Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Tract on The Stations of the Cross

Title
An Irish Tract on The Stations of the Cross
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Brian Ó Cuív
Composition Date
1772
Publisher
Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



EÓLUS AIR AN MODH AGUS AIR AN BHFOIRM LE NDÉANTAR
TURRUS NA SLIGHE NAOMHTHA, NÓ SLIGHE NA CROISSE,
DÁ NGOIRTHAR VIA SACRA, AGUS AIR SHUIM NA LOGHADH
IOMDHA GHÉABHAIR DHÁ CHIONN .... A NAIM AN
ATHAR, AGUS AN MHIC, AGUS AN SPIORAD NAOMH.



Así is Slighe Naomhtha an coimhne dhúrachtach agus
beóthaisbeánadh air pháis agus air bhás ar tTiagharna Íosa
Chríosd, agus cuirtair sin a ngníomh le cúairt do dhéanamh
ag dhá chrois déug, a modh torruis, le siubhlann neach an
siubhal céadhna, na coiscéimidh céadhna, do shiubhail ar
Slánaightheór ó thigh Philáid go Cnoc Calbhairi ag fulaing
a naomhpháise.



Así naomhriaghain na n-aingeal do thionnsgain air
thús an naomhchrábha so a ccathair Ierusalem tar éis a
Mac mórghrádhach do fhágbháil di san tiomba, agus do
ghnáththaith air feadh na haimsire do mhair é; agus ba
hé sin chúig bhlian déug, amhail agus mur adeir naomh
áiridhe. Aithrisidh Ludovicus Blosius as ráite na n-aithreach
naomhtha, cap. 25, go nubhairt an Tiagharna
fria fhíorsheirbhíseach dó féin na briathra so: “Ní bhfuil
ní ar bith”, ar sé, “as mó thaithníos liomsa ná buanchuímhne
do bheith ag neach tré umhlacht agus thré dhebhósion air
mo pháis”. An sa leabhar dá ngoirrthar “An Slánugh
Daonadh” hairistir gur thaisbáin Críost é féin do dhuine
riaghalta ro-naomhtha agus cros throm air a ghuallibh aige,
agus go ndubhairt ris mur so: “Ní féidir riot seirbhís nó
dúbhracht do dhéanamh dhamh as mó iná cuideamh liom
an chros so d'iomchur”. Do fhreagair an naomh é, agus


L. 4


adubhairt: “A Thiagharna, cionnus mur chuideóchas mé
riot?” “Atá, leis an ccroidhe”, air sé, “ag smuaineadh
air an méid do fhulaing mé ar sgáth an chinidh daonnadh
a n-aimsir mo pháise, agus 'na dhiaigh sin le bhur mbéul
ag tabhairt buidhchais dhamh dá chionn.”



Adubhairt mur an ccédhna Críost air tTiaghairna ris an
mbannaomh, .i. Maria de la Anligula, bean rioghalta
d'Ord S. Proinsias, na briathra so amhail agus mur léighthar
a mbeatha na mná cédhna libar cap. 7: “An t-anam,”
adeir sé, “shiubheólus liom 'mo chuidachta tré dhebhósion
na Slighe Naomhtha, agus adéarfas an urnaithe atá sonnraithe
ag gach crois, agus smuainneóchas go cráifeach air mo pháis
agus air mo bhás, saorfaidh mé uadh n-a pheacadhaibh é, agus
biaidh mé fabharach le linn a bheó agus a bháis dhó; agus
dhéanadh mé dídion agus cosnamh dho gach duine bhias ann
san áit agus ann sna tighthe a mbiaidh an debhósion so na
Slighe Naomhtha dá gnáththaithigh”.



Adeir Albertus Magnus gur mó an tairbhe do neach
aonsmuainneadh naomhdhúrachdach amháin do dhéannamh
air pháis Íosa Chríost iná dhá ndéanadh sé trosgadh
bliadhnadh ar arán agus uisge, agus dá ndoirtach sé a fhuil gach
lá don bhliadhain chéadna sin le sgiúrsa, agus dá n-abradh
sé an tSailtuir Mhuire gach lá air feadh na bliadhna céadhna.
Atá so ionchreite mur is follus as briathra Chríost féin fria
an mbannaomh Getrude. Óir uair áridhe dá thisbáin
Críost é féin di, chum gur mhóide leanfadh sí don debhósion
bhí aice dá pháis tair gach debhósion eile, adubhairt léith
na briathra so: “Féach, a riaghain,” ar sé, “an mhéid a
d'uaisligh mé an chros lér céasugh mé, agus sin fo mo bheith
ceangoilte léith air feadh beagán d'úairibh, air mhodh go
bhfuil sí ó shoin anall dá honórughadh air feadh na cruinne.
Mur sin, measseadh, gan amhrus is árdchéimneach an
onnóir bhéarfas mé don annam aiga mbeidh buanchoimhne
mo pháise ana chroidhe air feadh mórán do bhliadhna”.



