Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Giolla Fhiondain, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


FÁILTE DO THOIRDHEALBHACH Ó CHEARBHALLÁIN



Imchian fáilte dhuit im dháil,
a ghruaidh chorcra nach amhnáir,
a chnis chumhra is áille dreach,
d'fhíorfhuil uasail Chearbhallach.



Is mór an sgéimh thú ar Leith Chuinn -
go ndéanaidh Dia do mharthain -
aghaidh éigse Éireann ort,
a thuile shléibhe na hintleacht.



Atá sruth Samhna in do láimh
do oilfeadh an lucht easlán,
ceatha beaga na meór sídh,
a dhalta ochta na n-airdríogh.



Barr ceóil do rug go buan
síol Éibhir ón taoibh thuaidh,
go dtáinig an liag lóghmhar ann
d'fhíorfhuil uasail Eireamhóin.



Ní fhuil preab i n-ealadhain ghrinn
nach gcanann sé go fírbhinn,
ná port d'ainglibh Dé anocht
nach seinneann sé gan aonlocht.



Fáilte dhuit, a Thoirdhealbhaigh,
a gnúis shoilbhir shubháilcigh,
a thobar ciúil is fearr slighe
dá dtáinig ar shliocht Mhílidh.



Is claoidh bróin sídhcheól do mhéar mbog mbinn,
'S do fhrasghlór bheir croidhe mór do fhréimh shluaigh Chuinn;
A liag óir, is fíorchóir do chéadfaidhe grinn,
Fuair prímhsheóid ón rígh mhór duit féin gan roinn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services