
Tá mionáin ag gabhar a's bainbh ag an gcéis
ann,
'S an loiligheach ag céimnigh ag triall ar
an mnaoi.



Tá an t-uisge san loch, agus abhnacha
líonta,
Na coracha déanta, 's na líonta i
gcóir
Tá an liús a's an bhreac a's an eascon 'na
luidhe ann,
An purtán, an faochan, an runach, 's an
rón.
Tá an bradán 's an ballach na gcómhnuidhe
san oidhche ann,
'S an liubhán ag triall ann ó'n bhfairrge
mhóir,
An tártoís 's an gliomach 's an turabot
riabhach,
Cnúdáin a's iasg chomh fairsing le
móin.



Tá an eilit 's an fiadh 's gach uile shórt
"gaém" ann,
An madadh-ruadh' léimnigh, an broc 's an
míol buidhe,
Ceólta na ngadhar 's na h-adharca d'á
séideach
'S le h-éirighe na gréine do thógfá do
chroidhe.
Tá daoine uaisle ar eachraibh agus marcaigh
dá bhféachaint
Ag fiadhach tre na chéile go dtigidh an
oidhch',
Soiléar go maidin arís dá réabadh
Ól ag na céadthaibh a's leabaidh le
luidhe.


L. 108


Fághann díleachta 's baintreabhach cabhair
a's réidhteach
Slighe bidh, a's éadaigh, a's talamh gan
cíos,
Sgoláiridhe bochta sgríobh, sgoil, agus léigh-
eann ann,
Lucht iarrata na déirce ann, ag tarraing
's ag triall.
Sháruigh sé an domhan in a h-uile dheagh-
thréithribh
Thug Raifteri an chraebh dó ar a bhfacaidh
sé riamh,
Sé deireadh na cainte: saoghal fad ag Franc
Taafe ann
Sliocht Loinnsigh na féile nár choigil an
fiadhach.


L. 109


Caismirt an Phótaire leis an Uisge-Beatha



A chomráidigh dhílis ar chaith mé mo shaoghal leat, Dar
m'fhírinn' do shaoil mé bheith cneasta, gur b'iomdha sin oidhche do
chaith mé leat sínte 'S mé caitht' ar mo thaoibh cois na balla Ar
chomhairle na ríoghachta níor sgar mise riamh leat, gur dhóigh tú mo ghruaig a's mo
mhála, In san oidhche Dia h-Aoine Lá
aonaigh Chill chríosta, i Suidhfinn i dteach Pheadair Ui Charrthaigh.


L. 110


Seachthmhain go priaclach i bpeannaid 's i
bpiantaibh
dtig Thomáis Ui Fhloinn ar mo leabaidh,
Do mo ghleus gach aon oidhche 's ar maidin arís,
- Nár bhogaidh Dia choidhche mo charaid!
Geallamhain go fíreannach do bheirim do
Chríost
Go ndiúltóchaidh mé d'ól uisge-beatha,
'S go bhfuil fhios ag an saoghal nach le dúil
ann a bhím,
Acht le grádh do na daoinibh bhíos 'na aice.



Is deas an rud bólacht, féar maith agus
gabhaltas,
Cruithneacht agus eórna le gearradh,
Min in san gcófhra, 'gus teine, trathnóna.
Agus dídionn d'fhear bóthair a's bealaigh.
Léine 'gus cóta ag an Aifrionn Dia Dómhnaigh,
Hata 'gus bróga 'san bhfáisiun,
A's go saoilim-se, ar ndóigh gur fearr sin
go mór
Ná bheith 'g imtheacht 's ag ól uisge-beatha.



Is liom-sa thig a mhíniughadh mar chaith mé
mo shaoghal leat
Ó baineadh an chíoch díom 'mo leanbh,
Gur thréig mé mo dhaoine, mo dháimh, a's mo
ghaolta,
'S ní shéanfainn thú ar chómhairle na h-Eag-
lais'.
Do stór 's do mhaoin shaoghalta 's ar socruigh-
eadh ariamh ort,
Agus caith é gan sgith ag mnáibh leanna
Má fhilleann tú arís a's do phursa bheith spíonta
Ní thiubhraidh siad braon duit ar maidin.



An t-Uisge-Beatha:



Maiseadh! is fada mé ag éisteacht leat ag
sgeileagadh bréag liom,
Agus caithfidh mé féin labhairt feasta,
A's gur b'iomdha sin naégar ag iarraidh na
déirce
'S gan luch aige le m'éiliughadh acht a
wallet.
An té chruinnigheas na céadta le cruadhtain
's díthchéille
A's nach bhfliuchfaidh a bhéal, agus tart air,
Tiucfaidh oidhre 'na dhéigh agus fear-croidhe
nach ngéillfidh
Gan bheith 'g ól cois an chlaidhe no an bhalla.



Nach comhluadar séimh mé ar chomh-chruin-
niughadh 's ar aonach
Ag an té shuidhfeadh go fiadhta síos im' aice.
Ní'l duit-se acht dith-chéille bheith anois do mo
shéanadh
A's ní chreidfidh do sgéal acht fear meathta.
Lucht casacht' a's réuma 's mé do dhéanfadh a
réidhteach
Agus tá fhios ag na céadtaibh air seo,
cheana,
'S go mbím-se ag na ladies, ag sagairt, 's
ag cléire,
'S ag máighistir re léighean agus laidion.



An Pótaire:



Maiseadh! dochar agus gráin ort is tú
labhras neamh-náireach
A's ní thiubhrainn-se cáil leath chomh maith
ort,
Do chaith mé mo dhátha dhá oidhche 's dhá lá leat,
Agus níor ghabh do chás go ró mhaith dham.
Do dhóigh tú clár m'éadain agus bárra mo
mhéara
'S ar na téadaibh ní fhéadaim a leagan,
Ní'l aon fhear san saoghal so chuimleóchadh ró
ghéar leat
Nach é a dhualgus sean-éadach 's droch-
leaba.



An t-Uisge-Beatha:



Bhfuil gabha-dubh no cearduighe nach ndéan-
fadh dhíom páirtidh?
Is mé buachaill an bháire ins gach bealach,
Ní'l gréasuidhe ná tailliúr d'á dtug ariamh
sáthadh
Nach mbeannuigheach in san tsráid dam ar
maidin.
Ní'l bean óg dá bhreághacht nach ndéanfadh
liom gáire
An trath do leagfaidhe ar an gclár mé 'na
h-aice,
'S go mbím ag an bPápa, ag sagairt, 's ag
bráithribh
A's níor cháin riamh mé acht fear meathta.


