Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1659
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LUCHT AN MHACNASA SÉAMUS NUINNSEANN cct. Anno Domini 1659 Éist le lucht an mhacnasa fuair an chinneamhain chalma; ní leór leó don tsraca-sa Saxa, Éire agus Alba. Mar sin don rann Eóropa, Breatain is clár na Fódla, ní ghabh na fir bheódha-sa gan India an ionnmhais órdha. Ag dul tar muing na mara-sa níor ghabh na fir gharga gur chuirsead an talamh-sa go tapa fútha is tarsta. A-tá faoin druing shanntaigh-si, nach bhfaghann a ndíol tíre, gur gearr go mbia a gcampa-san fá gheataidhe na Madríde. Ní le ceart a sinnseireacht, ach lé neart a láimhe - baoghlach iad don Impeireacht s' do bhiocáire Mhic Mháire. Tar gach ní dá n-abramuid a ndubhras ní adhbhar cáile; is dearbh liom gur shladadar Críost fá luach a pháise. Ní nach gcualaidh éanduine dá maireann ar an uair-si: do scathadar d'éanbhuille reachta cléirigh is tuata. Gidh bé ar dhruim an domhain-se bhíos i n-aghaidh an Phápa, is iad sin a gcomharsain, a gcaraid 's a n-aos grádha. Dá fhichid creideamh tacara, do dealbhadh ó shúgh grúide, a-tá sa stór aca-san mar sheapa an cheannuighe shúgha. Níor chum ughdar antola creideamh ó aimsir Ádhaimh Nach bhfuigheadh áit aca-san, acht creideamh cruaidh an Phápa. Gach slighe chlaon dar ghluaiseadar ag cur cháich a-mugha, foighid Dé do fuaradar go dtáinic na mionna dubha. A-nois a Rí na fírinne, mithe dhuit dul i n-arma, nó rachaid go firminte mar do-chuaidh Neamhrodh amhra. Díoghailt insa masla-sa déantar go luat hamhla, ar lucht mire an mhacnasa fuair an chinneamhuin chalma.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services