Marbhnaidh Chloinne Steapháin Mhic an tSaoir
Séamus Mhac Cuarta cct.
I
Nach bearránach dar ndóigh, buairthe faoi ghleó,
gan bhréig atá go leór laochraidh,
Fán bpéire glan óg a bhí i dtoiseach a róigh
a' dol i gcré uainn faoi fhód sínte.
I ngéibheann, i mbrón, 's a' sír-shileadh deór,
tréath-lag do ló 's do dh'oidhche,
Atá éifeacht an tslóigh 's chan áirmhim níos mó
dar thathaigh riamh go fóill clann Stíbhín.
II
Nach buairthe gan mheisneach atá Stíbhín dá n-easbhaidh
's a ghaoltaí ag greadadh lámha,
Gan sgíth ortha ná tocht acht a' sír-shileadh rosg,
go síorthaidhe ag gol 's ag gárrtha,
Fán dís a bhí tapaidh a bheith sínte i Magh nEalta,
síos ann faoi leacaibh spárrtha,
Agus Nóra, a ndeirbhshiúr, a bheith breóite gan aigneadh,
's a' chomharsain uilic nach n-áirmhighim.
III
Nach buairthe faoi ghruaim atá an leithimeal so thuas,
ó Theamhair go bruach Éirne,
Fá Chathal a bheith san uaigh agus Matha, monuar,
i gcompás le guaille a chéile.
Lena dheimhniú don tsluagh chun a dtáinig go luath,
's len' innse do uaisle Éireann,
Is tinn agus is truagh gach duine bhí suairc
fán dís úd 'tá anois faoi liagaibh.
IV
Tá Nannsaigh gan bhrígh agus Sinéid gan chroidhe,
mar a fáigeadh iad araon gan chéile;
Charbh iongnadh dá mbéadh sliocht Ádhaimh faoi léan
's ar thathaigh ló go n-oidhche an péire.
Nuair nach féidir dóibh arís a theacht chugainn air a' t saoghal,
beannacht ón Rígh 'gus ó'n Mhaighdin
Agus beannacht na naomh lena n-anam araon
go flaitheas a choidhche mar fhéirín.
Amen.
Finit de sin.