Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish Tract on The Stations of the Cross
Title
An Irish Tract on The Stations of the Cross
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Brian Ó Cuív
Composition Date
1772
Publisher
Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EÓLUS AIR AN MODH AGUS AIR AN BHFOIRM LE NDÉANTAR TURRUS NA SLIGHE NAOMHTHA, NÓ SLIGHE NA CROISSE, DÁ NGOIRTHAR VIA SACRA, AGUS AIR SHUIM NA LOGHADH IOMDHA GHÉABHAIR DHÁ CHIONN .... A NAIM AN ATHAR, AGUS AN MHIC, AGUS AN SPIORAD NAOMH. Así is Slighe Naomhtha an coimhne dhúrachtach agus beóthaisbeánadh air pháis agus air bhás ar tTiagharna Íosa Chríosd, agus cuirtair sin a ngníomh le cúairt do dhéanamh ag dhá chrois déug, a modh torruis, le siubhlann neach an siubhal céadhna, na coiscéimidh céadhna, do shiubhail ar Slánaightheór ó thigh Philáid go Cnoc Calbhairi ag fulaing a naomhpháise. Así naomhriaghain na n-aingeal do thionnsgain air thús an naomhchrábha so a ccathair Ierusalem tar éis a Mac mórghrádhach do fhágbháil di san tiomba, agus do ghnáththaith air feadh na haimsire do mhair é; agus ba hé sin chúig bhlian déug, amhail agus mur adeir naomh áiridhe. Aithrisidh Ludovicus Blosius as ráite na n-aithreach naomhtha, cap. 25, go nubhairt an Tiagharna fria fhíorsheirbhíseach dó féin na briathra so: “Ní bhfuil ní ar bith”, ar sé, “as mó thaithníos liomsa ná buanchuímhne do bheith ag neach tré umhlacht agus thré dhebhósion air mo pháis”. An sa leabhar dá ngoirrthar “An Slánugh Daonadh” hairistir gur thaisbáin Críost é féin do dhuine riaghalta ro-naomhtha agus cros throm air a ghuallibh aige, agus go ndubhairt ris mur so: “Ní féidir riot seirbhís nó dúbhracht do dhéanamh dhamh as mó iná cuideamh liom an chros so d'iomchur”. Do fhreagair an naomh é, agus
adubhairt: “A Thiagharna, cionnus mur chuideóchas mé riot?” “Atá, leis an ccroidhe”, air sé, “ag smuaineadh air an méid do fhulaing mé ar sgáth an chinidh daonnadh a n-aimsir mo pháise, agus 'na dhiaigh sin le bhur mbéul ag tabhairt buidhchais dhamh dá chionn.” Adubhairt mur an ccédhna Críost air tTiaghairna ris an mbannaomh, .i. Maria de la Anligula, bean rioghalta d'Ord S. Proinsias, na briathra so amhail agus mur léighthar a mbeatha na mná cédhna libar cap. 7: “An t-anam,” adeir sé, “shiubheólus liom 'mo chuidachta tré dhebhósion na Slighe Naomhtha, agus adéarfas an urnaithe atá sonnraithe ag gach crois, agus smuainneóchas go cráifeach air mo pháis agus air mo bhás, saorfaidh mé uadh n-a pheacadhaibh é, agus biaidh mé fabharach le linn a bheó agus a bháis dhó; agus dhéanadh mé dídion agus cosnamh dho gach duine bhias ann san áit agus ann sna tighthe a mbiaidh an debhósion so na Slighe Naomhtha dá gnáththaithigh”. Adeir Albertus Magnus gur mó an tairbhe do neach aonsmuainneadh naomhdhúrachdach amháin do dhéannamh air pháis Íosa Chríost iná dhá ndéanadh sé trosgadh bliadhnadh ar arán agus uisge, agus dá ndoirtach sé a fhuil gach lá don bhliadhain chéadna sin le sgiúrsa, agus dá n-abradh sé an tSailtuir Mhuire gach lá air feadh na bliadhna céadhna. Atá so ionchreite mur is follus as briathra Chríost féin fria an mbannaomh Getrude. Óir uair áridhe dá thisbáin Críost é féin di, chum gur mhóide leanfadh sí don debhósion bhí aice dá pháis tair gach debhósion eile, adubhairt léith na briathra so: “Féach, a riaghain,” ar sé, “an mhéid a d'uaisligh mé an chros lér céasugh mé, agus sin fo mo bheith ceangoilte léith air feadh beagán d'úairibh, air mhodh go bhfuil sí ó shoin anall dá honórughadh air feadh na cruinne. Mur sin, measseadh, gan amhrus is árdchéimneach an onnóir bhéarfas mé don annam aiga mbeidh buanchoimhne mo pháise ana chroidhe air feadh mórán do bhliadhna”. Acht tair gach ní tugthar ro-aire don ní aithriosas mórán d'uaghdaribh mur aon le Maritius, óir adeir go raibh naomh áiridhe air urnaighthe, agus leis sin