Acht tair gach ní tugthar ro-aire don ní aithriosas
mórán d'uaghdaribh mur aon le Maritius,
óir adeir go raibh naomh áiridhe air urnaighthe, agus leis sin


L. 5


thug an Tiagharna Dia tisbeánadh air iffrionn uile dhó, agus
leis sin chuallaidh sé clog garbhghlóarrach dá bhuaint
agus uibhir líonmhur do dhiabhla ag cruinniugh agus ag teachd
d'ionsaigh na háite sin. Agus iar ccruinniú dhóibh air aonbhall
do labhair an príomhchaiptín bhí orrtha, agus asé dubhairt:
“A mhuintir so agamsa,” air sé, “is maith atá fhios againnidh
na tíadhlacha móra thug an t-ardDhia uillechumhachtach
do dhaoinibh, mur atá an daonnacht do ghlac sé agus an bás
a d'fhullaing sé air a sgáth, air mhodh nach bhfuil acht
saothar gan tairbhe dhúinne feasda a bheith dá ngríos
chum peacaidh. Óir, le cuimhniughadh dhóibh air pháis
agus air bhás a Slánaightheóra, ní féidir dhóibh peacadh
do dhéannamh air éanchor, agus tair éise sin beidh siad
ró-mhaith, air an adhbhar, tré chuimhniodh na ttiodhlaca
móra speisialta sin, beidh siad ro-thaithneamhach ag Dia,
agus a ngníomhartha mur an ccédhna.”



Leis sin do labhair diabhal dá mhuintir, agus asé do
ráidh: “Meassuim-si nach bhfuil slighe air bith as mó
bhéurus air na Críostighodh a bheith níosa mheasa ná mur
bhí siad ariamh, iná sinne uile bheith dúthrachtach le
cuimhne na páise sin a Slánaightheóra do dhíbirt as a
ccriodhachthibh, agus sin lé haire a ccédfaibh uile do thabhairt
ar shólásaibh saoghalta, air dhímhaoinnus, ar chathamh
aimsire, ar bhaois, air bhaoithbhíadh, air édaigh daora
datháile ag cur breaghachta bréige air ccollna, air i
bheith cruinniugh agus ag cárna maoine saolta i ngeall
ar mheas agus ar chráosbheatha. Óir leisin dhéan siad
dearmud do pháis agus do bhás an té do fhuasgail iad, agus
tiucfaidh a fhearg agus a dhiaghaltas fhriu, agus mur sin a
ndamnugh.”



“Molluim an ní deir tú,” do rádh an caiptín, “óir tá mé
féin don bharramhail sin. Mur sin, a mhuinntir so agamsa,
cuirmid romhain feasda gach dúthrachd is féidir linn,
le cur d'iachaibh air Chríostaidhe an tsaoighail dearmud
do dhéannamh do pháis a Slánaighthóra, leis na slighthe
céadhna do theagasg air ccomráda dhúin.”



Agus leis sin d'imthigheadar na diabhail. Agus an


L. 6


naomh céadna fuair an tisbeánnadh so do fhoilsigh sé é do
mhórán mur oideas do Chríostaidhaibh an domhain.



Dá réir so is dearbhtha gur neamhchuimhne air pháis
air tTiagharna is adhbhar donna Críosdithe gan a leas do
dhéanamh. Gach duine, mur sin, lérab mian a shlánnugh
siarraidh do bheith dearbhtha aige, cuireach sé roimhe gach
lá, más féidir leis, beagán d'urnaighthe diongmhálta bheith
aige, a ccás nach mbeith ann leathcheathramh uaire, agus sin
do bheith air an nós so, amhail mur thug an bhannaomh
Theresia d'Easbog Osma airna thaisbáineadh dhi ó Dia,
amhail mur sgríobhas an tEasbog Palafox.
Agus asé sin, duine do dhul air uaignios agus é féin do choisreagadh,
agus 'na dhiaidh sin an tsailm Miserere mei, etc., do
rádh, má tá go mbiaidh a fios aige, agus muna bhfuil, abradh
sé faoi dhó le aithrighe ghrinn chroidhebhrúite “Goillidh
orrum, a Thiagharna, óm chroidhe uile a liacht uair
chuirrios fearg air do mhórdhacht dhiadha, mur is tú mo
Thiagharna, mo Mháistir, mo Chruthaightheór, agus mo
Cheannaighthóir. Mur sin cuirrim go seasmhach romham
mé féin do leasamh.” 'Na dhiaidh sin abradh sé: “A
Thigharna, táim ag teachd d'ionsiogh do sgoile chum do
theagusg do ghlacadh, agus ní chum teagaisg do thabhairt
uaim. Labheóra mé ria do mhórdhacht neamhdha, ar son
gur luathreamhán mé, agus gur péist bhocht uirísioll don
tallamh mé. Mur sin, a Thiagharna, taisbáin comhachta
dhamh le go ttuigfaidh mé mé féin, air son nach bhfuil
acht seangán beag bocht do tallamh ionnam.”



