Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta de chuid Uladh (An tUltach)

Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1841
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1954)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


MARBHNAIDH SHÉAMUIS DUBHLAING
JAMES DOWLING'S ELEGY



I
'Sé Séamus Dubhlaing an barraidhe álainn
A d'fhág na pláinéidí se 'lic faoi ghruaim,
A mbíodh aoibh a' gháire air ag teacht i láthair
Air na pátrúin nó i measg an tsluaigh.
Tá na réalta so uilic air buaireadh;
Cuirfidh na spéire orainn sioc is fuacht
Fán mbarraidhe Séamus a dhol i gcré uainn,
Croidhe na féile dár sheachain cruas.



II
Níl aon mhaighdean mhúinte dá bhfuil sa dún so
Nach bhfuil go dubh-chroidheach ag déanamh bróin,
Iarlaí, barúin agus oighrí dúithcheacha
I gculaidh chumhaighe air fud a' domhain.
Cnuic is mullaighe is coillte dlútha
Gach maidin chiúin agus iad plúichde i gceó,
Ó d'éag sé an barraidhe sin, Séamus Dubhlaing,
Croidhe na húire a sheasadh an chóir.



III
Dá mairfeadh do ghaoltaí beó sa tír se,
Mar a bhí siad 'na dtréine seal,
Bheadh tuama gléasda ag do cholainn ghléghil
Is oific dá léigheadh ós do chionn air leic.
Dáta an lae sin ar fhág tú 'n saoghal so,
Tarraingte i bhfeaghraibh i leabhair brais,
Is coat of arms an bharraidhe tarraingte
Air na pátrún 'na measg na bhfear.



IV
Ní bhfuil iongantas an méid sin a bheith go buairthe,
Níl iongantas a chéile bheith go tréath-lag tinn,
Ní hiongnadh a cháirde anuas ó Ádhamh
Bheith a' greadadh lámha ós cionn a ghleinn.
Ní hiongnadh óig-fhir go léir chrích Fódla
Bheith tuirseach brónach gan aig'neadh fuinn,
Fán mbarraidhe cródha a sheasadh an chóir dúinn
A dhol faoi fhód uainn, mo bhrón, i gcill.



V
Dá mairfeadh do ghaoltaí beó san tír so,
Mar a bhí siad le linn a' leóghain -
Tá an t-iasg a bhíodh air an tsruth go bríoghmhar
Ag dol i n-íochtar le hiomad bróin.
Ní bhfuil óg ná aosda dá bhfacaidh ariamh é
Air fhaithchibh aoibhne ag déanamh spóirt,
Nach mbeadh ag guidhe leis do ló's do dh'oidhche
Le n'anam dídean fhagháil ón tSlánuightheóir.



VI
Insa Ráth Chonaill uaill atá an barraidhe 'n'uachtarán,
Plannda an tsuarcais is gnúis a tséin;
d'fhág sé na puibleacha so uilic go buairthe,
Easbuig, uachtaráin agus sagairt léighinn.
Atá na bráithre uilic i gcoimhdeacht
Ag iarraidh cuimrighe air fhlaitheas Dé,
Agus ceóltaí binne na cúirte ainglidhe
Ag an aingeal coimhdeachta a' sinm théad.



VII
Cá ndeachaidh ceann-phuirt uilic na cléire
Pharáiste an tSléibhe nó Chorca Rígh?
Cá ndeachaidh plúr-sgoith chlann na nGaedheal,
Nó sgafairí an bhéil bhinn ó leic na clídh?
Cá ndeachaidh sgríbhneóirí na cruadh-Ghaedhilge,
A chuirfeadh éachtaibh ar ngliocaidhe síos?
Atá siad marbh uile 's a gcúl le chéile
Ó sgar an t-éag a choidhch' an ieóghan so dínn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services