Sochair na haimsire
An t-Easbog Déis do chum
Mór sochair na haimsire
tháinig chugainn imbliadhna:
cead do bheith ag an anchaire
bheith ag raobhadh a riaghla.
Díol beacht don reachtaire
is mó is usa ná an seinreacht;
dúinn chum Dé más athghairde
créad acht léigheann is leamhnacht?
Gan trosgadh, gan tréidheanas,
gan déirc, gan ord, gan Aifreann,
Dia mar so má thréigeamar,
"geall le sionnach a chraiceann."
Mar shligheacha slánuighthe
leó mása dhíleas taobhadh,
cia chuirfeadh a sáruighthe?
an Fhian uile nár naomhadh?
Socar dhúinnne gan andochar
sásadh cuirp agus anma,
má táid uile ar aonfhocal,
Goill agus Gaoidhil Bhanbha.
Má gheibhthear gan amharas
Dia gan trosgadh, gan trátha,
cia adéaradh nach amaracht
de so a ndearnadh go dtrásda?
Más í so an fhírinne
atá a-nois dá síoladh,
a bhfuair uile bás ón Dílinn,
a-táid uile dá bpianadh.
Brígh mo sgéil is é athghairid:
do mealladh sinnne nó iadsan;
d'éag a Dhia, dá ndeachamna,
an mbiam fá aondoras iatta?
Más é ar leas a bhfuaramar,
ar mbeith feasta gan chrábhadh,
ag so ní nach gcualamar,
riamh gur bheag an gábhadh.
An té do cuireadh dár slánughadh,
aonmhac Calpuirnn mhic Oda,
do bhí seisean nó a-támaidne
a-nois ar leabhar Mhic Mharia.
Ní fhacas an phríomhfháidhsin,
dárbh ainm Pádraig mhac Calpuirnn,
'na bheathaidh an t-aonlásoin
nach gcuirfeadh chum Aifrinn.
Mar sin dúinn go ceirtbhriathrach
teagasg neamhdha dá dhealbhadh;
Ifrionn fuathmhar ilphiastach
cia fá chomhair a ndearnadh?
Gan Aifreann insan gCarghas,
acht feóil Satharn is Aoine,
dob annamh an margadhsa
riamh gur athruigh na daoine.
Má tá sin sa tSeintiomna,
féachtar is canóin Íosa;
gan Chorghas, gan Aifrionna,
riamh ní fhacas sgríobhtha.
Ní ar shógh iná ar sheasgaireacht
do fuair Eóin Baiste béilbhinn
flaitheas Dé ar mhangaireacht,
a-nois mar gheibhthear i nÉirinn.
Ar fásach ag seanmóradh
is 'na throsgadh go déarach,
craicne fiadh is fearbógadh,
dob é a earradh is a éideadh.
Do shaoil Féichín fionnfhoclach,
do throisg ar leacaibh loma,
dó féin nachar dhiommolta
do chlaoi díomais na colna.
Fionntan feartach faidhrineach
is Colum cabharthach Cille,
níor mhó a ndíol do chócaireacht
iná a ndíol d'uisge is biorar.
Do shonas na bliadhnasa
a-tá gach cailleach 'na cléireach,
ag tuigsin na diadhachta,
riamh má tuigeadh go bréagach.
Ní fhuil saor ná sodaire,
gion go léigheann a phaidear,
san diadhacht nach iúlmhaire
a-nois ná Pádraig is Peadar.
Scrioptúir Dé níor thuigeadar
Augustín, Greaghóir ná Béda,
's cách uile do shluigeadar
a-nois ó cuireadh i mBéarla.
Bheith geanmnaidh má gheallamar,
an t-ord coisreactha cléireach,
cia adéaradh nár fheallamar
ar Dhia uile go bréagach?
Do bheith uaibhrach ainmhianach
saidhbhir saoghalta sanntach,
aitheanta Dé foirlíontar
mar sin againn go fallsa.
I n-aghaidh Dé is fiolúnacht
don té adéaradh nár chóra
don chailligh dhuibh mhíonáirigh
ná gach fear eile do phósadh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11