Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1841
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


RÓIS NÍ MHAOLTUILE



I
'Se do bheatha 'un na tíre, a leinbh bhig aoibhinn,
is ró-dheas do phíob 's do gháire,
Is gur gile ná an t-aol 's ná an sneacta ar an gcraoibh
do mhalaigh is do chaon-chorp álainn.
Dá mb' eól uaim-se sgríobhadh a leath mar budh mhian liom,
nó véarsaí chur síos i bpáipéir -
Air an mbaile 'na mbím cá raibh tú le mí,
go gcuirfinn romhad míle fáilte?



II
A Thomáis Uí Raghallaigh, go mairidh tú an spéir-bhean
a thug tú mar réighnidh 'un na tíre,
Le múnadh, le béasa, le maise, le sgéimh mhaith,
a samhail ní léar liom sa tír se.
Dá mb' eól uam-sa a luadh, go bailte na gcuan
ach mur' dtug sise buaidh air Vénus,
Ach a' gcluin tú mé, a chuaill, ná bíodh ort-sa choidh' gruaim,
's go bhfuair tusa sgaith buachall' Gaedhealaigh.



III
'Sí an rósa, 'sí an lil í, 'sí Róis Ní 'latuile í,
'sí plúr-sgaith na gcailíní is áille,
'S a glórthaí gur binne ná ceóltaí dá sinm
air phíb, air fhidil ná air chlársaigh.
Fuair tú ógánach trilleasach aoibhin breagh cumasach,
tréidheach an iomadaidh i gcásaibh,
'S go bhfeicidh mé an ghasraidh 's iad ag ól is a' gaidigh
air hallaí breagha geala aig an tsáid-mhnaoi.



IV
Thíos i gCill a Seanráth' ghluais chugainn an leanbán -
is aoibhinn 's is iomlán a béasa -
A bhfuil a súile gan amhras mar dhriúcht maidne shamhraidh,
nó mar chorcrán breigh geimhridh i gclár a héadain.
Gheóbhaidh tusa gan amhras fíon agus brandaigh,
a Thomáis mhic Dhonnchadha an déagh-mhac,
Gheóbhaidh tú ól le do chealgadh air aontaighe 's air mhargaidh,
is aoibhneas is aitíos dá réir sin.



V
'S a' dol a' tsráid dam, 'sna fuinneóga a b'áirde
chonnairc mé an lánamhain shúgach,
'S gur fiosach dhamh a rádh go mba gile í ná an stáid,
's go mba deise í ná bláth na n-uball ceart.
Cha dearna mise spás go raibh mé ina dáil,
is féach-sa nár dhána an siubhal sin,
Gur ól mise sláinte na díse úd dob' áille,
is gur bhreathnuigh mé lán mo shúl dí.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services