thug an Tiagharna Dia tisbeánadh air iffrionn uile dhó, agus leis sin chuallaidh sé clog garbhghlóarrach dá bhuaint agus uibhir líonmhur do dhiabhla ag cruinniugh agus ag teachd d'ionsaigh na háite sin. Agus iar ccruinniú dhóibh air aonbhall do labhair an príomhchaiptín bhí orrtha, agus asé dubhairt: “A mhuintir so agamsa,” air sé, “is maith atá fhios againnidh na tíadhlacha móra thug an t-ardDhia uillechumhachtach do dhaoinibh, mur atá an daonnacht do ghlac sé agus an bás a d'fhullaing sé air a sgáth, air mhodh nach bhfuil acht saothar gan tairbhe dhúinne feasda a bheith dá ngríos chum peacaidh. Óir, le cuimhniughadh dhóibh air pháis agus air bhás a Slánaightheóra, ní féidir dhóibh peacadh do dhéannamh air éanchor, agus tair éise sin beidh siad ró-mhaith, air an adhbhar, tré chuimhniodh na ttiodhlaca móra speisialta sin, beidh siad ro-thaithneamhach ag Dia, agus a ngníomhartha mur an ccédhna.” Leis sin do labhair diabhal dá mhuintir, agus asé do ráidh: “Meassuim-si nach bhfuil slighe air bith as mó bhéurus air na Críostighodh a bheith níosa mheasa ná mur bhí siad ariamh, iná sinne uile bheith dúthrachtach le cuimhne na páise sin a Slánaightheóra do dhíbirt as a ccriodhachthibh, agus sin lé haire a ccédfaibh uile do thabhairt ar shólásaibh saoghalta, air dhímhaoinnus, ar chathamh aimsire, ar bhaois, air bhaoithbhíadh, air édaigh daora datháile ag cur breaghachta bréige air ccollna, air i bheith cruinniugh agus ag cárna maoine saolta i ngeall ar mheas agus ar chráosbheatha. Óir leisin dhéan siad dearmud do pháis agus do bhás an té do fhuasgail iad, agus tiucfaidh a fhearg agus a dhiaghaltas fhriu, agus mur sin a ndamnugh.” “Molluim an ní deir tú,” do rádh an caiptín, “óir tá mé féin don bharramhail sin. Mur sin, a mhuinntir so agamsa, cuirmid romhain feasda gach dúthrachd is féidir linn, le cur d'iachaibh air Chríostaidhe an tsaoighail dearmud do dhéannamh do pháis a Slánaighthóra, leis na slighthe céadhna do theagasg air ccomráda dhúin.” Agus leis sin d'imthigheadar na diabhail. Agus an
naomh céadna fuair an tisbeánnadh so do fhoilsigh sé é do mhórán mur oideas do Chríostaidhaibh an domhain. Dá réir so is dearbhtha gur neamhchuimhne air pháis air tTiagharna is adhbhar donna Críosdithe gan a leas do dhéanamh. Gach duine, mur sin, lérab mian a shlánnugh siarraidh do bheith dearbhtha aige, cuireach sé roimhe gach lá, más féidir leis, beagán d'urnaighthe diongmhálta bheith aige, a ccás nach mbeith ann leathcheathramh uaire, agus sin do bheith air an nós so, amhail mur thug an bhannaomh Theresia d'Easbog Osma airna thaisbáineadh dhi ó Dia, amhail mur sgríobhas an tEasbog Palafox. Agus asé sin, duine do dhul air uaignios agus é féin do choisreagadh, agus 'na dhiaidh sin an tsailm Miserere mei, etc., do rádh, má tá go mbiaidh a fios aige, agus muna bhfuil, abradh sé faoi dhó le aithrighe ghrinn chroidhebhrúite “Goillidh orrum, a Thiagharna, óm chroidhe uile a liacht uair chuirrios fearg air do mhórdhacht dhiadha, mur is tú mo Thiagharna, mo Mháistir, mo Chruthaightheór, agus mo Cheannaighthóir. Mur sin cuirrim go seasmhach romham mé féin do leasamh.” 'Na dhiaidh sin abradh sé: “A Thigharna, táim ag teachd d'ionsiogh do sgoile chum do theagusg do ghlacadh, agus ní chum teagaisg do thabhairt uaim. Labheóra mé ria do mhórdhacht neamhdha, ar son gur luathreamhán mé, agus gur péist bhocht uirísioll don tallamh mé. Mur sin, a Thiagharna, taisbáin comhachta dhamh le go ttuigfaidh mé mé féin, air son nach bhfuil acht seangán beag bocht do tallamh ionnam.” Air rádh na mbriathar sin, mur do theagusg an bhannaomh, smuainnimh sé ansin air phonc égin don pháis, mur atá an modh neamhdhaonda lér chuirriodur na Iúdaighe an choróin spíona air, nó an uair do chéusadar é, nó mur d'iumchair sé an chros, nó air chlaochló na bpian d'fhuillaing sé, nó mur atá na briatha éccórach dubhradar ris, an t-uaigneas ana raibh gan duine muintiorgha 'na ghoire, gan a dhiscibal 'na fhochair, gan solus ná sólás aige, gan labhairt gan freagra aige, agus tré mhéud a bhochtanacht agus
