Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéuluidhe Fíor na Seachtmhaine
Title
Sgéuluidhe Fíor na Seachtmhaine
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1909
Publisher
Gill agus a Mhac
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Roimh-Fhocal. Ag seo seacht sgéalta, agus iad ceangailte fighte le chéile i n-aon sgéal amháin, ar an nós is gnáthach le lucht-inniste-sgéal san domhan-thoir. Ins an mbliadhain 1896 fuair mise iad, ó Phroinsias Ó Conchubhair, do bhí an uair sin i dtigh na mbocht i mBaile-Áth-Luain. Dubhairt seisean liom gur chualaidh sé féin iad ó fhear ar bh’ainm dó Abhaistín Ó Cathasaigh, fear tháinig as áit i gContaé Shligigh a dtugtar an Carraigín Ruadh uirri. Tá sé cinn de na sgéaltaibh seo agus níor athruigheas, chor ar bith, iad, acht amháin slacht beag do chur ar an gcaint anois agus arís. Acht b’éigin dam an sechtmhadh sgéal do sgrios amach ar fad. I dtaoibh sagairt, do bhí sé, do marbhuigheadh ag droch-fhear, agus níor sgéal deas, ná sgéal oireamhnach do’n leabhar so é. Ar an ádhbhar sin do chuireas sgéal eile (sgéal
an dara h-oidhche) in a áit. Do sgríobhas féin cuid de’n sgéal so ó bhéal Mhártain Ruaidh Uí Ghiollarnáth i n-aice le Muine-mheadha i gCondaé na Gaillimhe, agus cuid eile dhé ó shaor-cloiche nach bhfuil a ainm agam, as an gcondaé chéadna. Do sgríobh mo chara C. M. Hodgson an chuid eile dhé ó bhéal Shéamuis Mhic Dhonnchadha i n-aice le h-Uachtar Árd i gConnamara. Ní ó’n gCon- chubhrach, mar sin, ná ó’n gCathasach, atá sgéal an dara oidhche, sgéal Ghobáin, act is sgéal é a bhfuil aithne mhaith air ar fud na hÉireann, agus budh chóir do’n aos óg fios do bheith aca air, agus sin é an fáth ar chuireas asteach é i n-áit an sgéil nach raibh oireamhnach. Níor chualas i n-aon áit i nÉirinn, roimhe ná ó shoin, sgéalta do bhí fighte ar a chéile i n-aon sgéal amháin ar nós an sgéal so. Chuir mise fadughadh beag ar na giotaibh gearra atá idir na sgéaltaibh, agus is mise do cheap an t-ainm do’n leabhar. Ní dhearnas aon athrughadh eile acht a rádh i dtosach an chéad- sgéil, go ndubhairt an bhean-uasal go gcaithfeadh na sgéalta bheith fíor. Ní dubhairt an sgeul- aidhe an rud sin, acht chuir mise asteach é, óir
creidim go ndearna sé dearmad, agus go mbudh chóir coingheall mar sin do bheith ann, mar thionntaigh gach aon sgéal aca amach do bheith fíor san deireadh. B’éigin dam Gobán do chur i gcrích an leabhair (’san áit a n-éirigheann na daoine ag rádh go raibh na sgéalta fíor) i n-ionad duine eile do bhí ins an sgéal do sgrios mé amach. Mise AN CRAOIBHÍN.
SGÉALUIDHE FÍOR NA SEACHTMHAINE. Bhí bean-uasal 'na cómhnuidhe i ngar do chathair na Gaillimhe a bhfad ó shoin. Bhí sí 'na cómhnuidhe ann le linn an té budh shine ameasg na gcómh- arsanna. Níor athruigh a gnúis riamh. D'fheuch sí i gcómhnuidhe chomh h-óg agus bhí sí trí fichid bliadhan roimhe sin. Chonnaic fir í nuair bhíodar na mbuachaillibh beaga, agus chonnaic siad í nuair bhí siad liath leis an aois, acht níor fheud aon duine aca a rádh go dtug sé fa deara go raibh aon athrughadh uirri. Bhí an bhean-uasal saidhbhir, acht ní raibh fhios ag éinne cia an tslighe bheatha do bhí aici. Rud eile, bhí fuagradh sgríobhtha i litreachaibh [litribh] móra ar an taoibh amuigh d'á tigh ag rádh go raibh biadh deoch agus lóistín le fághail ag an té do bhéadh dh'á dtóruigheacht chomh fada agus d'feud- fadh sé sgéal maith innseacht [innsint] gach uile oidhche, acht go gcaithidh an sgéal bheith fíor. Bhí fear óg, an uair sin, ann, ar bh'ainm dó Diarmuid Mac an Ulltaigh, do bhí 'na chóm- nuidhe i n-Uachtar Árd, agus bhí sé ar na sean- chaidhthibh do b'fhearr do bhí i n-iarthar Éireann.
Ba ghnáth leis bheith ag dul ó theach go teach gach aon oidhche agus ag éisteacht le sgéaltaibh na sean- daoine, agus sgéal ar bith do chluinfeadh sé aon uair amháin bhéadh sé de mheabhair aige as sin amach. Chualaidh Diarmuid trácht ar an mnaoi uasail do chómhnuigh i ngar do Ghaillimh, go minic, agus dubhairt sé leis féin go rachadh sé ar cuairt chuici, acht bhí leisg air dul ann gan sgeul breágh nuadh éigin aige, óir cheap sé in a inntinn gur chualaidh an bhean-uasal na sgéalta do bhí aige féin go minic ó dhaoinibh eile. Bhí Diarmuid ag dul abhaile aon uair amháin go mall san oidhche, tar éis é bheith ag imirt cárdaí. Tháinig sé go dtí sean-roilig do bhí ar thaoibh an bhóthair, agus chualaidh sé guth ag teacht amach as an roilig ag rádh “Réidhtigh * m'fhiacail dam, nár réidhtigheadh le seacht mbliadh- antaibh.” Mar bhí meisneach maith, de bhárr na h-oidhche aige, léim sé thar an mballa asteach ins an roilig — agus nuair tháinig sé amach bhí ádhbhar sgéil aige nár chualaidh éinne riamh, roimhe. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, dubhairt sé leis féin go raibh a dhíol de sgéal aige anois agus go rachadh sé ag tarraing ar an mbean-uasail so. Thug sé a aghaidh ar Ghaillimh, agus nuair ráinig sé an áit sin ní raibh sé ró fhada ag dul go teach na mná-uaisle. Ráinig sé é nuair bhí an oidhche ag tuitim. Bhí beagán faitchis air, acht bhuail sé an dorus agus tháinig doirseóir. D'fhiafruigh an doirseóir dhé créad do bhí teas- * “Pioc” adubhairt an sgeuluidhe.”
táil uaidh? Dubhairt seisean gur ar tóir bidh dighe agus lóistín tháinig sé. “Bhfuil sgéal agad i gcómhair na h-oidhche”? ar san doirseóir. “Tá,” ar seisean. Leis sin thug an doirseóir asteach é, agus cuireadh é 'na shuidhe i seomra mór, leis féin, agus fágadh séire breágh ar an mbord dó, idir biadh agus digh. I gceann uaire 'na dhiaidh sin tháinig an doirseóir asteach san seomra arís agus dubhairt leis teacht i láthair na mná-uaisle. Lean sé an doirseóir go seomra eile do bhí chomh geal leis an lá, le méid na gcoinneall agus na solus do bhí ar lasadh ann. Bhí sé ag féachaint 'na thimchioll nuair tháinig an bhean- uasal asteach. Bean sheang árd áluinn do bhí innti. Ní raibh sí óg ná ársa. D'fhéach sí thim- chioll deich mbliadhain fichid. Gruag óir agus falaing éadrom síoda do bhí uirri. Thug Diarmuid Mac an Ulltaigh buidheachas dí ar son an tsuipéir mhaith fuair sé, agus dubhairt sé go dtáinig sé le sgéal, dá mbudh mhian le n-a h-onóir a chloisteál [chlos]. Dubhairt sí go mbudh mhian. Shuidh sí síos ar chineál leap- than do bhí ann, agus í 'na leath-luidhe air. Shuidh Diarmuid ar chathaoir mhóir darach agus thosaigh sé ar a sgéal.
SGÉAL AN CHÉAD OIDHCHE. I n-Uachtar Árd, a bhean-uasal, do rugadh agus tógadh mise. Oidhche amháin d'fhág mé teach m'athar agus mo mháthar, agus chuaidh mé chum an bhaile-mhóir, agus casadh cuideachta orm, agus bhí mé ag spóirt agus ag imirt leó go raibh mé súgach. Bhí sé mall ins an oidhche nuair bhí mé ag filleadh abhaile. Bhí bealach aithgiorrach ag dul le cois sean-roilige. Ní rachainn an bealach sin chor ar bith acht go raibh an oiread sin ólta agam. Acht do chuir an poitín meisneach ionnam agus chuaidh mé abhaile an bealach sin gan eagla ar bith orm. Nuair tháinig mé chomh fada leis an roilig chualaidh mé guth ag teacht amach as an dorchadas ag rádh “Réidhtigh m'fhiacail dam nár réidhtigheadh le seacht mbliadhantaibh.” Ghlac mé truagh do'n té bhí ag labhairt, óir is imnidheach an rud cáinín no staic do bheith i bhfiacail duine, agus mar bhí an poitín im cheann níor chuimhnigh mé ar cia bhí 'labhairt ná ar an áit a raibh mé ann, acht chuir mé mo lámh in mo phóca agus tharraing mé amach tairnge crúidh capaill do bhí agam le mo phíopa do réidhteach, agus dubhairt mé “Tar amach ann so, cibé thú féin, agus réidhteóchaidh mise d'fhiacail duit.” “Ní fheudaim dul amach chugat-sa,” ar san guth, “acht
gabh asteach, thusa, ann so, agus tabhair sólás éigin dam, agus ná bíodh eagla ort.” “Rachad dar m'anam,” arsa mé féin, agus leis sin leig mé mo lámh ar an mballa agus chuaidh mé de léim asteach ins an roilig. Cia chonnaic mé ann sin acht fear mór agus brat dearg air, agus é 'na sheasamh ag bun crainn mhóir do bhí ann. “Tar a bhfogas dam,” ar seisean, “agus cuir do mhéar in mo bhéal, agus gheobhaidh tú staic faoi mo chúl-fhiacail agus bain amach í má thig leat.” Tháinig eagla mór orm ann sin, agus thosaigh mé ag cur alluis leis an sgannradh. B'fhearr liom 'ná an domhan mise bheith amuigh ar an mbóthar arís. Acht ní raibh aon árach (neart) agam air, agus chuaidh mé a bhfogas dó. D'fhos- gail sé a bhéal chomh fairsing sin gur shaoil mé go raibh sé dul do mo shlugadh idir anam agus corp. Ní lúgha 'ná leath-throigh ar fad do bhí ins gach stair-fhiacail in a cheann, agus iad chomh géar le meannaidh gréasaidhe. B'fhearr liom mo lámh do sháthadh asteach i mbéal beithidhigh allta 'ná ins an mbéal gránna sin.”
D'árdaigh an bhean-uasal a lámh. “Is maith é do sgéal,” ar sise, “ní coitcheannta an sgéal é. Ná lean dó anois go dtagann mo cháirde.” Leis sin do chuir sí fídeóg bheag chum a béil agus shéid sí í. I gceann cúpla móimid d'fhos- gail dorus do bí ins an taobh-bhalla, dorus nach bhfacaidh Diarmuid go dtí sin, agus shiubhal dá- réag fir [fear] asteach, agus bean óg ar ghual- ainn gach fir aca. Bhíodar go léir gleusta go breágh. Éadaigh óir do bhí orra. Bhí claidheamh crochta le taoibh gach fir aca, agus bhí sgian dhubh i láimh gach aon mhná. Ní dubhairt siad aon fhocal, acht shuidheadar síos ar chathaoireachaibh agus d'fheuchadar ar Dhiarmuid Mac an Ulltaigh. “Tosaigh arís ar do sgéal,” ar san bhean-uasal, “b'éidir gur fearr a thús 'ná a dheireadh. Tosaigh arís air go gcloisidh mo cháirde é.” Thosaigh Diarmuid arís ar an sgéal, agus d'innis sé as an nuadh é, go dtáinig se go dtí an áit ar choisg an bhean-uasal é, agus lean sé do'n sgéal ann sin.
“Ghlac mé meisneach, chuir mé mo láimh chlé in a bhéal agus níor bh'fada go bhfuair mé greim ar staic do bhí faoi n-a chúl-fhiacail. Tharraing mé amach mo thairnge crúidh capaill, agus chuir mé faoi an staic í, acht ní túisge rinne mé sin 'ná leig sé sgread as nár cualadh a leithéid riamh, is dóigh liom, ó cruthuigheadh an domhan. Gach uile dhuine marbh do bhí ins an sean-roilig d'éirigh sé leis an sgread sin. Léim mé féin siar ó'n bhfear mór agus d'fheuch mé mo thim- chioll. A leithéid d'amharc agus chonnaic mé ann sin ní fhacaidh aon duine riamh. Bhí an roilig uile go léir ar lasadh chomh lonnrach agus dá mbudh meadhon-laé do bhí ann. Chonnaic mé an ghrian agus an ghealach os mo chionn ann. Chon- naic mé na céadta daoine marbh ann, agus a gcuid aisléine geal orra. Shaoil mé gur deireadh an domhain do bhí ann, agus go raibh na mairbh ag éirghe i gcómhair an bhreitheamhnais dheiridh. Acht ní mar sin do bhí sé. Thosaigh- eadar go léir ag gáiridhe agus ag bualadh bos. Ann sin chuir Réidhtigh-m'fhiacail a mhéar in a bhéal, leig sé fead, agus le casadh do láimhe bhí na mairbh uile go léir imthighthe faoi an talamh arís. D'imthigh an ghrian agus an ghealach, agus fuair mé mé féin 'mo sheasamh i láthair Réidhtigh- m'fhiacail arís. “Rinne tú d'obair go maith, ar seisean,” “bhí an staic sin faoi m'fhiacail le seacht mbliadh- naibh, agus ní bhfuair mé riamh aon duine le n-a baint amach go dtáinig tusa. Is fiú do
thuarastal thú, acht ní bhfuighfidh tú é ar an tsaoghal so, acht geallaim duit go mbéidh sé i ndán duit tar éis do bháis. Chonnaic tú roinnt de shluagh na marbh ar ball, tarr liom-sa anois agus taisbeánfaidh mé dhuit áit-chómhnuidhe na ndroch-dhaoine.” Ní raibh fonn ar bith orm an áit sin d'fheiceál agus níor mhaith liom dul leis chor ar bith, acht sul d'fheudas sin a rádh leis bhuail sé a chos trí h-uaire ar an talamh, d'fhosgail an talamh fúinn, agus síos linn. Bhíomar ag imtheacht go dtán- gamar go bruach locha mhóir, acht, i n-áit uisge, is lasair-teineadh do bhí ann. Chonnaic mé na mílte agus na mílte daoine agus iad cean- gailte le slabhradhaibh i lár na lasrach. Bhíodar ag sgreadghail le teann pian. Bhí mé líonta le truagh dhóibh, acht bhí faitchios orm labhairt. Ann sin thug sé go bruach locha eile mé agus dubhairt liom. “Sin é an Phurgadóir.” Dhearc mé síos uaim agus chonnaic mé sluagh mór daoine agus iad ceangailte de leapthachaibh. Teine dhearg do bhí ins na leapthachaibh sin. Bhí siad ag éagcaoin le teann pian. Ann sin rug sé leis mé go machaire mór agus thaisbeán sé sluagh eile daoine dham. Bhí sgiathána briste orra so, agus iad caithte tromac-tramach ag caoineadh go brónach. “Sin iad na h-aingle do caitheadh amach as an bhflaitheas faoi bheith ag clampar le Dia,” ar seisean. Ann sin thug sé mé go béal bóthair do bhí cam cúmhaing, agus dubhairt sé “Sin é bóthar atá dul go
flaitheas, acht ní thig le h-éinne siubhal air go bhfaghaidh sé bás, mar tá aingeal d'á coimhdeacht agus claidheamh teineadh in a láimh aige.” “Anois,” ar seisean liom, “tá cómhairle agam le tabhairt duit, seachain feasta an imirt agus an t-ól agus an droch-chumhlódar * no béidh ifrionn fosgailte rómhat. Is mithid duit fill- eadh abhaile anois. Ní fheudaim aon chómhrádh dhéanamh leat go ceann seacht mbliadhan ó'n oidhche anocht. Tarr chum na sean roilige seo an oidhche sin, agus bíodh do thairrgne crúidh capaill agad, agus tiucfaidh mise chugat.” Andhiaidh sin tháinig ceó ar mo shúilibh, thuit mé mo chodladh, agus nuair dhúisigh mé fuair mé mé féin ag balla na sean-roilige. Bhí breacadh an laé ann an uair sin, agus bhí an fhuiseóg ag seinm go h-árd san spéir. Bhí an ghrian ag éirghe nuair tháinig mé go dorus m'athar. Bhí fearg mhór ar m'athair. Thug sé spreagadh agus masladh mór dham. Dubhairt sé liom imtheacht agus gan cos do chur thar a thairseach arís go bráth, chomh fhad agus bhéadh sé féin beó. Bhí mise tuirseach tinn breóidhte. Nuair fuair mé m'athair imthighthe amach chuaidh mé [do] mo chodladh agus níor mhúsgail mé go maidin lá ar n-a mhárach. Bhí faitchios orm roimh m'athair, agus nuair d'éirigh mé d'fhág mé an teach agus bhuail mé an bóthar go dtáinig mé ann so chugaibh-se. Sin anois chugaibh mo sgéal, acht má bhíonn an onóir agam * = Comhluadar
bheith in bhur gcumhlódar arís oidhche amárach innseóchaidh mé sgéal eile. Labhair fear aca agus dubhairt sé, “béidhmid uile go léir ann so rómhat oidhche amárach.” Leis sin d'éirigheadar, d'fhosgail an dorus mór do bhí ins an taobh-bhalla agus shiubhladar uilig (uile) amach mar thángadar asteach, bean óg ar ghual- ainn gach fir aca. Chomh luath agus bhíodar imthighthe, do leag an bhean-uasal bord breágh i láthair Dhiarmada, a raibh mairt-fheóil caoir-fheóil arán im agus crúis- gín fíona air. D'ith Diarmuid acht níor ól sé aon deór. Tháinig an doirseóir asteach ann sin agus thug sé Diarmuid leis go seomra eile a raibh leabaidh bhláith ann. Luidh sé uirri, thuit sé 'na chodladh, agus níor dhúisigh sé go dtí an lá ar n-a mhárach. Nuair dhúisigh Diarmaid an lá ar n-a mhárach fuair sé biadh ón doirseóir. Ní fhacaidh sé an bhean-uasal ná aon duine de'n chuideachta, cidh go raibh sé ag siúbhal thimchioll an tighe agus na h-áite ar feadh an lae. Nuair tháinig an oidhche glaodhadh air agus leagadh bord in a fhiadhnuise a raibh gach cineál bidh agus dighe air do b'fhearr 'ná a chéile. D'ith sé agus d'ól sé a sháith. Ann sin tugadh é go seomra na mná-uaisle agus dubhairt sí leis “'bhfuil tú réidh le do sgéal innseacht.” “Táim” ar seisean. Chuir sí stoc óir in a béal
agus shéid sí é. D'fhosgail an taobh-bhalla agus tháinig an dá-réag fear céadna asteach, agus iad gleusta mar bhíodar an oidhche roimhe sin, agus bhí a bhean ar ghualainn gach fir. Nuair shuidheadar dubhairt an bhean-uasal le Diarmuid, “tosaigh ar do sgéal anois.” Acht sul d'fheud sé a bhéal fhosgailt le tosughadh, do labhair bean do bhí ann sin. Níor thuig Diarmuid focal d'á raibh sí 'rádh, acht ar an mball dubhairt an bhean- uasal, “cuirigidhe smacht ar bhur mnáibh, no ní thiubhraidh siad éisteacht do'n sgéal.” Leis sin do bhuail gach uile fhear aca a bhean le slaitín draoidheachta agus rinne sé cú bhán dí, agus dubhairt “luidh síos.” Luidh na coin ag cosaibh 'na bhfear, agus thosaigh Diarmuid ar a sgeul innseacht.
