Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Déis, Tomás,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1641
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1953)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sochair na haimsire An t-Easbog Déis do chum Mór sochair na haimsire tháinig chugainn imbliadhna: cead do bheith ag an anchaire bheith ag raobhadh a riaghla. Díol beacht don reachtaire is mó is usa ná an seinreacht; dúinn chum Dé más athghairde créad acht léigheann is leamhnacht? Gan trosgadh, gan tréidheanas, gan déirc, gan ord, gan Aifreann, Dia mar so má thréigeamar, "geall le sionnach a chraiceann." Mar shligheacha slánuighthe leó mása dhíleas taobhadh, cia chuirfeadh a sáruighthe? an Fhian uile nár naomhadh? Socar dhúinnne gan andochar sásadh cuirp agus anma, má táid uile ar aonfhocal, Goill agus Gaoidhil Bhanbha. Má gheibhthear gan amharas Dia gan trosgadh, gan trátha, cia adéaradh nach amaracht de so a ndearnadh go dtrásda? Más í so an fhírinne atá a-nois dá síoladh, a bhfuair uile bás ón Dílinn, a-táid uile dá bpianadh. Brígh mo sgéil is é athghairid: do mealladh sinnne nó iadsan; d'éag a Dhia, dá ndeachamna, an mbiam fá aondoras iatta? Más é ar leas a bhfuaramar, ar mbeith feasta gan chrábhadh, ag so ní nach gcualamar, riamh gur bheag an gábhadh. An té do cuireadh dár slánughadh, aonmhac Calpuirnn mhic Oda, do bhí seisean nó a-támaidne a-nois ar leabhar Mhic Mharia. Ní fhacas an phríomhfháidhsin, dárbh ainm Pádraig mhac Calpuirnn, 'na bheathaidh an t-aonlásoin nach gcuirfeadh chum Aifrinn. Mar sin dúinn go ceirtbhriathrach teagasg neamhdha dá dhealbhadh; Ifrionn fuathmhar ilphiastach cia fá chomhair a ndearnadh? Gan Aifreann insan gCarghas, acht feóil Satharn is Aoine, dob annamh an margadhsa riamh gur athruigh na daoine. Má tá sin sa tSeintiomna, féachtar is canóin Íosa; gan Chorghas, gan Aifrionna, riamh ní fhacas sgríobhtha. Ní ar shógh iná ar sheasgaireacht do fuair Eóin Baiste béilbhinn flaitheas Dé ar mhangaireacht, a-nois mar gheibhthear i nÉirinn. Ar fásach ag seanmóradh is 'na throsgadh go déarach, craicne fiadh is fearbógadh, dob é a earradh is a éideadh. Do shaoil Féichín fionnfhoclach, do throisg ar leacaibh loma, dó féin nachar dhiommolta do chlaoi díomais na colna. Fionntan feartach faidhrineach is Colum cabharthach Cille, níor mhó a ndíol do chócaireacht iná a ndíol d'uisge is biorar. Do shonas na bliadhnasa a-tá gach cailleach 'na cléireach, ag tuigsin na diadhachta, riamh má tuigeadh go bréagach. Ní fhuil saor ná sodaire, gion go léigheann a phaidear, san diadhacht nach iúlmhaire a-nois ná Pádraig is Peadar. Scrioptúir Dé níor thuigeadar Augustín, Greaghóir ná Béda, 's cách uile do shluigeadar a-nois ó cuireadh i mBéarla. Bheith geanmnaidh má gheallamar, an t-ord coisreactha cléireach, cia adéaradh nár fheallamar ar Dhia uile go bréagach? Do bheith uaibhrach ainmhianach saidhbhir saoghalta sanntach, aitheanta Dé foirlíontar mar sin againn go fallsa. I n-aghaidh Dé is fiolúnacht don té adéaradh nár chóra don chailligh dhuibh mhíonáirigh ná gach fear eile do phósadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services