Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Title
Dánta de chuid Uladh (An tUltach)
Author(s)
Mac Cuarta, Séamas Dall,
Compiler/Editor
Ó Tuathail, Éamonn
Composition Date
1733
Publisher
(Béal Feirste: Comhaltas Uladh, 1952)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BRIAN mhac EÓGHAIN SÉAMUS MHAC CUARTA cct I Is uasal 's is fearamhail, is buadhach 's is barramhail, is subháilceach an macaoimh Brian mhac Eóghain, Mar Ghuaire ós na fearaibh ag fuasgailt na n-ealadhan, gruagach na flatha is fial fán ór. Níl gruamacht i n'amharc, cruatan nó gangaid, acht na sluaighte dá dteagmhadh a riar fán mbórd, Mar chnuasach na mara is uasal do sgabas duais do gach aicme ar shiansaibh an cheóil. II Bheir Brian, an ceann fine, a mhian do gach duine Laoch Liathmhuine is gloine, grianán an oinigh, Dia dá chuir chuige is annsacht na n-órd. Fial-mhac a chinidh is fiachtar go Doire, acht an iarsma chuaidh roimhe, dream nach bhfuil beó - Goma bliadhnach a roinneas tighearnas a chloinne, 's an diadhacht 'na choinne i n-am sgaramhain leó. III Atá mianach na coilleadh céadna dar baineadh ag líonadh san mbile, bráthair Uí Ruairc, Fíneáltas is gliocas, críonnacht is tuigse, is daonnacht gan tuisle ag sásughadh na sluagh. Síol nachar milleadh is díreach do cuireadh don fhíneamhain a shil ón Spáinn thar cuan; Is don dísleacht a geineadh an croidhe tá ag an gcuradh, ríogh-phlanda an oinigh, fás Eóghain Ruaidh. IV Is ag Brian bhíos fulaing cliar agus coinneamh, riaradh gach fuireann is fáilte 'na gcomhair, Mar an iasgach a chuireas fial-mhuir dá himeall ag biathadh gach cruinnioghadh is gnáthach dá cóir, Gan fiafraighe orra uile acht fíontaí 'na gcoinne, ag riar flatha is file, cláirseach is ceóil; Cibé ler mianach an fuisge ag iarraidh bheith ar misge, Má thriallaid dá thoighsean árdabhaidh a ghlóir. V A Dhia gan dúthaigh is fearann, cúirt agus halla ag umhlughadh faoi ghar don árd-fhlaith Brian, Mar budh dúthchas don abhaill chumhra do threabhaibh Uí Dhubhthaigh níodh goradh gáibhtheach i ngliaidh, Tús catha is caraid chliútach Mhic Mhathghamhna do chnuasaigh na creacha as cathair Átha Cliath - Is súgach 's is fearamhail, is úr le lucht ealadhan, go dúbalta leanas an sár-mhacaoimh iad. VI Marab é gur éagadar ollaimh Éireann is nach mairid, bhéaradaois a mholadh i láthair chum Briain, Gach féile is fán Nodlaig léighfeadh as rolla fréamha na fola ór fhás an fial. Bheadh téada dá mbrosgadh, séada dá bpronnadh, stéada dá sporadh is fásgadh srian, Léigheann dá sgoradh, sgéimh ar na sgolaibh, is cléir as na leabhair ag sásughadh an triaith. VII Tabhair an féirín se i dtaisgidh, véarsa don aiste, do Chéit is do Pheigidh, grádh leó is riaghail, 'S d'inghin Fheidhlim, an bhean bhreasnaidh dhéid-gheal a dheasuigheas Féasta fá mheas ar árd-nós triaith, 'S an mhaighdean gan easbaidh déanta nó deise, méine nó maise, is fearr cló is ciall - Goma tréitheach a dtreise ar chéada dá bhfreastal, is béadsa 'na measg san gan annró bliadhain. VIII Tabhair mo chéad bean gan athrach, faedhbhtha sa mbealach, gan éadaighe dá bhfolach, slán dóibh siar,
'S cuireadh Bernaby coróin phéarlaí ar mo bhannáil an uair léighfeas sé an bheannacht ársaidh chian. An déagh-mhac gan fhallás is féasta lucht seachráin, an tréin-fhear a leanas rása na Niall, 'Ga mbíonn cléir is bochtáin is éigse go folláin, is gach aon díobh ar mearughadh i bpárlús Bhriain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services