Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1722
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tuireamh an Athar Philip Uí Raghailligh Acht sguirim dá sgéalaibh is éagnuighim an tuama: gur doiligh dona céada an té 'tá uainn ann, gur doiligh don chléir, don tréid is don uaisle, gur doiligh don phréaláid d'fhéachfadh i n-uachtar ar charraig an léighinn 's é féin dá fhuasgailt - maraidhe na dtréad fán droichead so ó thuaidh é. Tá Lúcás Ó Raghallaigh 'na dhéidh go gruama, sgathfaire céillidhe an deagh-chroidhe shuaimhnigh, nach maireann faoin ghréin 's nár éag fear fuath' dhó. Tomás faoi léan is chan ag laghdughadh an fhuachais, is Ambrós a d'fhéad gach léigheann fhagháil uadh-san, barraidhe na dtréan chuir géim ar shluaightibh, agus Uilliam an deagh-mhac séamh-ghlan stuama a bhfuil fearamhlacht is sgéimh is séan le subhailce ann, an charthannacht 's an fhéile 's an déirc ó Ghuaire. Tá Maly 's a deagh-chlann ag dréim fán ghruaim se, agus toradh gach déise a raibh a ngaol fán chruaich se ag osnaidh 's ag géar-ghul 's ag réabadh a nua-bhas fá phearsa don chléir, mo léan, bheith i n-uaighe. Acht is móide dá bhfoidhid má ghéillid an uair se do Sgrioptúiribh Dé a bhfuil an céasadh cruaidh ann, mar a n-abair sé féin nach bhfuil tréan ná truagh ann, impire, réx nó cléir dá chumhachtaighe, bocht nó saidhbhir nó rogha ban uasal, leanb mic léighinn nó aon dá gcualaidh nach gcaithfidh dhol a mhéadughadh na cré is dá fuaradh. d'imthigh Assuérus is Néro a' chruaidh-chroidhe, d'imthigh Mardocheus is Éastar d'fhuasgail, Nebuchadnésar tar éis gach uabhair, Abednego is sédra is Mésach uasal, is Pharao gan chéill chuaidh i mbéal na Mara Ruaidhe, agus Alasdran tréitheach dár ghéill gach cuan dó. Acht ní hiad sin a chréacht-ghoin a' chléir nó na tuataidhe, acht an stíobhard a ghéill do Mhac Dé uile-chumhachtaigh, an t-Athair Pilip Ó Raghallaigh thug céad anam suas leis, nach bhfágbhadh teach dá laghad 'na réim gan a gcuartughadh, a' teagasg briathra Dé do gach aon, lag is luath, dhíobh, ar eagla dhol le Bélsi an réalt do na huanaibh chuir Lucifer as feidhm lena bhéal bheannuigh'e bhuadha. Acht anois ó chuaidh a dh'éag, 's gur léan linn a luadh sin, nó go gcruinnigheam chun a' tsléibhe 'na dhéidh leis an mbuabhall, beannacht ó shíol Éabha dá réiteach chur suaimhnis, beannacht eaglais Dé is na cléire go Luan leis, beannacht óna ghaol ar gach taobh, deas is tuaidh, leis go flaitheas Ríogh na néal má tá feidhm aige ar fhuasgailt. Aois Mhic na Maighdine do créachtnuigheadh fá choirthibh shíol Ádhaimh, Míle seact gcéad, a sé is dá ocht d'fhear barr Go dol don Athair Raghallaigh i gcré, is go dtigidh arís slán Go cruinniughadh Lá an tSléibh's a thréada 'na thimcheall le grádh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services