Air rádh na mbriathar sin, mur do theagusg an bhannaomh,
smuainnimh sé ansin air phonc égin don pháis,
mur atá an modh neamhdhaonda lér chuirriodur na Iúdaighe
an choróin spíona air, nó an uair do chéusadar é, nó mur
d'iumchair sé an chros, nó air chlaochló na bpian d'fhuillaing
sé, nó mur atá na briatha éccórach dubhradar ris, an
t-uaigneas ana raibh gan duine muintiorgha 'na ghoire,
gan a dhiscibal 'na fhochair, gan solus ná sólás aige, gan
labhairt gan freagra aige, agus tré mhéud a bhochtanacht agus


L. 7


anródh go raibh sé lumnocht air comhchrith le fuacht.
Agus an uair do-dhéanfas tú na smuainte so go résúnta
cráfeach, imthigh air h'aigh ní is foigse don mhórdhacht
neamhdha, ag déanamh résúntacht air na gnóithe go
cíalmhur, agus féachfhabh sé tré mheas mór cia an té do
fhuillaing agus ghéabhaidh tú amach gurab é sin Cruthaighthóir
na bhflaithios agus an té chum agus chruthaigh agus cheannaigh
neamh agus tallamh agus an mhuir agus a bhfuil anta siúd agus
an té bhéarus duaise nó pianta uaidh amhail agus mur
tuillfidhthear. 'Na dhiaigh sin imthigh sé air aigh, agus
féachabh sé cia an tí ba siocair dó leis na pianta daora
sin d'fhullaing, agus ghéabhaidh sé amach gurab é sin é féin
agus tusa agus mise agus gach duine eille atá 'nar gcréatúiridh
míthfhortúnacha, docheansaigh, truaillidh. 'Na dhiaigh
sin tabhair h'aigh air, agus féach go grinn air, agus tabhair
aire don mhéid d'fhuillaing sé, agus ghéabhaidh tú amach
gurab é sin an bás as piannamhla ba féidir. 'Na dhiaidh
sin lean do résúntacht le mían lorg do Thiagharna do
leanmhain thrí gach connair anar ghabh, agus féach cionnus
d'fhullaing sé é, agus ghéabhaidh tú amach gur fhullaing sé
sin le foighide mhór, le haigneadh shaor, agus fós re n-a thoil
do chomhlíonadh fria thoil Athar. 'Na dhiaigh sin
féach an t-abhar fár fhullaing, agus ghéabhaidh tú amach go
ndearna sé sin chum sásadh do thabhairt air sgáth churracha
an chinneadh dhaonnadh, agus chum ar saorradh ó iffrionn,
agus an ghlóir shíorraidh do thabhairt dhúin ... Dia
glórmhar go ttugaidh sé do ghrása dhúin an ghlóir chéadna
do sháoithrudh agus a fagháil. Amen.



Tair éis an résúntacht so dhéanamh go stuidéarach,
fuirriomh mur sin go ngluaisfaidh an toil. Agus má tá go
nglúaisfidh sí air an bpunc úd thráchtas air an tí bo siocair
dod Thiagharna le páis d'fhullaing, agus go bhfaicionn tú go
bhfuil do thoil tugthas go grinn don phonc sin, ná himthidh
air h'aigh d'ionsaigh puinc eile go ttéid an toil a bhfuaire.


L. 8


Agus má tá go rachaidh, déin athbheódhamh orrthaigh le
ponc eile chur os do chomhair donna poncaibh roimhráite,
nó leis an mbuighchas air sgáth na ttiodhlacadh iomdha
fuarais ód Dia, nó leis an doilghios ba cóir dhuit i bheith
ort fád pheacaidh, nó leis an ccompás so do Chruthaightheóir
ag fullaing na páise air do shon. Agus déan sin ar feadh na
haimsire go ccríochní tú h'úrnaighthe. Agus sol fá n-éirghe
tú aisdi, féach na dubhsháilce is mó chuirrios a leataobh
thú agus is mó mhoithíos tú ionnad féin ag cur chaithaidh
ort; agus cuir romhad a léigionn díot a ccuidachta agus dhol
a ccummann na naoimh, agus communn grádh Dé bheith ort,
ag tabhairt buidhchas dó, agus ag iarraidh maitheamhnuis
duit fein agas do chách uille.



Éirghe ansin chum do ghnóithe riachdanach saoghalta
acht gan léigionn díot an debhósionn so bheith do láthair
agus do ghnáth agad. Leis so tuillfidh tú níosa mhó lé gearaimsir
bhig iná dhá n-aibeórthá dhá chéud míle Sailtir Mhuire a
n-aonló, air an abhar, le taobh an debhósionn so gníomh
aithrighe inntinne do dhéanamh go fáisgidh ferramhail,
sáreóchadh an urnaigh úd uille. Mar sin, máis eadh, ó
tá go bhfuil an debhósionn so chó tairbheach agas sin, ná
léig dhíot a bheith ag síorleannamhain di, gach uair is
féidir leat, óir ní é amháin an gul nó na deóra do-ní an
fíoréan air urnaighthe, acht an toil do chur réir thoille
Dé an seal úd, agus ag claonadh do thoille leis an umhlludh
is mian re Dia thabhairt dhuit. Agus mur sin an uair mhoitheóchas
tú thú féin fuairinntinneach agus smúaintidhe saoghalta
eile ag teacht ort, bíobh a fhios agad gurab í sin an uair
is fearr an urnaighthe, má tá go leanfa tú dhi, agus na smuaintidhe
sin d'fhullaing go foidhideach agus gníomhudh 'na
n-aighaidh go seasmhach agus do thoil chur réir thoille Dé.



