Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1841
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÓIS NÍ MHAOLTUILE I 'Se do bheatha 'un na tíre, a leinbh bhig aoibhinn, is ró-dheas do phíob 's do gháire, Is gur gile ná an t-aol 's ná an sneacta ar an gcraoibh do mhalaigh is do chaon-chorp álainn. Dá mb' eól uaim-se sgríobhadh a leath mar budh mhian liom, nó véarsaí chur síos i bpáipéir - Air an mbaile 'na mbím cá raibh tú le mí, go gcuirfinn romhad míle fáilte? II A Thomáis Uí Raghallaigh, go mairidh tú an spéir-bhean a thug tú mar réighnidh 'un na tíre, Le múnadh, le béasa, le maise, le sgéimh mhaith, a samhail ní léar liom sa tír se. Dá mb' eól uam-sa a luadh, go bailte na gcuan ach mur' dtug sise buaidh air Vénus, Ach a' gcluin tú mé, a chuaill, ná bíodh ort-sa choidh' gruaim, 's go bhfuair tusa sgaith buachall' Gaedhealaigh. III 'Sí an rósa, 'sí an lil í, 'sí Róis Ní 'latuile í, 'sí plúr-sgaith na gcailíní is áille, 'S a glórthaí gur binne ná ceóltaí dá sinm air phíb, air fhidil ná air chlársaigh. Fuair tú ógánach trilleasach aoibhin breagh cumasach, tréidheach an iomadaidh i gcásaibh, 'S go bhfeicidh mé an ghasraidh 's iad ag ól is a' gaidigh air hallaí breagha geala aig an tsáid-mhnaoi. IV Thíos i gCill a Seanráth' ghluais chugainn an leanbán - is aoibhinn 's is iomlán a béasa - A bhfuil a súile gan amhras mar dhriúcht maidne shamhraidh, nó mar chorcrán breigh geimhridh i gclár a héadain. Gheóbhaidh tusa gan amhras fíon agus brandaigh, a Thomáis mhic Dhonnchadha an déagh-mhac, Gheóbhaidh tú ól le do chealgadh air aontaighe 's air mhargaidh, is aoibhneas is aitíos dá réir sin. V 'S a' dol a' tsráid dam, 'sna fuinneóga a b'áirde chonnairc mé an lánamhain shúgach, 'S gur fiosach dhamh a rádh go mba gile í ná an stáid, 's go mba deise í ná bláth na n-uball ceart. Cha dearna mise spás go raibh mé ina dáil, is féach-sa nár dhána an siubhal sin, Gur ól mise sláinte na díse úd dob' áille, is gur bhreathnuigh mé lán mo shúl dí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services