SGÉAL AN DARA H-OIDHCHE. As an aon áit amháin tháinig Gobán Saor agus mo shinnsir féin, agus tháinig sgéal Ghobáin anuas ó'n tsean-athair go dtí an t-athair agus ó'n athair go dtí an mac go dtáinig sé fá dheireadh chugam-sa, agus ní'l aon fhocal bréige ins an méid atá mé dul [d'] innseacht daoibh. Nuair bhí Gobán óg, ní raibh aon tsaor ins an domhan chomh dona leis. Bhí sé lá ag teacht a-bhaile tar éis a bheith ag tóruigheacht oibre. Ní bhfuair sé aon obair. Bhí sé tuirseach agus bhí droch-mheisneach air. Thuit sé 'na chodladh agus é ag teacht a-bhaile. Pé ar bith uirlis do bhí aige, bhíodar i mála, agus bhíodar le n-a ais nuair thuit sé 'na chodladh. Tháinig an sluagh sidhe nuair bhí sé 'na chodladh, agus ghéaradar a chuid uirlis dó agus d'fhágadar ins an mála arís iad. Nuair dhúisigh Gobán chuaidh sé a-bhaile. D'fhiafruigh an bhean dé an bhfuair sé aon obair. Dubhairt Gobán nach bhfuair. “Ní'l aon neart agad air,” adeir sí. D'fhan sé ann sin go ceann trí no ceathar de laétheanntaibh agus d'imthigh sé arís go h-áit a raibh teach mór eile d’á dhéanamh. D’iarr sé ar an máighistir do bhí ann an dtiubhradh sé obair dhó. Bhí an máighistir agus an lucht oibre ag dul
chuig a mbreicfeasta nuair tháinig Gobán, agus dubhairt Gobán leis “céurd [créud] a bhéas mé a [=do] dhéanamh go dtigidh sibh.” “O! bí déanamh cait agus dá ruball” [earball], ar san máighistir do bhí ar an lucht oibre, ag magadh faoi, agus d'imthigh sé leis, le n-a bhiadh do chaitheamh. Nuair tháinig sé ar ais bhí cat cloiche déanta ag Gobán agus dá ruball air, agus ní fhacaidh duine ar bith riamh cat do b'fhearr 'ná é. Bhí iongantas ar an máighistir nuair chonnaic sé sin. “Tá obair bheag eile agam ann so agus téidheann sé cruaidh go leór ar chuid againn a dhéanamh agus budh chóir dhuit-se féachaint an ndeanfá í.” Thaisbeán sé dhó é ann sin. Bhí tairgne aige i gclár, ar bhárr an tighe, a bhfad suas i n-áirde, agus thug sé an casúr do Ghobán agus dubhairt leis an tairgne do thiomáint asteach san gclár. Ghlac Gobán an casúr, agus chaith sé suas é, agus bhuail sé an tairgne ar a cheann go díreach, gur thiomáin sé asteach san gclár é — agus sin rud nach bhféadfadh aon fhear aca a dhéanamh acht é féin. Nuair chonnaic an máighistir sin dubhairt sé gur ain-fhear ar fad do bhí ann, agus thug sé obair dhó. Lean Gobán do'n obair, agus ní raibh aon fhear eile le fághail leath chomh maith leis, agus 'sé an chaoi a raibh sé ins an deireadh go mba é féin an máighistir. Ní raibh rud ar bith ag baint le teach ná le saoirseacht nach raibh sé i n-an a dhéanamh. Bhí sé de cháil air ann sin nach raibh aon tsaor san domhan chomh maith leis.
Áit ar bith 'na dhiaidh sin, a mbeith caisleán no teach mór le déanamh, cuirthí fios ar Ghobán le bheith 'na mháighistir ar an obair. D'éirigh leis go maith. Fuair sé maoin agus saidhbhreas. Bí sé ag gabhail [dul] chum aoise ann sin, agus bhí a bhean caillte. Bhí aon mhac amháin aige, acht ní raibh aon mhaith ins an mac so le saoirseacht, acht an oiread le fear ar bith eile. Shaoil na daoine gur fíor-mhac do Ghobán an mac so, acht níor mhac do Ghobán chor ar bith é. Bhíodh Gobán i gcómhnuidhe ag clamhsán nach raibh aon mhac aige, agus bhí sé pósta le fada sul do bhí clann ag a mhnaoi. Ní mac do bhí aici ann sin acht inghean. Ní raibh Gobán san mbaile an lá rugadh í, agus dubhairt an tsean-bhean do bhí ag freastal ar a mhnaoi go raibh mac an lá céadna ag a leithead so de bhean eile do bhí san gcómharsanacht, agus go dtiubhradh sí an mac sin ó n-a máthair agus go gcuirfeadh sí é i leabaidh na h-inghine, agus go dtiubhradh sí inghean Ghobáin do'n bhean eile. Rinne sí sin, agus nuair tháinig Gobán a-bhaile fuair sé mac roimhe, agus bhí áthas an domhain air. Nuair d'fhás an mac ní raibh sé cosmhail le Gobán chor ar bith, agus bhí Gobán i n-aimhreas nár leis féin é. Chualaidh sé caint fá dheireadh gurbh 'inghean do bhí aige féin, agus gur fágadh an mac so in a h-áit. Budh mhaith leis an sin an inghean fhághail amach agus í do phósadh leis an mac, acht ní raibh fhios aige cá raibh sí. Dubhairt sé leis féin, ann sin, nach raibh aon chailín san
tír ar chóir dhí bheith chomh glic le n-a inghin féin, “óir budh dúal athar dhí bheith glic,” ar seisean, “agus má fhághaim amach an cailín is glice insan tír is dóigh go mbéidh m'inghean féin agam innti, agus má tá sí cosmhail liom-sa béidh mé cinnte dhé. Níor innis Gobán d'aon fhear ariamh cia an chaoi a bhfuair sé an tsaoirseacht. Dubhairt sé leis an mac gur mithid dó bheith pósta. Dubhairt an mac gur cuma leis. D'imthigh Gobán ann sin agus mharbh sé caora agus bhain sé an croiceann agus an olann dí [d'fhág sé an olann ar an gcroiceann], agus thug sé do'n mhac é, agus dubhairt leis a dhíol “agus ní fhéadfaidh tú aon bhean phósadh,” adeir sé, “acht an bhean bhéarfas croiceann na caorach duit agus a luach [agus ná h-iarr ar aon bhean aca acht an croiceann 's a luach].” D'imthigh an mac, lá ar n-a mhárach, agus thug sé leis croiceann na caorach, agus bhí sé dul siar agus aniar tríd an margadh agus é ag fiafruighe cia bhéarfadh an croiceann 's a luach dó. Ní raibh na daoine acht ag magadh faoi. Tháinig sé a-bhaile agus an croiceann aige, agus dubhairt sé leis an athair nach bhfuair sé aon duine do bhéarfadh dhó é. “Caithfidh tú imtheacht amárach arís,” adeir an t-athair. D'imthigh sé, lá ar n-a mhárach, agus bhí an sgéal céadna aige, ag fiafruighe cia bhéarfadh an croiceann agus a luach dó.
Bhí bean óg ag dul chum an tobair i gcoinne uisge, agus chonnaic sí é an dá lá. Tháinig sí chuige anois agus dubhairt sí leis go dtiubhradh sise an croiceann agus a luach dó. Thug sí léi an croiceann agus bhain sí an olann dé agus thug sí dhó an croiceann 's a luach. * Tháinig sé a-bhaile chuig Gobán. D'innis sé dhó gur casadh bean óg dó, thug an croiceann 's a luach dó. “An aithneochthá í arís?” adeir Gobán. “Ní aithneóchainn,” adeir sé. Chuir Gobán fios ann sin ar gach bean óg d'á raibh ins an áit, agus thug sé dinneár dhóibh. Nuair bhí an dinnéar thart aca, chuir sé síos teine cnámh. Nuair bhí an teine dearg, lasta suas, chuir sé na mná óga uile go léir thart thimchioll ar an teine, agus bhí sé ag fiafruighe de gach aon aca an bhfacadar aon teó [teine] riamh níos teótha 'ná í sin. Dubhairt gach uile dhuine aca nach bhfacaidh, no go dtáinig sé go dtí an bhean óg so. “A!” adeir sí, “is teótha aon tsineán amháin gaoithe andeas 'ná teinte caip(?) na hÉireann.” Bhreathnuigh Gobán uirri, agus chonnaic sé go mba chosmhail leis féin í. Bhí fhios aige ar an móimid go raibh a inghean ar fághail aige. * i.e., Thug sí an croiceann (nach raibh aon mhaith ann) ar ais dó, acht chongbaigh sí féin an olann, agus thug sí luach an chroicinn do’n fhear, acht ní thug dó, is dóigh, luach na h-olla!
“Is tú theastuigheas uaim-se,” arsa Gobán “caithfidh tú mo mhac phósadh.” “Má phósaim-se do mhac,” adeir sí, “béidh sé in mo mhargadh má thigeann aon bhriseadh-amach eadrainn go gcaithfidh mé mo thrí lán-ualaighe * fhághail de rud ar bith a bhéas ins an teach, agus cead agam iad d'iomchar amach dam féin.” “Déanfaidh sin,” adeir sé, “bhéarfaidh mé sin duit.” Phós sí an mac ann sin, agus i gceann trí ráithe bhí mac aici. Bhí cion mór ag Gobán uirri. Acht fa dheireadh tháinig briseadh-amach eatorra, mar bhíodh sí ag múnadh dlighe, agus níor thaithnigh sin le Gobán, dubhairt sé go gcaithfeadh sí an teach fhágbháil. “Má chuireann tú d'fhiachaibh orm an teach d'fhágbháil caithfidh tú do mhargadh sheasamh liom- sa,” ar sise. “Seasfad,” ar seisean. Dubhairt sí le n-a fear, “teirigh ar an mbord agus gabh ar mo dhruim.” Chuaidh an fear ar a druim agus d'iomchar sí amach é, gur fhág sí taobh-amuigh de'n dorus é. Ba é sin a céad- ualach. Chuaidh sí asteach arís agus thug sí léi a mac agus d'fhág sí taobh amuigh é. Ba é sin an * “Seanmhara” no “seanúra” dubhairt an sgéaluidhe agus mhínigh sé sin mar ualach mór, an oiread agus is féidir le duine a iomchar. B’éidir gur “sean-eire” an focal ceart.
dara h-ualach. Chuaidh sí asteach arís agus thug sí léi oiread airgid agus d' fhéad sí 'iomchar. Ba iad sin an trí h-ualaighe. Nuair chonnaic Gobán an rud do bhí déanta aici dubhairt sé léi dul asteach san tigh agus nach n-abróchadh sé aon fhocal go bráth arís uirri [na h-aghaidh]. Cuireadh fios 'na dhiaidh sin ar Ghobán agus ar a mhac le cúirt bhreágh do dhéanamh do dhuine mór éigin, acht bhí rún ag an duine seo Gobán agus a mhac do mharbhadh chomh luath agus bheith an chúirt críochnuighthe aca, ins an gcaoi nach mbeith aon chúirt eile ins an domhan mar í. Dubhairt Gobán go rachadh sé. D'fhág sé an baile an lá ar n-a mhárach agus bhíodar ag siubhal an bóthar ag imtheacht go dtí an áit a rabhadar leis an gcúirt do dhéanamh. Is gearr do bhíodar ag imtheacht nuair dubhairt Gobán leis an mac an bóthar do ghiorrughadh. Thosaigh an mac ag siubhal go beó, chomh tapa agus d'fhéad sé, acht dubhairt Gobán leis ann sin “fill a-bhaile,” agus d'fhilleadar. Bhí fhios ag Gobán go maith nár chuir an bhean aon chómhairle air. D'imthigheadar lá ar n-a mhárach agus dubhairt sé leis an mac arís an bóthar do ghiorrughadh. “Maiseadh! ní fheudfaidh mé a ghiorrughadh níos fearr, tá mé ag siubhal chomh maith agus fhéadaim.” “Fill a-bhaile,” arsa Gobán. Bhí fhios aige nár chuir an bhean aon chómhairle air. D'fhilleadar an dara lá. “Maiseadh”! arsa 'n bhean le mac Ghobáin, “cia an t-úghdar [fáth] (le)
go bhfuil sibh ag tigheacht a-bhaile.” “Ní'l fhios agam,” adeir an mac, “acht go n-abrann sé liom-sa gach lá an bóthar do ghiorrughadh.” “Anois,” adeir sí, “nuair iarrfaidh sé ort amárach an bóthar do ghiorrughadh, tosaigh ag innseacht sgéil dó. Bheirim cómhairle eile dhuit anois, agus ná dearmad í, cibé áit a mbéidh tú ó fhágann tú an baile, ná bí i n-aon áit nach gcoinneóchaidh tú na mná leat.” Sin í an chómhairle do chuir sí air. An tríomhadh lá an sin, nuair thosaigheadar ag imtheacht ar an mbóthar, dubhairt Gobán leis an mac arís an bóthar do ghiorrughadh. Thosaigh an mac ag innseacht sgéil dó. Bhí fhios ag Gobán ann sin gur chuir an bhean cómhairle air, agus bhí sé sásta. D'imthigheadar ann sin go dtángadar gus an áit a raibh an chúirt le déanamh. Tháinig an duine-uasal go dtí Gobán agus d'fhiafruigh sé dhé an raibh sé dul an chúirt do dhéanamh, agus dubhairt Gobán go raibh. “Déan dam anois í,” adeir sé, “ins an gcaoi nach mbéidh aon chúirt eile le fághail mar í.” “Deunfad,” arsa Gobán. Chuadar ag obair ann sin le chéile, an t-athair agus an mac. Chuimhnigh an mac ar an gcómhairle do chuir an bhean air, agus é ag fág- bháil an bhaile, agus bhí sé an-mhór leis na cailínibh do bhí insan teach. Bhí sé ag gealladh do dhuine aca go bpósfadh sé í acht go mbeith * an chúirt * .i. chomh luath agus bheith
réidh. Tháinig an cailín seo chuige, lá, agus dubhairt sí leis. “A,” adeir sí, “tá tú féin agus Gobán le cur chum báis nuair bhéas an chúirt seo réidh agaibh, ins an gcaoi nach mbéidh aon chúirt eile san domhan mar í. Nuair bhéas sibh-se marbh ní fhéadfaidh sibh cúirt eile thógbháil a bhéas níos breághdha 'ná í seo. Béidh gárda orraibh ins an gcaoi nach bhféadfaidh sibh imtheacht nuair bhéas an chúirt réidh.” D'innis an mac do Ghobán ceurd dubhairt an cailín leis. An lá do bhí an chúirt réidh, tháinig an duine uasal amach go dtí Gobán, agus d'fhiafruigh sé dhé an raibh an chúirt réidh. Dubhairt Gobán leis go raibh, acht nach bhféadfadh sé an slacht ceart do chur uirri go mbeith aon bhall uirlise amháin do bhí ins an mbaile aige. Dá mbeith sé sin agam ní bheith aon chúirt ins an domhan chomh críochnuighthe leis,” adeir sé, “agus caithfidh mé mo mhac chur 'na choinne.” “Ná cuir,” arsa 'n duine uasal, “acht chuirfidh mise mo mhac féin 'na choinne, acht go gcaithfidh tú ainm na h-uirlise innseacht do.” “D'eile [= maiseadh!] innseóchaidh mise an t-ainm dó,” adeir Gobán. Tháinig mac an duine-uasail go dtí é, agus dubhairt leis go n-imtheóchadh sé féin ag tóruigheacht na h-uirlise dhó. “Tá go maith,” ar Gobán, “an bhean bhéas rómhat san tigh bhéarfaidh sí dhuit é, agus abair léi gur ab é an t-ainm atá air ‘cor-anghaidh- an-choir agus cam-anaghaidh-an-chaim.’”