L. 111


An Pótaire:



Fuair Raifteri sgríobhtha i leabhar na
daonnacht'
Lucht póite go mbíonn tú d'á mealladh
Gan lór-ghníomh do dhéanamh no sásadh in san
saoghal so
Go dtuitfidh siad daor in san bpeacadh.
I sgonnsa ná i ndíoga má chailltear fear
choidhche
De bhárr a bheith comráideach leat-sa,
Deir beatha na naomh linn gur caint í, dubh-
airt Críost
Go cinnte nach bhfaighfidh sé na flaithis.


L. 112


Máire Stantan



Tá pósaidh glégeal ar bhruach na céibhe, Agus bhuail sí
Déirdre le sgéimh a's gnaoi, 'S da n-abhrainn Hélen an bhainrioghan
Ghréagach, Ar thuit na céadta d'á bárr' san Traoi. Tá lasadh 's
gil' innti 'réir a chéile; Is binn' a béilín ná cuach ar
chraoibh, 'S a méin ná a tréithre ní gheobhfaidhe i
n-aon bhean, Ó déag an Péarla bhí i mBiale-ui-Liath.


L. 113


Dá bhfeictheá an spéirbhean a's í gabhtha
gleusta,
Lá breágh gréine san tsráid, 's í siúbhal,
Solus lasta as a brollach gléigheal
Do thiúbhradh léirgeas do fhear gan súil.
Ta grádh na gceudta i gclár a h-éadain,
Is gealla feuchaint le reult a' Luain,
'S dá mbeidheadh sí i n-éinfheacht le linn na
ndéithe
Ní suas do Bhénus do bhéarfaidhe an t-úbhall.



Tá a folt ag casadh léi síos go glúnaibh,
Ag filleadh 's ag lúbadh go béal a bróg,
Na ndualtaibh sgartha, 'sé chomh glas le
drúchta,
'S na troilsidhe a' sguabadh na diaigh san
ród.
A's súd í an chúilfhionn is gile múinte
Dá'r fhosgail súil agus d'á maireann beó,
'S dá mbudh liomsa dúithche an Tighearna
Lúcan
Dar bhrígh mo chúise budh liom-sa an tseóid.



Tá a cum caol cailce 's a gruadh mar na
rósaibh
'S a dá chích cómh-chruinn os cómhair a croidhe,
A brághaid a leaca 's a cúilín ómra,
A's mar drúcht an fhóghmhair 'seadh breath-
nuigheann sí.
Bhirgil, Cicero, no cómhacht Hómer
Ní thiúbhradh i gcóimh-mheas a sgéimh 's a
gnaoi,
Thuit mé i bpeacadh leat a bhláth na h-óige
'S muna dtig tú ag ól liom ní mhairfead
mí.



Ag siúbhal no ag damhsa dá bhfeicfeá an
plannda
Do bhéarfá t'annsacht do bhláth na gcraobh,
A gruadh tre lasadh 's a croidhe gan amhgar,
'S nach lághach an rud teanntughadh le n-a
brollach mín.
Cómhachta Sampson no Alexander
An ndóigh, ní shanntóchainn i n-áit mo
mhian,
'S mur bhfághad cead cainte le Máire
Stanton
Tá mé i n-amhras gur gearr mo shaoghal.



Thug sí "mara" dham go moch le pléisiúr,
Leag sí séat agam agus ní 'sa gclúid,
D'ól sí deoch orm, b'í croidhe na féile í,
In san am ar éirigh mé le dul chum siúbhail.
Do bhuail mé 'labhairt a's cómhrádh léi,
Is muinte d'fhéach sí orm, bláth na n-úbhall,
Acht so bannaidh béil daoibh gan focal bréige,
Gur fhág mé an chraobh aici ó Mháire
Brún.


L. 115


Oileán Éadaigh



In Oileán Éadaigh atá mo chéad ghrádh, Ar leig mé
léithe mo rún go h-óg, A bhfuil triúr ar aon chéill a' gol n-a
dhiaidh orm 'S gan bean 'a mbréagadh mo chreach le fágháil. Tá mise
treithlag, ní'l gar d'á shéanadh, Ní'l mé ar aon chor acht mar an cheó, 'S a stór mo
chléibh 's tú d'fhág liom féin mé 'Gus chuaidh tú i gcré uaim in do chailín óg.



Budh deise a h-éadan 's a coiscéim éadtrom
Ná aon bhean i n-Éirinn ag siúbhal an t-sráid,
A dá chích ghlégheal' le na leanbh a bhreugadh,
Ach a stór níor fhéad mé í thabhairt ó'n mbás.
B'fhearr liom go mór-mhór mo dhiaidh san ród í
Ag bleaghan mo bhó nó i gcionn mo thighe
Na saidhbhreas Sheóirse 'gus fághaim faoi dhó é
'S gur faoi na fóide a d'fhág mé stór mo chroidhe.



<l 116>
A Bhruinnillín Bheusach.



A bhruinnillín bheusach 's tú a mhéadaigh míl'
osna 'n mo lár, 'S go luaidhtear na céadta le
chéile nach bpósann go bráth. Do dhá shúilín
chlaona 's do bhéilín chiúin tanaidhe mín tláth, 'S tú mo
stóirín le breúgadh 's dá bhféadainn é ghabhfainn 'do cheann.



'S nach mise bhíos cuthail 'sa gclúid nach
mbíonn aithne orm ann,
Ag cuimhnuighadh ar mo Mhóirín tráthnóna 's
go moch leis an lá.
Ag Dia mór 'tá na cumhachta, níor shiubhail sé
fear eile níor fearr,
A stór, ná thabhair cúl dom is tú mo mhúirnín
le n-a dtug mé dhuit grádh.



Gheobhainn togha chéile dhóm féin dá mbéinn
feileamhnach dó (= oireamhnach),
Bean i n-a leinidh gan éadach, caorach ná
bó.
Saidhbhreas na hÉireann, ní gach aon duine a
bhfeileann sé dhó,
Go dtiubhrainn an méid seo fré chéile d'fhear
an chroidhe mhóir.



'S lá ar chuir tú i gcéill dom nach n-éileochtha
mo mhalairt do mhnaoi,
Nach mé a bhí gan céill 's géilleadh do lea-
daidhe de do shórt.
Budh dheacra dhuit m'eíliughadh na na h-éiníní
a mhealladh le cáith,
'S gur mór de do bhréaga fre chéile a chuaidh
isteach in mo cheann.



Tá gean (ó) rígh-mhór do mo stóirín istigh
in mo chroidhe,
'S shíl mé go deo nach dtóigfeá na cathuighthe
sin díom.
Acht anois ó táim pósta seo póigín amach ó
mo chroidhe,
Ó mheall tú go h-óg mé tóig lóisdín go leige
tú sgith.


