Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1728
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TUIREAMH ROS NA RÍOGH SÉAMUS MHAC CUARTA cct. I Créad é an gul so i Ros na Ríogh? créad é an caoineadh, créad é an crádh? créad é an tuirse mhór nó an ghruaim? créad é an fuachas ban so ar árd? II Créad é an greadán goimhtheach géar? créad é méad an loisgreáin mhóir? créad é an bheirt seo ag gol leó féin? Éadbhard is Éaster ar bhain sin dóibh. III Fána hinghin bhán dob' fhearr méin bharramhail bhéasac mhaiseach mhín, chéillidh dhathamhail gheanamhail ghlégheal - is tuirseach Éastar anois dá díth. IV Is tuirseach Éastar aois dá díth, fá bhás Bhrighde ní bhfuil sí slán; níl spéis i saidhbhreas aici ná i maoin, acht mar aon gan chois gan láimh. V Truagh liom bean uasal as mo thír bheith ag gol faoi chian 's gan tost ag Bóinn, fán ríogain mhaiseach 's gan aici acht í, 's gan a mnáibh gaoil anois dá cóir. VI Faoi Chill Searrthan atá a fréamh gaoil - dá mothuigheadh Brighid a dhol chun báis is iomdha bean, mac is inghean nach mbeadh saor ó ghreadadh lámh. VII Thiocfadh uaisle Gaedheal is Gall, thiocfadh a gclann, thiocfadh a ngaoil, thiocfadh bantracht na mbrat sróil ag méadughadh bróin is a' gol fá Bhrighid. VIII Thiocfadh chum Brighde air uair a báis Beilleógaigh, Táthaigh, 's a mbaineann dóibh, Pluincéadaigh, Gárrlanaigh, mo nuair! agus Dúdalaigh faoi ghruaim go leór. IX Thiocfadh clanna Néill ó stoc na ríogh, Clann Mhic Naois ag teacht fán mbrón, thiocfadh Clann Diarmada aniar ó Loch Cé, 's is iomdha cléir do thiocfadh leó. X Thiocfadh Mathghamhnaigh na séad, 's thiocfadh Raghallaigh na n-each árd, thiocfadh bandáil mhaith na nGaedheal; budh leó budh géire gol fán bpáirt. XI Thiocfadh Clann Chálan ó stoc na Niall, marcaigh na sgiath 's na mbeart óir, thiocfadh Beirnigh agus iad ag lasughadh cian is ag méadughadh bróin. XII Acht créad é an fáth níos mó dá gcuntas fán bhfíor-fhuil chuimseach dar ghabh a bpáirt, a mb' fhearr dhol i gcomhra na hógmhna muirnighe barramhla soillsighe pronntaighe grádhaighe. XIII Thiocfadh Déisigh ann go leór, thiocfadh na slóighte anoir is aniar ó Dhún Dealgan fá iomad bróin, le lorg na ndeór go Baile Áth' Fhirdhiadh. XIV An fhuil ó thuaidh, an fhuil ó dheas, fuil gan iarsma na ngaisgidheach aniar, fuil Uí Bhriain an iarla ó Dheasmhúin, ag gul gan amhras fán dá inghin. XV Fuil Sheónach uasal uaibhreach Bhreathnach, fuair urraim is onóir i gcoróin an ríogh, síol Lochlain ó thuaidh dar dhual a bheith i dTeamhair, a n-uaisle gan amhras fán dá inghin. XVI Ó Dochartaigh an tsluaigh a d'fhuagair cogadh, thug buaidh gan uaiseadh ón dá rígh, Ó Maidín anuas ó uachtar an rolla, a n-uaisle ag oibriughadh san dá inghin. XVII Cia 'n fáth bheith ag innse níos mó dá gcuntas fán bhfíor-fhuil phrionnsamhail a' gul fán bpáirt, ó chuaidh sí i gcomhra, an óig-bhean mhuirneach thrillseach chumpa bharramhail bhreagh. XVIII Truagh liom Éadbhard is a dheagh-chlann mhac gan deirbhshiúr mhaith nó fós leis inghean, 's go mb' fhearr le hÉastar i gcré faoi fhód ag méadughadh bróin ná bheith gan Bhrighid. XIX Acht mar atáid na meic sin óg, gheobhaid clann go leór, más toil le Dia, gé stad an lánamhain mhaith gan inghin go mbeid araon ag dol fán tSliabh. XX Truagh liom Neidigh fána dhá inghin, ní hiongnadh an tsaoi seo gan a beith slán fán ríogain Anna 's an mhaighdean Brighid, b'fhearr ná na mílte dá meastaoi mná. XXI Beannacht ar chéadaibh i n-uaighe leó, beannacht ón óige agus ón aois, beannacht na cléire is gach órd go leanfaidh a bhfuil beó Anna 's Brighid. XXII Aois Mhic Dé, ag dul i gcré go tapaidh don dís: míle gan bhréig, seacht gcéad is ocht mbliadhna fichead, 'sé chuaidh siad i gcré clann Éadbhaird, Anna 's Brighid, 's beannacht shíol Éabha dhá réidhiughadh go cathair na naomh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services