Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Devotional Poem by Seán Máistir Ó Conaill
Title
A Devotional Poem by Seán Máistir Ó Conaill
Author(s)
Seán Ó Conaill,
Compiler/Editor
Donncha A. Ó Cróinín
Composition Date
1791
Publisher
Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Is uireasa machnaimh ar mhaitheas na Tríonóide Ler tuileadh an talamh de mhallachtaibh míleortha, Tiomargadh taitnimh do chleachtaibh na clífeola 'Na ndrongaibh tug anamnach damanta díthreorach.
Uireasa machnaimh tug d'aingil dobhí i nglóire Titim 'na gceathaibh go seachmallta síobhóideach, 'Na mbruithnisc cheamalach anacrach mhíshnómhail 'Sileadh go leachtaithe i lasair ná críochnófar. Is uireasa machnaimh fá ndeara don mhnaoi bhreoigh sinn Druidim le habhall na haithne ar chraoibh órga, A bhriseadh 's a bhlaiseadh 's a thabhairt dá caoinstórach d'fhúig sinne go daingean san ama fá chuinggheóca. Is uireasa machnaimh don leanbh bocht trí an ngnó san Le mioscais a chealg gur mharbh a chlíchomhalta d'fhúig bruite nocht a anam i bhfarraige nimhe scólta Is ná feicthear leathphingin glanta den díol fós de. Le huireasa machnaimh a theangmhaigh an ní neosad Do dhuine bhocht ainnis bhí sealad 'na rí chomhachtach Go cumasach ceannasach bainiseach buíontslóghach, Gur scribheadh a dhamaint ar fhalla le mínmheoraibh. Is d'uireasa machnaimh do dheachtar linn síos sómpla Deimhin den tsamhail i bpearsain an rí Póil oilc Le buile na peannaide chealg 'na chroídhrólainn Bhí ciontach 'na mharbh 's is fada dhó ag díol fós as. Is uireasa machnaimh do dhamnaigh Aintíócus In ifreann ceangailte ag spalpadh re spídeoireacht Mar ionathar ablaigh treascartha i ndíg bóthair Ag iomlasc a anama ar leacaibh an fhíorspólta.
Is trí uireasa machnaimh na seana do shín romhainne 'Na tuile ar an dtalamh tug fearg an Rí mhórga Ler scriosadh a sleachta gan phearsa den droing, móidim, Ach an uimhir do sheasaimh 'na mbeathaidh san loing órga. Is uireasa machnaimh tug lasrach nimhe is tóirneach Is tine na bhflaitheas chun cathrach mbruíonómrach, Faghthar deimhin ná deachaigh neach astu re ríomh sceolta Ach duine agus ainnir 'na salann dofríth fós ann. Is uireasa machnaimh ar phearsain an Rí thrócairigh Tug cumus dár n-athair i bparrthas síoch sóilmhear Ag fiuchadh le scalladh 's ag screadaigh go glinndeorach Mo thurraing! bheir damanta scata den tsaol bhrónach. Is uireasa machnaimh ar chneastacht chirt Chríost chomhachtaigh d'fhuiling a spalladh re sparradh na spíonchoróine Bheir uimhir dhubhamhairc 'nar dheacair a gcruinnchomhaireamh Ag ciseal ar shlabhara is lasrach nimhe leosan. Is uireasa machnaimh ar theagasc an Naoimh-mhóirSpioraid Mar chitear i gcantain 's i gceachtaibh na bpríomheolach Bheir bruithnisc cheamalach anamnach críondóite Ag Lucifer ceangailte i nglasaibh dá righinróstadh. Is uireasa machnaimh ar fhlaitheas an Rí ghlórmhair, Ar bhinneas na n-aingeal ag cantain go binncheolmhar Is ar chriostalaibh anamnach sneachtaidh 'na shíorchomhair Bheir deimhin dubh damanta dearbhaim síos slóite. Is uireasa machnaimh ar amasaibh saighead seoltar Re toirmeasc namhad ag seasamh na slí romhainne Bheir muclach anamnach anacrach bhfíordhreoite Idir ursanaibh dearga ag lasadh gach aon mhóimead.