L. 117


'S a chailiní óga ná pósaidh fear an dhá
chroidhe,
Dá mbéadh nóta chúig bpúnt aige d'ólfadh sé
ó mhaidin go faoith.
Bhéarfainn mo mhóide ar mo ghlúinibh shul dá
n-éireóchainn 'mo shuidhe,
Gur tú bhain díom an óige, 'míle stóirín, 's ghoid
tú mo chroide.



A bhuachaillí óga ná pósaidh a lan de ná
mná,
'S níl i n-a nglórthaí acht már d'éireochadh an
tuile ar an tráigh.
Go dtriomuighidh Loch Éirne 's go dtréigidh an
eala a clumhach bán
Ní innseócha mé d'aon fhear cé 'n réasún a
dtug me dhuit grádh.


L. 118


An Seanduine Cam.



Bhí aithne 'gam 's éolas ar shean-fhear sáthach doigheamhail, Sé an áit'raibh a
chomhnuidhe thíos ins a' ngleann. Bhí sé i ndeis mhóir ann, bhí eallach go
leór aige, Airgead a's ór buidhe 's é a chur in a cheann.



Rinne se cómhairle bean óg a
phósadh
Go gcoinneóchadh se a chúrsaí
seacht n-uaire níor feárr,
Maidin 's tráthnóna bhí fearg
's gruaim uirthí
Faoi eochair an trunc, a's ní raibh
sí 'ghá fágháil.



Ise: Ba suarach an tslighe dhuit tú
bhualadh faoi mhnaoi ar bith,
'S a fhios a'ad go righ-mhaith nach
dtiubhradh dhuit grádh!
Nuair nach mór í mo ghnaoi ort,
nár fhágha tú do shaoghal é
Go bhfanfa mé taoibh leat, a
sheanduine chaim!



Eisean: Nach dtug me go leór dhuit, air-
gead a's ór buidhe,
Báid bheaga 's báid mhóra, capall
's cárr,
Le n-ithe do dhóthain, beatha mhaith
i gcómhnuidhe,
Togha leabadh clúmhaigh 's cead
codladh sámh?



Sin a's 'ch aon tsórt eile a gcuir-
feá-sa spórt ann,
Go fiú an pharasóil le tabhairt
leat in do láimh;
Capall maith nó póiní le cur
fút i gcómhnuidhe
'Dul 'un Aifrinn Dia Domhnaigh
má dtóghrchá dhul ann!



Dhá dtugthá an mór-shaoghal le
n-ithe 's le n-ól dam,
Saidhbhreas Rí Sheoirse, badh mhór
é le rádh,
Loingeas faoi sheoltaibh a's córstí
ar bóithribh,
B'fhearr liom fear óg 'ná thú, a
sheanduine chaim.



Eisean: Nuair nach nglacfa tú cómhairle
téirigh dhá thóruidheacht,
Cuir ort do bhróga, do chlóca ar
do bhrághaid,
Bhí ar na cros-bhóthribh tidheacht
an tráthnóna,
Tá seans an fear óg a'ad má
bhíonn tú i bhfad ann.


L. 119


Nuair thiocfas an oidhche 's nach
bhfuighe tú aon dídean,
Tosócha tú ag caoineadh 's gan aon
mhaith dhuit ann;
Thiubhrainn an Bíobla annsin le
glan-fhírinn
Go mb'fhearr leat bheith 'ríst ag
do sheanduine cham!



Ise: Is suarach an nidh dham mo shamhail
dhe mhnaoi bheith
Ag caitheamh mo shaoghail leat gan
súgradh ná greánn,
'S a fhairsneacht 's tá'n saoghal
a' am ó Ghaillimh go Luimneach,
'S a liachtaighe sin Muimhneach i
gConndae an Chláir.



Nó dhá bhfághainn dídean timcheall
na Saoirsinn
D'fhéadfainn an géimhreadh a chaith-
eamh go sáimh,
Shásóchadh sé m' intinn 's ní bhéadh
tuirse croidhe orm
Ag fanamhaint taoibh leat, a
sheanduine chaim!



Eisean: Dá mbeitheá chomh críonna 's badh
cheart do bhean tighe bheith,
'S tú d'fhéadfadh an geimhreadh a
chaitheamh go sáimh,
Olann na gcaorach, 's go n-íocfadh
sé an cíos duinn
'S an méad eile dheanfaimís é
bheith faoi n-ar láimh.



Ní mar sin a bhí tú, acht lán de
dhroch-smaointibh -
Is iomdha sórt intinn a thigeanns
do mhnáibh;
Acht tá mé righ-chinnte dá
mbeitheá sáthach caoidheamhail
Nach n-amhdóchá choidhche go raibh
tú 'ghá fhághail.


L. 120


Is Truagh gan mis' i Sasana.



Is truagh gan mis' i Sasana, Ins i
bhFrainnc nó ins a' Spáínn, Nó thall ins na Siar -
Indiachaibh, 's an ait a gcomhnuigheann mo ghrádh bán.



Agus Máire an chúil dualaigh
'Na suidhe 'dir mo dhá láimh,
A's go mbéídhinn-se 'ghá bréagadh
Go h-éirghe an lá bháin.



Nuair a luidhim ar mo leabaidh
Ní'l suaimhneas le fágháil:
Tháinic arraing in mo thaoibh dheas
Agus loit sí mo lár.



Dochtúirí na cruinne,
'S iad uile le fágháil,
Ní'l mo leigheas ag an méid sin
Acht ag Máire an chúil bháin.


L. 121


Is fada mé ag imtheacht
Ar thuairisg mná tighe,
A macsamhail ní fhacaidh mise
I mbaile ná i dtír.



Nó go bhfaca mé an stáid-bhean
Ar thaoibh Cnuic-na Sidhe,
'S a gruag 'n-a trí dualaigh
Ag sgúbadh le gaoith.



Gheall mo stór céad dam
'S dhá mhíle bó,
'S gheall sí 'n-a dhiaidh sin
Go ndéanfadh sí teach mór.



Acht mar éirigheas an ghealach
'S a sgalas an ghrian,
'S bliadhain 's an lá amárach
Béidh an fhairrge síor.



Tusa a bheith i Sasana
Agus mise sa Spáinn,
'S go n-éalóchainn in mo léine
Le Máire an chúil bháin.


L. 122


- Liam Ua Raghallaigh.



