AN t-ATHAIR PÁDRAIG IBHEARS
Mac Cuarta cct.
I
Sagart óg ó chois na Bóinne
A bhfuil gean na gcomharsan le chéile air,
A bhfuil gean na n-óg is gean na n-órd
Is gean le pósadh na cléire air,
A bhfuil gean is ró-shearc ag Nainidh i gcomhnaidhe,
An mharthainn mhómhar don éigse,
'S go mb' fhearr an sógh léi bheith 'n-aice a ghlórthaí
Ná coróin ór-bhuidhe na Gréige.
II
Cá ndeachaidh an t-óig-fhear a chuaidh san órd uainn
I gceangal phósta le maighdin,
Bainríoghan eólgach na bhflaitheas móir-gheal
Le stadann cóistí na gréine?
Is dalta dhó féin, Mac na hÓighe,
Ler gearradh slóighte na hÉigipt',
'S go mairidh dhó féin gean na Róimhe,
Is dálta Joseph, ná tréig é.
III
A Phádraig Íbhears, is tú mac na ríoghna
A bhfuil gean is fíneáltas féile ann,
'S gur tuirseach Peter is Lukey Íbhears,
Is Malaigh an ríogain 'do dhéidhse.
Ná fan sa tír sin is do bhuime ag síor-ghol,
Bí gasta ag críochnughadh do léighinne,
'S bí ag pilleadh arís insan astar ciadna
Leis an text a mhíniughadh ina nGaedhilg.
IV
Biocáire ábalta as Domhnach Phádraig,
Croidhe fearamhail fáilteach na féile,
'Ga bhfuil guidhe ón Athair a shileas grása
Is bheireas deallradh is na réalta.
Le do philleadh, a Phádraig anoir thar sáile,
Le congnamh an Phápa is na cléire,
Nár bhainidh gábhadh ná briseadh bárc dhuit
Go seinnidh an chláirseach i nÉirinn.
V
Beannacht Dé leis ó neamh na gréine
Air lasadh léighinn ins na grásaibh,
'S beannacht na Maighdine ar ceangladh léise é,
Abhfuil coróin réalt uirthi i bParrthas.
Beannacht Mháire Mhagdaléne,
Beannacht Jácob is Dháibhídh,
'S mo bheannacht féin is beannacht Éireann
A chomhéad séin don Athair Pádraig.
VI
Beannacht Mhaoise is na n-aithreacha naomhtha
Go leanaidh an tsaoi sin le chéile,
'S beannacht fhírinneach ó Nainidh Baollan,
An leanbh is fíneálta tréartha.
Beannacht na naoidheanán, na mbocht is na ndílleacht,
Is beannacht Íosa dhá ndéisdeacht,
Is go mairidh an tsaoi sin ar cheanamhail a chríonnacht
Go ceart ar mhianach na cléire.
VII
Nach fada an chéilidhe don tseabhac thréanmhar
Luinneach léimneach na Bóinne,
'S go bpillidh an spéir-mharcach arís go hÉirinn
Chuaidh a dh'fhoghlaim léighinn ó lucht eólais.
Is adhbhar éagcaoine do n-a mhuinntir féin é
A bheith i Lisbon aerach i gcomhnaidhe,
'S gan focal sgéala ach i bhfad ó chéile
Go gcaithidh sé a théarma insna hórdaibh.