“D'imthigh mac an duine-uasail leis agus tháinig sé go dtí bean Ghobáin, agus d'iarr sé uirri é sin do thabhairt dó. “A!” adeir sí, “tabhair leat, thú féin, é, tá sé ins an gcófhra mór atá ann sin thuas.” Chuaidh seisean suas agus d'fhosgail sé an cófhra. “Ní fheicim é,” adeir sé. “Tá sé ar thóin an chófhra,” adeir sí, “agus tóruigh é.” Chrom sé é féin le tóin an chófhra do chuartughadh, agus nuair fuair sí crom-anuas é, rug sí ar a dhá chois agus chaith sí asteach san gcófhra é. “Fuirigh ann sin, anois,” adeir sí, “go bhfághaidh mise an rud atá mé 'iarraidh.” Chuir sí glas ar an gcófhra ann sin. D'fhan seisean ann i gcaitheamh na h-oidhche go dtí an lá ar n-a mhárach. Ghlaodh sé as an gcófhra ann sin, ar an mnaoi, píosa páipéir do thabhairt dó go sgríobhfadh sé chuig an athair go raibh sé congbhuighthe ann sin go dtigeadh Gobán agus an mac a-bhaile. Nuair fuair an duine- uasal an litir b'éigin dó Gobán agus an mac sgaoileadh a-bhaile, agus, nuair thángadar, do leigeadh amach an duine-uasal óg agus chuaidh sé a-bhaile chuig an athair. Ní raibh Gobán a bhfad san mbaile tar éis teachta a-bhaile dhó, go dtáinig tinneas air. Bhí sé san seomra agus níor fhág sé an leabaidh. Dubhairt an bhean, lá amháin, leis an mac, dul siar ins an seomra, agus fiafruighe cia an chaoi a raibh an t-athair. Nuair tháinig sé asteach d'fhiafruigh an t-athair dhé an raibh aon sgéal
nuadh aige. Dubhairt an mac leis nach raibh. D'fhiafruigh an bhean de'n mhac nuair tháinig sé amach ceurd dubhairt an t-athair leis. “Ní dubhairt sé dada acht fiafruighe dhíom an raibh aon sgéal nuadh agam,” adeir sé. “Má fhiafruigheann sé amárach díot é,” arsa 'n bhean, “abair gur thuit Caisleán Bhaile-an-Chláir aréir.” Rinne an mac, sin. “A!” adeir Gobán nuair chualaidh sé é, “ní fhéadfadh sé tuitim, mar chuir mise caid ar chaid caid os cionn caid agus caid idir dhá chaid.” D'innis sé do'n mhnaoi an rud adubhairt an t-athair. Bhí fhios aici ann sin an chaoi a ndearnaidh sé a chuid caisleán chomh daingean sin. Budh mhaith léi a fhághail amach ann sin cad é an t-ádhmad do b'fheárr dhíobh uilig [uile], agus dubhairt sí le n-a fear, lá ar n-a mhárach, “Anois nuair théidheann tú asteach go dtí d'athair abair leis gur chuir maithe * na coille a mbeannacht chuige.” Dubhairt an mac sin leis. “O!” arsa Gobán, “cuirim-se mo bheannacht leis an gcuileann críon.” Bhí fhios aici ann sin gur ab é sin an t-ádhmad do b'fhearr. Níor bhfada 'na dhiaidh sin gur cailleadh Gobán. Sé an áit a bhfuil sé curtha áit a dtugann siad Cnoc-a-sgonnsa air, i bhfuigseacht míle do Ghaillimh. * “Maithe” sin daoine móra no prionnsaí na coille. Acht dubhairt sgeuluidhe eile “Righ na Coille” agus d’fhreagair Gobán do réir an sgeuluidhe eile seo “Maiseadh! an cuileann caoin bocht”!
Anois a dhaoine uaisle sin deireadh le mo sgéal, acht má leigeann an chuideachta onórach so dham béidh sgéal eile agam dóibh oidhche amárach. “Budh mhaith an sgéal é,” arsa fear aca, ag tarraing amach a shlaitín agus ag bualadh go h-éadtrom na con báine do bhí le n-a chois. Rinneadh bean-uasal dí ar an móimid. Bhuail gach fear aca a chu féin, agus d'éirigh na coin 'na mnáibh-uaisle. D'fhosgail an dorus do bhí ins an taobh-bhalla, d'úmhlaigh gach fear agus gach bean aca do mhnaoi-an-tighe, agus shiúbhladar amach go mall staidéarach, gach bean aca ar ghualainn a fir féin, mar thángadar asteach, agus do dhruid an dorus uaidh féin 'na ndiaidh. Tháinig an doirseóir ann sin. Leagadh suipéar maith i láthair Dhiarmada, agus nuair bhí sé ithte aige thug an doirseóir go dtí a leabaidh é agus chuaidh sé do chodladh. Chaith Diarmuid an lá ar na mhárach mar chaith sé an lá roimhe sin. Ní fhacaidh sé aon duine de na daoinibh uaisle, ná máighistreas an tighe, ná éinne acht an doirseóir, agus ní raibh aon chaint ná aon eólas ar an áit ná ar na daoinibh do bhí innti le baint as an bhfear sin. Glaodhadh air, nuair tháinig an oidhche, agus tugadh é go dtí
an seomra mór áluinn i n-áit a raibh an bhean- uasal. Bheannuigh sí dhó, agus ann sin d'fhiafruigh sí dhé “raibh sé réidh le tosughadh ar an sgéal.” Dubhairt Diarmuid go raibh. Chuir sí stoc beag óir chum a béil agus shéid sí é. Ar an móimid d'fhosgail an dorus mór do bhí san taobh-bhalla agus shiubhal an dáréag fear asteach agus an dáréag ban, gach bean aca ar ghualainn a fir féin. Shuidheadar síos mar shuidheadar an oidhche roimhe sin, agus dubhairt an bhean-uasal “Tosaigh an sgéal.” Thosaig Diarmuid ann sin.
SGÉAL AN TRÍOMHADH H-OIDHCHE. I bhfad ó shoin, agus is fad ó bhí, do bhí righ i dtuaisceart na h-Éireann. Do phós sé gan fhios do'n tsaoghal inghean a mhaoir-muice féin. Bhí mac aici. Dáithi do baisteadh ar an mac. Bhí náire ar an righ leigeant amach gur phós sé bean chomh h-ísioll agus chomh bocht sin, agus cheil sé a mhac go dtáinig sé chum aoise fir, agus cheilfeadh sé níos fuide é muna mbeith rud do thuit amach an uair sin. Bhí ridire-claidhimh 'na chómhnuidhe i ngar do chaisleán an righ, agus d'éirigh carthanas mór idir é féin agus Dáithi. Bhíodh siad go minic ag seilg agus ag iasgaireacht le chéile. Mhúin an ridire eólas an chlaidhimh dó, agus do bheireadh sé ór agus airgead dó a-gan- fhios d'éinne ins an gcómharsanacht, agus bhí capall cú agus seabhac ag Dáithi chomh maith agus bhí ag an righ féin, acht ní raibh 'fhios sin ag an righ. Aon lá amháin do bhí an righ leis féin in a sheomra, agus thosaigh sé ag smuaineamh ar an chaoi a raibh sé ag caitheamh a bheatha, agus dubhairt sé leis féin. “Is mór an t-amadán mé nár phós mé bean-uasal mhór éigin fad ó shoin, agus bheith oidhre cóir agam anois a bhfeudfainn mo ríoghacht fhágbháil aige mo
dhiaidh. Is feárr go deireannach 'ná go bráth,” ar seisean leis féin; “tá inghean áluinn ag righ na Mumhan, agus táim cinnte go bhfuighidh mé í le pósadh.” D'éirigh sé go moch ar maidin, gabhadh a charbad dó, agus chruinnigh sé sluagh de shaigh- diúraibh agus de lucht airm, agus níor stad sé go ndeachaidh sé suas go Cúige Mumhan agus go dtáinig sé go Caisleán an righ agus d'iarr sé an inghean, ar an righ, le pósadh. “Ní'l sé ar mo chumas m'inghean do thabhairt do dhuine ar bith,” ar san righ, “i n-aghaidh a tola féin, acht má tá sise toilteannach le do phósadh, bíodh sí agad agus fáilte.” Chuireadar fios ar Mhéadhbh, ba í sin an inghean, agus nuair tháinig sí dubhairt an t-athair léi. “Sé seo righ uasal ó Chúige Uladh; tháinig sé aistear fada ag iarraidh do phósadh-sa a inghean. Ar mhaith leat é phósadh?” “Ní phósfainn é,” ar sise, “dá mbeith Éire gan fear innti acht é féin. B'fhearr liom a mhac do phósadh 'ná é.” Tháinig fearg mhór ar an righ ó'n dtuaisceart agus dubhairt sé go raibh sí ag innseacht bréige, agus nach raibh aon mhac aige. “Is bréagadóir thú féin,” ar sise, “breag- adóir gan onóir.” “Cruthóchaidh mé le mo chlaidheamh nach bréag- adóir mé,” ar seisean. “Ní chruthóchaidh tú,” ar sise, “acht má tá claidheamh i gCúige Mumhan cuirfidhear i n-iúl
duit gur bréag atá tú [dh]innseacht sul má fhilleann tú ar ais go h-inghean mhaoir na muice.” “Ní cladhaire mé, ní throidim le mnáibh,” ar seisean. “Tá 's agam gur cladhaire thú,” ar sise, agus leis sin rug sí ar chlaidheamh do bhí crochta ar an mballa agus leis an bhfeirg do bhí uirri tharraing sí buille air. Chuir sé a lámh chlé suas 'gá chosaint féin, agus bhain sí an lámh dé. “Anois,” ar sise, “fill ar ais go bean na muc, bhain mise sásadh asat.” “B'fhearr liom bheith ar leath-láimh,” ar seisean, “'ná bheith pósta le spriosóig draoidheachta!” Nuair bhí an righ ag dul abhaile d'fhiafruigh a lucht-airm dé cia an chaoi ar chaill sé a lámh. “Ag troid le leómhan,” ar seisean, “agus mharbh mé an leómhan.” Nuair tháinig sé abhaile bhí truagh mhór ag na daoinibh dhó, faoi a lámh do chailleamhaint ag troid le leómhan. Acht níor bhfada go bhfuaradar amach an fhírinne, thionntaigh an truaigh chum magaidh, agus bhí rann aca. Bhí fear ann fad ó, 'gus is fad ó bhí. Chaill sé a lámh ag tóruigheacht mnaoi. * Bhí fearg ar an righ nuair chualaidh sé an rann, acht níor leig sé air gur thuig sé go raibh siad ag déanamh magaidh faoi féin. * Mná
Aon lá amháin chuaidh an righ agus uaisle na tíre ag seilg. Nuair ruaigeadh an fiadh as coill do leanadar é, acht chuaidh na h-uaisle eile amach roimh an righ, mar nach raibh sé 'na chomh maith de mharcach anois agus bhí sé sul má chaill sé a lámh. Lean sé lorg na gcapall go dtáinig sé go bruach coille. Chaill sé an lorg ann sin, agus bhí sé ag brath ar fhilleadh, nuair chonnaic sé chuige bean áluinn agus í ag marcuigheacht ar each chomh geal leis an sneachta. Bheannuigh sé do'n mhnaoi- uasail, agus bheannuigh sise dhó-san, agus dubhairt “Ná teirigh níos fuide a righ, tá an fiadh marbh.” “Cia mharbh é”? ar san righ. “Do mhac féin,” ar sise, “mac inghine mhaoir na muice. Éist liom-sa anois, má's mian leat bheith buan beó, ná ceil do mhac níos fuide. Is inghean righ oileáin an óir mise, bím mo chómhnuidhe faoi shliabh na mban, agus má's maith leat mé phósadh tá mise réidh le do phósadh-sa. Má thagann tu chum m'athar tá mé cinnte go dtiubhraidh sé mise dhuit mar mhnaoi.” Thug an righ grádh do'n mhnaoi áluinn ar an gcéad-amharc, agus dubhairt sé go rachadh sé léi, agus go n-iarrfadh sé í ar a h-athair, acht nach raibh fhios aige cá raibh a ríoghacht. “Gabh anaice liom,” ar sise, “beir ar shrian mo chapaill, agus béarfaidh mise ar shrian do chapaill-se.” Leis sin dubhairt sí focla éigin nár thuig an righ, agus le casadh do láimhe bhí sé ag eitill tríd an aéir ar thaoibh ná mná áilne.
Nuair tháinig siad go bun an tsléibhe thuirling siad, agus dubhairt sí arís focla eile nár thuig seisean. D'fhosgail an sliabh, agus shiubhal sise asteach, agus shiubhal seisean 'na diaidh. Ní raibh siad a-bhfad ag siubhal go dtáinig siad go gáirdín breágh a raibh crainn ann fa gach uile shórt bláith agus toradh. Bhí caisleán ar an taoibh thall de'n gháirdín. Chuadar tríd an ngáirdín agus asteach san gcaisleán. Bhuail an bhean dorus seomra, d'fhosgail an dorus, agus chuaidh sí asteach, agus an righ 'na diaidh. Bhí fear mór ann sin rompa, agus feusóg liath air. Ba é sin Rígh Oileáin an Óir. “A Athair,” ar sise, “seo rígh ó Chúige Uladh agus tháinig sé chugat-sa le mise iarraidh ort le pósadh.” “Ní bhfuighidh sé thu,” ar san t-athair, “mar nach bhfuil ann acht pleóite de chladhaire gan onóir, agus muna dtéidh sé ar ais agus bainríoghain dhlisteannach do dhéanamh d'inghin mhaoir na muice cuirfidh mise é in a cheart-sheas- amh le n'a dhá shál i n-áirde ar bhárr Shliab-na- mban, go bpiocfaidh éanlaith an aér gach uile greim feóla dá bhfhuil ar a chnámhaibh. Imthigh anois agus fág ar ais é.” Shiubhladar ar ais agus amach as an sliabh arís. Bhí an dá chapall ann sin rompa, chuadar suas orra, agus d'fhág sise é ag bruach na coille arís. D'fhág sí slán agus beannacht aige ann sin, agus dubhairt leis, “Ar d'anam, a righ, déan an rud d'ordaigh m'athair dhuit, no déanfaidh seisean an rud adubhairt sé.”
Anois a bhean-uasal agus a chuideachta uasail onóraigh, ní raibh ins an méid seo do thuit amach do'n righ acht taisbeánadh * no taidhbhreamh. Seo í an fhírinne, shaoil an righ bealach aithgiorrach do dhéanamh dó féin thríd an gcoill, agus tháinig sé i n-aghaidh crainn mhóir agus fuair sé leónadh do bhain a chiall agus a réasún dé. Nuair bhí sé 'na luidhe annsin ar an talamh 's eadh fuair sé an taisbeánadh. Nuair tháinig na seilgirí ar ais fuaradar an righ 'na sheasamh ar bhruach na coille. D'fhiafruigheadar dhé cad do bhain dó nár lean sé iad. “Saoilim go bhfuil m'each caoch,” ar seisean, “thug sé i n-aghaidh crainn mhóir mé agus táim gortuighthe leónta. Cia mharbh an fiadh? “Dáithi do mharbh é,” ar siad-san, — ba é sin mac an righ. Tugadh an righ a-bhaile agus cuireadh fios ar na dochtúiribh. Dubhairt siad-san leis an righ go gcaithfeadh sé fanamhaint go ciúin socair gan corughadh agus go mbeith biseach air i gceann seachtmhaine. Bhí an righ féin cinnte go ndeachaidh sé go h-oileán-an-óir i n-éinfheacht leis an mnaoi áluinn, acht níor leig sé aon rud air. Nuair fuair sé biseach chuir sé fios ar inghin mhaoir na muice, dubhairt sé go raibh brón air nár admhuigh sé í fad ó shoin, acht go n-innseóchadh sé do'n tsaoghal ar fad anois gurab í a bhean féin í, agus go mbeith bainfheis cheart aca anois. Chuir * “Taisbeán” dubhairt an sgeulaidhe.
sé amach cuireadh chum na bainnse d'uaislibh na cúige. Tháinig dream mór dhíobh. Nuair bhíodar go léir cruinnighthe ghlaodh sé ar Dháithi agus nuair tháinig sé i láthair dubhairt sé leó go léir. “Sé seo mo mhac-sa, acht cheil mé go dtí an la indiú é.” Ba ghnáthach an uair sin cleathairí no geamairí * do bheith ag gach uile bhainfheis, agus bhí sluagh mór aca i láthair anois. Bhí fear greannamhail 'na measg agus dubhairt sé an rann so — 'Sí an bhainfheis is áilne Bhí ariamh ins an gcrích í, Bainfheis Righ leath-lámhaigh Agus inghine mhaoir muice. Tháinig fearg ar an righ agus dubhairt sé, “Gabh an cleathaire sin agus beir chugam ann so é go gcuiridh mé mo chlaidheamh tríd a chroidhe.” Gabhadh an cleathaire, agus nuair stróiceadh an t-éadach bréagach dé, cia bhí ann acht Ridire an Chlaidhimh, cara na mhic-righ. Tháinig fearg ar Dháithi agus dubhairt sé leis an ridire, “níor shaoil mé riamh go gcuirfeá easonóir orm-sa, agus ar m'athair a's mo mháthair ar an ocáid seo. Ní fhéadann m'athair sásadh do bhaint asat, acht bainfidh mise asat é. Bí ag bun an chnuic ar maidin amárach agus béidh fhios
againn cia againn an fear is fearr.” “Tá go maith,” ar san ridire agus ghlaoidh se arís — “Béidh cath cruaidh amárach ann Agus spáirn ag bun na gcnoc, Idir ridire an chlaidhimh Agus mac inghine mhaoir na muc!” Ghlaodh an righ ar a chuid fear ann sin agus d'ordaigh sé dhóibh gach uile dhuine do thiomáint amach as a chaisleán acht a bhean agus a mhac agus na seirbhísighe, agus na geataí do dhúnadh. Bhí brón mór ar mhac an righ an oidhche sin agus é in a sheomra ag smuaineadh ar an gcath do bhí roimhe an lá ar n-a mhárach le n-a charaid féin. Tháinig an t-athair agus an mháthair agus shaoileadar bac a chur air, acht ní raibh aon mhaith in a gcaint; dubhairt an mac go mbfeárr leis an bás 'ná an easonóir. Ar maidin go moch ghleus sé é féin agus chuaidh go bun an chnuic. Bhí an ridire ann roimhe. Chraitheadar lámh le chéile go carthanach. “Níor shaoil mé,” ars an mac righ, “go bhfeicfinn cath go deó idir thusa agus mise.” “Níor shaoilis, ná mé féin, acht is tusa do chuir orm é, tugann siad Ridire an chlaidhimh orm, agus níor bhfiú mé an t-ainm muna dtroidfinn leat.” Tharraing gach aon aca a chlaidheamh agus d'ionnsaigh siad a chéile. Is ann sin do bhí an gearradh agus an sáthadh. Do ghnídís cruaidh de'n
bhog agus bog de'n chruaidh, do ghnídís árd de'n ísioll, agus ísioll de'n árd, agus tharraingidís fíor-uisge as lár na carraige léithe le neart an chatha do bhí eatorra. Tháinig cith teinntighe as a gcuid claidheamh do las an talamh míle ar gach taoibh díobh. Nuair bhí an ghrian ag dul faoi, trathnóna, dubhairt an mac righ “tá sé i n-am dúinn stad go maidin.” “Tá go maith, béidh mé ann so rómhat ar maidin amárach le h-éirge na gréine,” ar san Ridire. Ar maidin, lá ar n-a mhárach, bhí an bheirt ghaisgidheach ag bun an chnuic le h-éirghe na gréine. Má throideadar go géar indé ba sheacht gcruaidhe an cath do bhí eatorra an lá so. Ní raibh aon chath eile i n-Éirinn riamh le cur i gcómórtas leis acht an cath do bhí idir Chúchulainn agus Feardia ar an áth. Nuair bhí an ghrian ag dul faoi, an dara lá, thug an ridire buille a bháis do'n mhac-righ agus thuit sé marbh. Tamall 'na dhiaidh sin bhí an bhainríoghain, inghean mhaoir na muice, 'na h-aonar i ngarrdha an chaisleáin, ag déanamh bróin faoi bhás a mhic, nuair chonnaic sí go h-obann sean-bhean 'na seasamh le n-a taoibh. “Tá tú ag caoineadh,” ars an tsean-bhean, “innis dam ádhbhar do bhróin.” “Mac breágh do bhí agam agus mharbh Ridire an chlaidhimh orm é,” ar sise.
