Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1722
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Tuireamh an Athar Philip Uí Raghailligh



Acht sguirim dá sgéalaibh is éagnuighim an tuama:
gur doiligh dona céada an té 'tá uainn ann,
gur doiligh don chléir, don tréid is don uaisle,
gur doiligh don phréaláid d'fhéachfadh i n-uachtar
ar charraig an léighinn 's é féin dá fhuasgailt -
maraidhe na dtréad fán droichead so ó thuaidh é.
Tá Lúcás Ó Raghallaigh 'na dhéidh go gruama,
sgathfaire céillidhe an deagh-chroidhe shuaimhnigh,
nach maireann faoin ghréin 's nár éag fear fuath' dhó.
Tomás faoi léan is chan ag laghdughadh an fhuachais,
is Ambrós a d'fhéad gach léigheann fhagháil uadh-san,
barraidhe na dtréan chuir géim ar shluaightibh,
agus Uilliam an deagh-mhac séamh-ghlan stuama
a bhfuil fearamhlacht is sgéimh is séan le subhailce ann,
an charthannacht 's an fhéile 's an déirc ó Ghuaire.
Tá Maly 's a deagh-chlann ag dréim fán ghruaim se,
agus toradh gach déise a raibh a ngaol fán chruaich se
ag osnaidh 's ag géar-ghul 's ag réabadh a nua-bhas
fá phearsa don chléir, mo léan, bheith i n-uaighe.
Acht is móide dá bhfoidhid má ghéillid an uair se
do Sgrioptúiribh Dé a bhfuil an céasadh cruaidh ann,
mar a n-abair sé féin nach bhfuil tréan ná truagh ann,
impire, réx nó cléir dá chumhachtaighe,
bocht nó saidhbhir nó rogha ban uasal,
leanb mic léighinn nó aon dá gcualaidh
nach gcaithfidh dhol a mhéadughadh na cré is dá fuaradh.
d'imthigh Assuérus is Néro a' chruaidh-chroidhe,
d'imthigh Mardocheus is Éastar d'fhuasgail,
Nebuchadnésar tar éis gach uabhair,
Abednego is sédra is Mésach uasal,
is Pharao gan chéill chuaidh i mbéal na Mara Ruaidhe,
agus Alasdran tréitheach dár ghéill gach cuan dó.
Acht ní hiad sin a chréacht-ghoin a' chléir nó na tuataidhe,
acht an stíobhard a ghéill do Mhac Dé uile-chumhachtaigh,
an t-Athair Pilip Ó Raghallaigh thug céad anam suas leis,
nach bhfágbhadh teach dá laghad 'na réim gan a gcuartughadh,
a' teagasg briathra Dé do gach aon, lag is luath, dhíobh,
ar eagla dhol le Bélsi an réalt do na huanaibh
chuir Lucifer as feidhm lena bhéal bheannuigh'e bhuadha.
Acht anois ó chuaidh a dh'éag, 's gur léan linn a luadh sin,
nó go gcruinnigheam chun a' tsléibhe 'na dhéidh leis an mbuabhall,
beannacht ó shíol Éabha dá réiteach chur suaimhnis,
beannacht eaglais Dé is na cléire go Luan leis,
beannacht óna ghaol ar gach taobh, deas is tuaidh, leis
go flaitheas Ríogh na néal má tá feidhm aige ar fhuasgailt.
Aois Mhic na Maighdine do créachtnuigheadh fá choirthibh shíol Ádhaimh,
Míle seact gcéad, a sé is dá ocht d'fhear barr
Go dol don Athair Raghallaigh i gcré, is go dtigidh arís slán
Go cruinniughadh Lá an tSléibh's a thréada 'na thimcheall le grádh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services