anródh go raibh sé lumnocht air comhchrith le fuacht. Agus an uair do-dhéanfas tú na smuainte so go résúnta cráfeach, imthigh air h'aigh ní is foigse don mhórdhacht neamhdha, ag déanamh résúntacht air na gnóithe go cíalmhur, agus féachfhabh sé tré mheas mór cia an té do fhuillaing agus ghéabhaidh tú amach gurab é sin Cruthaighthóir na bhflaithios agus an té chum agus chruthaigh agus cheannaigh neamh agus tallamh agus an mhuir agus a bhfuil anta siúd agus an té bhéarus duaise nó pianta uaidh amhail agus mur tuillfidhthear. 'Na dhiaigh sin imthigh sé air aigh, agus féachabh sé cia an tí ba siocair dó leis na pianta daora sin d'fhullaing, agus ghéabhaidh sé amach gurab é sin é féin agus tusa agus mise agus gach duine eille atá 'nar gcréatúiridh míthfhortúnacha, docheansaigh, truaillidh. 'Na dhiaigh sin tabhair h'aigh air, agus féach go grinn air, agus tabhair aire don mhéid d'fhuillaing sé, agus ghéabhaidh tú amach gurab é sin an bás as piannamhla ba féidir. 'Na dhiaidh sin lean do résúntacht le mían lorg do Thiagharna do leanmhain thrí gach connair anar ghabh, agus féach cionnus d'fhullaing sé é, agus ghéabhaidh tú amach gur fhullaing sé sin le foighide mhór, le haigneadh shaor, agus fós re n-a thoil do chomhlíonadh fria thoil Athar. 'Na dhiaigh sin féach an t-abhar fár fhullaing, agus ghéabhaidh tú amach go ndearna sé sin chum sásadh do thabhairt air sgáth churracha an chinneadh dhaonnadh, agus chum ar saorradh ó iffrionn, agus an ghlóir shíorraidh do thabhairt dhúin ... Dia glórmhar go ttugaidh sé do ghrása dhúin an ghlóir chéadna do sháoithrudh agus a fagháil. Amen. Tair éis an résúntacht so dhéanamh go stuidéarach, fuirriomh mur sin go ngluaisfaidh an toil. Agus má tá go nglúaisfidh sí air an bpunc úd thráchtas air an tí bo siocair dod Thiagharna le páis d'fhullaing, agus go bhfaicionn tú go bhfuil do thoil tugthas go grinn don phonc sin, ná himthidh air h'aigh d'ionsaigh puinc eile go ttéid an toil a bhfuaire.
Agus má tá go rachaidh, déin athbheódhamh orrthaigh le ponc eile chur os do chomhair donna poncaibh roimhráite, nó leis an mbuighchas air sgáth na ttiodhlacadh iomdha fuarais ód Dia, nó leis an doilghios ba cóir dhuit i bheith ort fád pheacaidh, nó leis an ccompás so do Chruthaightheóir ag fullaing na páise air do shon. Agus déan sin ar feadh na haimsire go ccríochní tú h'úrnaighthe. Agus sol fá n-éirghe tú aisdi, féach na dubhsháilce is mó chuirrios a leataobh thú agus is mó mhoithíos tú ionnad féin ag cur chaithaidh ort; agus cuir romhad a léigionn díot a ccuidachta agus dhol a ccummann na naoimh, agus communn grádh Dé bheith ort, ag tabhairt buidhchas dó, agus ag iarraidh maitheamhnuis duit fein agas do chách uille. Éirghe ansin chum do ghnóithe riachdanach saoghalta acht gan léigionn díot an debhósionn so bheith do láthair agus do ghnáth agad. Leis so tuillfidh tú níosa mhó lé gearaimsir bhig iná dhá n-aibeórthá dhá chéud míle Sailtir Mhuire a n-aonló, air an abhar, le taobh an debhósionn so gníomh aithrighe inntinne do dhéanamh go fáisgidh ferramhail, sáreóchadh an urnaigh úd uille. Mar sin, máis eadh, ó tá go bhfuil an debhósionn so chó tairbheach agas sin, ná léig dhíot a bheith ag síorleannamhain di, gach uair is féidir leat, óir ní é amháin an gul nó na deóra do-ní an fíoréan air urnaighthe, acht an toil do chur réir thoille Dé an seal úd, agus ag claonadh do thoille leis an umhlludh is mian re Dia thabhairt dhuit. Agus mur sin an uair mhoitheóchas tú thú féin fuairinntinneach agus smúaintidhe saoghalta eile ag teacht ort, bíobh a fhios agad gurab í sin an uair is fearr an urnaighthe, má tá go leanfa tú dhi, agus na smuaintidhe sin d'fhullaing go foidhideach agus gníomhudh 'na n-aighaidh go seasmhach agus do thoil chur réir thoille Dé. Uair eille is féidir leat smuaineadh air na tiodhlaca fuarais ó Dia, mur atá do chruthadh, agus gurab iomdha duine dá ndéanfaigh a chruthudh bheith 'na sheirbhísach do Dia níos fear ná thusa, agus nach 'do phágánach ná 'do
