Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1728
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


TUIREAMH ROS NA RÍOGH
SÉAMUS MHAC CUARTA cct.



I
Créad é an gul so i Ros na Ríogh?
créad é an caoineadh, créad é an crádh?
créad é an tuirse mhór nó an ghruaim?
créad é an fuachas ban so ar árd?



II
Créad é an greadán goimhtheach géar?
créad é méad an loisgreáin mhóir?
créad é an bheirt seo ag gol leó féin?
Éadbhard is Éaster ar bhain sin dóibh.



III
Fána hinghin bhán dob' fhearr méin
bharramhail bhéasac mhaiseach mhín,
chéillidh dhathamhail gheanamhail ghlégheal -
is tuirseach Éastar anois dá díth.



IV
Is tuirseach Éastar aois dá díth,
fá bhás Bhrighde ní bhfuil sí slán;
níl spéis i saidhbhreas aici ná i maoin,
acht mar aon gan chois gan láimh.



V
Truagh liom bean uasal as mo thír
bheith ag gol faoi chian 's gan tost ag Bóinn,
fán ríogain mhaiseach 's gan aici acht í,
's gan a mnáibh gaoil anois dá cóir.



VI
Faoi Chill Searrthan atá a fréamh gaoil -
dá mothuigheadh Brighid a dhol chun báis
is iomdha bean, mac is inghean
nach mbeadh saor ó ghreadadh lámh.



VII
Thiocfadh uaisle Gaedheal is Gall,
thiocfadh a gclann, thiocfadh a ngaoil,
thiocfadh bantracht na mbrat sróil
ag méadughadh bróin is a' gol fá Bhrighid.



VIII
Thiocfadh chum Brighde air uair a báis
Beilleógaigh, Táthaigh, 's a mbaineann dóibh,
Pluincéadaigh, Gárrlanaigh, mo nuair!
agus Dúdalaigh faoi ghruaim go leór.



IX
Thiocfadh clanna Néill ó stoc na ríogh,
Clann Mhic Naois ag teacht fán mbrón,
thiocfadh Clann Diarmada aniar ó Loch Cé,
's is iomdha cléir do thiocfadh leó.



X
Thiocfadh Mathghamhnaigh na séad,
's thiocfadh Raghallaigh na n-each árd,
thiocfadh bandáil mhaith na nGaedheal;
budh leó budh géire gol fán bpáirt.



XI
Thiocfadh Clann Chálan ó stoc na Niall,
marcaigh na sgiath 's na mbeart óir,
thiocfadh Beirnigh agus iad
ag lasughadh cian is ag méadughadh bróin.



XII
Acht créad é an fáth níos mó dá gcuntas
fán bhfíor-fhuil chuimseach dar ghabh a bpáirt,
a mb' fhearr dhol i gcomhra na hógmhna muirnighe
barramhla soillsighe pronntaighe grádhaighe.



XIII
Thiocfadh Déisigh ann go leór,
thiocfadh na slóighte anoir is aniar
ó Dhún Dealgan fá iomad bróin,
le lorg na ndeór go Baile Áth' Fhirdhiadh.



XIV
An fhuil ó thuaidh, an fhuil ó dheas,
fuil gan iarsma na ngaisgidheach aniar,
fuil Uí Bhriain an iarla ó Dheasmhúin,
ag gul gan amhras fán dá inghin.



XV
Fuil Sheónach uasal uaibhreach Bhreathnach,
fuair urraim is onóir i gcoróin an ríogh,
síol Lochlain ó thuaidh dar dhual a bheith i dTeamhair,
a n-uaisle gan amhras fán dá inghin.



XVI
Ó Dochartaigh an tsluaigh a d'fhuagair cogadh,
thug buaidh gan uaiseadh ón dá rígh,
Ó Maidín anuas ó uachtar an rolla,
a n-uaisle ag oibriughadh san dá inghin.



XVII
Cia 'n fáth bheith ag innse níos mó dá gcuntas
fán bhfíor-fhuil phrionnsamhail a' gul fán bpáirt,
ó chuaidh sí i gcomhra, an óig-bhean mhuirneach
thrillseach chumpa bharramhail bhreagh.



XVIII
Truagh liom Éadbhard is a dheagh-chlann mhac
gan deirbhshiúr mhaith nó fós leis inghean,
's go mb' fhearr le hÉastar i gcré faoi fhód
ag méadughadh bróin ná bheith gan Bhrighid.



XIX
Acht mar atáid na meic sin óg,
gheobhaid clann go leór, más toil le Dia,
gé stad an lánamhain mhaith gan inghin
go mbeid araon ag dol fán tSliabh.



XX
Truagh liom Neidigh fána dhá inghin,
ní hiongnadh an tsaoi seo gan a beith slán
fán ríogain Anna 's an mhaighdean Brighid,
b'fhearr ná na mílte dá meastaoi mná.



XXI
Beannacht ar chéadaibh i n-uaighe leó,
beannacht ón óige agus ón aois,
beannacht na cléire is gach órd
go leanfaidh a bhfuil beó Anna 's Brighid.



XXII
Aois Mhic Dé, ag dul i gcré go tapaidh don dís:
míle gan bhréig, seacht gcéad is ocht mbliadhna fichead,
'sé chuaidh siad i gcré clann Éadbhaird, Anna 's Brighid,
's beannacht shíol Éabha dhá réidhiughadh go cathair na naomh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services