Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéuluidhe Fíor na Seachtmhaine

Title
Sgéuluidhe Fíor na Seachtmhaine
Author(s)
In eagar ag Dubhglas De hÍde,
Compiler/Editor
De hÍde, Dubhglas
Composition Date
1909
Publisher
Gill agus a Mhac

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Roimh-Fhocal.



Ag seo seacht sgéalta, agus iad ceangailte
fighte le chéile i n-aon sgéal amháin, ar an nós is
gnáthach le lucht-inniste-sgéal san domhan-thoir.
Ins an mbliadhain 1896 fuair mise iad, ó
Phroinsias Ó Conchubhair, do bhí an uair sin i dtigh
na mbocht i mBaile-Áth-Luain. Dubhairt seisean
liom gur chualaidh sé féin iad ó fhear ar bh’ainm
dó Abhaistín Ó Cathasaigh, fear tháinig as áit i
gContaé Shligigh a dtugtar an Carraigín Ruadh
uirri.



Tá sé cinn de na sgéaltaibh seo agus níor
athruigheas, chor ar bith, iad, acht amháin slacht
beag do chur ar an gcaint anois agus arís.
Acht b’éigin dam an sechtmhadh sgéal do sgrios
amach ar fad. I dtaoibh sagairt, do bhí sé, do
marbhuigheadh ag droch-fhear, agus níor sgéal
deas, ná sgéal oireamhnach do’n leabhar so é.
Ar an ádhbhar sin do chuireas sgéal eile (sgéal


L. ii


an dara h-oidhche) in a áit. Do sgríobhas féin
cuid de’n sgéal so ó bhéal Mhártain Ruaidh Uí
Ghiollarnáth i n-aice le Muine-mheadha i gCondaé
na Gaillimhe, agus cuid eile dhé ó shaor-cloiche
nach bhfuil a ainm agam, as an gcondaé chéadna.
Do sgríobh mo chara C. M. Hodgson an chuid eile
dhé ó bhéal Shéamuis Mhic Dhonnchadha i n-aice le
h-Uachtar Árd i gConnamara. Ní ó’n gCon-
chubhrach, mar sin, ná ó’n gCathasach, atá sgéal
an dara oidhche, sgéal Ghobáin, act is sgéal é
a bhfuil aithne mhaith air ar fud na hÉireann,
agus budh chóir do’n aos óg fios do bheith aca
air, agus sin é an fáth ar chuireas asteach é
i n-áit an sgéil nach raibh oireamhnach.



Níor chualas i n-aon áit i nÉirinn, roimhe ná
ó shoin, sgéalta do bhí fighte ar a chéile i n-aon
sgéal amháin ar nós an sgéal so.



Chuir mise fadughadh beag ar na giotaibh
gearra atá idir na sgéaltaibh, agus is mise do
cheap an t-ainm do’n leabhar. Ní dhearnas aon
athrughadh eile acht a rádh i dtosach an chéad-
sgéil, go ndubhairt an bhean-uasal go gcaithfeadh
na sgéalta bheith fíor. Ní dubhairt an sgeul-
aidhe an rud sin, acht chuir mise asteach é, óir


L. iii


creidim go ndearna sé dearmad, agus go
mbudh chóir coingheall mar sin do bheith ann,
mar thionntaigh gach aon sgéal aca amach do
bheith fíor san deireadh. B’éigin dam Gobán do
chur i gcrích an leabhair (’san áit a n-éirigheann
na daoine ag rádh go raibh na sgéalta fíor) i
n-ionad duine eile do bhí ins an sgéal do sgrios
mé amach.



Mise



AN CRAOIBHÍN.


L. 1


SGÉALUIDHE FÍOR NA
SEACHTMHAINE.



Bhí bean-uasal 'na cómhnuidhe i ngar do chathair
na Gaillimhe a bhfad ó shoin. Bhí sí 'na cómhnuidhe
ann le linn an té budh shine ameasg na gcómh-
arsanna. Níor athruigh a gnúis riamh. D'fheuch
sí i gcómhnuidhe chomh h-óg agus bhí sí trí fichid
bliadhan roimhe sin. Chonnaic fir í nuair bhíodar
na mbuachaillibh beaga, agus chonnaic siad í
nuair bhí siad liath leis an aois, acht níor fheud
aon duine aca a rádh go dtug sé fa deara go
raibh aon athrughadh uirri.



Bhí an bhean-uasal saidhbhir, acht ní raibh fhios ag
éinne cia an tslighe bheatha do bhí aici. Rud
eile, bhí fuagradh sgríobhtha i litreachaibh [litribh]
móra ar an taoibh amuigh d'á tigh ag rádh go raibh
biadh deoch agus lóistín le fághail ag an té do
bhéadh dh'á dtóruigheacht chomh fada agus d'feud-
fadh sé sgéal maith innseacht [innsint] gach uile
oidhche, acht go gcaithidh an sgéal bheith fíor.



Bhí fear óg, an uair sin, ann, ar bh'ainm dó
Diarmuid Mac an Ulltaigh, do bhí 'na chóm-
nuidhe i n-Uachtar Árd, agus bhí sé ar na sean-
chaidhthibh do b'fhearr do bhí i n-iarthar Éireann.


L. 2


Ba ghnáth leis bheith ag dul ó theach go teach gach aon
oidhche agus ag éisteacht le sgéaltaibh na sean-
daoine, agus sgéal ar bith do chluinfeadh sé aon
uair amháin bhéadh sé de mheabhair aige as sin
amach. Chualaidh Diarmuid trácht ar an mnaoi
uasail do chómhnuigh i ngar do Ghaillimh, go minic,
agus dubhairt sé leis féin go rachadh sé ar
cuairt chuici, acht bhí leisg air dul ann gan sgeul
breágh nuadh éigin aige, óir cheap sé in a inntinn
gur chualaidh an bhean-uasal na sgéalta do bhí
aige féin go minic ó dhaoinibh eile.



Bhí Diarmuid ag dul abhaile aon uair amháin
go mall san oidhche, tar éis é bheith ag imirt
cárdaí. Tháinig sé go dtí sean-roilig do bhí
ar thaoibh an bhóthair, agus chualaidh sé guth ag
teacht amach as an roilig ag rádh “Réidhtigh *
m'fhiacail dam, nár réidhtigheadh le seacht mbliadh-
antaibh.” Mar bhí meisneach maith, de bhárr na
h-oidhche aige, léim sé thar an mballa asteach
ins an roilig — agus nuair tháinig sé amach bhí
ádhbhar sgéil aige nár chualaidh éinne riamh, roimhe.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, dubhairt sé leis
féin go raibh a dhíol de sgéal aige anois agus
go rachadh sé ag tarraing ar an mbean-uasail
so. Thug sé a aghaidh ar Ghaillimh, agus nuair
ráinig sé an áit sin ní raibh sé ró fhada ag dul
go teach na mná-uaisle. Ráinig sé é nuair
bhí an oidhche ag tuitim. Bhí beagán faitchis air,
acht bhuail sé an dorus agus tháinig doirseóir.
D'fhiafruigh an doirseóir dhé créad do bhí teas-



* “Pioc” adubhairt an sgeuluidhe.”


L. 3


táil uaidh? Dubhairt seisean gur ar tóir bidh
dighe agus lóistín tháinig sé. “Bhfuil sgéal
agad i gcómhair na h-oidhche”? ar san doirseóir.
“Tá,” ar seisean.



Leis sin thug an doirseóir asteach é, agus
cuireadh é 'na shuidhe i seomra mór, leis féin,
agus fágadh séire breágh ar an mbord dó, idir
biadh agus digh. I gceann uaire 'na dhiaidh sin
tháinig an doirseóir asteach san seomra arís
agus dubhairt leis teacht i láthair na mná-uaisle.
Lean sé an doirseóir go seomra eile do bhí
chomh geal leis an lá, le méid na gcoinneall
agus na solus do bhí ar lasadh ann. Bhí sé ag
féachaint 'na thimchioll nuair tháinig an bhean-
uasal asteach. Bean sheang árd áluinn do bhí
innti. Ní raibh sí óg ná ársa. D'fhéach sí thim-
chioll deich mbliadhain fichid. Gruag óir agus
falaing éadrom síoda do bhí uirri.



Thug Diarmuid Mac an Ulltaigh buidheachas dí
ar son an tsuipéir mhaith fuair sé, agus
dubhairt sé go dtáinig sé le sgéal, dá mbudh
mhian le n-a h-onóir a chloisteál [chlos]. Dubhairt
sí go mbudh mhian. Shuidh sí síos ar chineál leap-
than do bhí ann, agus í 'na leath-luidhe air. Shuidh
Diarmuid ar chathaoir mhóir darach agus thosaigh
sé ar a sgéal.


L. 4


SGÉAL AN CHÉAD OIDHCHE.



I n-Uachtar Árd, a bhean-uasal, do rugadh
agus tógadh mise. Oidhche amháin d'fhág mé teach
m'athar agus mo mháthar, agus chuaidh mé chum an
bhaile-mhóir, agus casadh cuideachta orm, agus
bhí mé ag spóirt agus ag imirt leó go raibh mé
súgach. Bhí sé mall ins an oidhche nuair bhí mé
ag filleadh abhaile. Bhí bealach aithgiorrach ag
dul le cois sean-roilige. Ní rachainn an bealach
sin chor ar bith acht go raibh an oiread sin ólta
agam. Acht do chuir an poitín meisneach ionnam
agus chuaidh mé abhaile an bealach sin gan eagla
ar bith orm. Nuair tháinig mé chomh fada leis
an roilig chualaidh mé guth ag teacht amach as an
dorchadas ag rádh “Réidhtigh m'fhiacail dam nár
réidhtigheadh le seacht mbliadhantaibh.” Ghlac mé
truagh do'n té bhí ag labhairt, óir is imnidheach
an rud cáinín no staic do bheith i bhfiacail
duine, agus mar bhí an poitín im cheann níor
chuimhnigh mé ar cia bhí 'labhairt ná ar an áit a
raibh mé ann, acht chuir mé mo lámh in mo phóca
agus tharraing mé amach tairnge crúidh capaill
do bhí agam le mo phíopa do réidhteach, agus
dubhairt mé “Tar amach ann so, cibé thú féin,
agus réidhteóchaidh mise d'fhiacail duit.” “Ní
fheudaim dul amach chugat-sa,” ar san guth, “acht


L. 5


gabh asteach, thusa, ann so, agus tabhair sólás
éigin dam, agus ná bíodh eagla ort.” “Rachad
dar m'anam,” arsa mé féin, agus leis sin leig
mé mo lámh ar an mballa agus chuaidh mé de
léim asteach ins an roilig. Cia chonnaic mé ann
sin acht fear mór agus brat dearg air, agus é
'na sheasamh ag bun crainn mhóir do bhí ann.
“Tar a bhfogas dam,” ar seisean, “agus cuir
do mhéar in mo bhéal, agus gheobhaidh tú staic
faoi mo chúl-fhiacail agus bain amach í má thig
leat.” Tháinig eagla mór orm ann sin, agus
thosaigh mé ag cur alluis leis an sgannradh.
B'fhearr liom 'ná an domhan mise bheith amuigh ar
an mbóthar arís. Acht ní raibh aon árach (neart)
agam air, agus chuaidh mé a bhfogas dó. D'fhos-
gail sé a bhéal chomh fairsing sin gur shaoil mé
go raibh sé dul do mo shlugadh idir anam agus
corp. Ní lúgha 'ná leath-throigh ar fad do bhí ins
gach stair-fhiacail in a cheann, agus iad chomh
géar le meannaidh gréasaidhe. B'fhearr liom
mo lámh do sháthadh asteach i mbéal beithidhigh
allta 'ná ins an mbéal gránna sin.”


L. 6


D'árdaigh an bhean-uasal a lámh. “Is maith é
do sgéal,” ar sise, “ní coitcheannta an sgéal
é. Ná lean dó anois go dtagann mo cháirde.”
Leis sin do chuir sí fídeóg bheag chum a béil
agus shéid sí í. I gceann cúpla móimid d'fhos-
gail dorus do bí ins an taobh-bhalla, dorus nach
bhfacaidh Diarmuid go dtí sin, agus shiubhal dá-
réag fir [fear] asteach, agus bean óg ar ghual-
ainn gach fir aca. Bhíodar go léir gleusta go
breágh. Éadaigh óir do bhí orra. Bhí claidheamh
crochta le taoibh gach fir aca, agus bhí sgian dhubh
i láimh gach aon mhná. Ní dubhairt siad aon fhocal,
acht shuidheadar síos ar chathaoireachaibh agus
d'fheuchadar ar Dhiarmuid Mac an Ulltaigh.
“Tosaigh arís ar do sgéal,” ar san bhean-uasal,
“b'éidir gur fearr a thús 'ná a dheireadh.
Tosaigh arís air go gcloisidh mo cháirde é.”
Thosaigh Diarmuid arís ar an sgéal, agus d'innis
sé as an nuadh é, go dtáinig se go dtí an áit
ar choisg an bhean-uasal é, agus lean sé do'n
sgéal ann sin.


L. 7


“Ghlac mé meisneach, chuir mé mo láimh chlé
in a bhéal agus níor bh'fada go bhfuair mé greim
ar staic do bhí faoi n-a chúl-fhiacail. Tharraing
mé amach mo thairnge crúidh capaill, agus chuir
mé faoi an staic í, acht ní túisge rinne mé sin
'ná leig sé sgread as nár cualadh a leithéid
riamh, is dóigh liom, ó cruthuigheadh an domhan.
Gach uile dhuine marbh do bhí ins an sean-roilig
d'éirigh sé leis an sgread sin. Léim mé féin
siar ó'n bhfear mór agus d'fheuch mé mo thim-
chioll. A leithéid d'amharc agus chonnaic mé
ann sin ní fhacaidh aon duine riamh. Bhí an roilig
uile go léir ar lasadh chomh lonnrach agus dá
mbudh meadhon-laé do bhí ann. Chonnaic mé an
ghrian agus an ghealach os mo chionn ann. Chon-
naic mé na céadta daoine marbh ann, agus
a gcuid aisléine geal orra. Shaoil mé gur
deireadh an domhain do bhí ann, agus go raibh
na mairbh ag éirghe i gcómhair an bhreitheamhnais
dheiridh. Acht ní mar sin do bhí sé. Thosaigh-
eadar go léir ag gáiridhe agus ag bualadh bos.
Ann sin chuir Réidhtigh-m'fhiacail a mhéar in a
bhéal, leig sé fead, agus le casadh do láimhe bhí
na mairbh uile go léir imthighthe faoi an talamh
arís. D'imthigh an ghrian agus an ghealach, agus
fuair mé mé féin 'mo sheasamh i láthair Réidhtigh-
m'fhiacail arís.



“Rinne tú d'obair go maith, ar seisean,” “bhí
an staic sin faoi m'fhiacail le seacht mbliadh-
naibh, agus ní bhfuair mé riamh aon duine le
n-a baint amach go dtáinig tusa. Is fiú do


L. 8


thuarastal thú, acht ní bhfuighfidh tú é ar an
tsaoghal so, acht geallaim duit go mbéidh sé
i ndán duit tar éis do bháis. Chonnaic tú
roinnt de shluagh na marbh ar ball, tarr liom-sa
anois agus taisbeánfaidh mé dhuit áit-chómhnuidhe
na ndroch-dhaoine.”



Ní raibh fonn ar bith orm an áit sin d'fheiceál
agus níor mhaith liom dul leis chor ar bith, acht
sul d'fheudas sin a rádh leis bhuail sé a chos trí
h-uaire ar an talamh, d'fhosgail an talamh fúinn,
agus síos linn. Bhíomar ag imtheacht go dtán-
gamar go bruach locha mhóir, acht, i n-áit uisge,
is lasair-teineadh do bhí ann. Chonnaic mé na
mílte agus na mílte daoine agus iad cean-
gailte le slabhradhaibh i lár na lasrach. Bhíodar
ag sgreadghail le teann pian. Bhí mé líonta
le truagh dhóibh, acht bhí faitchios orm labhairt.
Ann sin thug sé go bruach locha eile mé agus
dubhairt liom. “Sin é an Phurgadóir.” Dhearc
mé síos uaim agus chonnaic mé sluagh mór
daoine agus iad ceangailte de leapthachaibh.
Teine dhearg do bhí ins na leapthachaibh sin. Bhí
siad ag éagcaoin le teann pian. Ann sin rug
sé leis mé go machaire mór agus thaisbeán sé
sluagh eile daoine dham. Bhí sgiathána briste
orra so, agus iad caithte tromac-tramach ag
caoineadh go brónach. “Sin iad na h-aingle do
caitheadh amach as an bhflaitheas faoi bheith ag
clampar le Dia,” ar seisean. Ann sin thug
sé mé go béal bóthair do bhí cam cúmhaing,
agus dubhairt sé “Sin é bóthar atá dul go


L. 9


flaitheas, acht ní thig le h-éinne siubhal air go
bhfaghaidh sé bás, mar tá aingeal d'á coimhdeacht
agus claidheamh teineadh in a láimh aige.”
“Anois,” ar seisean liom, “tá cómhairle agam
le tabhairt duit, seachain feasta an imirt agus
an t-ól agus an droch-chumhlódar * no béidh
ifrionn fosgailte rómhat. Is mithid duit fill-
eadh abhaile anois. Ní fheudaim aon chómhrádh
dhéanamh leat go ceann seacht mbliadhan ó'n
oidhche anocht. Tarr chum na sean roilige seo
an oidhche sin, agus bíodh do thairrgne crúidh
capaill agad, agus tiucfaidh mise chugat.”



Andhiaidh sin tháinig ceó ar mo shúilibh, thuit mé
mo chodladh, agus nuair dhúisigh mé fuair mé
mé féin ag balla na sean-roilige. Bhí breacadh
an laé ann an uair sin, agus bhí an fhuiseóg ag
seinm go h-árd san spéir. Bhí an ghrian ag
éirghe nuair tháinig mé go dorus m'athar. Bhí
fearg mhór ar m'athair. Thug sé spreagadh agus
masladh mór dham. Dubhairt sé liom imtheacht
agus gan cos do chur thar a thairseach arís go
bráth, chomh fhad agus bhéadh sé féin beó. Bhí mise
tuirseach tinn breóidhte. Nuair fuair mé m'athair
imthighthe amach chuaidh mé [do] mo chodladh agus
níor mhúsgail mé go maidin lá ar n-a mhárach.
Bhí faitchios orm roimh m'athair, agus nuair d'éirigh
mé d'fhág mé an teach agus bhuail mé an bóthar
go dtáinig mé ann so chugaibh-se. Sin anois
chugaibh mo sgéal, acht má bhíonn an onóir agam



* = Comhluadar


L. 10


bheith in bhur gcumhlódar arís oidhche amárach
innseóchaidh mé sgéal eile.



Labhair fear aca agus dubhairt sé, “béidhmid
uile go léir ann so rómhat oidhche amárach.” Leis
sin d'éirigheadar, d'fhosgail an dorus mór do bhí
ins an taobh-bhalla agus shiubhladar uilig (uile)
amach mar thángadar asteach, bean óg ar ghual-
ainn gach fir aca.