“Dá mbeith sásadh agad as an Ridire ní bheith an oiread sin bróin ort,” ars an tsean-bhean. “Béidh brón orm go bráth,” ars an bhain- ríoghain, “acht mo léan géar nár baineadh sásadh as an Ridire.” “Coisg do bhrón,” ar san bhean, “bainfidh mise sásadh dhuit as an Ridire — dhuit-se agus dam féin. Bhí inghean agam-sa, agus ní phósfadh an ridire sin í cidh gur gheall sé dhí í phósadh. Tá cúmhacht draoidheachta agam-sa, acht ní raibh sé ceaduighthe agam baint leis an ridire no gur mharbh sé do mhac-sa. Tar éis sin do dhéanamh dhó bhí cúmhacht agam-sa air, agus cuirfidh mise é i riocht nach dtarróngaidh sé claidheamh arís go bráth. Déanfaidh mé sin sul éirigheann an ghrian amárach.” “Má ghnidh tú an rud adeir tú, bhéarfaidh mise dhuit an nidh is fearr leat ins an gCaisleán,” ars an bhainríoghain, “agus bhéidh mé féin buidheach go deó dhíot.” D'imthigh an tsean-bhean uaithi ann sin; agus nuair tháinig dorchadas an trathnóna chuir sí athrughadh crotha uirri féin agus chuaidh sí go teach an Ridire. Anois do bhí an Ridire i ngrádh le mnaoi óig uasail * agus bhí súil aige í phósadh. Dubhairt an tsean-bhean leis go raibh an bhean- uasal sin ag fanamhaint leis ar bhruach loch'-na- n-éan agus gur chuir sí í féin le rádh leis teacht * Ba í sin an bhean-uasal a bhfuil Diarmuid Mac-an- Ultaigh ag innseacht a chuid sgéal dí anois. Feach leathanach deiridh an leabhair.
chuici go tapaidh, go raibh rud aici le rádh leis. D'imthigh an Ridire, acht chomh luath agus táinig sé go bruach an locha do bhuail an tsean-bhean é le slaitín draoidheachta agus rinne sí carn-cloiche * dhe. “A bhainríoghain,” ars an tsean-bhean, “do rinne mé an rud adubhairt mé leat. Ní tharróngaidh an ridire a chlaidheamh arís i n-aghaidh duine ar bith. Tá sé anois in a charnán-cloiche ar thaoibh Loch-na-n-éan, agus ní bhéidh fóiríghin le fághail aige go bráth, acht caithfidh sé fanamhaint ann sin no go dtigidh an bhean a bhfuil sé i ngrádh léi, agus í do ghlaodhach air in a ainm agus in a shloinneadh, acht sin rud nach dtuitfidh amach go bráth, óir ní bhéidh fhios aici gur ab é atá ann sin i riocht cloiche ar bhruach an locha.” “Cad a bhéarfas mé dhuit ar son an mhéid do rinne tú?” ar san bhainríoghain. “Ní thiubhraidh tu rud ar bith dham, agus ní ghlacfaidh mé rud ar bith uait. Tá sásadh agam féin anois as an rud do rinne sé dom' inghin. Níor iarr mé acht sin. Rachaidh mé chum suaimhnis anois.” * “Cairneach” dubhairt an sgeuluidhe. Is i n-uisge, no ar uisge, no le h-ais uisge cuirtear an draoidheacht is fearr agus is buaine.
Leis sin d'imthigh sí as amharc chomh h-obann * agus tháinig sí. Tá an ridire ar bhruach an locha agus é 'na chairneach (?) ó'n lá sin gus an lá indiú, agus béidh sé ann go deó go bhfághaidh sé an chabhair sin ó'n té i raibh sé i ngrádh léi. Anois a chúmhlódair † onóraigh ní'l aon fhear eile beó i n-Éirinn a bhfuil an sgéal so aige, acht mé féin. Agus ní ó aon duine amháin ná ó bheirt ná ó thriúr do chruinnigh mise é, acht fuair mé ins gach aon áit é, agus chuir mé le chéile é i riocht nach bhfuil aon fhocal ann acht an fhírinne, agus má leigeann sibh dam béidh sgéal eile agam daoibh, oidhche amárach. D'éirigh na fir ann sin. “Sgéal maith,” adubhairt siad. D'éirigh na mná leó. D'fhosgail an dorus ins an taobh-bhalla, agus shiubhladar amach mar thángadar asteach. Dhruid an dorus uaidh féin, agus fágadh Diarmuid agus bean-an- tighe le chéile. Bhí cruth uirri anocht nach bhfacaidh Diarmuid uirri riamh roimhe sin. Thigeadh lasadh in a gruaidh agus d'imthigheadh sé arís.‡ Bhí mí- shuaimhneas mór éigin uirri. D'fhosgail sí a béal le labhairt, acht ní tháinig aon fhocal amach as. Rinne sí sin trí uaire i n-diaidh a chéile. Bhí * “Tobann”, dubhairt an sgeulaidhe. † Cómhluadair. ‡ Mar ba í do bhí i ngrádh le Ridire an chlaidhimh. Féach deireadh an leabhair.
iongantas an domhain ar Dhiarmuid acht bhí sgannradh mór air, leis, agus níor leig an faitchios dó focal do rádh. Faoi dheireadh d'imthigh an bhean-uasal uaidh gan labhairt, tháinig an doirseóir asteach, agus tugadh Diarmuid go dtí a leabaidh bhláith. Chodail sé ann sin ar feadh na h-oidhche. Do chaith Diarmuid an lá ar n-a mhárach mar chaith sé na laetheannta roimhe sin. Ní fhacaidh sé éinne, gur glaodhadh air san tráthnóna. Chuaidh sé asteach go dtí an seomra mór lasta, agus d'fhiafruigh an bhean-uasal dé “raibh sé réidh le n-a sgéal do thosughadh.” Dubhairt sé go raibh. Chuir sí a fídeóigín óir in a béal, shéid í, agus ar an móimid d'fhosgail an dorus mór san taobh- bhalla agus shiubhal an chuideachta chéadna asteach. Shuidheadar síos mar na h-oidhcheannta roimhe sin. Agus thosaigh Diarmuid ar a sgéal.
SGÉAL AN CHEATHRAMHADH H-OIDHCHE. Do bhí sean-chailleach ann, fad ó shoin, agus bhí sí 'na cómhnuidhe idir Néifin Bheag agus Néifin Mhór. Níor chómhnaigh aon duine léi. Bhí sí ins an tigh chéadna le linn an té budh shine ins an áit sin. Dubhairt na daoine go raibh sí ann ó aimsir Dhiarmada agus Ghráinne. Agus bhí a shliocht air, * bhí sí liath seargtha, bhí sí beag, bhí sí crom go talamh. Ní rachadh na daoine i n-aice le n-a thigh, bhí eagla orra. Dubhairt siad gur cailleach draoidheachta do bhí innti. Ní facas aon duine ag dul asteach ná amach aici ar feadh dhá-fhichid bliadhan, acht bhí sí féin le feiceál ag dorus an tighe gach uile lá san mbliadhain, agus sluagh mór cat na timchioll. Ní raibh aon áirnéis shaoghalta aici acht na cait seo, agus ní raibh aon tslighe bheatha aici acht iad. Bhí na daoine fiosrach fiafruightheach go leór agus níor bhfearr leó rud ar bith 'ná fághail amach eachdruin (= eachtra?) na caillighe agus a cuid cat, acht ní raibh de mheisneach in aon fhear aca ceist do chur uirri. Aon lá amháin bhí dream d'fhearaibh óga ag bualadh báire. Bhí amadán i láthair ar bh'ainm dó Páidín a Bláca. Amadán do bhí i bPáidín. Do bhíodh sé ag gabhail thimchioll na tíre i gcondae * “A leacht air,” dubhairt an sgéaluidhe.
Mhuigh Eó agus i gcondae na Gaillimhe. “Céad fáilte rómhat a Pháidín,” arsa fear aca, “bhfuil aon sgéal nuaidheachta agad?” “Go deimhin ní'l,” ar seisean, “muna bhfágh' mé uaibh-se é.” “Tá an tsean-chailleach agus a sluagh cat aici ann sin thuas i gcómhnuidhe idir an dá chnoc, agus má tá de mheisneach ionnat caint do chur uirri is tu an fear is fearr i n-Éirinn.” “Dar m'anam, maiseadh, cuirfidh mise caint uirri agus bainfidh mé póg dí, leis, má thugann tu do chamán dam nuair thigim ar ais,” arsa Páidín. “Bhéarfad go cinnte,” ar san fear óg. Ar chlos sin do Pháidín as go bráth leis, agus níor stad sé go dtáinig sé go teach na caillighe, agus shiubhal sé asteach. Bhí an chailleach 'na suidhe ins an gcoirnéall, acht chomh luath agus chonnaic sí Páidín léim sí suas, agus d'fhiafruigh cad do bhí sé 'iarraidh. “Ag iarraidh póg A chailín og,” arsa Páidín. “Muna n-imthighidh tu go tapa bhéarfaidh mise póg duit chuirfeas blas domblais ar do bhéal ar feadh do bheatha,” ar sise. “Dheamhan cos imtheóchaidh mé go mbéidh cómhrádh agam leat,” arsa Páidín, agus leis sin thosaigh sé ag teannadh asteach uirri. “Congbhaigh amach uaim,” ar sise, “no béidh tu níos measa.”
“Fan go socair a bhean chóir, tá camán breágh agam le fághail má bhainim póg díot, agus má phiocaim cómhrádh asat. Ní'l cailín san tír nach dtiubhradh póg do Pháidín a Bláca. 'S iad an bunad is geanamhla ins an tír seo ná i n-aon tír eile na Blácaí. Nach bhfuil fhios agad an méid sin?” “Cia dubhairt leat teacht chum mo thighe-se?” “Buachaill geanamhail atá ag bualadh báire ann sin shíos,” arsa Páidín, “agus is é atá leis an gcamán breágh do thabhairt dam. “Acht mur mbeith (= muna mbeith) gur amadán atá ionnat is mise bhéarfadh luach do theachtaireacht duit,” ar sise. Leis sin do chuir sí a lámh i bpoll an bhaic agus do tharraing amach liathróid. Sheachaid sé do Pháidín í agus dubhairt sí “tabhair í seo do'n bhuachaill do gheall an camán duit.” “Ní bhfuighfidh mé an camán muna mbainim an phóg díot,” arsa Páidín. “Bain póg de bhonn mo choise,” ar sise, “agus imthigh leat.” “Dubhchíos ort!” ní phógfainn do bhéal, arsa Páidín, agus amach leis. Nuair chonnaic na buachaillí Páidín ag teacht, ritheadar chuige leis an nuaidheacht fhághail. “An bhfacaidh tu an chailleach?” ar siad. “Ara! bí do thost go n-innsidh mé féin mo sgéal. Chonnaic mé an chailleach acht ní fhacas aon chat. Dar m'anam is í an chailleach is iongantaighe san domhan í. Thug sí liathróid bhreágh dham, feuch í.” Thaisbeán sé an liathróid
dóibh. Rug fear óg aca greim uirri agus d'fháisg sé in a láimh í le fios fhághail an raibh sí cruaidh. Ní túisge rinne sé sin 'ná tháinig púdar amach as, agus dhall sé gach uile mhac máthar do bhí ann sin, acht an t-amadán amháin. Bhí siad ann sin agus iad dall, ag sgreadach go dian agus ag glaodhach go h-árd, agus ní raibh fear ná bean ins an gcómharsannacht nach raibh cruinnighthe na dtimchioll i gceann leath-uaire, agus iad go léir ag déanamh truaighe dhóibh agus ag fiafruighe cia an chaoi a dtáinig an daille obann sin orra. Nuair chualadar ádhbhar na daille thugadar go léir a mionna go ndóighfidís an chailleach agus a cuid cat. Thugadar na fir óga a-bhaile, gach aon aca go dtí a theach féin. Ann sin chruinnigheadar le chéile, fuaradar pící, bataí, agus neart tuighe, agus thugadar a n-aghaidh ar thigh na caillighe. Nuair thángadar i bhfogus do'n tigh ghlaodhadar ar an gcailligh agus dubhradar léi teacht amach as sin no go gcuirfidís an teach tre theine. Tháinig an chailleach go fuinneóg bheag i mbárr an tighe agus d'fhiafruigh sí dhíobh cad do bhíodar 'iarraidh. “Tusa do mharbhadh,” ar siad-san. “Faoi na fir óga do dhalladh? ar sise. Ní bhfuaradar-sin acht an rud do thuilleadar. * Cad chuige chuireadar amadán ag déanamh magaidh fúm-sa nár chuir chuca ná uatha. Agus muna dtéidh sibh-se a-bhaile go tapa cuirfidh mé sibh-se * “Acht a dtuillin,” adubhairt sé.
'san gcaoi nach rachaidh sibh gan lucht-treóruighthe. Acht má théidh sibh a-bhaile go socair bainfidh mé an daille de na fir óga i gceann seachtmhaine.” Rinne na daoine cómhairle le chéile ann sin, agus dubhairt an seanóir is críonna aca go mbfearr dhóibh gan bacadh leis an gcailligh go deireadh na seachtmhaine, go bhfeicfeadh siad an raibh sí ag innseacht na fírinne. Ghlacadar uile go léir cómhairle an tseanóra agus d'fhilleadar a-bhaile. Seachtmhain 'na dhiaidh sin fuair na fir óga a radharc ar ais arís. Is cinnte nach ndearnadar aon mhagadh eile faoi an gcailligh as sin amach. Aon oidhche amháin bhí fear ar' bh' ainm dó Labhrás O Ruadháin ag teacht a-bhaile. Chaill sé a bhéalach, agus cia an áit a ndeachaidh sé acht asteach i dtigh na caillighe! Ní raibh éinne ins an tigh roimhe, agus, mar nach raibh fhios aige cá raibh sé, chuaidh sé asteach san seomra, luidh sé síos, agus níor bhfada gur thuit sé 'na chodladh. Ní raibh fhios aige cá fhada do bhí sé 'na chodladh, acht nuair dhúisigh sé chualaidh sé guthanna. Chuir sé cluas air féin, thóg sé é féin ar a uillinn, agus chualaidh sé duine ag rádh; “Tá sibh uile go léir cruinnighthe anois, innis dam mar d'éirigh libh ó chuaidh sibh amach.” Léim Labhrás ar an leabaidh, agus d'fhéach sé amach ar sgoilt do bhí ins an dorus, agus chonnaic sé sluagh mór cat i láthair na caillighe ar an urlár. Labhair cat aca agus dubhairt. “Bhí mise i
gCaisleán Righ Chonnacht ó shoin, agus fuair mé mo sháith de ghriscínibh. Ghoideas spóla breágh dhuit-se agus tá sé in do sheomra a bhainríoghain.” Labhair cat eile, “Bhí mise i dtigh sgolóige, d'ól mé mo lán-sháith de leamhnacht, agus ghoideas uan breágh as an bpáirc, tá sé in do sheomra a bhainríoghain.” Labhair cat eile, “bhí mise i gcúirt dhuine- uasail i nGaillimh, agus fuair mé mo sháith d'uachtar. Nuair bhí mé sáthach shaoil mé croidhe muice do ghoid liom. Bhí mé dul amach ar pholl ins an mballa. Bhí an poll só bheag. Leag mé coinleóir do bhí ar an mbord, dhúisigh sin beirt fhear do bhí na gcodladh ar an urlár, rugadar orm agus chrochadar ar chrann mé go raibh mé marbh mar shaoileadar. Chaitheadar amach ins an seoch (= díog) mé ann sin. Ar éigin tharraing mé mo chnámha amach as. Tháinig mé a-bhaile folamh * gan dadaidh.” Labhair cat eile. “O! feuch mise, chaill mé leath mo rubaill (= earbaill). I gCaisleán Righ Laighean do bhí mé. Ghoideas bradán beag, acht chonnaic an inghean mé nuair bhí mé dul amach. Chaith sí sgian liom agus bhain leath an rubaill díom. Acht bhain mé sásadh aisti. Bhí posóid ag cois na teineadh in a seomra féin. D'éalaigh mé asteach na dhiaidh sin, agus shéideas puth de m'anál air. Tá sí anois 'na luidhe go breóidhte, agus ní bhéidh aon léigheas aici le fághail go * “Falamh no falú,” adubhairt an sgéaluidhe.
bhfaghaidh sí an luibh atá ag fás ag bun gháirdín Lábhráis Ui Ruadháin ann sin shíos — agus sin rud nach bhfuighfidh sí go bráth.” “Labhrás O Ruadháin!” arsa cat eile, “sin í go díreach an áit a raibh mise. Bhí sicín breágh ag a bhean 'na chómhair, nuair thiucfadh sé a-bhaile, ghoid mise é agus tá sé in do sheomra a bhain- ríoghain.” “Bheith an Labhrás céadna 'na fhear shaidhbhir,” arsa cat eile, “dá mbeith fhios aige go bhfuil pota óir faoi bhun an chrainn ós cionn an tobair atá ar chúl a thighe.” “Dá mbeith fhios aige, féin,” arsa cat eile, “ní bheith aon mhaith dhó ann. Nach bhfuil cat Gallda na bhFear-Bolg ag faire an óir sin. Ní fheudfadh sé lámh á leagain air.” “Acht tá an cat Gallda sin marbh ó mhaidin indé,” arsa cat eile. Bhí cat eile dul a' labhairt ann sin, nuair buaileadh chloigín beag agus dubhairt an chailleach, “tá sé i n-am daoibh codladh anois.” Níor fhan Labhrás le focal eile do chloistéal, acht shleamh- nuigh sé amach ar fhuinneóigín an tseomra, agus rith sé leis chomh tapa agus bhí in a chnámha, no go dtáinig sé a-bhaile. Bhí a bhean 'na suidhe ag an teine roimhe agus imnidhe mhór uirri. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus d'fhiafruigh dhé cá raibh sé. “Bhí sé dorcha orm ag teacht a-bhaile dham, agus chailleas mo bhealach,” ar seisean, “agus b'éidir gur chodail mé támh beag ag bun sgeiche.”
