Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Giolla Fhiondain, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FÁILTE DO THOIRDHEALBHACH Ó CHEARBHALLÁIN Imchian fáilte dhuit im dháil, a ghruaidh chorcra nach amhnáir, a chnis chumhra is áille dreach, d'fhíorfhuil uasail Chearbhallach. Is mór an sgéimh thú ar Leith Chuinn - go ndéanaidh Dia do mharthain - aghaidh éigse Éireann ort, a thuile shléibhe na hintleacht. Atá sruth Samhna in do láimh do oilfeadh an lucht easlán, ceatha beaga na meór sídh, a dhalta ochta na n-airdríogh. Barr ceóil do rug go buan síol Éibhir ón taoibh thuaidh, go dtáinig an liag lóghmhar ann d'fhíorfhuil uasail Eireamhóin. Ní fhuil preab i n-ealadhain ghrinn nach gcanann sé go fírbhinn, ná port d'ainglibh Dé anocht nach seinneann sé gan aonlocht. Fáilte dhuit, a Thoirdhealbhaigh, a gnúis shoilbhir shubháilcigh, a thobar ciúil is fearr slighe dá dtáinig ar shliocht Mhílidh. Is claoidh bróin sídhcheól do mhéar mbog mbinn, 'S do fhrasghlór bheir croidhe mór do fhréimh shluaigh Chuinn; A liag óir, is fíorchóir do chéadfaidhe grinn, Fuair prímhsheóid ón rígh mhór duit féin gan roinn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services