An cuimhin libhse'n oidhch' úd bhí an tsráid seo lán de
eachraidhe, Ag sagairt a's ag bráithribh, 's iad ag
trácht ar an mbainis; Bhí an fheidil ar
clár ann, agus an chláirseach dá spreagadh, A's bhí
triúr de na mbáibh bán' ann, le mo ghrádh geal a' chur ar leabaidh.



'Mo bhaintreabhach 's 'mo mhaighdean a
fágadh mé go h-óg,
'S tabhair sgéal ag mo mhuintir gur báitheadh
mo mhíle stór.
Dhá mbéidhinn ar an tráigh an lá sin agus mo
dhá láimh bheith 'sa sgód,
M' fhocal duit, a Bhean Uí Raghallaigh, is deas
a leigheasfainn do bhrón.



Ní hionghnadh sgéal cráidhte a bheith ag do
mháthair 's ag t' athair,
A's ag banaltra na gcíoch mbán a bhíodh a'
trácht ort 's tú do leanbh.
Ní áirighim do bhean phósta nár chóirigh ariamh
do leabaidh,
'S ó chuaidh tú 'un na trágha an lá sin, mo léan
gur sháruigh ort a thigheacht a bhaile.



A's níor mhór liom do, 'Liam ó Rághallaigh,
a bheith' na chliamhain ag an rígh,
'S cuirtíní geala gléi-geala ar gach taobh de
ins an oidhch',
Maighdean chiúin chéille a bheith ag réidhteach a
chinn;
'S ó luaidheadh sinn lé chéile, is truagh mar
d'éag tú le mo linn.



Tá do shúile ag na péistibh agus do bhéal ag
na portáin,
Ta do dhá láimh gheala ghléi-geala gaoi ghéar-
smacht na mbradán;
Cúig phúnt a bhéarfainn do'n té a thóigfeadh
mo dhian-ghrádh,
Acht 'sé mo léan thú bheith t' aonnraic, Nelli
Ghléigeal Nic Shiúrtáin.


L. 123


Beannacht Dé do'n triúr a chuaidh go Cill
Eanainn,
Ag íodhlacan an Athar Peadar bhí i n-aois a
cheithre fichid.
Dhá dtigtheá faoi cheann míosa, acht mo léan,
choidhche ní thiocfaidh,
'S nach truagh sin, bean 'san oidhche, 's a caoimh-
theach i mbárr tuinne!



Mo mhallacht dho na saoraibh a rinne an
bád,
Nachar aithris dom féin go raibh an t-éag ins
na cláir!
Dá dtéightheá go Coill Tóchair 's an t-ádmad
a cheannacht daor
Ní báidfidhe mo stór-sa ar chóstaibh Mal-
Bay.


L. 124


Siubhán Nig Uidhir



Ó d'éirigh mé ar maidin ag tarraingt chum aonaigh
mhóir, Ag díol 's ag ceannacht mar tháinig mo dhaoine romham, Bhuail
tart mé ar an mbealach a's shuidh mise síos ag ól, 'S gur le
Siúbhán Nig Uidhir a' d'ól mise luach mo bhrógh.



'S a Shiubhán Nig Uidhir, an misde leat mé
bheith tinn?
Mo chrádh! má's misde liom thusa bheith sínte
i gcill -
Bróinte 'gus muilte bheith 'sgileadh ar thaoibh
do chinn,
Agus cead a bheith i n-Iorrus go dtigeadh síol
Éabha ann cruinn.



'S a Shiubhán Nig Uidhir, 's tú bun agus
bárr mo sgéil,
'S ar mhnáibh a cinidh go dtug sí an báire
léi
Le gile, le finne, le maise 's le dá dtrian
sgéimh,
'S nach mise an truagh Mhuire 's mé 'sgara-
mhaint amárach léi!


L. 125


Ó saighdiúr singil mé briseadh as gárda
an ríogh;
Do'n ré pighinn agam a bheirinn ar chárta
dighe;
Do bhuailfinn an droma 'gus sheinnfinn ar
chláirsigh chaoin;
Ag Currach Chill-Dara gur sgaras le grádh
mo chroidhe.



Thiar i n-Iorrus tá searc agus stór mo
chléibh,
Plannta an leinbh a d'eitigh mo phósadh
'ndé;
Beir sgéala uaim chuici, má thug mise póg
d'á beul,
Go dtiubhrainn di tuille dá gcuireadh siad
bólacht léi.



Beir sgéala uaim chuige, go deimhin nach
bpósfainn e,
Ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé;
Má tá buaibh agat na an iomataidh móráin
spré,
Do'n ré bean agat 's béidh mise ar mo chomh-
airle fhéin.


L. 126


An Sgeilpín Droighneach.



I maidin ciúin dá'r éirigheas amach ar fud na
gcoillte go cinnte caitheadh saghad liom, a's mo
leigheas ní raibh le fágháil. Nó gur dhearc mé'n bhruinneal
mhéidhreach faoi bhrúach na sgeilpe droighne 'Gus
gheit mo chroidhe le méidse a's níor éirigh liom i fhághail.



Is truagh gan mé 'mo smóilín, is deas
d'eulóchainn thríd an mbóithrín,
A's go mbéinn ag seinnm ceol daoibh go
n-eirigheadh an lá bán.
Dá bhfuighinn-se sean-bhean chríonna a mbéadh
aici bó nó caora,
Thiomáinfinn í chun an aonaigh le go mbain-
finn aisti greann.



Tá mná na leanna ag caoineadh a's nár
fhóiridh orra Mac Íosa,
Nuair a bhíos an sparán spíonta is ar mo
chroidhe 'stigh bhíos an brón.
'Sé mo shúil go bhfuighinn aríst í, 'sé mo
leun, ní gheobhfad na choidhche,
'S gur geall ar saighde as spíle í, 's nach
claoidhte an galradh grádh?



Tá mo ghrádhsa ar cúl an gháirdín, 'sí
an chú, 'sí an luath, 'sí an láir í,
Is í is gile braighde ná a bhfaca aon fhear
ariamh,
Cé gur b'árd é an crann fáirneoige a's go
dtuiteann an bláth le fánaidh,
Ní luigheann drúcht an fhásaigh, a's tá sgáth
mór ins an ngréin.



Raghaidh mé go h-Égipt nó do'n oileán le
'n-a thaoibh sin,
Nó go 'Meirioca 'dtús an t-séasúin le mo
chéad shearc má bhím beo,
Ar ais go bráth ní fhillfead go labhraidh an
chuach 'san ngeimhreadh
'S go mbidh caisleán rinne na Mileadha d'á
dhéanamh ar an nuadh.