“Bhí sicín marbhtha agam duit,” ar sise, “agus é rósta go deas, acht tháinig cat coimhthigheach asteach agus ghoid sé uaim é.” “B'éidir go raibh an cat bocht níos mó 'na easbhuidh 'ná mise,” arsa Labhrás, “agus ní'l mé 'na dhiaidh air.” Ar maidin, le fáinne an laé, chuaidh Labhrás amach agus fuair sé an pota óir ins an áit adubhairt an cat. Bhí fhios aige ann sin go mb'fhíor gach rud do bhí na cait a rádh. Bhain sé cuid de'n ór as an bpota agus chuir sé ar ais an chuid eile ins an áit a raibh sé. D'fhéach sé thart 'na dhiaidh sin, agus chonnaic sé bláth mór buidhe ag fás ag bun a gháirdín féin. “Ní raibh an bláth sin ann ar maidin indé,” ar seisean leis féin, “is é sin go cinnte leigheas inghine an righ, má éirigheann liom í do leigheas gheobhaidh mé saidhbhreas mór.” Nuair bhí a bhéile ithte aige chuaidh sé chum an bhaile-mhóir agus cheannuigh sé culaidh-éadaigh uasal. Ghleus sé é féin a riocht liaigh. D'fhág sé slán ag a bhean. Rug sé an bláth buidhe leis, agus thug sé aghaidh ar Chaisleán Righ Laighean. Nuair ráinig sé an Caisleán fuair sé go raibh dochtúirí as gach uile áit i n-Éirinn cruinnighthe ann roimhe, acht níor fhéad aon cheann aca aon mhaith dhéanamh d'inghin an righ. Bhí tuairim aca nach mairfeadh sí lá eile. Thairg an righ mála óir do dhuine ar dith do leighseóchadh í. Chuaidh sé go seomra na h-inghine agus dubhairt
“tig liom d'inghean leigheas i n-aon uair amháin, má thugann tu cead dam.” “Bheirim cead duit,” ar san righ, “acht má ghnidheann tu aon dochar dí béidh do cheann agam.” Chuaidh sé go seomra na h-inghine agus dubhairt léi go raibh sé dul d'á leigheas. Chuir sé cuid de'n bhláth buidhe in a béal agus dubhairt léi é chogaint agus a shlugadh. Rinne sí sin, agus ar ball d'éirigh sí chomh maith agus bhí sí riamh. Bhí luthgháire mhór ar an righ. Bhronn sé an mála óir ar Labhrás, agus thug sé cóiste agus capla (= capaill) dhó le n-a thabhairt a-bhaile. Nuair chonnaic na cómharsanna Labhrás agus a chóiste agus a phéire capall faoi, bhí iongnadh an domhain orra. “Is minic,” ar seisean leó, “do bhí sibh ag magadh fúm faoi rádh 's go raibh brigh agus leigheas i luibheannaibh. Acht féach! Anois táim i ndiaidh inghine righ Laighean a leigheas. Níor fhéad aon liaigh eile aon mhaith dhéanamh dhí acht leigheas mise í le luibh as mo gháirdín féin, agus fuair mé an mála óir agus an cóiste agus na capla (= capaill) so ó'n righ.” Cheannuigh Labhrás roinn mhór talmhana (= tal- mhan), cuir sé teach breágh ar bun, agus bhí sé ann sin go socair sásta. Níor mhair sé acht fiche bliadhan tar éis an tsaidhbhris fhághail. Nuair fuair sé bás d'fhág sé a bhean agus a ghaolta saidhbhir. Oidhche éigin sul má fuair sé bás d'innis sé an sgéal so do chómharsain, agus is ó'n gcómharsain sin fuair m'athair mór é. An lá do cuireadh Labhrás O Ruadháin d'fhosgail an talamh
agus slugadh teach na caillighe síos ann. Is dóigh go raibh sí féin agus a cuid cat ins an tigh nuair slugadh é, mar nach bhfacaidh aon duine í féin ná a cuid cat ó'n lá sin amach. Tá poll tighe caillighe na gcat le feiceál ó'n lá sin go dtí an lá so idir an dá Néifin. Má leigeann sibh dam béidh sgéal eile agam daoibh an oidhche amárach. Leis sin d'éirigh an dá fhear dhéag, d'éirigh an dá mhnaoi dhéag. “Sgéal maith,” ar siad-san. D'fhosgail an dorus ins an taobh-bhalla, agus shiubhladar uile amach. D'fhág an bhean-uasal slán aige agus d'imthigh sí léi féin. Tháinig an doirseóir agus fuair Diarmuid séire maith agus ann sin chuaidh sé a chodladh. Nuair dhúisigh sé bhí béile maith aige, agus chaith sé an lá mar chaith sé na laetheannta eile, go dtáinig an oidhche agus gur glaodhadh air dul asteach ins an seomra mór lasta. Fuair sé an bhean-uasal ann roimhe. D'fhiafruigh sí dhé an raibh sé réidh le n-a sgéal do thosughadh. Dubhairt sé go raibh. Shéid sí an stoc beag óir, d'fhosgail an dorus ins an taobh-bhalla, agus tháinig an chuid- eachta chéadna asteach. Shocruigheadar iad féin agus thosaigh Diarmuid an sgéal.
SGÉAL AN CHÚIGEADH h-OIDHCHE Bhí iarla 'n a chómhnuidhe, fad ó shoin, i gCiarraidhe Luachra. Bhí aon mhac amháin aige. Tugadh Iarla óg an ghleanna ar an mac so. Bhí an sean-iarla an-tsaidhbhir, agus nuair fuair sé bás d'fhág sé a mhaoin shaoghalta uilig (= uile) ag an Iarla óg. Fear spóirt agus grinn agus seilge do bhí ins an Iarla óg so. Bhíodh dúil mhór aige i seilg agus i n-iasgaireacht. Ní bhíodh aon tseilg ins an tír sin nach mbíodh an t-Iarla óg i láthair. Aon lá amháin bhí seilg mhór aca i nGleann na mBroc. Bhí uaisle na tíre idir fhearaibh agus mnáibh cruinnighthe ann. Séideadh an adharc, cloiseadh geóin na n-gadhar, agus léim eilit bhreágh mhaiseach amach as coill. Lean na marcaigh go léir í, agus rith sí tar cnuic agus gleannta go raibh an ghrian go h-árd ins an spéir. Bhí each an-luath faoi an Iarla óg agus chuaidh sé amach rompa ar fad. Nuair d'fheuch sé ar a chúl fa dheireadh ní raibh aon mharcach eile le feiceál (= feicsint). Bhí sé leis féin. Lean sé bun-lorg na h-eilte go raibh an ghrian ag dul faoi sgáile na gcnoc. Ann sin chaill sé as a radharc í, agus ní raibh fhios aige cá raibh sé. Bhí sé ag brath ar fhilleadh ar ais nuair thug sé fa deara teach mór ag bun sléibhe. Bhí tart mór air, tar éis oibre an laé, agus shaoil sé go
bhfuigheadh sé deoch dá dtéidheadh sé chomh fada leis an tigh sin. Thug sé aghaidh ar an teach mór agus thuirling sé ag an dorus. Tháinig cailín óg amach agus dubhairt sí, “Céad míle fáilte rómhat a Iarla óig an ghleanna.” “Go raibh maith agad,” ar seisean, “acht shaoil mé nach raibh eólas ag aon duine ins an áit seo orm-sa. Ní'l fhios agam féin cá bhfuil mé, acht bhéinn an-bhuidheach díot dá bhfaghainn deoch uaith. Is beag nach bhfuil mé marbh leis an tart.” “Tá tu i ngleann na mbuadh,” ar sise, “tarr asteach agus bhéarfad deoch duit agus fáilte.” Ghlaodh sí ar ghiolla agus dubhairt leis each an Iarla do chur san stábla agus coirce agus uisge do thabhairt dó. Shiubhal an t-Iarla asteach, agus nuair d'féach sé thart bhí iongantas air, óir ní fhacaidh sé riamh aon áit do bhí leath chomh breágh leis. Ór buidhe do bhí ins an mbord do bhí i gceart-lár an urláir, agus ór buidhe do bhí ins na cathaoireachaibh do bhí thimchioll an bhuird sin. Líon an cailín sgála fíona dhó, agus sheachaid sí dhó é. Rinne sé aon deoch amháin dé, agus dubhairt “bhí tart an-mhór orm acht tá cosg leis anois, go raibh maith agad-sa.” “Suidh síos,” ar sise, “tá ocrus ort is dóigh i ndiaidh an laé.” Shuidh sé síos agus tháinig triúr seirbhíseach asteach. Thugadar miasa leó. Bhí mairt-fheóil caoir-fheóil muic-fheóil agus fiadh-fheóil ar na miasaibh. Bhí meacain gheala agus meacain buidhe ar miasaibh eile, agus millseóga agus gach sórt
bidh dheaghbhlasta. Shuidh an cailín ag taoibh an bhuird go díreach os coinne an Iarla, agus bhreathnuigh seisean go géar í, agus shaoil sé nach bhfacaidh sé riamh bean óg leath chomh h-álunn léi. D'itheadar agus d'óladar le chéile go carthanach, agus ní raibh am a bhfeuchadh seisean uirri nár shaoil sé go raibh sí ag éirghe níos áilne. Thug sé grádh dhí fá dheóigh, agus d'fhiafruigh sé dhí an raibh a h-athair 's a máthair beó. “Ní'l go deimhin,” ar sise, “táid marbh, agus tá mé i m'aonar, beag-nach, agus bím faoi ghéar- chrádh ag fathach dubh atá ag iarraidh orm a phósadh. Ní'l aon dul uaidh agam muna bhfághaidh mé gaisgidheach le n-a chlaoidh, agus is deacair sin do dhéanamh, óir ní'l aon chlaidheamh * ins an domhan a chlaoidhfeas é acht aon cheann amháin atá ag Righ na Gréige agus bíonn glas ag an Righ air, in a chaisleán féin.” “Bhfuil aon fhághail ar an gclaidheamh sin?” ar san t-Iarla, “dá mbeith sé agam chlaoidhfinn-se an fathach duit.” “Tá aon tslighe amháin le n-a fhághail,” ar sise, “acht is contabhartach í.” “Is cuma liom-sa an chontabhairt,” ar seisean, “innis dam an tslighe agus gheobhaidh mise an claidheamh no caillfidh mé m'anam féin.” “Seo dhuit seód mór-luachmhar,” ar sise, “teirigh ar maidin amárach go bárr an tsléibhe agus feicfidh tu sean-duine liath ar bhárr carraige. * Leabhair an sgéaluidhe an focal so mar “claimhe.” Labhairthear go h-an-mhinic i gConnachtaibh mar sin é.
Tabhair an seód dó, agus fiafróchaidh sé dhíot ceurd (= créad) í do thoil. Innis dó, agus déan mar ordóchaidh seisean duit, agus ní rachaidh tu amugha. Tá tu tuirseach anois, i ndiaidh an laé, agus budh chóir dhuit dul a chodladh.” Thug sí seomra do'n Iarla i n-íochtar an tighe. “Anois,” ar sise, “an gcloiseann tu cuach- shrann an fhathaigh dhuibh. Tá sé i seomra i mbárr an tighe agus ní dhúiseóchaidh sé go mbéidh an ghrian ag dul faoi, trathnóna amárach.” Chuaidh an t-Iarla chum a leapthan acht ní tháinig néal codlata ar a shúilibh. Ní raibh sé cúig móimid 'na luidhe nuair chualaidh sé cuach-shrann, chomh h-árd leis an toirneach, mar shaoil sé. Níor chodail sé támh ar feadh na h-oidhche. D'éirigh sé go moch ar maidin, acht bhí an mhaighdean 'na suidhe roimhe. Bhí gach rud le n'ithe agus le n'ól ar an mbord, agus bhí seirbhísighe le freastal air, acht níor fhéad sé mórán a chaitheamh, mar bhí mí- shuaimhneas air. Nuair bhí a bhéile críochnuighthe d'fhág sé slán ag an mhaighdin agus is í do bhí go brónach ar n-imtheacht dó. Chuaidh sé suas go bárr an tsléibhe, agus níor bhfada go bhfacaidh sé an sean-duine 'na shuidhe ar bhárr carraige. Thug sé an seód dó, mar dubhairt an bhean óg leis. “Cad is toil leat, nó cad tá uait?” ars an sean-duine. “Claidheamh atá ag Righ na Gréige, an t-aon chlaidheamh san domhan leis an bhFathach Dubh do chlaoidh,” ars an t-Iarla.
Thug an sean-duine clog beag dó agus dubhairt “teirigh chum na coille atá ar an taoibh dheis de Ghleann-na-mbuadh, craith an clog, agus tiucfaidh gearrán bán chugat, agus deán mar ordóchas seisean duit.” Thug an t-Iarla buidheachas don tsean-fhear, ghlac sé an clog agus chuaidh sé chum na coille. Ann sin chraith sé an clog agus chonnaic sé an gearrán bán ag teacht. Nuair tháinig sé dubhairt an gearrán bán, “tá fhios agam cad tá uait, léim suas ar mo mhuin, tá aistear fada rómhainn.” Léim an t-Iarla suas, agus ní túisge bhí sé ar dhruim an ghearráin 'ná shín sé sgiathán amach uaidh ar gach taoibh, agus as go bráth leis tríd an aér. Bhí sé ag imtheacht go dtángadar go bruach na mara. Ann sin dubhairt an gearrán “congbhaigh greim daingean orm, támuid dul faoi an mhuir.” Léim sé asteach agus chuadar síos faoi na tonntaibh. * Bhí sé ag imtheacht agus ag síor- imtheacht gur shaoil an t-Iarla go mbudh chóir dhóibh bheith ag deireadh an domhain. Faoi dheireadh chuadar suas ar an talamh tirim. Bhí an t-Iarla leath-mharbh, níor fhéad sé focal a rádh. Bhíodar ag imtheacht ann sin go dtángadar go sliabh árd do bhí 'na lasair teineadh. “Congbuigh greim cruaidh,” ar san gearrán, “tá mé dul thar an tsliabh sin.” D'éirigh sé d'aon léim amháin agus chuaidh tar an tsliabh. Loisgeadh a chosa agus croiceann a bhuilg, acht tháinig an t-Iarla slán. Bhíodar ag imtheacht ann sin go dtángadar go * “Tonntrachaibh,” dubhairt an sgéuluidhe.
geata caisleáin mhóir. Dá fhichid troigh ar áirde do bhí ins na ballaibh. Bhí dhá leómhan mhóra 'na suidhe, ceann aca ar gach taoibh de'n gheata, agus ní leigfidís éinne asteach gan ordughadh ó'n righ. “Anois,” ars an gearrán, “cuir do lámh in mo chluais chlé, agus gheobhair sgian ghéar innti. Marbhuigh mise agus bain an croiceann díom, cuir iomat * é, agus tig leat siubhal asteach idir an dá leómhan, agus ní fheicfidh siad thu. Nuair rachas tu asteach ins an gcaisleán feicfidh tu seomra ar thaoibh do láimhe deise agus claidheamh an righ ann crochta ar an mballa. Beir leat é agus tarr amach chugam-sa.” “Go deimhin ní mharóchaidh mise go bráth thu, agus an méid a rinne tu dham,” ar san t-Iarla, “agus dá mbeitheá-sa marbh cia 'n mhaith bheith ins an gclaidheamh dam, ní fheudfainn mo bhealach dhéanamh amach go Gleann-na-mbuadh arís.” “Déan mar deirim-se leat,” ars an gearrán, “agus nuair thiucfas tu amach leis an gclaidheamh caith mo chroicionn ar mo mhullach agus tiucfad chum beatha arís.” Rinne an t-Iarla mar dubhairt an gearrán, acht budh leisg leis a dhéanamh. Mharbh sé an gearrán, bhain sé an croiceann dé, agus chuir air féin é. Ann sin shiubhal sé asteach idir an dá leómhan, agus ní fhacadar é. Chuaidh go díreach go dtí an seomra a raibh an claidheamh ann, agus rug sé leis é. Tháinig sé amach agus chuaidh go dtí an * Iomat (umat) = “timchioll ort.” Ní coitchionnta an focal so i gConnachtaibh.
