Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1841
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MARBHNAIDH SHÉAMUIS DUBHLAING JAMES DOWLING'S ELEGY I 'Sé Séamus Dubhlaing an barraidhe álainn A d'fhág na pláinéidí se 'lic faoi ghruaim, A mbíodh aoibh a' gháire air ag teacht i láthair Air na pátrúin nó i measg an tsluaigh. Tá na réalta so uilic air buaireadh; Cuirfidh na spéire orainn sioc is fuacht Fán mbarraidhe Séamus a dhol i gcré uainn, Croidhe na féile dár sheachain cruas. II Níl aon mhaighdean mhúinte dá bhfuil sa dún so Nach bhfuil go dubh-chroidheach ag déanamh bróin, Iarlaí, barúin agus oighrí dúithcheacha I gculaidh chumhaighe air fud a' domhain. Cnuic is mullaighe is coillte dlútha Gach maidin chiúin agus iad plúichde i gceó, Ó d'éag sé an barraidhe sin, Séamus Dubhlaing, Croidhe na húire a sheasadh an chóir. III Dá mairfeadh do ghaoltaí beó sa tír se, Mar a bhí siad 'na dtréine seal, Bheadh tuama gléasda ag do cholainn ghléghil Is oific dá léigheadh ós do chionn air leic. Dáta an lae sin ar fhág tú 'n saoghal so, Tarraingte i bhfeaghraibh i leabhair brais, Is coat of arms an bharraidhe tarraingte Air na pátrún 'na measg na bhfear. IV Ní bhfuil iongantas an méid sin a bheith go buairthe, Níl iongantas a chéile bheith go tréath-lag tinn, Ní hiongnadh a cháirde anuas ó Ádhamh Bheith a' greadadh lámha ós cionn a ghleinn. Ní hiongnadh óig-fhir go léir chrích Fódla Bheith tuirseach brónach gan aig'neadh fuinn, Fán mbarraidhe cródha a sheasadh an chóir dúinn A dhol faoi fhód uainn, mo bhrón, i gcill. V Dá mairfeadh do ghaoltaí beó san tír so, Mar a bhí siad le linn a' leóghain - Tá an t-iasg a bhíodh air an tsruth go bríoghmhar Ag dol i n-íochtar le hiomad bróin. Ní bhfuil óg ná aosda dá bhfacaidh ariamh é Air fhaithchibh aoibhne ag déanamh spóirt, Nach mbeadh ag guidhe leis do ló's do dh'oidhche Le n'anam dídean fhagháil ón tSlánuightheóir. VI Insa Ráth Chonaill uaill atá an barraidhe 'n'uachtarán, Plannda an tsuarcais is gnúis a tséin; d'fhág sé na puibleacha so uilic go buairthe, Easbuig, uachtaráin agus sagairt léighinn. Atá na bráithre uilic i gcoimhdeacht Ag iarraidh cuimrighe air fhlaitheas Dé, Agus ceóltaí binne na cúirte ainglidhe Ag an aingeal coimhdeachta a' sinm théad. VII Cá ndeachaidh ceann-phuirt uilic na cléire Pharáiste an tSléibhe nó Chorca Rígh? Cá ndeachaidh plúr-sgoith chlann na nGaedheal, Nó sgafairí an bhéil bhinn ó leic na clídh? Cá ndeachaidh sgríbhneóirí na cruadh-Ghaedhilge, A chuirfeadh éachtaibh ar ngliocaidhe síos? Atá siad marbh uile 's a gcúl le chéile Ó sgar an t-éag a choidhch' an ieóghan so dínn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services