L. 127


Tá mo mhuinntear ar gach taobh díom 's ní
fhéadaim comhrádh dhéanamh
'S go bhfuil aireachas cruaidh géar orm má
théighim amach san oidhch';
Ná ceanglaighidh mo mhéara acht fágaighidh
faoi réir iad
Sí mo chómra mo chuid éadaigh 's ní éileóchaidh
mé an bhraitlinn.


L. 128


An tSean-Bhean Liath.



O! casadh an tsean-bhean orm, ar (a) beul na
bearnán, An ceathramhadh lá tar éis an
cogadh a thigheacht. An fear atá meathta
thú, nó an marbh ata tú, Nó a'
dtiocfaidh tú a bpáirtigheacht leis an tsean-bhean liath?
Leis a tsean-bhean liath?



Ní fear atá meathta mé 's ní marbh atá

'S ní rachaidh mé a bpáirtigheacht leis an
tsean-bhean liath,
Acht d'iompuigheas tharm agus righneas-sa
gáiridhe,
'S má tá an sparán lán agat teann aniar.



O! chuir rí a lámh in a h-oscal gránda,
'S nár abh dheas an mhaise no'n tsean-bhean é?
Seo dhuit-se an t-airgead 's ná cainntigh go
bráth air,
Tá riar na h-Eaglais' uilig fós 'do dhiaidh.



O! casadh an Sagart dom agus mhíonuigh-
eas an cás dó,
Go raibh ceathair páistí go lag i mo dhiaidh,
'S go raibh máthairín dona aca nach ndean-
feadh cás dóibh
Dá luighidís ráithe nó tuilleadh 's bliadhain.



O! fill a bhaile a deir sé, a pheacaidh
ghránda,
'S measa atá tú 'na an t-é bhraith Dia.
Smaonuighim gur bhean do bhain an t-ubhall
'san ngáirdín,
'S cuir cúl do láimhe leis an t-sean-bhean liath.


L. 129


O! sgríobhfainn litir, a deir sí, agus léigh-
finn mo Bhíobla
An lá buaileadh draoidheacht orm agus smut
de'n cheó.
Bhíodh culaidh gheal orm de thoghadh an tsíoda
Agus ráca círe chomh dubh le gual,
Bhíodh buclaidhe airgid in mo bhróghaibh síoda,
'S nar dheas an mhían le mealladh mé.



Ní sean-bhean mise, adeir sí, acht cailín óg

Fuair sgoil agus fóghluim i d-tús mo shaoghail,
'S dá maireadh mo dheada dhom go lá mo phósta
Go mbhéidhinn-se i gcóisdí le clainn na Ríogh;
Acht bliadhain 'sa taca seo, 'seadh righneadh
faoi an bhfód é
'S 'sé liath go h-óg me agus ní le haois.


L. 130


Tá mo Chleamhnas Déanta.



Ta mo chleamhnas déanta ó athrúghadh aréir 'S ní
mó 'na go dtaithneann an bhean liom féin Acht
fágfaidh mé mo dhiaidh í agus imtheóchaidh mé liom féin
Amach fud na gcoillte gcraobhach.



Ó! shiubhail mise soir agus shiubhail mise
siar,
'S shiubhail mise Corcaigh agus sráide Bh'L-áth'-
Cliath,
Agus samhail de mo chailín deas ní fhaca mise
'riamh,
'S í an bhean dubh d'fhág mo chroidhe cráidhte.



Ó! d'éirigh mise féin dhá uair' roimh lá
A's fuair mise litir ó mo mhíle grádh:
Chuala me an smóilín 's an londubh dh'á rádh
Gur éaluigh mo ghrádh thar sáile.



Is fada tá mo tharraingt ins a' mbaile
seo le bliadhain,
Ní mar gheall ar Mhuire 's ní mar gheall ar
Dhia,
Ach' mar shúil 's go bhfuighinn amharc ar bhláth na
n-ubhall
Is é an bhean dubh a dtug mo chroidhe grádh dí.


L. 131


Beartlín Cing.



Beir sgéala uaim chun Bheartlín Cing, An
t-óig-fhear moiglidhe múinte deas. 'Gus shaoil mé a-
riamh nár athruigh claonta Dúithch' 'n Phroinnsaigh i
ngioll le fear. Right fol de dol ol, de dol ol de dol
ol, Right fol de dol ol, de dol ad-di di ó. Right
fol de dol ol, de dol ol de dol ol.
Dúithch'e an Phrionnsaigh i ngioll le fear.



Siúd é an fáth 'bhfuil mé dh'á rádh,
Mar thug séa an bárr ó thuaidh a's ó dheas,
Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú choidhche -
Tá mná na tíre buadhartha leat.
Right fol, etc.



Níl éan cheárd i bhfus nó thall
Nár shiubhail mé ann a's mé go lag,
'Sior-chur tuairisg' ar an mbuachaill
Ba dheise gruaidh a's b'áille dreach.
Right fol, etc.


L. 132


Oighre dúithche a d'árduigh ar siubhal é
Agus tá mo shúil go gcasfaidhe ar ais,
Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú choidhche -
Tá mná na tíre buadhartha leat.
Right fol, etc.



Tráth thig na sluaighte go teach an cheoil,
Níl brígh sa spóirt go dtig sé isteach;
Bhí cion a's gnaoi ag 'ch uile dhream air,
Mar bhí sé moiglidhe múinte deas
Right fol, etc.



Siúd é an fáth a bhfuil mé dh'á rádh,
Mar thug sé an bárr ó thuaidh a's ó dheas,
Acht a Bheartlín Cing, mo ghrádh thú a choidhche -
Tá mná na tíre buadhartha leat.
Right fol, etc.



- An Raicín Áluinn.



Bhí mé lá breágh gréine 's mé ag dul an ród seo síar,
Casadh cailín óg orm a's í ag sniugadh na mbó cois chlaidhe.
Bheirimse féin mo mhóid agat a's a rós a bhí in a h-aghaidh,
gluaisis tharm go hEóchaill ag baint an fhóghmhair bhuidhe.


L. 133


Bhí mé glic go leor leis an spóirt do chur
chun chinn,
Chuaidh muid go tigh 'n óil le ré, is dóch 'gur
shuidh muid síos;
Bhí punch 's fíon ar bord againn acht is orm-
sa a bhí é íoc,
'S gur imthigh sé síos an bóthar uaim a's mo
rac' i n-a phóca thiar.



A's nach brónach an bhean go lá mé an stóirín
ó, adubhairt sí?
Ní dhéanfaidh me súgradh ná a' gáiridhe nó go
dtéighidh sé an ród so aríst.
Tá an ghruaig ag tuitim n-a dualtaibh uaim
's gan ceo 'gam a réidhteochas í
Ó chaill mé an raicín áluinn a bhí go h-árd
ar cúl mo chinn.