Uair eille is féidir leat smuaineadh air na tiodhlaca
fuarais ó Dia, mur atá do chruthadh, agus gurab iomdha
duine dá ndéanfaigh a chruthudh bheith 'na sheirbhísach
do Dia níos fear ná thusa, agus nach 'do phágánach ná 'do


L. 9


Iúdach cruthaimh thú; uair eile fo mur damnaibhibh na
diabhail uile fo aonpheaca amháin, agus sin ó smuaineadh
amháin, agus nachar dearnamh sin riotsa tair éis ioliomad
peacadh do dhéanamh, ní hé 'mháin ó smúaneadh acht
fós ó bhréithir agus ó ghníomh, agus mur sin gur mó thuillis do
dhamnudh iná iad; uair eile air phianta éxamhla iffrinn,
óir má tá nach bhfaghan tusa agad féin anois do lámha
chur san tinne air feadh aon lá amháin a ngeal air
shólásaibh an domhain uile, fiafriomh díot cionnus do
thiocfas leat mur sin do chorp uile i bheith i bhfuirnéis
iffrinn, ní é 'mháin air feadh lá nó dhá lá nó ar feadh
míle bliaghan, acht air feadh na síordhiacht go bráth agus ó
bhráth amach; uair eile air imshníomh an bháis atá go
cinnte fád chomhair, agus air bhreathamhnus uathbhásach
fhíorcheart Dé; uair eile air an ghlóir neamhdha; uair
eile air do pheacaidh dísli féin.



chídhfidh tú féin, má tá go leanfa tú donna smúainte
so, an tairbhe mhór bhias duit ann, óir adeir ughdar
áirithdhe oirdheirc, amhail mur sgríobhus Molina Deome,
nach damantur anam air bith go bráth dhéannfus
urnaighthe agus leanfas di go búan. Adeir an bhannaomh
Theresia, an uair do-chídh an diabhal duine air urnaighthe
agus é ag buanleannamhain dhi, go mbainnionn sé súil dá
dhamnadh a ccás go mbiaidh sé olc an féin, agus go mbíon
sé lándearbha dá shlánnamh; agus don taobh eile an uair
do-chídh sé duine agus gan a dhúil a n-urnaithe, bí dóith aige
asa dhamnadh a ccás féin go mbeidh ro-mhaith. Tugach
gach duine airre mur sin gurab é is urnaighthe inntinne
ann smuaineadh air gach ní fo leith d'fhullaing Críost
air feadh a naomhpháise, nó smúaintiugh air phianta
iffrinn nó ar ní éigin eile dá ndubhramair, agus mur sin gur
féidir le gach duine, fear nó bean, na smúainte sin a bheith
'na intinn má saor nó gnóithach dobheith sé. Ní
riachtannas chum na hurnaigh sin neach do bheith naomhtha,
ach a ccás go mbiaidh sé ró-olc féin is féidir a déanamh


L. 10


chum go ndéannach sé é féin maith agus ro-mhaith léith.
Mur sin tairgeach gach duine a déanamh.



Air an nós ccéadhna tairgeadh gach duine lér fhéidir é
cuairt agus turrus na ccros do dhéanamh, dá ngoirthear
Via Sacra, .i. an tSlighe Naomhtha, óir gach uair dhéanus
neach an turrus sin go diongbhálta, agus é bheith air staid
na grás, ag rádh sé Paidre, 6 Ave Maria, agus 6 Gloria Patri
ag gach crois air a ghlúinnibh, ghéabha sé chúig céud agus dhá
fhiochad logha iomlán, agus bhéara sé ceithre anmana fithchiod
as Purgadóir. Féachabh mur sin gach Críostaidhe an
t-óirchiste mór do-gheabh anam gach uair do-ní sé an
torrus so na Slighe Naomhtha. Agus is féidir leis an mhaith
nó brígh na logha sin do thoirbheirt dhó féin nó d'anmanna
Phurgadóir. Agus is féidir leis an turrus sin dhéannamh gach
lá; agus an uair déanfar é ghéabhthar suim na lógha roimhráite,
amhail agus mur aithriosas an tAithir Laurentius de
St. Francisco an sa leabhar do sgríobh sé dá ngoirthear
An tÓrchisde Neamhdha, air mhodh go bhfaghthar chúig
logha agus dhá fhiochad iomlána le turrus gach croise, agus go
mbearthar dá annam as Purgadóir.



Mur an ccéadhna is féidir leis na bráthribh agus leis na mná
riaghalta an debhósionn so nó an turrus so do dhéannamh
ann sna mannistracha, agus leis na tuath a déannamh ana
ttighthe féin nó ana ngárdínibh, mur atá na crossa chur
'na seasamh ionta, agus gan fhéachaint gá fad ó chéile bhiaidh
siad fo gan áit iomchuibhidh do bheith aca, acht a ccur
ó chéile mur is mian leódh, gidheadh an tan ghéabhthar
áit dhóibh amhail is cóir, a ccur 'na seasamh agus a mbeith
ó chéile do réir na n-áite is oirdheirc 'na bhfuair Críost
a phiannugh, agus do réir na ccoiscéime thug sé air feadh a
naomhpháise ó gach ionnad dhíobh sin, mur atá: -



ón ccédchros go n-uige an dara cros 21 caiscéim
uaithe sin go n-uige an treas cros 90 caiscéim
uaithe sin go n-uige an cearmhudh cros 70 caiscéim
uaithe sin go n-uige an cúigmhudh cros 71 caiscéim.