Chomh luath agus bhíodar imthighthe, do leag an
bhean-uasal bord breágh i láthair Dhiarmada, a
raibh mairt-fheóil caoir-fheóil arán im agus crúis-
gín fíona air. D'ith Diarmuid acht níor ól sé
aon deór. Tháinig an doirseóir asteach ann sin
agus thug sé Diarmuid leis go seomra eile a
raibh leabaidh bhláith ann. Luidh sé uirri, thuit sé
'na chodladh, agus níor dhúisigh sé go dtí an lá ar
n-a mhárach.



Nuair dhúisigh Diarmaid an lá ar n-a mhárach
fuair sé biadh ón doirseóir. Ní fhacaidh sé an
bhean-uasal ná aon duine de'n chuideachta, cidh
go raibh sé ag siúbhal thimchioll an tighe agus na
h-áite ar feadh an lae. Nuair tháinig an oidhche
glaodhadh air agus leagadh bord in a fhiadhnuise a
raibh gach cineál bidh agus dighe air do b'fhearr 'ná
a chéile. D'ith sé agus d'ól sé a sháith. Ann sin
tugadh é go seomra na mná-uaisle agus dubhairt
sí leis “'bhfuil tú réidh le do sgéal innseacht.”
“Táim” ar seisean. Chuir sí stoc óir in a béal


L. 11


agus shéid sí é. D'fhosgail an taobh-bhalla agus
tháinig an dá-réag fear céadna asteach, agus
iad gleusta mar bhíodar an oidhche roimhe sin,
agus bhí a bhean ar ghualainn gach fir. Nuair
shuidheadar dubhairt an bhean-uasal le Diarmuid,
“tosaigh ar do sgéal anois.” Acht sul d'fheud
sé a bhéal fhosgailt le tosughadh, do labhair bean
do bhí ann sin. Níor thuig Diarmuid focal d'á
raibh sí 'rádh, acht ar an mball dubhairt an bhean-
uasal, “cuirigidhe smacht ar bhur mnáibh, no ní
thiubhraidh siad éisteacht do'n sgéal.” Leis sin
do bhuail gach uile fhear aca a bhean le slaitín
draoidheachta agus rinne sé cú bhán dí, agus
dubhairt “luidh síos.” Luidh na coin ag cosaibh
'na bhfear, agus thosaigh Diarmuid ar a sgeul
innseacht.


L. 12


SGÉAL AN DARA H-OIDHCHE.



As an aon áit amháin tháinig Gobán Saor agus
mo shinnsir féin, agus tháinig sgéal Ghobáin anuas
ó'n tsean-athair go dtí an t-athair agus ó'n athair
go dtí an mac go dtáinig sé fá dheireadh
chugam-sa, agus ní'l aon fhocal bréige ins an
méid atá mé dul [d'] innseacht daoibh.



Nuair bhí Gobán óg, ní raibh aon tsaor ins an
domhan chomh dona leis. Bhí sé lá ag teacht
a-bhaile tar éis a bheith ag tóruigheacht oibre.
Ní bhfuair sé aon obair. Bhí sé tuirseach agus
bhí droch-mheisneach air. Thuit sé 'na chodladh agus
é ag teacht a-bhaile. Pé ar bith uirlis do bhí aige,
bhíodar i mála, agus bhíodar le n-a ais nuair thuit
sé 'na chodladh. Tháinig an sluagh sidhe nuair bhí
sé 'na chodladh, agus ghéaradar a chuid uirlis dó
agus d'fhágadar ins an mála arís iad. Nuair
dhúisigh Gobán chuaidh sé a-bhaile. D'fhiafruigh an
bhean dé an bhfuair sé aon obair. Dubhairt
Gobán nach bhfuair. “Ní'l aon neart agad air,”
adeir sí.



D'fhan sé ann sin go ceann trí no ceathar de
laétheanntaibh agus d'imthigh sé arís go h-áit a
raibh teach mór eile d’á dhéanamh. D’iarr sé ar
an máighistir do bhí ann an dtiubhradh sé obair dhó.
Bhí an máighistir agus an lucht oibre ag dul


L. 13


chuig a mbreicfeasta nuair tháinig Gobán, agus
dubhairt Gobán leis “céurd [créud] a bhéas mé
a [=do] dhéanamh go dtigidh sibh.”



“O! bí déanamh cait agus dá ruball”
[earball], ar san máighistir do bhí ar an lucht
oibre, ag magadh faoi, agus d'imthigh sé leis, le
n-a bhiadh do chaitheamh.



Nuair tháinig sé ar ais bhí cat cloiche déanta
ag Gobán agus dá ruball air, agus ní fhacaidh
duine ar bith riamh cat do b'fhearr 'ná é. Bhí
iongantas ar an máighistir nuair chonnaic sé sin.
“Tá obair bheag eile agam ann so agus téidheann
sé cruaidh go leór ar chuid againn a dhéanamh
agus budh chóir dhuit-se féachaint an ndeanfá í.”
Thaisbeán sé dhó é ann sin. Bhí tairgne aige i
gclár, ar bhárr an tighe, a bhfad suas i n-áirde,
agus thug sé an casúr do Ghobán agus dubhairt
leis an tairgne do thiomáint asteach san gclár.
Ghlac Gobán an casúr, agus chaith sé suas é, agus
bhuail sé an tairgne ar a cheann go díreach, gur
thiomáin sé asteach san gclár é — agus sin rud
nach bhféadfadh aon fhear aca a dhéanamh acht
é féin. Nuair chonnaic an máighistir sin dubhairt
sé gur ain-fhear ar fad do bhí ann, agus thug sé
obair dhó. Lean Gobán do'n obair, agus ní raibh
aon fhear eile le fághail leath chomh maith leis,
agus 'sé an chaoi a raibh sé ins an deireadh go
mba é féin an máighistir. Ní raibh rud ar bith
ag baint le teach ná le saoirseacht nach raibh sé
i n-an a dhéanamh. Bhí sé de cháil air ann sin nach
raibh aon tsaor san domhan chomh maith leis.


L. 14


Áit ar bith 'na dhiaidh sin, a mbeith caisleán no
teach mór le déanamh, cuirthí fios ar Ghobán le
bheith 'na mháighistir ar an obair. D'éirigh leis go
maith. Fuair sé maoin agus saidhbhreas.



Bí sé ag gabhail [dul] chum aoise ann sin, agus
bhí a bhean caillte. Bhí aon mhac amháin aige, acht
ní raibh aon mhaith ins an mac so le saoirseacht,
acht an oiread le fear ar bith eile.



Shaoil na daoine gur fíor-mhac do Ghobán an
mac so, acht níor mhac do Ghobán chor ar bith é.
Bhíodh Gobán i gcómhnuidhe ag clamhsán nach raibh
aon mhac aige, agus bhí sé pósta le fada sul do
bhí clann ag a mhnaoi. Ní mac do bhí aici ann
sin acht inghean. Ní raibh Gobán san mbaile an
lá rugadh í, agus dubhairt an tsean-bhean do bhí
ag freastal ar a mhnaoi go raibh mac an lá
céadna ag a leithead so de bhean eile do bhí
san gcómharsanacht, agus go dtiubhradh sí an
mac sin ó n-a máthair agus go gcuirfeadh sí é
i leabaidh na h-inghine, agus go dtiubhradh sí
inghean Ghobáin do'n bhean eile. Rinne sí sin,
agus nuair tháinig Gobán a-bhaile fuair sé mac
roimhe, agus bhí áthas an domhain air.



Nuair d'fhás an mac ní raibh sé cosmhail le
Gobán chor ar bith, agus bhí Gobán i n-aimhreas
nár leis féin é. Chualaidh sé caint fá dheireadh
gurbh 'inghean do bhí aige féin, agus gur fágadh
an mac so in a h-áit. Budh mhaith leis an sin
an inghean fhághail amach agus í do phósadh leis an
mac, acht ní raibh fhios aige cá raibh sí. Dubhairt
sé leis féin, ann sin, nach raibh aon chailín san


L. 15


tír ar chóir dhí bheith chomh glic le n-a inghin féin,
“óir budh dúal athar dhí bheith glic,” ar seisean,
“agus má fhághaim amach an cailín is glice insan
tír is dóigh go mbéidh m'inghean féin agam innti,
agus má tá sí cosmhail liom-sa béidh mé cinnte
dhé.



Níor innis Gobán d'aon fhear ariamh cia an
chaoi a bhfuair sé an tsaoirseacht.



Dubhairt sé leis an mac gur mithid dó bheith
pósta. Dubhairt an mac gur cuma leis.
D'imthigh Gobán ann sin agus mharbh sé caora
agus bhain sé an croiceann agus an olann dí
[d'fhág sé an olann ar an gcroiceann], agus thug
sé do'n mhac é, agus dubhairt leis a dhíol “agus
ní fhéadfaidh tú aon bhean phósadh,” adeir sé,
“acht an bhean bhéarfas croiceann na caorach
duit agus a luach [agus ná h-iarr ar aon bhean
aca acht an croiceann 's a luach].”



D'imthigh an mac, lá ar n-a mhárach, agus thug
sé leis croiceann na caorach, agus bhí sé dul
siar agus aniar tríd an margadh agus é ag
fiafruighe cia bhéarfadh an croiceann 's a luach
dó. Ní raibh na daoine acht ag magadh faoi.
Tháinig sé a-bhaile agus an croiceann aige, agus
dubhairt sé leis an athair nach bhfuair sé aon
duine do bhéarfadh dhó é.



“Caithfidh tú imtheacht amárach arís,” adeir an
t-athair.



D'imthigh sé, lá ar n-a mhárach, agus bhí an
sgéal céadna aige, ag fiafruighe cia bhéarfadh
an croiceann agus a luach dó.


L. 16


Bhí bean óg ag dul chum an tobair i gcoinne
uisge, agus chonnaic sí é an dá lá. Tháinig sí
chuige anois agus dubhairt sí leis go dtiubhradh
sise an croiceann agus a luach dó. Thug sí léi
an croiceann agus bhain sí an olann dé agus thug
sí dhó an croiceann 's a luach. *



Tháinig sé a-bhaile chuig Gobán. D'innis sé
dhó gur casadh bean óg dó, thug an croiceann
's a luach dó.



“An aithneochthá í arís?” adeir Gobán.



“Ní aithneóchainn,” adeir sé.



Chuir Gobán fios ann sin ar gach bean óg d'á
raibh ins an áit, agus thug sé dinneár dhóibh.
Nuair bhí an dinnéar thart aca, chuir sé síos
teine cnámh. Nuair bhí an teine dearg, lasta
suas, chuir sé na mná óga uile go léir thart
thimchioll ar an teine, agus bhí sé ag fiafruighe
de gach aon aca an bhfacadar aon teó [teine]
riamh níos teótha 'ná í sin. Dubhairt gach uile
dhuine aca nach bhfacaidh, no go dtáinig sé go
dtí an bhean óg so. “A!” adeir sí, “is teótha
aon tsineán amháin gaoithe andeas 'ná teinte
caip(?) na hÉireann.”



Bhreathnuigh Gobán uirri, agus chonnaic sé go
mba chosmhail leis féin í. Bhí fhios aige ar an
móimid go raibh a inghean ar fághail aige.



* i.e., Thug sí an croiceann (nach raibh aon mhaith ann) ar
ais dó, acht chongbaigh sí féin an olann, agus thug sí luach an
chroicinn do’n fhear, acht ní thug dó, is dóigh, luach na h-olla!


L. 17


“Is tú theastuigheas uaim-se,” arsa Gobán
“caithfidh tú mo mhac phósadh.”



“Má phósaim-se do mhac,” adeir sí, “béidh sé
in mo mhargadh má thigeann aon bhriseadh-amach
eadrainn go gcaithfidh mé mo thrí lán-ualaighe *
fhághail de rud ar bith a bhéas ins an teach, agus
cead agam iad d'iomchar amach dam féin.”



“Déanfaidh sin,” adeir sé, “bhéarfaidh mé sin
duit.”



Phós sí an mac ann sin, agus i gceann trí
ráithe bhí mac aici. Bhí cion mór ag Gobán
uirri. Acht fa dheireadh tháinig briseadh-amach
eatorra, mar bhíodh sí ag múnadh dlighe, agus
níor thaithnigh sin le Gobán, dubhairt sé go
gcaithfeadh sí an teach fhágbháil.



“Má chuireann tú d'fhiachaibh orm an teach
d'fhágbháil caithfidh tú do mhargadh sheasamh liom-
sa,” ar sise.



“Seasfad,” ar seisean.



Dubhairt sí le n-a fear, “teirigh ar an mbord
agus gabh ar mo dhruim.” Chuaidh an fear ar a
druim agus d'iomchar sí amach é, gur fhág sí
taobh-amuigh de'n dorus é. Ba é sin a céad-
ualach. Chuaidh sí asteach arís agus thug sí léi a
mac agus d'fhág sí taobh amuigh é. Ba é sin an



* “Seanmhara” no “seanúra” dubhairt an sgéaluidhe
agus mhínigh sé sin mar ualach mór, an oiread agus is
féidir le duine a iomchar. B’éidir gur “sean-eire” an
focal ceart.


L. 18


dara h-ualach. Chuaidh sí asteach arís agus thug sí
léi oiread airgid agus d' fhéad sí 'iomchar. Ba
iad sin an trí h-ualaighe.



Nuair chonnaic Gobán an rud do bhí déanta
aici dubhairt sé léi dul asteach san tigh agus
nach n-abróchadh sé aon fhocal go bráth arís uirri
[na h-aghaidh].



Cuireadh fios 'na dhiaidh sin ar Ghobán agus ar
a mhac le cúirt bhreágh do dhéanamh do dhuine mór
éigin, acht bhí rún ag an duine seo Gobán agus
a mhac do mharbhadh chomh luath agus bheith an chúirt
críochnuighthe aca, ins an gcaoi nach mbeith aon
chúirt eile ins an domhan mar í. Dubhairt Gobán
go rachadh sé. D'fhág sé an baile an lá ar n-a
mhárach agus bhíodar ag siubhal an bóthar ag
imtheacht go dtí an áit a rabhadar leis an gcúirt
do dhéanamh. Is gearr do bhíodar ag imtheacht
nuair dubhairt Gobán leis an mac an bóthar do
ghiorrughadh. Thosaigh an mac ag siubhal go beó,
chomh tapa agus d'fhéad sé, acht dubhairt Gobán
leis ann sin “fill a-bhaile,” agus d'fhilleadar.
Bhí fhios ag Gobán go maith nár chuir an bhean
aon chómhairle air.



D'imthigheadar lá ar n-a mhárach agus dubhairt
sé leis an mac arís an bóthar do ghiorrughadh.
“Maiseadh! ní fheudfaidh mé a ghiorrughadh níos
fearr, tá mé ag siubhal chomh maith agus
fhéadaim.” “Fill a-bhaile,” arsa Gobán. Bhí
fhios aige nár chuir an bhean aon chómhairle air.
D'fhilleadar an dara lá. “Maiseadh”! arsa 'n
bhean le mac Ghobáin, “cia an t-úghdar [fáth] (le)


L. 19


go bhfuil sibh ag tigheacht a-bhaile.” “Ní'l fhios
agam,” adeir an mac, “acht go n-abrann sé
liom-sa gach lá an bóthar do ghiorrughadh.”



“Anois,” adeir sí, “nuair iarrfaidh sé ort
amárach an bóthar do ghiorrughadh, tosaigh ag
innseacht sgéil dó. Bheirim cómhairle eile dhuit
anois, agus ná dearmad í, cibé áit a mbéidh tú
ó fhágann tú an baile, ná bí i n-aon áit nach
gcoinneóchaidh tú na mná leat.” Sin í an
chómhairle do chuir sí air.



An tríomhadh lá an sin, nuair thosaigheadar ag
imtheacht ar an mbóthar, dubhairt Gobán leis an
mac arís an bóthar do ghiorrughadh. Thosaigh an
mac ag innseacht sgéil dó. Bhí fhios ag Gobán
ann sin gur chuir an bhean cómhairle air, agus bhí
sé sásta.



D'imthigheadar ann sin go dtángadar gus an
áit a raibh an chúirt le déanamh. Tháinig an
duine-uasal go dtí Gobán agus d'fhiafruigh sé
dhé an raibh sé dul an chúirt do dhéanamh, agus
dubhairt Gobán go raibh. “Déan dam anois í,”
adeir sé, “ins an gcaoi nach mbéidh aon chúirt
eile le fághail mar í.” “Deunfad,” arsa
Gobán. Chuadar ag obair ann sin le chéile, an
t-athair agus an mac. Chuimhnigh an mac ar an
gcómhairle do chuir an bhean air, agus é ag fág-
bháil an bhaile, agus bhí sé an-mhór leis na cailínibh
do bhí insan teach. Bhí sé ag gealladh do dhuine
aca go bpósfadh sé í acht go mbeith * an chúirt



* .i. chomh luath agus bheith


L. 20


réidh. Tháinig an cailín seo chuige, lá, agus
dubhairt sí leis. “A,” adeir sí, “tá tú féin
agus Gobán le cur chum báis nuair bhéas an chúirt
seo réidh agaibh, ins an gcaoi nach mbéidh aon
chúirt eile san domhan mar í. Nuair bhéas sibh-se
marbh ní fhéadfaidh sibh cúirt eile thógbháil a bhéas
níos breághdha 'ná í seo. Béidh gárda orraibh ins
an gcaoi nach bhféadfaidh sibh imtheacht nuair
bhéas an chúirt réidh.”



D'innis an mac do Ghobán ceurd dubhairt an
cailín leis.



An lá do bhí an chúirt réidh, tháinig an duine
uasal amach go dtí Gobán, agus d'fhiafruigh sé
dhé an raibh an chúirt réidh. Dubhairt Gobán leis
go raibh, acht nach bhféadfadh sé an slacht ceart
do chur uirri go mbeith aon bhall uirlise amháin
do bhí ins an mbaile aige. Dá mbeith sé sin
agam ní bheith aon chúirt ins an domhan chomh
críochnuighthe leis,” adeir sé, “agus caithfidh mé
mo mhac chur 'na choinne.”



“Ná cuir,” arsa 'n duine uasal, “acht chuirfidh
mise mo mhac féin 'na choinne, acht go gcaithfidh
tú ainm na h-uirlise innseacht do.”



“D'eile [= maiseadh!] innseóchaidh mise an
t-ainm dó,” adeir Gobán. Tháinig mac an
duine-uasail go dtí é, agus dubhairt leis go
n-imtheóchadh sé féin ag tóruigheacht na h-uirlise
dhó. “Tá go maith,” ar Gobán, “an bhean bhéas
rómhat san tigh bhéarfaidh sí dhuit é, agus abair
léi gur ab é an t-ainm atá air ‘cor-anghaidh-
an-choir agus cam-anaghaidh-an-chaim.’”