Rachaidh sé an ród so amáireach agus cuir
céad fáilte faoi,
Socruigh cathaoir chláir dó go h-árd ar lár
an tighe,
Bain a hata d'á cheann agus na bíodh cás na
náire ort faoi,
Nó go bhfaighidh tú an raicín áluinn a bhíodh go
h-árd ar cúl mo chinn.


L. 134


Coinnleach Glas an Fhóghmhair.



Ar choinnleach ghlas an fhóghmhair, a
stóirín, 'seadh dhearc mé thú, Budh dheas do sheasamh i
mbróga', 's budh righ dheas do leagan súl. Do
ghruadh budh dheirge 'ná an rósa a's do chúilín bhí fighte
dlúth, 'Sé mo léan géar gan mé a's tú pósta, nó ar
bórd luinge ag dul anonn.



Déirigh mé Dia Céadaoin, dar liom féin,
bhí an mhaidin fuar,
Cia d'fheicfinn in a léine acht mo chéad-shearc
agus í faoi ghruaim;
Dhruideamasr le chéile a's dá bhféidimís
gheobhamaois 'un suain
A's budh é dúbhshlán d'fhearaibh Éireann mo
chéad-shearc a chongbháil uaim.


L. 135


Díomadh Riogh na h-Aoine do'n té a dhíbir
mo ghrádh i bhfad uaim,
Gan neart a'm dul 'n-a gaobhar lá saoire
ná go moch Dia Luain;
Da mbeith sé ag báistigh choidhche, a's go síor-
ruigh a' cur sneachta a d-tuaidh,
Le mo mhian dá bhfaghainn cead síneadh, bhéidhinn
comh haoibhinn leis an eal' ar cuan.



'S truagh gan mise 'm' éinín is deas a léim-
finn ó thom go tom,
Nó 'm' eascuin ar Loch Éirne, is deas do
shnámh-fainn í ó chuan go cuan;
Léighfinn-se glan-Ghaedhilge agus sgríobhfainn
í le barr mo phinn,
'S ní fhéadaim comhrádh a dhéanamh le 'n-a
éadtruime a's 'tá 'mo cheann.


L. 136


Caisleán Uí Néill



Céad slán leis an oidhch' aréir, 'S é mo léan nach é
anocht atá ann! Mo bhuachaillín binn deas a
bhréagfadh mé seal ar a ghlúin. Dhá n-innsighin mo
sgéal duit is baoghlach nach ndéanfása rún, Go bhfuil mo
ghradh do mo thréigsint, 'Dhia ghléigeal a's a Mhuire, nach truagh!



Do gheallais-se féin dom
Go mbréagfá mo leanbh ar dtús,
Do gheallais i na dhéidh sin
Go mbeadh aon-tigheas idir mé agus tú.
Dhá ghealladh i n-aghaidh an lae dhom
No gur leigeas-sa leatsa mo rún,
Ach, fairíor géar dubhach,
Tá mo chroidhe 'stigh chomh dubh leis an ngual.



Tá mo gháirdín breágh 'n-a fhásach,
A's a ghrádh gheal nach miste leat é,
Gach pabhsae dhá áille
Tá 'fás 'níos thrí bhárr glas na cré.
Ní chloisim 'sa 'tsráid seo
Ceol cláirsighe ná ceileabhar na n-éan,
Ó d'éalaigh mo ghrádh uaim,
Cailín áluinn, go Caisleán Uí Néill.



Tá mórán de'n bhrón seo,
A dhianstóirín, a dhul timcheall mo chroidhe,
Agus lán mo dhá bhróigín
De dheora a' sile liom síos.
Grádh buachaill óg a bhreo mé,
'Sé an grádh úd a bhain díom mo chiall,
Ach ní mhairfe mé beo mí
Má phósair an bhean dubh ó'n sliabh.


L. 137


An Gabha Ceárdchann.



Ó, chaith mé bliadhain a's ráithe, 'Mo ghabha ceárdchann i gCúige
Laigheann, Tuairisg mo ghrádh' ní bhfuaireas, Nó go dtáinig mé anuas
aríst. Tá saoghal seo ar fad cráidhte, A's ní airimhighim mo mhuinntir
féin, Ach' ar an gcnoc úd thalltá m' árus, 'S ar an bPápa ní chéilfead é.


L. 138


Soir atá mo tharraingt
Agus nach fada uaim-se grádh mo chroidhe,
A ghiolla an chúilín phéacaigh,
I do dhéidh-se ní mhairfead beo.
Tharraing tú milleán mór orm
Acht a stóirín níor mhaith leat é,
Naoi n-uaire, b'fhearr liom pósta leat
Go mór-mhór 'ná bheith i bhFlaitheas Dé.



Nach breágh nach dtagann tú, a Sheagháin,
Agus mé a fhágháil ó mo mhuinntir féin,
Nach breágh nach dtagann tú a ghrádh ghil,
'Gus mé a fhágháil uatha uile go leir.
Mura bhfuil siad sásta
Leis an gcás seo a fhágháil réidh,
Déanaigidh túmba cláir dhom
Agus fágaigidh mé go doimhin i gcré.



Marach m' intinn dána
Gheobhainn árus uaidh mo mhuinntir féin,
Ba agus caoirigh bhána
Agus páirceanna le 'n-a gcur 'un fhéir,
Codhladh fada Samhraidh
Agus cead greann a bheith 'gá chaitheamh
léithe,
Agus go mb'fhearr liom faoi na tamhnachaibh
Ag piocadh seamróg le grádh mo cléibh'.



Diombáidh Ríogh na hAoine
Do'n té a dhíbir mo ghrádh i bhfad uaim,
Ní féidir liom dul 'n-a gaobhar
Aon Dia hAoine no go moch Dia Luain.
Dhá mbíodh sé 'n-a stoirim teinnte
A's an oidhche ag cur sheaca 'dtuaibh,
Le mo rún dá bhfághainn cead sínte
Bhéinn chomh haoibhinn leis an eala ar chuan.



A' gcuailis, nó an bhfuairis sgéal ar bith
Uaidh mo ghrádh-sa anuas le mí
Thart thrí oileántáin uaigneach
Nó anuas aríst trí thaltaibh fraoigh?
Ní raibh suim ar bith in do ghlór agam
Acht dólás mór gur ag magadh bhís,
Agus tá mé óg go leor fós
A's béidh cead spóirt agam i mbaile
eicínt.