L. 11


uaithe sin go n-uige an seisiudh cros 191 caiscéim
uaithe sin go n-uige an seachdmhudh cros 366 caiscéim
uaithe sin go n-uige an t-ochdmhudh cros 316 caiscéim
uaithe sin go n-uige an naoimhudh cros 116 caiscéim
uaithe sin go n-uige an deichmhudh cros 18 caiscéim
uaithe sin go n-uige an t-áonmhudh déug cros 12 caiscéim
uaithe sin go n-uige an dóudh déug cros 14 caiscéim
uaithe sin go n-uige an chros eile, mur
bhais dá chros déug ann 33 caiscéim.



As amhlaigh, más eadh, tionsgantar an turrus do, mur
atá air mbeith don phoball, nó don drung lér mhian an
turrus a dhéannamh, air aonbhall san n-eaglais nó a n-áit
eile fa chomhair an turrais do dhéannamh, coisreagadh an
sagart é féin do ghuth ard (nó an easbhaigh sin an duine
is feassaidh dhíobh) ag rádh tré chomhartha na croiche, agus
an poball mur an ccédhna dá rádh leis, “Tré mhíorbhoill
na ccros naomhtha so ór naimhde saor inn, a Thiagharna”,
ag déannamh fioghair na croise ar an édan, air an mbéul,
agus air an ucht, agus gan mhoíll dá ccoisreagadh féin san modh
coitchinn dá rádh “A nAinm an Athar, agus an Mhic, agus an
Spiorad Naomh. Amen”. Curreabh gach duine a inntinn
féin leis amhail agus gurab é féin do-rinnigh mur dubhrus,
agus abradh mur so: “Ó, a Thiagharna agus a Dhia uillechumhachta,
offráthlim dot naomhmhórdhacht gach ní
dhéanus mé, smainneóchas mé, agus déarus mé, ann sa
naomhthorrus so, agus mur an ccéadhna cuirrim romham
an loghadh thug do bhicáirre uaidhe air an tallamh so -
sin do shaothríomh dhamh fpéin, agus mur sin othfráillim
dhuit agus toirbhirrim dhuit iad uille, air sgáth mo
pheacaibh agus air sgáth na bpían thuilleudur dham, nó ar
sgáth na n-anmana is mó atá d'fhiachaibh oram do réir
cheart agus charthannacht amhlaidh agus thig liom, nó mur is
mó is mian leatsa. Amen”.


L. 12


Annsin abradh an sagart do ghuth árd na briathra so,
ag teachd dháibh d'ionnsaigh na céadchroise, air ndol air
a nglúinnibh uile achd an sagart amháin: “Smuainnigh
anso a n-ainm Chríosd ag an ccédchrois so, amhlaidh agus
gurab é so tigh Philáit, áit anar sgiúrsadh go tréan Slánnaightheóir
an domhain le lámha seisior saighdiúir míthrócairach,
aiga n-a raibh chuige sin aca slata do dhruighan
dealgach agus cordaigh cnapánach le garbhshlabhra iarrainn,
air mhodh go ngearghdís agus go stróicadís a fhuil agus fheóil
le gach buille dá ttugadís air, ag comhlíonadh fhris an
mbreith thug Piláit air dá rádh “Tugthar sgiúrsa go
lántréan don mbiothúnnach úd, Íosa as Nazareth, agus curthar
coróinn do dhruighionn dealgach air”. Guidhemaoid é,
más eadh, go dúthrachtach leis an urnaighthe so: “Ó,
Íosa ro-mhilis dar mhian fullaing mur sglábhaigh bhocht
a láthair an phobaill mhallaighthe sin, ag feathamh leis an
mbreith bháis thug an breathamh tíránta ort, guidheim
thú, a Thiagharna, tabhair dhamh mo dhíomas do chlóidh
tré do cheansacht-sa, ionnas, le fullaing go humhall
masla agus tarcuisne an tsaoighail a láthair, go sealbheóchain
thú ann sa nglóir shíorraidh. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue
Maria, agus 6 Gloria Patri.



Airna rádh sin tugadh gach duine póg don tallamh, agus
'na dhíaigh sin abradh an sagart agus gach duine leis: “A
Thiagharna, do pheacaigh mé; déan trócaire orram; do
pheacaighmar uile ar mhodh go ngoillionn sé orrainn.
Déantar h'ardnaomhthacht do mholladh, agus go raibh páis agus
bás ar Slánaightheóra Íosa Críosda, agus mur an ccédhna
ginneamhan ró-ghlan ar mBaintiagharna naomhtha Muire
do gineadh gan smáll peacaidh na sinnsear, dár stiúrradh
agus dár dtrisiudh.” Abradh gach duine “Amen”. Annsin
éirgheadh siad 'na seasamh ó n-a nglúinnibh, agus imthigh
siad riompa d'ionsaigh na dara croise ag rádh debhósion
éigin dóibh fpéin, nó amhlaigh mur d'enseóchas an sagart
dháibh. Acht tugthar aire go ndéantar gach ní mur
dubhramar aig gach cros - crossaibh eile, mur sin nach


L. 13


riachtanach bheith dhá athchuimhniughadh nó bheith
dá shíorluadh.