L. 21


“D'imthigh mac an duine-uasail leis agus
tháinig sé go dtí bean Ghobáin, agus d'iarr sé
uirri é sin do thabhairt dó. “A!” adeir sí,
“tabhair leat, thú féin, é, tá sé ins an gcófhra
mór atá ann sin thuas.” Chuaidh seisean suas
agus d'fhosgail sé an cófhra. “Ní fheicim é,”
adeir sé. “Tá sé ar thóin an chófhra,” adeir sí,
“agus tóruigh é.” Chrom sé é féin le tóin an
chófhra do chuartughadh, agus nuair fuair sí
crom-anuas é, rug sí ar a dhá chois agus chaith
sí asteach san gcófhra é. “Fuirigh ann sin,
anois,” adeir sí, “go bhfághaidh mise an rud
atá mé 'iarraidh.” Chuir sí glas ar an gcófhra
ann sin.



D'fhan seisean ann i gcaitheamh na h-oidhche
go dtí an lá ar n-a mhárach. Ghlaodh sé as an
gcófhra ann sin, ar an mnaoi, píosa páipéir do
thabhairt dó go sgríobhfadh sé chuig an athair go
raibh sé congbhuighthe ann sin go dtigeadh Gobán
agus an mac a-bhaile. Nuair fuair an duine-
uasal an litir b'éigin dó Gobán agus an mac
sgaoileadh a-bhaile, agus, nuair thángadar, do
leigeadh amach an duine-uasal óg agus chuaidh
sé a-bhaile chuig an athair.



Ní raibh Gobán a bhfad san mbaile tar éis
teachta a-bhaile dhó, go dtáinig tinneas air. Bhí
sé san seomra agus níor fhág sé an leabaidh.



Dubhairt an bhean, lá amháin, leis an mac, dul
siar ins an seomra, agus fiafruighe cia an chaoi
a raibh an t-athair. Nuair tháinig sé asteach
d'fhiafruigh an t-athair dhé an raibh aon sgéal


L. 22


nuadh aige. Dubhairt an mac leis nach raibh.
D'fhiafruigh an bhean de'n mhac nuair tháinig sé
amach ceurd dubhairt an t-athair leis. “Ní
dubhairt sé dada acht fiafruighe dhíom an raibh
aon sgéal nuadh agam,” adeir sé. “Má
fhiafruigheann sé amárach díot é,” arsa 'n bhean,
“abair gur thuit Caisleán Bhaile-an-Chláir aréir.”



Rinne an mac, sin. “A!” adeir Gobán nuair
chualaidh sé é, “ní fhéadfadh sé tuitim, mar
chuir mise caid ar chaid caid os cionn caid agus
caid idir dhá chaid.” D'innis sé do'n mhnaoi an
rud adubhairt an t-athair. Bhí fhios aici ann sin
an chaoi a ndearnaidh sé a chuid caisleán chomh
daingean sin.



Budh mhaith léi a fhághail amach ann sin cad é
an t-ádhmad do b'fheárr dhíobh uilig [uile], agus
dubhairt sí le n-a fear, lá ar n-a mhárach,
“Anois nuair théidheann tú asteach go dtí
d'athair abair leis gur chuir maithe * na coille a
mbeannacht chuige.” Dubhairt an mac sin leis.
“O!” arsa Gobán, “cuirim-se mo bheannacht
leis an gcuileann críon.” Bhí fhios aici ann sin
gur ab é sin an t-ádhmad do b'fhearr.



Níor bhfada 'na dhiaidh sin gur cailleadh Gobán.
Sé an áit a bhfuil sé curtha áit a dtugann siad
Cnoc-a-sgonnsa air, i bhfuigseacht míle do
Ghaillimh.



* “Maithe” sin daoine móra no prionnsaí na coille.
Acht dubhairt sgeuluidhe eile “Righ na Coille” agus
d’fhreagair Gobán do réir an sgeuluidhe eile seo
“Maiseadh! an cuileann caoin bocht”!


L. 23


Anois a dhaoine uaisle sin deireadh le mo
sgéal, acht má leigeann an chuideachta onórach so
dham béidh sgéal eile agam dóibh oidhche amárach.



“Budh mhaith an sgéal é,” arsa fear aca, ag
tarraing amach a shlaitín agus ag bualadh go
h-éadtrom na con báine do bhí le n-a chois.
Rinneadh bean-uasal dí ar an móimid. Bhuail
gach fear aca a chu féin, agus d'éirigh na coin 'na
mnáibh-uaisle. D'fhosgail an dorus do bhí ins
an taobh-bhalla, d'úmhlaigh gach fear agus gach
bean aca do mhnaoi-an-tighe, agus shiúbhladar
amach go mall staidéarach, gach bean aca ar
ghualainn a fir féin, mar thángadar asteach,
agus do dhruid an dorus uaidh féin 'na ndiaidh.



Tháinig an doirseóir ann sin. Leagadh suipéar
maith i láthair Dhiarmada, agus nuair bhí sé ithte
aige thug an doirseóir go dtí a leabaidh é agus
chuaidh sé do chodladh.



Chaith Diarmuid an lá ar na mhárach mar chaith
sé an lá roimhe sin. Ní fhacaidh sé aon duine
de na daoinibh uaisle, ná máighistreas an tighe,
ná éinne acht an doirseóir, agus ní raibh aon
chaint ná aon eólas ar an áit ná ar na daoinibh
do bhí innti le baint as an bhfear sin. Glaodhadh
air, nuair tháinig an oidhche, agus tugadh é go dtí


L. 24


an seomra mór áluinn i n-áit a raibh an bhean-
uasal. Bheannuigh sí dhó, agus ann sin d'fhiafruigh
sí dhé “raibh sé réidh le tosughadh ar an sgéal.”
Dubhairt Diarmuid go raibh. Chuir sí stoc
beag óir chum a béil agus shéid sí é. Ar an
móimid d'fhosgail an dorus mór do bhí san
taobh-bhalla agus shiubhal an dáréag fear
asteach agus an dáréag ban, gach bean aca ar
ghualainn a fir féin. Shuidheadar síos mar
shuidheadar an oidhche roimhe sin, agus dubhairt
an bhean-uasal “Tosaigh an sgéal.” Thosaig
Diarmuid ann sin.


L. 25


SGÉAL AN TRÍOMHADH H-OIDHCHE.



I bhfad ó shoin, agus is fad ó bhí, do bhí righ
i dtuaisceart na h-Éireann. Do phós sé gan
fhios do'n tsaoghal inghean a mhaoir-muice féin.
Bhí mac aici. Dáithi do baisteadh ar an mac.
Bhí náire ar an righ leigeant amach gur phós sé
bean chomh h-ísioll agus chomh bocht sin, agus cheil
sé a mhac go dtáinig sé chum aoise fir, agus
cheilfeadh sé níos fuide é muna mbeith rud do
thuit amach an uair sin. Bhí ridire-claidhimh 'na
chómhnuidhe i ngar do chaisleán an righ, agus
d'éirigh carthanas mór idir é féin agus Dáithi.
Bhíodh siad go minic ag seilg agus ag iasgaireacht
le chéile. Mhúin an ridire eólas an chlaidhimh dó,
agus do bheireadh sé ór agus airgead dó a-gan-
fhios d'éinne ins an gcómharsanacht, agus bhí
capall cú agus seabhac ag Dáithi chomh maith agus
bhí ag an righ féin, acht ní raibh 'fhios sin ag an
righ.



Aon lá amháin do bhí an righ leis féin in a
sheomra, agus thosaigh sé ag smuaineamh ar an
chaoi a raibh sé ag caitheamh a bheatha, agus
dubhairt sé leis féin. “Is mór an t-amadán
mé nár phós mé bean-uasal mhór éigin fad ó
shoin, agus bheith oidhre cóir agam anois a
bhfeudfainn mo ríoghacht fhágbháil aige mo


L. 26


dhiaidh. Is feárr go deireannach 'ná go bráth,”
ar seisean leis féin; “tá inghean áluinn ag righ
na Mumhan, agus táim cinnte go bhfuighidh mé í
le pósadh.”



D'éirigh sé go moch ar maidin, gabhadh a
charbad dó, agus chruinnigh sé sluagh de shaigh-
diúraibh agus de lucht airm, agus níor stad sé
go ndeachaidh sé suas go Cúige Mumhan agus go
dtáinig sé go Caisleán an righ agus d'iarr sé an
inghean, ar an righ, le pósadh.



“Ní'l sé ar mo chumas m'inghean do thabhairt
do dhuine ar bith,” ar san righ, “i n-aghaidh a tola
féin, acht má tá sise toilteannach le do phósadh,
bíodh sí agad agus fáilte.” Chuireadar fios ar
Mhéadhbh, ba í sin an inghean, agus nuair tháinig
sí dubhairt an t-athair léi. “Sé seo righ uasal
ó Chúige Uladh; tháinig sé aistear fada ag
iarraidh do phósadh-sa a inghean. Ar mhaith leat
é phósadh?”



“Ní phósfainn é,” ar sise, “dá mbeith Éire
gan fear innti acht é féin. B'fhearr liom a mhac
do phósadh 'ná é.”



Tháinig fearg mhór ar an righ ó'n dtuaisceart
agus dubhairt sé go raibh sí ag innseacht bréige,
agus nach raibh aon mhac aige.



“Is bréagadóir thú féin,” ar sise, “breag-
adóir gan onóir.”



“Cruthóchaidh mé le mo chlaidheamh nach bréag-
adóir mé,” ar seisean.



“Ní chruthóchaidh tú,” ar sise, “acht má tá
claidheamh i gCúige Mumhan cuirfidhear i n-iúl


L. 27


duit gur bréag atá tú [dh]innseacht sul má
fhilleann tú ar ais go h-inghean mhaoir na
muice.”



“Ní cladhaire mé, ní throidim le mnáibh,” ar
seisean.



“Tá 's agam gur cladhaire thú,” ar sise, agus
leis sin rug sí ar chlaidheamh do bhí crochta ar an
mballa agus leis an bhfeirg do bhí uirri tharraing
sí buille air. Chuir sé a lámh chlé suas 'gá
chosaint féin, agus bhain sí an lámh dé. “Anois,”
ar sise, “fill ar ais go bean na muc, bhain mise
sásadh asat.”



“B'fhearr liom bheith ar leath-láimh,” ar seisean,
“'ná bheith pósta le spriosóig draoidheachta!”



Nuair bhí an righ ag dul abhaile d'fhiafruigh a
lucht-airm dé cia an chaoi ar chaill sé a lámh.



“Ag troid le leómhan,” ar seisean, “agus
mharbh mé an leómhan.”



Nuair tháinig sé abhaile bhí truagh mhór ag na
daoinibh dhó, faoi a lámh do chailleamhaint ag troid
le leómhan. Acht níor bhfada go bhfuaradar amach
an fhírinne, thionntaigh an truaigh chum magaidh,
agus bhí rann aca.



Bhí fear ann fad ó, 'gus is fad ó bhí.
Chaill sé a lámh ag tóruigheacht mnaoi. *



Bhí fearg ar an righ nuair chualaidh sé an rann,
acht níor leig sé air gur thuig sé go raibh siad ag
déanamh magaidh faoi féin.



* Mná


L. 28


Aon lá amháin chuaidh an righ agus uaisle na tíre
ag seilg. Nuair ruaigeadh an fiadh as coill do
leanadar é, acht chuaidh na h-uaisle eile amach
roimh an righ, mar nach raibh sé 'na chomh maith de
mharcach anois agus bhí sé sul má chaill sé a lámh.
Lean sé lorg na gcapall go dtáinig sé go bruach
coille. Chaill sé an lorg ann sin, agus bhí sé
ag brath ar fhilleadh, nuair chonnaic sé chuige bean
áluinn agus í ag marcuigheacht ar each chomh geal
leis an sneachta. Bheannuigh sé do'n mhnaoi-
uasail, agus bheannuigh sise dhó-san, agus dubhairt
“Ná teirigh níos fuide a righ, tá an fiadh marbh.”



“Cia mharbh é”? ar san righ.



“Do mhac féin,” ar sise, “mac inghine mhaoir
na muice. Éist liom-sa anois, má's mian leat
bheith buan beó, ná ceil do mhac níos fuide. Is
inghean righ oileáin an óir mise, bím mo chómhnuidhe
faoi shliabh na mban, agus má's maith leat mé
phósadh tá mise réidh le do phósadh-sa. Má
thagann tu chum m'athar tá mé cinnte go
dtiubhraidh sé mise dhuit mar mhnaoi.”



Thug an righ grádh do'n mhnaoi áluinn ar an
gcéad-amharc, agus dubhairt sé go rachadh sé léi,
agus go n-iarrfadh sé í ar a h-athair, acht nach
raibh fhios aige cá raibh a ríoghacht. “Gabh anaice
liom,” ar sise, “beir ar shrian mo chapaill, agus
béarfaidh mise ar shrian do chapaill-se.” Leis
sin dubhairt sí focla éigin nár thuig an righ, agus
le casadh do láimhe bhí sé ag eitill tríd an aéir
ar thaoibh ná mná áilne.


L. 29


Nuair tháinig siad go bun an tsléibhe thuirling
siad, agus dubhairt sí arís focla eile nár thuig
seisean. D'fhosgail an sliabh, agus shiubhal sise
asteach, agus shiubhal seisean 'na diaidh. Ní
raibh siad a-bhfad ag siubhal go dtáinig siad go
gáirdín breágh a raibh crainn ann fa gach uile
shórt bláith agus toradh. Bhí caisleán ar an taoibh
thall de'n gháirdín. Chuadar tríd an ngáirdín
agus asteach san gcaisleán. Bhuail an bhean
dorus seomra, d'fhosgail an dorus, agus chuaidh
sí asteach, agus an righ 'na diaidh. Bhí fear mór
ann sin rompa, agus feusóg liath air. Ba é
sin Rígh Oileáin an Óir. “A Athair,” ar sise,
“seo rígh ó Chúige Uladh agus tháinig sé chugat-sa
le mise iarraidh ort le pósadh.”



“Ní bhfuighidh sé thu,” ar san t-athair, “mar
nach bhfuil ann acht pleóite de chladhaire gan
onóir, agus muna dtéidh sé ar ais agus
bainríoghain dhlisteannach do dhéanamh d'inghin
mhaoir na muice cuirfidh mise é in a cheart-sheas-
amh le n'a dhá shál i n-áirde ar bhárr Shliab-na-
mban, go bpiocfaidh éanlaith an aér gach uile
greim feóla dá bhfhuil ar a chnámhaibh. Imthigh
anois agus fág ar ais é.”



Shiubhladar ar ais agus amach as an sliabh arís.
Bhí an dá chapall ann sin rompa, chuadar suas
orra, agus d'fhág sise é ag bruach na coille arís.
D'fhág sí slán agus beannacht aige ann sin, agus
dubhairt leis, “Ar d'anam, a righ, déan an rud
d'ordaigh m'athair dhuit, no déanfaidh seisean an
rud adubhairt sé.”


L. 30


Anois a bhean-uasal agus a chuideachta uasail
onóraigh, ní raibh ins an méid seo do thuit amach
do'n righ acht taisbeánadh * no taidhbhreamh. Seo
í an fhírinne, shaoil an righ bealach aithgiorrach do
dhéanamh dó féin thríd an gcoill, agus tháinig sé
i n-aghaidh crainn mhóir agus fuair sé leónadh do
bhain a chiall agus a réasún dé. Nuair bhí sé 'na
luidhe annsin ar an talamh 's eadh fuair sé an
taisbeánadh. Nuair tháinig na seilgirí ar ais
fuaradar an righ 'na sheasamh ar bhruach na coille.
D'fhiafruigheadar dhé cad do bhain dó nár lean
sé iad. “Saoilim go bhfuil m'each caoch,” ar
seisean, “thug sé i n-aghaidh crainn mhóir mé
agus táim gortuighthe leónta. Cia mharbh an
fiadh?



“Dáithi do mharbh é,” ar siad-san, — ba é sin
mac an righ.



Tugadh an righ a-bhaile agus cuireadh fios ar
na dochtúiribh. Dubhairt siad-san leis an righ go
gcaithfeadh sé fanamhaint go ciúin socair gan
corughadh agus go mbeith biseach air i gceann
seachtmhaine. Bhí an righ féin cinnte go ndeachaidh
sé go h-oileán-an-óir i n-éinfheacht leis an mnaoi
áluinn, acht níor leig sé aon rud air. Nuair
fuair sé biseach chuir sé fios ar inghin mhaoir na
muice, dubhairt sé go raibh brón air nár admhuigh
sé í fad ó shoin, acht go n-innseóchadh sé do'n
tsaoghal ar fad anois gurab í a bhean féin í,
agus go mbeith bainfheis cheart aca anois. Chuir



* “Taisbeán” dubhairt an sgeulaidhe.


L. 31


sé amach cuireadh chum na bainnse d'uaislibh na
cúige. Tháinig dream mór dhíobh. Nuair bhíodar
go léir cruinnighthe ghlaodh sé ar Dháithi agus nuair
tháinig sé i láthair dubhairt sé leó go léir. “Sé
seo mo mhac-sa, acht cheil mé go dtí an la indiú
é.”



Ba ghnáthach an uair sin cleathairí no geamairí *
do bheith ag gach uile bhainfheis, agus bhí sluagh mór
aca i láthair anois. Bhí fear greannamhail 'na
measg agus dubhairt sé an rann so —



'Sí an bhainfheis is áilne
Bhí ariamh ins an gcrích í,
Bainfheis Righ leath-lámhaigh
Agus inghine mhaoir muice.




Tháinig fearg ar an righ agus dubhairt sé, “Gabh
an cleathaire sin agus beir chugam ann so é go
gcuiridh mé mo chlaidheamh tríd a chroidhe.” Gabhadh
an cleathaire, agus nuair stróiceadh an t-éadach
bréagach dé, cia bhí ann acht Ridire an Chlaidhimh,
cara na mhic-righ.



Tháinig fearg ar Dháithi agus dubhairt sé leis an
ridire, “níor shaoil mé riamh go gcuirfeá
easonóir orm-sa, agus ar m'athair a's mo mháthair
ar an ocáid seo. Ní fhéadann m'athair sásadh do
bhaint asat, acht bainfidh mise asat é. Bí ag
bun an chnuic ar maidin amárach agus béidh fhios


L. 32


againn cia againn an fear is fearr.” “Tá go
maith,” ar san ridire agus ghlaoidh se arís —



“Béidh cath cruaidh amárach ann
Agus spáirn ag bun na gcnoc,
Idir ridire an chlaidhimh
Agus mac inghine mhaoir na muc!”



Ghlaodh an righ ar a chuid fear ann sin agus
d'ordaigh sé dhóibh gach uile dhuine do thiomáint
amach as a chaisleán acht a bhean agus a mhac agus
na seirbhísighe, agus na geataí do dhúnadh.



Bhí brón mór ar mhac an righ an oidhche sin agus
é in a sheomra ag smuaineadh ar an gcath do bhí
roimhe an lá ar n-a mhárach le n-a charaid féin.
Tháinig an t-athair agus an mháthair agus shaoileadar
bac a chur air, acht ní raibh aon mhaith in a gcaint;
dubhairt an mac go mbfeárr leis an bás 'ná an
easonóir.