Iúdach cruthaimh thú; uair eile fo mur damnaibhibh na diabhail uile fo aonpheaca amháin, agus sin ó smuaineadh amháin, agus nachar dearnamh sin riotsa tair éis ioliomad peacadh do dhéanamh, ní hé 'mháin ó smúaneadh acht fós ó bhréithir agus ó ghníomh, agus mur sin gur mó thuillis do dhamnudh iná iad; uair eile air phianta éxamhla iffrinn, óir má tá nach bhfaghan tusa agad féin anois do lámha chur san tinne air feadh aon lá amháin a ngeal air shólásaibh an domhain uile, fiafriomh díot cionnus do thiocfas leat mur sin do chorp uile i bheith i bhfuirnéis iffrinn, ní é 'mháin air feadh lá nó dhá lá nó ar feadh míle bliaghan, acht air feadh na síordhiacht go bráth agus ó bhráth amach; uair eile air imshníomh an bháis atá go cinnte fád chomhair, agus air bhreathamhnus uathbhásach fhíorcheart Dé; uair eile air an ghlóir neamhdha; uair eile air do pheacaidh dísli féin. chídhfidh tú féin, má tá go leanfa tú donna smúainte so, an tairbhe mhór bhias duit ann, óir adeir ughdar áirithdhe oirdheirc, amhail mur sgríobhus Molina Deome, nach damantur anam air bith go bráth dhéannfus urnaighthe agus leanfas di go búan. Adeir an bhannaomh Theresia, an uair do-chídh an diabhal duine air urnaighthe agus é ag buanleannamhain dhi, go mbainnionn sé súil dá dhamnadh a ccás go mbiaidh sé olc an féin, agus go mbíon sé lándearbha dá shlánnamh; agus don taobh eile an uair do-chídh sé duine agus gan a dhúil a n-urnaithe, bí dóith aige asa dhamnadh a ccás féin go mbeidh ro-mhaith. Tugach gach duine airre mur sin gurab é is urnaighthe inntinne ann smuaineadh air gach ní fo leith d'fhullaing Críost air feadh a naomhpháise, nó smúaintiugh air phianta iffrinn nó ar ní éigin eile dá ndubhramair, agus mur sin gur féidir le gach duine, fear nó bean, na smúainte sin a bheith 'na intinn má saor nó gnóithach dobheith sé. Ní riachtannas chum na hurnaigh sin neach do bheith naomhtha, ach a ccás go mbiaidh sé ró-olc féin is féidir a déanamh
chum go ndéannach sé é féin maith agus ro-mhaith léith. Mur sin tairgeach gach duine a déanamh. Air an nós ccéadhna tairgeadh gach duine lér fhéidir é cuairt agus turrus na ccros do dhéanamh, dá ngoirthear Via Sacra, .i. an tSlighe Naomhtha, óir gach uair dhéanus neach an turrus sin go diongbhálta, agus é bheith air staid na grás, ag rádh sé Paidre, 6 Ave Maria, agus 6 Gloria Patri ag gach crois air a ghlúinnibh, ghéabha sé chúig céud agus dhá fhiochad logha iomlán, agus bhéara sé ceithre anmana fithchiod as Purgadóir. Féachabh mur sin gach Críostaidhe an t-óirchiste mór do-gheabh anam gach uair do-ní sé an torrus so na Slighe Naomhtha. Agus is féidir leis an mhaith nó brígh na logha sin do thoirbheirt dhó féin nó d'anmanna Phurgadóir. Agus is féidir leis an turrus sin dhéannamh gach lá; agus an uair déanfar é ghéabhthar suim na lógha roimhráite, amhail agus mur aithriosas an tAithir Laurentius de St. Francisco an sa leabhar do sgríobh sé dá ngoirthear An tÓrchisde Neamhdha, air mhodh go bhfaghthar chúig logha agus dhá fhiochad iomlána le turrus gach croise, agus go mbearthar dá annam as Purgadóir. Mur an ccéadhna is féidir leis na bráthribh agus leis na mná riaghalta an debhósionn so nó an turrus so do dhéannamh ann sna mannistracha, agus leis na tuath a déannamh ana ttighthe féin nó ana ngárdínibh, mur atá na crossa chur 'na seasamh ionta, agus gan fhéachaint gá fad ó chéile bhiaidh siad fo gan áit iomchuibhidh do bheith aca, acht a ccur ó chéile mur is mian leódh, gidheadh an tan ghéabhthar áit dhóibh amhail is cóir, a ccur 'na seasamh agus a mbeith ó chéile do réir na n-áite is oirdheirc 'na bhfuair Críost a phiannugh, agus do réir na ccoiscéime thug sé air feadh a naomhpháise ó gach ionnad dhíobh sin, mur atá: - ón ccédchros go n-uige an dara cros 21 caiscéim uaithe sin go n-uige an treas cros 90 caiscéim uaithe sin go n-uige an cearmhudh cros 70 caiscéim uaithe sin go n-uige an cúigmhudh cros 71 caiscéim.