áit ar fhág sé an gearrán marbh ann. Chaith sé an croiceann ar a mhullach, agus d'éirigh sé arís chomh slán agus bhí sé riamh. Dubhairt an gearrán leis, “léim suas ar mo mhuin, tá sé i n-am dúinn filleadh ar ais.” Léim an t-Iarla suas, agus chuadar ar ais an bealach a dtángadar air, thrasna an thsléibhe theineadh, faoi an mhuir, tar cnuic agus gleannta, agus bhíodar ag síor-imtheacht go dtángadar go Gleann-na- mbuadh. Ann sin tháinig an gearrán anuas ar an talamh, thuirling an t-Iarla, agus dubhairt an gearrán leis, “Slán leat anois, agus go bhfághaidh tu buaidh ar an bFathach Dubh, agus go ngnóthuighidh tu an bhean is áille (= áilne) ins an domhan mar mhnaoi.” “Go raibh seacht míle maith agad, a chara,” ars an t-Iarla, “agus slán leath féin.” Chuaidh sé ann sin go teach na mná uaisle agus bhí luthgháire an domhain uirri nuair chonnaic sé é, agus chuir sí na céad míle fáilte roimhe. Ann sin d'fhiafruigh sé dhé an bhfuair sé claidheamh Righ na Gréige. “Fuaireas,” ar seisean, “cá bhfuil an Fathach Dubh go gcuirim mo dhubhshlán faoi.” “Fan go mbéidh rud le n'ithe agus le n'ól agad,” ar sise, “ní bhéidh sé ann so go ceann uaire eile.” D'ith agus d'ól an t-Iarla, agus bhí ag cur síos ar a thurus, agus ar an méid iongantas do chonnaic sé, nuair chualadar an fathach ag teacht. Chuaidh an t-Iarla amach 'na choinne agus casadh ar
a chéile iad. “Tá mé ann so leis an gceann a bhaint díot,” ar san t-Iarla. “Ag déanamh maghaidh atá tu,” ars an fathach, “b'fhearr dhuit bheith ag bleaghan do chuid bó i nGleann-na-mbiorach.” Leis sin d'ionnsuigheadar a chéile. Bhí an bhean óg 'na seasamh san dorus ag féachaint orra, agus a croidhe in a béal aici. Nuair thug an t-Iarla sáthadh millteach do'n fhathach do chuir sí gáir áthais aisti. Thug an fathach sin fá deara, agus sgread sé amach, “bhéarfaidh mise ádhbhar duit do bhosa do ghreadadh gan mhaill a chailín.” “Ní thiubhrair,” ar san t-Iarla, agus cupla móimid 'na dhiaidh sin sgiob sé an ceann de'n fhathach. Shaoil an ceann dul ar an gcolainn arís, acht rinne an t-Iarla dhá leith dhé le buille eile. “O!” ar san ceann, “sin claidheamh Righ na Gréige atá agad, agus ghoid tu é, rinne tu feall orm,” acht níor fhéad an ceann aon rud eile rádh, mar rinne an t-Iarla dá leith eile dhé. Rug sé ar an gcorpán ann sin agus tharraing é go poll mór. Chaith sé asteach é, agus chaith sé clocha síos san bpoll go raibh sé líonta go bruach. Bhí an oidhche ag tuitim an uair sin. Chuaidh sé asteach san tigh ann sin, agus is roimhe do bhí an fháilte. “Níor shaoil mé,” ar san bhean óg, “go dtuitfeadh gach aon rud amach chomh maith sin an lá do rinne mé eilit díom féin, nuair ruaig tu amach as an gcoill mé, i nGleann-na-mbiorach, agus tá mé ag iarraidh párdúin ort anois, faoi
sin, oir ní eilit do lean tu an lá sin acht mé féin. Bhí mé faoi dhraoidheacht ar an bFhathach Dubh, agus do h-innseadh dham nach raibh aon sgaoileadh ó'n draoidheacht sin i ndán dam go dtiucfadh an t-Iarla óg as Gleann-na-mbiorach go Gleann-na- mbuadh. Inghean Iarla atá ionnam-sa. Fuair mo mháthair bás agus caitheadh m'athair ag troid le n-a náimhdibh trí bliadhna ó shoin.” Do phóg an t-Iarla í, agus d'iarr sé uirri é féin a phósadh. “Tarr liom-sa go Gleann-na- mbiorach,” ar seisean, “agus fág Gleann-na- mbuadh, agus a chuid draoidheachta do dhiaidh.” “Tiucfad,” ar sise, “óir tá mé saor ó dhraoidheacht anois. Tá carbad agus capla agam le n-ár dtabhairt ann, má tá eólas agat-sa ar an mbealach.” “Ní'l,” ar seisean, “ní'l fhios agam cá bhfuil mé anois, ná cia an chaoi a dtáinig mé ann so.” “B'éidir go bhfuighimid an t-eólas ameasg mo chuid seirbhiseach,” ar sise, “óir an t-eólas do bhí agam-sa ar an tír nuair bhí mé im' eilit chaill mé arís é nuair tháinig mé i gcruth daonna, acht má tá Biorgún ann so déanfaidh sé an t-eólas dúinn.” Ghlaodh sí Bhiorgún ann sin, agus tháinig sean-fhear liath 'na láthair. “Bhfuil eólas agad-sa ar Ghleann-na-mbiorach? ar sise. “Tá,” ar sé, “is ann a rugadh mé dhá chéad bliadhan ó shoin.” “Tá mé dul go Gleann-na-mbiorach amárach,” ar sise, “agus gleus mo charbad dam.”
Ar maidin, an lá ar n-a mhárach, tháinig Biorgún agus cóiste breágh agus ceithre capla faoi. Chuaidh an lánamhain óg asteach san gcóiste agus thug an bhean óg léi a cuid óir agus airgid a cuid seód agus saidhbhris. Labhair an sean-fhear leis na caplaibh, agus as go bráth leó. Bhíodar ag imtheacht go raibh an ghrian ag dul faoi, agus ann sin chonnaic an t-Iarla a ghleann féin uaidh. “Tá mé san mbaile anois,” ar seisean. “Tá go maith,” ar sise, “stadfamuid ag bruach an ghleanna.” Rinneadar sin agus dubhairt sí leis an sean-fhear, “teirigh ar ais go Gleann-na-mbuadh, bronnaim mo theach agus a bhfuil ann ort-sa. Ní dóigh go rachad ar ais ann choidhche arís.” D'imthigh an sean-fhear, agus thiomáin an t-Iarla chum a chúirte féin. Cuireadh fáilte mhór roimhe, óir shaoil gach uile dhuine go raibh sé caillte. An lá ar n-a mhárach pósadh an lánamhain óg, acht do mhair an bhainfheis seacht lá agus seacht n-oidhche, agus b' fheárr an lá deiridh dhí 'ná an chéad-lá. Bhí siad ann sin go sásta sona séanmhar, agus bhí clann mhac agus clann inghean aca. Fuaradar bás leis an aois, acht tá cuid dá mbunadh ann sin fós. Sin críoch mo sgéil, acht má leigeann sibh dam béidh ceann eile agam daoibh oidhche amárach.
“Sgéal maith agus sgéal fíor,” arsa fear aca. “Sgéal maith,” ar na daoine eile. Leis sin d'éirigheadar uile, d'fhosgail an dorus ins an taobh-bhalla, agus chuadar go léir amach do réir mar thángadar asteach. D'fhág an bhean-uasal slán ag Diarmuid, agus d'imthigh sise léi féin. Tháinig an doirseóir, agus chuaidh Diarmuid a chodladh. Chaith Diarmuid an lá ar n-a mhárach mar chaith sé na laetheannta eile, go dtáinig an oidhche agus tugadh é asteach san seomra mór. D'fhiafruigh an bhean-uasal dé an raibh sé réidh le n-a sgéal do thosughadh. Dubhairt seisean go raibh. Shéid sí an stoc beag óir d'fhosgail an dorus ins an taobh-bhalla, agus shiubhal an dá'r éag fear asteach agus a bhean féin ar ghualainn gach fir aca. Shuidheadar go léir síos, agus dubhairt an bhean-uasal “tosaigh do sgéal anois.”
SGÉAL AN t-SEISEADH h-OIDHCHE. Bhí sean-righ 'na chómhnuidhe a bhfad ó shoin i gCúige Uladh, agus ní raibh acht aon mhac amháin aige. Fuair an bhainríoghain bás nuair rugadh an t-oidhre óg. Bhí ghrádh mór ag an righ ar an oidhre óg, agus nuair d'fhás sé agus tháinig sé cum aoise, leig sé a thoil féin leis ins gach nidh. Glincín de pheata do bhí ann. Bhí sé an-mhailíseach. Is iomdha éagcóir rinne sé ar na searbhfógantaibh agus ar an lucht-oibre. Ní raibh aon mhaith ann a bheith ag casaoid * leis an righ 'na thaoibh. Ní bhíodh aon tsásadh le fághail ó'n righ. Aodh an t-ainm do bhí ar an mac-righ. Nuair bhí sé cúig bliadhna déag d'aois bhíodh dúil mhór aige ins an iasgaireacht. Ní bhíodh sé sásta a bheith ag iasgacht san abhainn le slait, budh mhian leis dul ar an bhfairge. Fuair an righ curach breágh dhó, a raibh seól agus maidí rámha ann, 'san gcaoi go bhféadfadh sé dul amach ó'n gcuan. Aon mhaidin amháin d'éirigh sé go moch, gan fhios do'n righ ná d'éinne eile. Chuaidh sé in a churach. D'árduigh sé an brat-seóil agus bhí sé ag imtheacht go dtáinig anaice le Málainn i n- Inis Eóghain. Tháinig síon ann sin agus tiomáineadh an curach asteach faoi bhun carraige * “Bheith casaoide,” dubhairt sé.
móire. Nuair d'fhéach Aodh suas chonnaic sé cailín sgiamhach 'na suidhe ar an g-carraig, sgáthán óir in a leath-láimh agus ciar ins an láimh eile, agus í ag ciaradh a gruaige óir-bhuidhe. Shaoil an mac- righ nach bhfacaidh sé aon bhean riamh do bhí chomh h-áluinn léi. Chuir sé caint uirri agus dubhairt “An tu Bhénus no réalt na maidne, no cad fáth a bhfuil tu id' aonar chomh moch so ar charraig loim?” “Ní mé,” ar sise, “acht cailín atá gan athair gan máthair gan gaoltaibh saoghalta.” “Má thagann tu liom-sa go Caisleán m'athar,” arsa Aodh, “béidh tu sóghamhail súgach sásta fad do bheatha.” D'éirigh sí, gan fhocal eile, agus chuaidh sí asteach chuige ar bhord an churaigh. D'árduigh sé an seól agus chuir sé amach ó'n gcuan le filleadh a-bhaile; acht ní dheachaidh sé a bhfad gur éirigh stoirm mhór. Bhí an curach beag ag luasgadh ar bhárr na dtonn, síos suas, mar a bheith coinlín tuighe i gcontabhairt a bháidhte. “Dar m'fhocal duit, tá brón mór orm go rug mé thusa liom ins an gcurach so,” arsa Aodh, “óir ní fhéidir go dtiucfamaoid beó as, tá na tonnta ró-bhorb agus an ghaoth ró láidir.” “Ná bíodh faitchios ort,” ar sise, “ní'l baoghal báidhte orrainn. Is Maighdean-mhara mise. Tá caisleán agam faoi an mhuir dheirg, agus ó thárla nach dtig leat filleadh go dtí caisleán d'athar, béarfaidh mé go dtí mo chais- leán féin thu.”
Ní túisge dubhairt sí sin 'ná d'éirigh an curach ar bhárr toinne móire, agus nuair bhí sé teacht anuas, tharraing an mhaighdean-mhara slaitín beag as a brollach agus bhuail Aodh léi. Ar an móimid do rinneadh iasg mór dé. Bhí sé ag snámh ann sin ameasg na dtonn, acht níor chaill sé a chiall ná a réasún. Báitheadh an curach ins na tonntaibh móra. Ann sin chonnaic Aodh go raibh an mhaighdean-mhara ag snámh le na thaoibh. Acht ní túisge thug sé sin fá deara 'ná tháinig míol mór le n-a shlugadh. D'fhosgail an míol mór a bhéal agus shaoil Aodh go raibh sé caillte, acht bhuail an mhaighdean-mhara an míol agus bhain súil as. Thionntaigh sé ann sin agus shnámhadar uaidh. Bhíodar ag imtheacht tamall mar sin go dtán- gadar chum tíre eile faoi an mhuir. Bhuail an mhaighdean-mhara é agus tháinig a dhealbh féin air arís. Bhí talamh breágh glas thimchioll air. Bhí grian gealach agus réalta ann, mar tá againn-ne ann so. Thug sí Aodh asteach ins an gcaisleán. Nuair d'fheuch sé thart chonnaic sé na h-earraidh agus an troscán is breághachta (= breághdha) dá bhfacaidh súil duine riamh. Ní raibh i gcaisleán a athar féin acht bathán i gcomórtas leis. Seang-ór buidhe do bhí ins na troscáin, agus seóda móra luachmhara do bhí sáidhte ins gach orlach dé. Ní cheannóchadh Inis Fódhla an caisleán agus a raibh ann. “Ná bhíodh faitcheas ná imnidhe ar bith ort ins an áit seo,” ars an mháighdean leis, “ní'l aon
duine le do bhacadh ó do thoil féin bheith agad. Tá tu le bheith ann so ar feadh seacht mbliadhan, agus tar éis an am' sin fágfaidh mise in do bhaile féin thu, ins an gcuan as a dtáinig tú, agus béidh tu i n-am le d'athair fheiceál sul má bhfuighidh sé bás.” Shéid sí fídeóg agus tháinig sluagh feadhmannach asteach, agus miasa móra in a lámhaibh. Leagadar na miasa ar an mbord. Bhí gach nídh do b'fhearr 'ná a chéile ar na miasaibh sin. Shéid sí an fhídeóg an dara uair agus ar ball tháinig móir-sheisear gaisgidheach asteach agus shuidheadar ag an mbord gan fhocal do labhairt. Thosaigheadar ag ithe agus ag ól. “Suidh síos leis na fearaibh seo,” ar san mhaighdean-mhara le h-Aodh, is fíor-uaisle iad uilig (go léir). Shuidh Aodh síos acht níor fhéad sé aon nidh ithe do bhí an oiread sin iongantais agus imnidhe air. Nuair bhí a sáith ithte agus ólta ag na gaisgidheachaibh dubhairt sise leó, “Mac righ ó thuaisceart Éireann an fear so, Aodh a ainm.” “Tá fáilte roimhe,” ar siad-san uilig, agus leis sin d'éirigheadar agus shiubhladar amach. “Anois,” ars an mhaighdean-mhara, tá iongan- tas ort faoi a bhfacaidh tu ins an áit seo, acht ní fhacais a leath, ná an ceathramhadh cuid d'ion- gantasaibh na h-áite seo fós. Tá rud a bhfad níos iongantaighe le feiceál agad anois. Tarr liom-sa go bhfeicidh tu roint de ghaisge mo chuid gaisgidheach idir fhearaibh agus mnáibh. Thug sí amach é ann sin ar an bhfaithche áluinn
do bhí i láthair an chaisleáin. Bhí móir-sheisear fear agus móir-sheisear ban ann, agus dubhairt sí leó, “Taisbeánaidh do'n mhac-righ seo cuid d' bhur ngaisgidheacht.” Chuaidh fear aca asteach ins an gcaisleán agus tháinig sé amach agus sleagh mhór fhada in a láimh agus bárr géar uirri. Sháith sé cos na sleighe ins an talamh, agus dhruid sé amach uaithi ann sin agus thug sé léim fiche troigh suas san aer agus tháinig sé anuas, agus a bhrollach faoi, ar bhárr géar na sleighe. D'fhan sé cúpla móimid mar sin agus thug sé léim síos ar thalamh arís, gan goin * ar bith air. Thug fear eile léim suas ann sin agus tháinig sé anuas ar a bhéal-faoi. Chuaidh an tsleagh asteach in a bhéal agus amac ar chúl a chinn. D'fhan sé cúpla móimid mar sin agus léim síos ar thalamh gan goin ar bith air. Léim fear eile suas agus tháinig sé anuas ar a thaobh-shiar, chuaidh an tsleagh tríd a bhrollach agus amach ar mhullach a chinn; d'fhan mar sin cúpla móimid agus ann sin léim sé síos gan goin ar bith air. Léim fear suas ann sin agus tháinig anuas ar a bhéal-faoi. Tharraing sé an tsleagh as an talamh le n-a fhiaclaibh agus sháith sé síos i n-áit eile í. Rug fear eile greim ar mhnaoi de na mnáibh do bhí i láthair, thug sé léim suas léi agus tháinig anuas ar leath- chois ar bhárr na sleighe, d'fhan sé cúpla móimid mar sin agus tháinig sé anuas de léim gan goin gan deargadh air. Ann sin rugadar sleagh eile * “Gonais,” dubhairt seisean.
leó agus sháitheadar ins an talamh í anaice leis an chéad-shleigh. Léim beirt fhear suas agus thángadar anuas, fear aca ar bhárr gach sleighe aca. Tharraing siad a gclaidhmhthe amach agus thosaigh siad ag troid, gur éirigh na ceathanna dhé dhrithleógaibh as a gcuid arm. Tar éis bheith tamall ag troid mar sin thángadar anuas gan deargadh orra. Thosaigh na mná ann sin agus rinneadar an rud céadna do rinne na fir. Bhí iongantas mór ar Aodh de bhárr a bhfacaidh sé. “Cad é do mheas ar mo chuid fear agus ar mo mhnáibh?” ar san mhaighdean-mhara leis. “Chualas trácht go minic ar Fhianntaibh Éireann,” arsa Aodh, “acht ní dhearnadar riamh aon ghaisge mar sin, agus tá na mná chomh cliste leis na fir.” Rug sí Aodh léi ann sin go dtí grianán breágh do bhí ins an gcaisleán, agus thaisbeán sí dhó gach rud do b'áille agus do b'iongantaighe 'ná a chéile. D'fhiafruigh sí dhé an raibh dúil aige i gceól. “Go deimhin tá,” ar seisean, “agus tá cláirseach bhreágh agam ins an mbaile.” “Má thig leat seinm ar chláirsigh,” ar sise, “gheobhaidh mé ceann duit, no cuirfidh mé fios ar do cheann féin má 's fearr leat í.” “Go deimhin b'fhearr liom mo cheann féin,” ar seisean, “ní'l fhios agam an bhféadfainn ceól maith tharraingt as cláirsigh nach bhfuil aon taithighe agam uirri, acht cia an chaoi a gcuirfeá fios ar mo cheann féin?” “Fan go fóill,” ar sise. Bhuail sí clog beag
agus ar an móimid tháinig firín * beag i láthair. “Imthigh,” ar sise leis, “agus tabhair chugainn cláirseach atá i gCaisleán Righ Chúige Uladh i seomra an mhic righ.” D'fhosgail sí fuinneóg gus chonnaic sí é ag imtheacht chomh luath le gaoith Mhárta ar gháilín (?). Faoi ceann uaire go leith bhí sé ar ais arís agus an chláirseach aige. “Dar mo choinsias is maith an teachtaire é sin,” arsa Aodh. “Anois ó tá do chláirseach agad,” ar sise, “rachamaoid go seomra an cheóil.” Chuaidh sí amach agus lean Aodh í. Rug sí léi é go seomra breágh mór, a raibh níos mó 'ná dá-fhichid de lucht- ceóil ann. Bhí gach gléas ceóil dár chualaidh cluas no d'á bhfacaidh súil ariamh, aca, ann sin; bhí cláirseóirí bheidhileadóirí píobairí agus mórán de cheóltóiribh eile ann. Rinne máighistir an cheóil úmhlacht do'n mhaighdin-mhara. “Is é seo mac righ Chúige Uladh,” ar sise leis, “agus tá dúil mhór aige ins an gceól. Séid suas dó.” Thosaigheadar ag seinm an cheóil budh bhinne dá'r chualaidh cluas riamh. Shaoil Aodh nach mbeith a leithéid de cheól le cloisint ins an bhflaitheas féin. Nuair sguradar de'n tseinm dubhairt an mhaigh- dean-mhara le h-Aodh, “cad é do mheas ar mo lucht-ceóil.” “Is iad na ceóltóiri is fearr ins an domhan iad,” arsa Aodh. Budh mhaith liom thusa do chloisint anois, ar sise. * “Fearín,” dubhairt seisean.