D'éirigh mé Dia Céadaoin
D'éagcaoin ('s bhí) an maidin fuar,
Cé d'fheicfinn acht mo chéad-shearc
Ar chnocáinín a's í ibhfad uaim.
Ghoirigheamar le 'n-a chéile,
Nó gur leigeamar an oidhche 'un suain ,
A's má's í do mháithrín 'tá 'do dhiaidh orm,
Fuil a cléibhe aici agus galar dubhach.


L. 139


Nóirín, mo Mhian.



Tá mo theach ar an árdán 'sa dhá cheann 'san ngaoth, Tá'n
fhearthainn anuas ann 's ní áirighim an tigheacht faoi; Tá'n
teinteán dhá dtógbháil 's an bhó 'dul 'san gcíos, 'S cé 'r
bith áit a mbéidheadh mé, 'sí Nóirín mo mhian.



Ag dul thrí Mhuigheo dhom 's mé a' cómhrádh
le mnaoi,
Shlad sí mo phócaidhe a's níor fhág sí a'm
pighinn,
Tá fhios ag Dia, a stóirín, nach brón 'tá orm
faoi,
'S dá mbéidheadh uisg' ar na bóithribh 's dóigh
nach bhfuighinn braon.



A dul thrí shráid Bhalla dhom lé Fhéil,
Muire Mór,
Ag díol mo chuid earraidh a's gha roinnt le mo
stór,
Nuair fhiafruigheas bean na leanna díom,
"Cia bhfuil luach na mbróg"?
"Chuir mé le hanam na marbh é 'tá i dteam-
poll Mhuigheó."


L. 140


A's nach fada mé i n-uaigneas a' tóruidheacht
bean tighe,
A tuairisg ní bhfuair mé ariamh in mo shaoghal
Go bhfaca mé an stuaidh-bhean ar thaobh cnuic
'n-a suidhe,
'S a folt 'n-a naoi ndualtaibh 'gá sguabadh le
gaoith.



I gCaisleán an Bharraigh 'seadh chodail mé
aréir,
Bhí mo mhian agam agus níobh fhada liom é;
Ag cur mo lámh' thart dhom go bpógfainn a
beul
Fuair mé an áit folamh 's an leaba fúm féin.



Ní dhéanfaidh mé imirt 's ní dhéanfaidh mé
ól,
Ní dhéanfaidh mé nidh ar bith acht 'chuile nídh
mar is cóir,
Nó go síntear 'san gcill mé 's go dtéighe úir
ós mo chionn,
Le mnaoi eile 'do dhiaidh, a stóirín, ní leigfidh
mé mo rún.



Racadh 'un na coill' craobhaigh a' baint
smeura lá ceo,
A' baint ubhla de bharraibh géagán a's ag
seoladh an dá bhó;
Dá gcastaoi liom mo chéadshearc 's d'á béilín
bhainfinn póg,
A's cé sin do'n té úd már bhain an sgeul dó.



Dá bhfeictheá mo Nóírín a's a cúl leis an
tuinn,
Fáinne óir an mhéir léi 's í a' slíochadh a cinn;
'S é dubhairt mac an chaiptín agus é gabháil
a luing,
Go mb'fhearr leis dhó féín í ná Éire gan roinnt.



"An nglacfá le Nóirín dá bhfághthá í mar
mhnaoi?"
Ghlaicfinn le Nóirín, is í grádh geal mo
chroidhe.
Ní'l teach ann ná árus, ná áít a dtabhairfinn
í,
'S nuair nach bhfuil, fág mé 's céad slán le
mo mhian.


L. 141


Moll Dubh an Ghleanna.



Tá bó agam ar shliabh, 'S is fada mé 'n-a diaidh, Nó gur
chaill mé mo chiall le nóchar, Dá
seóladh soir 's siar ins gach áit d'á dtéigheann an ghrian, Nó go
bhfilleann sí ar ais tráthnóna, 'Sí Moll dubh an Ghleann' í, 'Sí
Moll dubh an earraigh í, 'Sí Moll dubh is deirge ná an
rósa, 'S dá bhfághainnse féin mo roghain de mhná
óga deas' an domhain, 'Sí Moll dubh an ghleann' a b'fhearr liom.


L. 142


Nuair a bhreathnuighim féin anonn
Ins an áit a mbíonn mo rún
Sileann ó mo shúilibh sruith deóra,
A's a Righ gheal na nDúl, déan fuaisgealt ar
mo chúis
Mar 'sí bean dubh an ghleanna do bhreó mé.
Curfá: 'Sí Moll dubh, etc.



Dá bhfághainnse bean 'sa Mumhain
'S triúr bean 'sa Laigheann
Agus bean mbéadh dhá mhíle bó aici,
Acht 'sí bean na bhfáinne mbuidhe a chrádh go deo
mo chroidhe,
A's mo chúig chéad slán go deo léi.
Curfá: 'Sí Móll dubh, etc.



Tá inghean ag an Iarla,
'S tá sise go píoclach,
Do mo iarraidh-se fhághail le pósadh,
Acht dá bhfághainn-se féin mo roghain de mhná
óga deas 'an domhain,
'Sí Moll dubh an ghleanna do thógfainn.
Curfá: 'Sí Moll dubh, etc.



Siúd é siar mo theach
'S gan de dhíon air acht an sgraith,
'S é déanta ar leath-thaoibh an bhóthair,
'S nach críonna do bhíonn an bheach nuair a
dhéanann sí a nead
Le teas agus le grian an fhóghmhair.
Curfá: 'Sí Moll dubh, etc.



Nuair a aosuigheann an tslat
Ní fhanann uirthe meas
Acht ag tnuth leis an duileóigín is óige,
Acht a chailín áluinn dheas, d'éalaidh uaim le
spreas,
'S mo chúig chéad slán go deo leat.
Curfá: 'Sí Moll dubh, etc.


L. 143


Céardcha Antoine Dhuibh.



D'éirigh mé féin ar maidin go moch, A's cuaidh mé go
céardcha Antoine Dhuibh. "Ádhbhar mo láidhe 'tá agam ann
seo, A's ag iarraidh í fhághail déanta atá mé." Labhair sé
liomsa go córa deas ciúin, "Dá mbeadh céad fear
romhatsa géobhadh tusa tús, Séid na builg taobh thíar de mo
chúl, Agus tornóchaidh mé plátáil do láidhe."



Tharraing sé chuige tobac agus píop'
A's shocruigh sé cathaoir a's shuidh le mo thaoibh,
Unsa de'n duilleóig a chaith sé mar bhiadh
Agus thosuigh sé plátáil mo láidhe.
Chart sé an teaghlach go leagfadh sé síos,
Gus sháith sé le gorradh an t-iarann 's an
"steel."
Bhí na splanncracha ag éirighe le fraghthachaibh
an tíghe
A's mé a' fágháil m'anam ag gáire.



