Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN t-ATHAIR PÁDRAIG IBHEARS Mac Cuarta cct. I Sagart óg ó chois na Bóinne A bhfuil gean na gcomharsan le chéile air, A bhfuil gean na n-óg is gean na n-órd Is gean le pósadh na cléire air, A bhfuil gean is ró-shearc ag Nainidh i gcomhnaidhe, An mharthainn mhómhar don éigse, 'S go mb' fhearr an sógh léi bheith 'n-aice a ghlórthaí Ná coróin ór-bhuidhe na Gréige. II Cá ndeachaidh an t-óig-fhear a chuaidh san órd uainn I gceangal phósta le maighdin, Bainríoghan eólgach na bhflaitheas móir-gheal Le stadann cóistí na gréine? Is dalta dhó féin, Mac na hÓighe, Ler gearradh slóighte na hÉigipt', 'S go mairidh dhó féin gean na Róimhe, Is dálta Joseph, ná tréig é. III A Phádraig Íbhears, is tú mac na ríoghna A bhfuil gean is fíneáltas féile ann, 'S gur tuirseach Peter is Lukey Íbhears, Is Malaigh an ríogain 'do dhéidhse. Ná fan sa tír sin is do bhuime ag síor-ghol, Bí gasta ag críochnughadh do léighinne, 'S bí ag pilleadh arís insan astar ciadna Leis an text a mhíniughadh ina nGaedhilg. IV Biocáire ábalta as Domhnach Phádraig, Croidhe fearamhail fáilteach na féile, 'Ga bhfuil guidhe ón Athair a shileas grása Is bheireas deallradh is na réalta. Le do philleadh, a Phádraig anoir thar sáile, Le congnamh an Phápa is na cléire, Nár bhainidh gábhadh ná briseadh bárc dhuit Go seinnidh an chláirseach i nÉirinn. V Beannacht Dé leis ó neamh na gréine Air lasadh léighinn ins na grásaibh, 'S beannacht na Maighdine ar ceangladh léise é, Abhfuil coróin réalt uirthi i bParrthas. Beannacht Mháire Mhagdaléne, Beannacht Jácob is Dháibhídh, 'S mo bheannacht féin is beannacht Éireann A chomhéad séin don Athair Pádraig. VI Beannacht Mhaoise is na n-aithreacha naomhtha Go leanaidh an tsaoi sin le chéile, 'S beannacht fhírinneach ó Nainidh Baollan, An leanbh is fíneálta tréartha. Beannacht na naoidheanán, na mbocht is na ndílleacht, Is beannacht Íosa dhá ndéisdeacht, Is go mairidh an tsaoi sin ar cheanamhail a chríonnacht Go ceart ar mhianach na cléire. VII Nach fada an chéilidhe don tseabhac thréanmhar Luinneach léimneach na Bóinne, 'S go bpillidh an spéir-mharcach arís go hÉirinn Chuaidh a dh'fhoghlaim léighinn ó lucht eólais. Is adhbhar éagcaoine do n-a mhuinntir féin é A bheith i Lisbon aerach i gcomhnaidhe, 'S gan focal sgéala ach i bhfad ó chéile Go gcaithidh sé a théarma insna hórdaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services