LUCHT AN MHACNASA
SÉAMUS NUINNSEANN cct.
Anno Domini 1659
Éist le lucht an mhacnasa
fuair an chinneamhain chalma;
ní leór leó don tsraca-sa
Saxa, Éire agus Alba.
Mar sin don rann Eóropa,
Breatain is clár na Fódla,
ní ghabh na fir bheódha-sa
gan India an ionnmhais órdha.
Ag dul tar muing na mara-sa
níor ghabh na fir gharga
gur chuirsead an talamh-sa
go tapa fútha is tarsta.
A-tá faoin druing shanntaigh-si,
nach bhfaghann a ndíol tíre,
gur gearr go mbia a gcampa-san
fá gheataidhe na Madríde.
Ní le ceart a sinnseireacht,
ach lé neart a láimhe -
baoghlach iad don Impeireacht
s' do bhiocáire Mhic Mháire.
Tar gach ní dá n-abramuid
a ndubhras ní adhbhar cáile;
is dearbh liom gur shladadar
Críost fá luach a pháise.
Ní nach gcualaidh éanduine
dá maireann ar an uair-si:
do scathadar d'éanbhuille
reachta cléirigh is tuata.
Gidh bé ar dhruim an domhain-se
bhíos i n-aghaidh an Phápa,
is iad sin a gcomharsain,
a gcaraid 's a n-aos grádha.
Dá fhichid creideamh tacara,
do dealbhadh ó shúgh grúide,
a-tá sa stór aca-san
mar sheapa an cheannuighe shúgha.
Níor chum ughdar antola
creideamh ó aimsir Ádhaimh
Nach bhfuigheadh áit aca-san,
acht creideamh cruaidh an Phápa.
Gach slighe chlaon dar ghluaiseadar
ag cur cháich a-mugha,
foighid Dé do fuaradar
go dtáinic na mionna dubha.
A-nois a Rí na fírinne,
mithe dhuit dul i n-arma,
nó rachaid go firminte
mar do-chuaidh Neamhrodh amhra.
Díoghailt insa masla-sa
déantar go luat hamhla,
ar lucht mire an mhacnasa
fuair an chinneamhuin chalma.