Ar maidin go moch ghleus sé é féin agus chuaidh
go bun an chnuic. Bhí an ridire ann roimhe.
Chraitheadar lámh le chéile go carthanach. “Níor
shaoil mé,” ars an mac righ, “go bhfeicfinn cath
go deó idir thusa agus mise.”



“Níor shaoilis, ná mé féin, acht is tusa do
chuir orm é, tugann siad Ridire an chlaidhimh orm,
agus níor bhfiú mé an t-ainm muna dtroidfinn
leat.”



Tharraing gach aon aca a chlaidheamh agus
d'ionnsaigh siad a chéile. Is ann sin do bhí an
gearradh agus an sáthadh. Do ghnídís cruaidh de'n


L. 33


bhog agus bog de'n chruaidh, do ghnídís árd de'n
ísioll, agus ísioll de'n árd, agus tharraingidís
fíor-uisge as lár na carraige léithe le neart an
chatha do bhí eatorra. Tháinig cith teinntighe as a
gcuid claidheamh do las an talamh míle ar gach
taoibh díobh. Nuair bhí an ghrian ag dul faoi,
trathnóna, dubhairt an mac righ “tá sé i n-am
dúinn stad go maidin.”



“Tá go maith, béidh mé ann so rómhat ar
maidin amárach le h-éirge na gréine,” ar san
Ridire.



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, bhí an bheirt
ghaisgidheach ag bun an chnuic le h-éirghe na gréine.
Má throideadar go géar indé ba sheacht gcruaidhe
an cath do bhí eatorra an lá so. Ní raibh aon chath
eile i n-Éirinn riamh le cur i gcómórtas leis acht
an cath do bhí idir Chúchulainn agus Feardia ar an
áth. Nuair bhí an ghrian ag dul faoi, an dara lá,
thug an ridire buille a bháis do'n mhac-righ agus
thuit sé marbh.



Tamall 'na dhiaidh sin bhí an bhainríoghain, inghean
mhaoir na muice, 'na h-aonar i ngarrdha an
chaisleáin, ag déanamh bróin faoi bhás a mhic, nuair
chonnaic sí go h-obann sean-bhean 'na seasamh le
n-a taoibh.



“Tá tú ag caoineadh,” ars an tsean-bhean,
“innis dam ádhbhar do bhróin.”



“Mac breágh do bhí agam agus mharbh Ridire
an chlaidhimh orm é,” ar sise.


L. 34


“Dá mbeith sásadh agad as an Ridire ní bheith
an oiread sin bróin ort,” ars an tsean-bhean.



“Béidh brón orm go bráth,” ars an bhain-
ríoghain, “acht mo léan géar nár baineadh sásadh
as an Ridire.”



“Coisg do bhrón,” ar san bhean, “bainfidh
mise sásadh dhuit as an Ridire — dhuit-se agus dam
féin. Bhí inghean agam-sa, agus ní phósfadh an
ridire sin í cidh gur gheall sé dhí í phósadh. Tá
cúmhacht draoidheachta agam-sa, acht ní raibh sé
ceaduighthe agam baint leis an ridire no gur
mharbh sé do mhac-sa. Tar éis sin do dhéanamh dhó
bhí cúmhacht agam-sa air, agus cuirfidh mise é i
riocht nach dtarróngaidh sé claidheamh arís go
bráth. Déanfaidh mé sin sul éirigheann an ghrian
amárach.”



“Má ghnidh tú an rud adeir tú, bhéarfaidh mise
dhuit an nidh is fearr leat ins an gCaisleán,”
ars an bhainríoghain, “agus bhéidh mé féin buidheach
go deó dhíot.”



D'imthigh an tsean-bhean uaithi ann sin; agus
nuair tháinig dorchadas an trathnóna chuir sí
athrughadh crotha uirri féin agus chuaidh sí go
teach an Ridire. Anois do bhí an Ridire i ngrádh
le mnaoi óig uasail * agus bhí súil aige í phósadh.
Dubhairt an tsean-bhean leis go raibh an bhean-
uasal sin ag fanamhaint leis ar bhruach loch'-na-
n-éan agus gur chuir sí í féin le rádh leis teacht



* Ba í sin an bhean-uasal a bhfuil Diarmuid Mac-an-
Ultaigh ag innseacht a chuid sgéal dí anois. Feach leathanach
deiridh an leabhair.


L. 35


chuici go tapaidh, go raibh rud aici le rádh leis.
D'imthigh an Ridire, acht chomh luath agus táinig sé
go bruach an locha do bhuail an tsean-bhean é le
slaitín draoidheachta agus rinne sí carn-cloiche *
dhe.



“A bhainríoghain,” ars an tsean-bhean, “do
rinne mé an rud adubhairt mé leat. Ní
tharróngaidh an ridire a chlaidheamh arís i
n-aghaidh duine ar bith. Tá sé anois in a
charnán-cloiche ar thaoibh Loch-na-n-éan, agus ní
bhéidh fóiríghin le fághail aige go bráth, acht caithfidh
sé fanamhaint ann sin no go dtigidh an bhean a
bhfuil sé i ngrádh léi, agus í do ghlaodhach air in
a ainm agus in a shloinneadh, acht sin rud nach
dtuitfidh amach go bráth, óir ní bhéidh fhios aici
gur ab é atá ann sin i riocht cloiche ar bhruach an
locha.”



“Cad a bhéarfas mé dhuit ar son an mhéid do
rinne tú?” ar san bhainríoghain.



“Ní thiubhraidh tu rud ar bith dham, agus ní
ghlacfaidh mé rud ar bith uait. Tá sásadh agam
féin anois as an rud do rinne sé dom' inghin.
Níor iarr mé acht sin. Rachaidh mé chum suaimhnis
anois.”



* “Cairneach” dubhairt an sgeuluidhe. Is i n-uisge, no
ar uisge, no le h-ais uisge cuirtear an draoidheacht is
fearr agus is buaine.


L. 36


Leis sin d'imthigh sí as amharc chomh h-obann * agus
tháinig sí.



Tá an ridire ar bhruach an locha agus é 'na
chairneach (?) ó'n lá sin gus an lá indiú, agus
béidh sé ann go deó go bhfághaidh sé an chabhair sin
ó'n té i raibh sé i ngrádh léi.



Anois a chúmhlódair † onóraigh ní'l aon fhear eile
beó i n-Éirinn a bhfuil an sgéal so aige, acht mé
féin. Agus ní ó aon duine amháin ná ó bheirt ná
ó thriúr do chruinnigh mise é, acht fuair mé ins gach
aon áit é, agus chuir mé le chéile é i riocht nach
bhfuil aon fhocal ann acht an fhírinne, agus má
leigeann sibh dam béidh sgéal eile agam daoibh,
oidhche amárach.



D'éirigh na fir ann sin. “Sgéal maith,”
adubhairt siad. D'éirigh na mná leó. D'fhosgail
an dorus ins an taobh-bhalla, agus shiubhladar
amach mar thángadar asteach. Dhruid an dorus
uaidh féin, agus fágadh Diarmuid agus bean-an-
tighe le chéile. Bhí cruth uirri anocht nach bhfacaidh
Diarmuid uirri riamh roimhe sin. Thigeadh lasadh in
a gruaidh agus d'imthigheadh sé arís.‡ Bhí mí-
shuaimhneas mór éigin uirri. D'fhosgail sí a béal
le labhairt, acht ní tháinig aon fhocal amach as.
Rinne sí sin trí uaire i n-diaidh a chéile. Bhí



* “Tobann”, dubhairt an sgeulaidhe.



† Cómhluadair.



‡ Mar ba í do bhí i ngrádh le Ridire an chlaidhimh. Féach
deireadh an leabhair.


L. 37


iongantas an domhain ar Dhiarmuid acht bhí
sgannradh mór air, leis, agus níor leig an
faitchios dó focal do rádh. Faoi dheireadh d'imthigh
an bhean-uasal uaidh gan labhairt, tháinig an
doirseóir asteach, agus tugadh Diarmuid go dtí a
leabaidh bhláith. Chodail sé ann sin ar feadh na
h-oidhche.



Do chaith Diarmuid an lá ar n-a mhárach mar
chaith sé na laetheannta roimhe sin. Ní fhacaidh sé
éinne, gur glaodhadh air san tráthnóna. Chuaidh
sé asteach go dtí an seomra mór lasta, agus
d'fhiafruigh an bhean-uasal dé “raibh sé réidh le
n-a sgéal do thosughadh.” Dubhairt sé go raibh.
Chuir sí a fídeóigín óir in a béal, shéid í, agus ar
an móimid d'fhosgail an dorus mór san taobh-
bhalla agus shiubhal an chuideachta chéadna asteach.
Shuidheadar síos mar na h-oidhcheannta roimhe sin.
Agus thosaigh Diarmuid ar a sgéal.


L. 38


SGÉAL AN CHEATHRAMHADH H-OIDHCHE.



Do bhí sean-chailleach ann, fad ó shoin, agus
bhí sí 'na cómhnuidhe idir Néifin Bheag agus Néifin
Mhór. Níor chómhnaigh aon duine léi. Bhí sí ins
an tigh chéadna le linn an té budh shine ins an
áit sin. Dubhairt na daoine go raibh sí ann ó
aimsir Dhiarmada agus Ghráinne. Agus bhí a
shliocht air, * bhí sí liath seargtha, bhí sí beag, bhí sí
crom go talamh. Ní rachadh na daoine i n-aice
le n-a thigh, bhí eagla orra. Dubhairt siad gur
cailleach draoidheachta do bhí innti. Ní facas aon
duine ag dul asteach ná amach aici ar feadh
dhá-fhichid bliadhan, acht bhí sí féin le feiceál ag
dorus an tighe gach uile lá san mbliadhain, agus
sluagh mór cat na timchioll. Ní raibh aon áirnéis
shaoghalta aici acht na cait seo, agus ní raibh
aon tslighe bheatha aici acht iad. Bhí na daoine
fiosrach fiafruightheach go leór agus níor bhfearr
leó rud ar bith 'ná fághail amach eachdruin
(= eachtra?) na caillighe agus a cuid cat, acht
ní raibh de mheisneach in aon fhear aca ceist do
chur uirri.



Aon lá amháin bhí dream d'fhearaibh óga ag
bualadh báire. Bhí amadán i láthair ar bh'ainm dó
Páidín a Bláca. Amadán do bhí i bPáidín. Do
bhíodh sé ag gabhail thimchioll na tíre i gcondae



* “A leacht air,” dubhairt an sgéaluidhe.


L. 39


Mhuigh Eó agus i gcondae na Gaillimhe. “Céad
fáilte rómhat a Pháidín,” arsa fear aca, “bhfuil
aon sgéal nuaidheachta agad?”



“Go deimhin ní'l,” ar seisean, “muna bhfágh'
mé uaibh-se é.”



“Tá an tsean-chailleach agus a sluagh cat aici
ann sin thuas i gcómhnuidhe idir an dá chnoc,
agus má tá de mheisneach ionnat caint do chur
uirri is tu an fear is fearr i n-Éirinn.”



“Dar m'anam, maiseadh, cuirfidh mise caint
uirri agus bainfidh mé póg dí, leis, má thugann
tu do chamán dam nuair thigim ar ais,” arsa
Páidín.



“Bhéarfad go cinnte,” ar san fear óg.



Ar chlos sin do Pháidín as go bráth leis, agus
níor stad sé go dtáinig sé go teach na caillighe,
agus shiubhal sé asteach. Bhí an chailleach 'na suidhe
ins an gcoirnéall, acht chomh luath agus chonnaic
sí Páidín léim sí suas, agus d'fhiafruigh cad do
bhí sé 'iarraidh.



“Ag iarraidh póg
A chailín og,”



arsa Páidín.



“Muna n-imthighidh tu go tapa bhéarfaidh mise
póg duit chuirfeas blas domblais ar do bhéal ar
feadh do bheatha,” ar sise.



“Dheamhan cos imtheóchaidh mé go mbéidh cómhrádh
agam leat,” arsa Páidín, agus leis sin thosaigh
sé ag teannadh asteach uirri.



“Congbhaigh amach uaim,” ar sise, “no béidh
tu níos measa.”


L. 40


“Fan go socair a bhean chóir, tá camán breágh
agam le fághail má bhainim póg díot, agus má
phiocaim cómhrádh asat. Ní'l cailín san tír nach
dtiubhradh póg do Pháidín a Bláca. 'S iad an
bunad is geanamhla ins an tír seo ná i n-aon
tír eile na Blácaí. Nach bhfuil fhios agad an
méid sin?”



“Cia dubhairt leat teacht chum mo thighe-se?”



“Buachaill geanamhail atá ag bualadh báire ann
sin shíos,” arsa Páidín, “agus is é atá leis an
gcamán breágh do thabhairt dam.



“Acht mur mbeith (= muna mbeith) gur amadán
atá ionnat is mise bhéarfadh luach do theachtaireacht
duit,” ar sise. Leis sin do chuir sí a lámh i
bpoll an bhaic agus do tharraing amach liathróid.
Sheachaid sé do Pháidín í agus dubhairt sí “tabhair
í seo do'n bhuachaill do gheall an camán duit.”



“Ní bhfuighfidh mé an camán muna mbainim an
phóg díot,” arsa Páidín.



“Bain póg de bhonn mo choise,” ar sise,
“agus imthigh leat.”



“Dubhchíos ort!” ní phógfainn do bhéal, arsa
Páidín, agus amach leis.



Nuair chonnaic na buachaillí Páidín ag teacht,
ritheadar chuige leis an nuaidheacht fhághail. “An
bhfacaidh tu an chailleach?” ar siad.



“Ara! bí do thost go n-innsidh mé féin mo
sgéal. Chonnaic mé an chailleach acht ní fhacas
aon chat. Dar m'anam is í an chailleach is
iongantaighe san domhan í. Thug sí liathróid
bhreágh dham, feuch í.” Thaisbeán sé an liathróid


L. 41


dóibh. Rug fear óg aca greim uirri agus
d'fháisg sé in a láimh í le fios fhághail an raibh
sí cruaidh. Ní túisge rinne sé sin 'ná tháinig
púdar amach as, agus dhall sé gach uile mhac
máthar do bhí ann sin, acht an t-amadán amháin.



Bhí siad ann sin agus iad dall, ag sgreadach
go dian agus ag glaodhach go h-árd, agus ní raibh
fear ná bean ins an gcómharsannacht nach raibh
cruinnighthe na dtimchioll i gceann leath-uaire,
agus iad go léir ag déanamh truaighe dhóibh agus
ag fiafruighe cia an chaoi a dtáinig an daille
obann sin orra. Nuair chualadar ádhbhar na
daille thugadar go léir a mionna go ndóighfidís
an chailleach agus a cuid cat. Thugadar na fir
óga a-bhaile, gach aon aca go dtí a theach féin.
Ann sin chruinnigheadar le chéile, fuaradar pící,
bataí, agus neart tuighe, agus thugadar a
n-aghaidh ar thigh na caillighe.



Nuair thángadar i bhfogus do'n tigh ghlaodhadar
ar an gcailligh agus dubhradar léi teacht amach
as sin no go gcuirfidís an teach tre theine.
Tháinig an chailleach go fuinneóg bheag i mbárr an
tighe agus d'fhiafruigh sí dhíobh cad do bhíodar
'iarraidh.



“Tusa do mharbhadh,” ar siad-san.



“Faoi na fir óga do dhalladh? ar sise. Ní
bhfuaradar-sin acht an rud do thuilleadar. * Cad
chuige chuireadar amadán ag déanamh magaidh
fúm-sa nár chuir chuca ná uatha. Agus muna
dtéidh sibh-se a-bhaile go tapa cuirfidh mé sibh-se



* “Acht a dtuillin,” adubhairt sé.


L. 42


'san gcaoi nach rachaidh sibh gan lucht-treóruighthe.
Acht má théidh sibh a-bhaile go socair bainfidh mé
an daille de na fir óga i gceann seachtmhaine.”



Rinne na daoine cómhairle le chéile ann sin,
agus dubhairt an seanóir is críonna aca go
mbfearr dhóibh gan bacadh leis an gcailligh go
deireadh na seachtmhaine, go bhfeicfeadh siad an
raibh sí ag innseacht na fírinne. Ghlacadar uile
go léir cómhairle an tseanóra agus d'fhilleadar
a-bhaile.



Seachtmhain 'na dhiaidh sin fuair na fir óga a
radharc ar ais arís. Is cinnte nach ndearnadar
aon mhagadh eile faoi an gcailligh as sin amach.



Aon oidhche amháin bhí fear ar' bh' ainm dó Labhrás
O Ruadháin ag teacht a-bhaile. Chaill sé a bhéalach,
agus cia an áit a ndeachaidh sé acht asteach i
dtigh na caillighe! Ní raibh éinne ins an tigh
roimhe, agus, mar nach raibh fhios aige cá raibh sé,
chuaidh sé asteach san seomra, luidh sé síos, agus
níor bhfada gur thuit sé 'na chodladh. Ní raibh
fhios aige cá fhada do bhí sé 'na chodladh, acht
nuair dhúisigh sé chualaidh sé guthanna. Chuir sé
cluas air féin, thóg sé é féin ar a uillinn, agus
chualaidh sé duine ag rádh;



“Tá sibh uile go léir cruinnighthe anois, innis
dam mar d'éirigh libh ó chuaidh sibh amach.”



Léim Labhrás ar an leabaidh, agus d'fhéach sé
amach ar sgoilt do bhí ins an dorus, agus chonnaic
sé sluagh mór cat i láthair na caillighe ar an
urlár.



Labhair cat aca agus dubhairt. “Bhí mise i


L. 43


gCaisleán Righ Chonnacht ó shoin, agus fuair mé
mo sháith de ghriscínibh. Ghoideas spóla breágh
dhuit-se agus tá sé in do sheomra a bhainríoghain.”



Labhair cat eile, “Bhí mise i dtigh sgolóige,
d'ól mé mo lán-sháith de leamhnacht, agus ghoideas
uan breágh as an bpáirc, tá sé in do sheomra a
bhainríoghain.”



Labhair cat eile, “bhí mise i gcúirt dhuine-
uasail i nGaillimh, agus fuair mé mo sháith
d'uachtar. Nuair bhí mé sáthach shaoil mé croidhe
muice do ghoid liom. Bhí mé dul amach ar pholl
ins an mballa. Bhí an poll só bheag. Leag mé
coinleóir do bhí ar an mbord, dhúisigh sin beirt
fhear do bhí na gcodladh ar an urlár, rugadar orm
agus chrochadar ar chrann mé go raibh mé marbh
mar shaoileadar. Chaitheadar amach ins an seoch
(= díog) mé ann sin. Ar éigin tharraing mé
mo chnámha amach as. Tháinig mé a-bhaile folamh *
gan dadaidh.”



Labhair cat eile. “O! feuch mise, chaill mé
leath mo rubaill (= earbaill). I gCaisleán Righ
Laighean do bhí mé. Ghoideas bradán beag, acht
chonnaic an inghean mé nuair bhí mé dul amach.
Chaith sí sgian liom agus bhain leath an rubaill
díom. Acht bhain mé sásadh aisti. Bhí posóid ag
cois na teineadh in a seomra féin. D'éalaigh
mé asteach na dhiaidh sin, agus shéideas puth de
m'anál air. Tá sí anois 'na luidhe go breóidhte,
agus ní bhéidh aon léigheas aici le fághail go



* “Falamh no falú,” adubhairt an sgéaluidhe.