uaithe sin go n-uige an seisiudh cros 191 caiscéim uaithe sin go n-uige an seachdmhudh cros 366 caiscéim uaithe sin go n-uige an t-ochdmhudh cros 316 caiscéim uaithe sin go n-uige an naoimhudh cros 116 caiscéim uaithe sin go n-uige an deichmhudh cros 18 caiscéim uaithe sin go n-uige an t-áonmhudh déug cros 12 caiscéim uaithe sin go n-uige an dóudh déug cros 14 caiscéim uaithe sin go n-uige an chros eile, mur bhais dá chros déug ann 33 caiscéim. As amhlaigh, más eadh, tionsgantar an turrus do, mur atá air mbeith don phoball, nó don drung lér mhian an turrus a dhéannamh, air aonbhall san n-eaglais nó a n-áit eile fa chomhair an turrais do dhéannamh, coisreagadh an sagart é féin do ghuth ard (nó an easbhaigh sin an duine is feassaidh dhíobh) ag rádh tré chomhartha na croiche, agus an poball mur an ccédhna dá rádh leis, “Tré mhíorbhoill na ccros naomhtha so ór naimhde saor inn, a Thiagharna”, ag déannamh fioghair na croise ar an édan, air an mbéul, agus air an ucht, agus gan mhoíll dá ccoisreagadh féin san modh coitchinn dá rádh “A nAinm an Athar, agus an Mhic, agus an Spiorad Naomh. Amen”. Curreabh gach duine a inntinn féin leis amhail agus gurab é féin do-rinnigh mur dubhrus, agus abradh mur so: “Ó, a Thiagharna agus a Dhia uillechumhachta, offráthlim dot naomhmhórdhacht gach ní dhéanus mé, smainneóchas mé, agus déarus mé, ann sa naomhthorrus so, agus mur an ccéadhna cuirrim romham an loghadh thug do bhicáirre uaidhe air an tallamh so - sin do shaothríomh dhamh fpéin, agus mur sin othfráillim dhuit agus toirbhirrim dhuit iad uille, air sgáth mo pheacaibh agus air sgáth na bpían thuilleudur dham, nó ar sgáth na n-anmana is mó atá d'fhiachaibh oram do réir cheart agus charthannacht amhlaidh agus thig liom, nó mur is mó is mian leatsa. Amen”.
Annsin abradh an sagart do ghuth árd na briathra so, ag teachd dháibh d'ionnsaigh na céadchroise, air ndol air a nglúinnibh uile achd an sagart amháin: “Smuainnigh anso a n-ainm Chríosd ag an ccédchrois so, amhlaidh agus gurab é so tigh Philáit, áit anar sgiúrsadh go tréan Slánnaightheóir an domhain le lámha seisior saighdiúir míthrócairach, aiga n-a raibh chuige sin aca slata do dhruighan dealgach agus cordaigh cnapánach le garbhshlabhra iarrainn, air mhodh go ngearghdís agus go stróicadís a fhuil agus fheóil le gach buille dá ttugadís air, ag comhlíonadh fhris an mbreith thug Piláit air dá rádh “Tugthar sgiúrsa go lántréan don mbiothúnnach úd, Íosa as Nazareth, agus curthar coróinn do dhruighionn dealgach air”. Guidhemaoid é, más eadh, go dúthrachtach leis an urnaighthe so: “Ó, Íosa ro-mhilis dar mhian fullaing mur sglábhaigh bhocht a láthair an phobaill mhallaighthe sin, ag feathamh leis an mbreith bháis thug an breathamh tíránta ort, guidheim thú, a Thiagharna, tabhair dhamh mo dhíomas do chlóidh tré do cheansacht-sa, ionnas, le fullaing go humhall masla agus tarcuisne an tsaoighail a láthair, go sealbheóchain thú ann sa nglóir shíorraidh. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria Patri. Airna rádh sin tugadh gach duine póg don tallamh, agus 'na dhíaigh sin abradh an sagart agus gach duine leis: “A Thiagharna, do pheacaigh mé; déan trócaire orram; do pheacaighmar uile ar mhodh go ngoillionn sé orrainn. Déantar h'ardnaomhthacht do mholladh, agus go raibh páis agus bás ar Slánaightheóra Íosa Críosda, agus mur an ccédhna ginneamhan ró-ghlan ar mBaintiagharna naomhtha Muire do gineadh gan smáll peacaidh na sinnsear, dár stiúrradh agus dár dtrisiudh.” Abradh gach duine “Amen”. Annsin éirgheadh siad 'na seasamh ó n-a nglúinnibh, agus imthigh siad riompa d'ionsaigh na dara croise ag rádh debhósion éigin dóibh fpéin, nó amhlaigh mur d'enseóchas an sagart dháibh. Acht tugthar aire go ndéantar gach ní mur dubhramar aig gach cros - crossaibh eile, mur sin nach