“Go deimhin bheith náire orm mo cheól suarach do sheinm id láthair-sé i ndiaidh an cheóil bhinn sin,” ar seisean, “acht ó thárla gur toil leat mé chloisint agus gur chuir tu fios ar mo chláirsigh dham déanfaidh mé mo dhíthchioll.” Thosaigh sé ag seinm, acht ní raibh in a chuid ceóil acht rámáisg i gcomórtas le ceól na bhfear eile. Dubhairt sise leis nuair stad sé. “Sheinn tu go maith a chara, acht béidh tu níos fearr sul má dtéidh tu a-bhaile.” Ann sin thug sí é go dtí garrdha breágh. Bhí géaga na gcrann ann ar n-a gcromadh go talamh leis an toradh trom do bhí orra. Bhí bláthanna le feiceál ann sin nach bhfacaidh Aodh a leitheid riamh. Bhí iongantas mór air agus mhol sé an gáirdín, acht ní dubhairt sé aon rud eile. An trathnóna sin bhí na gaisgidhidhe uile 'na suidhe ag an mbord, agus an mhaighdean-mhara 'na measg ar chathaoir óir, nuair tháinig gaisgidheach dubh asteach agus dubhairt. “A bhean-uasal, is teachtaire mé ó mhaighdin-mhara na mara duibhe, agus tá dubhshlán agam daoibh-sé uaithi. Tá sí 'iarraidh fios fhághail cia mhéid gaisgidheach throid- feas tu, agus cia an áit agus cia an t-am a mbéidh an cómhrac. “Troidim móir-sheisear gaisgidheach, agus béidh an áit i Leithbhior * i dTír Eóghain, i dtuaisceart Eireann, agus oidhche amárach an t-am, agus beir an sgéal sin go dtí do bhainríoghain.” * “Leathfar” dubhairt sé.
Níor leig an mhaighdean-mhara aon rud uirri chomh fada agus bhí an teachtaire 'na láthair, acht nuair bhí sé imthighthe amach tháinig doilgheas mór uirri. “Níor claoidheadh gaisgidhighe mhaighdine- mhara na mara duibhe riamh,” ar sise, “agus tá eagla orm go dtuitfidh mo chuid gaisgidheach agus mé féin ins an gcath amárach, acht ní'l aon dul-as dúinn.” “Tá eólas agam-sa ar an áit a bhfuil an cath le bheith ann,” arsa Aodh, “agus budh mhaith liom- sa bheith i láthair, má 's é do thoil é, acht nár leigidh Dia go n-éireóchaidh aon droch-rud duit- se.” “Béidh tu i láthair,” ar sise, “agus má thuitimid-ne ins an ár gheobhaidh tu do churach, faoi sgáil na carraige air a bhfacaidh tu mise i dtosach.” Chaith na gaisgidhighe an oidhche sin, trian le ceól, trian le fiannuigheacht, agus trian le soirm sáimh suain agus siór-chodlata gur éirigh an ghrian lá ar na mhárach. Chaitheadar an lá ag cur faobhair ar a gcuid arm, agus ag córughadh a gcuid éadaigh i gcoinne an chatha. D'imthigheadar, ann sin, agus rugadar an mac-righ leó, agus ní féidir a rádh cia an bealach do ghabhadar, acht bhíodar go léir ag Leithbhior timchioll leath-uair roimh an meadhon oidhche. Bhí maighdean-mhara na Mara Duibhe rompa ann sin, agus bhí a seacht ngaisgidhighe féin aici. Níor chuireadar forán ar a chéile agus níor labhradar focal. Tharraing siad a gcuid arm. Throideadar
go millteach ar feadh trí uaire. Insan deireadh fuair gaisgidhighe Maighdine-mhara na Mara Duibhe an lámh-uachtar, agus mharbhadar na seacht ngais- gidhighe eile agus an mhaighdean-mhara leó, agus nuair bhíodar uile go léir marbh do chaitheadar na corpáin isteach ins an abhainn do bhí i ngar dóibh, d'imthigheadar ann sin agus d'fhágadar Aodh leis féin, agus é ag gol go géar tar éis a charad. Nuair tháinig sé chuige féin d'imthigh sé leis, agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí Innis- Eóghain go dtí an áit ar casadh an mhaighdean-mhara air ar dtús. Fuair sé a churach faoi sgáile na carraige mar do gheall an mhaighdean-mhara dhó. D'árdaigh sé an seól agus thug aghaidh ar a chuan féin. Bhí luthgháire mhór ar an righ nuair tháinig an mac ar ais, óir shaoil seisean agus shaoil na daoine ar fad go raibh sé báidhte. Rinneadar fleadh mhór ins an gcaisleán do mhair seacht n-oidhche agus seacht lá. Ó'n uair sin ní dheachaidh Aodh i n-aice leis an mhuir. Ní théidheann iasgaire ná mairnéalach i n-aice le Carraig na Maighdine-mhara i n-Innis Éóghain ó'n lá sin go dtí an lá so, agus ní rachaidís ann ar ór ná ar airgead. Sin chugaibh anois mo sgéal.
“Sgéal maith,” ar siad-san uile. “Agus sgéal fíor,” arsa fear aca. D'éirigheadar uile, d'fhosgail an taobh-bhalla agus shiubhladar amach mar thángadar asteach, gach aon aca agus a bhean le n-a thaoibh. Tháinig an doirseóir ann sin, agus d'fhág an bhean uasal an seomra. Rug an doirseóir Diarmuid leis agus thug sé le n'ithe agus le n'ól dó, agus ann sin chuaidh sé 'na chodladh. Chaith Diarmuid an lá ar n'a mhárach mar chaith sé na laetheannta roimhe sin. Nuair tháinig an trathnóna glaodhadh asteach é ins an Seomra mór. Chuir an bhean-uasal a fídeóg óir in a béal, agus shéid sí í. D'fhosgail an taobh-bhalla arís agus shiubhal na daoine céadna asteach, a bhean féin ar ghualainn gach fir agus naoidheanán ar bhrollach gach mná aca. Shuidheadar síos agus dubhairt an bhean-uasal le Diarmuid thosugadh ar a sgéal. Thosaigh Diarmuid ann sin.
SGÉAL AN t-SEACHTMHADH h-OIDHCHE. Bhí fear ann ar bh'ainm dó Colm O Ruairc 'na chómhnuidhe i ngar do Shliabh-na-mban. Fuair a bhean bás an lá do pósad é. Fuair sí bás obann, agus bhí tuairim ag mórán daoine go mbudh é Colm féin thug siocair bháis dí — nach raibh uaidh acht a spré, agus go raibh súil aige bean eile fhághail. Aon lá amháin chuaidh Colm chum an tsléibhe le h-ádhbhar sguaibe do bhaint. Chonnaic sé ann sin cráin bhreágh mhuice ag rómhar faoi bhun crainn. “Dár m'anam is breágh an chráin í sin,” arsa Colm leis féin, “ní'l fhios agam cia leis í. Budh mhaith liom í cheannach.” Chuaidh sé níos fuisge dhí le breathnughadh uirri níos feárr, acht d'imthigh sí uaidh ameasg na gcrann. “Chaithfidh mé fhághail amach cia leis an chráin sin,” arsa Colm, “agus ní chongbhóchaidh luach ar bith uaim í.” Cheangail sé ádhbhar a sguaibe, agus bhí sé [ag] brath ar fhilleadh a-bhaile nuair chonnaic sé sean- bhean agus brat dearg uirri ag teacht chuige ó íochtar an tsléibhe. “Go mbeannuighidh Dia dhuit a bhean chóir,” arsa Colm, acht ní thug an tsean-bhean aon fhreagradh air, agus shaoil sé go raibh sí bodhar. Nuair tháinig sí i bhfogus dó d'árdaigh sé a ghuth agus d'fhiafruigh sé dhí an raibh fhios aici cia leis an
chráin mhuice do chonnaic sé ar an tsliabh nuair bhí sé ag baint ádhbhair sguaibe. “Is liom-sa í,” ar san tsean-bhean. “Tá easbhuidh chráin-mhuice orm-sa,” arsa Colm, “agus ceannóchaidh mé uait í, má tá sí le díol.” “Bronnfad ort í, má gheallann tu dham go mbéidh tu go cineálta léi,” ar sise. “Go deimhin bhéarfaidh mé an gealladh sin duit,” arsa Colm, “agus fáilte. Seo m'fhocal duit nach mbéidh mé go bráth acht go cineálta léi.” “Bíonn sí rud beag fiadháin,” ars an tsean- bhean, “agus b'éidir go mbéidh sí crosta go mbéidh taithighe aici ar do thigh, acht má thugann tu neart le n' ithe dhí béidh sí 'na cráin shocair dhuit.” “Tá mé an-bhuidheach díot,” arsa Colm, “agus an chéad-ál bhéas aici bhéarfaidh mise a leath dhuit- se.” “Maith go leór,” ar sise, agus chuir sí glaodh aisti. “Hurruis! hurruis!” ar sise, agus leis sin tháinig an chráin ag rith chuici as lár na coille. “Anois a Shiubháin,” ar san bhean leis an muic, “teirigh a-bhaile leis an bhfear so, béidh seisean go cineálta leat, agus ní'l aon rud agam-sa le tabhairt duit níos mó.” Do leig an chráin a dá chluais siar, tháinig sí go Colm agus chuimil sí a srón dó ag cur i n-umhail dó go raibh sí sásta bheith dul beis. Thiomáin sé an chráin-mhuice amach roimhe ann sin, agus nuair tháinig sé chum a thighe thug sé neart
le n'ithe dhí. Ar maidin, an lá ar na mhárach, rinne sé cró bheag dheas dí ag tóin an tighe, agus théidheadh sí amach gach uile lá ag rómhar agus ag tochailt, agus thigeadh sí a-bhaile san trathnóna. Aon mhaidin amháin ní tháinig sí amach as an gcró mar ba ghnáth léi, agus nuair d'fheuch Colm asteach uirri chonnaic sé go raibh ál banbh le n-a taoibh. Bhí banbh agus fiche ann. “Dar m'fhocal is maith agus is tairbheach an chráin thú,” arsa Colm, “má éirigheann sé liom na bainbh ar fad do thógbháil béidh aon cheann déag agam féin agus bhéarfaidh mé deich gcinn do'n tsean-bhean.” An trathnóna sin thug sé neart mine-choirce do'n chráin, agus thug sé dhí arís é sul chuaidh sé a [do] chodladh. Ar maidin rinne sé freastal uirri arís, agus 'na dhiaidh sin chuaidh sé chum an tsléibhe le h-innsint do'n tsean-bhean go raibh banbh agus fiche ar an gcráin. Chuartuigh sé an sliabh suas agus anuas, soir agus siar, acht níor fheud sé an chailleach fheiceál. “B'éidir go bhfuair sí bás,” ar seisean leis féin, agus tháinig sé a-bhaile agus é go lúthgháireach go leór faoi na bainbh uile do bheith aige féin. Bhí sé an-chineálta leis an gcráin, agus bhí sise mar an gcéadna leis na bainbh. I gcionn cúpla mí bhí na bainbh i riocht a ndíolta, agus thug sé iad do'n aonach, agus fuair sé luach mór orra. Timchioll mí 'na dhiaidh sin chuaidh an chráin amach agus thug aghaidh ar an tsliabh agus nuair d'fhill sí ar ais thug Colm fá deara go raibh sí
réidh le h-ál eile do thabhairt dó. Chuir sé sin iongantas mór air, agus ar maidin nuair d'fhéach sé asteach san gcró bhí ál eile aici. Aon bhanbh déag agus fiche do bhí aici an t-am so, “Dar m'anam,” arsa Colm, “ní fhacas riamh an méid sin banbh i n-aon ál amháin, agus tá siad chomh mór agus dá mbéadh gan a bheith aici acht ál beag.” Bhí aon cheann amháin aca agus bhí sé beag baoideach (= bídeach), acht ba é an ceann ba dheise aca ar fad. Bhí dubh agus bán agus gorm ann, agus bhí lorg réilt ar a chlár-éadain; do bhí an réalt sin chomh buidhe le h-ór, agus nuair bhí sé seacht- mhain d'aois ní leigeadh sé aon bhanbh eile anaice leis an gcráin go mbéadh a sháith ólta aige féin. D'innis Colm an sgéal do chómharsain agus dubhairt an chómharsa nár chualaidh sé riamh an oiread sin banbh do bheith ag cráin, i n-ál amháin, agus tá mé cinnte, ar seisean, nach mbéidh an chráin i-n-an iad do bheathughadh. “Béidh go deimhin,” arsa Colm, “mar bheirim neart mine-choirce agus bláthach dí.” “Sí an chráin is iongantaighe d'á bhfacaidh mise riamh,” ars an chómharsa. Nuair bhí na bainbh dhá mhí d' aois thug Colm chum an aonaigh iad, acht amháin an bainbhín dathuighthe, agus fuair sé luach mór orra. Ní raibh aon bhanbh firionn ins an ál acht an ceann beag dathuighthe, agus thug sé Dómhnaillín mar ainm air. Nuair díoladh na bainbh eile thosaigh Dómhnaillín ag fás go mór mór, agus bhí meas iongantach ag an gcráin air.
Trí mhí tar éis an dara h-ál do bheith ag an gcráin chuaidh sí chum an tsléibhe arís, agus nuair tháinig sí ar ais chonnaic Colm go raibh sí dul ál eile do thabhairt dó. B'fhearr liom 'ná cuid mhaith dá mbeith fhios agam cad do bhí tu a [do] dhéanamh ar an tsliabh, arsa Colm, agus fairfidh mé thu an chéad-uair eile rachas tu ann.” Ar maidin, lá ar n-a mhárach, nuair d'éirigh sé, chonnaic sé Dómhnaillín na shuidhe leis féin taobh amuigh de'n chró, agus nuair d' fheuch sé asteach chonnaic sé an t-urlár lán suas de bhainbh. Chómhairigh sé iad agus fuair sé go raibh aon agus dá-fhichid aici. “Dar m'anam,” arsa Colm leis féin, “ní ál ceart é sin. Ní bhéidh an chráin i n-an a leath aca sin do bheathughadh, agus báithfidh mé deich gcinn aca.” Leis sin fuair sé cliabh agus chuir sé deich gcinn de na bainbh ann, agus bhí 'gá chur ar a dhruim nuair thug an chráin léim thar bhalla an chró, fuair greim le n-a béal ar an gcliabh agus dubhairt, “Cá bhfuil tu dul le mo chloinn?” Is beag nár thuit Páidín leis an ngeit do bhain sí as, agus leis an iongnadh. Níor fhéad sé focal a labhairt. “Óró,” ar sise arís, “ní raibh tu sásta leis an sochar do bhí tu 'bhaint as mo chuid banbh, acht budh mhian leat cuid aca a mharbhadh gan cuimhniughadh orm-sa, ag iarraidh tuilleadh sochair dhuit féin.” Chomh luath agus tháinig a chaint ag Colm d'fhreagair sé agus dubhairt, “dar m'fhocal agus dar m'anam, ní le drochmheas ort-sa ná ar na
bainbh do bhí mé ar tí a mbáidhte, acht faitchios do bhí orm nach mbeidhtheá-sa i n-an iad do bheathughadh. Is é gnás na tíre seo nuair bhíonn ál mór banbh ag cráin cuid aca do bháthadh.” “Bíodh fhios agad dá mbeith céad banbh agam-sa i n-aon ál amháin go bhféadfainn iad uile go léir a bheathughadh gan greim ná deoch uait-se,” ar san chráin. “Tá fhios agam anois nach cráin choitchionta thu, acht ní raibh fhios agam sin go dtí anois,” arsa Colm, “agus tá súil agam go ngabhaidh (= ngeobhaidh) tu mo leithsgéal faoi an rud do rinne mé.” Ann sin do labhair an mhuc óg, Dómhnaillín, agus dubhairt. “Ní'l leithsgéal ar bith agad, is fear sanntach thu.” “Teirigh amach a mhic,” ar san chráin, “agus leig trí gháir chomh h-árd agus thig leat.” Chuaidh Dómhnaillín amach agus leig sé trí gháir do chloisfeadh an duine do bhí deich míle uaidh. Sul do bhí an tríomhadh gáir leigthe aige chonncadar sluagh mór muc ag rith chuca agus ag sgreadaoil chomh h-árd agus do bhí ionnta. Shaoil Colm nach raibh muc i n-Éirinn nach raibh cruinnighthe ann. Thángadar ag rith mar bheith capla rása, agus collach mór amach rompa, mar uachtarán orra. Rith sé go dtí Colm agus chuaidh sé asteach idir a dhá chois gur thóg sé ar a dhruim é agus aghaidh Chuilm ar a ruball (= earball). Rith sé amach arís agus na muca eile 'na dhiaidh. Thug sé aghaidh ar an sliabh. Lean na muca é. Do ghlaodh
agus do sgread Colm ar chabhair. Ní raibh aon chabhair ann dó. Tháinig an sluagh ar fad go bun an tsléibhe. Labhair an chráin focal nár thuig Colm, agus d'fhosgail taobh an tsléibhe agus ritheadar uile go léir asteach. Do dhruid an sliabh na ndiaidh. Caitheadh Colm ar an talamh agus chaill sé a mheabhair. Nuair tháinig sé chuige féin bhí sé 'na luidhe ar an urlár i bpálás breágh gleusta. Bhí sluagh, fir agus mná, ag dul suas 's anuas ann ag caint agus ag gáiridhe le chéile, acht ní raibh aon mhuc le feiceál. D'éirigh Colm agus shuidh sé ar chathaoir, agus bhí sé ag breathnughadh orra tamall fada, acht chomh géar agus d'fhéuch sé orra níor aithnigh sé aon duine. Fá dheireadh tháinig sean-bhean chuige, stad sí d'á siubhal agus dubhairt leis, “A Chuilm Ui Ruairc,” ar sise, “nach cuimhne leat mise?” “Is cuimhne liom anois thu, a bhean-uasal, nach tu do thug an chráin-mhuice dham amuigh ar an tsléibh.” “Is mé,” ar sise, “acht shaoil tusa éagcóir mhór do dhéanamh uirri, nuair bhí tu dul cuid d'á bainbh do bháthadh. Tá tu ag íoc as anois. Ní'l cráin na banbh agad agus tá tu a-bhfad ó bhaile.” “Cad tá sibh dul a dhéanamh liom?” arsa Colm. “Ní féidir go bhfuil sibh dul dom' dhruidbheál (= druidim) ins an áit seo. Cá fhada fhágfas sibh ann seo mé?” “Deich mbliadhna,” ar sise, “sin bliadhain faoi gach banbh do shaoil tu a bháthadh,” agus d'imthigh sí uaidh.