L. 44


bhfaghaidh sí an luibh atá ag fás ag bun gháirdín
Lábhráis Ui Ruadháin ann sin shíos — agus sin rud
nach bhfuighfidh sí go bráth.”



“Labhrás O Ruadháin!” arsa cat eile, “sin
í go díreach an áit a raibh mise. Bhí sicín breágh
ag a bhean 'na chómhair, nuair thiucfadh sé a-bhaile,
ghoid mise é agus tá sé in do sheomra a bhain-
ríoghain.”



“Bheith an Labhrás céadna 'na fhear shaidhbhir,”
arsa cat eile, “dá mbeith fhios aige go bhfuil
pota óir faoi bhun an chrainn ós cionn an tobair
atá ar chúl a thighe.”



“Dá mbeith fhios aige, féin,” arsa cat eile,
“ní bheith aon mhaith dhó ann. Nach bhfuil cat
Gallda na bhFear-Bolg ag faire an óir sin. Ní
fheudfadh sé lámh á leagain air.”



“Acht tá an cat Gallda sin marbh ó mhaidin
indé,” arsa cat eile.



Bhí cat eile dul a' labhairt ann sin, nuair
buaileadh chloigín beag agus dubhairt an chailleach,
“tá sé i n-am daoibh codladh anois.” Níor fhan
Labhrás le focal eile do chloistéal, acht shleamh-
nuigh sé amach ar fhuinneóigín an tseomra, agus
rith sé leis chomh tapa agus bhí in a chnámha, no go
dtáinig sé a-bhaile.



Bhí a bhean 'na suidhe ag an teine roimhe agus
imnidhe mhór uirri. Chuir sí céad míle fáilte
roimhe agus d'fhiafruigh dhé cá raibh sé.



“Bhí sé dorcha orm ag teacht a-bhaile dham,
agus chailleas mo bhealach,” ar seisean, “agus
b'éidir gur chodail mé támh beag ag bun sgeiche.”


L. 45


“Bhí sicín marbhtha agam duit,” ar sise, “agus
é rósta go deas, acht tháinig cat coimhthigheach
asteach agus ghoid sé uaim é.”



“B'éidir go raibh an cat bocht níos mó 'na
easbhuidh 'ná mise,” arsa Labhrás, “agus ní'l mé
'na dhiaidh air.”



Ar maidin, le fáinne an laé, chuaidh Labhrás
amach agus fuair sé an pota óir ins an áit
adubhairt an cat. Bhí fhios aige ann sin go
mb'fhíor gach rud do bhí na cait a rádh. Bhain sé
cuid de'n ór as an bpota agus chuir sé ar ais
an chuid eile ins an áit a raibh sé.



D'fhéach sé thart 'na dhiaidh sin, agus chonnaic
sé bláth mór buidhe ag fás ag bun a gháirdín féin.
“Ní raibh an bláth sin ann ar maidin indé,” ar
seisean leis féin, “is é sin go cinnte leigheas
inghine an righ, má éirigheann liom í do leigheas
gheobhaidh mé saidhbhreas mór.”



Nuair bhí a bhéile ithte aige chuaidh sé chum an
bhaile-mhóir agus cheannuigh sé culaidh-éadaigh
uasal. Ghleus sé é féin a riocht liaigh. D'fhág sé
slán ag a bhean. Rug sé an bláth buidhe leis,
agus thug sé aghaidh ar Chaisleán Righ Laighean.
Nuair ráinig sé an Caisleán fuair sé go raibh
dochtúirí as gach uile áit i n-Éirinn cruinnighthe
ann roimhe, acht níor fhéad aon cheann aca aon
mhaith dhéanamh d'inghin an righ. Bhí tuairim aca nach
mairfeadh sí lá eile. Thairg an righ mála óir do
dhuine ar dith do leighseóchadh í.



Chuaidh sé go seomra na h-inghine agus dubhairt


L. 46


“tig liom d'inghean leigheas i n-aon uair amháin,
má thugann tu cead dam.”



“Bheirim cead duit,” ar san righ, “acht má
ghnidheann tu aon dochar dí béidh do cheann agam.”



Chuaidh sé go seomra na h-inghine agus dubhairt
léi go raibh sé dul d'á leigheas. Chuir sé cuid
de'n bhláth buidhe in a béal agus dubhairt léi é
chogaint agus a shlugadh. Rinne sí sin, agus ar
ball d'éirigh sí chomh maith agus bhí sí riamh.



Bhí luthgháire mhór ar an righ. Bhronn sé an mála
óir ar Labhrás, agus thug sé cóiste agus capla
(= capaill) dhó le n-a thabhairt a-bhaile. Nuair
chonnaic na cómharsanna Labhrás agus a chóiste
agus a phéire capall faoi, bhí iongnadh an domhain
orra. “Is minic,” ar seisean leó, “do bhí sibh
ag magadh fúm faoi rádh 's go raibh brigh agus
leigheas i luibheannaibh. Acht féach! Anois táim
i ndiaidh inghine righ Laighean a leigheas. Níor fhéad
aon liaigh eile aon mhaith dhéanamh dhí acht leigheas
mise í le luibh as mo gháirdín féin, agus fuair mé
an mála óir agus an cóiste agus na capla
(= capaill) so ó'n righ.”



Cheannuigh Labhrás roinn mhór talmhana (= tal-
mhan), cuir sé teach breágh ar bun, agus bhí sé ann
sin go socair sásta. Níor mhair sé acht fiche
bliadhan tar éis an tsaidhbhris fhághail. Nuair
fuair sé bás d'fhág sé a bhean agus a ghaolta
saidhbhir. Oidhche éigin sul má fuair sé bás d'innis
sé an sgéal so do chómharsain, agus is ó'n
gcómharsain sin fuair m'athair mór é. An lá do
cuireadh Labhrás O Ruadháin d'fhosgail an talamh


L. 47


agus slugadh teach na caillighe síos ann. Is dóigh
go raibh sí féin agus a cuid cat ins an tigh nuair
slugadh é, mar nach bhfacaidh aon duine í féin ná
a cuid cat ó'n lá sin amach. Tá poll tighe
caillighe na gcat le feiceál ó'n lá sin go dtí an
lá so idir an dá Néifin. Má leigeann sibh dam
béidh sgéal eile agam daoibh an oidhche amárach.



Leis sin d'éirigh an dá fhear dhéag, d'éirigh an
dá mhnaoi dhéag. “Sgéal maith,” ar siad-san.
D'fhosgail an dorus ins an taobh-bhalla, agus
shiubhladar uile amach. D'fhág an bhean-uasal slán
aige agus d'imthigh sí léi féin. Tháinig an
doirseóir agus fuair Diarmuid séire maith agus
ann sin chuaidh sé a chodladh.



Nuair dhúisigh sé bhí béile maith aige, agus chaith
sé an lá mar chaith sé na laetheannta eile, go
dtáinig an oidhche agus gur glaodhadh air dul
asteach ins an seomra mór lasta. Fuair sé an
bhean-uasal ann roimhe. D'fhiafruigh sí dhé an raibh
sé réidh le n-a sgéal do thosughadh. Dubhairt sé
go raibh. Shéid sí an stoc beag óir, d'fhosgail an
dorus ins an taobh-bhalla, agus tháinig an chuid-
eachta chéadna asteach. Shocruigheadar iad féin
agus thosaigh Diarmuid an sgéal.


L. 48


SGÉAL AN CHÚIGEADH h-OIDHCHE



Bhí iarla 'n a chómhnuidhe, fad ó shoin, i
gCiarraidhe Luachra. Bhí aon mhac amháin aige.
Tugadh Iarla óg an ghleanna ar an mac so. Bhí
an sean-iarla an-tsaidhbhir, agus nuair fuair sé
bás d'fhág sé a mhaoin shaoghalta uilig (= uile) ag
an Iarla óg. Fear spóirt agus grinn agus
seilge do bhí ins an Iarla óg so. Bhíodh dúil mhór
aige i seilg agus i n-iasgaireacht. Ní bhíodh aon
tseilg ins an tír sin nach mbíodh an t-Iarla óg i
láthair.



Aon lá amháin bhí seilg mhór aca i nGleann na
mBroc. Bhí uaisle na tíre idir fhearaibh agus mnáibh
cruinnighthe ann. Séideadh an adharc, cloiseadh geóin
na n-gadhar, agus léim eilit bhreágh mhaiseach amach
as coill. Lean na marcaigh go léir í, agus rith sí
tar cnuic agus gleannta go raibh an ghrian go
h-árd ins an spéir. Bhí each an-luath faoi an Iarla
óg agus chuaidh sé amach rompa ar fad. Nuair
d'fheuch sé ar a chúl fa dheireadh ní raibh aon mharcach
eile le feiceál (= feicsint). Bhí sé leis féin.
Lean sé bun-lorg na h-eilte go raibh an ghrian
ag dul faoi sgáile na gcnoc. Ann sin chaill sé
as a radharc í, agus ní raibh fhios aige cá raibh sé.



Bhí sé ag brath ar fhilleadh ar ais nuair thug sé
fa deara teach mór ag bun sléibhe. Bhí tart mór
air, tar éis oibre an laé, agus shaoil sé go


L. 49


bhfuigheadh sé deoch dá dtéidheadh sé chomh fada
leis an tigh sin. Thug sé aghaidh ar an teach mór
agus thuirling sé ag an dorus. Tháinig cailín
óg amach agus dubhairt sí, “Céad míle fáilte
rómhat a Iarla óig an ghleanna.”



“Go raibh maith agad,” ar seisean, “acht shaoil
mé nach raibh eólas ag aon duine ins an áit seo
orm-sa. Ní'l fhios agam féin cá bhfuil mé, acht
bhéinn an-bhuidheach díot dá bhfaghainn deoch uaith.
Is beag nach bhfuil mé marbh leis an tart.”



“Tá tu i ngleann na mbuadh,” ar sise, “tarr
asteach agus bhéarfad deoch duit agus fáilte.”



Ghlaodh sí ar ghiolla agus dubhairt leis each an
Iarla do chur san stábla agus coirce agus uisge
do thabhairt dó. Shiubhal an t-Iarla asteach, agus
nuair d'féach sé thart bhí iongantas air, óir ní
fhacaidh sé riamh aon áit do bhí leath chomh breágh
leis. Ór buidhe do bhí ins an mbord do bhí i
gceart-lár an urláir, agus ór buidhe do bhí ins
na cathaoireachaibh do bhí thimchioll an bhuird sin.
Líon an cailín sgála fíona dhó, agus sheachaid sí
dhó é. Rinne sé aon deoch amháin dé, agus
dubhairt “bhí tart an-mhór orm acht tá cosg leis
anois, go raibh maith agad-sa.”



“Suidh síos,” ar sise, “tá ocrus ort is dóigh
i ndiaidh an laé.”



Shuidh sé síos agus tháinig triúr seirbhíseach
asteach. Thugadar miasa leó. Bhí mairt-fheóil
caoir-fheóil muic-fheóil agus fiadh-fheóil ar na
miasaibh. Bhí meacain gheala agus meacain buidhe
ar miasaibh eile, agus millseóga agus gach sórt


L. 50


bidh dheaghbhlasta. Shuidh an cailín ag taoibh an
bhuird go díreach os coinne an Iarla, agus
bhreathnuigh seisean go géar í, agus shaoil sé nach
bhfacaidh sé riamh bean óg leath chomh h-álunn léi.
D'itheadar agus d'óladar le chéile go carthanach,
agus ní raibh am a bhfeuchadh seisean uirri nár
shaoil sé go raibh sí ag éirghe níos áilne. Thug
sé grádh dhí fá dheóigh, agus d'fhiafruigh sé dhí an
raibh a h-athair 's a máthair beó.



“Ní'l go deimhin,” ar sise, “táid marbh, agus
tá mé i m'aonar, beag-nach, agus bím faoi ghéar-
chrádh ag fathach dubh atá ag iarraidh orm a phósadh.
Ní'l aon dul uaidh agam muna bhfághaidh mé
gaisgidheach le n-a chlaoidh, agus is deacair sin
do dhéanamh, óir ní'l aon chlaidheamh * ins an
domhan a chlaoidhfeas é acht aon cheann amháin atá
ag Righ na Gréige agus bíonn glas ag an Righ air,
in a chaisleán féin.”



“Bhfuil aon fhághail ar an gclaidheamh sin?” ar
san t-Iarla, “dá mbeith sé agam chlaoidhfinn-se
an fathach duit.”



“Tá aon tslighe amháin le n-a fhághail,” ar sise,
“acht is contabhartach í.”



“Is cuma liom-sa an chontabhairt,” ar seisean,
“innis dam an tslighe agus gheobhaidh mise an
claidheamh no caillfidh mé m'anam féin.”



“Seo dhuit seód mór-luachmhar,” ar sise,
“teirigh ar maidin amárach go bárr an tsléibhe
agus feicfidh tu sean-duine liath ar bhárr carraige.



* Leabhair an sgéaluidhe an focal so mar “claimhe.”
Labhairthear go h-an-mhinic i gConnachtaibh mar sin é.


L. 51


Tabhair an seód dó, agus fiafróchaidh sé dhíot
ceurd (= créad) í do thoil. Innis dó, agus
déan mar ordóchaidh seisean duit, agus ní rachaidh
tu amugha. Tá tu tuirseach anois, i ndiaidh an
laé, agus budh chóir dhuit dul a chodladh.”



Thug sí seomra do'n Iarla i n-íochtar an tighe.
“Anois,” ar sise, “an gcloiseann tu cuach-
shrann an fhathaigh dhuibh. Tá sé i seomra i
mbárr an tighe agus ní dhúiseóchaidh sé go mbéidh
an ghrian ag dul faoi, trathnóna amárach.”



Chuaidh an t-Iarla chum a leapthan acht ní tháinig
néal codlata ar a shúilibh. Ní raibh sé cúig
móimid 'na luidhe nuair chualaidh sé cuach-shrann,
chomh h-árd leis an toirneach, mar shaoil sé. Níor
chodail sé támh ar feadh na h-oidhche. D'éirigh sé
go moch ar maidin, acht bhí an mhaighdean 'na suidhe
roimhe. Bhí gach rud le n'ithe agus le n'ól ar an
mbord, agus bhí seirbhísighe le freastal air, acht
níor fhéad sé mórán a chaitheamh, mar bhí mí-
shuaimhneas air. Nuair bhí a bhéile críochnuighthe
d'fhág sé slán ag an mhaighdin agus is í do bhí go
brónach ar n-imtheacht dó.



Chuaidh sé suas go bárr an tsléibhe, agus níor
bhfada go bhfacaidh sé an sean-duine 'na shuidhe
ar bhárr carraige. Thug sé an seód dó, mar
dubhairt an bhean óg leis.



“Cad is toil leat, nó cad tá uait?” ars an
sean-duine.



“Claidheamh atá ag Righ na Gréige, an t-aon
chlaidheamh san domhan leis an bhFathach Dubh do
chlaoidh,” ars an t-Iarla.


L. 52


Thug an sean-duine clog beag dó agus dubhairt
“teirigh chum na coille atá ar an taoibh dheis de
Ghleann-na-mbuadh, craith an clog, agus tiucfaidh
gearrán bán chugat, agus deán mar ordóchas
seisean duit.”



Thug an t-Iarla buidheachas don tsean-fhear,
ghlac sé an clog agus chuaidh sé chum na coille.
Ann sin chraith sé an clog agus chonnaic sé an
gearrán bán ag teacht. Nuair tháinig sé dubhairt
an gearrán bán, “tá fhios agam cad tá uait,
léim suas ar mo mhuin, tá aistear fada rómhainn.”



Léim an t-Iarla suas, agus ní túisge bhí sé ar
dhruim an ghearráin 'ná shín sé sgiathán amach uaidh
ar gach taoibh, agus as go bráth leis tríd an aér.
Bhí sé ag imtheacht go dtángadar go bruach na
mara. Ann sin dubhairt an gearrán “congbhaigh
greim daingean orm, támuid dul faoi an mhuir.”
Léim sé asteach agus chuadar síos faoi na
tonntaibh. * Bhí sé ag imtheacht agus ag síor-
imtheacht gur shaoil an t-Iarla go mbudh chóir dhóibh
bheith ag deireadh an domhain. Faoi dheireadh
chuadar suas ar an talamh tirim. Bhí an t-Iarla
leath-mharbh, níor fhéad sé focal a rádh. Bhíodar
ag imtheacht ann sin go dtángadar go sliabh árd
do bhí 'na lasair teineadh. “Congbuigh greim
cruaidh,” ar san gearrán, “tá mé dul thar an
tsliabh sin.” D'éirigh sé d'aon léim amháin agus
chuaidh tar an tsliabh. Loisgeadh a chosa agus
croiceann a bhuilg, acht tháinig an t-Iarla slán.
Bhíodar ag imtheacht ann sin go dtángadar go



* “Tonntrachaibh,” dubhairt an sgéuluidhe.


L. 53


geata caisleáin mhóir. Dá fhichid troigh ar áirde
do bhí ins na ballaibh. Bhí dhá leómhan mhóra 'na
suidhe, ceann aca ar gach taoibh de'n gheata, agus
ní leigfidís éinne asteach gan ordughadh ó'n righ.



“Anois,” ars an gearrán, “cuir do lámh in
mo chluais chlé, agus gheobhair sgian ghéar innti.
Marbhuigh mise agus bain an croiceann díom, cuir
iomat * é, agus tig leat siubhal asteach idir an
dá leómhan, agus ní fheicfidh siad thu. Nuair
rachas tu asteach ins an gcaisleán feicfidh tu
seomra ar thaoibh do láimhe deise agus claidheamh
an righ ann crochta ar an mballa. Beir leat é
agus tarr amach chugam-sa.”



“Go deimhin ní mharóchaidh mise go bráth thu,
agus an méid a rinne tu dham,” ar san t-Iarla,
“agus dá mbeitheá-sa marbh cia 'n mhaith bheith
ins an gclaidheamh dam, ní fheudfainn mo bhealach
dhéanamh amach go Gleann-na-mbuadh arís.”



“Déan mar deirim-se leat,” ars an gearrán,
“agus nuair thiucfas tu amach leis an gclaidheamh
caith mo chroicionn ar mo mhullach agus tiucfad
chum beatha arís.”



Rinne an t-Iarla mar dubhairt an gearrán, acht
budh leisg leis a dhéanamh. Mharbh sé an gearrán,
bhain sé an croiceann dé, agus chuir air féin é.
Ann sin shiubhal sé asteach idir an dá leómhan,
agus ní fhacadar é. Chuaidh go díreach go dtí an
seomra a raibh an claidheamh ann, agus rug sé
leis é. Tháinig sé amach agus chuaidh go dtí an



* Iomat (umat) = “timchioll ort.” Ní coitchionnta an
focal so i gConnachtaibh.