riachtanach bheith dhá athchuimhniughadh nó bheith dá shíorluadh. Air dteacht d'ionsaigh na dara croise, abradh an sagart, (nó 'n easbhaidh sin an duine ba feasach don chuideachda): “Smuain annso anam Críost, amhail gurab í so an áit anar cuirreadh cros thrum air ghuaillaibh do Shlánnaightheóra Críost agus iad maslaighthe 'na n-aonchréucht. Guidhemid é, más eadh, leis an urnaighthe so: “Ó, árdrígh na bhflaithios, d'fhullaing thú féin do thoirbhirt do thoil anmhiannach na Iúdaighe chum do mhórphiannadh, agus do ghlac ort féin daorthruimme na croise, guidhim thú mur sin, a Thiagharna, glac chugad go taithneamhach cros an aithreachais agus an leórghníomha, ionnus go bhfaicfinn thú go síorraidh an do fhlaithios glórmhar. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria Patri. An 3udh cros. “Smuain anso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit anar thuit do Thiagharna Íosa Críost go lár agus go lántallamh, agus sin faoi an ccrois tré n-a trumme, agus é ag siobhal go Cnoc Calbhari, air mhodh gur bainniudh trumchneadh agus ardosna mharbhach as. Guidheimid é, más eadh, etc.: “Ó, a Íosa ro-ghrádhmhar, dár chuir mórthruimme na croise d'fhiachaibh ort tuitim go tallamh air mbeith lánchlaoite dhuit, chum go n-aithneóchamís leis sin truimme ar bpeacadh, guidhim do thrócaire neamhdha fa mo thógbháil ón ccoir, agus mé bheith búansheasmhach ac comhlíonadh t'athantaigh. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria agus 6 Gloria Patri. An 4 cross. “Smúain anso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit ana ttarla do Thiagharna Íosa Críost agus an chros thrum sin ar a mhuin air a Mháthair ro-naomhtha Muire, agus í a gceas bróinn agus mórthursa. Guidhemid í, más eadh, etc.: “Ó, a Bhaintiagharna is doilghisiodh dona mnábh fó an imshníomh géar pholl do chroidhe ag faicsinn do Mhic Íosa agus a ghnúis arna hathfhuathmhachar, a chorp uile arna dhubhudh, agus é uile airna dhéannamh fuathmhar,
agus 'na adhbhar gloinn ag na daoinnibh, guidhim thú, a Mháthair dhoilgheasach, ó tá gur mise agus cách is adhbhar dod mhórbhrón, fath grása na haithrí dhamhsa ón Aithir síorraidh le mo lochd agus mo andlighe do chaoinneadh go searbhdheórmhur. Amen.” Sé Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria Patri. An 5mhudh cros. “Smuain anso anam Críost, amhail gurab í so an áit ana ttugcudur na Iúdaighe luach saothair do Simon Cirineus chum go ttugadh sé cuidiudh dár Slánnaightheóir fán ccros d'iomchar, agus nach tré chompás uimme rinneadur sin, acht tré eagla go bhfuighach sé bás air an tslighe ó throimme na croise, air, agus mur sin nach bhfuighdís a lánmhian air. Guidhmid é, “Ó, a Íosa ro-ghrádhmhar, ós dearbhtha gur tré mhéud do ghrádh orramsa agus air an ccionna dhaona d'iomchair tú an tromchros sin, agus gur mían leat sinnidh a bpearsainn an Cirineus sin cuideadh thabhairt duit le n-a hiomchar, guidhmid thú, a Dhé Thiagharna, le ar mbeith funnmhar fo sin féin do chrádh le cros na tarcuisne agus an drochmheasa orrainn féin, ionnus, le do lorg-sa do leannamhuin go humhal ceansuigh, go bhfuighinn thú ann sna haoibhnios síorraidhe. Amen.” 6 Padre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria Patri. An 6udh cros. “Smuain annso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit ana ttánnic an bhean chompásach Veronica, agus air fhaicsin a mhórdhacht airna thursúgh, agus a ghnúis airna dorchughadh leis an allas agus leis an luaithreamhán, leis na seilleo agus leis na bassa buailleadh air, ar mhodh gur tharring sí línédach dhá ceann léar ghlan agus léar thiormaigh a ríoghnúis ghrianmhur thaithneamhach. Guidhmid é, etc.: “Ó, a Íosa ghnúissgíamhaigh, do-rinneadh míthsgíamhach agus athfhuathmhar lé smugaibh agus le seillodh neamhghlanna, agus gur ghlan an bhean chumpásach úd íad díot le héadach a cinn, ar mhodh gur fhág agus gur fhan fioghair do ghnúise ann san éadach sin ó shoin a leith, guidhim thú, a Thiagharna, go bhfága tú fíoghair agus íomháigh do ríoghnúise sgríobhtha an m'anm, agus tabhair dham tré fhíormhuintearas diongbháltacht le sin do chumhdach do