Nuair fuaireas mo láidhe, 's í gléasta im'
láimh
Shocruigheas 'un obair í a's d'oibrigheas an lá,
Ní'l aon fhear óg d'ar beathuigheadh san áit
Nach sgothfainn 'san gcóimhlint an lá sin.
"Seasamh a's spreacadh go raibh do láimh
A's nach múchtar do theaghlach go dtí lá an
bhrátha,
Ainglidhe na bhFlaitheas do d' chumhdach gach lá,
Is tú an gabha atá múinte i d' cheárdta."


L. 144


'Séard dubhairt an siuinéara bhí le mo
thaoibh,
"Dar cinnte, a bhuachaill, is deas an ball í,
Bhí an teannaire leathair a's an tintheadh mór
fúithi,
A's ghearrfadh sí roimpi an buadán."
Séard dubhairt an tabharnadóir bhí os mo
chómhair,
"Dar cinnte, a bhuachaill, is deas do thuagh
mhór,
B'fhearr liom na giní í agam go deó,
Is deas a cheapfadh sí galún a's báirsín.



Ná déanaighidh iongnadh de'n ghabha bhí ann,
'Se Antoine Ó Sioradáin rinne an ball,
'S tá daoine uaisle Connachta 'glacadh ar láimh
aige
A's é a' deánamh dhóbhtha "fenders" a's
grátaí.
'Sé ghléasfadh an chéachta i bhfoirm 's i gcaoi
Go n-iompróch' sí an fód ó'n ngrinneall
aníos,
A's a shocróch'an bráca go ruisfeadh sé
thríd,
A's ní magadh, nach ndéanfadh sé láidhe!


L. 145


Máire Inse-Seirc.



Ó ruaigeadh an sagart mé 'mach fud na gleannta, Ta mo chlú
caillte a's caithfidh mé rith; Ní phósfainnse bean ar bith bhuailfeadh le
geall mé, 'S minic le ráithe do chuir sí mé a' gol. Chuaidh mis' ar
oileán, ba fiadháin an áit sin, Thug mise séarsa liom trí n-a lár
soir, Casadh an ainnir liom, labhair sí go
tláth liom, A' fiafhruighe cé'r b'as mé nó cá raibh mé ag dul.



"Ar seachrán 'sa bhfairrge cuireadh le fán

Ar thuirsg mo bháidín d'imthigh le
sruth."
Dá mbainfeadh-sa 'n t'anró dhom bliadhain
nó trí ráithe
Bheadh póg a's céad fáilte agham ó Mháire
Inis-Seirc."


L. 146


Leag sí anuas agam bord a raibh fíon
air -
"Éirigh 'do shuidhe go n-olfaimíd deoch,
Tá lán buidéil aghamsa, a's na gloineóchaí
líonta" -
"Baisteadh na hoidhche dúinn" arsa Máire
Inis-Seirc.



Tá peictiúr na coróineach ar thosach a
cóiste,
Tá piostal 'n-a póca a's lann 'n-a glaic,
Tá búcalí de'n airgead a's bobsaí de'n
ór 'ci -
Cé déarfadh nach "Seó í, Máire Inis-
Seirc."


L. 147


Bímís ag Ól



Tá lása de'n draoib ar mo hata, Tá mo charabhat sgaoilt' ar mo
sgóig, Mo pheribhig tá'n a "ship wracka," A's
stróicthe atá mo chasóg. Furaig i dí rudaí fhur
aodaí, Furaig i dí rúdaí furó, Fur
aig i dí rúdaí furaodaí, A's furó a's bímis ag ól.



Bhéarfainn-se trí ba uaim féin duit,
A's tarbh 'na dhiaidh sin 'sa ród,
Seisreach de chapaill ar thaoibh chnuic
Da mbéitheá gan glaodhach go tigh an óil.



A chailligh, níor ól me do chaora,
Níor ól mé do phunt ná do choróin,
Ach' a chailigh, sul a bhfágfad an t'aonach
Olfaidh mé luach de dhá bhróg.


L. 148


An Díbirteach.



Mo bheannacht leat a thír mo ghrádh', Ó sgarthar mé 'gus
thú! Mo bheannacht leat ach' ní go bráth, Ní dheirim leat a
dieú - Ní dheirim leat a dieú, a stóir - Ní dheirim leat a
dieú; Gidh triall thar an tsáile mhór tá me liom féin i ndiú.



Is dubh atá an tsáile mhór,
Is doimhin dubh tá sí;
Acht ó is doimhne tá mo bhrón,
Is duibhe tá mo chroidhe!
Acht ó is duibhe tá mo chroidhe,
'S mé triall uait anocht,
Gan fhios agam an bhfillfidh mé
Go bhráth dom' oileán bocht!



Anois atá mé dul ar fán,
Is truagh ata mo chás,
Gan fhios agam bhfuil sé a ndán
Dam teacht go bráth ar ais.
Liom féin atá mé dul ar fán,
Ar feadh an tsaoghail mhóir;
An iongantach é, mo chroidhe bheith lán
'S mé sgaramhain le mo stór!


L. 149


Ní raibh aon bhean agam ná clann,
Ná cailín ghradhuigh mé;
Thug mé grádh dhuit go hiomlán,
'S tú fuair uaim uile é.
Bhí sé chó teith agus chó fíor.
Nach bhfeudfainn é do roint,
A's thug mo chroidhe í féin d'á tír
Go glan gan caim no saint.



Má chuartaighim an saoghal lán,
O'n mbárr go dtí an bonn;
Má shiúbhlaim tríd an domhan iomlán
Anall agus anonn;
Ní bhfuighidh mé aon áit go bráth,
Aon choirneull, ball, nó clúid,
D'á dtabharfainn searc mo chroidhe 's
mo ghrádh
Acht d'Éirinn tá faoi smúid!



Má tá sí 'nois faoi smúid a's sgrios,
Trom smúid agus trom cheo;
O tógfamuid a smúid a rís,
A's sgapfamuid a ceo.
Acht cá bhfuil sásadh dham le fághail
'S mé fad ó thír mo chroidhe?
Atáim ag imtheacht, 'sé mo chrádh, -
A bhfillfidh mé a choidhch'?



Acht móidim é, cuimhneochaidh mé,
'S mé míle míl' ó d'thráigh,
Na cnoic 's na gleannta d' aithnigh mé,
Na machairidhe 's na bláth;
Gidh b'é mo chás go lá mo bháis.
Cuimhneochaidh mise thú;
A's muna bhfeudaim teacht ar ais
Slán leat agus a dieú!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services