Is uireasa machnaimh tug cealgach croíchróloit Iomlatach aithristeach aithiseach íogórach Iongantas anamnach ndamanta ndíchomhairligh Is tine dhubhdheataigh dá ngreadadh le mídhóchas. Is uireasa machnaimh bheir spairneach baoisghlórach In imreas aigne ag easmail 's ag guíodóireacht Sinne is ár leabhair dá spalpadh le luímhóide Is is deimhin gur eagla go gcaithfeamna díol deorach. A Mhuire na bhflaiteas thais mhaiseamhail mhín mhómhail, A choimirc 's a chabhair na n-anbhfann ndíthreochais, Sirim sinn sheachaint re feartaibh do ghuí, deonaigh, Ós deimhin an tAthair gur bheartaigh 'na Ríocht coróin duit. A bhuime is a bhanaltra gheanmnach ghnaoighlórmhar, Foiligh ár mbearta fé bheannaibh do mhínsceobhrait, Ná fuiling sinn dhamaint re damantacht gníomhghnótha Ó dliteadh led leanbh i bhflaitheas 'na Ríocht coróin duit. A bhruinneal 's a mhascalach bheannaithe bhinn bheoga Is criostaltha chailce ná an sneachta de dhroim bóchna, Re cumann dá screadair ón araidSpioraid Naomh gheobhairse Coimirc dár gceastaibh mar cheangail 'na Ríocht coróin duit. Más uireasa machnaimh is mallaitheacht smaointeoireacht Bheir tuilleadh acu ar lasadh le lasair 'na síorsmólaibh Is misneach do neartaigh na haingil go naoi n-ordaibh Misneamhail neartmhar chun seasaimh i sítheoilteacht. Is iomarca machnaimh rinn tarmainn dín Dhomhnaill, Gan ithe gan ghearradh gan stracadh le fíoch leomhain, I gcomlach cleatraigh fhairsing an mhíl mhóir chuir Ó thonnaibh na farraige ar talamh i dtír Jonas.
Is iomarca machnaimh is eagna is aoirdeolais Is oidis tug ceannas is gairm do Mhaois thógadh Gan fuireach a bhasa chun flaithis ag guí trócaire Is trí thonnaibh na mara do leathnaigh Rí bóthar. Is iomarca machnaimh chirt aigne an trír tógadh As an dtine do chaitheadh re bagairt an rí dhóraidh Tug inneallta a bpearsana i ndealbh 's in íoghair dhóchais Gan ribe dá mbathasaibh greadta ná fríthdóite. Is le hiomarca tabharthais machnaimh i gcroí Job ghil d'fhuiling gan ghangaid a dtagadh 'na shlí i dtreonaibh, Toirmeasc treasa agus teascairt ar chlainn mhómharaigh, Trí bhfuilid lucht teagisc dá aithris 'na soísceoltaibh. Is iomarca machnaimh is dearbh do shaor Joseph I gcoinnibh an taitnimh do radadh le mnaoi nóchair Fár fhuiling sin atuirse is scannail re poimp mhórtais 'Na chime bhocht cheangailte i gcarcair ar díth sóltais. Is iomarca machnaimh tug d'fheartaibh don tsíorÓigh ghlain Friotal an aingil do ghlacadh gan puinn tóstail An tan d'innis de shanas di an tAthair gur fhíordheonaigh Ise dá leanbh trí ngeabhadh 'na coim feoil choirp. Is iomarca machnaimh do neartaigh arís Joseph Muire na bhflaitheas nuair mhachnaimh 'na broinn tóirrcheas Fulaing gan mhasladh ar bith thabhairt dá mhnaoi phósta Is is ionamhain cheangail an leanbh dil Críost comhall ris. Is iomarca machnaimh is frasa agus fíordheora Do shileadh as a dhearcaibh 'na gceathaibh gan toinnteora Tug deimhin chun aithreachais Peadair d'éis síormhóide Is mionna do spalpadh nárbh aithnid dó Críost d'fhóir sinn.
