Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEATAIGH MHÓMHAR Mac Cuarta cct. I A Cheataigh mhómhar, a bhfuil iomad don rósa a' borradh i gcomhnaidhe in do ghruaidhe, Gur tusa an tseóid bheag a thóigfeadh an brón díom 's a bhéarfadh sócal gach uair damh. Dá mbeadh mo chróchar-sa réidh go dóigheamhail le gaisgidh óga air a nguailleach, Muna bhfuighinn ach póg ó do bhéilín ró-dheas go mbeinn-se beó faoi cheann uaire. II Bí a' teacht a mhuirnín, le toil do mhuinntire agus bíodh sin iomlán na cléir' linn, Go dtóigfinn cabhlach ag Droichead na Gairhhe i do choinne, a sheang-bhean a' deagh-chroidhe. Air bhórd luinge go dtiubhrainn liom thú is ghéanfainn landáil sa nGréig leat, Bheadh ór is airgead inar bpócaí go cinnte is ghéanfainn díot bainríoghan dá bhféadfainn. III An seód budh daoire faoi rothaí na gréine, cha bheinn 'na dhéidh air a' stáid-mhnaoi, 'S go dtug sí féirín 's gan mise great léithe i ndeireadh an lae damh air an bpátrún. Níl aon fhear i nÉirinn nach bhfuil a sháith 'o chéile i ruan mo chléibh is fear barr fós, 'S go nglacfainn 'o roghain a bheith i gclúmh na n-éan léith ná bheith im' uachtarán cléire i bPort Láirge. IV Más maith libh sgéala fhagháil cá ndeachaidh an deigh-bhean is mise i bpéin-bhruid dá grádh-sa, Déanaidh foidhid bheag go deireadh an véarsa is bhéarfad sgéal air a' mball díbh: Bíonn sí go haerach gach lá le pléisiúr i mBaile na Coilleadh ag éirghe air árdaibh, Inghean Phádraig shéimhidh Mhic Mhathghamhna an déagh-chroidhe - ag súd mar a léigh mise dán dí. Finit de sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services