Air dteacht d'ionsaigh na dara croise, abradh an sagart,
(nó 'n easbhaidh sin an duine ba feasach don chuideachda):
“Smuain annso anam Críost, amhail gurab í
so an áit anar cuirreadh cros thrum air ghuaillaibh do
Shlánnaightheóra Críost agus iad maslaighthe 'na n-aonchréucht.
Guidhemid é, más eadh, leis an urnaighthe so: “Ó,
árdrígh na bhflaithios, d'fhullaing thú féin do thoirbhirt
do thoil anmhiannach na Iúdaighe chum do mhórphiannadh,
agus do ghlac ort féin daorthruimme na croise,
guidhim thú mur sin, a Thiagharna, glac chugad go
taithneamhach cros an aithreachais agus an leórghníomha,
ionnus go bhfaicfinn thú go síorraidh an do fhlaithios
glórmhar. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria
Patri.



An 3udh cros. “Smuain anso anam Críost, amhail agus
gurab í so an áit anar thuit do Thiagharna Íosa Críost
go lár agus go lántallamh, agus sin faoi an ccrois tré n-a trumme,
agus é ag siobhal go Cnoc Calbhari, air mhodh gur bainniudh
trumchneadh agus ardosna mharbhach as. Guidheimid é,
más eadh, etc.: “Ó, a Íosa ro-ghrádhmhar, dár chuir
mórthruimme na croise d'fhiachaibh ort tuitim go tallamh
air mbeith lánchlaoite dhuit, chum go n-aithneóchamís leis
sin truimme ar bpeacadh, guidhim do thrócaire neamhdha
fa mo thógbháil ón ccoir, agus mé bheith búansheasmhach ac
comhlíonadh t'athantaigh. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue
Maria agus 6 Gloria Patri.



An 4 cross. “Smúain anso anam Críost, amhail agus gurab
í so an áit ana ttarla do Thiagharna Íosa Críost agus an chros
thrum sin ar a mhuin air a Mháthair ro-naomhtha Muire,
agus í a gceas bróinn agus mórthursa. Guidhemid í, más eadh,
etc.: “Ó, a Bhaintiagharna is doilghisiodh dona mnábh
fó an imshníomh géar pholl do chroidhe ag faicsinn do
Mhic Íosa agus a ghnúis arna hathfhuathmhachar, a chorp
uile arna dhubhudh, agus é uile airna dhéannamh fuathmhar,


L. 14


agus 'na adhbhar gloinn ag na daoinnibh, guidhim thú, a
Mháthair dhoilgheasach, ó tá gur mise agus cách is adhbhar
dod mhórbhrón, fath grása na haithrí dhamhsa ón Aithir
síorraidh le mo lochd agus mo andlighe do chaoinneadh go
searbhdheórmhur. Amen.” Sé Paidre, 6 Aue Maria, agus
6 Gloria Patri.



An 5mhudh cros. “Smuain anso anam Críost, amhail
gurab í so an áit ana ttugcudur na Iúdaighe luach saothair
do Simon Cirineus chum go ttugadh sé cuidiudh dár
Slánnaightheóir fán ccros d'iomchar, agus nach tré chompás
uimme rinneadur sin, acht tré eagla go bhfuighach sé bás
air an tslighe ó throimme na croise, air, agus mur sin nach
bhfuighdís a lánmhian air. Guidhmid é, “Ó, a
Íosa ro-ghrádhmhar, ós dearbhtha gur tré mhéud do
ghrádh orramsa agus air an ccionna dhaona d'iomchair tú
an tromchros sin, agus gur mían leat sinnidh a bpearsainn
an Cirineus sin cuideadh thabhairt duit le n-a hiomchar,
guidhmid thú, a Dhé Thiagharna, le ar mbeith funnmhar
fo sin féin do chrádh le cros na tarcuisne agus an drochmheasa
orrainn féin, ionnus, le do lorg-sa do leannamhuin go humhal
ceansuigh, go bhfuighinn thú ann sna haoibhnios síorraidhe.
Amen.” 6 Padre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria Patri.



An 6udh cros. “Smuain annso anam Críost, amhail
agus gurab í so an áit ana ttánnic an bhean chompásach
Veronica, agus air fhaicsin a mhórdhacht airna thursúgh, agus
a ghnúis airna dorchughadh leis an allas agus leis an luaithreamhán,
leis na seilleo agus leis na bassa buailleadh air, ar
mhodh gur tharring sí línédach dhá ceann léar ghlan agus
léar thiormaigh a ríoghnúis ghrianmhur thaithneamhach.
Guidhmid é, etc.: “Ó, a Íosa ghnúissgíamhaigh, do-rinneadh
míthsgíamhach agus athfhuathmhar lé smugaibh agus le
seillodh neamhghlanna, agus gur ghlan an bhean chumpásach
úd íad díot le héadach a cinn, ar mhodh gur fhág agus gur
fhan fioghair do ghnúise ann san éadach sin ó shoin a leith,
guidhim thú, a Thiagharna, go bhfága tú fíoghair agus íomháigh
do ríoghnúise sgríobhtha an m'anm, agus tabhair dham tré
fhíormhuintearas diongbháltacht le sin do chumhdach do


L. 15


shíor agus go bráth. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria,
agus sé Gloria Patri.