L. 54


áit ar fhág sé an gearrán marbh ann. Chaith sé
an croiceann ar a mhullach, agus d'éirigh sé arís
chomh slán agus bhí sé riamh.



Dubhairt an gearrán leis, “léim suas ar mo
mhuin, tá sé i n-am dúinn filleadh ar ais.” Léim
an t-Iarla suas, agus chuadar ar ais an bealach
a dtángadar air, thrasna an thsléibhe theineadh, faoi
an mhuir, tar cnuic agus gleannta, agus bhíodar
ag síor-imtheacht go dtángadar go Gleann-na-
mbuadh. Ann sin tháinig an gearrán anuas ar an
talamh, thuirling an t-Iarla, agus dubhairt an
gearrán leis, “Slán leat anois, agus go bhfághaidh
tu buaidh ar an bFathach Dubh, agus go ngnóthuighidh
tu an bhean is áille (= áilne) ins an domhan mar
mhnaoi.”



“Go raibh seacht míle maith agad, a chara,” ars
an t-Iarla, “agus slán leath féin.”



Chuaidh sé ann sin go teach na mná uaisle agus
bhí luthgháire an domhain uirri nuair chonnaic sé é,
agus chuir sí na céad míle fáilte roimhe. Ann
sin d'fhiafruigh sé dhé an bhfuair sé claidheamh Righ
na Gréige.



“Fuaireas,” ar seisean, “cá bhfuil an Fathach
Dubh go gcuirim mo dhubhshlán faoi.”



“Fan go mbéidh rud le n'ithe agus le n'ól
agad,” ar sise, “ní bhéidh sé ann so go ceann
uaire eile.”



D'ith agus d'ól an t-Iarla, agus bhí ag cur síos
ar a thurus, agus ar an méid iongantas do
chonnaic sé, nuair chualadar an fathach ag teacht.
Chuaidh an t-Iarla amach 'na choinne agus casadh ar


L. 55


a chéile iad. “Tá mé ann so leis an gceann a
bhaint díot,” ar san t-Iarla.



“Ag déanamh maghaidh atá tu,” ars an fathach,
“b'fhearr dhuit bheith ag bleaghan do chuid bó i
nGleann-na-mbiorach.”



Leis sin d'ionnsuigheadar a chéile. Bhí an bhean
óg 'na seasamh san dorus ag féachaint orra, agus
a croidhe in a béal aici. Nuair thug an t-Iarla
sáthadh millteach do'n fhathach do chuir sí gáir áthais
aisti. Thug an fathach sin fá deara, agus sgread
sé amach, “bhéarfaidh mise ádhbhar duit do bhosa
do ghreadadh gan mhaill a chailín.”



“Ní thiubhrair,” ar san t-Iarla, agus cupla
móimid 'na dhiaidh sin sgiob sé an ceann de'n
fhathach. Shaoil an ceann dul ar an gcolainn arís,
acht rinne an t-Iarla dhá leith dhé le buille eile.
“O!” ar san ceann, “sin claidheamh Righ na
Gréige atá agad, agus ghoid tu é, rinne tu feall
orm,” acht níor fhéad an ceann aon rud eile rádh,
mar rinne an t-Iarla dá leith eile dhé. Rug sé
ar an gcorpán ann sin agus tharraing é go poll
mór. Chaith sé asteach é, agus chaith sé clocha síos
san bpoll go raibh sé líonta go bruach. Bhí an
oidhche ag tuitim an uair sin.



Chuaidh sé asteach san tigh ann sin, agus is
roimhe do bhí an fháilte.



“Níor shaoil mé,” ar san bhean óg, “go
dtuitfeadh gach aon rud amach chomh maith sin an
lá do rinne mé eilit díom féin, nuair ruaig tu
amach as an gcoill mé, i nGleann-na-mbiorach,
agus tá mé ag iarraidh párdúin ort anois, faoi


L. 56


sin, oir ní eilit do lean tu an lá sin acht mé
féin. Bhí mé faoi dhraoidheacht ar an bFhathach Dubh,
agus do h-innseadh dham nach raibh aon sgaoileadh
ó'n draoidheacht sin i ndán dam go dtiucfadh an
t-Iarla óg as Gleann-na-mbiorach go Gleann-na-
mbuadh. Inghean Iarla atá ionnam-sa. Fuair mo
mháthair bás agus caitheadh m'athair ag troid le n-a
náimhdibh trí bliadhna ó shoin.”



Do phóg an t-Iarla í, agus d'iarr sé uirri é
féin a phósadh. “Tarr liom-sa go Gleann-na-
mbiorach,” ar seisean, “agus fág Gleann-na-
mbuadh, agus a chuid draoidheachta do dhiaidh.”



“Tiucfad,” ar sise, “óir tá mé saor ó
dhraoidheacht anois. Tá carbad agus capla agam
le n-ár dtabhairt ann, má tá eólas agat-sa ar
an mbealach.”



“Ní'l,” ar seisean, “ní'l fhios agam cá bhfuil
mé anois, ná cia an chaoi a dtáinig mé ann so.”



“B'éidir go bhfuighimid an t-eólas ameasg
mo chuid seirbhiseach,” ar sise, “óir an t-eólas
do bhí agam-sa ar an tír nuair bhí mé im' eilit
chaill mé arís é nuair tháinig mé i gcruth daonna,
acht má tá Biorgún ann so déanfaidh sé an
t-eólas dúinn.” Ghlaodh sí Bhiorgún ann sin,
agus tháinig sean-fhear liath 'na láthair.



“Bhfuil eólas agad-sa ar Ghleann-na-mbiorach?
ar sise.



“Tá,” ar sé, “is ann a rugadh mé dhá chéad
bliadhan ó shoin.”



“Tá mé dul go Gleann-na-mbiorach amárach,”
ar sise, “agus gleus mo charbad dam.”


L. 57


Ar maidin, an lá ar n-a mhárach, tháinig Biorgún
agus cóiste breágh agus ceithre capla faoi.
Chuaidh an lánamhain óg asteach san gcóiste agus
thug an bhean óg léi a cuid óir agus airgid a
cuid seód agus saidhbhris. Labhair an sean-fhear
leis na caplaibh, agus as go bráth leó. Bhíodar
ag imtheacht go raibh an ghrian ag dul faoi, agus
ann sin chonnaic an t-Iarla a ghleann féin uaidh.
“Tá mé san mbaile anois,” ar seisean.



“Tá go maith,” ar sise, “stadfamuid ag
bruach an ghleanna.” Rinneadar sin agus
dubhairt sí leis an sean-fhear, “teirigh ar ais go
Gleann-na-mbuadh, bronnaim mo theach agus a
bhfuil ann ort-sa. Ní dóigh go rachad ar ais ann
choidhche arís.”



D'imthigh an sean-fhear, agus thiomáin an t-Iarla
chum a chúirte féin. Cuireadh fáilte mhór roimhe,
óir shaoil gach uile dhuine go raibh sé caillte.



An lá ar n-a mhárach pósadh an lánamhain óg,
acht do mhair an bhainfheis seacht lá agus seacht
n-oidhche, agus b' fheárr an lá deiridh dhí 'ná an
chéad-lá. Bhí siad ann sin go sásta sona
séanmhar, agus bhí clann mhac agus clann inghean
aca. Fuaradar bás leis an aois, acht tá cuid
dá mbunadh ann sin fós.



Sin críoch mo sgéil, acht má leigeann sibh dam
béidh ceann eile agam daoibh oidhche amárach.


L. 58


“Sgéal maith agus sgéal fíor,” arsa fear aca.
“Sgéal maith,” ar na daoine eile. Leis sin
d'éirigheadar uile, d'fhosgail an dorus ins an
taobh-bhalla, agus chuadar go léir amach do réir
mar thángadar asteach. D'fhág an bhean-uasal
slán ag Diarmuid, agus d'imthigh sise léi féin.
Tháinig an doirseóir, agus chuaidh Diarmuid a
chodladh.



Chaith Diarmuid an lá ar n-a mhárach mar chaith
sé na laetheannta eile, go dtáinig an oidhche
agus tugadh é asteach san seomra mór.
D'fhiafruigh an bhean-uasal dé an raibh sé réidh le
n-a sgéal do thosughadh. Dubhairt seisean go
raibh. Shéid sí an stoc beag óir d'fhosgail an
dorus ins an taobh-bhalla, agus shiubhal an dá'r
éag fear asteach agus a bhean féin ar ghualainn
gach fir aca. Shuidheadar go léir síos, agus
dubhairt an bhean-uasal “tosaigh do sgéal anois.”


L. 59


SGÉAL AN t-SEISEADH h-OIDHCHE.



Bhí sean-righ 'na chómhnuidhe a bhfad ó shoin i
gCúige Uladh, agus ní raibh acht aon mhac amháin
aige. Fuair an bhainríoghain bás nuair rugadh an
t-oidhre óg.



Bhí ghrádh mór ag an righ ar an oidhre óg, agus
nuair d'fhás sé agus tháinig sé cum aoise, leig
sé a thoil féin leis ins gach nidh. Glincín de
pheata do bhí ann. Bhí sé an-mhailíseach. Is iomdha
éagcóir rinne sé ar na searbhfógantaibh agus ar
an lucht-oibre. Ní raibh aon mhaith ann a bheith ag
casaoid * leis an righ 'na thaoibh. Ní bhíodh aon
tsásadh le fághail ó'n righ.



Aodh an t-ainm do bhí ar an mac-righ. Nuair
bhí sé cúig bliadhna déag d'aois bhíodh dúil mhór
aige ins an iasgaireacht. Ní bhíodh sé sásta a bheith
ag iasgacht san abhainn le slait, budh mhian leis
dul ar an bhfairge. Fuair an righ curach breágh
dhó, a raibh seól agus maidí rámha ann, 'san
gcaoi go bhféadfadh sé dul amach ó'n gcuan.



Aon mhaidin amháin d'éirigh sé go moch, gan
fhios do'n righ ná d'éinne eile. Chuaidh sé in a
churach. D'árduigh sé an brat-seóil agus bhí sé
ag imtheacht go dtáinig anaice le Málainn i n-
Inis Eóghain. Tháinig síon ann sin agus
tiomáineadh an curach asteach faoi bhun carraige



* “Bheith casaoide,” dubhairt sé.


L. 60


móire. Nuair d'fhéach Aodh suas chonnaic sé cailín
sgiamhach 'na suidhe ar an g-carraig, sgáthán óir
in a leath-láimh agus ciar ins an láimh eile, agus
í ag ciaradh a gruaige óir-bhuidhe. Shaoil an mac-
righ nach bhfacaidh sé aon bhean riamh do bhí chomh
h-áluinn léi. Chuir sé caint uirri agus dubhairt
“An tu Bhénus no réalt na maidne, no cad
fáth a bhfuil tu id' aonar chomh moch so ar
charraig loim?”



“Ní mé,” ar sise, “acht cailín atá gan athair
gan máthair gan gaoltaibh saoghalta.”



“Má thagann tu liom-sa go Caisleán m'athar,”
arsa Aodh, “béidh tu sóghamhail súgach sásta fad
do bheatha.”



D'éirigh sí, gan fhocal eile, agus chuaidh sí
asteach chuige ar bhord an churaigh. D'árduigh sé
an seól agus chuir sé amach ó'n gcuan le filleadh
a-bhaile; acht ní dheachaidh sé a bhfad gur éirigh
stoirm mhór. Bhí an curach beag ag luasgadh ar
bhárr na dtonn, síos suas, mar a bheith coinlín
tuighe i gcontabhairt a bháidhte.



“Dar m'fhocal duit, tá brón mór orm go rug
mé thusa liom ins an gcurach so,” arsa Aodh,
“óir ní fhéidir go dtiucfamaoid beó as, tá na
tonnta ró-bhorb agus an ghaoth ró láidir.”



“Ná bíodh faitchios ort,” ar sise, “ní'l
baoghal báidhte orrainn. Is Maighdean-mhara
mise. Tá caisleán agam faoi an mhuir dheirg,
agus ó thárla nach dtig leat filleadh go dtí
caisleán d'athar, béarfaidh mé go dtí mo chais-
leán féin thu.”


L. 61


Ní túisge dubhairt sí sin 'ná d'éirigh an curach
ar bhárr toinne móire, agus nuair bhí sé teacht
anuas, tharraing an mhaighdean-mhara slaitín beag
as a brollach agus bhuail Aodh léi. Ar an móimid
do rinneadh iasg mór dé. Bhí sé ag snámh ann
sin ameasg na dtonn, acht níor chaill sé a chiall
ná a réasún. Báitheadh an curach ins na tonntaibh
móra. Ann sin chonnaic Aodh go raibh an
mhaighdean-mhara ag snámh le na thaoibh. Acht ní
túisge thug sé sin fá deara 'ná tháinig míol mór
le n-a shlugadh. D'fhosgail an míol mór a bhéal
agus shaoil Aodh go raibh sé caillte, acht bhuail an
mhaighdean-mhara an míol agus bhain súil as.
Thionntaigh sé ann sin agus shnámhadar uaidh.
Bhíodar ag imtheacht tamall mar sin go dtán-
gadar chum tíre eile faoi an mhuir. Bhuail an
mhaighdean-mhara é agus tháinig a dhealbh féin air
arís. Bhí talamh breágh glas thimchioll air. Bhí
grian gealach agus réalta ann, mar tá againn-ne
ann so.



Thug sí Aodh asteach ins an gcaisleán. Nuair
d'fheuch sé thart chonnaic sé na h-earraidh agus an
troscán is breághachta (= breághdha) dá bhfacaidh
súil duine riamh. Ní raibh i gcaisleán a athar
féin acht bathán i gcomórtas leis. Seang-ór
buidhe do bhí ins na troscáin, agus seóda móra
luachmhara do bhí sáidhte ins gach orlach dé. Ní
cheannóchadh Inis Fódhla an caisleán agus a raibh
ann.



“Ná bhíodh faitcheas ná imnidhe ar bith ort ins
an áit seo,” ars an mháighdean leis, “ní'l aon


L. 62


duine le do bhacadh ó do thoil féin bheith agad.
Tá tu le bheith ann so ar feadh seacht mbliadhan,
agus tar éis an am' sin fágfaidh mise in do
bhaile féin thu, ins an gcuan as a dtáinig tú, agus
béidh tu i n-am le d'athair fheiceál sul má
bhfuighidh sé bás.”



Shéid sí fídeóg agus tháinig sluagh feadhmannach
asteach, agus miasa móra in a lámhaibh. Leagadar
na miasa ar an mbord. Bhí gach nídh do b'fhearr
'ná a chéile ar na miasaibh sin. Shéid sí an fhídeóg
an dara uair agus ar ball tháinig móir-sheisear
gaisgidheach asteach agus shuidheadar ag an mbord
gan fhocal do labhairt. Thosaigheadar ag ithe
agus ag ól. “Suidh síos leis na fearaibh seo,”
ar san mhaighdean-mhara le h-Aodh, is fíor-uaisle
iad uilig (go léir). Shuidh Aodh síos acht níor
fhéad sé aon nidh ithe do bhí an oiread sin
iongantais agus imnidhe air. Nuair bhí a sáith ithte
agus ólta ag na gaisgidheachaibh dubhairt sise leó,
“Mac righ ó thuaisceart Éireann an fear so,
Aodh a ainm.”



“Tá fáilte roimhe,” ar siad-san uilig, agus
leis sin d'éirigheadar agus shiubhladar amach.



“Anois,” ars an mhaighdean-mhara, tá iongan-
tas ort faoi a bhfacaidh tu ins an áit seo, acht
ní fhacais a leath, ná an ceathramhadh cuid d'ion-
gantasaibh na h-áite seo fós. Tá rud a bhfad
níos iongantaighe le feiceál agad anois. Tarr
liom-sa go bhfeicidh tu roint de ghaisge mo chuid
gaisgidheach idir fhearaibh agus mnáibh.



Thug sí amach é ann sin ar an bhfaithche áluinn


L. 63


do bhí i láthair an chaisleáin. Bhí móir-sheisear
fear agus móir-sheisear ban ann, agus dubhairt
sí leó, “Taisbeánaidh do'n mhac-righ seo cuid
d' bhur ngaisgidheacht.”



Chuaidh fear aca asteach ins an gcaisleán agus
tháinig sé amach agus sleagh mhór fhada in a
láimh agus bárr géar uirri. Sháith sé cos na
sleighe ins an talamh, agus dhruid sé amach uaithi
ann sin agus thug sé léim fiche troigh suas san
aer agus tháinig sé anuas, agus a bhrollach faoi,
ar bhárr géar na sleighe. D'fhan sé cúpla móimid
mar sin agus thug sé léim síos ar thalamh arís,
gan goin * ar bith air. Thug fear eile léim suas
ann sin agus tháinig sé anuas ar a bhéal-faoi.
Chuaidh an tsleagh asteach in a bhéal agus amac ar
chúl a chinn. D'fhan sé cúpla móimid mar sin
agus léim síos ar thalamh gan goin ar bith air.
Léim fear eile suas agus tháinig sé anuas ar a
thaobh-shiar, chuaidh an tsleagh tríd a bhrollach agus
amach ar mhullach a chinn; d'fhan mar sin cúpla
móimid agus ann sin léim sé síos gan goin ar bith
air. Léim fear suas ann sin agus tháinig anuas ar
a bhéal-faoi. Tharraing sé an tsleagh as an talamh le
n-a fhiaclaibh agus sháith sé síos i n-áit eile í. Rug fear
eile greim ar mhnaoi de na mnáibh do bhí i láthair,
thug sé léim suas léi agus tháinig anuas ar leath-
chois ar bhárr na sleighe, d'fhan sé cúpla móimid
mar sin agus tháinig sé anuas de léim gan goin
gan deargadh air. Ann sin rugadar sleagh eile



* “Gonais,” dubhairt seisean.


L. 64


leó agus sháitheadar ins an talamh í anaice leis
an chéad-shleigh. Léim beirt fhear suas agus
thángadar anuas, fear aca ar bhárr gach sleighe
aca. Tharraing siad a gclaidhmhthe amach agus
thosaigh siad ag troid, gur éirigh na ceathanna
dhé dhrithleógaibh as a gcuid arm. Tar éis bheith
tamall ag troid mar sin thángadar anuas gan
deargadh orra. Thosaigh na mná ann sin agus
rinneadar an rud céadna do rinne na fir.



Bhí iongantas mór ar Aodh de bhárr a bhfacaidh
sé. “Cad é do mheas ar mo chuid fear agus ar
mo mhnáibh?” ar san mhaighdean-mhara leis.



“Chualas trácht go minic ar Fhianntaibh Éireann,”
arsa Aodh, “acht ní dhearnadar riamh aon ghaisge
mar sin, agus tá na mná chomh cliste leis na fir.”



Rug sí Aodh léi ann sin go dtí grianán breágh
do bhí ins an gcaisleán, agus thaisbeán sí dhó gach
rud do b'áille agus do b'iongantaighe 'ná a
chéile. D'fhiafruigh sí dhé an raibh dúil aige i
gceól. “Go deimhin tá,” ar seisean, “agus tá
cláirseach bhreágh agam ins an mbaile.”