Is iomarca machnaimh tug d'ainnir na mínórfholt Ag titim chun talaimh go slamarthach slímómrach, Do chiontaigh i ndamaint le fearaibh ag luí leosan, Filleadh le hatuirse i gcreathaibh go croídheorach. Is ler cuireadh an t-anam san marbh dobhí ag feochadh Curtha go taiscithe ceartaithe i gcaoilchomhrainn Fár misneamhail d'eascair 'na sheasamh gan mhoill mhóimid Le friotalaibh beannaithe Aingil na príomhchomhairle. d'iomad mo mhachnaimh a machnamh ní chuimhneochainn Ar an uimhir de dheascaibh a machnamh do rinn fómhar, Níorbh usa dhom deachamh ar cailleadh dá dhíth a chomhaireamh Ná tonna na mara le cnagaire a chruinnthomhas. A Mhuire gan mhairg gan tearca gan díth trócaire Cumais is ceannais is gradaim is síorghlóire, Sirim fád bhrataibh ghil tarmainn dín domhsa Is do gach nduine bhocht ainnis dem amhail i mídhóchas. Innis don Athair, ciodh dearbh an gníomh romhat, A fhriotal gur ghlacais let easna gur shnaidhm t'fheoil de, Gur oilis le ceanas le lachtaibh do chíoch n-órgan Is gur muirneach d'fhaireadh it aice red thaoibh Joseph. Innis dod leanbh go rabhais go croíbhrónach, Go sileadh do dhearca 'na srathaibh le síordheoraibh Ar bhfeicsin a phearsan dá ghearradh 'na dhaorstrócaibh Is domlas 'thabhairt mar shearbhdhigh nimhe fós dó. Innis don araidSpioraid acfainnigh aoirdchomhachtaigh Le buile go ndeachais go rabhais id mhnao-óinmhid Trí ar mhillis do bhasa gur screadais go baoisghlórach Ar dtitim dod leanbh lag marbh gan bhrí leointe.
Níorbh ionganadh marbh i gcreataibh thú, a ríog róbach, Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach, Do chrithnigh na flaithis is aingil in íoghair shnóchruth An tan cuireadh do leanbh gan anam le míchóthrom. Níorbh ionganadh marbh thú i gcreathaibh, a ríog róbach, Ar dtitim dod leanbh don talamh ba troimfhóideach, Do chrithnigh na flaithis is aingil is naoimh órga Is d'imigh a taitneamh ón ngealaigh gan soilse eolais. An chruinne ba cheatharga d'athraigh in íoghair shnóchruth, Brisid na carraigreach, cranna na bhfíodhbh feochaid, Titid 'na mbrataibh dubhscamaill go sceimhealbhrónach An tan cuireadh gan anam do leanbh le míchóthrom. Trí ar fhuiling de scannail 'na phearsain de thaoibh fheola, Trí ar fhuiling de pheannaid á ghearradh i ngach aon orlach Is trí ar fhuiling de mhasladh do thabhairt don Díocht deonaigh, Dá sirir air, maitheachas d'achairt dár gclaonghnóthaibh. A Mhuire, let fheartaibh do ladrann líobóideach Dár bhainis an t-anam ba cheangailte i scríbhneoireacht Le fuil dobhí tarraingthe, fairsingigh slí romhainne An tan chluinfir an t-aingeal dár ngairm chun aonchnósaigh. Trí an misneach do ghlacais ar n-amharc dó arís beo agat, Trína fhuireach ag teagasc na n-aspal i ndíocht eolais Is trína dhul ar deis 'Athar go flaithis 'na shaighead ghlórmhar Go muirneach athchuir ár screada agus guí dhomhsa.
Trí ar innisis dearbh dot Athair, a Rí ghlórmhair, Don fhoirinn do cheangail thú is chealg do chroí trócaireach Nár tuigeadh, och! mallaitheacht aingcise a bhfillghnótha Is uime sin maitheadh 'na mbeartaibh go síoch dóibhsin. Innis dot Athair gur cheannaigh do chroí stróicthe Gach milleadh ba bhascaitheach theangmhaigh sa tslí romhainne, Laige agus galar is easpa do shíorbhreos sinn Is go dtugaisse t'anam mar aisce inár saobhghnóthaibh. Ó chuiris mar cheangal san bpaidir go binnghlórach Gach nduine le carthannacht maitheamh don naimhdchomharsain, Trí an bhfriotal san canadh libh leanfamna trí an dtreoir sibh Ag feitheamh an mhaitheachais dearbh nár dlíodh fós linn. Dá chaime ar bith cleachtadh agus cleasa agus slí thógfam, Buile agus barbaracht, bladar is baois óige, Trí iomarca maitheachais mhaithis na Tríonóide, Ach filleadh le haithreachas, glacfar go síoch sóil sinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services