shíor agus go bráth. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria, agus sé Gloria Patri. An seachtmhudh cros. “Smúain annso anam Críost amhail agus gurab í so an áit anar thuit do Dia agus do Cheannaightheóir Íosa Críosd an dara huair, agus sin fón lot marbhthach do-rinniodur air anna ghuaillibh. Guidhmíd é leis an úrnaighthe so: “Ó, a Íosa ro-naomhtha, do thuit faoi an ccrois an dara feachd tre ainbhfainne iomurcach do chaoinchoirp, guidhim thú fo aithne agus eólus do thabhairt dhamh air thruimme mo ghníomhartha agus neamhchuimse mo pheacaibh, agas tabhair do ghrása dham nach ttarringdís mé leó d'ionsaigh an phoill ilphéistigh, agus tinntán na bpian síorraidh. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria, agus sé Gloria Patri. An t-ochtmhúdh cros. “Smuain annso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit anar ghuil go géur mná compásacha áiridhe, ag faicsinn ar dTiagharna Íosa Críosd dáorchoibhríthe aga námhaid agus iad dhá thabhairt dá chéasadh agus dá mhasladh go hanfhlaithiseach. Guidhimid é, más eadh, etc.: “Ó, a Árdmháisdir, dothug teagusg dona mnáibh compásach úd, airar ghoill do mhórphianta orrtha, le iad féin agus a bpeacadh do chaoidh go rúnmhar, tabhair dhamh, a Thiagharna, mo pheacaidh do niamhghlanna dhíom lé deóra croídhfhonmhara an fhíoraithreachais, ionnus go mbiaidhinn do shíor an do ghrádh-sa agus an do mhuintearus síorraidh, Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria, agus sé Gloria Patri. An naoidhmhudh cros. “Smuain anso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit anar thuit do Thiaghrana Íosa Críosd an treas uair chum na talmhan agus ag cur roimhe éirghidh arís, acht 'sé ní tharla dhó titim air ais nísa annacuirre agus nísa ainnisidh. Guidhmid é, etc.: “Ó, a Íosa ro-mhaith, d'fhullaing do phearsa neamhdha do mhasladh tré mhórthuislidh, air mhodh gur thuit tú an treas úair tré mhéid do loige agus iomad saoithair faoi an ccrois, guidhmid thú, a Dia, grása do thabhairt dhamh
le mé féin do stiúrrudh ó mo namhaid agus annfhlaithios d'fhullaing, agus mur sin tré fhoighide do bheith agam an gach ní dá dhochamhla, go sealbheóchain thú an sna haoibhnios síorraoidh. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria, agus sé Gloria Patri. An deichmhudh cros. “Smuain anso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit annar nochtadur go truaillidh eassonnórach na Iúdaighthe do Thiagharna Íosa Críosd air tteacht dó go Cnoc Cailbhaire, agus ana ttugadar fíonégar le n-ól dó mur aon le domblas ae thríd. Guidhmid é, más eadh, etc.: Ó, a Íosa ro-fhoighidigh, d'fhullaing thú féin do nochtabh air mhodh gur hathnuadhchadh do chneadha agus do chréuchdadh uile, agus go rabhais mur sin cnisnochta os comhair a raibh a láithir, guidhim thú, a Thiagharna agus a Dia, trés an doilghios sin bhí ort, agus tré mhéud do ghoill ort an uair thugadur an fíonégar agus an domblas ae dhuit, gan mise choídhche dh'ól na sólás bhíos a measg na ccorrthacha othfrállios an saoghal orrum. Amen.” Sé Paidre, sé Aue etc. An t-aonmhu dhéug cros. “Smuain annso anam Críost, amhail agus gurab í so an ait annar sparrthaidur a lámha agus a chossa air an ccroich le tarngibh ceanngharbha iarainn; agus air ccluinstinn an chédbhuille dá Mháthair don chassúr dá bhualadh, do thuit sí, ach a bheag, marbh tré dhoilghios agus tré uathfás; agus gan fhéchaint do sin, do chuirreadur coróin don druigheann ruinnghéur dealgach air a cheann glórmhar ríghamhail. Guidhimid é ris an urrnaighthe so, etc.: “Ó, a Íosa mhórthrócairidh, súd agus gur fhullaing tú do bhoill do shínnamh air an ccrois, agus tairngidh ceangharbha iarainn do chur an do chossaibh agus an do lámhaibh dod cheangal orrthi, guidhim thú, a Dhé-Thiagharna, tré do chathranach gan chuimse, gan mise do shínamh mo chossa nó mo lámha chum urchóide air bith go bráth, acht tairre sin mé bheith beóchéusda do ghnáth fa chomhair do naomhsheirbhís féin. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria, agus sé Gloria Patri.