“Má thig leat seinm ar chláirsigh,” ar sise,
“gheobhaidh mé ceann duit, no cuirfidh mé fios
ar do cheann féin má 's fearr leat í.”



“Go deimhin b'fhearr liom mo cheann féin,” ar
seisean, “ní'l fhios agam an bhféadfainn ceól
maith tharraingt as cláirsigh nach bhfuil aon taithighe
agam uirri, acht cia an chaoi a gcuirfeá fios ar
mo cheann féin?”



“Fan go fóill,” ar sise. Bhuail sí clog beag


L. 65


agus ar an móimid tháinig firín * beag i láthair.
“Imthigh,” ar sise leis, “agus tabhair chugainn
cláirseach atá i gCaisleán Righ Chúige Uladh i
seomra an mhic righ.”



D'fhosgail sí fuinneóg gus chonnaic sí é ag
imtheacht chomh luath le gaoith Mhárta ar gháilín (?).
Faoi ceann uaire go leith bhí sé ar ais arís agus
an chláirseach aige.



“Dar mo choinsias is maith an teachtaire é
sin,” arsa Aodh.



“Anois ó tá do chláirseach agad,” ar sise,
“rachamaoid go seomra an cheóil.” Chuaidh sí
amach agus lean Aodh í. Rug sí léi é go seomra
breágh mór, a raibh níos mó 'ná dá-fhichid de lucht-
ceóil ann. Bhí gach gléas ceóil dár chualaidh
cluas no d'á bhfacaidh súil ariamh, aca, ann sin;
bhí cláirseóirí bheidhileadóirí píobairí agus mórán
de cheóltóiribh eile ann. Rinne máighistir an
cheóil úmhlacht do'n mhaighdin-mhara. “Is é seo
mac righ Chúige Uladh,” ar sise leis, “agus tá
dúil mhór aige ins an gceól. Séid suas dó.”
Thosaigheadar ag seinm an cheóil budh bhinne dá'r
chualaidh cluas riamh. Shaoil Aodh nach mbeith a
leithéid de cheól le cloisint ins an bhflaitheas féin.
Nuair sguradar de'n tseinm dubhairt an mhaigh-
dean-mhara le h-Aodh, “cad é do mheas ar mo
lucht-ceóil.”



“Is iad na ceóltóiri is fearr ins an domhan
iad,” arsa Aodh. Budh mhaith liom thusa do
chloisint anois, ar sise.



* “Fearín,” dubhairt seisean.


L. 66


“Go deimhin bheith náire orm mo cheól suarach
do sheinm id láthair-sé i ndiaidh an cheóil bhinn
sin,” ar seisean, “acht ó thárla gur toil leat
mé chloisint agus gur chuir tu fios ar mo
chláirsigh dham déanfaidh mé mo dhíthchioll.”



Thosaigh sé ag seinm, acht ní raibh in a chuid
ceóil acht rámáisg i gcomórtas le ceól na bhfear
eile.



Dubhairt sise leis nuair stad sé. “Sheinn tu
go maith a chara, acht béidh tu níos fearr sul má
dtéidh tu a-bhaile.” Ann sin thug sí é go dtí
garrdha breágh. Bhí géaga na gcrann ann ar n-a
gcromadh go talamh leis an toradh trom do bhí
orra. Bhí bláthanna le feiceál ann sin nach
bhfacaidh Aodh a leitheid riamh. Bhí iongantas mór
air agus mhol sé an gáirdín, acht ní dubhairt sé
aon rud eile.



An trathnóna sin bhí na gaisgidhidhe uile 'na
suidhe ag an mbord, agus an mhaighdean-mhara 'na
measg ar chathaoir óir, nuair tháinig gaisgidheach
dubh asteach agus dubhairt. “A bhean-uasal, is
teachtaire mé ó mhaighdin-mhara na mara duibhe,
agus tá dubhshlán agam daoibh-sé uaithi. Tá sí
'iarraidh fios fhághail cia mhéid gaisgidheach throid-
feas tu, agus cia an áit agus cia an t-am a
mbéidh an cómhrac.



“Troidim móir-sheisear gaisgidheach, agus béidh
an áit i Leithbhior * i dTír Eóghain, i dtuaisceart
Eireann, agus oidhche amárach an t-am, agus beir
an sgéal sin go dtí do bhainríoghain.”



* “Leathfar” dubhairt sé.


L. 67


Níor leig an mhaighdean-mhara aon rud uirri
chomh fada agus bhí an teachtaire 'na láthair, acht
nuair bhí sé imthighthe amach tháinig doilgheas mór
uirri. “Níor claoidheadh gaisgidhighe mhaighdine-
mhara na mara duibhe riamh,” ar sise, “agus tá
eagla orm go dtuitfidh mo chuid gaisgidheach agus
mé féin ins an gcath amárach, acht ní'l aon dul-as
dúinn.”



“Tá eólas agam-sa ar an áit a bhfuil an cath
le bheith ann,” arsa Aodh, “agus budh mhaith liom-
sa bheith i láthair, má 's é do thoil é, acht nár
leigidh Dia go n-éireóchaidh aon droch-rud duit-
se.”



“Béidh tu i láthair,” ar sise, “agus má
thuitimid-ne ins an ár gheobhaidh tu do churach,
faoi sgáil na carraige air a bhfacaidh tu mise i
dtosach.”



Chaith na gaisgidhighe an oidhche sin, trian le ceól,
trian le fiannuigheacht, agus trian le soirm sáimh
suain agus siór-chodlata gur éirigh an ghrian lá
ar na mhárach. Chaitheadar an lá ag cur faobhair
ar a gcuid arm, agus ag córughadh a gcuid
éadaigh i gcoinne an chatha. D'imthigheadar, ann
sin, agus rugadar an mac-righ leó, agus ní féidir
a rádh cia an bealach do ghabhadar, acht bhíodar go
léir ag Leithbhior timchioll leath-uair roimh an
meadhon oidhche.



Bhí maighdean-mhara na Mara Duibhe rompa ann
sin, agus bhí a seacht ngaisgidhighe féin aici. Níor
chuireadar forán ar a chéile agus níor labhradar
focal. Tharraing siad a gcuid arm. Throideadar


L. 68


go millteach ar feadh trí uaire. Insan deireadh
fuair gaisgidhighe Maighdine-mhara na Mara Duibhe
an lámh-uachtar, agus mharbhadar na seacht ngais-
gidhighe eile agus an mhaighdean-mhara leó, agus
nuair bhíodar uile go léir marbh do chaitheadar na
corpáin isteach ins an abhainn do bhí i ngar dóibh,
d'imthigheadar ann sin agus d'fhágadar Aodh leis
féin, agus é ag gol go géar tar éis a charad.



Nuair tháinig sé chuige féin d'imthigh sé leis,
agus níor stad sé go dtáinig sé go dtí Innis-
Eóghain go dtí an áit ar casadh an mhaighdean-mhara
air ar dtús. Fuair sé a churach faoi sgáile na
carraige mar do gheall an mhaighdean-mhara dhó.
D'árdaigh sé an seól agus thug aghaidh ar a chuan
féin.



Bhí luthgháire mhór ar an righ nuair tháinig an mac
ar ais, óir shaoil seisean agus shaoil na daoine
ar fad go raibh sé báidhte. Rinneadar fleadh
mhór ins an gcaisleán do mhair seacht n-oidhche
agus seacht lá.



Ó'n uair sin ní dheachaidh Aodh i n-aice leis an
mhuir. Ní théidheann iasgaire ná mairnéalach i
n-aice le Carraig na Maighdine-mhara i n-Innis
Éóghain ó'n lá sin go dtí an lá so, agus ní
rachaidís ann ar ór ná ar airgead. Sin chugaibh
anois mo sgéal.


L. 69


“Sgéal maith,” ar siad-san uile.



“Agus sgéal fíor,” arsa fear aca.



D'éirigheadar uile, d'fhosgail an taobh-bhalla
agus shiubhladar amach mar thángadar asteach, gach
aon aca agus a bhean le n-a thaoibh.



Tháinig an doirseóir ann sin, agus d'fhág an
bhean uasal an seomra. Rug an doirseóir
Diarmuid leis agus thug sé le n'ithe agus le n'ól
dó, agus ann sin chuaidh sé 'na chodladh.



Chaith Diarmuid an lá ar n'a mhárach mar chaith sé
na laetheannta roimhe sin. Nuair tháinig an
trathnóna glaodhadh asteach é ins an Seomra mór.
Chuir an bhean-uasal a fídeóg óir in a béal, agus
shéid sí í. D'fhosgail an taobh-bhalla arís agus
shiubhal na daoine céadna asteach, a bhean féin
ar ghualainn gach fir agus naoidheanán ar bhrollach
gach mná aca. Shuidheadar síos agus dubhairt an
bhean-uasal le Diarmuid thosugadh ar a sgéal.
Thosaigh Diarmuid ann sin.


L. 70


SGÉAL AN t-SEACHTMHADH h-OIDHCHE.



Bhí fear ann ar bh'ainm dó Colm O Ruairc 'na
chómhnuidhe i ngar do Shliabh-na-mban. Fuair a
bhean bás an lá do pósad é. Fuair sí bás obann,
agus bhí tuairim ag mórán daoine go mbudh é Colm
féin thug siocair bháis dí — nach raibh uaidh acht a
spré, agus go raibh súil aige bean eile fhághail.



Aon lá amháin chuaidh Colm chum an tsléibhe le
h-ádhbhar sguaibe do bhaint. Chonnaic sé ann sin
cráin bhreágh mhuice ag rómhar faoi bhun crainn.
“Dár m'anam is breágh an chráin í sin,” arsa
Colm leis féin, “ní'l fhios agam cia leis í.
Budh mhaith liom í cheannach.” Chuaidh sé níos
fuisge dhí le breathnughadh uirri níos feárr, acht
d'imthigh sí uaidh ameasg na gcrann. “Chaithfidh
mé fhághail amach cia leis an chráin sin,” arsa
Colm, “agus ní chongbhóchaidh luach ar bith uaim
í.”



Cheangail sé ádhbhar a sguaibe, agus bhí sé [ag]
brath ar fhilleadh a-bhaile nuair chonnaic sé sean-
bhean agus brat dearg uirri ag teacht chuige ó
íochtar an tsléibhe.



“Go mbeannuighidh Dia dhuit a bhean chóir,” arsa
Colm, acht ní thug an tsean-bhean aon fhreagradh
air, agus shaoil sé go raibh sí bodhar. Nuair
tháinig sí i bhfogus dó d'árdaigh sé a ghuth agus
d'fhiafruigh sé dhí an raibh fhios aici cia leis an


L. 71


chráin mhuice do chonnaic sé ar an tsliabh nuair
bhí sé ag baint ádhbhair sguaibe.



“Is liom-sa í,” ar san tsean-bhean.



“Tá easbhuidh chráin-mhuice orm-sa,” arsa
Colm, “agus ceannóchaidh mé uait í, má tá sí le
díol.”



“Bronnfad ort í, má gheallann tu dham go
mbéidh tu go cineálta léi,” ar sise.



“Go deimhin bhéarfaidh mé an gealladh sin
duit,” arsa Colm, “agus fáilte. Seo m'fhocal
duit nach mbéidh mé go bráth acht go cineálta
léi.”



“Bíonn sí rud beag fiadháin,” ars an tsean-
bhean, “agus b'éidir go mbéidh sí crosta go
mbéidh taithighe aici ar do thigh, acht má thugann tu
neart le n' ithe dhí béidh sí 'na cráin shocair dhuit.”



“Tá mé an-bhuidheach díot,” arsa Colm, “agus
an chéad-ál bhéas aici bhéarfaidh mise a leath dhuit-
se.”



“Maith go leór,” ar sise, agus chuir sí glaodh
aisti. “Hurruis! hurruis!” ar sise, agus leis
sin tháinig an chráin ag rith chuici as lár na coille.



“Anois a Shiubháin,” ar san bhean leis an
muic, “teirigh a-bhaile leis an bhfear so, béidh
seisean go cineálta leat, agus ní'l aon rud
agam-sa le tabhairt duit níos mó.”



Do leig an chráin a dá chluais siar, tháinig sí
go Colm agus chuimil sí a srón dó ag cur i
n-umhail dó go raibh sí sásta bheith dul beis.



Thiomáin sé an chráin-mhuice amach roimhe ann sin,
agus nuair tháinig sé chum a thighe thug sé neart


L. 72


le n'ithe dhí. Ar maidin, an lá ar na mhárach,
rinne sé cró bheag dheas dí ag tóin an tighe, agus
théidheadh sí amach gach uile lá ag rómhar agus ag
tochailt, agus thigeadh sí a-bhaile san trathnóna.
Aon mhaidin amháin ní tháinig sí amach as an gcró
mar ba ghnáth léi, agus nuair d'fheuch Colm
asteach uirri chonnaic sé go raibh ál banbh le n-a
taoibh.



Bhí banbh agus fiche ann. “Dar m'fhocal is
maith agus is tairbheach an chráin thú,” arsa Colm,
“má éirigheann sé liom na bainbh ar fad do
thógbháil béidh aon cheann déag agam féin agus
bhéarfaidh mé deich gcinn do'n tsean-bhean.”



An trathnóna sin thug sé neart mine-choirce do'n
chráin, agus thug sé dhí arís é sul chuaidh sé a [do]
chodladh. Ar maidin rinne sé freastal uirri arís,
agus 'na dhiaidh sin chuaidh sé chum an tsléibhe le
h-innsint do'n tsean-bhean go raibh banbh agus
fiche ar an gcráin. Chuartuigh sé an sliabh suas
agus anuas, soir agus siar, acht níor fheud sé an
chailleach fheiceál. “B'éidir go bhfuair sí bás,”
ar seisean leis féin, agus tháinig sé a-bhaile agus
é go lúthgháireach go leór faoi na bainbh uile do
bheith aige féin. Bhí sé an-chineálta leis an gcráin,
agus bhí sise mar an gcéadna leis na bainbh.



I gcionn cúpla mí bhí na bainbh i riocht a ndíolta,
agus thug sé iad do'n aonach, agus fuair sé luach mór
orra.



Timchioll mí 'na dhiaidh sin chuaidh an chráin
amach agus thug aghaidh ar an tsliabh agus nuair
d'fhill sí ar ais thug Colm fá deara go raibh sí


L. 73


réidh le h-ál eile do thabhairt dó. Chuir sé sin
iongantas mór air, agus ar maidin nuair d'fhéach
sé asteach san gcró bhí ál eile aici. Aon bhanbh
déag agus fiche do bhí aici an t-am so, “Dar
m'anam,” arsa Colm, “ní fhacas riamh an méid
sin banbh i n-aon ál amháin, agus tá siad chomh
mór agus dá mbéadh gan a bheith aici acht ál beag.”
Bhí aon cheann amháin aca agus bhí sé beag baoideach
(= bídeach), acht ba é an ceann ba dheise aca
ar fad. Bhí dubh agus bán agus gorm ann, agus
bhí lorg réilt ar a chlár-éadain; do bhí an réalt
sin chomh buidhe le h-ór, agus nuair bhí sé seacht-
mhain d'aois ní leigeadh sé aon bhanbh eile anaice
leis an gcráin go mbéadh a sháith ólta aige féin.



D'innis Colm an sgéal do chómharsain agus
dubhairt an chómharsa nár chualaidh sé riamh an
oiread sin banbh do bheith ag cráin, i n-ál amháin,
agus tá mé cinnte, ar seisean, nach mbéidh an
chráin i-n-an iad do bheathughadh.



“Béidh go deimhin,” arsa Colm, “mar bheirim
neart mine-choirce agus bláthach dí.”



“Sí an chráin is iongantaighe d'á bhfacaidh mise
riamh,” ars an chómharsa.



Nuair bhí na bainbh dhá mhí d' aois thug Colm
chum an aonaigh iad, acht amháin an bainbhín
dathuighthe, agus fuair sé luach mór orra. Ní raibh
aon bhanbh firionn ins an ál acht an ceann beag
dathuighthe, agus thug sé Dómhnaillín mar ainm air.
Nuair díoladh na bainbh eile thosaigh Dómhnaillín
ag fás go mór mór, agus bhí meas iongantach ag
an gcráin air.


L. 74


Trí mhí tar éis an dara h-ál do bheith ag an
gcráin chuaidh sí chum an tsléibhe arís, agus nuair
tháinig sí ar ais chonnaic Colm go raibh sí dul
ál eile do thabhairt dó. B'fhearr liom 'ná cuid
mhaith dá mbeith fhios agam cad do bhí tu a [do]
dhéanamh ar an tsliabh, arsa Colm, agus fairfidh
mé thu an chéad-uair eile rachas tu ann.”



Ar maidin, lá ar n-a mhárach, nuair d'éirigh sé,
chonnaic sé Dómhnaillín na shuidhe leis féin taobh
amuigh de'n chró, agus nuair d' fheuch sé asteach
chonnaic sé an t-urlár lán suas de bhainbh.
Chómhairigh sé iad agus fuair sé go raibh aon agus
dá-fhichid aici. “Dar m'anam,” arsa Colm leis
féin, “ní ál ceart é sin. Ní bhéidh an chráin i
n-an a leath aca sin do bheathughadh, agus báithfidh
mé deich gcinn aca.”



Leis sin fuair sé cliabh agus chuir sé deich gcinn
de na bainbh ann, agus bhí 'gá chur ar a dhruim
nuair thug an chráin léim thar bhalla an chró, fuair
greim le n-a béal ar an gcliabh agus dubhairt,
“Cá bhfuil tu dul le mo chloinn?”



Is beag nár thuit Páidín leis an ngeit do bhain
sí as, agus leis an iongnadh. Níor fhéad sé focal
a labhairt. “Óró,” ar sise arís, “ní raibh tu
sásta leis an sochar do bhí tu 'bhaint as mo chuid
banbh, acht budh mhian leat cuid aca a mharbhadh gan
cuimhniughadh orm-sa, ag iarraidh tuilleadh sochair
dhuit féin.”



Chomh luath agus tháinig a chaint ag Colm
d'fhreagair sé agus dubhairt, “dar m'fhocal agus
dar m'anam, ní le drochmheas ort-sa ná ar na


L. 75


bainbh do bhí mé ar tí a mbáidhte, acht faitchios
do bhí orm nach mbeidhtheá-sa i n-an iad do
bheathughadh. Is é gnás na tíre seo nuair bhíonn
ál mór banbh ag cráin cuid aca do bháthadh.”



“Bíodh fhios agad dá mbeith céad banbh agam-sa
i n-aon ál amháin go bhféadfainn iad uile go léir
a bheathughadh gan greim ná deoch uait-se,” ar san
chráin.



“Tá fhios agam anois nach cráin choitchionta
thu, acht ní raibh fhios agam sin go dtí anois,”
arsa Colm, “agus tá súil agam go ngabhaidh
(= ngeobhaidh) tu mo leithsgéal faoi an rud do
rinne mé.”



Ann sin do labhair an mhuc óg, Dómhnaillín,
agus dubhairt. “Ní'l leithsgéal ar bith agad, is
fear sanntach thu.”



