Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1956)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Marbhnaidh Chloinne Steapháin Mhic an tSaoir Séamus Mhac Cuarta cct. I Nach bearránach dar ndóigh, buairthe faoi ghleó, gan bhréig atá go leór laochraidh, Fán bpéire glan óg a bhí i dtoiseach a róigh a' dol i gcré uainn faoi fhód sínte. I ngéibheann, i mbrón, 's a' sír-shileadh deór, tréath-lag do ló 's do dh'oidhche, Atá éifeacht an tslóigh 's chan áirmhim níos mó dar thathaigh riamh go fóill clann Stíbhín. II Nach buairthe gan mheisneach atá Stíbhín dá n-easbhaidh 's a ghaoltaí ag greadadh lámha, Gan sgíth ortha ná tocht acht a' sír-shileadh rosg, go síorthaidhe ag gol 's ag gárrtha, Fán dís a bhí tapaidh a bheith sínte i Magh nEalta, síos ann faoi leacaibh spárrtha, Agus Nóra, a ndeirbhshiúr, a bheith breóite gan aigneadh, 's a' chomharsain uilic nach n-áirmhighim. III Nach buairthe faoi ghruaim atá an leithimeal so thuas, ó Theamhair go bruach Éirne, Fá Chathal a bheith san uaigh agus Matha, monuar,
i gcompás le guaille a chéile. Lena dheimhniú don tsluagh chun a dtáinig go luath, 's len' innse do uaisle Éireann, Is tinn agus is truagh gach duine bhí suairc fán dís úd 'tá anois faoi liagaibh. IV Tá Nannsaigh gan bhrígh agus Sinéid gan chroidhe, mar a fáigeadh iad araon gan chéile; Charbh iongnadh dá mbéadh sliocht Ádhaimh faoi léan 's ar thathaigh ló go n-oidhche an péire. Nuair nach féidir dóibh arís a theacht chugainn air a' t saoghal, beannacht ón Rígh 'gus ó'n Mhaighdin Agus beannacht na naomh lena n-anam araon go flaitheas a choidhche mar fhéirín. Amen. Finit de sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services