An dóu déug cros. “Smuain annso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit anar chéusadar do Thiagharna Íosa Críosd, agus anar thóigeadur an chros go hard aire raibh sé ceangailte, gur leigeadur síos í do bhuille phrab, dá cur 'na seassamh ansan ionnad bhí sonraithe chuige sin, air mhodh gur hathnuadhadh lot na ttairngeadh agus a chneadhacha uile leis an tréanchosgur buannadh as a chorp naomhtha don phrab-ghluasacht sin. Guidhmid é, más eadh, etc.: “Ó, a Íosa neamhdha do céasughadh eidir dhá bhithúnach, do tóigabh a n-airde os comhair an domhain uille, agus do fhullaing pianta iomdha éxamhlla dofhullaingthe do-chuimse, guidhim thú, a Thiagharna, mo anm do shlánnugh, agus tabhair dham thú féin do ghrádhudh, tú féin amháin do íarraidh, agus mo bhás amháin do bheith a ngeall ort. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria. An tan curtar ceithre crosa déug annsa torrus so na Slighe Naomhtha, amhail agus níodhthar a n-áiteacha eile, deirthar so fos, tugthar airre go mbíon an treas déug ón ccros so fo dheirreadh chúig caiscéim fhichid, agus an ceathramh cros déug uaithe sin fithche caiscéim. An Tríochmhu dhéug cros. “Smuain annso anam Críost, amhail agus gurab í so an áit anair thoirnigh Ioseph agus Nicodemus naomhchorp do Thiagharna Íosa Críost anúas as an ccrois naomhtha, agus gur chirreadur eidir lámha a Mháthar lánnaomhtha é. Guidhmid í go humhal: “Ó, Mháthair ro-thrócaireigh, guidhmid thú tré bhrígh na bpianta móra d'fhullaing tusa an uair chuirreadh do Mhac ro-ghrádhach eidir do lámha, agus 'na dhiaigh sin gur chuir tú odhla dheabholaidh air, fagh dhamh síordhoilghios trom do bheith orrom fo fhearg do chuir air, mar aon le compás fo mo pheacaibh, agus fa na pianta thuilliosaidh dhamh. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria Patri, etc. An ceathrudh déug cros. “Smuain annso anam Críost,
amhail agus gurab í so an áit annair chuir Muire, ar mBaintiagharna ro-naomhtha, corp a Mic ansa tiomba. Guidhemid í, más eadh, leis an urnaighthe so: “Ó, a Bheantiagharna gan smáll, tré bhrígh na bpianta móra d'fhulaing tusa an uair bhainneadur do Mhac as do lámha chum a chur annsa tiomba, guidhemid thú, fagh dhamh ó n-a mhórdhacht ríoga mo chruaidhchraoidhe do mhaothugh, agus grádh iomarcach do chruthadh ann, mur aon lé haigneadh shaor chum a sheirbhíse do dhéanamh. Amen.” 6 Paidre, agus Aue Maria, etc. Agus ionnas go mbiaidh fios cuimsach againn air a mhéid d'fhuillaing air Slánaightheóir air feadh a naoimhpháise, curamaoid annso síos iad amhail agus mur adeir foillsigh áiridhe neamhdha, mur atá seacht n-uaire do thuit sé ó ghárdín Getsemani go tigh Annas. Ag foillsiughadh gach ní dhíobh so, abradh gach duine “Mola dhuit, a Thiagharna”. Mola dhó do ghnáth. Na preaba cos tugadh air ar feadh a pháise agus a líon 140 Na dornadh do buaileadh air ar feadh na páise céadhna 120 Agus díob sin air a bhéul bheannaighthe 30 Uibhir na mbassa míthrócaireach buailleadh air 102 Na buillidh buailleadh air ana ucht 28 A ritheacha a lámha míne gan choir 62 Ana luirgne agus ana leasreacha 32 Buailleadh air ana dhruim 80 Na huaire tairngeadh é go tréan leis an ccorda bhí air a mhuinél 70 Na huaire tairngeadh gruag a chinn 350 Na huaire tairngeadh a fhésóg 70 Na buillidh do sgiúrsaidh do buailleadh air ansa bpáis ghéur 6666
Ag sin dhíob turras na Slighe Naomhtha, a dheidhaoinnidh, airna sgríobha re Brían Ó Fearraoil, an seissiudh lá don mhíth March, Aois an Tighearna an tan sin 1772. Go ndéanadh Dia trócaire mhór agus grás air anam pféin, agus air anm a mhná, agus air anam gach ar imigh do threibh an dís, agus grása na haithrighe dá mbeóibh do shíor.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services