“Óra! a Righ na bhfeart!” arsa Colm leis féin, “nach mé an t-aindheiseóir!” Bhí sé chómh tuirseach sin gur thuit sé siar ar shórt leapthan do bhí i gcúinne an tseomra agus thuit sé 'na chodladh. Níor dhúisigh sé go dtí an mhaidin an lá ar n-a mhárach, agus níor airigh sé aon rud go bhfacaidh sé an collach 'na sheasamh os a chionn. Leig sé a chos tosaigh ar Cholm agus ar an móimid rinneadh collach muice eile de Cholm féin. B'éigin dó dul amach ann sin leis an gcollach mór agus le sluagh de mhucaibh eile, agus chuireadar é ag rómhar corláin (?) mhóir do na mucaibh boinionna. Ní raibh sé leis féin ag déanamh na h-oibre sin. B'éigin do na mucaibh fireannacha soláthar do na mucaibh boinionna. Bhíodh sé ag an obair sin gach uile lá agus bhíodh sé 'na fhear gach uile oidhche, agus ní bhíodh tart ná ocrus air, gidh nach bhfuigheadh sé acht aon bhéile amháin gach aon oidhche, agus níor mhór le rádh sin féin. Aon lá amháin nuair bhí sé ag rómhar mar ba ghnáth bhí muc eile i ngar dhó agus dubhairt sé, “A Chuilm Ui Ruairc nach n-aithnigheann tu mise?” “Ní aithnighim, go deimhin,” arsa Colm. “Ní mar sin damh-sa leat-sa,” arsan mhuc, “faríor géar! tá ádhbhar maith agam faoi aithne bheith agam ort-sa. Acht go raibh de mhí-ádh orm banbh do cheannach uait-se ní bhéinn mar atáim indiú, agus ní'l fear ná bean dá'r cheannuigh banbh uait-se nach bhfuil ins an áit seo anois.” “Mo léan!” arsa Colm, “ní'l aon árach
agam air anois, agus nár mealladh mé féin chomh maith libh-se? Budh chráin draoidheachta í do bronnadh orm, acht ní raibh fhios agam go mbudh chráin draoidheachta í no go raibh sé ro-mhall orm.” Níor fheudadar aon rud eile rádh an uair sin, óir chonncadar an collach mór chuca agus bhí eagla orra. Acht casadh duine éigin eile air, gach uile lá, nach mór, a raibh aithne aige ar Cholm, agus ba bheag an fháilte do bhí aca roimhe. Bhí gach uile dhuine aca cinnte in a inntinn féin go mbudh é Colm O Ruairc tús agus fíor-ádhbhar an mhí-ádh' mhóir sin do bhí orra, agus bheiridís na mílte mallacht dó. D'iarr seisean an fhírinne a chur i gcéill dóibh, agus dubhairt sé leó nach é féin do bhí cionntach, chor ar bith, acht ní thugaidís aon éisteacht dó. Bhí sé ag fulaing géar-chrádh mhóir ó gach aon duine d'aithnigh é, agus dar leis féin do bhí gach uile lá chomh fada le bliadhain. Bhí a shrón nimhneach agus athta o'n tsíor-thochailt agus bhíodh sé ag cur fola aiste go minic. Mar sin dó, ag tochailt mar mhuc do ló, agus 'na fhear 'san oidhche, go raibh na deich mbliadhna caithte. Aon lá amháin tháinig an collach mór chuige agus dubhairt leis “sgaoilfidh mé amach thu ar maidin amárach, acht má innsigheann tu d'aon duine beó gur chaith tu deich mbliadhna i Sliabh-na-Muc béarfaidh mé ar ais thu agus fanfaidh tu ann go deó.” Ar maidin, 'na dhiaidh sin, nuair dhúisigh Colm fuair sé é féin ar thaoibh an tsléibhe agus gan aon fhios aige ar a mbealach do bhéarfadh a-bhaile é.
D'imthigh sé roimhe ann sin, ag imtheacht agus ag síor-imtheacht no go dtáinig sé go teachín beag ar bhruach aibhne. Chuaidh sé asteach ann agus d'fhiafruigh sé de bhean-an-tighe an bhfeudfadh sí an t-eólas dhéanamh dhó go Sliabh-na-mban. “Cá'r b'as thu, na cá rugadh agus tógadh thu?” ar sise. “Rugadh agus tógadh mé i ngar do Shliabh-na- mban,” ar seisean, “acht ní fheudaim a innseacht duit an áit a raibh mé ann.” “Tá tuairim agam cia an áit a raibh tu,” ar sise, “agus ní'l truagh ar bith agam duit. Lean do shrón nimhneach, agus má théidheann tu amúgh' bris an treóir!” “Dona go leór,” arsa Colm. D'imthigh sé leis ann sin, agus bhí sé ag imtheacht go dtáinig sé go teach eile. Bhí fear 'na sheasamh ins an dorus agus d'fhiafruigh Colm dé cia an bealach go Sliabh-na-mban. “Má tá tu ag tóruigheacht mná,” ar san fear so, “tá mo mháthair mhór ins an gcoirnéall astigh ann sin, agus bhéarfad duit í.” “Ní'l fonn ar bith magaidh orm,” arsa Colm, “acht béidh mé buidheach díot má chuireann tu ar an mbóthar ceart mé.” “Is ait an sórt duine thu,” ars an fear, “acht má's dá ríribh atá tu taisbeánfaidh mé an bóthar dhuit.” Rug sé amach leis é, ann sin, agus mhúin sé an t-eólas dó. Nuair fuair Colm é féin bheith ar an mbóthar ceart rinne sé an oiread deifir' agus bhí ann. Bhí sé ag imtheacht go raibh an ghrian ag
dul faoi, agus fá dheireadh tháinig sé, le sgáile na h-oidhche, go dtí a theach féin. Acht, mo bhrón! ní raibh aon teach ann. Bhí na cleitheacha fuadaighthe leis an ngaoith, agus bhí an bhinn agus cuid de'n taobh-bhalla tuitthe. Ba chuimhin go maith le Colm go raibh luach na mbanbh curtha i dtaisge aige i bpoll taobh-shiar de'n teine — bhíodh sé ag cuimh- niughadh air sin ó'n uair d'fhág sé Sliabh-na-Muc. Chuartuigh sé an áit anois, níor fhág sé cloch nár tharraing sé amach. Fuair sé an sporán, ceart go leór, acht ní raibh ór ná airgead ann. Ní raibh ann acht píosaí beaga de leacrachaibh. Bhí sé lá 'na shuidhe ar chlaidhe i n-aice le n-a theach briste. “Ochón, ochón go deó,” ar seisean, leis féin, “is truagh nach bhfuilim marbh.” Bhí sé ag smuaíneadh créad do dhéunfadh sé, nuair chualaidh sé guth ag rádh “tar an bealach so agus gheobhaidh tu cáirde.” Lean sé an guth, agus bhí an guth ag dul roimhe agus é dh'á leanamhaint go dtáinig sé go Dún-Sídhe do bhí ann ag bun Shliabh-na-mban. Ní túisge bhí sé astigh 'san dún 'ná chualaidh sé rúille-búille mór, agus do rith sluagh marcach asteach san dún chuige. Bhí fear árd ann do bhí mar uachtarán orra. Chruinnigh siad go léir na thimchioll-san, agus dubhairt an fear mór leó,
“Tá Colm O Ruairc ann so, tar éis deich mbliadhna do chaitheamh dhó i Sliabh-na-Muc. Ní'l teach ní'l ór ní'l airgead aige, ná aon chara le fosgadh * oidhche do thabhairt dó, agus saoilim go mbudh chóir dhúinn cabhrughadh leis.” “Cabhróch- amaoid go cinnte,” arsa na daoine eile. Tháinig an t-uachtarán chuige ann sin, agus dubhairt “Seo dhuit sporán nach mbéidh folamh * fad do bheatha saoghalta. Caithfidh tu geallamhaint thabhairt dúinn anois nach n-innseóchaidh tu do dhuine beó go raibh tu ann so ná go bhfacaidh tu an sluagh sidhe ins an dún so. Agus rud eile; ná bíodh aon fhaitchios ort i dtaoibh na muc draoidh- eachta. Ní bhéidh aon chúmhacht aca ort feasta. Tá fhios agam gur bhagair an collach mór ort sul ar fhág tu an Sliabh, acht ní'l aon chúmhacht aige ort anois. Is í mo chómhairle dhuit imtheacht as an áit seo go dtí áit éigin eile nach mbéidh aithne ag na daoinibh ort, cuir fút ann sin, agus caith do bheatha go súgach. Nuair bhéas críoch ar do bheatha shaoghalta glacfaidh mé asteach thu in mo bhruighin féin imeasg na ndaoine maith. Slán leat.” Thug Colm uaidh an gheallamhaint d'iarr an fear- sidhe air, d'fhág sé slán aca, agus d'imthigh sé. Chuir sé faoi, fiche míle ó'n áit a rugadh é. Cheannuigh sé áit áluinn agus chuir sé suas teach breágh dhó féin. Mar bhí neart airgid aige bhí cáirde go leór aige. Chaith sé a bheatha go súgach agus bhí gnaoi agus gean ag gach éinne air, mar * “Fasgadh” agus “falamh” nó “fasgú” agus “falú,” dubhairt an sgéulaidhe.
bhí sé fial flaitheamhail agus go maith do na bochtaibh. Bhí sé deich mbliadhna agus ceithre fichid nuair fuair sé bás. An lá sul má bhfuair sé bás saoghalta d'innis sé a sgéal go h-iomlán d'fhear éigin do bhí i n-an a sgríobhtha. Sgríobh an fear so é go h-aireach ó n-a bhéal féin. D'innis mise dhaoibh-se anois é, mar chualas é ó m'athair mór. Anois a bhean-uasal agus a chuideachta onórach, tá mo chuid sgéalta críochnuighthe agam, agus fágfaidh mé slán agaibh go léir. Tá fhios agam go bhfuil imnidhe ar m'athair agus ar mo mháthair fá mise bheith imthighthe uatha, agus béidh mé dul a-bhaile arís amárach. Na sgéalta d'innis mise dhaoibh is fíor iad uile go léir, acht tá brón mór orm nach bhfuil crothughadh a bhfírinne agam le fághail.” D'éirigh fear mór dubh do bhí 'na shuidhe imeasg na cuideachta. “Ní bhéidh tu a bhfad gan cruthughadh,” adubhairt sé. Is mise “Réidhtigh m'fhiacail,” agus is fíor gach aon fhocal adubhairt tu mo thaoibh-se i sgéal an chéad-oidhche.” D'éirigh fear eile ann sin. Sean-fhear do bhí ann. “Seadh,” adubhairt sé, “is mise Gobán, is mise do chuir suas Baile-an-Chláir. Níor thuit sé fós agus ní thuitfidh, agus is Righ na gCrann é an cuileann críon. Tá gach uile fhocal d'á ndubhairt sé mo thaoibh-se fíor.”
Sheas beirt fhear suas ann sin agus dubhairt an fear ba shine aca, “Is mise righ na leath-láimhe do phós inghean mhaoir na muice, agus is é seo mo mhac do marbhadh ag Ridire an Chlaidhimh, agus tá gach uile fhocal de'n sgéal sin fíor. Sheas fear eile agus dubhairt sé, “Is mise Páidín a Bhláca, is mise an t-amadán do chuaidh ar theachtaireacht go dtí cailleach na gcat. Tá gach aon fhocal de'n sgéal sin fíor.” Sheas beirt eile, agus dubhairt an fear do b' óige aca, “Is mise Iarla óg an ghleanna, agus is é seo an Fathach Dubh do mharbh mise i nGleann- na-mbuadh, agus tá gach uile fhocal de'n sgéal sin fíor.” D'éirigh fear eile agus dubhairt “Is mise mac an righ do bhí i dtuaisceart Eireann. Is mise do chuaidh faoi an bhfairrge leis an Maighdin-mhara, agus tá an sgéal sin fíor.” Sheas an naoidheamh fear ann sin agus dubhairt sé, “Is mise Colm O Ruairc an fear ar chualaidh sibh anocht a eachtra agus a imtheachta i Sliabh-na- Muc, agus bhí gach aon fhocal de'n sgéal sin fíor.” Bhí gach éinne 'na thost ann sin go ceann tamaill. Bhí triúr eile nár éirigh agus nár labhair focal. Daoine móra uaisle iongantacha do bhí ionnta. Bhíodh Diarmuid ag déanamh iongantais díobh gach aon oidhche, óir ní rabhadar mar na daoine eile, dar leis. Budh mhaith leis go mór fios a
bheith aige cia 'r bh'iad féin. Fá dheireadh do sheas an fear ba shine de'n triúr sin agus dubhairt “Tá Oscar ann so agus Oisín ag rádh gur fada ó chualadar aon tseanchuidhe do b'fhearr 'ná an sgéaluidhe seo d'innis na seacht sgéalta sin dúinn. Níor leig Fionn Mac Cumhaill file 'ná seanchuidhe riamh uaidh gan duais. Is fiú an fear so a chúitiughadh faoi na seacht sgéaltaibh maithe d'innis sé dhúinn. Seo sporán óir dhó, a dhéanfas saidhbhir é chomh fad agus bhéas sé beó. Agus a sgeuluidhe,” ar seisean, ag féachaint dó ar Dhiarmuid, “nuair bhéas deireadh le do bheatha shaoghalta, béidh fáilte agam rómhat im' bhruighin féin a n-Almhain Laighean; is mise Fionn Mac Cumhaill.” Ghlac Diarmuid an sporán go buidheach beannach- tach agus bhí sé ag fághail faoi réir bheith ag imtheacht nuair labhair an Bhean Uasal. “Tá mé ins an tigh seo,” ar sise, “le níos mó 'ná deich mbliadhna agus trí fichid ag súil go bhfuighinn tuairisg ar mo ghrádh, Ridire an Chlaidhimh, acht ní bhfuaireas a thásg ná a thuairisg ó éinne go bhfuaireas ó'n tseancuidhe seo é. Tá mé cinnte anois go bhfuil an cuntas ceart agam ar an áit a bhfuil sé, agus go bhfuil an tslighe agam le n-a sgaoileadh. Fágfaidh mé an teach so amárach, agus a Fhinn Mhic Chumhaill,” ar sise, “Béidh mé féin agus Ridire an Chlaidhimh i n- éinfheacht leat id' bhruighin faoi Almhain oidhche amárach.”
Níor chualaidh Diarmuid níos mó. Tháinig trom- chodladh air, agus nuair mhúsgail sé bhí an ghrian go h-árd ins an spéir. Bhí an teach folamh. Bhí an bhean-uasal agus an doirseóir agus an trosgán breágh tighe imthighthe, agus ní fhacaidh sé arís fad a bheatha iad, acht bhí an sporán mór óir in a láimh, agus tháinig sé a-bhaile 'na fhear shaidhbhir. Bhí fáilte mhór ag an athair agus ag an mháthair roimhe. D'fhiafruigheadar dhé cá raibh sé, acht bhí Diarmuid glic, ní innseóchadh sé dhóibh é. I gceann cúrsa aimsire 'na dhiaidh sin fuair an t-athair agus an mháthair bás, agus phós Diarmuid inghean sgolóige agus chuir sé teach breágh ar bun. Bhí saidhbhreas mór aige ar feadh a bheatha shaogalta agus d'fhág sé clann mhac agus inghean na dhiaidh. Tá sé féin anois ins an mbruighin le Fionn, acht tá cuid d'á bhunadh beó fós i gcondae na Gaillimhe. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services