An seachtmhudh cros. “Smúain annso anam Críost
amhail agus gurab í so an áit anar thuit do Dia agus do Cheannaightheóir
Íosa Críosd an dara huair, agus sin fón lot marbhthach
do-rinniodur air anna ghuaillibh. Guidhmíd é leis an
úrnaighthe so: “Ó, a Íosa ro-naomhtha, do thuit faoi an
ccrois an dara feachd tre ainbhfainne iomurcach do chaoinchoirp,
guidhim thú fo aithne agus eólus do thabhairt dhamh
air thruimme mo ghníomhartha agus neamhchuimse mo
pheacaibh, agas tabhair do ghrása dham nach ttarringdís
mé leó d'ionsaigh an phoill ilphéistigh, agus tinntán na bpian
síorraidh. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria, agus sé Gloria
Patri.



An t-ochtmhúdh cros. “Smuain annso anam Críost,
amhail agus gurab í so an áit anar ghuil go géur mná
compásacha áiridhe, ag faicsinn ar dTiagharna Íosa Críosd
dáorchoibhríthe aga námhaid agus iad dhá thabhairt dá
chéasadh agus dá mhasladh go hanfhlaithiseach. Guidhimid
é, más eadh, etc.: “Ó, a Árdmháisdir, dothug teagusg
dona mnáibh compásach úd, airar ghoill do mhórphianta
orrtha, le iad féin agus a bpeacadh do chaoidh go rúnmhar,
tabhair dhamh, a Thiagharna, mo pheacaidh do niamhghlanna
dhíom lé deóra croídhfhonmhara an fhíoraithreachais,
ionnus go mbiaidhinn do shíor an do ghrádh-sa
agus an do mhuintearus síorraidh, Amen.” Sé Paidre, sé
Aue Maria, agus sé Gloria Patri.



An naoidhmhudh cros. “Smuain anso anam Críost,
amhail agus gurab í so an áit anar thuit do Thiaghrana Íosa
Críosd an treas uair chum na talmhan agus ag cur roimhe
éirghidh arís, acht 'sé ní tharla dhó titim air ais nísa
annacuirre agus nísa ainnisidh. Guidhmid é, etc.: “Ó, a
Íosa ro-mhaith, d'fhullaing do phearsa neamhdha do
mhasladh tré mhórthuislidh, air mhodh gur thuit tú an
treas úair tré mhéid do loige agus iomad saoithair faoi an
ccrois, guidhmid thú, a Dia, grása do thabhairt dhamh


L. 16


le mé féin do stiúrrudh ó mo namhaid agus annfhlaithios
d'fhullaing, agus mur sin tré fhoighide do bheith agam an
gach ní dá dhochamhla, go sealbheóchain thú an sna
haoibhnios síorraoidh. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria,
agus sé Gloria Patri.



An deichmhudh cros. “Smuain anso anam Críost,
amhail agus gurab í so an áit annar nochtadur go truaillidh
eassonnórach na Iúdaighthe do Thiagharna Íosa Críosd
air tteacht dó go Cnoc Cailbhaire, agus ana ttugadar fíonégar
le n-ól dó mur aon le domblas ae thríd. Guidhmid é,
más eadh, etc.: Ó, a Íosa ro-fhoighidigh, d'fhullaing thú
féin do nochtabh air mhodh gur hathnuadhchadh do
chneadha agus do chréuchdadh uile, agus go rabhais mur sin
cnisnochta os comhair a raibh a láithir, guidhim thú, a
Thiagharna agus a Dia, trés an doilghios sin bhí ort, agus tré
mhéud do ghoill ort an uair thugadur an fíonégar agus an
domblas ae dhuit, gan mise choídhche dh'ól na sólás
bhíos a measg na ccorrthacha othfrállios an saoghal orrum.
Amen.” Sé Paidre, sé Aue etc.



An t-aonmhu dhéug cros. “Smuain annso anam Críost,
amhail agus gurab í so an ait annar sparrthaidur a lámha agus a
chossa air an ccroich le tarngibh ceanngharbha iarainn; agus
air ccluinstinn an chédbhuille dá Mháthair don chassúr
dá bhualadh, do thuit sí, ach a bheag, marbh tré dhoilghios
agus tré uathfás; agus gan fhéchaint do sin, do chuirreadur
coróin don druigheann ruinnghéur dealgach air a cheann
glórmhar ríghamhail. Guidhimid é ris an urrnaighthe so,
etc.: “Ó, a Íosa mhórthrócairidh, súd agus gur fhullaing
tú do bhoill do shínnamh air an ccrois, agus tairngidh ceangharbha
iarainn do chur an do chossaibh agus an do lámhaibh
dod cheangal orrthi, guidhim thú, a Dhé-Thiagharna, tré
do chathranach gan chuimse, gan mise do shínamh mo
chossa nó mo lámha chum urchóide air bith go bráth, acht
tairre sin mé bheith beóchéusda do ghnáth fa chomhair
do naomhsheirbhís féin. Amen.” Sé Paidre, sé Aue Maria,
agus sé Gloria Patri.