“Teirigh amach a mhic,” ar san chráin, “agus
leig trí gháir chomh h-árd agus thig leat.”



Chuaidh Dómhnaillín amach agus leig sé trí gháir
do chloisfeadh an duine do bhí deich míle uaidh.
Sul do bhí an tríomhadh gáir leigthe aige chonncadar
sluagh mór muc ag rith chuca agus ag sgreadaoil
chomh h-árd agus do bhí ionnta. Shaoil Colm
nach raibh muc i n-Éirinn nach raibh cruinnighthe
ann. Thángadar ag rith mar bheith capla rása,
agus collach mór amach rompa, mar uachtarán
orra. Rith sé go dtí Colm agus chuaidh sé asteach
idir a dhá chois gur thóg sé ar a dhruim é agus
aghaidh Chuilm ar a ruball (= earball). Rith sé
amach arís agus na muca eile 'na dhiaidh. Thug sé
aghaidh ar an sliabh. Lean na muca é. Do ghlaodh


L. 76


agus do sgread Colm ar chabhair. Ní raibh aon
chabhair ann dó. Tháinig an sluagh ar fad go bun
an tsléibhe. Labhair an chráin focal nár thuig
Colm, agus d'fhosgail taobh an tsléibhe agus
ritheadar uile go léir asteach. Do dhruid an sliabh
na ndiaidh. Caitheadh Colm ar an talamh agus
chaill sé a mheabhair. Nuair tháinig sé chuige féin
bhí sé 'na luidhe ar an urlár i bpálás breágh
gleusta. Bhí sluagh, fir agus mná, ag dul suas
's anuas ann ag caint agus ag gáiridhe le chéile,
acht ní raibh aon mhuc le feiceál. D'éirigh Colm
agus shuidh sé ar chathaoir, agus bhí sé ag
breathnughadh orra tamall fada, acht chomh géar
agus d'fhéuch sé orra níor aithnigh sé aon duine.



Fá dheireadh tháinig sean-bhean chuige, stad sí
d'á siubhal agus dubhairt leis, “A Chuilm Ui
Ruairc,” ar sise, “nach cuimhne leat mise?”



“Is cuimhne liom anois thu, a bhean-uasal, nach
tu do thug an chráin-mhuice dham amuigh ar an
tsléibh.”



“Is mé,” ar sise, “acht shaoil tusa éagcóir
mhór do dhéanamh uirri, nuair bhí tu dul cuid d'á
bainbh do bháthadh. Tá tu ag íoc as anois. Ní'l
cráin na banbh agad agus tá tu a-bhfad ó bhaile.”



“Cad tá sibh dul a dhéanamh liom?” arsa Colm.
“Ní féidir go bhfuil sibh dul dom' dhruidbheál
(= druidim) ins an áit seo. Cá fhada fhágfas
sibh ann seo mé?”



“Deich mbliadhna,” ar sise, “sin bliadhain
faoi gach banbh do shaoil tu a bháthadh,” agus
d'imthigh sí uaidh.


L. 77


“Óra! a Righ na bhfeart!” arsa Colm leis
féin, “nach mé an t-aindheiseóir!”



Bhí sé chómh tuirseach sin gur thuit sé siar ar
shórt leapthan do bhí i gcúinne an tseomra agus
thuit sé 'na chodladh.



Níor dhúisigh sé go dtí an mhaidin an lá ar n-a
mhárach, agus níor airigh sé aon rud go bhfacaidh
sé an collach 'na sheasamh os a chionn. Leig sé a
chos tosaigh ar Cholm agus ar an móimid rinneadh
collach muice eile de Cholm féin. B'éigin dó dul
amach ann sin leis an gcollach mór agus le sluagh
de mhucaibh eile, agus chuireadar é ag rómhar
corláin (?) mhóir do na mucaibh boinionna. Ní
raibh sé leis féin ag déanamh na h-oibre sin.
B'éigin do na mucaibh fireannacha soláthar do
na mucaibh boinionna. Bhíodh sé ag an obair sin
gach uile lá agus bhíodh sé 'na fhear gach uile oidhche,
agus ní bhíodh tart ná ocrus air, gidh nach
bhfuigheadh sé acht aon bhéile amháin gach aon oidhche,
agus níor mhór le rádh sin féin.



Aon lá amháin nuair bhí sé ag rómhar mar ba
ghnáth bhí muc eile i ngar dhó agus dubhairt sé,
“A Chuilm Ui Ruairc nach n-aithnigheann tu mise?”



“Ní aithnighim, go deimhin,” arsa Colm.



“Ní mar sin damh-sa leat-sa,” arsan mhuc,
“faríor géar! tá ádhbhar maith agam faoi aithne
bheith agam ort-sa. Acht go raibh de mhí-ádh orm
banbh do cheannach uait-se ní bhéinn mar atáim
indiú, agus ní'l fear ná bean dá'r cheannuigh
banbh uait-se nach bhfuil ins an áit seo anois.”



“Mo léan!” arsa Colm, “ní'l aon árach


L. 78


agam air anois, agus nár mealladh mé féin chomh
maith libh-se? Budh chráin draoidheachta í do
bronnadh orm, acht ní raibh fhios agam go mbudh
chráin draoidheachta í no go raibh sé ro-mhall orm.”



Níor fheudadar aon rud eile rádh an uair sin,
óir chonncadar an collach mór chuca agus bhí eagla
orra. Acht casadh duine éigin eile air, gach uile
lá, nach mór, a raibh aithne aige ar Cholm, agus
ba bheag an fháilte do bhí aca roimhe. Bhí gach uile
dhuine aca cinnte in a inntinn féin go mbudh é
Colm O Ruairc tús agus fíor-ádhbhar an mhí-ádh'
mhóir sin do bhí orra, agus bheiridís na mílte
mallacht dó. D'iarr seisean an fhírinne a chur i
gcéill dóibh, agus dubhairt sé leó nach é féin do
bhí cionntach, chor ar bith, acht ní thugaidís aon
éisteacht dó. Bhí sé ag fulaing géar-chrádh mhóir
ó gach aon duine d'aithnigh é, agus dar leis féin
do bhí gach uile lá chomh fada le bliadhain. Bhí a
shrón nimhneach agus athta o'n tsíor-thochailt agus
bhíodh sé ag cur fola aiste go minic. Mar sin dó,
ag tochailt mar mhuc do ló, agus 'na fhear 'san
oidhche, go raibh na deich mbliadhna caithte.



Aon lá amháin tháinig an collach mór chuige agus
dubhairt leis “sgaoilfidh mé amach thu ar maidin
amárach, acht má innsigheann tu d'aon duine beó
gur chaith tu deich mbliadhna i Sliabh-na-Muc
béarfaidh mé ar ais thu agus fanfaidh tu ann go
deó.”



Ar maidin, 'na dhiaidh sin, nuair dhúisigh Colm
fuair sé é féin ar thaoibh an tsléibhe agus gan aon
fhios aige ar a mbealach do bhéarfadh a-bhaile é.


L. 79


D'imthigh sé roimhe ann sin, ag imtheacht agus ag
síor-imtheacht no go dtáinig sé go teachín beag
ar bhruach aibhne. Chuaidh sé asteach ann agus
d'fhiafruigh sé de bhean-an-tighe an bhfeudfadh sí an
t-eólas dhéanamh dhó go Sliabh-na-mban. “Cá'r
b'as thu, na cá rugadh agus tógadh thu?” ar sise.



“Rugadh agus tógadh mé i ngar do Shliabh-na-
mban,” ar seisean, “acht ní fheudaim a innseacht
duit an áit a raibh mé ann.”



“Tá tuairim agam cia an áit a raibh tu,” ar
sise, “agus ní'l truagh ar bith agam duit. Lean
do shrón nimhneach, agus má théidheann tu amúgh'
bris an treóir!”



“Dona go leór,” arsa Colm. D'imthigh sé
leis ann sin, agus bhí sé ag imtheacht go dtáinig
sé go teach eile. Bhí fear 'na sheasamh ins an
dorus agus d'fhiafruigh Colm dé cia an bealach go
Sliabh-na-mban.



“Má tá tu ag tóruigheacht mná,” ar san fear
so, “tá mo mháthair mhór ins an gcoirnéall astigh
ann sin, agus bhéarfad duit í.”



“Ní'l fonn ar bith magaidh orm,” arsa Colm,
“acht béidh mé buidheach díot má chuireann tu ar
an mbóthar ceart mé.”



“Is ait an sórt duine thu,” ars an fear, “acht
má's dá ríribh atá tu taisbeánfaidh mé an bóthar
dhuit.”



Rug sé amach leis é, ann sin, agus mhúin sé
an t-eólas dó. Nuair fuair Colm é féin bheith ar
an mbóthar ceart rinne sé an oiread deifir' agus
bhí ann. Bhí sé ag imtheacht go raibh an ghrian ag


L. 80


dul faoi, agus fá dheireadh tháinig sé, le sgáile na
h-oidhche, go dtí a theach féin. Acht, mo bhrón! ní
raibh aon teach ann. Bhí na cleitheacha fuadaighthe
leis an ngaoith, agus bhí an bhinn agus cuid de'n
taobh-bhalla tuitthe. Ba chuimhin go maith le Colm
go raibh luach na mbanbh curtha i dtaisge aige i
bpoll taobh-shiar de'n teine — bhíodh sé ag cuimh-
niughadh air sin ó'n uair d'fhág sé Sliabh-na-Muc.
Chuartuigh sé an áit anois, níor fhág sé cloch nár
tharraing sé amach. Fuair sé an sporán, ceart
go leór, acht ní raibh ór ná airgead ann. Ní
raibh ann acht píosaí beaga de leacrachaibh.



Bhí sé lá 'na shuidhe ar chlaidhe i n-aice le n-a
theach briste. “Ochón, ochón go deó,” ar seisean,
leis féin, “is truagh nach bhfuilim marbh.” Bhí sé
ag smuaíneadh créad do dhéunfadh sé, nuair
chualaidh sé guth ag rádh “tar an bealach so agus
gheobhaidh tu cáirde.”



Lean sé an guth, agus bhí an guth ag dul
roimhe agus é dh'á leanamhaint go dtáinig sé
go Dún-Sídhe do bhí ann ag bun Shliabh-na-mban.
Ní túisge bhí sé astigh 'san dún 'ná chualaidh sé
rúille-búille mór, agus do rith sluagh marcach
asteach san dún chuige. Bhí fear árd ann do bhí
mar uachtarán orra. Chruinnigh siad go léir na
thimchioll-san, agus dubhairt an fear mór leó,


L. 81


“Tá Colm O Ruairc ann so, tar éis deich
mbliadhna do chaitheamh dhó i Sliabh-na-Muc. Ní'l
teach ní'l ór ní'l airgead aige, ná aon chara le
fosgadh * oidhche do thabhairt dó, agus saoilim go
mbudh chóir dhúinn cabhrughadh leis.” “Cabhróch-
amaoid go cinnte,” arsa na daoine eile.
Tháinig an t-uachtarán chuige ann sin, agus
dubhairt “Seo dhuit sporán nach mbéidh folamh *
fad do bheatha saoghalta. Caithfidh tu geallamhaint
thabhairt dúinn anois nach n-innseóchaidh tu do
dhuine beó go raibh tu ann so ná go bhfacaidh tu
an sluagh sidhe ins an dún so. Agus rud eile; ná
bíodh aon fhaitchios ort i dtaoibh na muc draoidh-
eachta. Ní bhéidh aon chúmhacht aca ort feasta. Tá
fhios agam gur bhagair an collach mór ort sul ar
fhág tu an Sliabh, acht ní'l aon chúmhacht aige ort
anois. Is í mo chómhairle dhuit imtheacht as an áit
seo go dtí áit éigin eile nach mbéidh aithne ag
na daoinibh ort, cuir fút ann sin, agus caith do
bheatha go súgach. Nuair bhéas críoch ar do bheatha
shaoghalta glacfaidh mé asteach thu in mo bhruighin
féin imeasg na ndaoine maith. Slán leat.”



Thug Colm uaidh an gheallamhaint d'iarr an fear-
sidhe air, d'fhág sé slán aca, agus d'imthigh sé.



Chuir sé faoi, fiche míle ó'n áit a rugadh é.
Cheannuigh sé áit áluinn agus chuir sé suas teach
breágh dhó féin. Mar bhí neart airgid aige bhí
cáirde go leór aige. Chaith sé a bheatha go súgach
agus bhí gnaoi agus gean ag gach éinne air, mar



* “Fasgadh” agus “falamh” nó “fasgú” agus “falú,”
dubhairt an sgéulaidhe.


L. 82


bhí sé fial flaitheamhail agus go maith do na
bochtaibh. Bhí sé deich mbliadhna agus ceithre fichid
nuair fuair sé bás. An lá sul má bhfuair sé bás
saoghalta d'innis sé a sgéal go h-iomlán d'fhear
éigin do bhí i n-an a sgríobhtha. Sgríobh an fear
so é go h-aireach ó n-a bhéal féin. D'innis mise
dhaoibh-se anois é, mar chualas é ó m'athair mór.



Anois a bhean-uasal agus a chuideachta onórach,
tá mo chuid sgéalta críochnuighthe agam, agus
fágfaidh mé slán agaibh go léir. Tá fhios agam
go bhfuil imnidhe ar m'athair agus ar mo mháthair
fá mise bheith imthighthe uatha, agus béidh mé dul
a-bhaile arís amárach. Na sgéalta d'innis mise
dhaoibh is fíor iad uile go léir, acht tá brón mór
orm nach bhfuil crothughadh a bhfírinne agam le
fághail.”



D'éirigh fear mór dubh do bhí 'na shuidhe imeasg
na cuideachta. “Ní bhéidh tu a bhfad gan
cruthughadh,” adubhairt sé. Is mise “Réidhtigh
m'fhiacail,” agus is fíor gach aon fhocal adubhairt
tu mo thaoibh-se i sgéal an chéad-oidhche.”



D'éirigh fear eile ann sin. Sean-fhear do bhí
ann. “Seadh,” adubhairt sé, “is mise Gobán, is
mise do chuir suas Baile-an-Chláir. Níor thuit sé
fós agus ní thuitfidh, agus is Righ na gCrann é an
cuileann críon. Tá gach uile fhocal d'á ndubhairt
sé mo thaoibh-se fíor.”


L. 83


Sheas beirt fhear suas ann sin agus dubhairt an
fear ba shine aca, “Is mise righ na leath-láimhe
do phós inghean mhaoir na muice, agus is é seo
mo mhac do marbhadh ag Ridire an Chlaidhimh, agus
tá gach uile fhocal de'n sgéal sin fíor.



Sheas fear eile agus dubhairt sé, “Is mise
Páidín a Bhláca, is mise an t-amadán do chuaidh
ar theachtaireacht go dtí cailleach na gcat. Tá
gach aon fhocal de'n sgéal sin fíor.”



Sheas beirt eile, agus dubhairt an fear do b'
óige aca, “Is mise Iarla óg an ghleanna, agus
is é seo an Fathach Dubh do mharbh mise i nGleann-
na-mbuadh, agus tá gach uile fhocal de'n sgéal sin
fíor.”



D'éirigh fear eile agus dubhairt “Is mise mac
an righ do bhí i dtuaisceart Eireann. Is mise do
chuaidh faoi an bhfairrge leis an Maighdin-mhara,
agus tá an sgéal sin fíor.”



Sheas an naoidheamh fear ann sin agus dubhairt
sé, “Is mise Colm O Ruairc an fear ar chualaidh
sibh anocht a eachtra agus a imtheachta i Sliabh-na-
Muc, agus bhí gach aon fhocal de'n sgéal sin
fíor.”



Bhí gach éinne 'na thost ann sin go ceann
tamaill. Bhí triúr eile nár éirigh agus nár labhair
focal. Daoine móra uaisle iongantacha do bhí
ionnta. Bhíodh Diarmuid ag déanamh iongantais
díobh gach aon oidhche, óir ní rabhadar mar na daoine
eile, dar leis. Budh mhaith leis go mór fios a


L. 84


bheith aige cia 'r bh'iad féin. Fá dheireadh do sheas
an fear ba shine de'n triúr sin agus dubhairt
“Tá Oscar ann so agus Oisín ag rádh gur fada
ó chualadar aon tseanchuidhe do b'fhearr 'ná an
sgéaluidhe seo d'innis na seacht sgéalta sin
dúinn. Níor leig Fionn Mac Cumhaill file 'ná
seanchuidhe riamh uaidh gan duais. Is fiú an fear
so a chúitiughadh faoi na seacht sgéaltaibh maithe
d'innis sé dhúinn. Seo sporán óir dhó, a dhéanfas
saidhbhir é chomh fad agus bhéas sé beó. Agus a
sgeuluidhe,” ar seisean, ag féachaint dó ar
Dhiarmuid, “nuair bhéas deireadh le do bheatha
shaoghalta, béidh fáilte agam rómhat im' bhruighin
féin a n-Almhain Laighean; is mise Fionn Mac
Cumhaill.”



Ghlac Diarmuid an sporán go buidheach beannach-
tach agus bhí sé ag fághail faoi réir bheith ag imtheacht
nuair labhair an Bhean Uasal.



“Tá mé ins an tigh seo,” ar sise, “le níos
mó 'ná deich mbliadhna agus trí fichid ag súil go
bhfuighinn tuairisg ar mo ghrádh, Ridire an
Chlaidhimh, acht ní bhfuaireas a thásg ná a thuairisg
ó éinne go bhfuaireas ó'n tseancuidhe seo é. Tá
mé cinnte anois go bhfuil an cuntas ceart agam
ar an áit a bhfuil sé, agus go bhfuil an tslighe
agam le n-a sgaoileadh. Fágfaidh mé an teach so
amárach, agus a Fhinn Mhic Chumhaill,” ar sise,
“Béidh mé féin agus Ridire an Chlaidhimh i n-
éinfheacht leat id' bhruighin faoi Almhain oidhche
amárach.”


L. 85


Níor chualaidh Diarmuid níos mó. Tháinig trom-
chodladh air, agus nuair mhúsgail sé bhí an ghrian
go h-árd ins an spéir. Bhí an teach folamh. Bhí
an bhean-uasal agus an doirseóir agus an trosgán
breágh tighe imthighthe, agus ní fhacaidh sé arís fad
a bheatha iad, acht bhí an sporán mór óir in a láimh,
agus tháinig sé a-bhaile 'na fhear shaidhbhir.



Bhí fáilte mhór ag an athair agus ag an mháthair
roimhe. D'fhiafruigheadar dhé cá raibh sé, acht bhí
Diarmuid glic, ní innseóchadh sé dhóibh é.



I gceann cúrsa aimsire 'na dhiaidh sin fuair an
t-athair agus an mháthair bás, agus phós Diarmuid
inghean sgolóige agus chuir sé teach breágh ar bun.
Bhí saidhbhreas mór aige ar feadh a bheatha shaogalta
agus d'fhág sé clann mhac agus inghean na dhiaidh.
Tá sé féin anois ins an mbruighin le Fionn, acht tá
cuid d'á bhunadh beó fós i gcondae na Gaillimhe.



CRÍOCH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services