Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CEATAIGH MHÓMHAR
Mac Cuarta cct.



I
A Cheataigh mhómhar, a bhfuil iomad don rósa
a' borradh i gcomhnaidhe in do ghruaidhe,
Gur tusa an tseóid bheag a thóigfeadh an brón díom
's a bhéarfadh sócal gach uair damh.
Dá mbeadh mo chróchar-sa réidh go dóigheamhail
le gaisgidh óga air a nguailleach,
Muna bhfuighinn ach póg ó do bhéilín ró-dheas
go mbeinn-se beó faoi cheann uaire.



II
Bí a' teacht a mhuirnín, le toil do mhuinntire
agus bíodh sin iomlán na cléir' linn,
Go dtóigfinn cabhlach ag Droichead na Gairhhe
i do choinne, a sheang-bhean a' deagh-chroidhe.
Air bhórd luinge go dtiubhrainn liom thú
is ghéanfainn landáil sa nGréig leat,
Bheadh ór is airgead inar bpócaí go cinnte
is ghéanfainn díot bainríoghan dá bhféadfainn.



III
An seód budh daoire faoi rothaí na gréine,
cha bheinn 'na dhéidh air a' stáid-mhnaoi,
'S go dtug sí féirín 's gan mise great léithe
i ndeireadh an lae damh air an bpátrún.
Níl aon fhear i nÉirinn nach bhfuil a sháith 'o chéile
i ruan mo chléibh is fear barr fós,
'S go nglacfainn 'o roghain a bheith i gclúmh na n-éan léith
ná bheith im' uachtarán cléire i bPort Láirge.



IV
Más maith libh sgéala fhagháil cá ndeachaidh an deigh-bhean
is mise i bpéin-bhruid dá grádh-sa,
Déanaidh foidhid bheag go deireadh an véarsa
is bhéarfad sgéal air a' mball díbh:
Bíonn sí go haerach gach lá le pléisiúr
i mBaile na Coilleadh ag éirghe air árdaibh,
Inghean Phádraig shéimhidh Mhic Mhathghamhna an déagh-chroidhe -
ag súd mar a léigh mise dán dí.
Finit de sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services