L. 17


An dóu déug cros. “Smuain annso anam Críost, amhail
agus gurab í so an áit anar chéusadar do Thiagharna Íosa
Críosd, agus anar thóigeadur an chros go hard aire raibh sé
ceangailte, gur leigeadur síos í do bhuille phrab, dá cur
'na seassamh ansan ionnad bhí sonraithe chuige sin, air
mhodh gur hathnuadhadh lot na ttairngeadh agus a chneadhacha
uile leis an tréanchosgur buannadh as a chorp naomhtha
don phrab-ghluasacht sin. Guidhmid é, más eadh, etc.:
“Ó, a Íosa neamhdha do céasughadh eidir dhá bhithúnach,
do tóigabh a n-airde os comhair an domhain uille, agus do
fhullaing pianta iomdha éxamhlla dofhullaingthe do-chuimse,
guidhim thú, a Thiagharna, mo anm do
shlánnugh, agus tabhair dham thú féin do ghrádhudh, tú féin
amháin do íarraidh, agus mo bhás amháin do bheith a ngeall
ort. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria.



An tan curtar ceithre crosa déug annsa torrus so na
Slighe Naomhtha, amhail agus níodhthar a n-áiteacha eile,
deirthar so fos, tugthar airre go mbíon an treas déug
ón ccros so fo dheirreadh chúig caiscéim fhichid, agus an
ceathramh cros déug uaithe sin fithche caiscéim.



An Tríochmhu dhéug cros. “Smuain annso anam
Críost, amhail agus gurab í so an áit anair thoirnigh Ioseph agus
Nicodemus naomhchorp do Thiagharna Íosa Críost anúas
as an ccrois naomhtha, agus gur chirreadur eidir lámha
a Mháthar lánnaomhtha é. Guidhmid í go humhal:
“Ó, Mháthair ro-thrócaireigh, guidhmid thú tré bhrígh
na bpianta móra d'fhullaing tusa an uair chuirreadh do
Mhac ro-ghrádhach eidir do lámha, agus 'na dhiaigh sin gur
chuir tú odhla dheabholaidh air, fagh dhamh síordhoilghios
trom do bheith orrom fo fhearg do chuir air, mar aon le
compás fo mo pheacaibh, agus fa na pianta thuilliosaidh
dhamh. Amen.” 6 Paidre, 6 Aue Maria, agus 6 Gloria
Patri, etc.



An ceathrudh déug cros. “Smuain annso anam Críost,


L. 18


amhail agus gurab í so an áit annair chuir Muire, ar mBaintiagharna
ro-naomhtha, corp a Mic ansa tiomba. Guidhemid
í, más eadh, leis an urnaighthe so: “Ó, a Bheantiagharna
gan smáll, tré bhrígh na bpianta móra d'fhulaing tusa an
uair bhainneadur do Mhac as do lámha chum a chur annsa
tiomba, guidhemid thú, fagh dhamh ó n-a mhórdhacht
ríoga mo chruaidhchraoidhe do mhaothugh, agus grádh
iomarcach do chruthadh ann, mur aon lé haigneadh shaor
chum a sheirbhíse do dhéanamh. Amen.” 6 Paidre, agus
Aue Maria, etc.



Agus ionnas go mbiaidh fios cuimsach againn air a mhéid
d'fhuillaing air Slánaightheóir air feadh a naoimhpháise,
curamaoid annso síos iad amhail agus mur adeir foillsigh
áiridhe neamhdha, mur atá seacht n-uaire do thuit sé ó
ghárdín Getsemani go tigh Annas. Ag foillsiughadh gach
ní dhíobh so, abradh gach duine “Mola dhuit, a Thiagharna”.
Mola dhó do ghnáth.



Na preaba cos tugadh air ar feadh a pháise agus a
líon 140
Na dornadh do buaileadh air ar feadh na páise
céadhna 120
Agus díob sin air a bhéul bheannaighthe 30
Uibhir na mbassa míthrócaireach buailleadh air 102
Na buillidh buailleadh air ana ucht 28
A ritheacha a lámha míne gan choir 62
Ana luirgne agus ana leasreacha 32
Buailleadh air ana dhruim 80
Na huaire tairngeadh é go tréan leis an ccorda
bhí air a mhuinél 70
Na huaire tairngeadh gruag a chinn 350
Na huaire tairngeadh a fhésóg 70
Na buillidh do sgiúrsaidh do buailleadh air ansa
bpáis ghéur 6666


L. 19


Ag sin dhíob turras na Slighe Naomhtha, a dheidhaoinnidh,
airna sgríobha re Brían Ó Fearraoil, an seissiudh
lá don mhíth March, Aois an Tighearna an tan sin 1772.



Go ndéanadh Dia trócaire mhór agus grás air anam
pféin, agus air anm a mhná, agus air anam gach ar imigh
do threibh an dís, agus grása na haithrighe dá mbeóibh do
shíor.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services